AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.5.2019
COM(2019) 223 final
2019/0108(COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena dtugtar de chumhacht don Iodáil comhaontú leis an Eilvéis a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena n
x001e
údarófar oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin teorann an dá thír
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Maidir leis an ábhar
Tá réigiúin teorann na hIodáile agus na hEilvéise comhtháite go dlúth. Tá mórán Iodálach a dhéanann an turas chun na hoibre san Eilvéis agus a mhalairt agus tá trácht bríomhar trasteorann paisinéirí de bhóthar ann. Tá roinnt seirbhísí bus agus cóiste curtha ar fáil a thrasnaíonn an teorainn sa chaoi go nascann siad réigiúin teorann an dá thír.
Is leis an gComhaontú um Iompar de Thalamh idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis (“Comhaontú an Aontais” anseo feasta) a rialaítear iompar paisinéirí agus earraí de bhóthar sa dá threo idir an Eilvéis agus an tAontas Eorpach.
De réir Airteagal 20(1) de Chomhaontú an Aontais, “[ní] údaraítear faoin gComhaontú seo iompar idir dhá phointe atá suite ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh a dhéanann iompróirí atá lonnaithe ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh eile”. Ciallaíonn sé sin nach féidir le hiompróirí a bhfuil na seirbhísí paisinéirí a thrasnaíonn an teorainn á noibriú acu, nach féidir leo ach paisinéirí a iompar trasna na teorann nó laistigh de chríoch an Pháirtí Chonarthaigh ina bhfuil siad lonnaithe. Ní ceadmhach d’oibreoirí busanna agus cóistí atá lonnaithe san Eilvéis paisinéirí a iompar idir dhá phointe ar an taobh Iodálach den teorann agus ní ceadmhach d’oibreoirí atá lonnaithe san Aontas Eorpach paisinéirí a iompar idir dhá phointe ar an taobh Eilvéiseach den teorann.
Ceadaítear le hAirteagal 20(2) de Chomhaontú an Aontais cearta atá ann cheana faoi chomhaontuithe déthaobhacha a tugadh i gcrích idir Ballstáit aonair an Aontais agus an Eilvéis a bhí i bhfeidhm tráth ar tugadh Comhaontú an Aontais i gcrích leanúint de bheith á bhfeidhmiú, ar choinníoll nach ndéanfar aon idirdhealú idir iompróirí an Aontais ná aon saobhadh ar an iomaíocht. Sa chaoi sin, d’fhéadfadh sé gurbh fhéidir cabatáiste in iompar paisinéirí i gcóiste nó i mbus a dhéanamh mar chuid den chaidreamh leis an Eilvéis ach foráil maidir leis sin a bheith déanta sa chomhaontú idir Ballstát an Aontais agus an Eilvéis a bhí i bhfeidhm an 21 Meitheamh 1999. Go praiticiúil, ní raibh foráil in aon cheann de na comhaontuithe déthaobhacha ábhartha idir na Ballstáit agus an Eilvéis a bhí i bhfeidhm ag an am sin, maidir le cearta cabatáiste le haghaidh iompar paisinéirí i gcóiste nó i mbus..
I litir uaithi dar dáta an 7 Feabhra 2018, thug an Iodáil le fios don Coimisiún gur mhian léi comhaontú a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích leis an Eilvéis lena núdarófaí oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiún na teorann idir an dá thír. I gcruinniú den Choiste um Iompar Intíre an Aontais i mí Mheitheamh 2018, arna bhunú le Comhaontú an Aontais, chuir an Eilvéis in iúl don Choimisiún gur mhian léi an comhaontú sin a thabhairt i gcrích freisin.
Is féidir feabhas a chur ar éifeachtúlacht oibríochtaí iompair le cabatáiste in iompar paisinéirí i gcóiste nó i mbus toisc go gceadaíonn sé fachtóir ualaigh na feithicle a mhéadú. Dá bhrí sin, tá an tAontas Eorpach sásta ar an mórgóir le hoscailt mhargadh an chabatáiste, ó tharla gur osclaíodh é laistigh den Aontas Eorpach agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta ag seirbhísí cóiste agus bus (“Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009” anseo feasta). Dá núdarófaí oibríochtaí cabatáiste i gcomhthéacs soláthair seirbhísí iompair paisinéirí idirnáisiúnta i gcóiste agus i mbus sna réigiúin teorann idir an Iodáil agus an Eilvéis, chuirfeadh sin ar chumas na niomróirí lena mbaineann a bheith níos iomaíche agus níos éifeachtúla.
Maidir le hinniúlacht an Aontais Eorpaigh
Leagtar síos in Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go mbeidh “inniúlacht eisiach freisin ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais, nó nuair atá sé riachtanach chun a chumasú don Aontas a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú, nó a mhéid ar dóigh dá thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na comhrialacha nó a raon feidhme a athrú”.
Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, féadfaidh iompróirí a bhfuil ceadúnas Comhphobail acu go heisiach oibríochtaí cabatáiste laistigh den Aontas a dhéanamh faoi choinníollacha áirithe. Gealltanais idirnáisiúnta lena gceadaítear d’iompróirí eile, iompróirí ó thríú tíortha go háirithe, na hoibríochtaí sin a dhéanamh, bíonn tionchar acu ar an Rialachán thuasluaite, de réir bhrí Airteagal 3(2) CFAE.
Ar a bharr sin, beidh tionchar ag na gealltanais idirnáisiúnta sin ar Chomhaontú an Aontais freisin, go háirithe Airteagal 20 de. Ní údaraítear iad i mír 1 den Airteagal sin, seachas mar a leagtar amach i mír 2 de.
Dá réir sin, gealltanais amhail na gealltanais sin atá beartaithe ag an Iodáil, tagann siad faoi raon feidhme inniúlacht eisiach an Aontais. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE, féadfaidh an tAontas é a thabhairt de chumhacht do na Ballstáit gníomhú i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach aige.
Is é is aidhm don togra seo é a thabhairt de chumhacht don Iodáil comhaontú a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena núdarófar oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair trasteorann paisinéirí de bhóthar i gcóiste agus i mbus i réigiún na teorann sa dá thír.
Maidir leis an nós imeachta
Bíonn tionchar ag oibríochtaí cabatáiste a dhéanann iompróirí tríú tír laistigh den Aontas nach bhfuil ceadúnas Comhphobail acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, bíonn tionchar acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí cóiste agus bus, mar atá leagtha amach ag Reachtóir an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Aon chumhachtú a dheonófar faoi Airteagal 2(1) CFAE, is gá Reachtóir an Aontais é a dheonú, i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 91 CFAE.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
San am i láthair, ní údaraítear le Comhaontú an Aontais aon oibríocht chabatáiste in iompar paisinéirí i gcóiste nó i mbus. Mar sin féin, in Airteagal 20(2) de Chomhaontú an Aontais, ceadaítear go sonrach go leanfaí de chearta cabatáiste atá ann cheana a fheidhmiú, fad nach ndéanfar idirdhealú idir iompróirí an Aontais ná aon saobhadh ar an iomaíocht. Comhaontú idir an Iodáil agus an Eilvéis lena núdarófaí oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí idirnáisiúnta i gcóiste agus i mbus, ní dhéanfadh sin difear do chearta na hEilvéise faoi Chomhaontú an Aontais. Ar a bharr sin, tabhairt i gcrích an chomhaontaithe dhéthaobhaigh atá teoranta go cabatáiste sna réigiúin teorann ábhartha agus, maidir le neamh-idirdhealú agus iomaíocht neamhshaofa, atá faoi réir coinníollacha atá comhionann leis na coinníollacha atá bunaithe in Airteagal 20(2) de Chomhaontú an Aontais, tá an tabhairt i gcrích sin i gcomhréir leis an mbeartas is bunús leis an eisceacht a leagtar amach san fhoráil sin.
Laistigh den Aontas Eorpach, ceadaítear cabatáiste san iompar paisinéirí i gcóiste agus i mbus i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Údaraítear le hAirteagal 15 den Rialachán sin oibríochtaí cabatáiste laistigh den Aontas Eorpach (1) i gcás seirbhísí ócáideacha, (2) i gcás seirbhísí tráthrialta speisialta, ar an gcoinníoll go dtagann siad faoi chuimsiú conartha arna thabhairt i gcrích idir an teagraí agus an tiompróir, agus (3) i gcás seirbhísí tráthrialta i gcúrsa seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta cé is moite de sheirbhísí iompair lena bhfreastalófar ar riachtanais lárionaid uirbigh nó comhchathrach nó riachtanais iompair idir an lárionad sin agus na limistéir máguaird. Dá dtabharfaí i gcrích an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar a d’iarr an Iodáil, bheadh tionchar aige ar fheidhmiú an Rialacháin sin, ach bheadh an tionchar sin teoranta go leor, i gcás ina dtabharfar an túdarú faoi réir na gcoinníollacha a thuairiscítear thuas.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Dá ndéanfaí comhaontú déthaobhach idir an Iodáil agus an Eilvéis lena núdarófaí oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiún teorann an dá thír, ní bheadh sé sin i neamhréir le haon bheartas eile den Aontas.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 2(1) CFAE agus Airteagal 91 CFAE bunús dlí an togra seo.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais.
•Comhréireacht
Is é cuspóir an togra seo an comhaontú déthaobhach idir an Iodáil agus an Eilvéis lena núdarófar oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus sna réigiúin teorann idir an dá thír, an comhaontú sin a údarú de bhun Airteagal 2(1) CFAE. Dá bhrí sin ní théann an Cinneadh atá molta thar a bhfuil riachtanach chun an chuspóir sin a ghnóthú.
•An rogha ionstraime
Bíonn tionchar ag oibríochtaí cabatáiste a dhéanann iompróirí tríú tír laistigh den Aontas nach bhfuil ceadúnas Comhphobail acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, bíonn tionchar acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí cóiste agus bus, mar atá leagtha amach ag Reachtóir an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Aon chumhachtú a dheonófar faoi Airteagal 2(1) CFAE, is gá Reachtóir an Aontais é a dheonú, i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 91 CFAE. An gníomh atá molta, ar cumhachtú aonair é de bharr a chineáil, tá sé le glacadh mar fhreagra ar iarraidh chomhfhreagrach a rinne an Iodáil. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith i bhfoirm chinnte, dírithe ar an Iodáil. Dá réir sin, is éard atá sa Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá molta ionstraim atá leordhóthanach chun é a thabhairt de chumhacht don Iodáil, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE, gníomhú maidir leis an ábhar seo.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh ón Iodáil agus baineann sé leis an mBallstát seo amháin. Fuair an Ghearmáin iarraidh chomhchosúil agus tá sé sin faoi réir nós imeachta comhthreomhar.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh aon tionchar ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais.
2019/0108 (COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena dtugtar de chumhacht don Iodáil comhaontú leis an Eilvéis a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena núdarófar oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin teorann an dá thír
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 2(1) agus Airteagal 91 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’iarnród agus de bhóthar (“Comhaontú an Aontais” anseo feasta), ní údaraítear paisinéirí a iompar i gcóiste ná i mbus idir dhá phointe atá suite ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh a dhéanann iompróirí atá lonnaithe ar chríoch an Pháirtí Chonarthaigh eile, rud ar a dtugtar cabatáiste.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Chomhaontú an Aontais, maidir le cearta cabatáiste atá ann cheana faoi chomhaontuithe déthaobhacha a tugadh i gcrích idir Ballstáit an Aontais agus an Eilvéis a bhí i bhfeidhm nuair a tugadh Comhaontú an Aontais i gcrích, eadhon an 21 Meitheamh 1999, féadfar leanúint de bheith ag feidhmiú na gceart sin, ar choinníoll nach ndéanfar aon idirdhealú idir iompróirí an Aontais ná aon saobhadh ar an iomaíocht. Níl aon chomhaontú déthaobhach idir an Iodáil agus an Eilvéis lena údaraítear oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus idir an dá thír. Dá bhrí sin, níl an ceart na hoibríochtaí sin a dhéanamh de thoradh an chomhaontaithe sin a d’fhéadfaí a thabhairt i gcrích, níl an ceart sin ar cheann de na cearta a thagann faoi chuimsiú Airteagal 20(2) de Chomhaontú an Aontais.
(3)Na gealltanais idirnáisiúnta a cheadaíonn d’iompróirí ón Eilvéis oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh laistigh den Aontas, is féidir go mbeidh tionchar acu ar Airteagal 20 de Chomhaontú an Aontais a mhéid nach núdarófar na hoibríochtaí sin leis an bhforáil seo.
(4)Ar a bharr sin, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, féadfaidh iompróirí a bhfuil ceadúnas Comhphobail acu go heisiach oibríochtaí cabatáiste laistigh den Aontas a dhéanamh faoi choinníollacha áirithe. Gealltanais idirnáisiúnta a cheadaíonn d’iompróirí ó thríú tíortha, nach bhfuil an ceadúnas sin acu, na hoibríochtaí sin a dhéanamh, is féidir go mbeidh tionchar acu ar an Rialachán sin.
(5)Dá réir sin, tagann na gealltanais sin faoi inniúlacht eachtrach eisiach an Aontais. Ní fhéadfaidh na Ballstáit na gealltanais sin a shocrú le caibidlíocht ná a thabhairt ach amháin má thugann an tAontas de chumhacht dóibh an méid sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE.
(6)Bíonn tionchar ag oibríochtaí cabatáiste a dhéanann iompróirí tríú tír laistigh den Aontas nach bhfuil ceadúnas Comhphobail acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, bíonn tionchar acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí cóiste agus bus, mar atá leagtha amach ag Reachtóir an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Aon chumhachtú a dheonófar faoi Airteagal 2(1) CFAE, is gá Reachtóir an Aontais é a dheonú, i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 91 CFAE.
(7)I litir uaithi dar dáta an 7 Feabhra 2018, d’iarr an Iodáil cumhachtú ón Aontas comhaontú a thabhairt i gcrích idir í agus an Eilvéis lena núdarófar oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin teorann an dá thír.
(8)A bhuí le hoibríochtaí cabatáiste, is féidir lódfhachtóir na bhfeithiclí a mhéadú, rud a chuireann le héifeachtúlacht eacnamaíoch na seirbhísí. Dá bhrí sin, is iomchuí na hoibríochtaí sin a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus a bheith á soláthar i réigiún ábhartha na teorann san Eilvéis agus san Iodáil. D’fhéadfadh sé sin dlúth-chomhtháthú na réigiún teorann sin a dhaingniú.
(9)Chun a áirithiú nach gcuirfidh na hoibríochtaí cabatáiste lena mbaineann isteach go hiomarcach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí bus agus cóiste, mar a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, ba cheart a núdarú a bheith faoi réir na gcoinníollacha nach ndéanfar aon idirdhealú idir iompróirí atá lonnaithe laistigh den Aontas ná aon saobhadh ar an iomaíocht.
(10)Ar an gcúis chéanna, níor cheart oibríochtaí cabatáiste a údarú i réigiúin teorann na hIodáile le linn soláthar seirbhísí cóiste agus bus idir an Iodáil agus an Eilvéis. Chuige sin, is gá réigiúin teorann na hIodáile a shainiú de réir bhrí an Chinnidh seo ar bhealach a dtabharfaidh an aird chuí ar fheidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, agus a fhágfaidh go méadófar éifeachtúlacht na noibríochtaí lena mbaineann,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, tugtar de chumhacht don Iodáil comhaontú leis an Eilvéis a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena núdarófar oibríochtaí cabatáiste sna réigiúin teorann ábhartha san Iodáil agus san Eilvéis le linn soláthar sheirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus idir an dá thír, ar an gcoinníoll nach ndéanfar aon idirdhealú idir na hiompróirí atá lonnaithe san Aontas ná aon saobhadh ar an iomaíocht.
Measfar gurb iad na réigiúin Píodmant agus an Lombaird agus na réigiúin féinrialaitheacha Valle d’Aosta agus Trentino-Alto réigiúin teorann na hIodáile de réir bhrí na chéad mhíre.
Airteagal 2
Cuirfidh an Iodáil an Coimisiún ar an eolas faoi thabhairt i gcrích an chomhaontaithe de bhun Airteagal 1 den Chinneadh seo agus cuirfidh sí téacs an chomhaontaithe sin in iúl. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin méid sin.
Airteagal 3
Tá an Cinneadh seo dírithe ar Phoblacht na hIodáile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán