Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0498

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus lena gceartaítear an Rialachán sin a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    COM/2018/498 final

    An Bhruiséil,28.6.2018

    COM(2018) 498 final

    2018/0265(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus lena gceartaítear an Rialachán sin a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Is é is cuspóir don togra seo an méid acmhainní atá ar fáil le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a leagtar amach in Airteagal 91(1) agus Airteagal 92(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 1 , agus an miondealú bliantúil ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (oibleagáidí) a léirítear in Iarscríbhinn VI, a chur in oiriúint d’fhonn athruithe sa chláreagrú airgeadais maidir leis an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (‘TFAO’) a chur san áireamh. Go sonrach, i gcomhréir leis an mbuiséad a glacadh maidir le 2018, ba cheart EUR 116.7 milliún a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don leithdháileadh sonrach ar TFAO, rud a d’fhágfadh go mbeadh EUR 350 milliún ann ar an iomlán in 2018. Rinneadh na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don bhliain 2020 a choigeartú chun an tús-ualú ar 2018 a chur san áireamh.

    Lena chois sin, is gá roinnt earráidí a cheartú maidir leis na méideanna agus na céatadáin a bhaineann leis na hacmhainní do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a leagtar amach i bpointe (2)(a) d’Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2017/2305, lena leasaítear Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Is de thoradh chinneadh buiséadach 2018 atá ann don togra seo.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra comhsheasmhach le tograí agus le tionscnaimh eile a ghlac an Coimisiún Eorpach.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Cuireadh tús-ualú na nacmhainní don leithdháileadh sonrach ar an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (‘TFAO’) i mbuiséad 2018 san áireamh san athbhreithniú.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

    Comhréireacht

    Ní théann an togra thar na coigeartuithe teicniúla is gá a dhéanamh.

    An rogha ionstraime

    An ionstraim atá beartaithe: leasú ar an rialachán atá ann faoi láthair.

    Tá iniúchadh déanta ag an gCoimisiún i dtaobh na ndeiseanna atá ann faoin gcreat dlíthiúil agus tá sé den tuairim gur gá Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Ní dhearnadh aon mheastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Ní raibh aon chomhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha ann.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Níor ghá saineolas seachtrach a úsáid.

    Measúnú tionchair

    Neamhbhainteach.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Ní tionscnamh faoin gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) an clár seo.

    Cearta bunúsacha

    Níl aon impleachtaí ag an togra seo do chosaint na gceart bunúsach.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Tá athrú ar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas toisc tús-ualú a bheith déanta ar an leithdháileadh sonrach ar TFAO. Ba cheart EUR 116.7 milliún i bpraghsanna reatha a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don bhliain 2018 agus ba cheart an tsuim chéanna a dhealú de leithreasuithe 2020.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Neamhbhainteach.

    Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

    Neamhbhainteach.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Is é is cuspóir don togra seo an méid acmhainní atá ar fáil le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a leagtar amach in Airteagal 91(1) agus Airteagal 92(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, agus an miondealú bliantúil ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a léirítear in Iarscríbhinn VI, a chur in oiriúint d’fhonn athruithe sa chláreagrú airgeadais maidir leis an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (‘TFAO’) a chur san áireamh. Go sonrach, i gcomhréir leis an mbuiséad a glacadh maidir le 2018, ba cheart EUR 116.7 milliún a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don leithdháileadh sonrach ar TFAO, rud a d’fhágfadh go mbeadh EUR 350 milliún ann ar an iomlán in 2018. Rinneadh na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don bhliain 2020 a choigeartú chun an tús-ualú ar 2018 a chur san áireamh.

    Lena chois sin, is gá roinnt earráidí a cheartú maidir leis na méideanna agus na céatadáin a bhaineann leis na hacmhainní do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a leagtar amach i bpointe (2)(a) d’Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2017/2305, lena leasaítear Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

    Seo a leanas atá in Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/2305:

    “1. Is é a bheidh sna hacmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 96,09 % de na hacmhainní foriomlána (i.e., EUR 317 103 114 309 ar an iomlán) agus leithdháilfear iad mar a leanas:

    (a) 48,64 % (i.e., EUR 160 498 028 177 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha;

    (b) 10,19 % (i.e., EUR 33 621 675 154 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin trasdula;

    (c) 15,43 % (i.e., EUR 50 914 723 304 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin níos forbartha;

    (d) 20,01 % (i.e., EUR 66 029 882 135 ar an iomlán) le haghaidh Ballstáit a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe;

    (e) 0,42 % (i.e., EUR 1 378 882 914 ar an iomlán) mar chistiú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.”;

    Is é seo a leanas ba cheart a bheith san fhoráil sin agus ba cheart í a cheartú, dá bhrí sin:

    “1. Is é a bheidh sna hacmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 96,09 % de na hacmhainní foriomlána (i.e., EUR 317 073 545 392 ar an iomlán) agus leithdháilfear iad mar a leanas:

    (a) 51,52 % (i.e., EUR 163 359 380 738 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha;

    (b) 10,82 % (i.e., EUR 34 319 221 039 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin trasdula;

    (c) 16,33 % (i.e., EUR 51 773 321 432 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin níos forbartha;

    (d) 20,89 % (i.e., EUR 66 236 030 665 ar an iomlán) le haghaidh Ballstáit a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe;

    (e) 0,44 % (i.e., EUR 1 385 591 518 ar an iomlán) mar chistiú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.”

    2018/0265 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus lena gceartaítear an Rialachán sin a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 2 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 3 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Is é a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 na rialacha coiteanna agus ginearálta is infheidhme maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

    (2)Le Rialachán (AE) 2017/2305 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, mar aon le rialacháin eile, a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní a leithdháiltear le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach.

    (3)Le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir leis an mbliain airgeadais 2018 6 , leasaíodh an cláreagrú airgeadais maidir leis an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (‘TFAO’) trí EUR 116.7 milliún i bpraghsanna reatha a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (oibleagáidí) maidir leis an leithdháileadh sonrach do TFAO agus méid foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do TFAO don bhliain 2018 a ardú go EUR 350 milliún i bpraghsanna reatha.

    (4)Is gá méid na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don bhliain 2020 a ísliú dá réir chun an tús-ualú ar 2018 a chur san áireamh. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir sin.

    (5)Nuair a rinneadh Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú le Rialachán (AE) 2017/2305, bhí sonraí airgeadais áirithe a leagtar amach in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/2305 mícheart. Ba cheart na sonraí cearta a chur in ionad na sonraí airgeadais sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a cheartú dá réir sin.

    (6)I bhfianaise cé chomh práinneach agus atá sé na cláir a thacaíonn le TFAO a leasú, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

    (1)in Airteagal 91, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1. Is EUR 329 982 345 366, i bpraghsanna 2011, a bheidh sna hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach i leith na tréimhse 2014 – 2020, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, arb ionann EUR 325 938 694 233 de agus na hacmhainní foriomlána arna leithdháileadh ar CFRE, ar CSE agus ar an gCiste Comhtháthaithe agus arb ionann EUR 4 043 651 133 de agus leithdháileadh sonrach do TFAO. Ar mhaithe lena gcláreagrú agus lena gcuimsiú ina dhiaidh sin i mbuiséad an Aontais, déanfar méid na nacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a innéacsú de réir 2 % in aghaidh na bliana.”;

    (2)in Airteagal 92, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5. Is é a bheidh sna hacmhainní do TFAO EUR 4 043 651 133 ón leithdháileadh sonrach i leith TFAO agus EUR 4 043 651 133 ar a laghad ó infheistíocht spriocdhírithe CSE.”;

    (3)Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI.

    Airteagal 2

    Ceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

    in Airteagal 92, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1. Is é a bheidh sna hacmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 96.09 % de na hacmhainní foriomlána (is é sin le rá, EUR 317 073 545 392 ar an iomlán) agus leithdháilfear iad mar a leanas:

    (a) 51.52 % (is é sin le rá, EUR 163 359 380 738 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha;

    (b) 10.82 % (is é sin le rá, EUR 34 319 221 039 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin trasdula;

    (c) 16.33 % (is é sin le rá, EUR 51 773 321 432 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin níos forbartha;

    (d) 20.89 % (is é sin le rá, EUR 66 236 030 665 ar an iomlán) le haghaidh Ballstáit a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe;

    (e) 0.44 % (is é sin le rá, EUR 1 385 591 518 ar an iomlán) mar chistiú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.”.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán



    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

    1.4.Cuspóirí

    1.5.Foras an togra/tionscnaimh

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus lena gceartaítear an Rialachán sin a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 7  

    4 Fostaíocht, gnóthaí sóisialta agus cuimsiú

    04 02 60 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    04 02 61 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    04 02 62 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    04 02 64 – An Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO)

    13 Beartas réigiúnach agus uirbeach

    13 03 60 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 03 61 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 03 62 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 03 63 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí agus is lú daonra – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 03 64 01 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

    13 04 60 – An Ciste Comhtháthaithe – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

     Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

     Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 8  

     Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

     Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    Neamhbhainteach

    1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Cuspóir sonrach Uimh.

    Neamhbhainteach

    Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Neamhbhainteach

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Neamhbhainteach

    1.4.4.Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

    Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    Neamhbhainteach

    1.5.Foras an togra/tionscnaimh

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Neamhbhainteach

    1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

    Neamhbhainteach

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    Neamhbhainteach

    1.5.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

    Neamhbhainteach

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

       Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 01/01/2017 go dtí an 31/12/2023

       Tionchar airgeadais ó 2017 go 2020

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 9  

     Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

    ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

       trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

    comhlachtaí dlí phoiblí;

    comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

    Nótaí

    Neamhbhainteach

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

    Neamhbhainteach

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.Na rioscaí a aithníodh

    Neamhbhainteach

    2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

    Neamhbhainteach

    2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

    Neamhbhainteach

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Neamhbhainteach

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    ·Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir
    [Ceannteideal………………………...……………]

    LD/LN 10 .

    ó thíortha de chuid CSTE 11

    ó thíortha is iarrthóirí 12

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    1 Fás cliste agus cuimsitheach

    04 02 60 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    04 02 61 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    04 02 62 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    04 02 64 – An Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO)

    13 03 60 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 03 61 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 03 62 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 03 63 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí agus is lú daonra – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 03 64 01 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

    13 04 60 – An Ciste Comhtháthaithe – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    LD

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    ·Línte nua buiséid atá á niarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir
    [Ceannteideal………………………...……………]

    LD/LN

    ó thíortha de chuid CSTE

    ó thíortha is iarrthóirí

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    [XX.YY.YY.YY]

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    Ba cheart EUR 116.7 milliún i bpraghsanna reatha a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas maidir leis an leithdháileadh sonrach ar TFAO don bhliain 2018 agus ba cheart an tsuim chéanna a dhealú de leithreasuithe 2020. Rinneadh na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a choigeartú dá réir.

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    EUR i bpraghsanna reatha

    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil

    Uimhir

    1

    Fás Cliste agus Cuimsitheach

    Ard-Stiúrthóireacht: EMPL, REGIO

    2014

    2015

    2016

    2017

    2018 13

    2019

    2020

    IOMLÁN

    •Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    1b: Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

    Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe

    Gealltanais

    04 02 60 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    04 02 61 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    04 02 62 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    04 02 64 – An Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO)

    13 03 60 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 03 61 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 03 62 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 04 60 – An Ciste Comhtháthaithe – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    (1)

    237 320 881

    251 466 089

    87 329 881

    500 000 000

    237 320 880

    251 466 089

    87 329 881

    -26 071 285

    242 067 299

    256 495 412

    89 076 479

    350 000 000

    242 067 299

    256 495 411

    89 076 479

    -26 592 711

    246 908 645

    261 625 320

    90 858 008

    233 333 333

    246 908 645

    261 625 320

    90 858 009

    -27 124 565

    251 846 817

    266 857 826

    92 675 169

    116 666 667

    251 846 645

    266 857 826

    92 675 168

    -27 667 056

    978 143 642

    1 036 444 647

    359 939 537

    1 200 000 000

    978 143 469

    1 036 444 646

    359 939 537

    -107 455 617





    Íocaíochtaí

    04 02 60 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    04 02 61 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    04 02 62 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    04 02 64 – An Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO)

    13 03 60 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 03 61 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 03 62 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 03 63 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí agus is lú daonra – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    13 03 64 01 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

    13 04 60 – An Ciste Comhtháthaithe – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

    (2)

    85 000.000

    25 285 013

    26 792 094

    9 304 437

    329 000 000

    25 285 013

    26 792 094

    9 304 437

    -2 777 728

    50 887 923

    53 921 033

    18 725 854

    231 000 000

    50 887 923

    53 921 033

    18 725 854

    -5 590 378

    108 495 693

    114 962 440

    39 924 494

    175 000 000

    108 495 693

    114 962 440

    39 924 493

    -11 918 977

    184 668 629

    195 675 567

    67 954 785

    820 000 000

    184 668 629

    195 675 567

    67 954 785

    -20 287 083

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach 14  

    Neamhbhainteach

    (3)

    IOMLÁN leithreasuithe
    i gcomhair Ard-StiúrthóireachtEMPL, REGIO

    Gealltanais

    =1+1a +3

    1 626 162 416

    1 498 685 668

    1 404 992 715

    1 311 759 062

    5 841 599 861

    Íocaíochtaí

    =2+2a

    +3

    85 000 000

    448 985 360

    472 479 242

    689 846 276

    1 696 310 879



    IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    Íocaíochtaí

    (5)

    0

    •IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

    (6)

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDEAL 1
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    =4+ 6

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    0

    0




    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

    •IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

    •IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
    den chreat airgeadais ilbhliantúil
    (Méid tagartha)

    Gealltanais

    =4+ 6

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    0

    0



    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil

    5

    “Caiteachas riaracháin”

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

    •Acmhainní daonna

    •Caiteachas riaracháin eile

    IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>

    Leithreasuithe

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N 15

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    Íocaíochtaí

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Éilíonn an togra/tionscnamh go n úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    Leithreasuithe gealltanais in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    ASCHUIR

    Saghas 16

    Meánchostas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 17 ...

    - Aschur

    - Aschur

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 ...

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

    COSTAS IOMLÁN

    3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.3.1.Achoimre

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N 18

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas riaracháin eile

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 19
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas eile
    de chineál riaracháin

    Fo-iomlán
    lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    IOMLÁN

    Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.    

    3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain N+2

    Bliain N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    • Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

    10 01 05 01 (Taighde díreach)

    Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 20

    XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

    XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

    XX 01 04 yy  21

    - sa cheanncheathrú

    - toscaireachtaí

    XX 01 05 02 (CA, SNE, INT - taighde indíreach)

    10 01 05 02 (CA, INT, SNE - taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Pearsanra seachtrach

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

       Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

       Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

    Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

    IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    ar acmhainní dílse

    ar ioncam ilghnéitheach

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 22

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá “sannta”, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    (1)    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2017/2305 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hathruithe ar na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus ar na hacmhainní le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 335, 15.12.2017, lch. 1).
    (2)    IO C […], […], lch. […].
    (3)    IO C […], […], lch. […].
    (4)    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).
    (5)    Rialachán (AE) 2017/2305 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hathruithe ar na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus ar na hacmhainní le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 335, 15.12.2017, lch. 1).
    (6)    IO L 57, 28.2.2018, lch. 1.
    (7)    ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
    (8)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (9)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
    (10)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (11)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (12)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
    (13)    I gcomhréir le hAirteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, déanfar an réamh-mhaoiniú a dhlisteanú (a imréiteach) le caiteachas ó TFAO arna dhearbhú faoin 31/12/2018.
    (14)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (15)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
    (16)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
    (17)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. “Cuspóirí sonracha...”.
    (18)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
    (19)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (20)    CA = Ball foirne ar conradh; LA = Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT = Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
    (21)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte “BA”).
    (22)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top

    An Bhruiséil,28.6.2018

    COM(2018) 498 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus lena gceartaítear an Rialachán sin a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post


    “IARSCRÍBHINN VI

    MIONDEALÚ BLIANTÚIL AR LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS DO NA BLIANTA 2014 GO 2020

    Próifíl bhliantúil choigeartaithe (lena náirítear breisiú TFAO)

    2014

    2015

    2016

    2017

    EUR, praghsanna 2011

    34 108 069 924

    55 725 174 682

    46 044 910 736

    48 027 317 164

    2018

    2019

    2020

    Iomlán

    EUR, praghsanna 2011

    48 341 984 652

    48 712 359 314

    49 022 528 894

    329 982 345 366

    Top