AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 12.2.2019
COM(2019) 88 final
2019/0040(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
i ndáil le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, mura ndaingneofar an Comhaontú um Tharraingt Siar, scoirfidh dlí príomhúil agus dlí tánaisteach an Aontais d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019 (“dáta an tarraingt siar”). As sin amach, beidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír.
Má tharraingíonn an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas gan chomhaontú, déanfaidh sin difear do bhailíocht údaruithe sábháilteachta arna neisiúint faoi Airteagal 11 de Threoir 2004/49/CE do bhainisteoirí bonneagair chun bonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhainistiú agus a oibriú.
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún darb ainm ‘Preparing for the withdrawal of the United Kingdom from the European Union on 30 March 2019: a Contingency Action Plan’ leagtar amach na prionsabail is bonn leis na bearta teagmhasacha, lena náirítear nach leigheas iad ar easpa bearta ullmhachta ag páirtithe leasmhara ná ar na moilleanna ar a gcur chun feidhme. Sa Teachtaireacht sin, rinne an Coimisiún liosta de na bearta a mheas sé a bheith riachtanach, agus chuir sé de mheabhrú léi go bhféadfadh gá a bheith le bearta breise uair is faide anonn.
D’iarr an Chomhairle Eorpach arís (Airteagal 50) an 13 Nollaig 2018 go gcuirfí dlús leis an obair ar ullmhacht ar gach leibhéal i dtaca le hiarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe agus go gcuirfí san áireamh na torthaí uile ab fhéidir a bheith ar an tarraingt siar sin.
Phléigh an Coimisiún agus na Ballstáit na hiarmhairtí ab fhéidir a bheith ar an tarraingt siar trí bhíthin seimineáir a reáchtáil Comhairle an Aontais Eorpaigh in 2018. Ina theannta sin, pléadh go mion tionchair an tarraingt siar mar aon le bearta ullmhachta le linn sraith cuairteanna a tugadh ar gach Ballstát.
I réimse an iompair iarnróid, is féidir le páirtithe leasmhara, sa chuid is mó de na cásanna, an éifeacht a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ar dheimhnithe, údaruithe agus ceadúnais a leigheas le bearta éagsúla, go háirithe trí na páirtithe leasmhara sin a bhunú i mBallstát agus trí na húdaruithe, na deimhnithe agus na ceadúnais iomchuí a fháil sa Bhallstát sin.
Mar sin féin, ba ghá comhaontuithe idir na Ballstáit sin den Aontas lena mbaineann agus an Ríocht Aontaithe a chaibidliú agus a shíniú chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann go díreach le hoibríochtaí iarnróid trasteorann, chun a áirithiú go leanfar díobh tar éis dháta an tarraingt siar, agus, dá bhrí sin, chun suaitheadh san Aontas a mhaolú. Ní fhéadfaí comhaontuithe déthaobhacha den sórt sin a thabhairt i gcrích go dtí go mbeadh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír.
An staid a bhaineann leis an údarás dénáisiúnta sábháilteachta, a bunaíodh faoi Chonradh Canterbury maidir le Tollán Mhuir nIocht, chaithfí í sin go háirithe a oiriúnú agus stádas nua na Ríochta Aontaithe mar thríú tír á chur san áireamh.
Is iomchuí, dá bhrí sin, an Coimisiún bearta a bheartú a áiritheoidh go leanfaidh údaruithe le haghaidh codanna áirithe den bhonneagar iarnróid de bheith bailí i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais.
Ba cheart an bhailíocht shínte sin a theorannú don mhéid ama a bhfuil fíorghá leis chun go mbeidh an tachar is gá ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Ballstáit lena mbaineann chun na comhaontuithe is gá a thabhairt i gcrích.
Ní bhaineann sé sin ach amháin leis na húdaruithe sábháilteachta arna neisiúint faoi Airteagal 11 de Threoir 2004/49/CE do bhainisteoirí bonneagair chun bonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhainistiú agus a oibriú.
Tá na forálacha atá beartaithe ceaptha chun leanúnachas a áirithiú i gcás oibríochtaí agus seirbhísí trasteorann amháin i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme de chuid an Aontais. Thiocfadh fadhbanna móra, idir shóisialta agus eacnamaíocha, as briseadh sna gníomhaíochtaí sin. Trína áirithiú go gcomhlíonfaidh eagraíochtaí dlí an Aontais, áiritheoidh an togra freisin go gcosnófar tomhaltóirí agus saoránaigh.
Tá bearta an togra seo ag brath ar chaighdeáin sábháilteachta atá comhionann le ceanglais an Aontais a bheith á gcur i bhfeidhm maidir leis an mbonneagar agus na hoibríochtaí ar a gcríoch, bonneagar a úsáidtear chun nascacht iarnróid trasteorann a áirithiú.
Ní féidir suaitheadh mór a sheachaint, áfach, ach amháin má dhéanann na hoibreoirí iarnróid agus na húdaráis náisiúnta gach beart is gá go pras chun a áirithiú go ndéanfar ceadúnais rochtana ar an margadh, ceadúnais tiománaithe traenach, chomh maith le gach deimhniú agus údarú eile is gá chun oibriú ar chríoch an Aontais, a eisiúint in am trátha agus roimh an 30 Márta 2019.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo ceaptha a bheith ina lex specialis, lena rachfar i ngleic le cuid de na himpleachtaí a leanfaidh gan feidhm a bheith níos mó ag Treoir 2004/49/CE maidir leis an Ríocht Aontaithe. Tá na téarmaí atá beartaithe teoranta go docht don mhéid is gá chuige sin, chun nach mbeidh suaitheadh ann i dtaca le hoibríochtaí trasteorann. Tá siad ceaptha freisin gan feidhm a bheith acu ach go ceann achar gairid. Beidh feidhm fós ag forálacha ginearálta na ngníomhartha sin cé is moite de sin. Ar an gcaoi sin tá an togra seo i lánchomhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Baineann an togra seo le sábháilteacht agus nascacht iarnróid agus is comhlánú é ar Threoir 2004/49/CE chun déileáil go sonrach le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas gan comhaontú um tharraingt siar.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
•Coimhdeacht (don inniúlacht neamheisiach)
Ós comhlánú é an togra ar an reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana agus go bhfuil forálacha ann lenar fusa iad a chur i bhfeidhm go hordúil tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas, is le gníomh ar leibhéal an Aontais amháin is féidir cuspóir an togra a ghnóthú.
•Comhréireacht
Meastar go bhfuil an Rialachán atá beartaithe comhréireach mar gur féidir suaitheadh a sheachaint dá bharr, trí fhoráil a dhéanamh maidir le hathrú dlí atá teoranta agus riachtanach agus a chuimseoidh an gá leanúnachas seirbhísí iarnróid trasteorann leis an Ríocht Aontaithe a áirithiú. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú agus ní dhéantar leis aon athrú níos leithne ná aon bheart buan.
•An rogha ionstraime
Sa togra seo tá sraith bheag forálacha chun dul i ngleic le cás ansonrach uathúil. Dá bhrí sin, ní hiomchuí Treoir 2004/49/CE a leasú ná Treoir 2016/798/AE, a chuirfear ina hionad le héifeacht ón 16 Meitheamh 2019. Tá na forálacha ábhartha maidir leis na húdaruithe a ndéanann an togra seo difear dóibh cumhdaithe le Treoir 2004/49/CE. I bhfianaise an méid sin, is cosúil gurb é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an taon chineál gnímh dlí a bheadh fónta.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní infheidhme iad ós cás eisceachtúil uathúil é an cás arb éigean an togra seo a bheartú dá bharr.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
De dheasca na nimthosca sonracha a bhaineann leis an gcaibidlíocht faoi tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus de bharr síorathrú a bheith ar imeachtaí an scéil, cuireadh mórshrianta ar an bhféidearthacht tuairimí an phobail a lorg. Mar sin féin, tá na dúshláin a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus roinnt réitigh fhéideartha luaite ag páirtithe leasmhara iarnróid éagsúla agus ionadaithe áirithe ó na Ballstáit.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Rinneadh anailís dhlíthiúil agus theicniúil inmheánach ar an bhfaisnéis sin chun a áirithiú go sroichfidh an togra seo na cuspóirí atá beartaithe, ach tá sé srianta san am céanna don mhéid a bhfuil fíorghá leis.
•Measúnú tionchair
Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh, ós rud é gur cás eisceachtúil atá i gceist agus nach bhfuil ach beagán riachtanas ag baint leis an tréimhse ina gcuirfear chun feidhme athrú stádais na Ríochta Aontaithe. Níl aon rogha eile ann a bhfuil difríocht shubstainteach idir í agus an rogha seo.
•Cearta bunúsacha
Níl aon tionchar ag an togra seo ar chur i bhfeidhm ná ar chosaint na gceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ní infheidhme dó seo de bhrí gur beart gearrthéarmach atá ann.
2019/0040 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
i ndáil le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019 amach, mura rud é go gcinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh a chur leis an tréimhse sin.
(2)I réimse an iompair iarnróid, tá bearta áirithe ann is féidir le hoibreoirí lena mbaineann a dhéanamh chun an tionchar a leigheas a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar dheimhnithe agus údaruithe, cuir i gcás na hoibreoirí iad féin a bhunú i mBallstát agus na ceadúnais agus na deimhnithe iomchuí a fháil sa Bhallstát sin.
(3)Faoi láthair, is d'údarás dénáisiúnta sábháilteachta, údarás a bunaíodh faoi Chonradh Canterbury, atá cur i bhfeidhm rialacha sábháilteachta an Aontais tugtha. Níor mhór an córas a bhunaítear leis an gConradh sin a oiriúnú agus stádas tríú tír na Ríochta Aontaithe á chur san áireamh.
(4)Tá na bearta sa togra seo ag brath ar chaighdeáin agus ar nósanna imeachta sábháilteachta atá comhionann le ceanglais an Aontais agus a bheith á gcur i bhfeidhm maidir leis an mbonneagar a úsáidtear chun nascacht iarnróid trasteorann leis an Ríocht Aontaithe a áirithiú.
(5)Chun gur féidir le páirtithe lena mbaineann na comhaontuithe is gá a dhéanamh agus chun aon bheart eile is gá a dhéanamh le suaitheadh a sheachaint, is gá, agus stádas tríú tír na Ríochta Aontaithe á chur san áireamh, síneadh a chur le bailíocht údaruithe áirithe.
(6)Maidir le fad ama an tsínidh sin le bailíocht na núdaruithe, ba cheart é a theorannú don mhéid ama is fíorghá chun go mbeidh na Ballstáit lena mbaineann in ann na bearta sin is gá a ghlacadh, i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais.
(7)Chun mórshuaitheadh ar sheirbhísí iarnróid trasteorann leis an Ríocht Aontaithe a sheachaint, is den bhunriachtanas freisin é go ndéanfaidh na hoibreoirí iarnróid agus na húdaráis náisiúnta na bearta is gá go pras chun a áirithiú go ndéanfar ceadúnais rochtana ar an margadh, ceadúnais tiománaithe traenach, chomh maith leis na deimhnithe, na ceadúnais agus na húdaruithe is gá chun oibriú ar chríoch an Aontais a eisiúint in am trátha, roimh an 29 Márta 2019.
(8)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an sochar arna thabhairt do shealbhóirí na núdaruithe a aistarraingt, i gcás nach náirithítear go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta atá comhionann leis na ceanglais de chuid an Aontais á gcur i bhfeidhm maidir le haon bhonneagar ábhartha. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na bearta sin a ghlacadh, toisc an tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar shábháilteacht iarnróid. I bhfianaise a phráinní atá an tábhar seo, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh.
(9)Mar gheall ar an bpráinn atá ag roinnt le himthosca imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, ba cheart feidhm a bheith ag eisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, rud atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.
(10)Ba cheart forálacha an Rialacháin seo a theacht i bhfeidhm ar bhonn práinne agus ba cheart feidhm a bheith acu, ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe murar tháinig comhaontú tarraingt siar a tugadh i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm faoin dáta sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme an ábhair
1.Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha sonracha le haghaidh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) as an Aontas Eorpach, maidir le húdaruithe sábháilteachta áirithe arna neisiúint faoi Threoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na húdaruithe sábháilteachta arna neisiúint faoi Airteagal 11 de Threoir 2004/49/CE do bhainisteoirí bonneagair chun bonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhainistiú agus a oibriú, arb údaruithe iad a bheidh bailí ar an lá roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag sainmhínithe ábhartha Threoir 2004/49/CE agus ag na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhua na Treorach sin. Maidir le sainmhínithe ábhartha Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus aon ghníomh tarmligthe agus aon ghníomh cur chun feidhme eile arna ghlacadh de bhun na Treorach sin, beidh feidhm acu ón dáta is infheidhme í maidir leis na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Airteagal 3
Bailíocht na núdaruithe sábháilteachta
Na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), beidh siad bailí fós go ceann 3 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 4
Rialacha agus oibleagáidí maidir le húdaruithe
1.Údaruithe atá faoi réir Airteagal 1(2) den Rialachán seo, beidh siad faoi réir na rialacha is infheidhme maidir leo i gcomhréir le Treoir 2004/49/CE, agus le Treoir 2016/798/AE ón dáta is infheidhme í maidir leis na húdaruithe sin, agus faoi réir na ngníomhartha cur chun feidhme agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhua na dTreoracha sin.
2.Comhoibreoidh na sealbhóirí údaruithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus, de réir mar is iomchuí, an túdarás a d'eisigh i gcás nach ionann é agus an tÚdarás Náisiúnta Sábháilteachta a bhfuil an bonneagar ar a chríoch san Aontas, comhoibreoidh siad leis an Údarás Náisiúnta Sábháilteachta sin agus tabharfaidh siad an fhaisnéis ábhartha uile agus na doiciméid ábhartha uile dó.
3.I gcás nach bhfuarthas an fhaisnéis nó na doiciméid sin faoi na sprioc-amanna arna leagan síos in iarrataí arna ndéanamh ag an Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún, ach fhógra a thabhairt don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2), an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a aistarraingt.
4.Cuirfidh sealbhóirí údaruithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis inniúla sábháilteachta eile is féidir a bheidh ag teacht salach ar oibleagáidí na núdarás sin faoin Rialachán seo, faoi Threoir 2004/49/CE agus Treoir 2016/798/AE.
5.Sula naistarraingeoidh an Coimisiún na sochair arna dtabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3, cuirfidh sé in iúl in am trátha don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear i mír 2, don údarás a d'eisigh na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), do shealbhóirí na núdaruithe sin agus d'Údarás Sábháilteachta Náisiúnta na Ríochta Aontaithe go bhfuil rún aige dul ar aghaidh leis an aistarraingt sin agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur in iúl.
Airteagal 5
Caighdeáin sábháilteachta
1.Déanfaidh an tÚdarás Náisiúnta Sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) faireachán ar na caighdeáin sábháilteachta iarnróid atá á gcur i bhfeidhm maidir leis an mbonneagar trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Cuirfidh an tÚdarás Náisiúnta Sábháilteachta tuarascálacha ar fáil go tráthrialta don Choimisiún agus do Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh maidir leis an gceist sin agus cuirfidh sé ag gabháil leo, nuair is iomchuí, moladh go ngníomhódh an Coimisiún i gcomhréir le mír 2.
2.I gcás ina mbeidh amhras a bhfuil údar leis ar an gCoimisiún nach bhfuil na caighdeáin sábháilteachta á gcur i bhfeidhm maidir le hoibriú bonneagair atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó maidir leis an gcuid sin den bhonneagar céanna atá sa Ríocht Aontaithe, nach bhfuil na caighdeáin sin i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí agus trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le Airteagal 7(2), an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a aistarraingt.
3.Chun críocha mhír 1, féadfaidh an tÚdarás Náisiúnta Sábháilteachta faisnéis a iarraidh ar na húdaráis inniúla ábhartha agus sprioc-am réasúnta a leagan síos. I gcás nár chuir na húdaráis inniúla ábhartha an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoin sprioc-am arna leagan síos ag an Údarás Sábháilteachta Náisiúnta nó gur chuir siad faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, ach fógra a thabhairt don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2), an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a aistarraingt.
4.Sula naistarraingeoidh an Coimisiún na sochair arna dtabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3, cuirfidh sé in iúl in am trátha don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), don údarás a d'eisigh na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), do shealbhóirí na núdaruithe sin agus d'Údarás Sábháilteachta Náisiúnta na Ríochta Aontaithe go bhfuil rún aige dul ar aghaidh leis an aistarraingt sin agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur in iúl.
Airteagal 6
Comhairliúchán agus comhar
1.Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú.
2.Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan moill mhíchuí, aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 nó aon fhaisnéis eile is ábhartha chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.
Airteagal 7
An Coiste
1.An coiste dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir 2016/797/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta Airteagal 5 de.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
3.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tháinig comhaontú um tharraingt siar, arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear i mír 2.
4.Scoirfidh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige trí mhí tar éis dó a bheith infheidhme i gcomhréir le mír 2.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán