AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 13.11.2018
COM(2018) 744 final
2018/0385(COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh [arna leasú le Treoir 2018/XXX/AE] agus Rialachán (AE) 2018/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Rialachas an Aontais Fuinnimh] a oiriúnú de dhroim tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
I bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach tá gá leis an togra seo le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena noiriúnaítear Treoir 2012/27/AE [arna leasú le Treoir 2018/XXX/AE] maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus Rialachán (AE) 2018/XXX [Rialachas an Aontais Fuinnimh].
An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá réir sin, mura ndaingneofar comhaontú um tharraingt siar ina leagfar síos dáta eile, scoirfidh dlí uile an Aontais, an dlí príomhúil agus an dlí tánaisteach araon, d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe an 30 Márta 2019, 00:00u (Am Lár na hEorpa) (“dáta an tarraingt siar”). Táthar i mbun caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe d’fhonn teacht ar chomhaontú um tharraingt siar.
Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, féadfaidh an Chomhairle Eorpach a chinneadh d’aon ghuth, agus i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, go scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu tráth níos déanaí.
Leis an togra seo, cumhdaítear Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh [arna leasú le Treoir 2018/XXX/AE] agus Rialachán (AE) 2018/XXX [Rialachas an Aontais Fuinnimh]. Cumhdaítear 28 mBallstát (“AE28”) sna figiúirí tomhaltais fuinnimh do 2030 a thugtar sa dá ghníomh dlí.
Is é 32.5 %, ar a laghad, sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030 a leagtar síos le Treoir 2012/27/AE, arna leasú le Treoir 2018/XXX/AE, agus ceanglaítear le Treoir 2012/27/AE ar na Ballstáit rannchuidithe táscacha náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh a shocrú. Agus é sin á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit tomhaltas fuinnimh an Aontais do 2030 a chur san áireamh. Le Rialachán (AE) 2018/XXX [Rialachas an Aontais Fuinnimh], ceanglaítear ar na Ballstáit tomhaltas fuinnimh an Aontais do 2030 a chur san áireamh sa phróiseas lena socraítear a rannchuidiú i leith spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030. Tá tomhaltas fuinnimh ar leibhéal an Aontais ábhartha, freisin, don mheasúnú ón gCoimisiún Eorpach ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo spriocanna an Aontais a ghnóthú le chéile.
Is é 32.5 %, ar a laghad, príomhsprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030 agus, leis an Treoir athbhreithnithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, sloinntear an phríomhsprioc sin i luachanna absalóideacha nach mó ná 1 273 Mtoe de thomhaltas fuinnimh phríomhúil agus nach mó ná 956 Mtoe de thomhaltas fuinnimh deiridh le haghaidh Aontas ina bhfuil 28 mBallstát. Ríomhtar na luachanna sin trí réamh-mheastacháin chás tagartha PRIMES 2007 le haghaidh an Aontais in 2030 a laghdú 32.5 %. Is é atá sna réamh-mheastacháin le haghaidh AE27, gan an Ríocht Aontaithe a áireamh, leibhéil tomhaltais fuinnimh absalóideacha nach mó ná 1 128 Mtoe de thomhaltas fuinnimh phríomhúil agus nach mó ná 846 Mtoe de thomhaltas fuinnimh deiridh in 2030 faoi seach.
Mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, ní mór figiúirí tomhaltais fuinnimh an Aontais do 2030 a choigeartú do chás 27 mBallstát. Tá an tathrú sin bunaithe ar na bunfhigiúirí samhla fuinnimh céanna agus, dá réir sin, is féidir a mheas gur oiriúnú teicniúil é.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) agus Airteagal 194(2) de, an bunús dlí leis an togra. Is é sin an bunús dlí freisin le Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh [arna leasú le Treoir 2018/XXX/AE] agus Rialachán (AE) 2018/XXX [Rialachas an Aontais Fuinnimh] arna leasú leis an togra seo. Is iomchuí an Conradh a úsáid toisc go bhfuil bunús dlí sonrach ann i gcomhair cúrsaí fuinnimh.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Urramaítear prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta go hiomlán. Tá gá le gníomhaíocht ón Aontas faoi phrionsabal na coimhdeachta (Airteagal 5(3) CAE) mar go mbaineann sé le hoiriúnaithe ar ghníomhartha dlí ar achtaigh an tAontas iad.
•Comhréireacht
Leis an togra, urramaítear prionsabal na comhréireachta (Airteagal 5(4) CAE) mar nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir arna shaothrú a ghnóthú. Leis na leasuithe atá beartaithe ar an gcreat reachtach reatha, déanfar é a oiriúnú do chreat ama 2030 agus áiritheofar comhsheasmhacht. Tá raon feidhme na neilimintí atá beartaithe teoranta do na gnéithe sin a bhfuil gá le gníomhaíocht ón Aontas ina leith.
•An rogha ionstraime
Leasaítear leis an togra seo Treoir atá ann cheana agus Rialachán atá ann cheana, agus, dá bhrí sin, is Cinneadh leasaitheach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ionstraim iomchuí.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Ós rud é gur de chineál teicniúil amháin é an togra seo agus nach bhfuil aon roghanna polaitiúla ann, ní bheadh ciall leis dul i mbun comhairliúcháin le páirtithe leasmhara ná measúnuithe tionchair a dhéanamh.
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
N/B
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht buiséadach ag an togra.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
Ós rud é gur de chineál teicniúil amháin é an togra seo, níl gá le doiciméid mhíniúcháin faoin trasuí.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
N/B
2018/0385 (COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh [arna leasú le Treoir 2018/XXX/AE] agus Rialachán (AE) 2018/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Rialachas an Aontais Fuinnimh] a oiriúnú de dhroim tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) agus Airteagal 194(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá réir sin, mura leagfar síos dáta eile i gcomhaontú um tharraingt siar, nó mura ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, dáta eile a leagan síos d’aon ghuth, scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019. As sin amach, beidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír.
(2)Le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, arna leasú le Treoir 2018/XXX/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit rannchuidithe táscacha náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh a shocrú i leith sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 32.5 % ar a laghad a bheith ag an Aontas in 2030. Agus é sin á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit tomhaltas fuinnimh an Aontais do 2030 a chur san áireamh.
(3)Le Rialachán (AE) 2018/XXX [Rialachas an Aontais Fuinnimh], ceanglaítear ar na Ballstáit tomhaltas fuinnimh an Aontais do 2030 a chur san áireamh sa phróiseas lena socraítear a rannchuidiú i leith spriocanna an Aontais i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh. Tá tomhaltas fuinnimh ar leibhéal an Aontais ábhartha, freisin, don mheasúnú ón gCoimisiún ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo spriocanna an Aontais a ghnóthú le chéile.
(4)Mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, is gá na figiúirí tomhaltais fuinnimh réamh-mheasta don Aontas Eorpach in 2030 a oiriúnú go teicniúil chun Aontas ina bhfuil 27 mBallstát (“AE27”) a léiriú. Léirítear sna réamh-mheastacháin a rinneadh ar an bpríomhsprioc éifeachtúlachta fuinnimh 32.5 % ar a laghad atá ag an Aontas, gur cheart tomhaltas fuinnimh phríomhúil a bheith cothrom le 1 273 milliún tona de choibhéis ola (Mtoe) agus gur cheart tomhaltas fuinnimh deiridh a bheith cothrom le 956 Mtoe do 2030 le haghaidh Aontas ina bhfuil 28 mBallstát. Léirítear sna réamh-mheastacháin choibhéiseacha le haghaidh AE27, gan an Ríocht Aontaithe a áireamh, gur cheart tomhaltas fuinnimh phríomhúil a bheith cothrom le 1 128 Mtoe agus gur cheart tomhaltas fuinnimh deiridh a bheith cothrom le 846 Mtoe in 2030. Dá bharr sin, ní mór na figiúirí do na leibhéil tomhaltais fuinnimh in 2030 a oiriúnú.
(5)Tá na réamh-mheastacháin chéanna ar an tomhaltas fuinnimh in 2030 ábhartha freisin d’Airteagal 6 agus Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/XXX [Rialachas an Aontais Fuinnimh].
(6)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2012/27/AE [arna leasú le Treoir 2018/XXX/AE] agus Rialachán (AE) 2018/XXX [Rialachas an Aontais Fuinnimh] a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 3 de Threoir 2012/27/AE [arna leasú le Treoir 2018/XXX/AE], cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5. Socróidh gach Ballstát rannchuidithe táscacha náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh i leith spriocanna an Aontais do 2030 dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Treoir seo i gcomhréir le hAirteagal [4] agus Airteagal [6] de Rialachán (AE) 2018/XXX [Rialachas an Aontais Fuinnimh]. Nuair a bheidh na rannchuidithe sin á socrú, cuirfidh na Ballstáit san áireamh nach bhféadfaidh tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 a bheith níos mó ná 1 128 Mtoe i gcás fuinneamh príomhúil agus/nó nach bhféadfaidh sé a bheith níos mó ná 846 Mtoe i gcás fuinneamh deiridh. Cuirfidh na Ballstáit na rannchuidithe sin in iúl don Choimisiún mar chuid dá bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear sa nós imeachta de bhun Airteagal [3] agus Airteagal [7] go hAirteagal [12] de Rialachán (AE) 2018/XXX [Rialachas an Aontais Fuinnimh], agus i gcomhréir leis an nós imeachta sin.”
Airteagal 2
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/XXX [Rialachas an Aontais Fuinnimh] mar seo a leanas:
(a)Sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1):
(i)cuirtear “1 128 Mtoe” in ionad an fhigiúir “1 273 Mtoe”;
(ii)cuirtear “846 Mtoe” in ionad an fhigiúir “956 Mtoe”.
(b)In Airteagal 29(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, mar chuid den mheasúnú ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn atá á dhéanamh le chéile i dtreo tomhaltas fuinnimh uasta 1 128 Mtoe i gcás fuinneamh príomhúil, agus 846 Mtoe i gcás fuinneamh deiridh, a ghnóthú ar leibhéal an Aontais in 2030 i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Threoir 2012/27/AE [arna leasú le Treoir 2018/XXX/AE].”
Airteagal 3
Tá Airteagal 1 agus Airteagal 2 den Chinneadh seo gan dochar don teorainn ama dá bhforáiltear in Airteagal 28 de Threoir 2012/27/AE [arna leasú le Treoir 2018/XXX/AE] agus Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2018/XXX [Rialachas an Aontais Fuinnimh].
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.
Arna dhéanamh in Strasbourg,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán