Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52019IR1951

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Creat Eorpach le haghaidh Freagairtí Rialála ar an nGeilleagar Comhoibríoch

IO C 79, 10.3.2020, pp. 40–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

10.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

40


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Creat Eorpach le haghaidh Freagairtí Rialála ar an nGeilleagar Comhoibríoch

(2020/C 79/08)

Rapóirtéir

:

Peter FLORIANSCHÜTZ (AT/Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha (PSE)), Comhalta de Pharlaimint Réigiúnach Vín agus comhalta de Chomhairle Cathrach Vín

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Barúlacha ginearálta

1.

ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún an geilleagar comhoibríoch a chur chun tosaigh ina gcuid tosaíochtaí do théarma oifige 2019-2024;

2.

á thabhairt dá aire go bhfuil an geilleagar comhoibríoch bunaithe ar chaidreamh triantánach idir trí chatagóir de rannpháirtithe – an custaiméir, an soláthróir agus an t-ardán/an t-idirghabhálaí – rud atá an-éagsúil leis an tsamhail “slabhra” thraidisiúnta agus leis an gcaidreamh déthaobhach idir an custaiméir agus an soláthróir ar a bhfuil an creat rialála de chuid an Aontais atá anois ann bunaithe;

3.

á mheas, dá bhrí sin, nach bhfuil cur i bhfeidhm nithiúil dhlí an Aontais maidir leis na samhlacha gnó nua sin cuimsitheach, ná baol air, agus gur minic gur deacair iad a bhunú, faoi mar a léiríodh leis an gconspóid mhór agus leis an leas a baineadh as an gceartas, rud a spreagadh dá ndeasca;

4.

á thabhairt chun cuimhne gur aithin sé, ina thuairim in 2016 (1), nár tugadh freagraí cuimsitheacha sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le A European Agenda for the Collaborative Economy [Clár Oibre Eorpach don Gheilleagar Comhoibríoch] (2), arb éard atá i gceist leo siúd ná freagraí cuimsitheacha ar roinnt de na ceisteanna ríthábhachtacha a ardaíodh tríd an ngeilleagar comhoibríoch; den tuairim gurb é a tháinig as an neamhghníomhaíocht sin gur faoi na cúirteanna seachas na reachtóirí Eorpacha agus réigiúnacha a fágadh cinntí an-pholaitiúil;

5.

ag tarraingt aird ar na tairbhí is féidir a bhaint as an ngeilleagar comhoibríoch nuair a oibrítear go cothrom rialáilte é, amhail iomaíocht níos láidre in go leor earnálacha agus éifeachtaí suaiteacha ar shealbhóirí as a dtagann rogha níos leithne do thomhaltóirí agus costais níos ísle, deiseanna fostaíochta feabhsaithe agus na tionchair chomhshaoil dhearfacha a thagann as sócmhainní agus acmhainní a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla;

6.

á thabhairt le fios ina ainneoin sin, cé is moite de na buntáistí, go bhfuil tionchair dhiúltacha ag an ngeilleagar comhoibríoch freisin ar ghnólachtaí traidisiúnta agus ar phobail áitiúla; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil sé inghlactha sa mhargadh aonair go mbainfí an bonn de chearta saothair agus tomhaltóra ná de chaighdeáin i dtaca le cosaint an chomhshaoil agus á thabhairt le fios go bhfuil tuairim ar leith ar ghnéithe fostaíochta agus sóisialta d’obair an ardáin á dréachtú ag an gCoiste (3);

7.

á mheas gur cheart cothrom iomaíochta a chinntiú sa mhargadh aonair i dtaca le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar líne agus as líne araon. A bhuí leis an ngeilleagar comhoibríoch, tugtar rogha níos leithne do thomhaltóirí agus deiseanna nua d’fhiontraithe, ach, ní mór do na saoránaigh agus do na gnólachtaí a bheith feasach faoi na rialacha agus na hoibleagáidí áitiúla is infheidhme, is cuma cén cineál ardáin gnó a roghnaigh siad (e.g. comhroinnt tithe, turais i ngluaisteán, seirbhísí tís éagsúla, agus aidhmeanna brabúis nó neamhbhrabúis leis na nithe sin etc.);

8.

in aiféala mór freisin faoi phlódú cónaitheoirí áitiúla atá ar siúl i roinnt príomhchathracha mar gheall ar ardú praghsanna réadmhaoine atá nasctha le cuid mhór aonaid chóiríochta a bheith tiomnaithe do chíosanna turasóireachta sealadacha trí ardáin ar líne;

9.

ag iarraidh, ar a shon sin, dála an Choimisiúin, mar a léiríodh in 2016 in Agenda for the Collaborative Economy [Clár Oibre don Gheilleagar Comhoibríoch], an clár oibre dá chuid, an dá chuspóir beartais a bhaineann le dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann faoi láthair a chothromú – agus deimhneacht dlí a sholáthar – trí rialáil a dhéanamh ar lámh amháin, agus nuálaíocht, gnólachtaí nua agus forbairt bhreise an gheilleagair chomhoibríoch a spreagadh ar an lámh eile;

10.

den tuairim gurb éard atá le tuiscint as an smacht reachta ná cruthú agus forfheidhmiú éifeachtúil dlíthe ina theannta sin agus nár cheart aon bhac a chur roimh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus rialacha Eorpacha, náisiúnta nó réigiúnacha á gcur i bhfeidhm agus á bhforfheidhmiú acu;

11.

ag fáiltiú roimh ghníomhaíocht dheonach ardán ar fud na hEorpa ach á chur i bhfios go láidir nach féidir í a chur in ionad rialacha creata d’fhíorchómhargadh;

Creat Eorpach agus gné chríochach aige

12.

á mheas, i bhfianaise na n-ábhar imní sin, gurb amhlaidh go bhfuil an creat rialála de chuid an Aontais atá anois ann – a tugadh isteach roimh ré ardáin an gheilleagair chomhoibríoch – as dáta agus nach féidir leis a bheith mar fhreagairt ar na dúshláin a bhaineann leis an ngeilleagar comhoibríoch gan é a thabhairt cothrom le dáta go críochnúil;

13.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tograí a chur ar aghaidh chuige sin i gcaitheamh 2020, i gcomhthéacs leathan “Gníomh na Seirbhísí Digiteacha” atá ar chlár oibre Uachtarán toghaí an Choimisiúin (4), go háirithe ós rud é gur tháinig na príomháiseanna teicniúla (e.g. fóin chliste) agus na hardáin ar an bhfód i bhfad i ndiaidh na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil (2000);

14.

ag tabhairt ghné láidir áitiúil agus réigiúnach an gheilleagair chomhoibríoch, a bhfuil tionchar aici ar an ngnáthshaol, dá aire, ós rud é go bhfuil go leor de na réimsí ina bhfuil na hardáin sin gníomhach, lena n-áirítear cúrsaí cóiríochta, an t-iompar uirbeach, seirbhísí seachadta agus úsáid spásanna poiblí rialáilte nó faoi cháin ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

15.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit timpeallacht rialála spreagúil a chruthú, rud a fhágfaidh go mbeidh tairbhe bhreise le baint as an Margadh Aonair d’ardáin Eorpacha mhionscála agus go méadófar de réir scála iad chun go mbeifear in ann dúshlán a chur roimh ghníomhaithe domhanda ceannasacha;

16.

á iarraidh go n-aithneofaí an ghné chríochach sin sa chreat Eorpach a bheidh ann amach anseo agus acmhainneacht na n-údarás poiblí a neartú le gníomh a dhéanamh chun an geilleagar comhoibríoch a rialáil de réir a staide náisiúnta, réigiúnaí nó áitiúla, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú ina iomláine. Maidir le forfheidhmiú cinntí cúirte bailí i gcoinne ardáin cíosa shealadaigh, is mór an t-ualach a chuirtear ar na húdaráis áitiúla mar gheall air sin de dheasca easpa acmhainní agus acmhainneachta le dul chun dlí i mBallstát eile de chuid an Aontais;

17.

á chur i bhfios go láidir gurb é prionsabal na tíre tionscnaimh sa Treoir maidir le Ríomhthráchtáil faoi deara fadhbanna áirithe a bhíonn ag na cathracha agus na réigiúin. Dá láidre prionsabal na tíre tionscnaimh is ea is soiléire agus is éifeachtaí is gá do na rialacha um fhorfheidhmiú an dlí a bheith. Tá an Coiste den tuairim go bhfuil an baol ann go mbeidh “breith agus dhá rogha” i gceist nuair a théitear isteach sa mhargadh aonair, rud a fhágann go mbíonn éiginnteachtaí dlí ann agus go gcailleann na húdaráis phoiblí sa tír cinn scríbe an rialú riaracháin;

18.

den tuairim ar a shon sin nach bhféadfaí dul i ngleic le roinnt de na príomhábhair imní a bhaineann leis an ngeilleagar comhoibríoch trí ghníomh a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil nó náisiúnta, agus gur gá creat Eorpach soiléir a bheith ann, ina fhianaise sin, i dteannta dlíthe náisiúnta agus réigiúnacha;

19.

á mholadh go ndéanfar Measúnuithe Tionchair Chríochaigh ar na heilimintí criticiúla de Ghníomh na Seirbhísí Digiteacha agus den chreat Eorpach don gheilleagar comhoibríoch;

20.

á mholadh de bhreis air sin, i bhfianaise ghné dhinimiciúil an gheilleagair chomhoibríoch, go gcuirfí sásra i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Ghníomh na Seirbhísí Digiteacha agus an chreata Eorpaigh don gheilleagar comhoibríoch;

21.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach faireachán rialta a dhéanamh ar fhorbairt ardán comhoibríoch maidir le rialacha iomaíochta a chomhlíonadh, ós rud é gur léir ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil go bhfuil ceannasacht ardleibhéil ag líon beag árdán sa mhargadh;

Ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh

22.

á chur i bhfáth go bhfuil ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh ar bun cheana féin, ós rud é, in ainneoin a úire atá an feiniméan, gur tháinig an t-uafás rialacha don gheilleagar comhoibríoch chun cinn i roinnt Ballstát, cathracha agus réigiún, agus go bhfuil tionscnaimh dlí agus bheartais anois ann nó beartaithe i dtimpeall an dá thrian de na Ballstáit amhail ó 2017 fiú, cuir i gcás sa réimse cánachais, rialacha tithíochta agus tógála, seirbhísí iompair agus seachadta nó maidir le spásanna poiblí (5);

23.

á chur i bhfios go láidir gur léir ó na tionscnaimh iomadúla sin go bhfuil gá le rialachán soiléir ón Aontas laistigh den mhargadh aonair; ina éagmais sin, de dheasca na hilroinnte a thagann as sin, is féidir na húsáideoirí agus na soláthraithe araon a dhíspreagadh ó na deiseanna a thugtar tríd an ngeilleagar comhoibríoch a thapú;

24.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ríthábhacht freisin le deireadh a chur le hilroinnt an mhargaidh trí rialacha comhoiriúnaithe ar fud an Aontais chun fás gnólachtaí beaga sa mhargadh comhoibríoch a chur chun cinn, ós rud é gur fearr is féidir na hardáin mhóra, ilnáisiúnta atá anois ann a chur in oiriúint do chastacht rialála agus d’athruithe a bhuí lena scála mór;

25.

suite de, dá dtabharfaí creat soiléir isteach ar leibhéal an Aontais, go dtabharfaí deis fáis do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha mar aon leis an deis a bheith níos iomaíche ar an leibhéal domhanda. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar ardáin chomhoibríocha nach ardáin Eorpacha iad, ós rud é go bhfuil sé beagnach dodhéanta sa chuid is mó de na cásanna rialacha a fhorfheidhmiú i dtríú tíortha;

Stádas ardáin an gheilleagair chomhoibríoch

26.

in aiféala gur faoi na cúirteanna a fágadh ceist ríthábhachtach go nuige seo ar an iomlán, is é sin, ceist stádas ardáin an gheilleagair chomhoibríoch – agus dá bhrí sin an cheist a bhaineann leis na rialacha lena rialaítear a n-oibríochtaí – cé gur ábhar an-pholaitiúil é a bhfuil impleachtaí forleathana aige nach bhfuil freagra iomlán le fáil air astu féin sna rialacháin atá ann cheana.

27.

á chur i bhfáth gur cosúil go bhfuil gá ar leith leis an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil (6) agus leis an tsaoirse chun soláthar seirbhísí trasteorann a bhaineann leis an tsochaí faisnéise a ndéantar foráil maidir léi inti a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na gconspóidí agus na gcásanna cúirte lena mbaineann faoi láthair (7);

28.

á chur i bhfios go bhféadfadh sé gur gá an sainmhíniú féin ar sheirbhís de chuid na sochaí faisnéise (8) a shoiléiriú tuilleadh chun idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí, agus go háirithe i ndáil le teacht chun cinn “seirbhísí ilchodacha”, arna sainmhíniú ag Abhcóide Ginearálta CBAE, Maciej Szpunar, lena n-áirítear seirbhís de chuid na sochaí faisnéise agus, ar bhealach doscartha, an tseirbhís fholuiteach nach soláthraítear trí mheán leictreonach (9);

29.

á mheas gur cheart stádas ardáin an gheilleagair chomhoibríoch a shainiú sa chreat Eorpach de réir mhéid beacht an rialúcháin arna fheidhmiú ag an ardán, agus gur ceart na critéir chun “tionchar cinntitheach” a shainiú – an coincheap ar thrácht CBAE air – a leagan amach go sainráite i ndlí an Aontais dá bhrí sin;

30.

den tuairim ar an lámh eile, maidir leis na critéir a bhaineann leis an “gcruthaitheoir margaidh”, ar thrácht an tAbhcóide Ginearálta orthu freisin, go bhféadfadh feidhm a bheith leo go pointe áirithe maidir leis an gcuid is mó d’ardáin an gheilleagair chomhoibríoch agus go mbaineann siad, dá bhrí sin, i bhfad níos lú le hábhar agus a stádas agus na rialacha is infheidhme maidir lena n-oibríochtaí á sainiú;

31.

den tuairim gur ceart ardáin chomhoibríocha a bheith faoi dhliteanas i leith gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh (e.g. tairiscintí tithíochta sóisialta ar ardáin cíosa shealadaigh) agus den tuairim nach féidir cinntí idirdhealaitheacha ardán a dhéanamh ach amháin de réir dlíthe áitiúla nó cinntí cúirte;

Stádas úsáideoirí ardáin an gheilleagair chomhoibríoch agus cosaint tomhaltóirí

32.

á chur i bhfios gur gné shainiúil den gheilleagar comhoibríoch is ea go bhfágtar doiléir an líne idir gníomhaithe pearsanta agus gairmiúla, i.e. idir trádálaithe agus piaraí;

33.

á mheas ina leith sin gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar “sholáthraí seirbhíse” sa Treoir um Sheirbhísí (10), ós rud é gurb é an chiall a d’fhéadfaí a bhaint as an bhfoclaíocht mar atá go gcumhdaítear aon ghníomhaíocht eacnamaíoch; den tuairim go bhféadfadh an staid sin a bheith ina bac láidir trí ualaí díréireacha a chur ar dhaoine ar mian leo gníomhú ó am go chéile mar sholáthróirí (“piaraí”) neamhghairmiúla seirbhísí trí ardán de chuid an gheilleagair chomhoibríoch;

34.

á mholadh dá bhrí sin go ndéanfaí an staid sin a shoiléiriú trí thairseacha ar fud an Aontais arna bhforbairt don leibhéal gníomhaíochta eacnamaíche, a meastar, ina dhiaidh sin, go mbeidh úsáideoir ag gníomhú mar ghairmí agus faoi réir rialáil maidir leis an margadh; den tuairim gur cheart na tairseacha sin a bheith bunaithe ar am seachas airgeadaíocht chun cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud an Aontais;

Rochtain ar shonraí

35.

á thabhairt le fios gur saincheist ríthábhachtach d’údaráis phoiblí é rochtain ar shonraí, ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach go háirithe; ní féidir rialacha áitiúla infheidhme a fhorfheidhmiú i gceart ná sásraí maoirseachta a choimirciú gan rochtain a fháil ar na sonraí ábhartha ó na hardáin atá á n-oibriú i gcríoch ar leith;

36.

den tuairim dá bhrí sin gur ceart ceangal a chur ar na hardáin sa chreat Eorpach na sonraí riachtanacha a sholáthar do na húdaráis phoiblí chun na rialacha is infheidhme maidir leis an ardán agus/nó maidir lena réimse gníomhaíochta a fhorfheidhmiú ar bhunús dlí (11). Mar sin féin, ní mór do na húdaráis phoiblí aird chuí a thabhairt ar shonraí agus saineolas na n-ardán, amhail algartaim chuardaigh agus rangaithe, agus an fhaisnéis sin á rochtain. Níor cheart gur gá do na húdaráis phoiblí a bheith ag brath ar thoilteanas lucht na n-ardán sonraí a roinnt leo, mar is léir ón taithí a fuarthas i roinnt cathracha Eorpacha, cé gur éiligh lucht na n-ardán go raibh siad toilteanach comhoibriú, sa chleachtas ní dhéanann siad sin, nó ní dhéanann siad sin ach amháin ar bhonn deonach (12);

37.

á admháil go bhfuil bearta déanta ag lucht roinnt ardán chun rialacha áirithe a fhorfheidhmiú as a stuaim féin, ach cé gur iarrachtaí inmholta iad, is féidir le húsáideoirí ardán bealach a fháil thart ar an bhféinrialáil dheonach go héasca (is féidir aonad cóiríochta amháin a phostáil ar roinnt ardán nó roinnt uaireanta ar an ardán céanna fiú); suite de, dá bhrí sin, gurb é an réiteach is fearr dá bhfuil ann rochtain a thabhairt do na húdaráis phoiblí ar shonraí;

38.

á dhearbhú gur geatóirí iad ardáin dhigiteacha mhóra sa gheilleagar digiteach, gur féidir leo seasamh ceannasach a fháil sa mhargadh, agus tairbhe mhór a bhaint as éifeachtaí gréasáin éifeachtacha. Maidir le hardáin cheannasacha sa mhargadh, níl neart ar an oibleagáid atá ann cheana sa dlí maidir le cosaint sonraí a threisiú chun iniomparthacht sonraí a áirithiú (e.g. trí chomhéadain oscailte);

Ábhair imní chánach

39.

ag fáiltiú ar a shon sin roimh na cleachtais chomhoibritheacha atá curtha chun feidhme ag roinnt ardán chun rialacha a fhorfheidhmiú amhail bailiú cánacha turasóireachta thar ceann bardas;

40.

den tuairim mar sin féin go bhféadfaí ualach riaracháin mór a bheith i gceist dá gcuirfí de cheangal ar na hardáin uile déanamh amhlaidh i ngach údarás áitiúil agus réigiúnach, cé gur lú i bhfad an t-ualach atá i gceist le comhroinnt sonraí;

41.

á chur i bhfáth gur theip ar roinnt cathracha agus réigiún comhaontuithe a thabhairt i gcrích le lucht na n-ardán maidir le saincheisteanna cánach, ós rud é gur léirigh lucht roinnt ardáin chomhoibríocha nach bhfuil rún ar bith acu glacadh le dlíthe cánach náisiúnta nó réigiúnacha ná le cumhachtaí formhaoirseachta comhlachtaí maoirseachta áitiúla (e.g. na Cúirteanna Iniúchóireachta) ná le haon sásraí rialúcháin áitiúla le haghaidh cánachas ceart;

42.

á chur i bhfios go bhféadfaidh éiginnteacht a bheith ag baint leis an ioncam arna fháil ag soláthróirí de chuid an gheilleagair chomhoibríoch, ar soláthróirí iad a d’fhéadfadh a bheith ag obair trí roinnt ardán bunaithe i dtíortha éagsúla, agus gur deacair do na húdaráis chánach é a rianú: níl roinnt faighteoirí cinnte go dlisteanach cé na cánacha ar cheart feidhm a bheith leo, cé go bhféadfadh daoine eile iarracht fheasach a dhéanamh gan cánacha a íoc ach tairbhe a bhaint as an easpa soiléire; á chur i bhfáth go gcuirfí deireadh leis sin agus go n-áiritheofaí go n-íoctar na cánacha iomchuí trí chomhroinnt sonraí idir na hardáin agus na húdaráis phoiblí inniúla uile;

43.

á chur i bhfios gur pointe ríthábhachtach eile é cáin a ghearradh ar na hardáin féin; ní mór do lucht na n-ardán ar líne a gcion féin de chánacha a íoc; ag tagairt dá thuairim maidir le “Cánachas an Gheilleagair Dhigitigh” (13) ina measann an Coiste nach n-oireann na córais chánach atá anois ann do chomhthéacs eacnamaíoch reatha an domhandaithe, na soghluaisteachta, na dteicneolaíochtaí digiteacha, na samhlacha gnó nua agus na struchtúr gnó casta, agus ag fáiltiú roimh an togra ón gCoimisiún maidir leis sin (14);

Tionchar ar an gComhshaol

44.

á mheas gur bealach breise atá sa gheilleagar comhoibríoch chun rannchuidiú le bearta éagsúla arna ndéanamh ag an Aontas chun spriocanna aeráide Chomhaontú Pháras 2015 a bhaint amach;

45.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach staidéir a sholáthar ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ngeilleagar comhoibríoch ar an gcomhshaol faoin dara leath de 2020, toisc go bhfuil staidéir dhoimhne den sórt sin de dhíth;

Tithíocht

46.

den tuairim gur ceart raon feidhme gníomhaíochta na hearnála poiblí a choimirciú chun a áirithiú go mbeidh saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí trí mheán leictreonach daingnithe ach nach srianfar an iomaíocht ná feidhmiú margaí áitiúla mar gheall air sin. Dá bhrí sin, ní mór na critéir leasa ghinearálta a shonrú agus a leathnú sa Treoir maidir le Ríomhthráchtáil. Tá tithíocht inacmhainne thar a bheith tábhachtach do shaoránaigh Eorpacha i ngach Ballstát; trí chíosanna gearrthréimhse is féidir claontaí diúltacha a neartú sa mhargadh tithíochta;

Focal scoir

47.

á chur i bhfios go bhfuil dúshlán roimh roinnt réigiún agus cathracha de dheasca gníomhaíochtaí ardáin a bheith ag teacht chun cinn ina gcríocha gan réamhfhógra; shínigh lucht roinnt cathracha Eorpacha Sharing Cities Declaration [Dearbhú na gCathracha Comhroinnte] (15) in 2018;

48.

ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún creat Eorpach a mholadh chun go mbeidh sé éigeantach réamhfhógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus chun comhoibriú a spreagadh idir na húdaráis agus lucht na n-ardán chun a áirithiú gur i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme agus ar mhodh atá iomchuí i bhfianaise na staide áitiúla a oibreoidh lucht na n-ardán;

49.

ag tnúth le hoibriú leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle chun an creat Eorpach le haghaidh freagairtí rialála ar an ngeilleagar comhoibríoch a mhúnlú.

An Bhruiséil an 5 Nollaig 2019.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Karl-Heinz LAMBERTZ


(1)  COR-2016-04163. Le fáil ar líne: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM%3A2016%3A356%3AFIN

(2)  COM(2016)356 final. Le fáil ar líne: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM%3A2016%3A356%3AFIN

(3)  Tuairim ón gCoiste “Obair an Ardáin – Dúshláin Rialála Áitiúla agus Réigiúnacha”, [Níl leagan GA ann, teideal aistrithe] rapóirtéir: Dimitrios BIRMPAS. Comhad SEDEC-VI/051.

(4)  A Union that strives for more: My agenda for Europe [Aontas níos Uaillmhianaí - An Clár Oibre agamsa don Eoraip]. Le fáil ar líne: https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/political-guidelines-next-commission_en.pdf

(5)  Tuarascáil maidir le hAnailís Dlí CE, AS JUST, 2017, lgh. 92-101. Le fáil ar líne: https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/annex5_task5_reportmay2017.pdf

(6)  Treoir 2000/31/CE (‘an Treoir maidir le trádáil leictreonach’). Le fáil ar líne: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX%3A32000L0031

(7)  Féach go háirithe cásanna C-434/15, C-320-16 de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) i ndáil le Uber agus cás leanúnach C390-18 i ndáil le Airbnb.

(8)  Tá an sainmhíniú le fáil i dTreoir (AE) 2015/1535 atá le fáil ar líne: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32015L1535

(9)  CBAE, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta i gCás C-434/15 atá le fáil ar líne: https://curia.europa.eu/jcms/upload/docs/application/pdf/2017-05/cp170050en.pdf

(10)  Treoir 2006/123/CE atá le fáil ar líne: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32006L0123

(11)  An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, Airt. 6(1)(e).

(12)  The Guardian, Meitheamh 2019; le fáil ar líne: https://www.theguardian.com/cities/2019/jun/20/ten-cities-ask-eu-for-help-to-fight-airbnb-expansion

(13)  Tag.: COR-2018-02748. [Níl leagan GA ann, teideal aistrithe] Le fáil ar líne ag: https://webapi2016.COR.europa.eu/v1/documents/cor-2018-02748-00-00-ac-tra-en.docx/content

(14)  Tag.: COM(2018) 147 final; agus Tag.: COM(2018) 148 final.

(15)  Le fáil ar líne: http://www.sharingcitiesaction.net/declaration/


Top