AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.12.2018
COM(2018) 892 final
2018/0432(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann agus Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe fógra isteach go raibh sé de rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Fágann sin, mura ndaingneofar an comhaontú um tharraingt siar, go scoirfidh dlí príomhúil agus tánaisteach an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019 ("dáta an tarraingt siar"). As sin amach, beidh an Ríocht Aontaithe ina “tríú tír”.
Sonraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Preparing for the withdrawal of the United Kingdom from the European Union on 30 March 2019: [‘Ullmhúchán do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach an 30 Márta 2019]: a Contingency Action Plan’[Plean Gníomhaíochta Teagmhasach’] go bhfuil an Coimisiún tiomanta freisin a áirithiú go leanfar leis na cláir reatha .i.e. PEACE agus INTERREG, atá ar bun idir na contaetha teorann in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann, cláir ina bhfuil an Ríocht Aontaithe ina comhpháirtí.
D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) a glao, an 13 Nollaig 2018, dlús a chur leis an obair le hullmhú ar gach leibhéal d'iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, ag cur na torthaí féideartha ar fad san áireamh. Tá an gníomh seo ina chuid de phacáiste beart atá á ghlacadh ag an gCoimisiún mar fhreagairt ar an nglao seo.
Is é aidhm an togra seo a áirithiú go leanfar le dhá chlár um chomhar dhéthaobhach a bhaineann le hÉirinn, eadhon clár PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus clár na Ríochta Aontaithe-na hÉireann (Éire-Tuaisceart Éireann-Albain).
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Is é aidhm an togra leanúint leis na cláir atá ann cheana.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tagann an togra seo go hiomlán le sainordú na Comhairle maidir leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe i dtaca lena tarraingt siar as an Aontas.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 178 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Ós rud é go bhfuil sé mar aidhm ag an ngníomh atá beartaithe a áirithiú go leanfar leis an dá chlár um chomhar atá faoi rialú ag Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, rinneadh scrúdú cheana ar phrionsabal na coimhdeachta i leith na gclár sin nuair a glacadh an Rialachán sin.
•Comhréireacht
Meastar go bhfuil an togra comhréireach mar go ndéantar foráil leis maidir leis an athrú dlíthiúil is gá agus san am céanna ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun leanúint go hordúil leis an dá chlár um chomhar Thuaidh-Theas a bhaineann le críoch Thuaisceart Éireann.
•An rogha ionstraime
Ós rud é go gcuireann an gníomh le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, is é an taon rogha leordhóthanach rialachán a mholadh.
Ós rud é nach mbeidh feidhm ag an Rialachán seo, a thiocfaidh i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach amháin mura dtagann comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, mura dtagann an comhaontú sin i bhfeidhm faoin dáta ar a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, tá an gníomh ad hoc atá beartaithe níos oiriúnaí ná Rialachán i bhfoirm gníomh leasaitheach.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Mar gheall ar a phráinní a bhí sé an togra a ullmhú ionas go bhféadfaidh na comhreachtóirí é a ghlacadh in am, níorbh fhéidir comhairliúchán le páirtithe leasmhara a chur i gcrích.
•Measúnú tionchair
Mar gheall ar nádúr an bhirt atá beartaithe, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair, i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr. Níl aon roghanna eile ar fáil atá éagsúil ó thaobh ábhair de. Is é an beart atá beartaithe an taon rogha bheartais is inmharthana chun a áirithiú go leanfar ar bhonn ordúil leis an dá chlár um chomhar dhéthaobhach a bhaineann le hÉirinn, eadhon an clár PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus clár na Ríochta Aontaithe-na hÉireann (Éire-Tuaisceart Éireann-Albain), tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Is é an aidhm leis an togra seo a áirithiú, mura ndéantar an comhaontú um tharraingt siar a dhaingniú, go leanfar leis an dá chlár um chomhar déthaobhach a bhaineann le hÉirinn, eadhon an clár PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus clár na Ríochta Aontaithe-na hÉireann (Éire-Tuaisceart Éireann-Albain), gan na méideanna a leithdháiltear orthu ná an maoiniú a fhaigheann siad a athrú. Leanfar ag maoiniú an dá chlár ó bhuiséad an Aontais. Beidh sé riachtanach an fhéidearthacht na rialuithe agus iniúchtaí riachtanacha a fheidhmiú i ngach réigiún rannpháirteach a dhearbhú trí chomhaontú idir an Coimisiún agus údaráis na Ríochta Aontaithe agus beidh sé sin ina choinníoll don mhaoiniú.
2018/0432 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann agus Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 178 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe fógra isteach go raibh sé de rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe um tharraingt siar, nó ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, i.e. ón 30 Márta 2019, mura gcinneann an Chomhairle Eorpach d'aon ghuth, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, fad a chur leis an tréimhse sin.
(2)Tá an tarraingt siar á déanamh le linn na clárthréimhse 2014-2020 tréimhse a bhfuil an Ríocht Aontaithe páirteach i gcúig chlár déag faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh ('cláir um chomhar'). Ar na cláir sin tá dhá chlár a bhaineann le Tuaisceart Éireann agus lena dtacaítear le comhar Thuaidh-Theas faoi "Chomhaontú Aoine an Chéasta" a bhfuil sé ar intinn ag an Aontas leanúint díobh fiú má tharraingíonn an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas gan comhaontú um tharraingt siar a bheith tagtha i bhfeidhm faoin dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá bharr sin, níor cheart an Rialachán seo a bheith teoranta don dá chlár um chomhar sin.
(3)Tá an dá chlár um chomhar lena mbaineann á rialú go háirithe le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart a leagan síos leis an Rialachán seo forálacha chun go bhféadfar leanúint den dhá chlár um chomhar sin tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas i gcomhréir leis na Rialacháin sin.
(4)Maidir le Comhlacht na gClár Speisialta AE ('SEUPB') arna bhunú faoin "gComhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann lena mbunaítear comhlachtaí cur chun feidhme" arna shíniú an 8 Márta 1999 (Comhaontú na Breataine–na hÉireann an 8 Márta 1999), is faoin gcomhlacht sin atá na cláir um chomhar déthaobhach PEACE agus Éire-An Ríocht Aontaithe. De bhrí go mbaineann an dá chlár um chomhar le Tuaisceart Éireann, ba cheart dóibh leanúint de na forálacha comhlántacha is gá.
(5)Chun críocha leanúint de na cláir sin, ba cheart a shoiléiriú, gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán (AE) 1299/2013 go bhféadfaidh sé go gcumhdóidh na cláir um chomhar lena mbaineann na réigiúin rannpháirteacha sa Ríocht Aontaithe, réigiúin ar cheart iad a bheith coibhéiseach le réigiúin leibhéal NUTS 3.
(6)Chun na críocha go leanfaidh na cláir sin agus maoiniú á fháil acu ó bhuiséad ginearálta an Aontais, ba cheart comhaontú riaracháin a thabhairt i gcrích le héifeacht ón dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, idir an Coimisiún agus údaráis na Ríochta Aontaithe chun gur féidir rialuithe agus iniúchtaí a dhéanamh ar na cláir sin. Mura féidir na rialuithe agus na hiniúchtaí is gá a dhéanamh, ba cheart deis a bheith ag na Ballstáit cur isteach ar sprioc-amanna íocaíochtaí nó íocaíochtaí a chur ar fionraí agus ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, mar a leagtar síos in Airteagail 83, 142, 144 agus 145 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.
(7)I gcomhréir le hAirteagal 76 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, leanfaidh na cinntí ón gCoimisiún, arna leasú le Cinneadh C (2015)5126 an 26 Iúil 2018, agus clár Interreg VA C(2015)890 an 12 Feabhra 2015, arna leasú le C(2016)1547 an 10 Márta 2016, cinntí lena ndéantar clár PEACE IV C(2018)8564 an 30 Samhain 2015 a fhormheas, de bheith ina gcinntí airgeadais de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais agus dá bharr sin ina ngealltanas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin sin. Na hoibleagáidí airgeadais a ghlac an Ríocht Aontaithe uirthi féin ina cáil mar Bhallstát agus a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla an Aontais, beidh dliteanas fós uirthi maidir lena íoc.
(8)Scoirfidh an Ríocht Aontaithe, ón dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu, de bheith ina cuid 'de cuid an Aontais de limistéar an chláir' de réir bhrí Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013. Dá bharr sin, ba cheart na forálacha maidir le hincháilitheacht oibríochtaí a ghlacadh ag braith ar láthair.
(9)Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin i gcás nach mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50 (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha chun dul i ngleic le hiarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas i gcás nach mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus maidir le leanúint den dá chlár um chomhar seo a leanas a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ('cláir um chomhar') a mbeidh an Ríocht Aontaithe páirteach iontu ('na cláir um chomhar'):
(1)PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe);
(2)An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann-Albain).
Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 d'fheidhm a bheith aige maidir leis na cláir um chomhar faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Cumhdach geografach
Gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán (AE) 1299/2013 féadtar go gcumhdóidh na cláir um chomhar na réigiúin rannpháirteacha sa Ríocht Aontaithe, a bheidh coibhéiseach le Réigiúin leibhéal NUTS 3.
Airteagal 3
Údaráis chláir
De mhaolú ar Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013,
–Comhlacht na gClár Speisialta AE atá ina óstach ar údarás bainistíochta agus údarás deimhniúcháin an Chláir PEACE Ireland-UK agus an Chláir Éire-An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann agus Albain), leanfaidh sé dá chuid feidhmeanna a fheidhmiú;
–leanfaidh Roinn Airgeadais Thuaisceart Éireann de bheith ina húdarás iniúchóireachta ar na cláir sin.
Airteagal 4
Inniúlachtaí an Choimisiúin maidir le rialuithe
Déanfar cur i bhfeidhm na rialacha maidir le rialuithe agus iniúchadh ar na cláir sin a chomhaontú idir an Coimisiún agus údaráis na Ríochta Aontaithe. Cumhdófar leis na rialuithe agus na hiniúchtaí tréimhse iomlán na gclár um chomhar.
Mura féidir rialú agus iniúchadh na gclár a fhorghníomhú sna réigiúin lena mbaineann, measfar gur easnamh thromchúiseach sa chóras bainistíochta agus rialaithe a bheidh ann chun críocha na mbeart a leagtar síos in Airteagail 83, 142, 144 agus 145 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.
Airteagal 5
Incháilitheacht oibríochtaí atá ag brath ar shuíomh
Ní bheidh feidhm ag an uasteorainn a leagtar amach in Airteagal 20(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 maidir leis na cláir um chomhar.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm leis ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, má bhíonn comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(2) den Chomhaontú ar an gComhaontas Eorpach tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha sonracha chun cláir um chomhar críochach Eorpach a bhainistiú i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.
1.3.Forais an togra/tionscnaimh
1.3.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm leis ón dáta tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus inti de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, má bheidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin
1.3.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain chomhordúcháin, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
1.3.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.3.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Tá an Rialachán seo comhoiriúnach leis an CAI. Níl aon tionchar airgeadais i gceist leis.
1.3.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Níl aon tionchar airgeadais ag an Rialachán seo. Maoineofar ranníocaíocht an Aontais i leith na gclár trí bhuiséad ginearálta an Aontais.
1.4.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige
–Níl aon tionchar airgeadais i gceist le X
1.5.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–◻ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
X Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí sin a mhaolú
2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
13
|
13.03.64.01 - Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Comhar Críochach Eorpach (CCE)
|
Difr
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–X
Níl aon tionchar airgeadais ag an Rialachán seo.
◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
EUR
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
13
|
|
|
|
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
Blianta dá héis
|
IOMLÁN
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí a chur ar ceal
|
|
|
|
|
|
|
|
13.03.64.01 - Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Comhar Críochach Eorpach (CCE)
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
|
Gealltanais
|
=1a+1b +3
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b
+3
|
|
|
|
|
|
|
|
• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 13
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
|
|
|
|
|
|
|
Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:
• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
5
|
"Caiteachas riaracháin"
|
Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a iontráladh ar dtús san
Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo
(Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
Ard-Stiúrthóireacht: <…….>
|
• Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
ASCHUIR
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain N+2
|
Bliain N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 01/11/21 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 01/11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 04 bb
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dtoscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 02/12/22 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 02/12 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–X
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
–◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.
–◻
is gá athbhreithniú ar CAI.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–X ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–X
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
–
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻
ar acmhainní dílse
–◻
ar ioncam eile
–má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin X
EUR
I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).