EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0460

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta

COM/2018/460 final

An Bhruiséil,14.6.2018

COM(2018) 460 final

2018/0243(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta

{SEC(2018) 310 final}
{SWD(2018) 337 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí

An togra seo, tá sé ar chuid den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021–2027 a leagtar amach sa Teachtaireacht “Buiséad Nua-aimseartha le haghaidh Aontas a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn – an Creat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027” 1 ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Leagtar síos sa Teachtaireacht na príomhthosaíochtaí agus an creat buiséadach foriomlán le haghaidh cláir ghníomhaíochta seachtraí an Aontais faoin gceannteideal ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’, lena náirítear bunú na hIonstraime um Chomharsanacht, um Fhorbairt agus um Chomhar Idirnáisiúnta.

Is é cuspóir ginearálta na hIonstraime maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta leasanna agus luachanna an Aontais a chumhdach agus a chur chun cinn ar fud an domhain chun cuspóirí agus prionsabail ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a shaothrú, mar a leagtar síos in Airteagal 3(5), Airteagal 8 agus Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

Tá méadú tagtha ar na dúshláin nach mór dul i ngleic leo le gníomhaíocht sheachtrach le blianta beaga anuas. Tá méadú ar an leochaileacht ina saintréith den domhan, leochaileacht i ngeall ar roinnt géarchéimeanna i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh agus níos faide i gcéin. Tá coinbhleachtaí réigiúnacha, sceimhlitheoireacht, neamhionannais eacnamaíocha agus brúnna imirce, ar fad mar chuid den leagan amach nua seo ar an saol, agus an fás ar an daonra, an tathrú aeráide agus díghrádú comhshaoil ag cur leis an bhfadhb. San am céanna, agus cé gur tháinig laghdú ar leibhéil na bochtaineachta ar fud an domhain, tá líon na ndaoine atá beo bocht fós ina fhadhb mhór, sna geilleagair atá ag teacht chun cinn san áireamh. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag comhpháirtithe áirithe, tá cinn eile fós sáite i gcásanna leochaileacha.

I gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020, tá roinnt ionstraimí tugtha le chéile faoin gceannteideal “An Eoraip Dhomhanda”, agus rachaidh a bhformhór in éag an 31 Nollaig 2020. Tá cuspóirí éagsúla ag gach ceann faoi seach faoi chuspóirí leathana ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena náirítear:

laghdú ar an mbochtaineacht agus forbairt inbhuanaithe (Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 lena mbunaítear an Ionstraim le haghaidh Comhar um Fhorbairt),

leasanna straitéiseacha an Aontais a chur chun cinn (Rialachán 234/2014 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomhpháirtíocht),

cúnamh do chomharsanacht an Aontais (Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 lena mbunaítear an Ionstraim Eorpach Comharsanachta),

cosaint chearta an duine (Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 lena mbunaítear an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine ar fud an domhain),

freagairt ar ghéarchéimeanna, gníomhaíochtaí maidir le coinbhleachtaí a chosc agus cothaithe síochána i dtíortha comhpháirtíochta (Rialachán 230/2014 lena mbunaítear an Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin),

ardleibhéal sábháilteachta núicléach a chur chun cinn (Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach),

tacaíocht maidir le staid airgeadais inbhuanaithe a athbhunú agus leasuithe maidir le coigeartú eacnamaíoch a spreagadh (cúnamh macra-airgeadais) 2 ,

tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide i dtríú tíortha spriocdhírithe agus d’fhorbairt bonneagair shóisialta agus eacnamaíoch do thionscadail a bhaineann leis an athrú aeráide (Cinneadh (AE) 2018/412 lena leasaítear Cinneadh 466/2014/AE maidir leis an sainordú iasachtaithe seachtraigh),

ciste ráthaíochta le haghaidh gníomhaíochta seachtraí (Rialachán (CE/Euratom) 480/2009), agus

an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe, a Ráthaíocht agus a Chiste Ráthaíochta (Rialachán (AE) 2017/1601).

Tá an Comhrialachán cur chun Feidhme (Rialachán (AE) Uimh. 236/2014) lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú ar tí dul in éag freisin.

Tá an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta 3 , a mhaoinítear faoi láthair lasmuigh de bhuiséad an Aontais, ar cheann de na hionstraimí príomha um maoiniú seachtrach, a rachaidh in éag ag deireadh 2020. Tá sé mar aidhm leis comhar a áirithiú le Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, le páirtithe conarthacha i gComhaontú Comhpháirtíochta Cotonou, agus leis na Tíortha agus na Críocha Thar Lear.

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ‘A new, modern Multiannual Financial Framework for a European Union that delivers efficiently on its priorities post-2020 [Creat Airgeadais Ilbhliantúil úr nua-aimseartha le haghaidh Aontas Eorpach a bhainfidh a thosaíochtaí amach tar éis 2020] 4 , agus mar a baineadh de thátal as sa mheasúnú tionchair 5 atá ag gabháil leis an Rialachán seo, ba cheart na hionstraimí thuasluaite go léir a chuíchóiriú ina ionstraim ghinearálta amháin, cé is moite de dheontais cúnaimh mhacrairgeadais agus cuid den Ionstraim um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach 6 .

Léirigh na hathbhreithnithe agus na meastóireachtaí 7 a rinneadh le déanaí ar na hionstraimí seachtracha a luach breise agus an ábharthacht. Leag siad béim, áfach, ar na deiseanna atá ann chun feabhsuithe a dhéanamh, go háirithe an gá le bealaí oibre a shimpliú agus cur ar chumas an Aontais freagairt d’imthosca gan choinne le tuilleadh solúbthachta. Na ceachtanna a foghlaimíodh, in éineacht leis na dúshláin atá ag teacht chun cinn, spreag siad an Coimisiún chun ailtireacht na nionstraimí airgeadais seachtracha a athrú, agus na gníomhaíochtaí atá á maoiniú faoi láthair ag an gCiste Eorpach Forbraíochta a chuimsiú sa bhuiséad. Tríd an togra seo leanfaidh an tAontas Eorpach de bheith in ann ról gníomhach a bheith aige maidir le cearta an duine, cobhsaíocht, forbairt, slándáil, bunchúiseanna na himirce neamhrialta, trádáil, an comhrac in aghaidh athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil, i measc saincheisteanna eile a chur chun cinn. Mar sin féin, beidh sé in ann é sin a dhéanamh ar bhealach níos cuimsithí agus le níos mó solúbthachta ag an am céanna chun acmhainní a aistriú chuig an áit ina bhfuil gá leo i bhfianaise athruithe ar an gcomhthéacs idirnáisiúnta.

Foráiltear leis togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana

Cuireann an togra seo creat cumasúcháin ar fáil trínar féidir beartais ghníomhaíochta seachtraí agus oibleagáidí idirnáisiúnta a chur chun feidhme. I measc na noibleagáidí idirnáisiúnta tá Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe 8 , Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide 9 , Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa 10 , Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaistí (2015-2030) 11 agus Rún 2282 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le síocháin a chothú 12 . Cuimsítear sa chreat beartais, laistigh den AE, na forálacha den Chonradh a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach, forálacha a bhfuil tuilleadh mionsonraí tugtha ina leith i Straitéis Dhomhanda an Aontais maidir leis an mBeartas Eachtrach agus Slándála 13 , an Comhdhearcadh Eorpach nua maidir leis an bhForbairt 14 , Comhpháirtíocht athnuaite AE-na hAfraice 15 agus an Beartas Comharsanachta Eorpach athbhreithnithe 16 , i measc doiciméid bheartais eile 17 . Beidh an Rialachán ina chreat freisin chun comhpháirtíocht comharba a chur chun feidhme i leith Chomhaontú Cotonou reatha 18 , lena mbunaítear comhlachas agus comhpháirtíocht idir baill Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, agus an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheofar comhsheasmhacht le réimsí eile gníomhaíochta seachtraí agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais, in éineacht le leanúnachas beartais i leith na forbartha 19 . Már a léirítear i gClár Oibre 2030, ciallaíonn tionchair na mbeartas uile ar an bhforbairt inbhuanaithe ar gach leibhéal a chur san áireamh – ar an leibhéal náisiúnta, laistigh den Aontas, i dtíortha eile agus ar an leibhéal domhanda.

De bhreis air sin, ba cheart sineirgíochtaí le gníomhaíochtaí le cláir eile de chuid an Aontais a iarraidh chun an tionchar is mó is feidir a bhaint as idirghabhálacha comhcheangailte. Ba cheart go bhfágfadh idirghníomhaíochtaí agus comhlántacht le cláir den sórt sin go mbeidh tionchar feabhsaithe ag an Aontas. Ba cheart bearta arna maoiniú faoin togra seo a bheith ag teacht leo sin a dhéantar faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III, an Ionstraim maidir le Cabhair Dhaonnúil 20 , an Cinneadh maidir le Tíortha agus Críocha Thar Lear 21 , an Ionstraim Eorpach um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta ar bhonn Chonradh Euratom 22 , an comhbheartas eachtrach agus slándála agus an tSaoráid um Shíocháin san Eoraip atá beartaithe le déanaí 23 agus atá maoinithe lasmuigh de bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Ní dhéanfar cúnamh daonnúil mar atá leagtha amach in Airteagal 214 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chistiú faoin togra seo; Leanfar de ghníomhaíochtaí cabhrach daonnúla a mhaoiniú ar bhonn an Rialacháin maidir le Cabhair Dhaonnúil 24 .

Cumhdófar leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, arna maoiniú leis an Rialachán seo agus le IPA III, soláthar cúnaimh mhacra-airgeadais freisin chun dul i ngleic le géarchéimeanna íocaíochtaí i dtíortha ábhartha. Ba cheart foráil a dhéanamh faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha do chúnamh macra-airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin pholaitiúla agus ar éagobhsaíocht eacnamaíocha atá sna tíortha sin, ag tógáil, mar phointe tagartha, méid bliantúil an iasachtaithe arna chomhaontú san Athbhreithniú Meántéarmach ar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020. Ba cheart go mbeadh an tacaíocht seo nach bhfuil in-chlársceidealta comhlántach le rialacha mionsonraithe eile cúnaimh a leagtar síos sa Rialachán seo.

Ba cheart cistiú ón Rialachán seo a úsáid freisin chun gníomhaíochtaí a bhaineann le soghluaisteacht foghlama go tríú tíortha, as tríú tíortha nó eatarthu faoin gclár Erasmus, mar aon le comhar agus idirphlé beartais leis na tíortha sin, a mhaoiniú i gcúrsaí oideachais agus i gcultúr ar bhealach atá comhsheasmhach le Rialachán Erasmus agus le Rialachán Eoraip na Cruthaitheachta.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 209, Airteagal 212 agus Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déanann an Coimisiún é a thíolacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Soláthraítear i gCuid a Cúig, Teideal III, Caibidil 1 agus Caibidil 2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an creat dlí le haghaidh comhair le tíortha comhpháirtíochta agus le réigiúin chomhpháirtíochta.

Coimhdeacht

Tá an tAontas Eorpach in ann cúnamh seachtrach a thabhairt a bhealach nach féidir le haon dream eile ar roinnt cúiseanna. Tá tionchar polaitiúil, agus brú dá réir, aige i ngeall ar a stádas mar eintiteas fornáisiúnta. Tá láithreacht dhomhanda ag an Aontas Eorpach trína thoscaireachtaí, rud a áirithíonn líonra mór faisnéise faoi fhorbairtí a dhéanann difear do thíortha ar fud an domhain. Is páirtí é an tAontas Eorpach freisin i bhformhór na bpróiseas iltaobhach a bhfuil sé mar aidhm acu dul i ngleic le dúshláin dhomhanda. Fágann sin go mbíonn an tAontas Eorpach ar an eolas i gcónaí faoi riachtanais agus fadhbanna nua agus gur féidir leis, dá bhrí sin, acmhainní a ath-leithdháileadh dá réir sin. Tá comhlántachtaí idir gníomhaíocht AE agus na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit ag méadú. Ar an gcaoi sin, cuirtear leis an idirphlé agus leis an gcomhar le tíortha comhpháirtíochta, rud a dhéantar níos mó agus níos mó trí chomh-chlársceidealú leis na Ballstáit.

Ina theannta sin, tá an tAontas Eorpach in ann gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhlánú freisin chun déileáil le cásanna a d’fhéadfadh a bheith contúirteach nó a d’fhéadfadh bheith ag obair i gcás idirghabhálacha an-costasach. I réimsí nach bhfuil na Ballstáit gníomhach, is é tAontas Eorpach a bhíonn mar phríomhghníomhaí, agus uaireanta, an taon ghníomhaí, chun idirghabháil a dhéanamh. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcomhthéacsanna íogaire amhail cosaint chearta an duine agus misin bhreathnadóireachta toghcháin.

Tá deis ag an Aontas Eorpach idirphlé agus comhar a chur ar bun le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí réigiúnacha, mar shampla leis an ngrúpa tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin agus an tAontas Afracach.

Féadfaidh an tAontas Eorpach breisluach a sholáthar bunaithe ar an méid acmhainní a chuirtear ar fáil, trí bhíthin a ionstraimí, a modhanna bainistíochta cuibheasach solúbtha agus intuarthacht acmhainní le linn thréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil.

Tá saineolas suntasach ag an Aontas Eorpach i réimsí áirithe a eascraíonn as stair na hEorpa féin (mar shampla, lánpháirtiú réigiúnach agus aistriú daonlathach) agus as beartais ar éirigh go maith leo (mar shampla saineolas i dtaobh slándála bia a fhaightear tríd an gcomhbheartas talmhaíochta agus tríd an gcomhbheartas iascaigh, agus i gcaighdeáin theicniúla an Mhargaidh Aonair). Tá clú idirnáisiúnta air mar ghníomhaí síochána agus mar ghníomhaí chun coinbhleachtaí a chosc agus ina thacadóir gníomhach ar shaorthoghcháin agus cearta an duine.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an Rialachán beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach.

An rogha ionstraime

I gcomhréir le hAirteagal 209 agus le hAirteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh , a leagann amach an gnáthnós imeachta reachtach le húsáid chun bearta a ghlacadh chun comhar a chur chun feidhme le tríú tíortha, tá an togra i bhfoirm Rialacháin, chun a áirithiú go bhfuil a chur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus go bhfuil sé ceangailteach go hiomlán agus go díreach.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ SIARGHABHÁLACHA, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí siarghabhálacha/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Sa tuarascáil ar an measúnú meántéarma 25 , arna glacadh ag an gCoimisiún maidir le 10 gcinn de na hionstraimí um maoiniú seachtrach 26 , na tuarascálacha meastóireachta ex post ar chúnamh macra-airgeadais agus an tathbhreithniú meántéarma ar shainordú iasachta seachtrach an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta 27 , thángthas ar an gconclúid iontu go léir go raibh na hionstraimí maoinithe seachtracha, ar an iomlán, oiriúnach dá bhfeidhm agus go raibh treochtaí dearfacha ag teacht chun cinn i ndáil le baint amach na gcuspóirí. Léirítear sna tuarascálacha go bhfuil tuilleadh acmhainní ag teastáil i gcomhair ionstraimí um maoiniú seachtrach toisc go bhfuil a dteorainn airgeadais bainte amach acu.

Leagtar amach leis na hionstraimí raon feidhme, cuspóirí agus nósanna imeachta maidir leis na beartais a chur chun feidhme. Léirítear sa tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú gur féidir leo, de bharr a gcineál cumasaithe, formhór na mbeart agus na spriocanna a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a chlúdach. B’fhearr i bhfad an leas a bhainfí astu dá léireofaí forbairtí amhail an méid seo a leanas: an creat beartais nua lena náirítear cumhdach uilíoch Chlár Oibre 2030, géarchéim na himirce/na ndídeanaithe agus síneadh seachtrach na mbeartas inmheánach. Ina theannta sin, ní mór aird a thabhairt níos mó ar na naisc idir forbairt agus slándáil agus an leibhéal foriomlán uaillmhéine maidir le síocháin agus slándáil i ngníomhaíochtaí seachtracha.

Nuair a tugadh isteach prionsabal an ghrádaithe 28 i roinnt ionstraimí (i.e. an Ionstraim le haghaidh Comhar um Fhorbairt), fágadh bearna i gcumas an Aontais dul i gcomhar leis na tíortha ard-mheánioncaim sin trí bhíthin comhar déthaobhach. Ós féidir go mbeidh gá leis an tacaíocht sin sna tíortha sin i gcásanna áirithe (e.g. cásanna iar-ghéarchéime), thángthas ar an gconclúid gur cheart don Aontas Eorpach bealaí nuálacha comhair a fháil, mar a leagtar amach sa Chomhdhearcadh Eorpach nua maidir leis an bhForbairt 29 lena bheith ag obair i gcomhar leis na tíortha i mbéal forbartha atá níos faide chun tosaigh agus le comhpháirtithe straitéiseacha, i gcomhréir le cumhdach uilíoch Chlár Oibre 2030.

Tá cur chun cinn luachanna bunúsacha agus chearta an duine ag croílár na nionstraimí. Os a choinne sin, bhain deacrachtaí leis an gclár oibre sin a chur chun cinn agus a thabhairt ar aghaidh i roinnt tíortha, agus thángthas ar an spás i gcomhair eagraíochtaí na sochaí sibhialta ag cúngú i roinnt mhaith tíortha. Dá bhrí sin, baineann dúshlán lena bheith ag obair ar na saincheisteanna sin agus is léir an teannas atá ann idir an clár oibre maidir le cearta an duine a chur chun cinn agus an clár oibre maidir le leasanna tosaíochta na gcomhpháirtithe féin a chur chun cinn.

Ós rud é go mbíonn a lán géarchéimeanna agus coinbhleachtaí ann faoi láthair, ní mór do AE a bheith in ann freagairt go mear do chúinsí athraitheacha. Mar sin féin, i gcás ionstraimí áirithe, cuireadh bac ar fhreagrúlacht de dheasca easpa solúbthachta airgeadais. Nuair a tháinig tosaíochtaí nua chun cinn amhail an ghéarchéim imirce/dídeanaithe, thángthas ar fhadhbanna nuair a bhíothas ag féachaint le cistí a ath-leithdháileadh laistigh de na hionstraimí faoin mbuiséad mar go raibh méideanna móra gafa i gcláir fhadtéarmacha sa chaoi nach rabhthas in ann corrlach leordhóthanach a lamháil. Mar a dúradh sa tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú, ní mór an tsolúbthacht a mhéadú.

Tá gá le comhsheasmhacht idir codanna de chomhpháirteanna ionstraime, idir ionstraimí éagsúla agus le deontóirí. Ar an iomlán, tá conclúidí éagsúla ó thaobh comhsheasmhachta de sa tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú. Maidir le comhsheasmhacht na nionstraimí, fuarthas go raibh siad sásúil. Bhí leibhéal áirithe comhsheasmhachta idir na hionstraimí ach bhíodh forluí gníomhaíochtaí ann in amanna idir na cláir de bharr a iomadúla a bhí siad, go háirithe sa chomhar casta le tíortha i mbéal forbartha a bhí níos faide chun cinn. Lena chois sin, thagadh easpa comhsheasmhachta sna freagraí ar leibhéal na tíre in amanna as an idirghníomhú idir an cur chuige geografach agus an cur chuige téamach. Léiríodh san aiseolas ó thoscaireachtaí de chuid an Aontais gur dheacair leo comhlántachtaí a bhainistiú agus leas a bhaint astu agus sineirgíochtaí a chruthú idir na hionstraimí. San iomlán, measadh go raibh an tAontas Eorpach ag cur deiseanna amú i dtaca le straitéisí comhordaithe do thír/réigiún ar leith.

Ó thaobh comhsheasmhachta leis na Ballstáit de, fuarthas amach, san athbhreithniú, go bhféadfaí clársceidealú comhpháirteach a neartú a thuilleadh. Mar sin féin, chun é sin a dhéanamh, bheadh gá le tuilleadh tiomantais i gcásanna áirithe ó rialtais na dtíortha comhpháirtíochta agus ó na Ballstáit araon.

Léirítear sa tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú go bhfuil dea-threochtaí ag teacht chun cinn i leith torthaí a bhaint amach. Os a choinne sin, luadh go raibh deacrachtaí ann ó thaobh gnóthachain a thomhas. Is minic gur beag faisnéis a bhíodh ann faoi chórais faireacháin dá dtagraítear sna hionstraimí. Bhí easpa sonraí ann (lena náirítear na bonnlínte) le tomhas i gcás ina raibh na hionstraimí ar an mbóthar ceart chun cuid dá gcuspóirí a ghnóthú (go háirithe na cuspóirí ardleibhéil), agus bhí an tuiscint ann go nimríonn cuid mhór fachtóirí seachtracha (e.g. beartais tíre comhpháirtíochta agus deontóirí eile) tionchar ar ghnóthú na gcuspóirí.

Maidir le tosaíochtaí an Aontais a phríomhshruthú, luadh go ndearnadh dul chun cinn suntasach sna hionstraimí ar fad atá ann cheana i réimsí an athraithe aeráide 30 , ach ní mór tuilleadh a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar scála na ndúshlán comhshaoil eile amhail cailliúint na bithéagsúlachta agus ídiú acmhainní nádúrtha. Measadh sa chuid is mó de na cásanna gur ‘obair atá ar siúl’ a bhí i bpríomhshruthú chearta an duine, lena náirítear comhionannas inscne agus cumhachtú na mban, agus go léiríodh rialtais chomhpháirtíochta easpa suime sna réimsí sin nó frithbheartaíocht ina néadan.

Cé gur measadh go raibh feidhmíocht an eagrúcháin éifeachtúil ar an iomlán, mheas gníomhaithe áirithe go raibh ualach mór ó thaobh riaracháin de i ngeall ar chur chun feidhme ionstraimí áirithe.

I dtéarmaí na giarála, bhí an Plean Infheistíochta Seachtraí in ann infheistíocht phríobháideach shubstaintiúil a mhealladh le haghaidh tograí gnó inmharthana a ceapadh chun freagairt do riachtanais forbartha inbhuanaithe, le cistí poiblí teoranta. Rannchuidíonn an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Forbartha Inbhuanaithe leis an infheistíocht atá ag teastáil i dtíortha comhpháirtíochta, lena náirítear i limistéir agus in earnálacha ardriosca, a mhéadú agus cuireadh tús éifeachtach leis de réir dealraimh. Ba cheart don Chiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI +) agus an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha leanúint de bheith ag cur leis an taithí dhearfach sin.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Nuair a bhí na doiciméid mheastóireachta a tugadh isteach sa tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú á ndréachtú, eagraíodh trí chineál comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Is le hoifigigh an Aontais Eorpaigh, agus le hionadaithe ó institiúidí an Aontais Eorpaigh, ó na Ballstáit agus ó na tíortha comhpháirtíochta a rinne measúnóirí timpeall is míle agallamh struchtúrtha nó leathstruchtúrtha. Reáchtáladh roinnt ceardlann teicniúil chun na dréacht-mheastóireachtaí a chur i láthair agus a phlé le rannpháirtithe ó Pharlaimint na hEorpa, ó mheithle oibre na Comhairle, ó choistí na mBallstát, agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ó údaráis áitiúla. Eagraíodh comhairliúchán poiblí oscailte in 2017 31 . Bhí sé d’aidhm aige aiseolas a bhailiú ó pháirtithe leasmhara faoi na torthaí atá ag teacht as meastóireachtaí a dhéantar ar na hionstraimí agus ar na hionstraimí um maoiniú seachtrach a bheidh ann amach anseo tar éis 2020 32 .

Déantar achoimre thíos ar na príomhtheachtaireachtaí a tháinig chun cinn ó na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo.

Solúbthacht: Chomhaontaigh na páirtithe leasmhara gur cheart na hionstraimí nua maoiniúcháin a bheith níos solúbtha chun freagairt do dhúshláin agus do ghéarchéimeanna gan choinne. Chuir siad béim, go háirithe, ar an ngá atá lena dhéanamh níos fusa cistí a aistriú thar réigiúin agus idir modúlachtaí cabhrach. Ina theannta sin, leagadh béim air freisin nár cheart an tsolúbthacht a mhéadú chun níos lú intuarthachta a bheith ann, úinéireacht na dtíortha a dhéanamh níos laige agus níos lú fócais a chur ar chuspóirí forbartha fadtéarmacha a ghnóthú. D’fhonn solúbthacht agus intuarthacht a áirithiú, rinne freagróirí áirithe argóint ar son cúlchistí leordhóthanacha a bheith ar fáil dóibh.

Comhsheasmhacht: Mheas na páirtithe leasmhara gur ghá sin chun a áirithiú go mbeadh comhsheasmhacht níos fearr idir beartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais, agus idir na hionstraimí seachtracha féin. Leag roinnt de na páirtithe leasmhara béim ar an ngá atá le comhlántacht agus le sineirgíocht a neartú idir ionstraimí geografacha agus ionstraimí téamacha. D’áitigh páirtithe leasmhara eile go gcuirfí an bonn is iomchuí ar fáil chun an chomhsheasmhacht a mhéadú idir beartais inmheánacha agus beartais sheachtracha leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Mhol an chuid is mó de na páirtithe leasmhara gur cheart don Aontas Eorpach ról ceannasach a ghlacadh maidir le comhlántacht a fheabhsú idir páirtithe leasmhara éagsúla, laistigh agus lasmuigh den Aontas.

Chuir roinnt freagróirí béim ar an riosca forluí go mbeadh na cuspóirí beartais céanna maoinithe le hionstraimí iomadúla. D’iarr freagróirí deighilt shoiléir a dhéanamh ar na hionstraimí, agus chuir siad béim ar an ngá atá ann a áirithiú go mbainfidh cláir gheografacha agus théamacha tairbhe as sineirgíochtaí agus nasc trasearnála eatarthu.

Comhlántacht: Maidir le struchtúr na nionstraimí sa todhchaí, bhí páirtithe leasmhara den tuairim go mbeadh torthaí dearfacha ann ach na cláir gheografacha agus na cláir théamacha a chomhcheangal le chéile. Chuir siad in iúl go láidir gurbh é an luach atá leis na hionstraimí struchtúrtha atá bunaithe ar bhonn geografach an acmhainneacht atá acu chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha tíortha comhpháirtíochta ar shlí shainoiriúnaithe. Tá an méid sin ríthábhachtach i bhfianaise éagsúlacht na ndúshlán agus na riachtanas sna tíortha sin. Chomh maith leis sin, mhol na páirtithe leasmhara na hidirghabhálacha domhanda spriocdhírithe a rinneadh, amhail san Ionstraim um Chomhpháirtíocht agus an Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin.

Simpliú: Moladh go láidir don Aontas Eorpach ailtireacht fhoriomlán na nionstraimí a shimpliú a thuilleadh. Ba cheart don Aontas leanúint lena chuid iarrachtaí nósanna imeachta anásta riaracháin agus airgeadais a shimpliú. Bhí eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla den tuairim láidir go bhfuil impleachtaí tábhachtacha leis na nósanna imeachta agus na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir lena gcumas a bheith níos rannpháirtí sa chomhar um fhorbairt.

Giaráil: Bhí na páirtithe leasmhara den tuairim go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag ionstraimí airgeadais nuálacha maidir le maoiniú poiblí agus príobháideach a ghiaráil do chúnamh seachtrach an Aontais. Measadh gur ábhar misnigh iad na torthaí dearfacha a bheith ann maidir le héifeachtaí giarála agus breisíocht airgeadais ionstraimí den sórt sin sa mheastóireacht a rinneadh ar an gcumasc 33 le déanaí. Mar sin féin, thug freagróirí ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta le fios go raibh ábhair imní orthu faoi thosaíochtaí na hearnála príobháidí atá ag sárú na gcuspóirí sin maidir leis an mbochtaineacht a laghdú sna tíortha comhpháirtíochta.

Tugtar freagra leis an togra seo ar fhormhór na nábhar imní a chuir na páirtithe leasmhara in iúl.

Saineolaithe seachtracha

Bhí an tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú agus na doiciméid inmheánacha oibre a bhaineann le hábhar bunaithe den chuid is mó ar shraith tuarascálacha neamhspleácha meastóireachta a rinneadh idir 2016 agus 2017 (meastóireacht amháin in aghaidh na hionstraime). San am céanna, ullmhaíodh tuarascáil neamhspleách freisin i dtaobh ionstraimí na ngníomhaíochtaí seachtracha a chumhdaítear leis an tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú, agus baineadh úsáid as na ceachtanna tábhachtacha a foghlaimíodh sa tuarascáil sin 34 .

Seachas na tuarascálacha nua sin, foilsíodh sraith moltaí i ndáil le hailtireacht, rialacha agus nósanna imeachta na nionstraimí um maoiniú seachtrach an Aontais san athbhreithniú piaraí a rinne Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ar chomhar an Aontais um fhorbairt in 2012 35 . Mar shampla, d’iarr an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ar an Aontas Eorpach an comhar sin a shimpliú agus a nuachóiriú a thuilleadh, trí líon ítimí an bhuiséid a laghdú, rialacha na hIonstraime le haghaidh Comhar um Fhorbairt agus Ciste Forbraíochta na hEorpa a ailíniú, nósanna imeachta formheasa a chuíchóiriú agus comhsheasmhacht a mhéadú idir cláir réigiúnacha agus théamacha. Iarradh ar an Aontas Eorpach feidhmiú ar bhonn níos éifeachtaí, níos tráthúla agus níos solúbtha ar leibhéal an chláir agus ar fud shraith na nionstraimí araon. Bhí gá leis an méid sin go háirithe i gcásanna leochaileachta agus géarchéime, nuair a tuigeadh don Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta go bhféadfaí feabhas mór a chur ar na cásanna sin.

Measúnú tionchair

In 2018 rinne an Coimisiún measúnú tionchair 36 a chumhdaíonn an ghníomhaíocht sheachtrach dar teideal ‘an Eoraip Dhomhanda’ faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020 ina ndírítear ar na mórathruithe atá beartaithe do ghníomhaíocht sheachtrach, lena náirítear cuíchóiriú a dhéanamh ar roinnt ionstraimí in ionstraim leathan amháin agus lánpháirtiú na ngníomhaíochtaí atá á maoiniú ag an gCiste Eorpach Forbraíochta faoi láthair isteach i mbuiséad an Aontais.

Baineadh an chonclúid as an anailís gur mhó na buntáistí gan leanúint de bheith ag maoiniú gníomhaíochtaí forbraíochta tríd an gCiste Eorpach Forbraíochta lasmuigh de bhuiséad an Aontais, gur mhó iad ná na míbhuntáistí chomh fada agus a d’fhéadfaí réamhchoinníollacha ar leith a chomhlíonadh. Ar na coinníollacha sin tá:

níor cheart an méid a dhéanfaí a leithdháileadh ar ghníomhaíocht sheachtrach a bheith níos lú ná suim CEF agus na nionstraimí eile um maoiniú seachtrach arna gcomhcheangal le chéile;

ba cheart solúbthachtaí CEF a aistriú a mhéid is féidir chuig buiséad an Aontais; agus

ba cheart go leanfaí leis na hoibríochtaí míleata a mhaoinítear faoin tSaoráid um Shíocháin san Afraic den Chiste Eorpach Forbraíochta trí shásra seachbhuiséadach eile – an tSaoráid um Síocháin san Eoraip, atá mar chuspóir ag togra ar leithligh.

Baineadh an chonclúid as an measúnú tionchair freisin go bhféadfaí formhór na nionstraimí, amach ó na hionstraimí sin de chineál an-sonrach amhail an chabhair dhaonnúil lena mbaineann prionsabal na neodrachta, a chumasc in aon ionstraim amháin, is é sin: an Comhrialachán cur chun Feidhme, an Ionstraim le haghaidh Comhar um Fhorbairt, an Ciste Eorpach Forbraíochta, an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe, Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh, an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, an Ionstraim Eorpach i gcomhair an Daonlathais agus Chearta an Duine, an Ciste Ráthaíochta, an Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin, agus an Ionstraim um Chomhpháirtíocht. Is iad seo na hionstraimí is ceart fanacht ar leithligh: an ionstraim um chúnamh réamhaontachais; cabhair dhaonnúil; an buiséad don chomhbheartas eachtrach agus slándála; tíortha agus críocha thar lear, an Ghraonlainn san áireamh; Sásra an Aontais um chosaint shibhialta; scéim saorálaithe cabhrach an Aontais; tacaíocht do phobal Turcach na Cipire; An Cúlchiste um Chabhair Éigeandála; agus an tSaoráid nua um Síocháin san Eoraip.

Mar a shonraigh an Coimisiún 37 agus mar a tugadh le fios freisin san aiseolas ó chomhpháirtithe le linn an chomhairliúcháin phoiblí oscailte, tá struchtúr reatha na nionstraimí um maoiniú seachtrach róchasta. Bheadh deis ann chun a gcórais bhainistíochta agus mhaoirseachta a chuíchóiriú agus chun an tualach riaracháin do na páirtithe leasmhara uile a laghdú, dá ndéanfaí ionstraimí áirithe a athchóiriú in ionstraim leathan amháin. Trí chóras maoirseachta simplithe, bheadh na hinstitiúidí ábhartha in ann tuiscint níos fearr, níos cuimsithí a fháil ar chaiteachas seachtrach an Aontais.

A bhuí le hionstraim leathan, bheadh cur chuige níos cuimsithí go geografach agus go téamach, lenar fusa beartais éagsúla a chur chun feidhme ar bhealach trasréigiúnach, ilearnálach agus domhanda. Dhéanfadh an tAontas Eorpach níos éasca é chun freagairtí agus sineirgíochtaí comhsheasmhacha a thabhairt, lena miondealaítear stórais sonraí téamacha agus geografacha.

Chuirfí deireadh leis an bhforluí, go háirithe maidir leis na cineálacha forluí sin idir an Ionstraim um Chomhpháirtíocht atá ann faoi láthair agus an Ionstraim le haghaidh Comhar um Fhorbairt, i ndáil le comhar nuálach le tíortha i mbéal forbartha atá níos faide chun cinn, agus idir na cláir gheografacha agus na cláir théamacha (i.e. cláir gheografacha den Chiste Eorpach Forbraíochta agus cláir théamacha den Ionstraim um Chomhar agus Forbairt).

Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála scrúdú ar an measúnú tionchair an 25 Aibreán 2018 agus fuair siad tuairim dhearfach le hagúis 38 ar an tuiscint gur cheart an measúnú a choigeartú d’fhonn moltaí an Bhoird maidir le gnéithe áirithe a lánpháirtiú. Dá thoradh sin, rinneadh an measúnú a leasú chun an méid seo a leanas a dhéanamh :

tuilleadh faisnéise maidir le struchtúr rialachais na hionstraime nua a sholáthar, lena náirítear faisnéis maidir le nósanna imeachta cinnteoireachta;

roinnt saincheisteanna cistiúcháin a mhíniú a thuilleadh, lena náirítear an bhonnlíne mhaoiniúcháin, imfhálú le haghaidh na réigiún agus na réimsí téamacha agus scála ranníocaíochta na mBallstát don Chiste Eorpach Forbraíochta; agus

an tslí a mbeadh na córais faireacháin agus meastóireachta ag feidhmiú san am atá le teacht.

Tuairiscítear tuairim an Bhoird agus na modhnuithe gaolmhara a rinneadh ar an measúnú tionchair a thuilleadh in Iarscríbhinn 1 den mheasúnú tionchair.

Simpliú

Tá sé ar thosaíochtaí an Choimisiúin sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil ar fad simpliú a dhéanamh ar a thimpeallacht rialála.

A bhuí le cuíchóiriú a dhéanamh ar roinnt ionstraimí faoi cheann ionstraim leathan amháin, cuirfear deis ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar chórais bhainistíochta agus mhaoirseachta, agus laghdófar an tualach riaracháin d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit. Seachas béim a leagan ar ilphróisis chlársceidealaithe, bheadh díospóireachtaí níos dírithe ar chuspóirí polaitiúla agus rannpháirtíocht le comhpháirtithe seachtracha. Ina theannta sin, gníomhaíochtaí a fhaigheann cistiú carnach ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, ní dhéanfar ach iniúchadh amháin ar na gníomhaíochtaí sin, lena gcumhdófar na cláir uile i dtrácht agus na rialacha is infheidhme lena mbaineann.

Ní chiallaíonn simpliú go mbeadh laghdú ar an ngrinnscrúdú nó ar an gcuntasacht. Dhéanfaí an chothromaíocht idirinstitiúideach a chaomhnú ina hiomláine. Ina ionad sin, dhéanfaí cumhachtaí buiséadacha agus grinnscrúdaithe Pharlaimint na hEorpa a leathnú tríd na gníomhaíochtaí arna maoiniú ag an gCiste Eorpach Forbraíochta faoi láthair a ionchorprú i mbuiséad an Aontais.

Maidir le rialacha a ailíniú, lena nionchorpraítear forálacha ón gComhrialachán cur chun Feidhme, beidh sraith chomhsheasmhach prionsabal ar fáil don ionstraim nua ina comhchodanna ar fad agus tuigfidh comhpháirtithe agus gníomhairí cur chun feidhme níos fusa í.

Cearta bunúsacha

Tá sé mar bhunphrionsabal ag an Aontas Eorpach rannpháirtíocht láidir a léiriú chun cearta bunúsacha, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn agus a chosaint. Tugtar taca gníomhach do na cearta agus na prionsabail sin laistigh dá theorainneacha, ach nuair a bhíonn sé i mbun caidrimh le tríú tíortha chomh maith.

Gabhann an Rialachán seo ionad na hIonstraime Eorpaí i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine reatha agus tacaíonn sé le hidirghabhálacha i réimse chearta an duine, saoirsí bunúsacha agus an daonlathais i dtríú tíortha. Is é an cuspóir atá leis an togra tacú leis an tsochaí shibhialta freisin ina hacmhainn éifeachtach chun athchóiriú polaitiúil a spreagadh agus cearta an duine a chosaint.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Sa Teachtaireacht uaidh an 2 Bealtaine 2018 39 , mhol an Coimisiún Eorpach EUR 89 200 000 000 (i bpraghsanna reatha) a leithdháileadh ar an Ionstraim um Chomharsanacht, um Fhorbairt agus um Chomhar Idirnáisiúnta do 2021-2027.

5.EILIMINTÍ EILE

Ranníocaíocht an Rialacháin atá beartaithe le gealltanas an Aontais athrú aeráide a chomhrac

Faoi chuimsiú na ngealltanas a rinneadh i gComhaontú Pháras, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo le gníomhaíocht aeráide a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais. An comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, tá sé ar cheann de na dúshláin is mó atá roimh an domhan agus tá géarghá le gníomhaíocht idirghabhála náisiúnta agus idirnáisiúnta. Sa chomhthéacs sin, is é cuspóir an Aontais 25 % ar a laghad dá bhuiséad a leithdháileadh chun an tathrú aeráide a chomhrac. D’fhonn rannchuidiú leis an gcuspóir seo, le bearta faoin gClár seo, meastar go gcaithfear 25 % d’imchlúdach airgeadais foriomlán ar chuspóirí aeráide.

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar a gcuid gníomhaíochtaí agus déanfaidh sé athbhreithniú ar an dul chun cinn a dhéanfar i dtreo na torthaí a bhaint amach. I gcomhréir le mír 22 agus le mír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 40 , i gcás inar dheimhnigh na trí institiúid gur cheart gur bhunús measúnuithe tionchair ar roghanna maidir le tuilleadh gníomhaíochta, meastóireachtaí ar reachtaíocht agus beartais atá ann cheana, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht idirthréimhseach agus meastóireacht deiridh. Is éard a dhéanfaidh na meastóireachtaí ná éifeachtaí na hIonstraime ar an láthair a mheas, bunaithe ar tháscairí ábhartha agus ar anailís ar an ábharthacht, ar an éifeachtúlacht, agus ar an éifeachtacht a mheastar a bheith san Ionstraim, agus anailís ar cé chomh mór agus atá luach breise don Aontas Eorpach ann, agus ar cé chomh comhsheasmhach agus atá sí i gcomhréir le beartais eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Beidh ceachtanna a foghlaimíodh sna meastóireachtaí chun aon laigí/fadhbanna atá ann a shainaithint nó aon poitéinseal atá ann breis feabhais a chur ar na bearta nó ar a dtorthaí agus chun cuidiú a dtionchar a uasmhéadú.

Cuirfear torthaí na meastóireachtaí, a mbeidh barúlacha ag gabháil leo, in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Déanfar faireachán ar an dul chun cinn ar bhonn táscairí a bheidh i gcomhréir le cuspóirí an togra. Ón mbliain 2022 ar aghaidh, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú.

Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta. Ba cheart an Ionstraim um an gComharsanacht, um Fhorbairt agus um Chomhar Idirnáisiúnta a mheas a luaithe agus a bheidh go leor faisnéise ar fáil maidir lena feidhmíocht.

Raon feidhme geografach agus rannpháirtíocht tríú tíortha

Tá raon feidhme geografach ar fud an domhain ag an Rialachán atá beartaithe. Ar an ábhar sin, féadfaidh roinnt gníomhaithe ó na Ballstáit agus ó thíortha lasmuigh den Aontas rochtain a fháil ar a cistí agus/nó feidhmiú ina gcomhpháirtithe iad a chur chun feidhme.

Maidir le faighteoirí cistí lasmuigh den Aontas, tá eintitis ó thíortha agus ó chríocha atá i mbéal forbartha agus atá ina bpríomhthairbhithe den Rialachán seo, incháilithe do chistiúchán ón Aontas. D’fhéadfadh tríú tíortha eile a bheith incháilithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 24 den togra, atá i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir le héifeachtacht cabhrach, go háirithe Moladh um Dhícheangail ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta 41 agus Fóram Ardleibhéal Nairobi in 2016. Bunaítear le Airteagal 24 nach féidir le heintitis ó thríú tíortha forbartha, mar riail ghinearálta, cistí a fháil faoin Rialachán seo ach amháin ar bhonn na cómhalartachta rochtana ar a gcuid cúnaimh fhorbartha féin, ar cúnamh é a aithnítear le cinneadh ón gCoimisiún. Tá an clár don Chobhsaíocht agus don tSíocháin agus an clár um Chearta an Duine agus Daonlathas oscailte d’eintitis ó gach tír, mar gheall gur spéis leis an Aontas an tairiscint is leithne agus is féidir a thabhairt i bhfianaise raon feidhme domhanda na ngníomhaíochtaí, mar aon leis na cúinsí deacra ina gcuirtear cúnamh ar fáil agus an gá atá le gníomhú go tapa. Tá eagraíochtaí idirnáisiúnta incháilithe freisin.

Maidir le comhpháirtithe lasmuigh den Aontas a roghnú, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh freisin a bheith ag obair i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, tíortha comhpháirtíochta nó eintitis idirnáisiúnta ó thríú tíortha eile faoi bhainistiú indíreach chun gníomhaíocht shonrach a chur chun feidhme, nuair is gá sin chun leas an Aontais agus cuspóirí na gníomhaíochta sin, agus faoi réir na rialacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais. Ba ghá cinneadh ón gCoimisiún chun an rogha sin a dhéanamh. Ina theannta sin, is féidir leis na Ballstáit agus le tríú tíortha rannchuidiú leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh a gcuid eintiteas a bheith ina gcontrapháirtithe incháilithe chun í a chur chun feidhme. I gcás tríú tíortha seachas na páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ceanglaítear go bhformheasfaidh an gCoimisiún na ranníocaíochtaí roimh ré. Ba cheart na coinníollacha don ranníocaíocht sin a léiriú i gcomhaontú idir an Coimisiún agus an tríú tír.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

TEIDEAL I: FORÁLACHA GINEARÁLTA

Ábhar — sainítear in Airteagal 1 an ionstraim arna cruthú leis an Rialachán, ionstraim atá ar cheann de chláir an Aontais um ghníomhaíocht sheachtrach.

Sainmhínithe — in Airteagal 2 tá sainmhínithe ar na buntéarmaí a úsáidtear sa Rialachán.

Cuspóirí — leagann Airteagal 3 amach an cuspóir ginearálta is infheidhme maidir le colúin uile na hionstraime, chomh maith leis na cuspóirí sonracha.

Raon feidhme agus struchtúr — déantar cur síos in Airteagal 4 ar chomhpháirteanna éagsúla na hionstraime: geografach, téamach agus mearfhreagairt. Bunaítear leis raon feidhme geografach agus raon feidhme ábhartha gach comhpháirte agus mínítear an gaol idir na comhpháirteanna.

Tá cláir gheografacha don Chomharsanacht Eorpach, don Afraic fho-Shahárach, don Áise agus don Aigéan Ciúin, agus do Mheiriceá agus do Mhuir Chairib, sa chomhpháirt gheografach. Tá liosta de na tíortha atá sa limistéar Comharsanachta in Iarscríbhinn I; úsáidtear an liosta sin mar bhonn chun na tíortha sna limistéir lena mbaineann a shainiú. Tá tíortha eile ag teacht laistigh de limistéir gheografacha chaighdeánacha. Leagtar amach raon feidhme ábhartha na gclár geografach, leis na réimsí comhair, in Iarscríbhinn II.

Díríonn an chomhpháirt téamach ar dhúshláin dhomhanda, go háirithe trí chláir théamacha thiomnaithe a bhaineann le Cearta an Duine agus Daonlathas, le hEagraíochtaí na Sochaí Sibhialta, leis an gCobhsaíocht agus leis an tSíocháin, agus le Dúshláin Dhomhanda, lena gclúdaítear ábhair amhail sláinte, oideachas agus oiliúint, mná agus leanaí, obair chuibhiúil agus cosaint shóisialta, cultúr, imirce, comhshaol agus athrú aeráide, fuinneamh inmharthana, fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, an earnáil phríobháideach agus údaráis áitiúla. Déanann na cláir sin comhlánú ar na cláir gheografacha, agus cumhdach domhanda acu. Leagtar amach in Iarscríbhinn III raon feidhme ábhartha na gclár téamach, go háirithe na réimsí idirghabhála.

Tá an ghné mearfhreagartha tiomnaithe do chumas tapa freagartha do bhainistíocht géarchéime, coinbhleachtaí a chosc agus síocháin a chothú; teacht aniar a neartú agus gníomhaíochtaí daonnúla agus forbartha a nascadh; agus do riachtanais agus tosaíochtaí na mbeart beartais eachtraigh. Tá cumhdach domhanda ag an gcomhpháirt seo freisin. Sainítear na réimsí idirghabhála in Iarscríbhinn IV. Faoin gcomhpháirt sin, níl clársceidealú de dhíth; déantar cur chun feidhme i bhfoirm bearta eisceachtúla um chúnamh, pleananna gníomhaíochta agus bearta aonair a ghlacadh go díreach.

Comhchuibheas, comhsheasmhacht agus comhlántacht — In Airteagal 5 mínítear an gaol idir an ionstraim seo agus ionstraimí eile faoi ghníomhaíocht sheachtrach, maille leis na naisc chuig cláir inmheánacha an Aontais agus comhsheasmhacht leo.

Buiséad — In Airteagal 6 déantar tagairt don imchlúdach foriomlán don ionstraim, agus tugtar miondealú mionsonraithe de réir limistéar geografach, de réir clár téamach agus de réir beart mearfhreagartha. Tá tagairt ann freisin do ‘chúlchiste do dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn’, a d’fhéadfadh na méideanna dá dtagraítear san Airteagal a mhéadú.

Creat beartais — Déantar tagairt in Airteagal 7 don chreat foriomlán beartais a úsáidtear chun an ionstraim a chur chun feidhme. Socraíonn na comhaontuithe, na straitéisí, na conclúidí, na rúin agus na doiciméid eile dá leithéid an beartas ar a mbeadh cur chun feidhme na hionstraime bunaithe.

Prionsabail ghinearálta — liostaítear in Airteagal 8 na prionsabail éagsúla is infheidhme maidir leis an ionstraim iomlán, amhail an daonlathas, an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, cur chuige atá bunaithe ar chearta, comhar, idirphlé, comhpháirtíocht, éifeachtúlacht na forbartha, príomhshruthú an athraithe aeráide, cosaint an chomhshaoil agus comhionannas inscne. Leagtar béim san Airteagal seo freisin ar an ngá atá le comhar leis na Ballstáit. Tá oibleagáid ann Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas agus faisnéis a mhalartú go rialta léi, a fhágfaidh gur féidir leis an gCoimisiún agus Parlaimint na hEorpa plé a dhéanamh go rialta ar chúrsaí beartais agus ar chur chun feidhme na hionstraime.

Fothú acmhainní na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt

— Tá sé mar aidhm ag Airteagal 9 na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil a d’fhéadfaí tacú leo tríd an Ionstraim seo a dheighilt ó ghníomhaíochtaí nach féidir a mhaoiniú faoi bhuiséad an Aontais.

TEIDEAL II – AN IONSTRAIM A CHUR CHUN FEIDHME

I dTeideal II tugtar le chéile na caibidlí a bhaineann le cur chun feidhme na hionstraime, lena náirítear clársceidealú ilbhliantúil.

Clúdaíonn Caibidil I — Clársceidealú (Airteagail 10-15) na forálacha éagsúla sa chlársceidealú ilbhliantúil, go háirithe an cur chuige ginearálta, prionsabail shonracha do chláir gheografacha, ábhar na ndoiciméad clársceidealaithe le haghaidh cláir gheografacha agus théamacha araon, agus an nós imeachta chun iad a ghlacadh. Leagtar amach in Airteagal 15 an chaoi a noibríonn an cúlchiste do dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

I gCaibidil II — Forálacha sonracha don Chomharsanacht (Airteagail 16-18) tá rialacha sonracha maidir le limistéar na Comharsanachta, go háirithe maidir leis na critéir leithdháilte, an cur chuige feidhmíochtbhunaithe agus an comhar trasteorann.

I gCaibidil III — Pleananna gníomhaíochta, bearta agus modhanna cur chun feidhme (Airteagail 19-25) tá forálacha a fhorlíonann an Rialachán Airgeadais i ngeall ar chineál sonrach na gníomhaíochta seachtraí. Tá forálacha in Airteagal 25 is gá chun solúbthacht CFE a chuimsiú.

I gCaibidil IV — Ráthaíochtaí buiséadacha CEFI + agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha (Airteagail 26-30), déantar na forálacha atá ann faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe, an Sainordú Iasachtaithe Seachtraigh agus an Ciste Ráthaíochta um ghníomhaíochtaí seachtracha a chumasc agus a ionadú. 

I gCaibidil V — Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht (Airteagail 31-32) tá forálacha maidir le táscairí agus creataí torthaí a úsáidtear san fhaireachán agus sa mheastóireacht ar ghníomhaíocht sheachtrach, agus ar an tuarascáil bhliantúil, tuarascálacha eatramhacha agus tuarascálacha deiridh meastóireachta.

TEIDEAL III – FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Baineann Teideal III (Airteagail 33-41) tríd is tríd le cláir inmheánacha beartais i dtaca le saincheisteanna institiúideacha, le faisnéis, le cumarsáid agus le poiblíocht, le haisghairm agus le teacht i bhfeidhm. Tá maolú maidir le hinfheictheacht, clásal maidir leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus forálacha maidir le rannpháirtíocht tíre nó críche nach bhfuil cumhdaithe ag an Rialachán san áireamh.

In Airteagal 34 den Teideal seo cumhdaítear feidhmiú an tarmligin cumhachtaí i ndáil leis an ráta soláthair (tarmligean cumhachta in Airteagal 26(3), na réimsí comhair agus idirghabhála in Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV (tarmligean cumhachta atá in Airteagal 4(6), réimsí tosaíochta oibríochtaí an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe + agus a rialachas in Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn VI (tarmligean cumhachta atá in Airteagal 27(9); na táscairí in Iarscríbhinn VII agus creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú (tarmligean cumhachta atá in Airteagal 31(9)).

Saincheist shubstainteach atá ann, baineann sí leis an nós imeachta coiste: bunaítear le hAirteagal 35, an coiste um ‘an Chomharsanacht, Forbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta’, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Tá an coiste sin i gceannas ar thuairim a thabhairt ar dhoiciméid chlársceidealaithe ilbhliantúla agus ar chláir oibre bhliantúla (pleananna gníomhaíochta agus bearta).

Tá seacht iarscríbhinn ag an togra, mar seo a leanas:

– Iarscríbhinn I – Liosta de thíortha agus de chríocha atá sa limistéar comharsanachta

– Iarscríbhinn II – Réimsí comhair le haghaidh na gclár geografach

– Iarscríbhinn III – réimsí idirghabhála faoi chláir théamacha

– Iarscríbhinn IV – réimsí idirghabhála faoi bhearta mearfhreagartha

– Iarscríbhinn V – Réimsí tosaíochta oibríochtaí an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe+

– Iarscríbhinn VI – Rialachas an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe+

– Iarscríbhinn VII – Liosta de na príomhtháscairí feidhmíochta

2018/0243 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209, Airteagal 212 agus Airteagal 322(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 42 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 43 ,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí 44 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Ba cheart go mbeadh cuspóir ginearálta an Chláir “an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta” ag cumhdach agus ag cur chun cinn leasanna agus luachanna an Aontais ar fud an domhain chun cuspóirí agus prionsabail ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a shaothrú, mar a leagtar síos in Airteagal 3(5), Airteagal 8 agus Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, saothróidh an tAontas an chomhsheasmhacht idir réimsí éagsúla a ghníomhaíochta seachtraí agus idir iad sin agus a bheartais eile agus cuirfidh sé roimhe an comhar a chothú go mór i réimsí uile an chaidrimh idirnáisiúnta. Ba cheart go rannchuideodh an réimse leathan de ghníomhaíochtaí is féidir a chur i gcrích leis an Rialachán seo leis na cuspóirí a leagtar amach san Airteagal sin den Chonradh.

(3)I gcomhréir le hAirteagal 8 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh an tAontas gaolmhaireacht speisialta a fhorbairt le tíortha comharsanachta d’fhonn limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta a bhunú, arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is sainairíonna ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar an gcomhar. Ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo le cuspóir den sórt sin.

(4)Is é is cuspóir príomhúil do bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt, mar a leagtar síos in Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad. Gné eile de bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt is ea cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a ghnóthú, go háirithe na cuspóirí sin a leagtar amach in Airteagal 21(2)(d) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le tacú le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha, agus é mar phríomhaidhm aige deireadh a chur leis an mbochtaineacht.

(5)Áiritheoidh an tAontas comhchuibheas beartas le haghaidh na forbartha mar a cheanglaítear le hAirteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go gcuirfeadh an tAontas san áireamh na cuspóirí a bhaineann leis an gcomhar um fhorbairt sna beartais ar dócha go ndéanfaidh siad difear do na tíortha i mbéal forbartha, rud a beidh ina ghné ríthábhachtach den straitéis chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (‘Clár Oibre 2030’) a shainítear i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus a ghlac na Náisiúin Aontaithe i Meán Fómhair 2015 45 . Chun a áirithiú go mbeidh comhchuibheas beartas ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe ann, mar atá i ndaingean i gClár Oibre 2030, caithfear tionchair na mbeartas uile ar an bhforbairt inbhuanaithe ag gach leibhéal a chur san áireamh — ar an leibhéal náisiúnta, laistigh den Aontas, i dtíortha eile agus ar an leibhéal domhanda.

(6)Foráiltear leis an Ionstraim seo do ghníomhaíochtaí chun tacú leis na cuspóirí sin agus na beartais ghníomhaíochtaí seachtracha agus cuirtear leis na gníomhaíochtaí dar tugadh tacaíocht roimhe seo faoi Rialachán (AE) Uimh, 233/2014 46 ; An Comhaontú Inmheánach 47 agus an Rialachán Cur Chun Feidhme 48 a bhaineann leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF); Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 49 ; Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 50 ; Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 51 ; Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 52 ; Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 237/2014 53 ; Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 54 ; Cinneadh Uimh. 466/2014/AE; Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 55 agus Rialachán (AE) Uimh. 2017/1601 56 .

(7)Is é an comhthéacs domhanda le haghaidh gníomhú go saothrófar ord domhanda atá bunaithe ar rialacha ina mbeidh an tiltaobhachas mar chroíphrionsabal agus na Náisiúin Aontaithe ag feidhmiú ina chroílár. Clár Oibre 2030, mar aon le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide 57 agus Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa 58 agus freagairt an phobail idirnáisiúnta do na dúshláin agus na treochtaí domhanda i ndáil leis an bhforbairt inbhuanaithe. Creat polaitiúil bunathraitheach é Clár Oibre 2030, a bhfuil na spriocanna forbartha inbhuanaithe ina chroílár, arb é is aidhm dó deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus an fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach ar fud an domhain. Tá raon feidhme uilíoch aige lena bhforáiltear do chreat gníomhaíochta comhroinnte cuimsitheach atá infheidhme maidir leis an Aontas, lena Bhallstáit agus lena chomhpháirtithe. Tá cothromaíocht ann idir gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na forbartha inbhuanaithe ina naithnítear na hidirnaisc bhuntábhachtacha idir a chuspóirí agus a spriocanna. Is é is aidhm do Chlár 2030 gan aon duine a fhágáil ar leataobh. Déanfar cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 a chomhordú go cúramach le ceangaltais idirnáisiúnta ábhartha eile. Ba cheart aird ar leith thabhairt sna gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích leis an Rialachán seo ar na hidirnaisc idir Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus ar ghníomhaíochtaí lánpháirtithe lenar féidir tairbhí indíreacha a chruthú agus lenar féidir cuspóirí iolracha a chomhlíonadh ar bhealach comhchuibhiúil.

(8)Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a threorú leis na cúig phrionsabal a bhunaítear leis an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh (an ‘Straitéis Dhomhanda’) 59 , a tíolacadh an 19 Meitheamh 2016, arb ionann í agus fís agus creat an Aontais Eorpaigh le haghaidh rannpháirtíocht sheachtrach a bheidh aontaithe agus freagrach i gcomhpháirtíocht le páirtithe eile chun a luachanna agus a leasanna a chur chun cinn. Ba cheart don Aontas comhpháirtíochtaí a fheabhsú, idirphlé maidir le beartais a chur chun cinn agus freagairtí comhchoiteanna a cheapadh ar dhúshláin atá ann don domhan uile. Ba cheart go dtacódh a ghníomhaíocht le leasanna agus luachanna an Aontais ina ghnéithe uile, lena náirítear an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc, an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce neamhrialta agus cabhrú le pobail, le tíortha agus le réigiúin atá ag tabhairt aghaidh ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéanamh an duine, tacú leis an mbeartas trádála, leis an taidhleoireacht i ndáil leis an ngeilleagar agus leis an gcomhordú eacnamaíoch, le réitigh agus teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn, agus leis an ngné idirnáisiúnta de bheartais an Aontais a chothú. Agus é ag cur a leasanna chun cinn, ba cheart don Aontas na prionsabail maidir leis an urraim ar ardchaighdeáin shóisialta agus chomhsaoil, ar an smacht reachta, ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chearta an duine a chomhlíonadh agus a chur chun cinn.

(9)Foráiltear leis an gComhdhearcadh nua Eorpach maidir le Forbairt (‘An Comhdhearcadh’) 60 , a síníodh an 7 Meitheamh 2017, an creat le haghaidh cur chuige coiteann maidir le comhar an Aontais agus a Bhallstát um fhorbairt chun Clár 2030 agus Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa a chur chun feidhme. Deireadh a chur le gach gné den bhochtaineacht, dul i ngleic leis an idirdhealú agus neamhionannais, gan aon duine a fhágáil ar leataobh agus an athléimneacht a neartú – sin é atá i gcroílár bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt.

(10)D’fhonn an creat idirnáisiúnta nua a bhunaítear le Clár 2030, an Straitéis Dhomhanda agus leis an gComhdhearcadh a chur chun feidhme, ba cheart gurbh aidhm don Rialachán seo comhchuibheas ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a mhéadú agus a éifeachtacht a áirithiú trína iarrachtaí a dhíriú trí ionstraim chuíchóirithe chun cur chun feidhme bheartais dhifriúla na gníomhaíochta seachtraí a fheabhsú.

(11)I gcomhréir leis an Straitéis Dhomhanda agus le Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaistí (2015-2030) mar a glacadh an 18 Márta 2015 61 , ba cheart aitheantas a thabhairt don ghá atá le himeacht ón bhfreagairt do ghéarchéimeanna agus iad a shrianadh agus cur chuige fadtéarmach atá níos struchtúrtha a úsáid ina ionad sin, lena dtabharfar aghaidh ar chásanna leochaileacha, tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéanamh an duine, agus ar ghéarchéimeanna fada ar bhonn níos éifeachtaí. Is gá béim níos mó a leagan ar rioscaí a laghdú, a chosc, a mhaolú agus ullmhú dóibh agus is gá cineálacha cur chuige comhchoiteanna; agus is gá iarrachtaí breise chun feabhas a chur ar fhreagairt mhear agus ar théarnamh marthanach. Ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo leis an athléimneacht a neartú agus an chabhair dhaonnúil agus an ghníomhaíocht um fhorbairt a nascadh le chéile trí ghníomhaíochtaí mearfhreagartha.

(12)I gcomhréir le ceangaltais idirnáisiúnta an Aontais maidir le héifeachtacht na forbartha mar a glacadh in Busan in 2011 agus a rinneadh a athnuachan ag Fóram Ardleibhéal Nairobi in 2016 agus a meabhraíodh sa Chomhdhearcadh, ba cheart prionsabail maidir le héifeachtacht na forbartha a chur i bhfeidhm i gcomhar an Aontais um fhorbairt, is é sin le rá, úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha a bheith ag na tíortha atá i mbéal forbartha, díriú ar thorthaí, comhpháirtíochtaí cuimsitheacha don fhorbairt, trédhearcacht agus cuntasacht.

(13)De bhun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, ba cheart rannchuidiú sa Rialachán seo le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar bhonn treisithe a dhíreofar ar thorthaí, lena gcumhdófar aschur, torthaí agus tionchair i dtíortha comhpháirtíochta a bhaineann leas as cúnamh airgeadais seachtrach an Aontais. Go hairithe, mar a comhaontaíodh sa Chomhdhearcadh, meastar go gcaithfear i ngníomhaíochtaí faoin Rialachán seo 20 % den Chúnamh Forbartha Oifigiúil a chistítear faoin Rialachán seo leis na réimsí, cuimsiú sóisialta agus forbairt dhaonna, lena náirítear comhionannas inscne agus cumhachtú ban.

(14)Aon uair a bheidh sé indéanta agus iomchuí, ba cheart faireachán agus measúnú a dhéanamh ar thorthaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais ar bhonn táscairí réamhshainithe trédhearcacha a bhaineann go sonrach le tír ar leith agus atá intomhaiste, agus iad curtha in oiriúint do shonraíochtaí agus do chuspóirí na hIonstraime lena mbaineann agus atá bunaithe ar chreat torthaí na tíre comhpháirtíochta más féidir.

(15)Ba cheart go rannchuideofaí le cuspóir comhchoiteann an Aontais, sa Rialachán seo, chun 0.7 % d’Ollioncam Náisiúnta a sholáthar ina Chúnamh Forbartha Oifigiúil faoi cheann theorainn ama Chlár 2030. I ndáil leis an méid sin, ba cheart go rannchuideodh ar a laghad 92 % den chistiúchán faoin Rialachán seo le gníomhaíochtaí a dhéantar a dhearadh ar shlí go gcomhlíonfaidh siad na critéir maidir le Cúnamh Forbartha Oifigiúil arna leagan síos ag Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.

(16)Chun a áirithiú go soláthrófar acmhainní sna háiteanna is mó a bhfuil gá leo, go háirithe do na Tíortha is Lú Forbairt agus do na tíortha i staideanna leochaileachta agus coinbhleachta, ba cheart go rannchuideofaí sa Rialachán seo le sprioc chomhchoiteann an Aontais a ghnóthú chun 0.20 % d’Ollioncam Náisiúnta a sholáthar do na Tíortha is Lú Forbairt faoi cheann theorainn ama Chlár 2030.

(17)Ba cheart go léireofaí sa Rialachán seo an gá atá le díriú ar thosaíochtaí straitéiseacha, ó thaobh na tíreolaíochta de – an Afraic agus Comharsanacht na hEorpa, mar aon le tíortha atá leochaileach agus na tíortha is mó atá ar an anás, ach ó thaobh téama de freisin – an tslándáil, an imirce, athrú aeráide agus cearta daonna.

(18)Ba cheart go dtacófaí freisin leis an Rialachán seo le cur chun feidhme Bheartas Comharsanachta na hEorpa, mar a athbhreithníodh in 2015, agus cur chun feidhme chreata an chomhair réigiúnaigh, amhail an comhar trasteorann agus gnéithe seachtracha a bhaineann le straitéisí agus beartais ábhartha mhacrairéigiúnacha agus imchuach farraige . Is tionscnaimh iad na tionscnaimh sin, lena gcuirtear creata polaitiúla ar fáil chun caidreamh a dhoimhniú leis na tíortha comhpháirtíochta agus eatarthu, bunaithe ar phrionsabail na cuntasachta frithpháirtí, na comhúinéireachta agus na comhfhreagrachta.

(19)Is é is aidhm atá le Beartas Comharsanachta na hEorpa, mar a athbhreithníodh in 2015 62 , tíortha comharsanachta a chobhsú agus an athléimneacht a neartú, go háirithe trí bhorradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch, atá ar phríomhthosaíochtaí polaitiúla an Aontais. D’fhonn a chuspóir a ghnóthú, bhí Beartas athbhreithnithe Comharsanachta na hEorpa ag díriú ar cheithre réimse tosaíochta: an dea-rialachas, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta daonna, agus fócas ar leith á dhíriú ar chaidreamh a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta níos mó; forbairt eacnamaíoch; slándáil; imirce agus soghluaisteacht, lena náirítear dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantaigh. Is saintréithe de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa iad an difreáil agus an úinéireacht fhrithpháirteach, lena naithnítear leibhéil éagsúla caidrimh, agus lena léirítear leasanna gach tíre maidir le cineál agus fócas a comhpháirtíochta leis an Aontas.

(20)Ba cheart go dtacófaí sa Rialachán seo le cur chun feidhme comhaontaithe comhlachais nuachóirithe le tíortha atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus ba cheart go mbeadh an deis ag an Aontas Eorpach agus a chomhpháirtithe ACC comhaontais láidre bhreise a fhorbairt i dtaca le príomhdhúshláin dhomhanda. Go háirithe, ba cheart go mbeadh tacaíocht sa Rialachán seo go leanfaí leis an gcomhar atá i bhfeidhm idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach i gcomhréir le Straitéis Chomhpháirteach an Aontais Eorpaigh agus na hAfraice agus cur le comhaontú amach anseo idir an tAontas Eorpach agus tíortha ACC tar éis 2020, lena náirítear cur chuige ilchríochach i leith na hAfraice.

(21)Ba cheart go bhféachfadh an tAontas leis an úsáid is éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d’fhonn an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart an méid sin a ghnóthú trí chomhchuibheas agus comhlántacht in ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, go sonrach san Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III 63 , an Ionstraim maidir le Cabhair Dhaonnúil 64 , an Cinneadh maidir le Tíortha agus Críocha Thar Lear 65 , an Ionstraim Eorpach um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta ar bhonn Chonradh Euratom 66 , an comhbheartas eachtrach agus slándála agus an tSaoráid um Shíocháin san Eoraip atá beartaithe le déanaí 67 agus atá maoinithe lasmuigh de bhuiséad an Aontais, mar aon le sineirgíochtaí le beartais agus Cláir eile de chuid an Aontais Eorpaigh a chruthú. Áirítear ar an méid sin comhchuibheas agus comhlántacht maidir le cúnamh macra-airgeadais, i gcás inarb ábhartha. D’fhonn an leas is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag na hidirghabhálacha le chéile chun cuspóir coiteann a ghnóthú, ba cheart go mbeadh an deis sa Rialachán cistiúchán a chomhcheangal le Cláir eile de chuid an Aontais, a fhad agus nach gcumhdóidh na ranníocaíochtaí na costais chéanna.

(22)Ba cheart cistiúchán ón Rialachán seo a úsáid chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoi ghnéithe idirnáisiúnta Erasmus, ar i gcomhréir le Rialachán Erasmus ba cheart a gcur chun feidhme a chur i gcrích 68 .

(23)Ba cheart gur trí chláir gheografacha a bhainfí úsáid as an gcur chuige is mó i leith gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo, chun an leas is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag cabhair an Aontais agus gníomhaíocht an Aontais a thabhairt níos gaire do thíortha agus pobail chomhpháirtíochta. Ba cheart an cur chuige ginearálta a chomhlánú le cláir théamacha agus le gníomhaíochtaí mearfhreagartha, i gcás inarb ábhartha.

(24)I gcomhréir leis an gComhdhearcadh, ba cheart don Aontas agus na Ballstáit clársceidealú comhpháirteach a fheabhsú chun an tionchar comhchoiteann a bheidh acu a mhéadú trína nacmhainní agus a nacmhainneachtaí a thabhairt le chéile. Ba cheart go gcuirfí le caidreamh, leithreasú agus úinéireacht na dtíortha comhpháirtíochta sa chlársceidealú comhpháirteach. Ba cheart don Aontas agus na Ballstáit féachaint le tacaíocht a chur ar fáil do na tíortha comhpháirtíochta freisin trí chur chun feidhme comhpháirteach i gcás ar bith inarb iomchuí sin.

(25)Cé gur cheart daonlathas agus cearta daonna, lena náirítear comhionannas inscne agus cumhachtú ban, a léiriú trí chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart go mbeadh ról comhlántach sainiúil breise ag cúnamh an Aontais faoi na cláir théamacha le haghaidh cearta daonna agus daonlathas agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta de bhrí go bhfuil gné dhomhanda ag baint leis agus go bhfuil neamhspleáchas gníomhaíochta aige ó thoiliú rialtais agus údaráis phoiblí na dtríú tíortha lena mbaineann.

(26)Ba cheart d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta dul i mbun caidrimh le raon leathan de ghníomhaithe a bhfuil róil agus sainorduithe éagsúla acu lena náirítear struchtúir neamhstáit neamhbhrabúsacha neamhpháirtíneacha neamhfhoréigneacha, trína neagraítear daoine chun cuspóirí agus idéil chomhroinnte a ghnóthú, bíodh na cuspóirí nó na hidéil sin polaitiúil, cultúrtha, sóisialta nó eacnamaíoch. Agus iad ag feidhmiú ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, cuimseoidh siad eagraíochtaí uirbeacha agus eagraíochtaí tuaithe, eagraíochtaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla.

(27)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Ionstraim seo, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais 69 .

(28)Mar léiriú ar an tábhacht atá ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, ba cheart go rannchuideofaí sa Rialachán seo le príomhshruthú na ngníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide i mbeartais an Aontais agus le baint amach na sprice arb é atá inti 25 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Le gníomhaíochtaí faoin gClár seo, meastar go gcaithfear le 25 % d’imchlúdach airgeadais foriomlán ar chuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn an Rialachán seo a chur chun feidhme agus ba cheart go mbeadh an rannchuidiú foriomlán ón rialachán seo mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha.

(29)Tá sé ríthábhachtach dlús a chur leis an gcomhar um imirce le tíortha comhpháirtíochta chun leas a bhaint as an imirce atá dea-bhainistithe agus atá rialta agus aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta go héifeachtach. Ba cheart go rannchuideofaí sa chomhar sin le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a áirithiú lena dtabharfar aghaidh ar na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta, lena bhfeabhsófar bainistiú teorainneacha agus lena ndéanfar iarrachtaí sa chomhrac i gcoinne na himirce neamhrialta, i gcoinne na gáinneála ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, agus lena mbeifear ag obair ar fhilleadh, athligean isteach agus athimeascadh i gcás inarb ábhartha, ar bhonn na cuntasachta frithpháirtí agus ar bhonn lánurraim a thabhairt do na hoibleagáidí daonnúla agus do na hoibleagáidí maidir le cearta daonna. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an comhar éifeachtach a dhéanfaidh tríú tíortha leis an Aontas sa réimse sin ina ghné lárnach de phrionsabail ghinearálta an Rialacháin seo. Tá comhchuibheas méadaithe idir beartais maidir le comhar um imirce agus um fhorbairt tábhachtach a áirithiú go dtabharfar tacaíocht sa chúnamh forbartha do thíortha comhpháirtíochta an imirce a bhainistiú ar bhonn níos éifeachtaí. Ba cheart go rannchuideofaí sa Rialachán seo le cur chuige comhordaithe, iomlánaíoch agus struchtúrtha i leith na himirce, lena mbainfear an leas is mó is féidir as na sineirgíochtaí agus lena gcuirfear an ghiaráil is gá i bhfeidhm.

(30)Ba cheart go gcuirfí ar chumas an Aontais leis an Rialachán seo freagairt do na dúshláin, na riachtanais agus na deiseanna a bhaineann leis an imirce, rud a chomhlánóidh beartas imirce an Aontais. D’fhonn rannchuidiú leis an gcuspóir sin, agus gan dochar d’imthosca gan choinne, meastar go gcaithfear 10 % dá imchlúdach airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach agus tacú le bainistíocht agus rialachas na himirce, lena náirítear cearta dídeanaithe agus imirceach a chosaint i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo.

(31)Ba cheart feidhm maidir leis an Rialachán seo a bheith ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos na rialacha sin leis an Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna, trí chur chun feidhme indíreach, trí chúnamh airgeadais, trí thacaíocht bhuiséadach, trí chistí iontaobhais, trí ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha, agus déantar foráil iontu i gcomhair seiceálacha ar fhreagracht ghníomhaithe airgeadais. Baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnamh ginearálaithe maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit agus i dtríú tíortha, toisc go bhfuil an urraim don smacht reachta ina réamhchoinníoll riachtanach maidir le bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach AE.

(32)Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart go mbeadh breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe, costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil baint aige le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais san áireamh anseo.

(33)Ba cheart go gcuimseofaí leis an gCiste Eorpach nua um Fhorbairt Inbhuanaithe (‘CEFI+’), ag cur leis an gciste rathúil, EFSD 70 , pacáiste airgeadais lánpháirtithe, lena dtabharfar acmhainneacht mhaoiniúcháin i bhfoirm deontas, ráthaíochtaí buiséadacha agus ionstraimí airgeadais ar fud an domhain. Ba cheart go dtabharfaí le CEFI+ tacaíocht don Phlean Eorpach Infheistíochta Seachtraí agus go gceanglófaí oibríochtaí cumaiscthe agus rathaíochtaí buiséadacha a chumhdófar leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, lena náirítear na rioscaí ceannasacha sin a bhaineann le hoibríochtaí lena bhfaightear iasachtaí, a chuirtear i bhfeidhm roimhe seo faoi shainordú seachtrach oibríochtaí iasachta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. I ngeall ar an ról atá ag an mBanc Eorpach Infheistíochta faoi na Conarthaí agus ar an taithí atá aige le fiche nó tríocha bliain anuas tacú le beartais an Aontais, ba cheart go bhfanfadh sé ina chomhpháirtí nádúrtha ag an gCoimisiún chun oibríochtaí faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a chur chun feidhme.

(34)Ba cheart go mbeadh EFSD+ dírithe ar thacú le hinfheistíochtaí mar mhodh chun rannchuidiú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghnóthú trí bhíthin forbairt eacnamaíoch agus shóisialta atá inbhuanaithe agus cuimsitheach a chothú, agus athléimneacht shocheacnamaíoch tíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn, lena ndíreofar fócas ar leith ar an mbochtaineacht a dhíothú, fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, cruthú post cuibhiúil, deiseanna eacnamaíocha, scileanna agus fiontraíocht, earnálacha socheacnamaíocha, micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide mar aon le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna sonracha socheacnamaíocha atá leis an imirce neamhrialta, i gcomhréir leis na doiciméid ábhartha tháscacha clársceidealaithe. Ba cheart aird ar leith a thabhairt do thíortha a shainaithnítear ina dtíortha i staideanna leochaileachta nó coinbhleachta, ina dTíortha is Lú Forbairt agus ina dtíortha bochta a bhfuil fiachais ollmhóra acu.

(35)Ba cheart do CEFI+ uasmhéadú a dhéanamh ar bhreisíocht chistiúcháin, aghaidh a thabhairt ar chlistí sa mhargadh agus ar staideanna infheistíochta fo-optamacha, táirgí nuálacha a chur ar fáil agus cistí san earnáil phoiblí a phlódú isteach. Le rannpháirtíocht na hearnála príobháidí i gcomhar an Aontais le tíortha comhpháirtíochta trí CEFI+, ba cheart tionchar forbartha intomhaiste agus breise a bheith ann gan an margadh a shaobhadh agus ba cheart é a bheith costéifeachtach, bunaithe ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar chionroinnt rioscaí agus costas. Ba cheart do CEFI+ feidhmiú mar “ionad ilfhreastail” a fhaigheann tograí maoiniúcháin ó institiúidí airgeadais agus ó infheisteoirí poiblí nó príobháideacha agus a sholáthraíonn raon leathan tacaíochta airgeadais d’infheistíochtaí incháilithe.

(36)Ba cheart Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a bhunú, lena gcuirfear le Ráthaíocht CEFI atá ann cheana féin agus leis an gCiste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha. Ba cheart tacú sa Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le hoibríochtaí CEFI+ a chumhdófar le ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh macra-airgeadais agus iasachtaí le haghaidh tríú tíortha ar bhonn an Chinnidh 77/270/Euratom ón gComhairle 71 . Ba cheart tacú leis na hoibríochtaí sin ó leithreasuithe an Rialacháin seo, mar aon leis na cinn sin faoi Rialachán (AE) Uimh. .../... (ICR III) agus Rialachán (AE) Uimh. .../... (EINS), ar cheart dóibh an soláthar agus na dliteanais a thiocfaidh as iasachtaí cúnaimh mhacra-airgeadais agus iasachtaí le haghaidh tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán EINS, faoi seach. Le linn oibríochtaí CEFI+ a chistiú, ba cheart tús áite a thabhairt do na hoibríochtaí sin a bhfuil tionchar mór acu ar chruthú post agus a bhfeabhsóidh a gcóimheas costais is tairbhe inbhuanaitheacht na hinfheistíochta. Le linn don Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha tacú leis na hoibríochtaí, ba cheart measúnú ex ante domhain a dhéanamh ar ghnéithe comhshaoil, airgeadais agus sóisialta, mar is iomchuí agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir le rialáil níos fearr. Níor cheart úsáid a bhaint as an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha chun seirbhísí poiblí a sholáthar ar freagracht an rialtais é ar fad.

(37)D’fhonn solúbthacht a chur ar fáil, méadú a dhéanamh ar a tharraingtí atá na hinfheistíochtaí don earnáil phríobháideach agus tionchar na ninfheistíochtaí a uasmhéadú, ba cheart foráil a dhéanamh do mhaolú ar na rialacha a bhaineann le modhanna cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, mar a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, maidir leis na contrapháirtithe incháilithe. D’fhéadfadh na contrapháirtithe incháilithe sin a bheith ina gcomhlachtaí freisin nach gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus d’fhéadfaidís a bheith ina gcomhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach de chuid tíre comhpháirtíochta freisin.

(38)Chun méadú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, ba cheart do na Ballstáit agus do pháirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bheith in ann ranníocaíochtaí a sholáthar i bhfoirm ráthaíochta nó airgid. Níor cheart an ranníocaíocht i bhfoirm ráthaíochta a bheith níos mó ná 50 % de mhéid na noibríochtaí arna rathú ag an Aontas. Níor cheart na dliteanais airgeadais a eascraíonn as an ráthaíocht seo a sholáthar agus ba cheart an maolán leachtacha a sholáthar leis an gciste don soláthar coiteann.

(39)Is minic a chuirtear gníomhaíochtaí seachtracha chun feidhme i dtimpeallacht an-ghuagach lenar gá oiriúnú leanúnach tapa do riachtanais chomhpháirtithe an Aontais atá ag teacht chun cinn agus do dhúshláin dhomhanda atá roimh chearta daonna, an daonlathas agus an dea-rialachas, an tslándáil agus an chobhsaíocht, athrú aeráide agus an comhshaol, na haigéin, agus géarchéim na himirce agus a bunchúiseanna. D’fhonn prionsabal na hintuarthachta agus an gá atá le freagairt go mear do riachtanais nua a thabhairt le chéile, ní mór cur chun feidhme airgeadais na gclár a oiriúnú dá bharr sin. D’fhonn cur le cumas an Aontais Eorpaigh freagairt do riachtanais gan choinne, cur le taithí rathúil an Chiste Eorpaigh Forbraíochta (CEF), ba cheart méid a fhágáil gan a leithdháileadh mar chúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Ba cheart é a fhorscaoileadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo.

(40)Dá bhrí sin, agus urraim á tabhairt don phrionsabal go leagtar amach buiséad an Aontais gach bliain, ba cheart an deis a fhorchoimeád sa Rialachán seo chun an tsolúbthacht a chur i bhfeidhm, lenar féidir leis an Rialachán Airgeadais a chur i bhfeidhm maidir le beartais eile cheana féin, mar atá cistí a thabhairt anonn agus a athghealladh, chun a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil as cistí an Aontais le haghaidh shaoránaigh an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta araon, agus chun an leas is mó is féidir a bhaint as cistí an Aontais, dá réir sin, le haghaidh idirghabhálacha ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais.

(41)De bhun Airteagal 83 de Chinneadh .../... (tíortha agus críocha thar lear), ba cheart daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear a bheith incháilithe cistiú a fháil faoin Rialachán seo, faoi réir a rialacha agus a chuspóirí agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát atá nasctha leis an tír nó leis an gcríoch ábhartha thar lear. Ina theannta sin, ba cheart an comhar idir na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha agus na críocha thar lear mar aon leis na réigiúin is forimeallaí de chuid an Aontais faoi Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a spreagadh sna réimsí leasa choitinn.

(42)D’fhonn feabhas a chur ar an úinéireacht atá ag na tíortha comhpháirtíochta ar a bpróisis fhorbartha agus ar inbhuanaitheacht na cabhrach seachtraí, ba cheart don Aontas, i gcás inarb ábhartha, a bheith i bhfabhar úsáid institiúidí, córas agus nósanna imeachta dílse na dtíortha comhpháirtíochta i ngach gné de gach céim de na tionscadail le haghaidh an chomhair.

(43)Is ionann cláir oibre faoin Rialachán Airgeadais agus pleananna gníomhaíochta bliantúla agus ilbhliantúla agus bearta dá dtagraítear in Airteagal 19. Is é atá i gceist le pleananna gníomhaíochta bliantúla agus ilbhliantúla sraith de bhearta a chuirtear le chéile in aon doiciméad.

(44)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 72 , Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 73 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 74 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 75 , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta éifeachtacha comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí, lena náirítear calaois, a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 76 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha; ar an gcúis sin, ba cheart go mbeadh forálacha sna comhaontuithe le tríú tíortha agus críocha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus in aon chonradh nó in aon chomhaontú a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, ar forálacha iad lena gcumhachtófar go sainráite an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF chun iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach agus lena náiritheofar go mbeidh na cearta coibhéiseacha ag aon tríú páirtithe atá páirteach i gcur chun feidhme dheontais chistiúcháin an Aontais.

(45)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 77 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(46)Chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na rátaí soláthair a leagtar síos in Airteagal 26(3), na réimsí comhair agus idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV, na réimsí tosaíochta a bhaineann le hoibríochtaí EFSD+ in Iarscríbhinn VI, chun na táscairí in Iarscríbhinn VII a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

(47)De bhun mhír 22 agus mhír 23 den chomhaontú Idirinstitiúideach do Reachtóireacht Níos Fearr dar dáta an 13 Aibreán 2016 78 , ní mór an Clár seo a mheas ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí cheanglais shonracha faireacháin, agus rórialáil agus ualaí riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an láthair. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile i gcomhthráth leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(48)Ba cheart na tagairtí d’ionstraimí an Aontais in Airteagal 9 de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle 79 , a gcuirtear an Rialachán seo ina nionad, a léamh ina dtagairtí don Rialachán seo agus ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfí an Rialachán seo i gcomhréir le ról SEGS mar a fhoráiltear sa Chinneadh sin.

(49)Ba cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí atá beartaithe mar a fhoráiltear thíos ag cloí go docht leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach le bearta sriantacha an Aontais,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear an Clár “An Ionstraim maidir le Comharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta” (an ‘Ionstraim’).

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Bunaítear leis freisin an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI+), agus Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn “clár tíre” clár táscach a chumhdaíonn tír amháin;

(2)ciallaíonn “clár iltíortha” clár táscach a chumhdaíonn níos mó ná tír amháin;

(3)ciallaíonn “comhar trasteorann” comhar idir Ballstát amháin nó níos mó agus ceann amháin nó níos mó de thríú tíortha agus críocha atá taobh le teorainneacha seachtracha an Aontais.

(4)ciallaíonn “clár réigiúnach” clár iltíortha táscach a chumhdaíonn tríú tír amháin nó níos mó laistigh den limistéar geografach a leagtar síos in Airteagal 4(2);

(5)ciallaíonn “clár trasréigiúnach” clár iltíortha táscach a chumhdaíonn níos mó ná tríú tír amháin i limistéir cé is moite den limistéar geografach a leagtar síos in Airteagal 4(2);

(6)ciallaíonn “eintiteas dlíthiúil” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlíthiúil agus a aithnítear mar eintiteas dlíthiúil faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir le hAirteagal 197(2)(c) den Rialachán Airgeadais;

(7)ciallaíonn “fuinneog infheistíochta” réimse spriocdhírithe ina núsáidtear Ráthaíocht CEFI+ chun tacaíocht a thabhairt do phunanna infheistíochtaí i réigiúin shonracha, i dtíortha sonracha nó in earnálacha sonracha;

(8)ciallaíonn “ranníocóir” Ballstát, institiúid idirnáisiúnta airgeadais nó institiúid phoiblí de chuid Ballstáit, gníomhaireacht phoiblí nó eintitis eile a sholáthraíonn ranníocaíochtaí i bhfoirm airgid nó ráthaíochtaí don chiste don soláthar coiteann;

Airteagal 3
Cuspóirí

1.Is é cuspóir ginearálta an Rialacháin seo seasamh le leasanna agus luachanna an Aontais agus a chur chun cinn ar fud an domhain chun cloí le cuspóirí agus phrionsabail ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, mar a leagtar síos in Airteagal 3(5), Airteagal 8 agus Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

2.I gcomhréir le mír 1, is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an Rialachán seo:

(a)tacú le dialóg agus comhar le tríú tíortha agus le réigiúin sa Chomharsanacht, san Afraic fho-Shahárach, san Áise agus san Aigéan Ciúin, i gCríocha Mheiriceá agus i Muir Chairib agus an dialóg agus an comhar sin a chothú;

(b)ar an leibhéal domhanda, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a dhaingniú agus tacú leo, tacú le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, cobhsaíocht agus síocháin a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda eile, lena náirítear imirce agus soghluaisteacht;

(c)freagairt go luath: do chásanna géarchéime, éagobhsaíochta agus coinbhleachta; do dhúshláin athléimneachta, agus cabhair dhaonnúil agus gníomhaíocht um fhorbairt á nascadh le chéile; agus do riachtanais agus tosaíochtaí beartais eachtraigh.

Tomhaisfear an méid a baineadh na cuspóirí sin amach le táscairí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 31.

3.Comhlíonfaidh 92 % den chaiteachas faoin Rialachán seo na critéir maidir le Cúnamh Forbartha Oifigiúil, arna leagan síos ag Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Comhar agus Forbairt Eacnamaíochta.

Airteagal 4
Raon feidhme agus struchtúr

1.Déanfar tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo a chlársceidealú tríd an méid seo a leanas:

(a)cláir gheografacha;

(a)cláir théamacha;

(b)gníomhaíochtaí mearfhreagartha.

2.Cumhdóidh na cláir gheografacha comhar le tír agus comhar le hiltíortha sna limistéir seo a leanas:

(a)an Chomharsanacht;

(b)an Afraic fho-Shahárach;

(c)an Áise agus an tAigéan Ciúin;

(d)Críocha Mheiriceá agus an Mhuir Chairib.

Féadfar na tríú tíortha uile, cé is moite de thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí féideartha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. …/… 80 a chumhdach le cláir gheografacha. (ICR) agus tíortha agus críocha thar lear mar a shainmhínítear i gCinneadh …/… (AE).

Féadfar aon tír dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a chumhdach le hIarscríbhinn I.

Chun na cuspóirí a bhaint amach a leagtar síos in Airteagal 3, beidh na cláir gheografacha bunaithe ar na limistéir chomhair a liostaítear in Iarscríbhinn II.

3.Cumhdóidh na cláir théamacha gníomhaíochtaí atá nasctha leis an iarracht Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach ar an leibhéal domhanda sna réimsí seo a leanas:

(a)Cearta an duine agus an Daonlathas;

(b)Eagraíochtaí de chuid na Sochaí Sibhialta;

(c)An Chobhsaíocht agus an tSíocháin

(d)Dúshláin Dhomhanda.

Féadfar na tríú tíortha uile chomh maith le tíortha agus críocha thar lear mar a shainmhínítear i gCinneadh …/… (AE) ón gComhairle a chumhdach le cláir théamacha.

Chun na cuspóirí a bhaint amach a leagtar síos in Airteagal 3, beidh na cláir théamacha bunaithe ar na limistéir idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn III.

4.Leis na gníomhaíochtaí mearfhreagartha beifear in ann gníomhú go luath chun:

(a)cur le cobhsaíocht agus cosc coinbhleachta i gcásanna éigeandála, géarchéime a bheidh ag teacht chun cinn, géarchéime agus iar-ghéarchéime.

(b)cur le neartú athléimneachta stát, sochaithe, pobal agus daoine aonair agus le nascadh le chéile cabhair dhaonnúil agus gníomhaíocht um fhorbairt;

(c)aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus tosaíochtaí beartais eachtraigh.

Féadfar na tríú tíortha uile chomh maith le tíortha agus críocha thar lear mar a shainmhínítear i gComhairle …/… (AE) a chumhdach le gníomhaíochtaí mearfhreagartha.

Chun na cuspóirí a bhaint amach a leagtar síos in Airteagal 3, beidh na gníomhaíochtaí mearfhreagartha bunaithe ar na limistéir idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

5.Is le cláir gheografacha den chuid is mó a chuirfear chun feidhme gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo.

Beidh gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme le cláir théamacha comhlántach le gníomhaíochtaí a chistítear faoi chláir gheografacha agus tacófar le tionscnaimh dhomhanda agus thrasréigiúnacha chun spriocanna a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta leis na gníomhaíochtaí sin, go háirithe na Spriocanna Forbartha, trí leasanna poiblí domhanda nó trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Lena chois sin féadfar tabhairt faoi ghníomhaíochtaí le cláir théamacha i gcás nach mbeidh aon chlár geografach ann, nó má cuireadh é ar fionraí, nó mura mbeidh aon chomhaontú ann maidir leis an ngníomhaíocht leis an tír is comhpháirtí, nó mura féidir an ghníomhaíocht a dhéanamh go leordhóthanach le cláir gheografacha.

Beidh gníomhaíochtaí mearfhreagartha comhlántach le cláir gheografacha agus cláir théamacha. Ceapfar agus cuirfear chun feidhme na gníomhaíochtaí sin chun gur féidir, más ábhartha, iad a choinneáil ar bun faoi chláir gheografacha nó théamacha.

6.Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a fhorlíonadh nó a leasú.

Airteagal 5
Comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht

1.Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheofar go mbeidh comhleanúnachas, sineirgíochtaí agus comhlántacht ann ó thaobh réimsí eile gníomhaíochta de chuid an Aontais de agus ó thaobh beartais agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais de agus go mbeidh comhsheasmhacht beartas ann ó thaobh forbartha de.

2.Gníomhaíochtaí atá faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1257/96, ní chisteofar iad faoin Rialachán seo.

3.I gcás inarb iomchuí, is féidir Cláir eile de chuid an Aontais a úsáid chun cur le gníomhaíochtaí a cuireadh ar bun leis an Rialachán seo, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Chomh maith leis sin, is féidir an Rialachán seo a úsáid chun cur le bearta a cuireadh ar bun faoi Chláir eile de chuid an Aontais, ar acht nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Sna cásanna sin, beidh sé leagtha síos sa chlár oibre lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí sin cén tacar rialacha is infheidhme.

Airteagal 6
Buiséad

1.Is é EUR 89 200 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Rialacháin don tréimhse 2021 – 2027.

2.Beidh an timchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 comhdhéanta mar seo a leanas:

(a)EUR 68 000 milliún le haghaidh cláir gheografacha:

an Chomharsanacht – EUR 22 000 milliún ar a laghad,

an Afraic fho-Shahárach – EUR 32 000 milliún ar a laghad,

an Áise agus an tAigéan Ciúin – EUR 10 000 milliún,

an Áise agus an tAigéan Ciúin – EUR 4 000 milliún,

(b)EUR 7 000 milliún le haghaidh cláir théamacha:

Cearta an Duine agus an Daonlathas – EUR 1 500 milliún,

Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta – EUR 1 500 milliún ar a laghad,

an Chobhsaíocht agus an tSíocháin – EUR 1 000 milliún ar a laghad,

Dúshláin Dhomhanda – EUR 3 000 milliún,

(c)gníomhaíochtaí mearfhreagartha – EUR 4 000 milliún.

3.Leis an gcúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn, ina mbeidh EUR 10 200 milliún, déanfar na suimeanna dá dtagraítear i mír 2 a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 15.

4.Comhfhreagróidh an timchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 2(a) do 75 % ar a laghad den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 7
Creat beartais

Is éard a bheidh sa chreat beartais foriomlán le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, na comhaontaithe comhpháirtíochta agus comhair, na comhaontuithe comhlachais, na comhaontuithe iltaobhacha agus comhaontuithe eile lena mbunaítear caidreamh le tíortha comhpháirtíochta atá ceangailteach de réir dlí agus teachtaireachtaí ón gCoimisiún, conclúidí ón gComhairle Eorpach agus conclúidí ón gComhairle, agus dearbhuithe ó chruinnithe mullaigh nó conclúidí ó chruinnithe ardleibhéil, rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa, teachtaireachtaí ón gCoimisiún nó teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Airteagal 8
Prionsabail ghinearálta

1.Féachfaidh an tAontas le prionsabail an daonlathais, an smacht reachta, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha ar a bhfuil sé bunaithe a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, trí idirphlé agus trí chomhar le tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta.

2.Cuirfear cur chuige i bhfeidhm atá bunaithe ar chearta lena gcuimseofar cearta uile an duine, bíodh siad sibhialta nó polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta nó cultúrtha chun prionsabail chearta an duine a chomhtháthú, chun cuidiú le sealbhóirí ceart agus iad ag éileamh a gceart agus é dírithe ar ghrúpaí níos boichte agus níos íogaire agus chun cúnamh a thabhairt do thíortha níos boichte agus iad ag cur chun feidhme a noibleagáidí i leith chearta an duine. Leis an Rialachán seo cuirfear comhionannas inscne agus cumhachtú ban chun cinn.

3.Tacóidh an tAontas, mar is iomchuí, le cur chun feidhme an chomhair agus an idirphlé dhéthaobhaigh, réigiúnaigh agus iltaobhaigh, comhaontuithe comhpháirtíochta agus an chomhair thriantánaigh.

Cuirfidh an tAontas chun cinn cur chun feidhme iltaobhach atá bunaithe ar rialacha i leith earraí agus dúshláin dhomhanda agus oibreoidh sé i gcomhar leis na Ballstáit, le tíortha comhpháirtíochta, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus deontóirí eile.

Cothóidh an tAontas comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le deontóirí eile.

Maidir lena chaidreamh le tíortha comhpháirtíochta, cuirfear san áireamh an taifead atá acu i leith gealltanais, conarthaí idirnáisiúnta agus caidreamh conarthach leis an Aontas.

4.Beidh an comhar idir an tAontas agus na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus le tíortha comhpháirtíochta, ar an taobh eile, bunaithe ar phrionsabail éifeachtacht na forbartha agus cuirfidh sé chun cinn iad, i gcás inarb infheidhme, mar atá: úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha a bheith ag tíortha comhpháirtíochta, díriú ar thorthaí, ar chomhpháirtíochtaí cuimsitheacha don fhorbairt, ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht fhrithpháirteach. Cuirfidh an tAontas chun cinn cur ar fáil agus úsáid acmhainní atá éifeachtach agus éifeachtúil.

I gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta cuimsithí, i gcás inarb iomchuí, áiritheoidh an Coimisiún go rachfar i gcomhairle go hiomchuí le páirtithe leasmhara ábhartha tíortha comhpháirtíochta, lena náirítear eagraíochtaí de chuid sa sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla agus go mbeidh rochtain thabpa acu ar fhaisnéis ábhartha sa chaoi gur féidir leo ról fóntach a bheith acu le linn ceapadh, cur chun feidhme agus próisis faireacháin bhainteacha clár.

I gcomhréir le prionsabal na húinéireachta, tabharfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tús áite d’úsáid córas tíortha comhpháirtíochta chun cláir a chur chun feidhme.

5.Chun comhlántacht agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochta a chur chun cinn, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit comhordú ar a mbeartais agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile faoina gcláir chúnaimh, go fiú in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta.

6.Leis na cláir agus na gníomhaíochtaí faoin gclár seo, príomhshruthófar an tathrú aeráide, cosaint an chomhshaoil agus an chomhionannais inscne agus tabharfar aghaidh ar idirnascanna idir Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, chun gníomhaíochtaí comhtháite a chur chun cinn lenar féidir comhthairbhí agus ilchuspóirí a chruthú ar bhealach comhleanúnach. Beidh na cláir agus na gníomhaíochtaí sin bunaithe ar anailís ar na rioscaí agus na híogaireachtaí, comhtháthófar leo cur chuige athléimneachta agus beidh siad íogair ó thaobh coinbhleachta de. Beidh siad bunaithe ar an bprionsabal nár cheart aon duine a fhágáil ar deireadh.

7.Leanfar de chur chuige níos comhordaithe, níos iomlánaíche agus níos struchtúrtha i leith na himirce le comhpháirtithe agus measfar a éifeachtacht go tráthrialta.

8.Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas agus malartóidh sé tuairimí léi go tráthrialta.

Airteagal 9
Fothú acmhainní na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt

1.I gcomhréir le hAirteagal 412 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní úsáidfear cistiú ón Aontas faoin Rialachán seo chun soláthar arm ná armlóin, ná oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta leo a mhaoiniú.

2.Chun rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe a bhfuil sochaithe cobhsaí síochánta cuimsitheacha a bhaint amach ag teastáil lena haghaidh, féadfar cúnamh ón Aontais faoin Rialachán seo a úsáid i gcomhthéacs athbhreithniú níos leithne ar an earnáil slándála chun acmhainn na ngníomhaithe míleata i dtíortha comhpháirtíochta a fhothú,faoi na dálaí eisceachtúla a leagtar amach i mír 4, chun gníomhaíochtaí forbartha agus slándáil do ghníomhaíochtaí forbartha a sholáthar.

3.Maidir leis an gcúnamh de bhun an Airteagail seo, féadfar a chumhdach leis, go háirithe, soláthar clár maidir le fothú acmhainní chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt, lena náirítear oiliúint, meantóireacht agus comhairle, mar aon le soláthar trealaimh, feabhsuithe ar an mbonneagar agus seirbhísí a bhaineann go díreach leis an gcúnamh sin.

4.Is sna cásanna seo amháin a thabharfar cúnamh:

(a)i gcás nach féidir ceanglais a chomhlíonadh trí dhul ar iontaoibh gníomhaithe neamh-mhíleata chun cuspóirí an Aontais faoin Rialachán seo a bhaint amach agus go bhfuil feidhmiú na ninstitiúidí stáit faoi bhagairt, nó go bhfuil cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha faoi bhagairt agus nach féidir leis na hinstitiúidí stáit déileáil leis an mbagairt sin a thuilleadh; agus

(b)i gcás ina mbeidh comhdhearcadh ann idir an tír chomhpháirtíochta lena mbaineann agus an tAontas go bhfuil an-tábhacht ag baint le gníomhaithe míleata chun na dálaí atá ríthábhachtach don fhorbairt inbhuanaithe a chaomhnú, a bhunú nó a athbhunú, lena náirítear i ngéarchéimeanna nó i gcomhthéacsanna agus cásanna leochaileacha nó díchobhsaithe.

5.Ní úsáidfear cúnamh an Aontais de bhun an Airteagail seo chun fothú acmhainní do ghníomhaithe míleata a mhaoiniú chun críocha seachas gníomhaíochtaí forbartha agus slándáil do ghníomhaíochtaí forbartha a sholáthar. Go háirithe, ní úsáidfear cúnamh an Aontais chun an méid seo a leanas a mhaoiniú:

(a)caiteachas míleata a thagann chun cinn go tráthrialta;

(b)soláthar arm agus armlón, ná aon trealamh eile a cheaptar chun fórsa marfach a thabhairt;

(c)oiliúint atá ceaptha go sonrach chun cur le hacmhainn troda na bhfórsaí armtha.

6.Nuair atá bearta á gceapadh agus á gcur chun feidhme de bhun an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún úinéireacht na tíre comhpháirtíochta ar na bearta sin a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, forbróidh sé na heilimintí riachtanacha agus na dea-chleachtais is gá chun inbhuanaitheacht sa mheántéarma agus san fhadtéarma a áirithiú agus cuirfidh sé an smacht reachta agus prionsabail sheanbhunaithe an dlí idirnáisiúnta chun cinn.

7.Cuirfidh an Coimisiún ar bun nósanna imeachta iomchuí maidir le measúnú riosca, faireachán agus meastóireacht i dtaca le bearta a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.

TEIDEAL II
AN RIALACHÁN SEO A CHUR CHUN FEIDHME

Caibidil I
Clársceidealú

Airteagal 10
Cur chuige ginearálta um chlársceidealú

1.Clársceidealófar comhar agus idirghabháil faoin Rialachán seo, cé is moite de ghníomhaíochtaí mearfhreagartha dá dtagraítear in Airteagal 4(4).

2.Ar bhonn Airteagal 7, beidh aon chlársceidealú a dhéanfar faoin Rialachán seo bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a)sna doiciméid chlársceidealaithe beidh creat comhleanúnach le haghaidh comhar idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta nó réigiúin chomhpháirtíochta, creat a bheidh comhsheasmhach le cuspóir foriomlán agus le raon feidhme, cuspóirí, prionsabail a leagtar amach faoin Rialachán seo;

(b)rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhairle le chéile go luath sa phróiseas clársceidealaithe, agus lena linn, chun comhtháthú, comhlántacht agus comhsheasmhacht a chur chun cinn idir a ngníomhaíochtaí comhair. is é an clársceidealú coitianta an cur chuige tosaíochta a úsáidfear le haghaidh clársceidealú tíortha. beidh an clársceidealú le fáil ag deontóirí eile i gcás inarb ábhartha;

(c)rachaidh an tAontas i gcomhairle le deontóirí agus gníomhaithe eile chomh maith, lena náirítear ionadaithe ón tsochaí sibhialta agus ó údaráis áitiúla i gcás inarb ábhartha.

(d)leis na cláir théamacha um Chearta an Duine, an Daonlathas agus an tSochaí Shibhialta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) (a) agus (b) tabharfar cúnamh go neamhspleách air thoiliú rialtas agus údaráis phoiblí eile na dtríú tíortha lena mbaineann. Is d’eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta den chuid is mó a thabharfar tacaíocht leis na cláir théamacha sin.

Airteagal 11
Prionsabail um chlársceidealú le haghaidh cláir geografacha

1.Beidh clársceidealú clár geografach bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

(a)gan dochar do mhír 4, beidh gníomhaíochtaí bunaithe, a mhéid is féidir, ar dhialóg idir an tAontas, na Ballstáit agus na tíortha comhpháirtíochta lena mbaineann, lena náirítear údaráis náisiúnta agus áitiúla agus glacfaidh an tsochaí shibhialta, na parlaimintí náisiúnta agus áitiúla agus páirtithe leasmhara eile páirt iontu chun úinéireacht sa phróiseas a mhéadú agus chun tacaíocht a chothú do straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha;

(b)i gcás inarb iomchuí, déanfar an chlárthréimhse a shioncroiniú le timthriallta straitéiseacha na dtíortha comhpháirtíochta;

(c)mar chuid den chlársceidealú féadfar gníomhaíochtaí comhair a bheartú a chisteofar as leithdháilte éagsúla a liostaítear in Airteagal 6(2) agus ó Chláir eile de chuid an Aontais de réir a ngníomhartha bunúsacha.

2.Mar chuid de chlársceidealú an gclár geografach, cuirfear ar fáil creat comhair sonrach saincheaptha ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)riachtanais na gcomhpháirtithe, arna ndéanamh amach ar bhonn critéir sonracha, agus an daonra, bochtaineacht, neamh-chomhionannas, forbairt an duine, íogaireacht eacnamaíoch agus chomhshaoil agus athléimneacht an stáit agus na sochaí;

(b)acmhainneachtaí na gcomhpháirtithe i leith acmhainní airgeadais a ghiniúint agus rochtain a fháil orthu agus a nacmhainneachtaí ionsúcháin; agus

(c)gealltanais agus feidhmíocht na gcomhpháirtithe, arna ndéanamh amach ar bhonn critéir amhail athchóiriú polaitiúil agus forbairt eacnamaíochta agus sochaí;

(d)an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cistiú ón Aontas i dtíortha comhpháirtíochta;

(e)    acmhainneacht agus tiomantas na gcomhpháirtithe i leith leasanna agus luachanna coiteanna a chur chun cinn agus tacú le spriocanna coiteanna agus le comhghuaillíochtaí iltaobhacha, chomh maith le cur chun cinn thosaíochtaí an Aontais.

3.Tabharfar tosaíocht do na tíortha a mbeidh an gá is mó acu le cúnamh, go háirithe na tíortha is lú forbairt, tíortha ísealioncaim agus tíortha ina mbeidh géarchéim, tíortha iar-ghéarchéime nó tíortha a bheidh i staideanna leochaileacha agus soghonta, lena náirítear oileáin bheaga agus tíortha i mbéal forbartha, sa phróiseas leithdháilte acmhainní.

4.Beidh an comhar le tíortha tionsclaíochta dírithe ar chur chun cinn leasanna an Aontais agus leasanna coiteanna.

5.Beidh doiciméid clársceidealaithe le haghaidh cláir gheografacha bunaithe ar thorthaí agus cuirfear san áireamh iontu, i gcás inarb iomchuí, spriocanna agus táscairí a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, go háirithe iad siúd a leagtar amach le haghaidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, comh maith le creata torthaí ar leibhéal tíre, chun an méid a chuir an tAontas le torthaí a mheas, ar leibhéil na naschur, na bhfothorthaí agus an tionchair.

6.Agus na doiciméid chlárúcháin á ndréachtú do thíortha ina bhfuil géarchéim, tíortha iar-ghéarchéime nó cásanna soghontachta nó leochaileachta, cuirfear riachtanais speisialta agus dálaí na dtíortha nó na réigiún lena mbaineann san áireamh mar is iomchuí.

I gcás ina mbeidh baint dhíreach ag tíortha comhpháirtíochta nó ag réigiúin chomhpháirtíochta le géarchéim, le hiar-ghéarchéim nó le leochaileacht, nó ina ndéanfaidh siad difear dóibh, leagfar béim ar leith ar bhorradh a chur faoi chomhordú idir na gníomhaithe ábhartha uile chun cuidiú leis an aistriú ó chás éigeandála chuig céim na forbartha.

7.Rannchuideofar leis an Rialachán seo le gníomhaíochtaí arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. …/… (Erasmus). Tarraingeofar suas aon doiciméad clársceidealaithe amháin ón Rialachán seo le haghaidh seacht mbliana, agus beidh cistí ó Rialachán (AE) Uimh. …/… (IPA III) ina gcuid den chlársceidealú sin. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. …/… (Erasmus) maidir le húsáid na gcistí sin.

Airteagal 12
Doiciméid chlársceidealaithe le haghaidh cláir gheografacha

1.Cuirfear an Rialachán seo chun feidhme i gcás cláir gheografacha le cláir thíre agus iltíortha ilbhliantúla tháscacha.

2.Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha na limistéir thosaíochta arna roghnú le haghaidh maoiniú ón Aontas, na cuspóirí sonracha, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, táscairí feidhmíochta soiléire sonracha agus na leithdháiltí táscacha airgeadais, go foriomlán agus in aghaidh an limistéir tosaíochta araon.

3.Beidh na cláir ilbhliantúla tháscacha bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(a)    straitéis náisiúnta nó réigiúnach i bhfoirm plean forbartha náisiúnta nó doiciméid den chineál sin a ghlacfaidh an Coimisiún leis mar bhonn don chlár ilbhliantúil táscach comhfhreagrach, tráth a ghlacfar an doiciméad deireanach sin a luadh;

(b)    creat-doiciméad ina leagfar síos an beartas de chuid an Aontais i leith an chomhpháirtí nó na gcomhpháirtithe lena mbaineann, lena náirítear doiciméad comhpháirteach idir an tAontas agus Ballstáit;

(c)    doiciméad comhpháirteach idir an tAontas agus an comhpháirtí nó na comhpháirtithe lena mbaineann ina leagfar amach tosaíochtaí coiteanna.

4.Chun tionchar an chomhair chomhpháirtigh san Aontas a mhéadú, i gcás inar féidir, cuirfear doiciméad clársceidealaithe comhpháirteach in ionad dhoiciméid chomhpháirteacha an Aontais agus na mBallstát. Féadfar doiciméad clársceidealaithe comhpháirteach a chur in ionad chlár ilbhliantúil táscach an Aontais, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé Airteagal 10 agus Airteagal 11, go mbeidh na heilimintí ann a liostaítear i mír 2 den Airteagal seo agus go leagfar amach ann roinnt an tsaothair idir an tAontas agus na Ballstáit.

Airteagal 13
Doiciméid chlársceidealaithe le haghaidh cláir théamacha

1.Cuirfear an Rialachán seo chun feidhme i gcás cláir théamacha le cláir thíre agus iltíortha ilbhliantúla tháscacha.

2.Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh na gclár téamach straitéis an Aontais, na tosaíochtaí arna roghnú lena maoiniú ag an Aontas, na cuspóirí sonracha, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, táscairí feidhmíochta soiléire sonracha, an staid idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí na bpríomh-chomhpháirtithe i leith an téama lena mbaineann.

I gcás inarb infheidhme, leagfar síos acmhainní agus tosaíochtaí maidir le hidirghabháil don rannpháirtíocht i dtionscnaimh dhomhanda.

Leagfar amach an leithdháileadh airgeadais táscach, go foriomlán, de réir réimse comhair agus de réir tosaíochta sna cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh cláir théamacha . I gcás inarb iomchuí, féadfar an leithdháileadh táscach airgeadais sin a léiriú i bhfoirm raoin.

Airteagal 14
Cláir ilbhliantúla tháscacha a ghlacadh agus a leasú

1.Glacfaidh an Coimisiún páipéir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 12 agus Airteagal 13 trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2). Beidh an nós imeachta sin i bhfeidhm chomh maith maidir le hathbhreithnithe dá dtagraítear i mír 3, mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo, a bhfuil sé d’éifeacht acu go modhnaíonn siad go suntasach ábhar an chláir ilbhliantúil tháscaigh.

2.Nuair a bheidh an Coimisiún ag glacadh na ndoiciméad clársceidealaithe ilbhliantúil comhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 12, ní chuirfear an cinneadh ón gCoimisiún i ach maidir le rannchuidiú an Choimisiún leis an doiciméad clársceidealaithe ilbhliantúil comhpháirteach.

3.Féadfar cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh cláir gheografacha a athbhreithniú i gcás inar gá ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach, go háirithe nuair a bheidh athruithe substaintiúla ar an gcreat beartais dá dtagraítear in Airteagal 7 nó tar éis cás géarchéime nó iar-ghéarchéime.

4.Féadfar cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh cláir théamacha a athbhreithniú i gcás inar gá ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach, go háirithe nuair a bheidh athruithe substaintiúla ar an gcreat beartais dá dtagraítear in Airteagal 7.

5.Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar iomchuí leo, amhail géarchéimeanna nó bagairtí láithreacha don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear in Airteagal 12 agus Airteagal 13 den Rialachán seo le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 35(4). 

Airteagal 15
An cúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn

1.Úsáidfear an tsuim dá dtagraítear in Airteagal 6(3) inter alia:

(a)chun a áirithiú go bhfreagróidh an tAontas go hiomchuí i gcás cúinsí gan choinne;

(b)chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais nua nó ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, amhail iad siúd ag teorainneacha an Aontais nó a chomharsan a bhaineann le cásanna géarchéime nó iar-ghéarchéime nó brú imirce;

(c)chun tionscnaimh nó tosaíochtaí nua faoi stiúir an Aontais a chur chun cinn.

2.Socrófar úsáid na gcistí sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 14 agus Airteagal 21.

Caibidil II
Forálacha sonracha maidir leis an gComharsanacht

Airteagal 16
Doiciméid chlársceidealaithe agus critéir leithdháilte

1.I gcás tíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I, is as na limistéir atá luaite i ndoiciméid dá dtagraítear in Airteagal 12(3)(c), i gcomhréir le limistéir chomhair an limistéir Comharsanachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a roghnófar na limistéir thosaíochta i leith cistiú ón Aontas den chuid is mó.

2.De mhaolú ar Airteagal 11(2), tabharfar tacaíocht ón Aontas faoi chláir gheografacha sa limistéar Comharsanachta a i bhfoirmeacha agus suimeanna éagsúla, agus na heilimintí seo a leanas a chur san áireamh lena léirítear, i gcás na tíre comhpháirtíochta:

(a)a riachtanais, amhail daonra agus an leibhéal forbartha;

(b)a tiomantas do chuspóirí a chur chun feidhme agus dul chun cinn maidir lena gcur chun feidhme, ar cuspóirí iad maidir le hathchóiriú polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta agus ar thángthas ar chomhaontú comhpháirteach fúthu;

(c)a tiomantas do dhaonlathas domhain inbhuanaithe a chothú agus don dul chun cinn maidir leis sin;

(d)a comhpháirtíocht leis an Aontas, lena náirítear leibhéal uaillmhéine na comhpháirtíochta sin;

(e)a hacmhainn ionsúcháin agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an tacaíocht ón Aontas faoin Rialachán seo uirthi.

3.Léireofar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 2 sna doiciméid ilbhliantúla chlársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 12.

Airteagal 17
Cur chuige ar bhonn feidhmíochta

1.Go táscach, déanfar 10 % den imchlúdach airgeadais a leagtar amach in Airteagal 4(2)(a) chun na leithdháiltí tíre dá dtagraítear in Airteagal 12 a fhorlíonadh, déanfar é a leithdháileadh ar thíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I chun an cur chuige ar bhonn feidhmíochta a chur chun feidhme. Socrófar na leithdháiltí ar bhonn feidhmíochta de réir dul chun cinn na dtíortha i dtreo an daonlathais, chearta an duine, an smachta reachta, an chomhair i leith imirce, an rialachais eacnamaíoch agus na nathchóirithe. Measfar dul chun cinn tíortha comhpháirtíochta go bliantúil.

2.Ní bheidh feidhm ag an gcur chuige ar bhonn feidhmíochta maidir le tacaíocht don tsochaí shibhialta, teagmhálacha duine le duine, lena náirítear comhar idir na h-údaráis áitiúla, tacaíocht chun feabhas a chur ar chearta an duine ná bearta tacaíochta a bhaineann le géarchéim. I gcás meath tromchúiseach nó leantach ar an daonlathas, ar chearta an duine nó ar an smacht reachta, féadfar an tacaíocht do na gníomhaíochtaí sin a mhéadú.

Airteagal 18
Comhar trasteorann

1.Cumhdóidh comhar trasteorann, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3), comhar ag teorannacha cóngaracha, comhar trasnáisiúnta thar chríocha trasnáisiúnta níos mó, comhar muirí thart ar imchuach farraige agus comhar idir-réigiúnach.

2.Ranníocfaidh an limistéar Comharsanachta le cláir comhair trasteorann dá dtagraítear i mír a 1, a chomhaoiníonn Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa faoi chuimsiú Rialachán CCE 81 . Leithdáilfear 4 % den imchlúdach airgeadais go táscach don limistéar Comharsanachta chun tacaíocht a thabhairt do na cláir sin.

3.Déanfar ranníocaíochtaí le cláir comhair trasteorann a shocrú agus a úsáid de bhun Airteagal 10(3) de Rialachán CCE.

4.Ní bheidh ráta athmhaoiniúcháin os cionn 90 % de chaiteachas incháilithe cláir comhair trasteorann. Is é 100 % an ráta cómhaoiniúcháin a bheidh ann le haghaidh cúnamh teicniúil.

5.Socrófar réamh-mhaoiniú le haghaidh cláir comhair trasteorann sa chlár oibre de réir riachtanais dtríú tíortha rannpháirteacha agus na gcríoch rannpháirteach agus féadfar é a shocrú os cionn an chéatadáin dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán CCE.

6.Déanfar doiciméad ilbhliantúil táscach straitéise le haghaidh comhar trasteorann ina leagfar amach na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Rialachán seo, déanfar é a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán CCE.

7.I gcás ina scoirfear de chláir comhair trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán CCE, féadfar aon tacaíocht ón limistéar Comharsanachta don chlár ar scoireadh de a bheidh ar fáil fós a úsáid chun aon ghníomhaíocht eile faoin limistéar Comharsanachta a mhaoiniú.

Caibidil III
Pleananna gníomhaíochta, bearta agus modhanna cur chun feidhme

Airteagal 19
Pleananna gníomhaíochta agus bearta

1.Glacfaidh an Coimisiún cláir ghníomhaíochta bhliantúla nó ilbhliantúla nó bearta bliantúla nó ilbhliantúla. Féadfaidh na bearta a bheith i bhfoirm beart aonair, beart speisialta, beart tacaíochta nó beart cúnaimh eisceachtúil. Sonrófar sna cláir ghníomhaíochta agus sna bearta sin na cuspóirí a bheidh leo, na torthaí a mbeifear ag súil leo, na príomhghníomhaíochtaí, na modhanna cur chun feidhme, an buiséad agus an tamchlár táscach, aon bhearta tacaíochta a bhaineann leo agus socruithe faireacháin ar fheidhmíocht.

2.Beidh pleananna gníomhaíochta bunaithe ar chláir chlársceidealaithe, ach amháin i gcásanna dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4.

I gcás inar gá, féadfar gníomhaíocht a ghlacadh mar bheart aonair sula nglacfar na cláir ghníomhaíochta nó tar a éis sin. Beidh bearta aonair bunaithe ar chláir chlársceidealaithe, ach amháin i gcásanna dá dtagraítear i mír 3 agus i gcásanna eile a bhfuil údar iomchuí leo.

I gcás riachtanais nó dálaí gan choinne, agus nuair nach féidir maoiniú a fháil ó fhoinsí níos iomchuí, féadfaidh an Coimisiún bearta speisialta a ghlacadh nach bhforáiltear maidir leo sna doiciméid clársceidealaithe.

3.Féadfar pleananna gníomhaíochta bliantúla nó ilbhliantúla agus bearta aonair a úsáid chun gníomhaíochtaí mearfhreagartha dá dtagraítear in Airteagal 4(4)(b) agus (c) a chur chun feidhme.

4.Féadfaidh an Coimisiún bearta cúnaimh eisceachtúil a ghlacadh le haghaidh bearta mearfhreagartha dá dtagraítear in Airteagal 4(4)(a).

Féadfaidh beart eisceachtúil um chúnamh maireachtáil suas le 18 mí agus féadfar sé mhí sa bhreis, suas le huastréimhse iomlán 30 mí, a chur leis dhá uair i gcás bacainní oibiachtúla gan choinne ar a chur chun feidhme, ar choinníoll nach dtiocfaidh méadú ar an tsuim airgeadais a bhaineann leis an mbeart.

I gcásanna géarchéime agus coinbhleachta fada, féadfaidh an Coimisiún an dara beart eisceachtúil um chúnamh a ghlacadh de thréimhse suas le 18 mí. I gcásanna a bhfuil údar iomchuí leo féadfaidh bearta a ghlacadh i gcás inar gá gníomhaíocht an Aontais a bheith leanúnach agus nach féidir í a áirithiú le modhanna eile.

Airteagal 20
Bearta tacaíochta

1.Féadfar caiteachas tacaíochta a chumhdach le maoiniú an Aontais le haghaidh chur chun feidhme na hionstraime agus bhaint amach a cuspóirí, lena náirítear tacaíocht riaracháin a bhaineann le hullmhúchán, le bearta leantacha, le faireachán, le rialú, le gníomhaíochtaí iniúchóireachta agus meastóireachta is gá le haghaidh an chur chun feidhme sin, mar aon le caiteachas ag an gceannáras agus ag toscaireachtaí an Aontais ar an tacaíocht riaracháin is gá le haghaidh an chláir agus chun na hoibríochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo, lena náirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus chumarsáide agus córais faisnéise corparáidí a bhainistiú.

2.Nuair nach mbeidh caiteachas tacaíochta ina chuid de na pleananna gníomhaíochta ná na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21, glacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb infheidhme, bearta tacaíochta. Féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach faoi bhearta tacaíochta:

(a)staidéir, cruinnithe, faisnéis, múscailt feasachta, oiliúint, ullmhúchán agus malartú ceachtanna a foghlaimíodh agus dea-chleachtas, gníomhaíochtaí foilsithe agus aon chaiteachas eile ar riarachán nó ar chúnamh teicniúil is gá chun gníomhaíochtaí a chlársceidealú agus a bhainistiú, lena náirítear saineolaithe seachtracha a íoctar;

(b)gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus staidéir ar shaincheisteanna iomchuí agus a scaipeadh;

(c)caiteachais a bhaineann le soláthar faisnéise agus gníomhaíochtaí cumarsáide, lena náirítear straitéisí cumarsáide a fhorbairt mar aon le cumarsáid chorparáideach agus infheictheacht thosaíochtaí polaitiúla an Aontais.

Airteagal 21
Pleananna gníomhaíochta agus bearta a ghlacadh

1.Glacfar pleananna gníomhaíochta agus bearta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

2.Ní gá an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 a úsáid i gcás:

(a)pleananna gníomhaíochta, bearta aonair agus bearta tacaíochta nach mó ná EUR 10 milliún an maoiniú ón Aontas lena naghaidh;

(b)bearta speisialta agus pleananna gníomhaíochta agus bearta a glacadh chun gníomhaíochtaí mearfhreagartha a chun chun feidhme nach mó ná EUR 20 milliún an maoiniú ón Aontas lena naghaidh;

(c)ar choinníoll nach mbeidh éifeacht mhór ag na leasuithe sin ar chuspóirí an bhirt lena mbaineann.

(i)athrú ar an modh cur chun feidhme;

(ii)athshannadh cistí idir gníomhaíochtaí atá i gclár gníomhaíochta;

(iii)méaduithe nó laghduithe nach mó ná 20 % den bhuiséad tosaigh agus nach mó ná EUR 10 milliún ar bhuiséad beart agus clár gníomhaíochta;

I gcás pleananna agus bearta gníomhaíochta ilbhliantúil, is infheidhme na tairseacha dá dtagraítear i mír (2)(a), (b) agus (c)(iii) ar bhonn bliantúil.

I gcás ina nglacfar iad i gcomhréir leis an mír seo, cuirfear pleananna gus bearta gníomhaíochta, cé is moite de bhearta cúnaimh eisceachtúil, agus leasuithe teicniúla in iúl faoi cheann mí amháin ó ghlacfar iad do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit tríd an gcoiste ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 35.

3.Sula nglacfar bearta cúnaimh eisceachtúil nach mó ná EUR 20 milliún, nó sula gcuirfear síneadh leo, cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoina gcineál agus faoina gcuspóirí agus faoi na suimeanna airgeadais atá beartaithe. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas sula ndéanfaidh sé athruithe substainteacha ar bhearta cúnaimh eisceachtúil a glacadh cheana. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh cur chuige ábhartha beartais na Comhairle maidir le pleanáil agus cur chun cinn na mbeart sin tar a éis sin, ar mhaithe le comhchuibheas ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go hiomchuí luath faoi phleanáil agus cur chun feidhme beart cúnaimh eisceachtúil de bhun an Airteagail seo, lena náirítear na suimeanna airgeadais atá beartaithe, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin nuair a dhéanfaidh sé athruithe nó síntí suntasacha ar an gcúnamh sin.

4.i gcás mórchúiseanna práinne a mbeidh údar iomchuí leo, amhail tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine nó bagairtí láithreacha don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún pleananna gus bearta gníomhaíochta a ghlacadh, lena náirítear leasuithe ar na cláir agus na pleananna gníomhaíochta atá ann cheana, mar gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(4).

5.Tabharfar faoi scagadh iomchuí comhshaoil, lena náirítear le haghaidh thionchair an athraithe aeráide agus na bithéagsúlachta, ar leibhéal an na ngníomhaíochtaí, i gcomhréir le gníomhartha dlíthiúla is infheidhme de chuid an Aontais, lena náirítear Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 82 agus le Treoir 85/337/CEE ón gComhairle 83 , arb éard a bheidh iontu, i gcás inarb infheidhme, measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol le haghaidh tionscadal atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de, go háirithe le haghaidh mór-bhonneagar nua.

I gcás inarb ábhartha, bainfear leas as MSC i gcur chun feidhme clár earnála. Áiritheofar rannpháirtíocht páirtithe leasmhara i measúnuithe comhshaoil mar aon le rochtain phoiblí ar thorthaí na measúnuithe sin.

Airteagal 22
Modhanna comhair

1.Is é an Coimisiún a chuirfidh chun feidhme maoiniú na hIonstraime seo, de réir mar a fhoráiltear san Rialachán Airgeadais, bíodh sin go díreach le toscaireachtaí de chuid an Aontais agus le gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, nó go neamhdhíreach, le haon cheann de na heintitis a liostaítear in Airteagal 62 (1) (c) den Rialachán Airgeadais.

2.Féadfar maoiniú faoin Rialachán seo a sholáthar trí bhíthin ranníocaíochtaí isteach i gcistí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó náisiúnta, amhail na cistí a bhunaigh nó a bhainistíonn BEI, Ballstáit, tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta nó deontóirí eile.

3.Déanfaidh na heintitis a liostaítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais agus in Airteagal 29(1) den Rialachán seo a noibleagáidí tuairiscithe faoi Airteagal 155 den Rialachán Airgeadais a chomhlíonadh go bliantúil. Leagtar síos na hoibleagáidí tuairiscithe d’aon cheann de na heintitis sin sa chomhaontú réime airgeadais, sa chomhaontú ranníocaíochta, sa chomhaontú maidir le ráthaíocht bhuiséadach nó sa chomhaontú maoiniúcháin.

4.Féadfar gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoi na hIonstraimí a chur chun feidhme trí bhíthin cómhaoiniú comhthreomhar nó cómhaoiniú comhpháirteach.

5.I gcás cómhaoiniú comhthreomhar, déantar gníomhaíocht a dheighilt ina líon eilimintí inaitheanta agus déanann na comhpháirtithe éagsúla a chuireann cómhaoiniú ar fáil iad sin a mhaoiniú ar bhealach a fhágann gur féidir úsáid dheiridh an mhaoinithe a shainaithint i gcónaí.

6.I gcás cómhaoiniú chomhpháirteach, déantar costas iomlán gníomhaíochta a chomhroinnt idir na comhpháirtithe a chuireann an cómhaoiniú ar fáil agus comhthiomsaítear na hacmhainní ar bhealach a fhágann nach féidir an fhoinse maoinithe a shainaithint a thuilleadh le haghaidh aon ghníomhaíochta faoi leith a dhéantar mar chuid den ghníomhaíocht.

7.Féadfaidh an tAontas agus a chuid comhpháirtithe a bheith ag obair i gcomhar le chéile sna caíonna seo a leanas, inter alia:

(a)    socruithe triantánacha trína ndéanann an tAontas a chistiú cúnaimh do thír chomhpháirtíochta nó do réigiún comhpháirtíochta a chomhordú le tríú tíortha;

(b)bearta comhair riaracháin amhail nascadh idir institiúidí poiblí, údaráis áitiúla, comhlachtaí náisiúnta poiblí nó eintitis phríobháideacha dlí a gcuirfear de chúram orthu cúraimí seirbhíse poiblí Ballstáit agus cúraimí seirbhíse poiblí tíre comhpháirtíochta nó réigiúin chomhpháirtíochta, mar aon le bearta comhair a mbeidh baint ag saineolaithe ón earnáil phoiblí a sheolfar ó na Ballstáit agus óna núdaráis réigiúnacha agus áitiúla leo;

(c)ranníocaíochtaí leis na costais is gá chun comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a bhunú agus a riar;

(d)cláir thacaíochta le haghaidh beartais earnála, lena gcuirfidh an tAontas tacaíocht ar fáil do chlár earnála tíre comhpháirtíochta;

(e)ranníocaíochtaí le costas rannpháirtíocht na tíre i gcláir agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a chuireann chun feidhme gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, chomh maith le comhlachtaí agus daoine ar a bhfuil sé de chúram gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme atá sa Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach;

(f)fóirdheontais rátaí úis.

Airteagal 23
Foirmeacha an chistiúcháin ón Aontas agus modhanna cur chun feidhme

1.Féadfar cistiú ón Aontais a chur ar fáil trí bhíthin na gcineálacha maoinithe a bheartaítear sa Rialachán Airgeadais, agus trí bhíthin an méid a leanas go háirithe:

(a)deontais;

(b)conarthaí soláthair le haghaidh seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha;

(c)tacaíocht bhuiséadach;

(d)ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais a chuir an Coimisiún ar bun, i gcomhréir le hAirteagal 234 den Rialachán Airgeadais;

(e)ionstraimí airgeadais;

(f)ráthaíochtaí buiséadacha

(g)cumasc;

(h)faoiseamh ó fhiachais, i gcomhthéacs clár faoisimh ó fhiachais;

(i)cúnamh airgeadais;

(j)Saineolaithe seachtracha a íoctar.

2.Agus é i mbun oibre le geallsealbhóirí tíortha comhpháirtíochta, cuirfidh an Coimisiún a sonraíochtaí san áireamh, lena náirítear a riachtanais agus an comhthéacs is ábhartha, nuair a bheidh na módúlachtaí airgeadais, an cineál ranníocaíochta, na módúlachtaí dámhachtana agus na forálacha riaracháin chun deontais a bhainistiú á sainiú aige d’fhonn dul i dteagmháil leis an réimse is mó is féidir de na páirtithe leasmhara sin agus freagairt dóibh ar an dóigh is fearr. Ba cheart módúlachtaí sonracha a chothú i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, amhil comhaontuithe comhpháirtíochta, údaruithe tacaíochta airgeadais do thriú páirtithe, glaonna ar thairiscintí dámhachtana dírí nó atá srianta ó thaobh incháilitheachta de, cnapshuimeanna, costais aonaid agus maoiniú ráta comhréidh mar a bheartaítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

3.Le cois na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais, féadfar an nós imeachta dámhachtana dírí a úsáid le haghaidh na nithe seo a leanas: 

(a)deontais ar luach íseal do chosantóirí chearta an duine chun gníomhartha práinneacha cosanta a mhaoiniú, i gcás inarb iomchuí gan an gá le cómhaoiniú;

(b)deontais, i gcás inarb iomchuí gan aon ghá le cómhaoiniú, chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoi na dálaí is deacra i gcás nárbh iomhchuí glao ar thairiscintí a fhoilsiú, lena náirítear cásanna ina bhfuil easpa thromchúiseach saoirsí bunúsacha, inar mó an baol i leith shlándáil an duine i mbaol nó ina bhfuil eagraíochtaí agus cosantóirí chearta an duine ag gníomhú faoi na dálaí is deacra. Ní bheidh na deontais sin os cionn EUR 1 000 000 agus mairfidh siad suas le 18 mhí agus a fhéadfar síneadh 12 mhí a chur leis an tréimhse sin i gcás bacainní oibiachtúla agus gan choinne ar a gcur chun feidhme;

(c)deontais d’Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine; agus don Champas Domhanda, don Ionad Eorpach Idir-Ollscoile um Chearta an Duine agus um an Daonlathú, ina gcuirtear Céim Mháistir Eorpach ar fáil i gCearta an Duine agus sa Daonlathú agus Clár Comhaltachta AE-NA, agus a líonra gaolmhar ollscoileanna ina gcuirtear dioplómaí i gcearta an duine ar fáil, lena náirítear scoláireachtaí do mhic léinn agus do Chosantóirí Chearta an Duine de chuid tríú tíortha.

Tá an tacaíocht bhuiséadach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, lena náirítear le conarthaí feidhmíochta athbhreithnithe earnála, bunaithe ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar ghealltanais chomhroinnte i leith luachanna uilíocha, an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta, agus tá sí dírithe ar chomhpháirtíochtaí conarthacha a neartú idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta. Ina gcuid den tacaíocht sin beidh dialóg dhaingnithe faoi bheartais, forbairt acmhainneachtaí agus rialachas feabhsaithe lena gcomhlánófar iarrachtaí na gcomhpháirtithe ar níos mó a bhailiú agus ar bheith ag caitheamh níos fearr chun fás eacnamaíoch poist a bheidh inbhuanaithe cuimsitheach agus ar dheireadh a chur leis an mbochtaineacht.

Beidh aon chinneadh tacaíocht bhuiséadach a sholáthar bunaithe ar na beartais tacaíochta buiséadaí a chomhaontóidh an tAontas, ar shraith shoiléir de chritéir incháilitheachta agus ar mheasúnú cúramach ar na rioscaí agus ar na tairbhí.

4.Beidh tacaíocht bhuiséadach éagsúil chun gur féidir freagairt ar bhealach níos fearr do chomhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta na tíre comhpháirtíochta, agus cásanna leochaileachta á gcur san áireamh.

Agus an tacaíocht bhuiséadach á cur ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 236 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún sainiú agus faireachán ar chritéir i dtaca le coinníollacht, lena náirítear dul chun cinn i leith athchóirithe agus trédhearcachta, agus tabharfaidh sé tacaíocht d’fhorbairt an rialaithe pharlaimintigh agus acmhainneachtaí iniúchta agus cuirfidh sé le trédhearcacht agus le rochtain phoiblí ar fhaisnéis.

5.Beidh eisíoc na tacaíochta buiséadaí bunaithe ar tháscairí a léireoidh dul chun cinn sásúil i dtreo na cuspóirí a comhaontaíodh leis an tír chomhpháirtíochta a bhaint amach.

6.Féadfaidh ionstraimí airgeadais faoin Rialachán seo a bheith i bhfoirmeacha amhail iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromas nó samhail chothromais, infheistíochtaí nó rannpháirteachais agus, in aon chás inar féidir agus i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 209(1) den Rialachán Airgeadais faoi cheannaireacht BEI, institiúid Eorpach iltaobhach airgeadais amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha nó faoi cheannaireacht institiúid Eorpach dhéthaobhach airgeadais, agus is féidir go mbeidh siad comhthiomsaithe le foirmeacha eile tacaíochta airgeadais, ó Bhallstáit nó ó thríú páirtithe.

Féadfaidh Ballstáit nó aon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais ranníocaíochtaí a dhéanamh le hionstraimí airgeadais faoin Rialachán seo.

7.Féadfar na hionstraimí airgeadais sin a ghrúpáil ina saoráidí chun críocha cur chun feidhme agus tuairiscithe.

8.Ní ghinfidh an cistiú ón Aontais bailiú cánacha sonracha, dleachtanna sonracha nó muirir shonracha ná ní chuirfidh sé i ngníomh iad.

9.Féadfaidh cánacha, dleachtanna agus muirir a fhorchuirfidh tíortha comhpháirtíochta a bheith incháilithe do mhaoiniú faoin Rialachán seo.

Airteagal 24
Daoine agus eintitis incháilithe

1.I dtaca leis an deis a bheith páirteach i nósanna imeachta maidir le soláthar, deonú agus dámhachtain deontas le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi chláir gheografacha agus faoi Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus cláir um Dhúshláin Dhomhanda, beidh an deis sin ag gach eagraíochtaí idirnáisiúnta uile agus ag gach eintitis dhlíthiúla eile ar náisiúnaigh iad agus, i gcás daoine dlítheanacha, atá lonnaithe go bunúsach sna tíortha nó sna críocha seo a leanas:

(a)na Ballstáit, tairbhithe Rialachán (AE) …/…(IPA III), agus páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)tíortha Comharsanachta comhpháirtíochta agus Cónaidhm na Rúise i gcás ina mbeidh an nós imeachta ábhartha ar siúl i gcomhthéacs na gclár dá dtagraítear in Iarscríbhinn I ina mbeidh siad páirteach;

(c)tíortha agus críocha i mbéal forbartha, atá sa liosta d’fhaighteoirí Cúnaimh Forbartha Oifigiúil arna fhoilsiú ag Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta nach comhaltaí iad de ghrúpa G-20, agus tíortha agus críocha thar lear mar a shainmhínítear i gCinneadh …/… (AE) ón gComhairle;

(d)tíortha i mbéal forbartha a atá sa liosta d’fhaighteoirí Cúnaimh Forbartha Oifigiúil, ar comhaltaí iad de ghrúpa G-20, agus tíortha agus críocha eile, i gcás ina mbeidh an nós imeachta ábhartha ar siúl i gcomhthéacs gníomhaíocht a mhaoiníonn an tAontas faoin Rialachán seo ina mbeidh siad páirteach;

(e)tíortha a mbeidh rochtain chómhalartach ar mhaoiniú seachtrach curtha ar bun ag an gCoimisiún lena naghaidh. Féadfar rochtain chómhalartach a dheonú, le haghaidh tréimhse theoranta aon bhliana amháin ar a laghad, nuair a dhéanfaidh tír incháilitheacht a dheonú ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha incháilithe faoin Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach agus lena fhad a mhairfidh sí tar éis dó dul i gcomhairle leis an tír is faighteoir nó leis na tíortha is faighteoirí lena mbaineann;

(f)tíortha is comhaltaí den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, i gcás conarthaí a chuirfear chun feidhme i dTír is Lú Forbartha nó i dTír Bhocht ag a bhfuil Fiachais Ollmhóra, a chuimsítear sa liosta d’fhaighteoirí Cúnaimh Forbartha Oifigiúil.

2.Gan dochar do theorainneacha ar gné dhílis iad de chineál agus de chuspóirí na gníomhaíochta beidh rannpháirtíocht i ndámhachtain conarthaí nó deontas soláthair le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi chláir um Chearta an Duine agus um Dhaonlathas agus Cobhsaíocht agus Síocháin chomh maith le gníomhaíochtaí mearfhreagartha, beidh an rannpháirtíocht sin ar oscailt gan teorainneacha.

3.Aon soláthairtí nó ábhair a mhaoineofar faoin Rialachán seo, féadfaidh siad a bheith de thionscnamh aon tíre.

4.Ní infheidhme na rialacha a leagtar síos san Airteagal seo maidir le daoine nádúrtha atá fostaithe nó atá ar conradh go dleathach ar bhealach eile ag conraitheoir incháilithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag fochonraitheoir incháilithe, agus ní chruthófar leis na rialacha srianta náisiúntachta le haghaidh na ndaoine nádúrtha sin.

5.I gcás gníomhaíochtaí a chómhaoineoidh eintiteas go comhpháirteach nó a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó neamhdhíreach dá dtagraítear i bpointe (c) (ii) go dtí (viii) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, is infheidhme rialacha incháilitheachta na neintiteas sin freisin.

6.I gcás ina soláthróidh deontóirí maoiniú do chiste iontaobhais arna bhunú ag an gCoimisiún nó le hioncaim sheachtracha ainmnithe, is infheidhme na rialacha incháilitheachta i ngníomhaíocht bunaithe an chiste iontaobhais nó sa chomhaontú leis an deontóir i gcás ioncaim sheachtracha ainmnithe.

7.I gcás gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo agus le clár eile de chuid an Aontais, má bhíonn eintitis incháilithe faoi aon cheann de na cláir sin, measfar go bhfuil sé incháilithe.

8.I gcás gníomhaíochtaí iltíortha, féadfar a mheas go bhfuil eintitis dhlíthiúla ar náisiúnaigh iad agus, i gcás eintitis atá lonnaithe go bunúsach sna tíortha agus sna críocha a chumhdaíonn an gníomhaíocht, féadfar a mheas go bhfuil siad incháilithe.

9.Féadfar rialacha incháilitheachta an Airteagail seo a shrianadh de réir náisiúntacht, shuíomh geografach nó chineál na niarratasóirí, i gcás ina gceanglófar na srianta sin de bharr chineál sonrach agus chuspóirí na gníomhaíochta agus inar gá iad chun í a chur chun feidhme go héifeachtach.

10.Féadfar glacadh le táirgeoirí, le hiarratasóirí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe i gcás práinne nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar fáil i margaí na dtíortha nó na gcríoch lena mbaineann, nó i gcásanna eile a mbeidh bonn cirt iomchuí leo ina ndéanfadh cur i bhfeidhm na rialacha incháilitheachta réadú tionscadail, cláir nó gníomhaíochta dodhéanta nó thar a bheith deacair.

11.Chun acmhainneachtaí áitiúla, margaí áitiúla agus ceannacháin áitiúla a chur chun cinn, ba cheart tosaíocht a thabhairt do chonraitheoirí áitiúla agus réigiúnacha nuair a fhoráiltear leis an Rialachán Airgeadais maidir le dámhachtain ar bhonn tairisceana aonair. I ngach cás eile, déanfar rannpháirtíocht conraitheoirí áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin sin.

12.Faoin gclár um Dhaonlathas agus Cearta an Duine, beidh aon eintiteas nach mbeidh cumhdaithe faoin sainmhíniú ar eintiteas dlíthiúil in Airteagal 2(6) incháilithe nuair is gá sin chun réimsí idirghabhála an chláir sin a shaothrú.

Airteagal 25
Cistí a thabhairt anonn, tráthchodanna, leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, aisíocaíochtaí agus ioncam a ghineann ionstraimí airgeadais

1.Le cois Airteagal 12(2) den Rialachán Airgeadais, ní dhéanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí nár úsáideadh a thabhairt anonn go huathoibríoch agus féadfar iad a ghealladh go dtí 31 Nollaig na bliana tar a éis sin. Is é an tsuim a tugadh anonn is túisce a úsáidfear sa bhliain airgeadais tar a éis sin.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a tugadh anonn i gcomhréir le hAirteagal 12(6) den Rialachán Airgeadais.

2.Le cois na rialacha a leagtar síos in Airteagal 15 den Rialachán Airgeadais maidir le leithreasuithe a chur ar fáil arís, cuirfear leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do mhéid na gealltanais shaortha a rinneadh de bharr neamh-chur chun feidhme iomláin nó pháirtigh gníomhaíochta faoin Rialachán seo, cuirfear ar fáil iad arís le leas na líne buiséid tionscnamh.

Tuigfear, chun críche an Rialacháin seo, go bhfuil tagairt don Rialachán seo sna tagairtí d’Airteagal 15 den Rialachán Airgeadais in Airteagal 12(1)(b) lena leagtar síos an Creat Airgeadais Ilbhliantúil.

3.Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide iad ná aon bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta i gcomhréir le hAirteagal 112(2)den Rialachán Airgeadais.

Ní bheidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 114(2) den Rialachán Airgeadais maidir leis na gníomhaíochtaí ilbhliantúla sin. Mura bhforálfar maidir lena mhalairt sna rialacha is infheidhme, maidir le haon chuid de ghealltanas buiséadach do ghníomhaíocht nár úsáideadh, faoin 31 Nollaig den chúigiú bliain tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh, chun críche réamh-mhaoiniúcháin nó chun íocaíochtaí eatramhacha a dhéanamh nó nár thíolaic an teintiteas ar cuireadh de chúram air aon ráiteas deimhnithe caiteachais nó aon iarraidh ar íocaíocht, déanfaidh an Coimisiún an chuid sin a tharraingt siar.

Beidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo maidir le tráthchodanna bliantúla freisin.

4.De mhaolú ar Airteagal 209(3) den Rialachán Airgeadais, déanfar aisíocaíochtaí agus ioncaim a ghin ionstraim airgeadais a shannadh don líne bhuiséid thionscnaimh mar ioncam inmheánach sannta tar éis costais agus táillí bainistíochta a bhaint astu. Gach cúig bliana, breathnóidh an Coimisiún ar an méid atá déanta chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach, agus ar a éifeachtaí atá na hionstraimí airgeadais atá ann faoi láthair.

Caibidil IV
CEFI+, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha

Airteagal 26
Raon feidhme agus maoiniú

1.Is as an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal (6)(2)(a) a mhaoineofar an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) agus an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

Is é an cuspóir a bheidh le CEFI+ mar phacáiste airgeadais comhtháite lena soláthraítear acmhainneacht airgeadais leis na modhanna cur chun feidhme a chuirtear ar bun le hAirteagal 23(1)(a), (e), (f) agus (g), tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí agus an rochtain ar mhaoiniú a mhéadú chun forbairt eacnamaíoch agus shóisialta atá inbhuanaithe agus cuimsitheach a chothú, agus athléimneacht shocheacnamaíoch tíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn, lena agus é dírithe go háirithe ar dheireadh a chur leis an mbochtaineacht, fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, cruthú post cuibhiúil, deiseanna eacnamaíocha, scileanna agus fiontraíocht, earnálacha socheacnamaíocha, micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide mar aon le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna sonracha socheacnamaíocha atá leis an imirce neamhrialta, i gcomhréir leis na doiciméid clársceidealaithe tháscacha ábhartha. Díreofar aird ar leith ar thíortha ar sainaithníodh go bhfuil siad i ngleic le leochaileacht nó coimhlint, ar na Tíortha is Lú Forbairt agus ar thíortha bochta ag a bhfuil fiachais ollmhóra.

2.Leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha tabharfar tacaíocht d’oibríochtaí de chuid CEFI+ atá cumhdaithe ag ráthaíochtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 27, Airteagal 28 agus Airteagal 29 den Rialachán seo, do chúnamh miocrairgeadais agus d’iasachtaí do thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán EINS.

3.Faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, féadfaidh an tAontas oibríochtaí a ráthú a síníodh idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2027 suas le EUR 60 000 000 000.

4.Beidh an ráta soláthair idir 9 % agus 50 % de réir chineál na noibríochtaí.

Is é 9 % a bheidh i ráta soláthair na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le haghaidh an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas do ráthaíochtaí buiséadacha a chumhdaíonn rioscaí ceannasach a bhaineann le hoibríochtaí iasachta.

Athbhreithneofar na rátaí soláthair gach trí bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a leagtar síos in Airteagal 40. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun na na rátaí sin a fhorlíonadh nó a leasú.

5.Measfar gur ráthaíocht aonair sa chiste don soláthar coiteann a bhunaítear le hAirteagal 212 den Rialachán airgeadais í an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

6.Féadfar tacaíocht a thabhairt d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta i dtíortha comhpháirtíochta sna limistéir gheografacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) le CEFI+ agus leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Maoineofar soláthar na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha as buiséad na gclár geografach ábhartha a bhunaítear le hAirteagal 6(2)(a) agus aistreofar é isteach sa chiste do sholáthar coiteann. Féadfar oibríochtaí i dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán IPA III le CEFI+ agus leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha freisin. Maoineofar an cistiú do na hoibríochtaí sin faoi CEFI+ agus do sholáthar na Ráthaíochta o Ghníomhaíochtaí Seachtracha le Rialachán IPA. Maoineofar soláthar na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha d’iasachtaí do thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán EINS le Rialachán EINS.

7.Déanfar an soláthar dá dtagraítear in Airteagal 211(2) den Rialachán Airgeadais a shocrú ar bhonn dliteanais iomlána an Aontais a tháinig as gach oibríocht, lena náirítear oibríochtaí a síníodh roimh 2021 agus a ráthaigh an tAontas. Féadfar méid bliantúil an tsoláthair is gá a bhailiú le linn tréimhse suas le seacht mbliana.

8.Déanfar comhardú na sócmhainní faoi 31 Nollaig 2020 i gCiste Ráthaíochta CEFI agus sa chiste Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a bhunaítear le Rialachán AE 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Rialachán (CE, Eurotom) Uimh. 480/2009 faoi seach, déanfar é a aistriú isteach sa chiste do sholáthar coiteann chun a chuid oibríochtaí féin a sholáthar sa ráthaíocht aonair chéanna dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo.

Airteagal 27
Incháilitheacht agus roghnú oibríochtaí agus contrapháirtithe

1.Na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe do thacaíocht tríd an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, beidh siad comhsheasmhach agus i gcomhréir le beartais an Aontais, agus le straitéisí agus beartais na dtíortha comhpháirtíochta. Go háirithe tabharfar tacaíocht leo do chuspóirí, prionsabail ginearálta agus creat beartais an Rialacháin seo agus na ndoiciméad clársceidealaithe táscach ábhartha, agus aird iomchuí á tabhairt do na réimsí tosaíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn V.

2.Leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha tabharfar tacaíocht d’oibríochtaí airgeadais agus infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais agus:

(a)a áirithíonn comhlíontacht le tionscnaimh eile;

(b)atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta agus an airgeadais de, agus aird iomhchuí á tabhairt don tacaíocht agus don chómhaoiniú is féidir a gheofar ó comhpháirtithe príobháideacha agus poiblí sa tionscnamh, agus timpeallacht agus acmhainneachtaí oibríochta sonracha tíortha ar sainaithníodh go raibh siad i ngleic le leochaileacht nó le coinbhleacht, na dTíortha is Lú Forbairt agus na dtíortha bochta bochta ag a bhfuil fiachais ollmhóra ar féidir go bhfaighidh siad téarmaí lamháltais.

(c)atá inmharthana ó thaobh na teicniúlachta de agus tá siad inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de.

3.Úsáidfear an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha chun rioscaí a chumhdach i gcás na nionstraimí seo a leanas:

(a)iasachtaí, lena náirítear iasachtaí san airgeadra áitiúil agus iasachtaí cúnaimh macrairgeadais;

(b)ráthaíochtaí;

(c)frithráthaíochtaí;

(d)ionstraimí margaidh caipitil;

(e)aon chineál eile cistithe nó feabhsaithe creidmheasa, árachais, agus ranníocaíochtaí cothromais nó cuasachothromais.

4.Is iad na contrapháirtithe a sainaithnítear in Airteagal 208(4) den Rialachán Airgeadais, lena náirítear na contrapháirtithe as tríú tíortha a ranníocaíonn leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, is iad sin na contrapháirtithe incháilithe chon críocha na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, faoi réir fhormheas an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo. Ar a bharr sin agus de mhaolú ar Airteagal 62(2)(c) den Rialachán Airgeadais, beidh comhlachtaí a rialáiltear le dlí príobháideach Ballstáit nó tríú tí agus a ranníoc leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 28 agus a chruthaigh go leordhóthanach go bhfuil an acmhainneacht airgeadais is gá acu, beidh na comhlachtaí sin incháilithe chun críocha na Ráthaíochta.

5.Cloífidh contrapháirtithe incháilithe leis na rialacha agus leis na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 62(2)(c) den Rialachán Airgeadais. Maidir le comhlachtaí le dlí náisiúnta Ballstáit nó tríú tír a ranníoc leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo, tabharfar tús áite do na comhlachtaí sin a nochtann faisnéis a bhaineann le critéir i ndáil le rialachas comhshaoil, sóisialta agus corparáideach.

Áiritheoidh an Coimisiún úsáid éifeachtach, éifeachtúil agus chóir acmhainní idir contrapháirtithe incháilithe, agus comhar eatarthu á chur chun cinn aige.

Áiritheoidh an Coimisiún cóir chothrom do na contrapháirtithe uile agus áiritheoidh sé go seachnófar coinbhleachtaí leasa le linn thréimhse chur chun feidhme CEFI. Chun comhlántacht a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis ábhartha a iarraidh ó chontrapháirtithe incháilithe faoi na hoibríochtaí a dhéanann siad nach mbaineann le CEFI.

6.Roghnóidh an Coimisiún na contrapháirtithe incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 154 den Rialachán Airgeadais, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh aige:

(a)comhairle agus treoir na mbord oibríochta straitéisí agus réigiúnaí, i gcomhréir le hIarscríbhinn VI;

(b)cuspóirí na fuinneoige infheistíochta;

(c)taithí agus acmhainneacht bainistithe riosca an chontrapháirtí incháilithe;

(d)an méid dá acmhainní dílse chomh maith le cómhaoiniú ón earnáil phríobháideach atá an contrapháirtí incháilithe réidh le cur in úsáid don fhuinneog infheistíochta.

7.Cuirfidh an Coimisiún fuinneoga infheistíochta ar bun do réigiúin, do thíortha comhpháirtíochta sonracha nó don dá cheann díobh sin, atá le maoiniú leis an Rialachán seo atá le cumhdach leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha suas le méid seasta. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi conas a chomhlíonann na fuinneoga infheistíochta leis an Airteagal seo agus tabharfaidh sé miontuairisc di ar a dtosaíochtaí. Is faoi bhráid an Choimisiúin a chuirfear gach iarraidh ar thacaíocht airgeadais laistigh d’fhuinneoga infheistíochta.

Tabharfar údar iomchuí do rogha na bhfuinneog infheistíochta le hanailís ar chliseadh sa mhargadh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha. Déanfaidh an Coimisiún an anailís sin i gcomhar le contrapháirtithe nó le páirtithe leasmhara a d’fhéadfadh a bheith incháilithe.

Féadfaidh contrapháirtithe incháilithe na hionstraimí dá dtagraítear i mír 3 a chur ar fáil faoi fhuinneog infheistíochta nó i dtionscadail aonair arna riar ag contrapháirtí incháilithe. Féadfar na hionstraimí a chur ar fáil ar mhaithe le tíortha comhpháirtíochta, lena náirítear tíortha atá i ngleic le leochaileach nó coinbhleacht nó tíortha a bhfuil dúshláin rompu ó thaobh atógáil agus téarnamh iarchoinbhleachta, agus chun cuidiú le hinstitiúidí na dtíortha comhpháirtíochta sin, lena náirítear a mbainc phoiblí náisiúnta agus phríobháideacha áitiúla agus a ninstitiúidí poiblí náisiúnta agus príobháideacha áitiúla airgeadais, mar aon le heintitis in earnáil phríobháideach na dtíortha comhpháirtíochta sin.

8.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i dtaca leis na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3, ag tarraingt, i gcás inar féidir é, ar na córais atá ag na contrapháirtithe incháilithe cheana chun torthaí a thomhas. Foilseoidh an Coimisiún torthaí a mheasúnaithe ar gach fuinneog infheistíochta ar bhonn bliantúil.

9.Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun na réimsí tosaíochta in Iarscríbhinn V agus rialáil CEFI+ a fhorlíonadh nó a leasú.

Airteagal 28
Ranníocaíochtaí ó dheontóirí eile leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha

1.Féadfaidh Ballstáit, tríú tíortha agus tríú páirtithe eile ranníoc leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

De mhaolú ar an dara fomhír d’Airteagal 218(2) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh na páirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach ranníoc le ráthaíochtaí nó le hairgead.

Is i bhfoirm airgid a ranníocfaidh tríú tíortha cé is moite de na páirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach agus ó thríú páirtithe eile agus beidh an ranníoc sin faoi réir fhormheas an Choimisiúin.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi na ranníocaíochtaí arna ndeimhniú.

Arna iarraidh sin do na Ballstáit, féadfar na ranníocaíochtaí arna ndéanamh acu a chur in áirithe ansin chun gníomhaíochtaí a thionscnamh i réigiúin shonracha, i dtíortha sonracha, in earnálacha sonracha nó i bhfuinneoga infheistíochta sonracha atá ann cheana.

2.Níor bheidh ranníocaíochtaí i bhfoirm ráthaíochta os cionn 50 % de mhéid na noibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 26(2) den Rialachán seo.

Maidir leis na ranníocaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit agus na páirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach i bhfoirm ráthaíochta, ní fhéadfar glao orthu chun glaonna ráthaíochta a íoc go dtí go mbeidh an cistiú as buiséad ginearálta an Aontais, agus aon ranníocaíochtaí eile airgid, úsáidte chun glaonna ráthaíochta a íoc.

Féadfar aon ranníocaíocht a úsáid le haghaidh glaonna ráthaíochta, is cuma cad dó a bhfuil sí curtha in áirithe.

Tabharfar comhaontú ranníocaíochta i gcrích idir an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, agus an ranníocóir, agus beidh forálacha a bhaineann leis na coinníollacha íocaíochta, go háirithe, sa chomhaontú sin.

Airteagal 29
Comhaontuithe maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a chur chun feidhme

1.Tabharfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, Comhaontuithe maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i gcrích leis na contrapháirtithe incháilithe a roghaíodh de bhun Airteagal 27. Féadfar comhaontuithe a thabhairt i gcrích le cuibhreannas ina bhfuil dhá chontrapháirtí incháilithe nó níos mó.

2.Tabharfar comhaontú maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha amháin nó níos mó i gcrích do gach fuinneog infheistíochta idir an Coimisiún agus an contrapháirtí nó na contrapháirtithe incháilithe a roghnaíodh. Sa bhreis air sin, chun freastal ar riachtanais shonracha, féadfar an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a dheonú le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta aonair.

Cuirfear gach comhaontú maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle arna iarraidh sin, agus cosaint faisnéise atá rúnda agus íogair ó thaobh na tráchtála de á cur san áireamh.

3.Ina gcuid de chomhaontuithe maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha beidh, go háirithe:

(a)rialacha mionsonraithe maidir leis an gcumhdach, leis na ceanglais, le hincháilitheacht, leis na contrapháirtithe incháilithe agus leis na nósanna imeachta;

(b)rialacha mionsonraithe maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a sholáthar, lena náirítear socruithe na Ráthaíochta maidir le cumhdach agus cumhdach sainithe na Ráthaíochta i dtaca le punanna agus le tionscadail de chineálacha sonracha ionstraimí, chomh maith le hanailís rioscaí a dhéanamh ar thionscadail agus ar phunanna tionscadail, lena náirítear ar leibhéil earnálacha, réigiúnacha agus náisiúnta;

(c)cuspóirí agus aidhm an Rialacháin seo, measúnú ar riachtanais agus léiriú ar na torthaí a mheastar a bheidh ann, agus cur chun cinn na freagrachta sóisialta corparáidí agus an iompair fhreagraigh gnó;

(d)luach na ráthaíochta, a bheidh mar léiriú cruinn ar leibhéal an riosca, agus an deis gan luach saothair a fhóirdheonú go páirteach chun téarmaí lamháltais a chur ar fáil, i gcás ina mbeidh údar iomchuí leis sin;

(e)ceanglais maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a úsáid, lena náirítear coinníollacha íocaíochta, amhail tréimhsí ama sonracha, an tús a íocfar ar mhéideanna atá dlite, speansais agus costais aisghabhála agus socruithe leachtacha ar féidir go mbeidh gá leo;

(f)nósanna imeachta maidir le héilimh, lena náirítear eachtraí gníomachtúcháin agus tréimhsí feithimh ach ina mbeidh nithe eile chomh maith, agus nósanna imeachta maidir le héilimh a aisghabháil;

(g)oibleagáidí i leith faireacháin, tuairisciú agus meastóireachta;

(h)nósanna imeachta gearáin soiléire agus inrochtana do thríú páirtithe a bhféadfadh tionchar a bheith ag cur chun feidhme tionscadal a fhaigheann tacaíocht ón Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha orthu.

4.Formheasfaidh an contrapháirtí incháilithe oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta agus a rialacha agus a nósanna imeachta féin á leanúint aige agus i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe na Ráthaíochta do Ranníocaíochtaí Seachtracha.

5.Féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha:

(a)i gcás ionstraimí fiachais, an phríomhshuim agus an tús agus na méideanna uile atá dlite don chontrapháirtí incháilithe arna roghnú, ach nach bhfuarthas i gcomhréir le téarmaí na noibríochtaí maoiniúcháin tar éis mainneachtain a bheith ann;

(a)i gcás infheistíochtaí cothromais, na méideanna arna ninfheistiú agus na costais chistiúcháin a bhaineann leo;

(b)i gcás oibríochtaí eile maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 27(2), na méideanna arna núsáid agus na costais chistiúcháin a bhaineann leo;

(c)gach speansas agus gach costas aisghabhála ábhartha a bhaineann le mainneachtain, ach amháin i gcás inar asbhaineadh na speansais agus na costais sin as fáltais aisghabhála.

6.Chun críocha chuntasaíocht an Choimisiúin, a thuairiscithe ar na rioscaí a chumhdaítear le Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, agus i gcomhréir le hAirteagal 209(4) den Rialachán Airgeadais, tabharfaidh na contrapháirtithe incháilithe lenar tugadh i gcrích comhaontú maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha tuarascálacha airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí gach bliain maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo arna niniúchadh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách agus ina mbeidh faisnéis maidir leis na nithe seo, inter alia:

(a)an measúnú riosca ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta na gcontrapháirtithe incháilithe, lena náirítear faisnéis faoi dhliteanais an Aontais arna dtomhas i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 80 den Rialachán Airgeadais agus in IPSAS.

(b)an oibleagáid airgeadais atá gan íoc ag an Aontas a eascraíonn as oibríochtaí CEFI+ arna soláthar le haghaidh na gcontrapháirtithe incháilithe agus a noibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, arna miondealú de réir oibríochtaí aonair.

7.Cuirfidh na contrapháirtithe incháilithe, arna iarraidh sin, aon fhaisnéis bhreise is gá ar fáil don Choimisiún chun gur féidir leis an gCoimisiún a chuid oibleagáidí maidir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh.

8.Tuairisceoidh an Coimisiún maidir le hionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 241 agus Airteagal 250 de Rialachán Airgeadais. Chun na críche sin, cuirfidh na contrapháirtithe incháilithe an fhaisnéis is gá ar fáil go bliantúil chun gur féidir leis an gCoimisiún na hoibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh.

Airteagal 30
Rannpháirtíocht chaipitil i mbanc forbartha

Féadfar an timchlúdach le haghaidh cláir gheografacha dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) a úsáid chun ranníoc le deonú caipitil institiúidí airgeadais forbartha Eorpacha agus nstitiúidí airgeadais forbartha eile.

Caibidil V
Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

Airteagal 31
Faireachán agus tuairisciú

1.Leagtar amach in Iarscríbhinn VII, i gcomhréir leis na táscairí i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn faoin Rialachán seo maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3. Úsáidfear luachanna na dtáscairí mar a bheidh siad an 1 Eanáir 2021 mar bhonn ag an measúnú ar a mhéid a baineadh amach na cuspóirí.

2.Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar a chuid gníomhaíochtaí agus athscrúdóidh sé an dul chun cinn a a bheidh déanta i leith na torthaí a mbeifear ag súil leo a bhaint amach, agus aschur agus torthaí á gcumhdach aige.

Ba cheart faireachán a dhéanamh ar bhonn táscairí soiléire trédhearcacha agus, i gcás inarb iomchuí, intomhaiste, ar an dul chun cinn i leith na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo. Ba cheart fanacht i muinín líon beag táscairí chun gur fusa tuairisciú a dhéanamh go luath.

3.Úsáidfear creata torthaí comhpháirteacha a bheidh i ndoiciméid chlársceidealaithe a chomhlíonfaidh na critéir a leagtar amach in Airteagal 12(4) mar bhonn le haghaidh an fhaireacháin chomhpháirtigh a dhéanfaidh an tAontas agus na Ballstáit ar chur chun feidhme a dtacaíochta comhchoitinne do thír chomhpháirtíochta.

Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad go héifeachtúil éifeachtach luath. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.

4.Scrúdóidh an Coimisiún an dul chun cinn a bheidh déanta i leith chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ó 2022 ar aghaidh cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar bhaint amach chuspóirí an Rialacháin seo a dhéanfar le táscairí agus ina dtomhaisfear na torthaí a fuarthas agus éifeachtúlacht an Rialacháin seo, cuirfidh sé sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Cuirfear an tuarascáil seo faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún chomh maith.

5.Sa tuarascáil bhliantúil beidh faisnéis a bhaineann leis an mbliain roimhe sin faoi na bearta a maoiníodh, torthaí na gcleachtaí faireacháin agus meastóireachta, rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha, agus cur chun feidhme gealltanas buiséadach agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arna miondealú de réir tíre, réigiúin agus earnáil chomhair. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar thorthaí na tacaíochta ón Aontas agus, a mhéid is féidir, bainfear leas as táscairí sonracha intomhaiste maidir lena mhéid a bhain sé cuspóirí an Rialacháin seo amach. I gcás an chomhair um fhorbairt, déanfar measúnú sa tuarascáil chomh maith, i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, ar cloíodh le prionsabail éifeachtacht na forbartha, lena náirítear forbairt ionstraimí nuálacha airgeadais.

6.Sa tuarascáil bhliantúil a ullmhófar in 2021 beidh faisnéis chomhdhlúite ó thuarascálacha bliantúla a bhaineann leis an tréimhse ó 2014 go 2020 maidir leis an gcistiú ar fad aa rinneadh faoi na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 40(2), lena náirítear ioncaim sheachtracha shannta agus ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais agus beidh miondealú inti ar chaiteachas de réir tíre, úsáid ionstraimí airgeadais, gealltanas agus íocaíochtaí. Léireofar sa tuarascáil na príomhcheachtanna a bheidh foghlamtha agus an obair leantach a rinneadh ar na moltaí ó na cleachtaí meastóireachta seachtracha a rinneadh sna blianta roimhe sin.

7.Déanfar meastachán bliantúil ar an gcaiteachas foriomlán a bhaineann le gníomhaíocht ar son na haeráide agus leis an mbithéagsúlacht ar bhonn dhoiciméad an chlársceidealaithe tháscaigh a glacadh. Beidh an cistiú a leithdháilfear faoin Rialachán seo faoi réir córas rianaithe bliantúil bunaithe ar mhodheolaíocht na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (‘marcóirí Rio’), gan úsáid modheolaíochtaí níos cruinne a chur as an áireamh i gcás ina mbeidh siad le fáil, a bheidh comhtháite sa mhodheolaíocht reatha i leith bhainistiú feidhmíochta chláir an AE, chun caiteachas a bhaineann le gníomhaíocht ar son na haeráide agus leis an mbithéagsúlacht a chainníochtú ar leibhéal na bpleananna agus na mbeart gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 19, agus a thaifeadfar sna meastóireachtaí agus sa tuarascáil bhliantúil.

8.Cuirfidh an Coimisiún faisnéis faoi chomhar forbartha ar fáil de réir caighdeáin idirnáisiúnta aitheanta.

9.Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Rialacháin seo i leith bhaint amach a chuspóirí, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 34, chun Iarscríbhinn VII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

Airteagal 32
Meastóireacht

1.Déanfar meastóireacht eatramhach ar an Rialachán seo ach a mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoina chur chun feidhme, ach tráth nach faide ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme na hionstraime.

I gcás inarb iomchuí úsáidfear sna meastóireachtaí prionsabail dea-chleachtais Choiste um Chúnamh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, chun a dhéanamh amach ar baineadh amach na cuspóirí agus chun moltaí a cheapadh i leith gníomhaíochtaí a fheabhsú don am atá le teacht.

2.I ndeireadh chur chun feidhme an Rialacháin, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an Rialacháin. Sa mheastóireacht féachfar ar a mhéid a chuir an tAontas le baint amach chuspóirí an Rialacháin seo, agus táscairí lena dtomhaistear na torthaí a fuarthas agus aon ní a fionnadh agus aon chonclúidí ar thángthas orthu i leith thionchar an Rialacháin seo.

Lena chois sin, tabharfar aghaidh ar éifeachtúlacht, ar an mbreisluach, ar dheiseanna simpliúcháin, ar chomhleanúnachas inmheánach agus seachtrach agus ar ábharthacht leanúnach chuspóirí an Rialacháin seo sa tuarascáil mheastóireachta deiridh.

Is é an cuspóir sonrach a bheidh leis an tuarascáil mheastóireachta deiridh, cur chun feidhme an chistithe ón Aontas a fheabhsú. Agus cinntithe faoi athnuachan, modhnú nó cur ar fionraí na gcineálacha gníomhaíochta a chuirfear chun feidhme faoin Rialachán, cuirfear an tuarascáil sin san áireamh.

Sa tuarascáil mheastóireacht deiridh beidh faisnéis chomhdhlúite as tuarascálacha bliantúla ábhartha faoi chistiú a bhí faoi réir an Rialacháin, lena náirítear ioncaim sheachtracha shannta agus ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais agus miondealú ar chaiteachas de réir tíre is faighteoir, úsáid ionstraimí airgeadais, gealltanas agus íocaíochtaí.

Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí maille lena thuairimí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na Ballstáit tríd an gcoiste ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 35. Féadfar meastóireachtaí sonracha a phlé sa choiste sin arna iarraidh sin do na Ballstáit. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh nuair a bheidh cláir á gceapadh agus nuair a bheidh acmhainní á gcionroinnt.

Déanfaidh an Coimisiún na geallsealbhóirí ábhartha uile a chomhlachú a oiread is iomchuí sa phróiseas meastóireachta de chistiú ón Aontas a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, aghaidh a thabhairt ar mheastóireachtaí comhpháirteacha le Ballstáit AE agus leis na comhpháirtithe forbraíochta i ndlúthchomhar leis na tíortha comhpháirtíochta.

3.I gcomhréir leis na forálacha tuairiscithe sonracha sa Rialachán Airgeadais agus déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025 agus gach trí bliana tar a éis sin, meastóireacht ar úsáid agus feidhmiú na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtraí. Cuirfidh an Coimisiún a thuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Beidh tuairim ón gCúirt Iniúchóirí ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta sin.

TEIDEAL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 33
Rannpháirtíocht tíre nó críche nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo

1.I gcásanna ina mbeidh údar iomchuí leo agus ina mbeidh an ghníomhaíocht atá le cur chun feidhme ina gníomhaíocht dhomhanda, thrasréigiúnach nó réigiúnach, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh. laistigh de na cláir ilbhliantúla tháscacha ábhartha nó laistigh de na cláir ghníomhaíochta ábhartha nó na bearta chun raon gníomhaíochtaí a leathnú chuig tíortha agus críocha nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo de bhun Airteagal 4 chun a áirithiú go mbeidh maoiniú ón Aontas comhleanúnach éifeachtach nó chun comhar réigiúnach nó trasréigiúnach a chothú.

2.Féadfaidh an Coimisiún leithdháileadh airgeadais sonrach a thabhairt isteach chun cuidiú le tíortha comhpháirtíochta agus le réigiúin chomhpháirtíochta a gcomhar leis na réigiúin chomharsanachta is forimeallaí san Aontas agus le tíortha agus críocha thar lear a neartú a chumhdaítear leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le tíortha agus críocha thar lear. Chuige sin, féadfaidh an Rialachán seo a bheith ina rannchuidiú, i gcás inarb iomchuí agus ar bhonn cómhalartachta agus comhréireachta maidir le leibhéal an chistithe ón gCinneadh maidir le tíortha agus críocha thar lear agus/nó ó Rialachán CCE, leis na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag tír chomhpháirtíochta nó réigiún comhpháirtíochta nó aon eintiteas eile faoin Rialachán beartaithe seo, ag tír, críoch nó aon eintiteas eile faoin gCinneadh ó maidir le tíortha agus críocha thar lear nó ag réigiúin is forimeallaí de chuid AE faoi chláir oibríochtúla chomhpháirteacha nó le cláir nó bearta idir-réigiúnacha i ndáil le comhar a bhunaítear agus a chuirtear chun feidhme faoi Rialachán CCE.

Airteagal 34
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(6), Airteagal 26(3), Airteagal 27(9) agus Airteagal 31(9) go ceann thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4(6), 26(3), 27(9) agus 31(9) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 4(6), Airteagal 26(3), Airteagal 27(9) agus Airteagal 31(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle faoi cheann dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfadh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 35
An coiste

1.Tabharfaidh an coiste um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil le nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, faoi cheann na teorann ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

4.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

5.Fanfaidh an cinneadh a ghlacfar i bhfeidhm ar feadh ré an doiciméid, an chláir ghníomhaíochta nó an bhirt a ghlacfar nó a leasófar.

6.Glacfaidh breathnóir ón mBanc Eorpach Infheistíochta páirt in imeachtaí an choiste maidir le ceisteanna a bhaineann leis an mBanc Eorpach Infheistíochta.

Airteagal 36
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe sin, go háirithe nuair a bheidh na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, le faisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

2.Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Rialachán seo, lena gníomhaíochtaí agus lena torthaí. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an Rialachán seo, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin go díreach leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 37
Maolú ar cheanglais trédhearcachta

De bharr ceisteanna slándála nó íogaireachtaí polaitiúla áitiúla, is féidir gur fearr nó gur gá gníomhaíochtaí cumarsáide agus trédhearcachta a theorannú i dtíortha nó limistéir áirithe nó le linn tréimhsí áirithe. Sna cásanna sin, socrófar cén spriocphobal agus cé na huirlisí, na táirgí agus na cainéil trédhearcachta atá le húsáid chun gníomhaíocht áirithe a chur chun cinn, socrófar sin de réir an cháis, i gcomhairle agus i gcomhaontú leis an Aontas. I gcás ina mbeidh gá le hidirghabháil mhear mar fhreagairt ar ghéarchéim thobann, ní gá plean cumarsáide agus trédhearcachta a chur ar fáil láithreach. Sna cásanna sin, áfach, léireofar fós cén tacaíocht atá a fháil ón Aontas ón tús.

Airteagal 38
An clásal maidir le SEGS

Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE.

Airteagal 39
Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.Déantar Cinneadh Uimh. 466/2014/AE, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 2017/1601 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

2.Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Rialacháin seo na caiteachais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an taistriú idir an Rialachán seo agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaithe an Rialacháin seo, a áirithiú. Rialachán (AE) Uimh. 233/2014; Rialachán (AE) Uimh. 232/2014; Rialachán (AE) Uimh. 230/2014; Rialachán (AE) Uimh. 235/2014; Rialachán (AE) Uimh. 234/2014, Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014, Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, Cinneadh Uimh. 466/2014/AE, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 agus Rialachán (AE) 2017/1601.

3.Féadfar caiteachais a bhaineann le hullmhú aon Rialacháin atá le teacht ionad an Rialacháin seo a chumhdach le himchlúdach airgeadais an Rialacháin seo.

4.Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na caiteachais dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) a chumhdach, chun go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 40
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

an Chomharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

Gníomhaíocht sheachtrach

an Chomharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 84  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

San fhadtéarma, is é cuspóir ginearálta an Rialacháin seo seasamh le leasanna agus luachanna AE ar fud an domhain.

I gcomhréir le hAirteagal 3(5), Airteagal 8 agus Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, beidh na cuspóirí seo a leanas ar na cuspóirí ginearálta:

(a)    tacú le dialóg agus comhar le tríú tíortha agus le réigiúin sa Chomharsanacht, san Afraic fho-Shahárach, san Áise agus san Aigéan Ciúin, i gCríocha Mheiriceá agus i Muir Chairib agus an dialóg agus an comhar sin a chothú;

(b)    ar an leibhéal domhanda, cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn, tacú le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, cobhsaíocht agus síocháin a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda eile;

(c)    freagairt go mear do chásanna géarchéime, éagobhsaíochta agus coinbhleachta; athléimneacht a dhaingniú, agus cabhair dhaonnúil agus gníomhaíocht um fhorbairt a nascadh le chéile; agus riachtanais agus tosaíochtaí beartais eachtraigh.

Ba cheart 90 % den chaiteachas faoin ionstraim na critéir a chomhlíonadh maidir le Cúnamh Forbartha Oifigiúil, arna leagan síos ag Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Comhar agus Forbairt Eacnamaíochta.

1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)

Le blianta beaga anuas léiríodh coinbhleachtaí réigiúnacha, sceimhlitheoireacht, brú imirce, úsáid neamh-inbhuanaitheach acmhainní agus méadú ar an gcaomhnaitheacht. Ar bhonn aonair, níorbh fhéidir leis na Ballstáit freagairt go héifeachtach don dinimic dhomhanda sin, ach is fearr is féidir le AE aghaidh a thabhairt ar na dúshláin, deiseanna a fhorbairt don domhan a bhfuil mear-athrú faoi agus cúnamh seachtrach a thabhairt de bharr a phríomhinniúlachtaí ar bhonn na gConarthaí, a luachanna agus a chreidiúnachta mar ghníomhaí síochána agus mar chosantóir ag an daonlathas agus ag cearta an duine agus mar cheannródaí i leith an tathrú aeráide a chomhrac agus an comhshaol a chosaint, a thionchair pholaitiúil agus fhornáisiúnta, raon chomhleanúnachas agus éagsúlacht a chuid ionstraimí agus an raoin leathain uirlisí atá le fáil aige chun cur chun feidhme a dhéanamh ar an talamh.

Tá an deis ag AE dialóg a chur ar bun mar phiara lánfhorbartha ar comhchéim le heagraíochtaí réigiúnacha eile, an tAontas Afracach, mar shampla.

I réimsí áirithe nach bhfuil Ballstáit rannpháirteach iontu, is é AE fós an príomhghníomhaí a dhéanann idirghabháil, agus an taon ghníomhaí amháin in amanna. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcomhthéacsanna íogaire amhail cosaint chearta an duine agus misin breathnaithe toghchán.

Is féidir le AE breisluach a thabhairt isteach ar bhonn mhéid na nacmhainní a chuirtear trína ionstraimí, sholúbthacht mheasartha a mhodhanna bainistíochta agus intuarthacht acmhainní thar thréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil.

Tá saineolas ar leith ag AE i réimsí áirithe, saineolas a tháinig as stair na hEorpa féin (mar shampla, comhtháthú réigiúnach agus aistriú daonlathach) agus as beartais ar éirigh leo (mar shampla saineolas ar shlándáil bia a fuarthas de bharr an chomhbheartais talmhaíochta agus an chomhbheartais iascaigh, agus ar chaighdeáin theicniúla an Mhargaidh Aonair). Tá cáil idirnáisiúnta air mar ghníomhaí i leith na síochána agus cosc coinbhleachtaí agus mar thacadóir gníomhach le toghcháin shaora agus le cearta an duine.

Tá AE i láthair go domhanda lena thoscaireachtaí, rud a áirithíonn go bhfuil líonra faisnéise ollmhór aige faoi fhorbairtí a mbíonn tionchar acu ar thíortha ar fud an domhain. Ina theannta sin, bíonn páirt ag AE sa chuid is mó de na próisis iltaobhacha atá dírithe ar dhúshláin dhomhanda. Dá bhrí sin, is féidir le AE a bheith ar an eolas de shíor ar riachtanais nua agus fadhbanna nua agus, dá bharr sin, acmhainní a ath-leithdháileadh dá réir. Tá méadú ag teacht ar na comhlántachtaí idir gníomhaíocht AE agus na gníomhaíochtaí na mBallstát. Cuireann sin le dialóg pholaitiúil agus comhar polaitiúil agus tá méadú ag teacht ar an gcuid den obair sin a dhéantar trí bhíthin clársceidealú comhpháirteach leis na Ballstáit.

Lena chois sin, is féidir le AE gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhlánú agus iad ag plé le cásanna a d’fhéadfadh a bheith contúirteach nó i gcás idirghabhálacha atá thar a bheith costasach.

An breisluach ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post)

Ba cheart go mbeadh an breisluach a mheastar a ghinfear leis an Ionstraim maidir le Comharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta le feiceáil i dtorthaí an athbhreithnithe lár téarma ar na hionstraimí maoiniúcháin seachtracha. Le linn an athbhreithnithe lár téarma, léirigh an anailís ar na táscairí leibhéal tionchair atá ina gcuid de na rialúcháin reatha (e.g. na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe), léirigh sí go raibh dea-threochtaí ag teacht chun cinn. Táthar ag súil leis go leanfaidh na treochtaí sin ar aghaidh tar éis 2020 agus spriocanna idirnáisiúnta ar bun le haghaidh 2030.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó chásanna den chineál céanna a bhí ann roimhe seo

Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú 85 a ghlac an Coimisiún maidir le deich gcinn de na hionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh 86 , sna tuarascálacha ex post ar chúnamh macrairgeadais agus san athbhreithniú lár téarma maidir le sainordú iasachtaithe sheachtraí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta 87 , thángthas ar an gconclúid iontu sin uile go raibh na hionstraimí maoiniúcháin sheachtraí oiriúnach don fheidhm atá leo, ar an iomlán, agus go raibh dea-threochtaí ag teacht chun cinn i leith baint amach cuspóirí. Léiríonn na tuarascálacha go dteastaíonn níos mó acmhainní le haghaidh ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh mar gur leathnaíodh amach iad chomh fada is féidir ó thaobh airgeadais de.

Is leis na hionstraimí a shocraítear an raon feidhme, na cuspóirí agus na nósanna imeachta chun gur féidir na beartais a chur chun feidhme. Léirigh an tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú gur féidir, ós rud é gur ionstraimí cumasaithe iad, an chuid is mó de riachtanais agus spriocanna ghníomhaíocht sheachtrach AE a chumhdach leo. B’fhearrde iad dá léireofaí iontu níos fearr roinnt forbairtí amhail: an creat beartais nua, lena náirítear cumhdach uilíoch Chlár Oibre 2030, an ghéarchéim imirce/dídeanaithe agus síneadh seachtrach na mbeartas inmheánach. Sa bhreis air sin, ní mór níos mó airde a thabhairt ar na naisc idir forbairt agus slándáil agus an leibhéal foriomlán uaillmhéine i leith na síochána agus na slándála sa ghníomhaíocht sheachtrach.

Nuair a tugadh isteach prionsabal an ghrádaithe 88 in ionstraimí áirithe (i.e. an Ionstraim Airgeadais le haghaidh Comhar um Fhorbairt), fágadh bearna in acmhainneacht AE a bheith ag obair le tíortha uas-mheánioncaim i gcomhar déthaobhach. Ós féidir go mbeidh gá leis an tacaíocht sin sna tíortha sin i gcásanna áirithe (e.g. cásanna iar-ghéarchéime), thángthas ar an gconclúid gur cheart do AE bealaí nuálacha a fháil, mar a leagtar amach sa Chomhdhearcadh nua Eorpach maidir le Forbairt 89 le bheith ag obair i gcomhar leis na tíortha agus na comhpháirtithe straitéiseacha i mbéal forbartha atá níos faide chun tosaigh, i gcomhréir le cumhdach uilíoch Chlár Oibre 2030.

Tá cur chun cinn luachanna bunúsacha agus chearta an duine i gcroílár na nionstraimí. Os a choinne sin, bhain deacrachtaí leis an gclár oibre sin a chur chun cinn agus a thabhairt ar aghaidh i dtíortha áirithe, agus fuarthas amach go raibh an fhairsinge le haghaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta ag cúngú i gcuid mhór tíortha. Dá bhrí sin, baineann dúshlán le bheith ag obair ar na ceisteanna sin agus is léir ina fhianaise sin go bhfuil teannas ann idir cur chun cinn chlár oibre chearta na ndaoine agus leasanna tosaíochta na gcomhpháirtithe féin.

Ós rud é go mbíonn an-chuid géarchéimeanna agus coinbhleachtaí ann faoi láthair, ní mór do AE a bheith in ann freagairt go mear do chúinsí athraitheacha. Mar sin féin, i gcás ionstraimí áirithe, cuireadh bac ar fhreagrúlacht de dheasca easpa solúbthacht airgeadais. Nuair a tháinig tosaíochtaí nua chun cinn amhail an ghéarchéim imirce/dídeanaithe, thángthas ar fhadhbanna nuair a bhíothas ag féachaint le cistí a ath-leithdháileadh laistigh de na hionstraimí faoin mbuiséad mar go raibh méideanna móra gafa i gcláir fhadtéarmacha sa chaoi nárbh fhéidir éarlais leordhóthanach gan leithdháileadh a fhágáil. Mar a dúradh sa tuarascáil mheántéarma um athscrúdú, nó mór an tsolúbthacht a mhéadú.

Tá gá le comhsheasmhacht idir comhpháirteanna ionstraime, idir ionstraimí éagsúla agus idir deontóirí. Ar an iomlán, tá conclúidí éagsúla ó thaobh comhsheasmhachta de sa tuarascáil mheántéarma um athscrúdú. I leith na comhsheasmhachta laistigh de na hionstraimí, fuarthas go raibh siad sásúil. Bhí easpa áirithe comhsheasmhachta idir na hionstraimí ach bhíodh forluí ann in amanna idir na hionstraimí de bharr a iomadúla a bhí siad, go háirithe sa chomhar casta le tíorthaí i mbéal forbartha a bhí níos faide chun cinn. Ar a bharr sin, thagadh easpa comhsheasmhachta sna freagraí ar leibhéal na tíre in amanna as an idirghníomhú idir an cur chuige geografach agus an cur chuige téamach. Léirigh an taiseolas ó thoscaireachtaí de chuid an Aontais gur dheacair leo comhlántachtaí a bhainistiú agus leas a bhaint astu agus sineirgíochtaí a chruthú idir na hionstraimí. Ar an iomlán, measadh go raibh AE ag cailleadh deiseanna i leith straitéisí comhordaithe le haghaidh tír/réigiún áirithe.

Maidir le comhsheasmhacht leis na Ballstáit, thángthas ar an gconclúid san athbhreithniú go raibh poitéinseal ann i leith clársceidealú comhpháirteach a neartú a thuilleadh. Mar sin féin, chun sin a dhéanamh bheadh gá le tuilleadh tiomantais i gcásanna áirithe ó rialtas tíortha comhpháirtíochta agus ó na Ballstáit araon.

Léiríonn an tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú go bhfuil dea-threochtaí ag teacht chun cinn i leith torthaí a bhaint amach. Os a choinne sin, luadh inti go raibh deacrachtaí ann ó thaobh gnóthachain a thomhas. Is minic gur beag faisnéis a bhí ann faoi chórais faireacháin dá dtagraítear sna hionstraimí. Bhí easpa sonraí ann (lena náirítear bunlínte) chun a thomhas an raibh na hionstraimí ar an mbóthar ceart chun cuid dá gcuspóirí a bhaint amach (go háirithe na cuspóirí ardleibhéil), agus bhí an tuiscint ann go nimríonn cuid mhór tosca seachtracha (e.g. beartais tíre comhpháirtíochta agus deontóirí eile) tionchar ar bhaint amach na gcuspóirí.

Maidir le tosaíochtaí AE a phríomhshruthú, luadh go ndearnadh dul chun cinn mór i raon na nionstraimí a bhí ann cheana i réimsí an athraithe aeráide 90 , ach go raibh níos mó le déanamh chun dul i ngleic le scála dúshlán comhshaoil eile amhail cailleadh na bithéagsúlachta agus ídiú na nacmhainní nádúrtha. Measadh sa chuid is mó de na cásanna gur ‘obair atá ar siúl’ a bhí i bpríomhshruthú chearta an duine, lena náirítear comhionannas inscne agus cumhachtú na mban, agus gur léiríigh rialtais chomhpháirtíochta easpa suime ina amanna sna réimsí sin nó go ndearna frithbheartaíocht ina naghaidh.

Cé gur measadh go raibh an fheidhmíocht eagrúcháin éifeachtúil ar an iomlán, mheas gníomhaithe áirithe gur bhain ualach mór riaracháin le cur chun feidhme ionstraimí áirithe. In amanna measadh go raibh an Coimisiún níor dírithe ar an bpróiseas ná ar chuspóirí beartais agus torthaí.

1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

Agus a Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheofar comhsheasmhacht le réimsí eile gníomhaíochta seachtraí agus le beartais ábhartha eile de chuid AE, chomh maith le comhleanúnachas beartas le forbairt 91 . De réir mar a leagadh amach mar chuid de Chlár Oibre 2030, is ionann sin agus a rá go gcuifear san áireamh tionchar na mbeartas uile ar an bhforbairt inbhuanaithe ar gach leibhéal a chur san áireamh, bíodh sé ar an leibhéal náisiúnta, laistigh den Aontas, i dtíortha eile nó ar an leibhéal domhanda.

Ar a bharr sin, ba cheart sineirgíochtaí le gníomhaíochtaí faoi chláir eile de chuid AE a lorg, lena náirítear Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus Fís na hEorpa, chun tionchar na nidirghabhálacha le chéile a uasmhéadú.

Ba cheart na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin togra seo a bheith comhsheasmhach leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoi Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais II, faoin gCinneadh maidir le Tíortha agus Críocha thar Lear, faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus faoin tSaoráid Eorpach Síochána nuabheartaithe atá lasmuigh de bhuiséad AE. Ní dhéanfar an chabhair dhaonnúil mar a leagtar amach in Airteagal 214 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a mhaoiniú faoin togra seo mar go leanfar dá maoiniú tríd an Rialachán um Chabhair Dhaonnúil.

Ba cheart maoiniú faoin Rialachán sin a úsáid freisin chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú a bhaineann le soghluaisteacht foghlama chuig tríú tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa chlár Erasmus+ chomh maith le comhar agus dialóg bheartais leis na tíortha sin, ar bhealach atá comhsheasmhach le Rialachán Erasmus.

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

 tréimhse theoranta

   a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn tréimhse thosaigh ó 2021 ar aghaidh.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 92  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.

Nótaí

Chun caiteachas seachtrach a dhéanamh ní mór a bheith in ann na modhanna bainistíochta uile a tuaradh mar ábhartha agus socraithe le linn an chur chun feidhme.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Tá méadú ag teacht ar an méid atá córais faireacháin agus mheastóireachta an Choimisiúin dírithe ar thorthaí. Baineann siad le foireann inmheánach mar aon le comhpháirtithe cur chun feidhme agus saineolas seachtrach.

Déanann bainisteoirí oibríochtúla i dToscaireachtaí agus sa Cheannáras síorfhaireachán ar chur chun feidhme tionscadal agus clár le faisnéis a chuireann na comhpháirtithe cur chun feidhme ar fáil mar chuid dá dtuairisciú tráthrialta agus le cuairteanna allamuigh chomh maith, in aon chás inar féidir. Le faireachán inmheánach faightear faisnéis luachmhar faoi dhul chun cinn; cuidíonn sé le bainisteoirí scroigeanna atá ann cheana agus is féidir a bheidh ann a shainaithint, agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh.

Ar a bharr sin, cuirtear saineolaithe seachtracha neamhspleácha ar conradh chun feidhmíocht gníomhaíochtaí seachtracha de chuid AE a mheas le trí chóras éagsúla. Cuireann na measúnuithe sin le cuntasacht agus le hidirghabhálacha atá ar siúl; tá ceachtanna iontu freisin a foghlaimíodh ar bhonn taithí agus a bheidh ina gcuidiú agus beartais agus gníomhaíochtaí á gceapadh. Is gnách go núsáideann na córais sin critéir mheastóireachta Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Comhar agus Forbairt Eacnamaíochta, atá aitheanta go hidirnáisiúnta, lena náirítear tionchar (féideartha). Mar shampla, i gcás an chomhair forbartha, ar leibhéal an tionscadail, leis an gcóras faireacháin dírithe ar thorthaí (ROM), a bhainistíonn an Ceannáras, cuirtear léargas ar fáil ar cháilíocht sampla d’idirghabhálacha. Le modh struchtúrach caighdeánaithe, déanann saineolaithe ROM feidhmíocht an tionscadail a mheasúnú de réir chritéir mheastóireachta Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Comhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus tugann siad moltaí uathu faoi conas is féidir cur chun feidhme a fheabhsú amach anseo.

Le meastóireachtaí ar leibhéal an tionscadail, arb iad an Toscaireacht ó AE a bhfuil an tionscadal faoina cúram a bhainistíonn iad den chuid is mó, cuirtear mionanailísiú ar fáil agus cuidítear le bainisteoirí tionscadail idirghabhálacha atá ar siúl a fheabhsú agus idirghabhálacha a dhéanfaidh siad amach anseo a ullmhú. Fostaítear saineolaithe neamhspleácha ag a bhfuil saineolas téamach agus geografach chun an tanailísiú a dhéanamh agus aiseolas agus fianaise a bhailiú ó na páirtithe leasmhara uile, go háirithe na tairbhithe deiridh. Lena chois sin, déanann an Coimisiún meastóireachtaí straitéiseacha ar a bheartais, ó chlársceidealú agus straitéis go cur chun feidhme idirghabhálacha in earnáil shonrach (amhail sláinte agus oideachas), nó i dtír nó réigiún, nó ar ionstraim shonrach. Tá na meastóireachtaí sin tábhachtach mar ionchur le haghaidh ceapadh beartas agus dearadh ionstraimí agus tionscadal. Foilsítear na meastóireachtaí sin uile ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus cuirtear achoimre ar na torthaí sa Tuarascáil Bhliantúil don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

Modhanna bainistíochta

Maidir le modhanna bainistíochta, ní fhoráiltear maidir le haon athrú bunúsach agus cuirfidh an taithí a fuair seirbhísí agus gníomhaithe cur chun feidhme an Choimisiúin faoi na cláir a tháinig roimh na cláir seo, cuirfidh an taithí sin le torthaí níos fearr amach anseo.

Cuirfidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí atá le maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach ón gCeannáras agus/nó cuirfidh aon cheann de na heintitis a liostaítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais nua iad chun feidhme trí thoscaireachtaí an Aontais agus faoi bhainistíocht indíreach chun gur fearr a bhainfear amach cuspóirí an Rialacháin.

Maidir le bainistíocht indíreach, mar a leagtar síos in Airteagal 154 den Rialachán Airgeadais, ní mór do na heintitis sin a áirithiú go mbeidh cosaint leasanna airgeadais AE ar aon leibhéal leis an gcosaint a dhéantar faoi bhainistíocht dhíreach. Déanfar meastóireacht bunaithe ar cholúin ar chórais agus nósanna imeachta na neintitis i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus aird iomchuí á tabhairt ar chineál na gníomhaíochta agus ar na rioscaí airgeadais atá i gceist. I gcás inar gá sin chun an cur chun feidhme a dhéanamh nó inar cuireadh ábhair imní in iúl i dTuarascálacha Gníomhaíochtaí Bliantúla, saineofar agus cuirfear chun feidhme bearta maolaithe sonracha. Chomh maith leis sin, féadfar bearta maoirseachta iomchuí arna bhforchur ag an gCoimisiún a chur leis an gcur chun feidhme.

Tá sé beartaithe leis an ionstraim go bhféadfar bainistíocht indíreach a chur de chúram chomh maith ar thíortha comhpháirtíochta nó ar na comhaltaí a ainmneoidh siad. An bhainistíocht indíreach sin a dhéanfaidh tír chomhpháirtíochta, féadfar é a dhéanamh de réir céimeanna éagsúla tarmligin: tarmligean páirteach lena gcoimeádann an Coimisiún rialú ex ante ar chinntí tíre comhpháirtíochta agus lena ndéanann sé íocaíochtaí thar ceann na tíre comhpháirtíochta nach bhfuil ceangal ann, de bhua Airteagal 154(6)(b) den Rialachán Airgeadais nua, meastóireacht ex ante bunaithe ar cholúin a dhéanamh; nó tarmligean iomlán, lenar féidir leis an tír chomhpháirtíochta, tar éis meastóireacht ex ante, an ghníomhaíocht a chur chun feidhme trí úsáid a bhaint as a cuid córas agus nós imeachta féin, gan aon rialú ex ante ón gCoimisiún ar an gcur chun feidhme a dhéanfaidh an tír chomhpháirtíochta ar an ngníomhaíocht.

Úsáidfear tacaíocht bhuiséadach freisin.

Úsáidfear ionstraimí airgeadais nuálacha, lena nairítear i gcomhpháirtíocht leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), institiúidí airgeadais na mBallstáit agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile chun gníomhaíochtaí cumaisc a dhéanamh. Tá úsáid cistí iontaobhais beartaithe freisin.

Struchtúr rialaithe inmheánaigh

Tá an próiseas inmheánach rialaithe/bainistithe ceaptha chun cinnteacht réasúnta a thabhairt maidir le baint amach cuspóirí i leith éifeachtacht agus éifeachtúlacht na noibríochtaí, iontaofacht an tuairiscithe airgeadais agus comhlíontacht leis an gcreat reachtach agus nós imeachta ábhartha.

Éifeachtacht agus éifeachtúlacht

Chun a áirithiú go mbeidh na hoibríochtaí éifeachtach éifeachtúil (agus chun an tardleibhéal riosca atá i dtimpeallacht an chúnaimh sheachtraigh a mhaolú) comh maith le heilimintí uile an phróisis Beartais agus Pleanála ar fud an Choimisiúin, le timpeallacht an iniúchta inmheánaigh agus le riachtanais eile Chreat Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin, beidh creat bainistíochta cabhrach saincheaptha fós ag na seirbhísí cur chun feidhme a bheidh ar obair faoi na hionstraimí uile ar a mbeidh:

   bainistíocht tharmligthe ar an gcuid is mó den chúnamh seachtrach ó thoscaireachtaí allamuigh de chuid an Aontais;

   línte soiléire ar bhonn foirmiúil i leith cuntasacht airgeadais (ón Oifigeach Údarúcháin Tarmligthe (an tArd-Stiúrthóir)) trí bhíthin fothoscaireacht ón Oifigeach Údarúcháin Tarmlige (Stiúrthóir) sa cheannáras chuig an gCeann Toscaireachta;

   tuairisciú tráthrialta ó thoscaireachtaí de chuid an Aontais don cheannáras (ar Bhainistíocht Cabhrach Seachtraí) lena náirítear Ráiteas Dearbhaithe bliantúil ón gCeann Toscaireachta;

   soláthar cláir shubstaintiúla oiliúna do bhaill foirne sa cheannáras agus sna toscaireachtaí araon;

   tacaíocht agus comhairle shuntasach don cheannáras/toscaireacht (lena náirítear tríd an idirlíon);

   cúirteanna tráthrialta chuig na toscaireachtaí gach 3 – 6 bliana;

   modh bainistíochta timthrialla tionscadal agus clár lena náirítear: uirlisí tacaíochta ardcháilíochta le haghaidh cheapadh na hidirghabhála, an mhodha soláthair, an tsásra maoiniúcháin, an chórais bainistíochta, measúnaithe agus roghnúcháin aon chomhpháirtí cur chun feidhme, etc.; bainistiú clár agus tionscadal, uirlisí faireacháin agus tuairiscithe le haghaidh cur chun feidhme éifeachtach, lena náirítear faireachán seachtrach tráthrialta ar an láthair ar thionscadail; agus comhpháirteanna suntasacha faireacháin agus iniúchta. Lorgófar simplithe trí úsáid roghanna costais simplithe agus tras-iontaoibh ar obair iniúchta eagraíochtaí comhpháirtíochta. Leanfar de chur chuige a úsáid atá éagsúil de réir an riosca de réir na rioscaí foluiteacha.

Tuairisciú Airgeadais agus Cuntasaíocht

Leanfaidh na seirbhísí cur chun feidhme de na caighdeáin chuntasaíochta agus tuairiscithe airgeadais is airde trí chóras cuntasaíochta ar bhonn fabhruithe an Choimisiúin a úsáid chomh maith le huirlisí cabhairshonracha amhail Comhchóras Faisnéise RELEX (CRIS) agus an córas a thiocfaidh ina ionad (OPSYS).

Maidir le comhlíonadh an chreata reachtaigh agus nós imeachta ábhartha, leagtar amach na modhanna rialaithe comhlíonta i roinn 2.3 (bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc).

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

An timpeallacht oibríochtúil comhair faoin ionstraim seo, baineann léi na rioscaí nach mbainfear amach cuspóirí na hionstraimí, go ndéanfar bainistiú airgeadais fo-optamach agus/nó nach gcomhlíonfar na rialacha is infheidhme (bearta dlíthiúlachta agus rialtachta) maidir leis na nithe seo a leanas:

   neamhchobhsaíocht eacnamaíoch/polaitiúil agus/nó tubaiste nádúrtha ar féidir go dtiocfaidh aisti deacrachtaí agus moilleanna i gceapadh agus cur chun feidhme idirghabhálacha, go háirithe i stáit shoghonta;

   easpa acmhainneachta institiúidí agus riaracháin i dtíortha comhpháirtíochta ar féidir go dtiocfaidh aisti deacrachtaí agus moilleanna i gceapadh agus cur chun feidhme idirghabhálacha;

   tionscadail atá scaipthe ó thaobh na geografaíochta de (a chumhdaíonn a bheag nó a mhór cuid mhór stát/críoch/réigiún) ar féidir go mbainfidh dúshláin lóistíochta/acmhainní leo i leith faireacháin – go háirithe aon obair leantach ‘ar an láthair’ ar ghníomhaíochtaí;

   éagsúlacht comhpháirtithe/faighteoirí féideartha ag a bhfuil struchtúir agus acmhainní rialaithe inmheánaigh éagsúla ar féidir go nilroinnfidh agus sa chaoi sin go laghdóidh siad éifeachtacht agus éifeachtúlacht na nacmhainní de chuid an Choimisiúin atá ar fáil fós chun tacú le cur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air;

   cáilíocht íseal agus cainníocht bheag sonraí atá ar fáil i ndáil le torthaí agus tionchar cur chun feidhme cúnaimh sheachtraigh i dtíortha comhpháirtíochta ar féidir go gcuirfidh siad bac ar a ábalta atá an Coimisiún tuairisciú ar thorthaí agus a bheith cuntasach astu.

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

Tá na costais rialaithe/bainistithe cothrom le tuairim agus 4 % den mheán bliantúil measta (€12.78 billiún) atá beartaithe le haghaidh na ngealltanas uile (idir oibríochtúil agus riaracháin) ar an bpunann chaiteachais a mhaoinítear as Buiséad Ginearálta AE agus as an gCiste Eorpach Forbraíochta le haghaidh na tréimhse 2021–2027. An ríomh maidir leis an gcostas rialaithe, is do chostais an Choimisiúin amháin atá sé ag tagairt; níl na Ballstáit ná na heintitis ar cuireadh an cúram orthu san áireamh. Is féidir le heintitis ar cuireadh an cúram orthu suas le 7 % a choinneáil siar le haghaidh riar na gcistí, agus b’fhéidir an méid sin a úsáid go páirteach chun críocha rialaithe.

Tá na baill foirne uile curtha san áireamh san costais bhainsitíochta sin, bíodh siad sa cheannáras nó i dtoscairí nó ar chonarthaí bonneagair, taistil, oiliúna, faireacháin, meastóireachta agus iniúchta (lena náirítear conarthaí a sheol faighteoirí).

B’fhéidir na costais bhainistíochta sin a laghdú le himeacht ama faoi shocruithe feabhsaithe simplithe na hionstraime nua, ar bhonn athruithe atá le tabhairt isteach leis an Rialachán Airgeadais nua. Tagann príomhthairbhí na gcostas bainistíochta sin chun cinn i bhfoirm bhaint amach cuspóirí beartais, úsáide éifeachtúla éifeachtaí acmhainní, feidhmithe beart coisctheach láidir cost-éifeachtach agus seiceálacha eile chun a áirithiú go núsáidfear cistí go dleathach rialta.

Cé go leanfar ar aghaidh de bheith ag déanamh iarrachta feabhas a chur ar chineál agus spriocdhíriú gníomhaíochta bainistíochta agus seiceálacha comhlíontachta maidir leis an bpunann, tá na costais a bhaineann leo riachtanach go foriomlán chun cuspóirí na nionstraimí a bhaint amach go héifeachtach éifeachtúil agus chun an riosca go mbeidh neamh-chomhlíontacht ann a choinneáil chomh híseal agus is féidir (riosca iarmharach faoi bhun 2 %). Tá siad i bhfad níos lú na rioscaí a bhaineann le rialuithe inmheánacha a ghearradh siar sa réimse ardriosca seo.

Leibhéal an riosca neamh-chomhlíontachta le rialacha is infheidhme a bhfuil súil leis

Is é cuspóir comhlíontachta na hIonstraime leibhéal stairiúil an riosca neamh-chomhlíontachta (an ráta earráide) a choinneáil ar bun, mar atá leibhéal ‘glan’ foriomlán iarmharach earráide (ar bhonn ilbhliantúil tar éis na rialuithe agus na ceartuithe uile a dhéanamh ar chonarthaí dúnta) níos lú ná 2 %. Chiallaigh sin de ghnáth go dtí seo go raibh raon earráide measta 2-5 % ann i dtaobh sampla randamaithe idirbheart a thóg Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun críocha an Ráitis Dearbhaithe bhliantúil (DAS). Measann an Coimisiún go bhfuil sin ar an riosca neamh-chomhlíontachta is lú is féidir a bhaint amach i leith a thimpeallachta ardriosca agus an tualach riaracháin agus cost-éifeachtúlacht riachtanach na rialuithe comhlíontachta á gcur san áireamh. I gcás inar sainaithníodh laigí, cuirfear bearta ceartaitheacha chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh na rátaí earráide chomh híseal agus is féidir.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Ós rud é go bhfuil timpeallacht ardriosca ann, ní mór an riosca go mbeidh ráta ard earráidí comhlíontachta féideartha (neamhrialtachtaí) in idirbhearta a chur san áireamh sna córais agus ardleibhéal rialuithe coisctheacha, braite agus ceartaitheacha a ionsuí iontu a luaithe is féidir sa phróiseas íocaíochta. Ciallaíonn sin go praiticiúil gur ar sheiceálacha suntasacha ex-ante, a dhéanfaidh idir iniúchóirí seachtracha agus baill foirne de chuid an Choimisiúin ar an talamh sula ndéanfar na híocaíochtaí tionscadail deiridh (ach go ndéanfaidh siad roinnt seiceálacha agus iniúchtaí ex-post freisin), gur orthu sin is mó a bheidh na rialuithe comhlíontachta ag brath; is ionann sin agus a rá go mbeidh i bhfad níos mó coimircí airgeadais ann ná mar a leagtar síos mar cheanglas sa Rialachán Airgeadais. Tá an creat comhlíontachta comhdhéanta, inter alia, de na comhphairteanna seo a leanas:

Bearta coisctheacha

- príomhoiliúint éigeantach ina gcuimsítear saincheisteanna calaoise i gcomhair baill foirne bainistithe cabhrach;

- comhairle (lena nairítear ar an idirlíon), lena náirítear lámhleabhair nósanna imeachta atá ann cheana ar nó doiciméad comhghabhálach DEVCO, agus an tSraith Straitéisí Bainistíochta Airgeadais (i gcomhair comhpháirtithe cur chun feidhme);

- measúnú ex-ante chun a áirithiú go mbeidh bearta iomchuí frithchalaoise ann chun calaois i mbainistiú cistí an Aontais Eorpaigh a chosc agus a bhrath ar bun ag na húdaráis a bhainistíonn na cistí ábhartha;

Scagadh ex-ante ar na sásraí frithchalaoise atá ar fáil sa tír chomhpháirtíochta is faighteoir mar chuid den mheasúnú ar chritéir cháilitheachta na bainistíochta airgeadais phoiblí maidir le tacaíocht bhuiséadach a fháil (i.e. tiomantas gníomhach do dhul i ngleic le calaois agus éilliú, údaráis iniúchta leordhóthanacha, cumas breithiúnach leordhóthanach agus sásraí éifeachtúla freagartha agus smachtbhanna);

Bearta braite agus ceartaitheacha

- seiceálacha idirbheart ex ante a dhéanfaidh baill foirne de chuid an Choimisiúin;

- Iniúchtaí agus fíoruithe (idir éigeantacha agus rioscabhunaithe) lena nairítear Cúirt Iniúchóirí na hEorpa;

- seiceálacha iardhearcacha (ar bhonn riosca) agus aisghabhálacha;

- cur ar fionraí cistithe ó AE má bhíonn cás calaoise tromchúisí ann, lena náirítear éilliú ar mórscála, go dtí go mbeidh gníomhaíocht iomchuí déanta ag na húdaráis chun an téilliú sin a cheartú agus a chosc amach anseo;

- Córas Luathbhraite Eisiaimh (EDES);

- conradh a chur ar fionraí/a fhoirceannadh;

- nós imeacht eisiaimh

Straitéisí frithchalóise sna seirbhísí lena mbaineann, a athbhreithneofar go tráthrialta agus a oiriúnófar de réir mar is gá nuair a bheidh an leagan nua de straitéis frithchalaoise an Choimisiúin foilsithe chun a áirithiú, inter alia:

- Gur féidir, trí bhíthin na gcóras a úsáidtear chun cistí ó AE a chaitheamh i dtríú tíortha, sonraí ábhartha a aisghabháil chun iad a chur isteach sa bhainistíocht riosca calaoise (e.g. cistiú dúbailte);

- I gcás inar gá, gur féidir grúpaí le haghaidh líonrú agus uirlisí ríomhaireachta leordhóthanacha a chur ar bun a bheidh tiomnaithe d’anailísiú cásanna éillithe bhaineann le hearnáil na cabhrach seachtraí.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas caiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal VI. An Chomharsanacht agus an Domhan

LD/LN 93

ó thíortha de chuid CSTE 94

ó thíortha is iarrthóirí 95

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

VI

15 01 01 Caiteachas tacaíochta le haghaidh na hIonstraime maidir le Comharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

VI

15 02 01 Comhar geografach le tríú tíortha agus le réigiúin

Difreáilte

VI

15 02 02 Idirghabhálacha téamacha

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

VI

15 02 03 Gníomhaíochtaí mearfhreagartha

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

VI

15 02 04 An cúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

<VI>

Ceannteideal VI. An Chomharsanacht agus an Domhan

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (de réir na línte buiséid a liostaítear faoi 3.1) 96

Gealltanais

(1)

10,735.497

11,013.405

11,408.197

11,938.063

12,630.804

13,527.578

14,619.798

85,873.342

Íocaíochtaí

(2)

1,460.701

3,419.496

5,288.668

7,159.359

8,903.375

10,178.560

11,279.598

38,183.585

85,873.342

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir 97  

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

447.475

456.425

465.553

474.864

484.362

494.049

503.930

3,326.658

IOMLÁN leithreasuithe d’imchlúdach an chláir

Gealltanais

=1+3

11,182.972

11,469.830

11,873.750

12,412.927

13,115.166

14,021.627

15,123.728

89,200.000

Íocaíochtaí

=2+3

1,908.176

3,875.921

5,754.221

7,634.223

9,387.737

10,672.609

11,783.528

38,183.585

89,200.000



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

VII

“Caiteachas riaracháin”

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

266.098

266.098

266.098

266.098

266.098

266.098

266.098

1,862.688

Caiteachas riaracháin eile

34.958

34.958

34.958

34.958

34.958

34.958

34.958

244.703

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

301.056

301.056

301.056

301.056

301.056

301.056

301.056

2,107.391

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

11,484.028

11,770.886

12,174.806

12,713.983

13,416.222

14,322.683

15,424.784

91,307.391

Íocaíochtaí

2,209.232

4,176.977

6,055.277

7,935.279

9,688.793

10,973.665

12,084.584

38,183.584

91,307.391

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

266.098

266.098

266.098

266.098

266.098

266.098

266.098

1,862.688

Caiteachas riaracháin eile

34.958

34.958

34.958

34.958

34.958

34.958

34.958

244.703

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

301.056

301.056

301.056

301.056

301.056

301.056

301.056

2,107.391

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 98
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

353.505

353.505

353.505

353.505

353.505

353.505

353.505

2,474.538

Caiteachas eile
de chineál riaracháin 99

93.970

102.919

112.048

121.359

130.856

140.543

150.424

852.120

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

447.475

456.425

465.553

474.864

484.362

494.049

503.930

3,326.658

IOMLÁN

748.531

757.481

766.609

775.920

785.417

795.105

804.986

5,434.049

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach 100

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

1,019

1,019

1,019

1,019

1,019

1,019

1,019

Toscaireachtaí

536

536

536

536

536

536

536

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) - CA, LA, SNE, INT agus JED  101

Ceannteideal 7

Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa cheanncheathrú

107

107

107

107

107

107

107

- toscaireachtaí

39

39

39

39

39

39

39

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  102

- sa cheanncheathrú

515

515

515

515

515

515

515

- toscaireachtaí

3,237

3,237

3,237

3,237

3,237

3,237

3,237

Taighde

Eile (sonraigh)

IOMLÁN

5,453

5,453

5,453

5,453

5,453

5,453

5,453

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Is ionann na cúraimí a bheidh ann agus na cúraimí atá ann faoi láthair (beartais, clársceidealú, airgeadas agus conarthaí, cúraimí cothrománacha eile)

Pearsanra seachtrach

Is ionann na cúraimí a bheidh ann agus na cúraimí atá ann faoi láthair (beartais, clársceidealú, airgeadas agus conarthaí, cúraimí cothrománacha eile)

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Leis an togra/tionscnamh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       ar acmhainní dílse

       ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 103

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal ………….

(1)    COM(2018) 321 final
(2)    Is éard is cúnamh macra-airgeadais ann ionstraim airgeadais a úsáidtear ar bhonn cás ar chás le cabhrú le tíortha atá gar don Aontas, ó thaobh na tíreolaíochta de, den chuid is mó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu le comhardú na níocaíochtaí.
(3)    Comhaontú Inmheánach ar an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta — IO L 210, 6 Lúnasa 2013, lch. 1; Rialachán (AE) Uimh. 2015/322 ón gComhairle maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a chur chun feidhme; agus Cinneadh (AE) 2015/334 ón gComhairle lena leasaítear an Comhaontú Inmheánach.
(4)    COM/2018/092 final
(5)    Doiciméad Inmheánach Oibre (2018) 337.
(6)    Bíonn bunús dlí sonrach ag teastáil do ghníomhaíochtaí a bhaineann le cúrsaí núicléacha agus tá nós imeachta sonrach lena nglacadh faoi Chonradh Euratom.
(7)     https://ec.europa.eu/europeaid/mid-term-review-report-external-financing-instruments_en  
(8)     https://sustainabledevelopment.un.org/post2015/transformingourworld
(9)     http://unfccc.int/paris_agreement/items/9485.php  
(10)     http://www.un.org/esa/ffd/wp-content/uploads/2015/08/AAAA_Outcome.pdf  
(11)     https://www.unisdr.org/we/coordinate/sendai-framework  
(12)    A ghlac an Chomhairle Slándála ag an 7680ú cruinniú a bhí aici ar an 27 Aibreán 2016.     http://www.securitycouncilreport.org/un-documents/document/sres2282.php .
(13)     https://europa.eu/globalstrategy/en/global-strategy-foreign-and-security-policy-european-union  
(14)     https://ec.europa.eu/europeaid/sites/devco/files/european-consensus-on-development-final-20170626_en.pdf  
(15)     https://www.africa-eu-partnership.org/en  
(16)     https://ec.europa.eu/neighbourhood-enlargement/sites/near/files/neighbourhood/pdf/key-documents/151118_joint-communication_review-of-the-enp_en.pdf
(17)    Inter alia , an beartas Artach (JOIN (2016) 21 final, an Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, “Beartas comhtháite an Aontais Eorpaigh don Artach” an 27 Aibreán 2016) agus Sineirgíocht na Mara Duibhe (COM (2007) 160 final, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa, “Sineirge na Mara Duibhe — Tionscnamh um Chomhar Réigiúnach Nua”, 11 Aibreán 2007).
(18)     https://ec.europa.eu/europeaid/regions/african-caribbean-and-pacific-acp-region/cotonou-agreement_en
(19)     https://ec.europa.eu/europeaid/policies/policy-coherence-development_en
(20)    COM (2018) 465 final Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II)
(21)    COM(2018) 461 final Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach lena náirítear an caidreamh idir an tAontas Eorpach, de láimh, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, de láimh eile(an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear).
(22)    COM(2018) 462 final Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim Eorpach maidir le Sábháilteacht Núicléach a dhéanann comhlánú ar an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta ar bhonn Chonradh Euratom.
(23)    C(2018) 3800 final Togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála chuig an gComhairle le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána.
(24)    Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 an 20 Meitheamh 1996 ón gComhairle maidir leis an gcabhair dhaonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).
(25)    Bhí an tuarascáil athscrúdú mheántéarmach COIM(2017) 720 final bunaithe ar dheich gcinn de dhoiciméid inmheánacha oibre (féach an liosta thíos), doiciméid a bhí bunaithe ar dheich gcinn de mheastóireachtaí neamhspleácha. Is féidir teacht ar an tuarascáil scrúdúcháin mheántéarmach, ar na doiciméid inmheánacha oibre agus ar na meastóireachtaí anseo: https://ec.europa.eu/europeaid/public-consultation-external-financing-instruments-european-union_en
(26)    Ba iad seo a leanas na 10 nionstraim: An Ionstraim le haghaidh Comhar um Fhorbairt (DCI); An Ciste Eorpach Forbraíochta (EDF); An Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (ENI); An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (‘ICR III’); An Ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin IcSP); An Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine (EIDHR); An Ionstraim um Chomhpháirtíocht (PI); An Ionstraim um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach (INSC); Cinneadh na Graonlainne (GD); agus an Comhrialachán cur chun Feidhme (CIR).
(27)     http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52016DC0584
(28)    I gcomhar leis an Aontas Eorpach mar atá sé faoi láthair, is é atá i gceist le ‘grádúchán’ nach bhfuil na tíortha ard-mheánioncaim incháilithe a thuilleadh do chomhar déthaobhach an Aontais.
(29)    Pointí 91–93.
(30)    Mar shampla, tháinig méadú ar ranníocaíochtaí faoin 11ú CEF ó 3.3 % in 2014 go 23.3 % in 2016 agus tháinig méadú ar ranníocaíochtaí athraithe aeráide DCI ó 17.7 % in 2014 go 24.9 % in 2016. Foinse: Táscaire 12b, creat thorthaí chomhar agus fhorbairt idirnáisiúnta an Aontais agus ionchur ó Chóras Tuairiscithe Creidiúnaithe ECFE DAC.
(31)     https://ec.europa.eu/europeaid/public-consultation-external-financing-instruments-european-union_en
(32)    Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gcomhairliúchán poiblí féach https://ec.europa.eu/europeaid/public-consultation-external-financing-instruments-european-union_en
(33)    Féach https://ec.europa.eu/europeaid/evaluation-blending_en
(34)    Féach https://ec.europa.eu/europeaid/public-consultation-external-financing-instruments-european-union_en
(35)     http://www.oecd.org/dac/peer-reviews/europeanunion2012dacpeerreviewmainfindingsandrecommendations.htm  
(36)    Doiciméad Inmheánach Oibre (2018) 337.
(37)    Go háirithe, sa pháipéar machnaimh ar a bhfuil i ndán do bheartas airgeadais an Aontais Eorpaigh (Meitheamh 2017), agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (Feabhra 2018).
(38)    Ionadchoinneálaí
(39)    COM (2018) 321, 2.5.2018.
(40)    An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr; IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1-14.
(41)    Moladh athbhreithnithe an Choiste Cúnaimh Forbartha an 12 Lúnasa 2014 maidir le cúnamh forbartha oifigiúil do na tíortha is lú forbairt agus do na tíortha anásta de bharr fiachais a dhícheangal (DCD/DAC(2014)37/FINAL).
(42)    IO C , , lch. .
(43)    IO C , , lch. .
(44)    [Ionadchoinneálaí]
(45)    “I mbun athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe”, arna ghlacadh ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe an 25 Meán Fómhair 2015 (A/RES/70/1).
(46)    Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (IO L 77, 15.3.2014, lch. 44.)
(47)    Comhaontú inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cúnamh ón Aontas Eorpach a mhaoiniú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Compháirtíochta ACC-AE, agus maidir le cúnamh airgeadais a leithdháileadh do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chomhaontú ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (IO L 210/1, 6.8.2013).
(48)    Rialachán (AE) Uimh. 2015/322 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a chur chun feidhme (IO L 58/1, 3.3.2015).
(49)    Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (IO L 77, 15.3.2014, lch. 27.)
(50)    Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin (IO L 77, 15.3.2014, lch. 1.)
(51)    Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe don daonlathas agus do chearta an duine ar fud an domhain (IO L 77, 15.3.2014, lch. 85.)
(52)    Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (IO L 77, 15.3.2014, lch. 77.)
(53)    Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 ón gComhairle an 13 Nollaig 2013 lena mbunaítear Ionstraim le haghaidh Comhair maidir le Sábháilteacht Núicléach (IO L 77, 15.3.2014, lch. 109).
(54)    Rialachán (AE) 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (IO L 77, 15.3.2014, lch. 95)
(55)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10)
(56)    Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2017 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI agus Ciste Ráthaíochta CEFI.
(57)    Arna shíniú i Nua-Eabhrac an 22 Aibreán 2016.
(58)    “Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa an Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta”, a glacadh an 16 Meitheamh 2015 agus a d’fhormhuinigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 27 Iúil 2015 (A/RES/69/313).
(59)    “Fís chomhroinnte, comhghníomhaíochtaí: Eoraip níos láidre. Straitéis dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh”, Meitheamh 2016.
(60)    “An Comhdhearcadh nua Eorpach maidir le Forbairt (‘An Comhdhearcadh’) ‘Ár Saol, Ár nDínit, Ár dTodhchaí’” sa Chomhráiteas ón gComhairle agus ó Ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach, an 8 Meitheamh 2017.
(61)    “Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaistí”, a glacadh an 18 Márta 2015 agus a d’fhormhuinigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 3 Meitheamh 2015 (A/RES/69/283).
(62)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, “Athbhreithniú ar Bheartas Comharsanachta na hEorpa”, 18 Samhain 2015.
(63)    COM (2018) 465 final Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)
(64)    Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 an 20 Meitheamh 1996 ón gComhairle maidir leis an gcabhair dhaonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).
(65)    COM(2018) 461 final Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena náirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach ar thaobh amháin agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge ar an taobh eile (‘Cinneadh maidir le Comhlachas na dTíortha Thar Lear’).
(66)    COM(2018) 462 final Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim Eorpach maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta ar bhonn Chonradh Euratom.
(67)    C(2018) 3800 final Togra ó Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála chuig an gComhairle le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Eorpach um Shíocháin.
(68)    COIM (2018) 367 final Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ‘Erasmus’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 1288/2013
(69)    IO L 373, 20.12.2013, lch. 1
(70)    Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2017 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI agus Ciste Ráthaíochta CEFI.
(71)    Cinneadh 77/270/EURATOM ón gComhairle an 29 Márta 1977 ag cumhachtú don Choimisiún iasachtaí Euratom a eisiúint chun rannchuidiú le stáisiúin núicléacha a mhaoiniú (IO L 88, 6.4.1977, lch. 9).
(72)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1)
(73)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).
(74)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2)
(75)    IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.
(76)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO 198, 28.7.2017, lch. 29)
(77)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
(78)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016; IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1-14
(79)    Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
(80)    Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IO L).
(81)    COM(2018) 374 final Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha sonracha maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) lena dtacaíonn Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh..
(82)    Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (códú) (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
(83)    Treoir an 27 Meitheamh 1985 ón gComhairle maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO L 175, 05.07.1985, lch. 0040 – 0048).
(84)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(85)    Bhí an tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú, COM(2017) 720 final, bunaithe ar dheich ndoiciméad inmheánacha oibre (féach an liosta thíos), doiciméid a bhí bunaithe ar dheichmeastóireacht neamhspleácha. Tá an tuarascáil scrúdúcháin mheántéarmach, na doiciméid inmheánacha oibre agus na meastóireachtaí le fáil anseo: https://ec.europa.eu/europeaid/public-consultation-external-financing-instruments-european-union_en
(86)    Seo a leanas na deich nionstraim faoi chaibidil: an Ionstraim Airgeadais le haghaidh Comhar um Fhorbairt (DCI); an Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF); An Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (ENI); An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II); an Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin (IcSP ); An Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine (EIDHR); an Ionstraim um Chomhpháirtíocht (PI); An Ionstraim um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach (INSC); Cinneadh na Graonlainne (GD); agus an Comhrialachán Cur Chun Feidhme (CIR).
(87)     http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52016DC0584  
(88)    I gcás comhar le AE faoi láthair, níl na tíortha uas-mheánioncaim incháilithe níos mó do chomhar déthaobhach le AE.
(89)    Pointí 91-93.
(90)    Mar shampla, mhéadaigh ranníocaíochtaí aeráide faoi 11ú Rialachán Airgeadais an Chiste Eorpaigh Forbraíochta ó 3.3 % in 2014 go 23.3 % in 2016 agus mhéadaigh ranníocaíochtaí faoin Ionstraim Airgeadais le haghaidh Comhar um Fhorbairt ó 17.7 % in 2014 go dtí 24.9 % in 2016. Foinse: Táscaire 12b, creat thorthaí chomhar agus fhorbairt idirnáisiúnta AE agus aiseolas ó Chóras Tuairiscithe Creidiúnaithe ECFE-CCF.
(91)     https://ec.europa.eu/europeaid/policies/policy-coherence-development_en
(92)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(93)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(94)    CSTA: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(95)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(96)    Leis na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, agus le leithreasuithe IPA III agus EINS, cumhdófar freisin an Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha lena dtacófar le hoibríochtaí CEFI+, cúnamh macrairgeadais agus iasachtaí do thríú tíortha ar bhonn Chinneadh 77/270/Euratom ón gComhairle, do shuim bheartaithe suas le EUR 60 billiún a bhfuil sé beartaithe EUR 14 billiún di a úsáid chun iasachtaí macrairgeadais a chumhdach.
(97)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(98)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte “BA”) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(99)    Ní fhoráiltear maidir le haon deonta le haghaidh EACEA faoi láthair.
(100)    Déanfar na hacmhainní a dháileadh i dtoscaireachtaí AE i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe ar Leibhéal na Seirbhíse idir an Coimisiún agus SEGS an 20 Nollaig 2010.
(101)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmí Sóisearach i dToscaireacht.
(102)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte “BA”).
(103)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,14.6.2018

COM(2018) 460 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta

{SEC(2018) 310 final}
{SWD(2018) 337 final}


IARSCRÍBHINN I
LIOSTA DE THÍORTHA AGUS DE CHRÍOCHA ATÁ SA LIMISTÉAR COMHARSANACHTA

An Ailgéir

An Airméin

An Asarbaiseáin

An Bhealarúis

An Éigipt

An tSeoirsia

Iosrael

An Iordáin

An Liobáin

An Libia

Poblacht na Moldóive

Maracó

Críoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil

An tSiria

Túinéis

An Úcráin

Féadfar tacaíocht ón Aontas faoin réimse seo a úsáid freisin chun a chur ar chumas Chónaidhm na Rúise páirt a ghlacadh i gcláir comhair thrasteorann ina mbeidh an tAontas rannpháirteach agus i gcláir ábhartha ilnáisiúnta.

IARSCRIBHINN II
RÉIMSÍ COMHAIR le hAGHAIDH NA gCLÁR GEOGRAFACH

A.Le haghaidh réigiúin gheografacha

POBAIL

1.An dea-rialachas, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine

(a)An daonlathas agus próisis dhaonlathacha, an dea-rialachas agus maoirseacht, lena náirítear próisis thoghchánacha thrédhearcacha agus inchreidte;

(b)Cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a neartú;

(c)An comhrac i gcoinne idirdhealú de gach cineál a chur chun cinn, agus prionsabal an chomhionannais, go háirithe comhionannas inscne agus na cearta atá ag daoine ar de mhionlaigh iad;

(d)Tacú le sochaí shibhialta a bhfuil rath uirthi agus tacú leis an ról atá ag an tsochaí i bpróisis athchóirithe agus le claochluithe daonlathacha, agus spás cumasúcháin don tsochaí shibhialta agus saoránaigh a bheith rannpháirteach sa chinnteoireacht pholaitiúil;

(e)An tiolrachas, an neamhspleáchas agus an ghairmiúlacht atá ag meáin shaora neamhspleácha a fheabhsú;

(f)Cur le hathléimneacht stát, sochaithe, pobal agus daoine aonair maidir le brú agus rúscadh polaitiúil, eacnamaíoch, comhshaoil, bia, déimeagrafach agus sochaíoch;

(g)Forbairt institiúidí poiblí daonlathacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fo-náisiúnta, lena náirítear córas breithiúnach, neamhspleách, éifeachtach, éifeachtúil agus cuntasach, an smacht reatha a chur chun cinn, agus rochtain ar an gceartas do chách;

(h)Tacú le próisis athchóirithe riaracháin, lena náirítear úsáid a bhaint as cineálacha cur chuige i leith ríomhrialtais atá bunaithe ar na saoránaigh, lena neartaítear creata dlí agus an córas institiúideach, córais staidrimh náisiúnta, acmhainneachtaí, bainistíocht fhónta airgeadais, agus rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe;

(i)Beartais chríochacha agus uirbeacha atá cuimsitheach cothrom comhtháite a chur chun cinn trí institiúidí agus comhlachtaí poiblí a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fo-náisiúnta agus tacú le próisis éifeachtúla maidir le dílárú agus athstruchtúrú stáit;

(j)Trédhearcacht agus cuntasacht institiúidí poiblí a mhéadú, soláthar poiblí agus bainistíocht airgeadais phoiblí a neartú, ríomhrialtas a fhorbairt agus soláthar seirbhísí a neartú;

(k)Tacú le bainistiú inbhuanaithe, cuntasach agus trédhearcach a dhéanamh ar earnálacha acmhainní nádúrtha agus ar ioncaim a bhaineann le hábhar, agus ar athchóirithe chun beartais chánach chothroma chóra inbhuanaithe a áirithiú.

2.Deireadh a chur leis an mbochtaineacht, comhrac i gcoinne an neamh-chomhionannais, agus forbairt dhaonna

(a)Deireadh a chur leis an mbochtaineacht ina gnéithe ar fad, dul i ngleic leis an idirdhealú agus an neamh-chomhionannais agus gan aon duine a fhágáil ar leataobh:

(b)Iarrachtaí a fheabhsú le beartais agus infheistíocht iomchuí a ghlacadh chun cearta an aosa óig agus cearta na mban a chur chun cinn, chun éascú a dhéanamh ar a rannpháirtíocht sa saol eacnamaíoch, sóisialta agus sibhialta, agus chun a áirithiú go rannchuideoidh siad go hiomlán leis an bhfás cuimsitheach agus leis an bhforbairt inbhuanaithe;

(c)Cosaint agus comhlíonadh chearta na mban agus na gcailíní a chur chun cinn, lena náirítear cearta eacnamaíocha, saothair agus sóisialta, agus sláinte ghnéis agus atáirgthe agus cearta, agus foréigean gnéasbhunaithe agus inscnebhunaithe de gach cineál a chosc;

(d)Aird ar leith a thabhairt dóibh sin atá faoi mhíbhuntáiste, leochaileach agus imeallaithe, inter alia leanaí, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine atá leispiach, aerach, déghnéasach, trasinscneach agus idirinscneach (LGBTI) agus pobail dhúchasacha. Áirítear air sin an taistriú ó chúram institiúideach do leanaí go cúram pobalbhunaithe do leanaí a chur chun cinn;

(e)Cur chuige lánpháirtithe a chur chun cinn i leith tacú le pobail, go háirithe na pobail is boichte, maidir leis an rochtain ar riachtanais bhunúsacha agus ar sheirbhísí bunúsacha a fheabhsú;

(f)Tacú le timpeallacht shábháilte chothaitheach a chur ar fáil do leanaí mar ghné thábhachtach lena gcothófar glúin óg shláintiúil de dhaoine óga a bheidh in ann barr a cumais a bhaint amach;

(g)Tacú le rochtain uilíoch ar bhia leordhóthanach inacmhainne sábháilte cothaitheach dóibh sin atá sna cásanna is leochailí, agus slándáil bia agus cothú, go háirithe sna tíortha sin ar fada nó ar minic i ngéarchéim iad;

(h)Tacú le rochtain uilíoch ar shláintíocht uisce óil atá sábháilte agus leordhóthanach, agus sláintíocht, agus bainistíocht uisce inbhuanaithe lánpháirtithe;

(i)Clúdach sláinte uilíoch a bhaint amach, lena bhfaighfear rochtain chothrom ar sheirbhísí sláinte ardcháilíochta inacmhainne, lena náirítear trí thacú le córais sláinte láidre sheasmhacha ardcháilíochta a thógáil, agus lena bhfeabhsófar an acmhainn le haghaidh luathrabhadh, laghdú riosca, bainistiú agus gnóthú;

(j)Tacú le cosaint shóisialta uilíoch chothrom agus bearta sábháilteachta sóisialta a neartú chun ioncam bunúsach a ráthú, lena áirithiú nach bhfágfar beo bocht arís iad siúd a tháinig ón mbochtaineacht, agus ar mhaithe leis an athléimneacht a chothú;

(k)Forbairt uirbeach inbhuanaithe chuimsitheach a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar an neamh-chomhionannas uirbeach, agus fócas á dhíriú orthu siúd is mó i ngátar.

(l)Tacú le húdaráis áitiúla chun soláthar seirbhísí bunúsacha agus rochtain chothrom ar shlándáil bia, tithíocht inrochtana chuibhiúil inacmhainne agus caighdeán beatha a fheabhsú ar leibhéal na cathrach, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla nó i slumaí.

(m)Oideachas neamhfhoirmiúil agus seachfhoirmiúil atá cuimsitheach cothrom do chách a chur chun cinn, ar gach leibhéal agus lena náireofar oiliúint theicniúil agus gairmoiliúint, i gcásanna éigeandála agus i ngéarchéimeanna freisin, agus trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha chomh maith chun feabhas a chur ar an múineadh agus ar an bhfoghlaim;

(n)Tacú le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, soghluaisteacht ó thaobh na foghlama de, ó thír chomhpháirtíochta go tír chomhpháirtíochta agus eatarthu, agus idirphlé faoi bheartais le hinstitiúidí, eagraíochtaí, comhlachtaí agus údaráis cur chun feidhme áitiúla, as na tíortha sin;

(o)Comhar i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta agus an taighde, agus sonraí oscailte agus nuálaíocht a chur chun cinn;

(p)Béim ar leith a leagan ar bhorradh a chur faoi chomhordú idir na gníomhaithe ábhartha uile chun cuidiú leis an aistriú ó chás éigeandála chuig céim na forbartha;

(q)Idirphlé idirchultúrtha agus éagsúlacht chultúrtha de gach cineál a chur chun cinn, agus oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn, agus leas iomlán a bhaint as na tionscail chruthaitheacha le haghaidh forbairt inbhuanaithe shóisialta eacnamaíoch;

(r)Dínit agus athléimneacht daoine atá easáitithe go héigeantach agus go fadtéarmach a chothú agus iad a chuimsiú sa saol eacnamaíoch agus sóisialta i dtíortha óstacha agus i bpobail óstacha.

3.An imirce agus an tsoghluaisteacht;

(a)Comhpháirtíochtaí maidir leis an imirce agus an tsoghluaisteacht atá bunaithe ar chur chuige lánpháirtithe a neartú, lena gcumhdófar gach gné den imirce agus cúnamh chun comhaontuithe agus socruithe déthaobhacha nó réigiúnacha cur chun feidhme an Aontais, lena náirítear comhpháirtíochtaí soghluaisteachta;

(b)Tacú le hath-imeascadh inbhuanaithe imirceach atá ag filleadh abhaile;

(c)Aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna maolaitheacha atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach;

(d)Dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, gáinneáil ar neacha daonna, agus smuigleáil imirceach, béim ar leith a leagan ar bhorradh a chur faoin gcomhar maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha;

(e)Acmhainneacht eolaíoch, theicniúil, dhaonna agus institiúideach a neartú chun an imirce a bhainistiú;

(f)Tacú le beartais imirce atá bunaithe ar chearta daonna éifeachtacha atá bunaithe, lena náirítear cláir chosanta;

(g)Na dálaí a chur chun cinn, lena néascófar an imirce dhleathach agus an tsoghluaisteacht dea-bhainistithe, teagmháil idir daoine, uasmhéadú a dhéanamh ar an tionchar forbartha a bheidh ag am imirce;

(h)Cosaint imirceach agus cosaint daoine atá easáitithe go héigeantach a áirithiú;

(i)Tacú le réitigh atá bunaithe ar an bhforbairt le haghaidh daoine atá easáitithe go héigeantach agus dá bpobail óstacha;

(j)I dtíortha tionscnaimh, tacú le rannpháirtíocht an diaspóra;

(k)Aistrithe seoltán atá níos gasta, níos saoire agus níos sábháilte i dtíortha tionscnaimh agus i dtíortha is faighteoirí a chur chun cinn, lena mbainfear leas as an acmhainneacht forbartha.

AN PLÁINÉAD

4.An comhshaol agus an tathrú aeráide

(a)Acmhainneacht eolaíoch, theicniúil, dhaonna agus institiúideach a neartú i dtaca le bainistiú na haeráide agus an chomhshaoil, príomhshruthú agus faireachán; rialachas aeráide réigiúnach agus náisiúnta a neartú.

(b)Rannchuidiú le hiarrachtaí comhpháirtithe chun tabhairt faoina ngealltanais i leith athrú aeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide, lena náirítear rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna) agus pleananna gníomhaíochta maidir le maolú agus oiriúnú, lena náirítear sineirgíochtaí idir oiriúnú agus maolú;

(c)Fás glas agus gorm inbhuanaithe i ngach earnáil eacnamaíoch a fhorbairt agus/nó a neartú;

(d)An comhar maidir le fuinneamh inbhuanaithe a neartú. an comhar maidir le héifeachtúlacht fuinneamh agus úsáid foinsí fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn agus a mhéadú;

(e)Feabhas a chur ar ghréasáin agus seirbhísí iompair ilmhódacha áitiúla, náisiúnta, réigiúnacha agus ilchríochacha chun cur le tuilleadh deiseanna maidir le forbairt eacnamaíoch aeráidseasmhach agus cruthú post, i bhfianaise forbairt ísealcharbóin aeráidseasmhach. éascú agus léirscaoileadh iompair a neartú, inbhuanaitheacht, sábháilteacht ar bhóithre agus athléimneacht réimsí iompair a fheabhsú;

(f)Rannpháirtíocht pobal áitiúil i bhfreagairtí don athrú aeráide a neartú, éiceachórais a chaomhnú agus acmhainní nádúrtha a rialú. forbairt uirbeach inbhuanaithe agus athléimneacht i limistéir uirbeacha a chur chun cinn;

(g)Caomhantas, bainistiú agus úsáid inbhuanaithe éiceachóras folláin a chur chun cinn, agus acmhainní nádúrtha a athchóiriú, cosc a chur ar chailliúint na bithéagsúlachta, agus an fiadhúlra a chosaint;

(h)Bainistiú acmhainní uisce ar bhealach lánpháirtithe inbhuanaithe agus comhar uisce trasteorann a chur chun cinn;

(i)Caomhantas agus feabhsúchán stoc carbóin a chur chun cinn trí úsáid talún, athrú ar úsáid talún, agus foraoiseacht a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus díghrádú comhshaoil, fairsingiú fásaigh agus díghrádú talún a chomhrac;

(j)Dífhoraoisiú a theorannú agus forghníomhú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí a chur chun cinn, agus an lománaíocht neamhdhleathach, trádáil maidir le hadhmad neamhdhleathach agus a tháirgí adhmaid a chomhrac;

(k)Tacú le rialachas na naigéan, lena náirítear limistéir chósta agus mhuirí de gach cineál a chosaint, a athchóiriú agus a chaomhnú, lena gcuimsítear éiceachórais, an bruscar muirí a chomhrac, an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe, neamhrialáilte a chomhrac agus an bhithéagsúlacht mhuirí a chosaint;

(l)Laghdú rioscaí tubaistí réigiúnacha agus athléimneacht a neartú, i sineirgíocht le beartais agus gníomhaíochtaí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide;

(m)Éifeachtúlacht acmhainní agus tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe a chur chun cinn, lena náirítear dul i ngleic leis an truailliú agus bainistiú fónta ar cheimiceáin agus ar dhramhaíl;

(n)Tacú le hiarrachtaí chun feabhas a chur ar éagsúlú eacnamaíoch inbhuanaithe, iomaíochas agus trádáil, ar fhorbairt na hearnála príobháidí lena ndíreofar ar fhás ísealcharbóin aeráidseasmhach glas, ar mhicrifhiontair agus FBManna agus comharchumainn, ag baint buntáiste as comhaontuithe trádála atá ann cheana leis an Aontas Eorpach.

RATHÚNAS

5.Forbairt eacnamaíoch atá inbhuanaithe agus cuimsitheach agus fostaíocht chuibhiúil

(a)Tacú le fiontraíocht, fostaíocht chuibhiúil agus infhostaitheacht trí scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt, lena náirítear oideachas, caighdeáin saothair agus dálaí oibre, agus cruthú deiseanna go háirithe don aos óg;

(b)Tacú le conairí forbartha náisiúnta a bhaineann an leas is mó is féidir as torthaí agus tionchair dhearfacha shóisialta agus an cánachas forchéimnitheach agus beartais phoiblí athdháiliúcháin;

(c)Feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus infheistíochta, timpeallacht rialála chumasúcháin a chruthú le haghaidh forbairt eacnamaíoch agus tacú le cuideachtaí, go háirithe MFBManna, chun a ngnó a leathnú agus poist a chruthú;

(d)Inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil a neartú, freagracht shóisialta chorparáideach agus iompar gnó freagrach trí na slabhraí breisluacha iomlána;

(e)Éifeachtacht caiteachais phoiblí a mhéadú agus úsáid níos straitéisí airgeadais phoiblí a chur chun cinn, lena náirítear trí ionstraimí a chumasc chun infheistíocht phoiblí agus phríobháideach bhreise a charnadh isteach;

(f)Borradh a chur faoi acmhainneacht cathracha chun a bheith ina moil le haghaidh fás inbhuanaithe agus cuimsitheach agus nuálaíochta;

(g)Comhtháthú inmheánach, eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn, lena ndéanfar naisc níos láidre idir limistéir uirbeacha agus thuaithe agus lena néascófar forbairt earnáil na turasóireachta a ghiaráil le haghaidh forbairt inbhuanaithe;

(h)Borradh a chur faoi shlabhraí breisluacha bia agus talmhaíochta agus a éagsúlú, éagsúlú eacnamaíoch a chur chun cinn, breisiú luacha, iomaíochas agus trádáil a lánpháirtiú ar bhonn réigiúnach, agus nuálaíochtaí inbhuanaithe ísealcharbóin atá seasmhach i gcoinne athrú na haeráide a neartú;

(i)Tacú le bainistíocht iascaigh inbhuanaithe agus dobharshaothrú inbhuanaithe;

(j)Rochtain uilíoch ar an bhfuinneamh inbhuanaithe a chothú, geilleagar ciorclach atá aeráidseasmhach agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de i gcomhréir le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide;

(k)An tsoghluaisteacht chliste, inbhuanaithe, chuimsitheach, shábháilte agus shlán a chur chun cinn, mar aon le feabhas a chur ar nascacht iompair leis an Aontas; 

(l)Nascacht dhigiteach chuimsitheach iontaofa inacmhainne a chur chun cinn agus an geilleagar digiteach a neartú;

(m)Margaí agus earnálacha a fhorbairt agus a neartú ar shlí a gcuirfí borradh faoin bhfás cuimsitheach inbhuanaithe;

(n)Tacú leis an gclár oibre maidir le lánpháirtiú réigiúnach agus beartais trádála optamacha, agus tacú leis na comhaontuithe trádála idir an tAontas Eorpach agus a chomhpháirtithe a chomhdhlúthú agus a chur chun feidhme;

(o)Comhar i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta agus an taighde, agus sonraí oscailte agus nuálaíocht a chur chun cinn;

(p)Idirphlé idirchultúrtha agus éagsúlacht chultúrtha de gach cineál a chur chun cinn, agus oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn;

(q)Mná a chumhachtú chun tabhairt faoi ról níos mó sa gheilleagar agus sa chinnteoireacht;

(r)Feabhas a chur ar rochtain ar obair chuibhiúil agus margaí saothair atá níos cuimsithí agus atá ag feidhmiú go héifeachtach, agus beartais fostaíochta atá dírithe ar obair chuibhiúil do chách, go háirithe don aos óg, a chruthú;

(s)Rochtain chóir inbhuanaithe gan saobhadh ar earnálacha eastóscacha a chur chun cinn.

AN tSÍOCHÁIN

6.An tslándáil, an chobhsaíocht agus an tsíocháin

(a)Rannchuidiú leis an tsíocháin agus leis an gcobhsaíocht trí chur le hathléimneacht stát, sochaithe, phobal agus daoine aonair maidir le brú agus rúscadh polaitiúil, eacnamaíoch, comhshaoil, déimeagrafach agus sochaíoch;

(b)Tacú le cosc coinbhleachta, luathrabhadh agus cothú síochána trí idirghabháil, bainistiú géarchéime, agus cobhsú;

(c)Tacú le hathchóiriú na hearnála slándála a chuireann ar fáil do dhaoine aonair agus don stát slándáil atá níos éifeachtaí agus níos cuntasaí le haghaidh forbairt inbhuanaithe de réir a chéile;

(d)Tacú le fothú acmhainneachta na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt;

(e)Tacú le tionscnaimh réigiúnacha agus idirnáisiúnta lena gcuirfear leis an tslándáil, an chobhsaíocht agus an tsíocháin;

(f)An radacú a bhfuil an tantoisceachas foréigneach agus an sceimhlitheoireacht mar thoradh air a chosc agus a chomhrac;

(g)Comhrac i gcoinne foréigean, éilliú agus coireacht eagraithe agus sciúradh airgid d’aon chineál;

(h)Comhar trasteorann maidir le hacmhainní nádúrtha comhroinnte a bhainistiú ar bhonn inbhuanaithe a chur chun cinn;

(i)Comhoibriú le tríú tíortha maidir le húsáid shíochánta fuinnimh núicléach, go sonrach trí fhothú acmhainneachta agus forbairt bonneagair i dtríú tíortha sna réimsí sláinte, talmhaíochta agus sábháilteachta bia; mar aon le tacú le gníomhuithe sóisialta a thugann aghaidh ar an tionchar a bheidh ag aon timpiste raideolaíoch ar an gcuid is leochailí den phobal agus atá dírithe ar na dálaí maireachtála atá acu a fheabhsú; bainistiú eolais, oiliúint agus oideachas i réimsí núicléacha a chur chun cinn;

(j)An tslándáil mhuirí a fheabhsú chun aigéin shábháilte, shlána, ghlana a bhainistítear go hinbhuanaithe a chinntiú;

(k)Tacú le fothú acmhainneachta sa chibearshlándáil, líonraí digiteacha athléimneacha, cosaint sonraí agus príobháideachas.

COMHPHÁIRTÍOCHT

7.Comhpháirtíocht

(a)Úinéireacht, comhpháirtíocht agus idirphlé, a fheabhsú i measc na dtíortha chun rannchuidiú le gach gné den chomhar um fhorbairt feidhmiú níos éifeachtaí (agus aird ar leith á tabhairt do na dúshláin shonracha atá roimh na Tíortha is Lú Forbairt agus roimh na tíortha atá thíos le coinbhleacht, mar aon le dúshláin shealadacha shonracha atá roimh thíortha i mbéal forbartha atá céim chun tosaigh);

(b)Idirphlé polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta, comhshaoil agus cultúrtha a dhéanamh ar bhonn níos doimhne idir an tAontas agus tríú tíortha agus eagraíochtaí réigiúnacha, agus tacú le gealltanais idirnáisiúnta agus déthaobhacha a chur chun feidhme;

(c)Dea-chaidrimh chomharsanachta, lánpháirtiú réigiúnach, nascacht fheabhsaithe, comhar agus idirphlé a spreagadh;

(d)Timpeallacht chumasúcháin le haghaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn, lena náirítear fondúireachtaí, lena bhfeabhsófar a rannpháirtíocht fhónta struchtúrtha i mbeartais intíre agus a nacmhainneacht chun a róil a fheidhmiú ina ngníomhaithe neamhspleácha forbartha agus rialachais; agus bealaí nua a neartú chun dul i mbun comhpháirtíochta le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena gcuirfear idirphlé substaintiúil struchtúrtha chun cinn leis an Aontas agus lena mbainfear úsáid éifeachtach as treochláir náisiúnta chun go rachaidh an tAontas Eorpach i mbun caidrimh leis an tsochaí shibhialta;

(e)Dul i mbun caidrimh le húdaráis áitiúla agus tacú lena ról mar lucht déanta beartas agus lucht déanta cinntí chun borradh a chur faoin bhforbairt áitiúil agus faoin rialachas feabhsaithe;

(f)Dul i mbun caidrimh ar bhonn níos éifeachtaí le saoránaigh i dtríú tíortha, lena náirítear úsáid iomlán a bhaint as taidhleoireacht eacnamaíoch, chultúrtha agus phoiblí;

(g)Dul i mbun caidrimh le tíortha tionsclaíocha agus le tíortha i mbéal forbartha atá céim chun tosaigh maidir le Clár Oibre 2030, leasanna agus dúshláin phoiblí dhomhanda a chur chun feidhme, lena náirítear i réimse an chomhair Theas-Theas agus an chomhair thriantánaigh;

(h)Lánpháirtiú agus comhar réigiúnach a spreagadh ar bhealach a ndíreofar ar thorthaí trí thacaíocht a thabhairt don lánpháirtiú réigiúnach agus don idirphlé réigiúnach;

B.Réimsí ar leith maidir leis an limistéar Comharsanachta

(a)Comhar polaitiúil feabhsaithe a chur chun cinn;

(b)Tacú le comhaontuithe comhlachais, comhaontuithe eile atá ann cheana féin nó a bheidh ann amach anseo, agus cláir oibre chomhlachais agus tosaíochtaí comhpháirtíochta atá comhaontaithe ar bhonn comhpháirteach nó doiciméid choibhéiseacha a chur chun feidhme;

(c)Comhpháirtíocht neartaithe le sochaithe a chur chun cinn idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta, lena náirítear teagmháil idir daoine;

(d)Comhar réigiúnach a fheabhsú, go háirithe faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht an Oirthir, an Aontais don Réigiún Meánmhuirí, agus comhoibriú ar fud limistéar na Comharsanachta Eorpaí mar aon le comhar trasteorann;

(e)Lánpháirtiú comhleanúnach i margadh inmheánach an Aontais a bhaint amach mar aon le comhar feabhsaithe earnála agus trasearnála, lena náirítear trí chomhfhogasú reachtach agus cóineasú rialála i dtreo chaighdeáin an Aontais agus i dtreo caighdeán idirnáisiúnta ábhartha eile agus feabhas a chur ar rochtain ar an margadh lena náirítear limistéir shaorthrádála dhoimhne agus chuimsitheacha, institiúidí agus infheistíochtaí gaolmhara a fhorbairt.

IARSCRÍBHINN III
RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA FAOI CHLÁIR THÉAMACHA

1. RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH CEARTA DAONNA AGUS AN DAONLATHAIS

·Rannchuidiú leis na luachanna bunúsacha a bhaineann leis an daonlathas, an smacht reachta, uilíochas agus doroinnteacht chearta an duine, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an neamh-idirdhealaithe, an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

·An deis a chur ar fáil le haghaidh comhair agus comhpháirtíochta leis an tsochaí shibhialta maidir le saincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus leis an daonlathas, lena náirítear i gcásanna íogaire agus práinneacha. Forbrófar straitéis chomhleanúnach iomlánach ar gach leibhéal chun na cuspóirí thíos a ghnóthú.

·Cearta daonna agus saoirsí bunúsacha a chaomhnú do chách, lena rannchuideofar le sochaithe a chruthú ina bhfuil an rannpháirtíocht, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas agus an chuntasacht, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas i réim. Déanfar faireachán ar an urraim a thabharfar do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha do chách agus déanfar iad a chosaint i gcomhréir le prionsabail uilíochas, doroinnteacht agus idirspleáchas chearta an duine. Áireofar ar raon feidhme an chláir cearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha. Tabharfar aghaidh ar na dúshláin atá i gcearta an duine agus, san am céanna, cuirfear beocht sa tsochaí shibhialta agus tabharfar cumhacht do chosantóirí chearta an duine, lena gcuirfear san áireamh na deiseanna atá ag éirí níos lú do na gníomhaíochtaí atá acu.

·An daonlathas a fhorbairt, a fheabhsú agus a chosaint, aghaidh a thabhairt ar gach gné den rialachas daonlathach ar bhonn cuimsitheach, lena ndéanfar iolrachas an daonlathais a threisiú, rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú, agus tacú le próisis thoghchánacha atá inchreidte cuimsitheach trédhearcach. Neartófar an daonlathas trí na crainn taca is tábhachtaí de chórais an daonlathais a chosaint, lena náirítear an smacht reachta, noirm agus luachanna an daonlathais, meáin neamhspleácha, institiúidí chuntasacha agus cuimsitheacha, agus páirtithe polaitiúla agus parlaimintí san áireamh, agus an comhrac in aghaidh an éillithe. Is tábhachtach an ní ar fad é an bhreathnóireacht toghcháin chun go mbeidh tacaíocht leathan ann do na próisis dhaonlathacha. Sa chomhthéacs sin, leanfaidh breathnóireacht thoghcháin an Aontais Eorpaigh de bheith ina chomhpháirt thábhachtach den chlár agus an obair leantach ar na moltaí ó mhisin bhreathnóireachta thoghcháin an Aontais Eorpaigh chomh maith leis sin.

·Iltaobhachas éifeachtach agus comhpháirtíocht straitéiseach a chur chun cinn, rannchuidiú le hacmhainneachtaí creataí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus náisiúnta maidir le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn agus a chosaint. Cuirfear borradh faoi chomhpháirtíochtaí straitéiseacha, agus aird ar leith á tabhairt ar Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine, an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus sásraí ábhartha réigiúnacha agus náisiúnta um chearta an duine. Lena chois sin, cuirfear oideachas agus taighde faoi chearta an duine agus faoin daonlathas chun cinn sa chlár, lena náirítear an Campas Domhanda um Chearta an Duine agus um an Daonlathas.



2. RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH EAGRAÍOCHTAÍ NA SOCHAÍ SIBHIALTA

1.Spás sibhialta don tsochaí shibhialta atá cuimsitheach, bunaithe ar an rannpháirtíocht, cumhachtaithe agus neamhspleách sna tíortha comhpháirtíochta

(a)Timpeallacht chumasúcháin a chur chun cinn le haghaidh rannpháirtíocht saoránach agus ghníomhaíocht na sochaí sibhialta, lena náirítear trí bhíthin fondúireachtaí.

(b)Acmhainneacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fhothú, lena náirítear fondúireachtaí, chun feidhmiú mar ghníomhaithe forbartha agus rialachais.

(c)Acmhainneacht líonraí, ardán agus comhghuaillíochta de chuid na sochaí sibhialta sna tíortha comhpháirtíochta a mhéadú.

2.Idirphlé le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta agus idirphlé eatarthu faoi bheartas forbartha

(a)Fóraim idirphlé chuimsitheacha ina bhfuil a lán páirtithe leasmhara rannpháirteach, lena náirítear idirchaidreamh idir saoránaigh, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, údaráis áitiúla, na Ballstáit, tíortha comhpháirtíochta agus príomhpháirtithe leasmhara eile a bhaineann leis an bhforbairt;

(b)An deis a chur ar fáil do ghníomhaithe de chuid na sochaí sibhialta chun dul i gcomhar le chéile agus an taithí atá acu a mhalartú le chéile;

(c)Idirphlé substainteach struchtúrtha leanúnach agus comhpháirtíochtaí leis an Aontas Eorpach a áirithiú.

3.Feasacht, eolas agus rannpháirtíocht shaoránaigh na hEorpa maidir le saincheisteanna na forbartha

(a)Daoine a chumhachtú chun cur lena rannpháirtíocht;

(b)Tacaíocht phoiblí a shlógadh san Aontas, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha do straitéisí forbartha inbhuanaithe cuimsitheacha i dtíortha comhpháirtíochta.

3. RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH NA COBHSAÍOCHTA AGUS NA SÍOCHÁNA

1.Cúnamh maidir le coinbhleachtaí a chosc, maidir le cothú na síochána agus maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna

Soláthróidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais ina gcumhdófar tacaíocht do bhearta lena ndírítear ar acmhainneacht na gcomhpháirtithe a fhorbairt agus a neartú maidir le coinbhleachtaí a chosc, le cothú na síochána agus le dul i ngleic le riachtanais réamh-ghéarchéime agus iar-ghéarchéime i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus le heagraíochtaí eile idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha, agus le gníomhaithe Stáit agus na sochaí sibhialta agus iad ag iarraidh an méid seo a dhéanamh go príomha sna réimsí seo a leanas, lena náirítear aird ar leith a thabhairt do rannpháirtíocht na mban:

(a)luathrabhadh agus anailís riosca atá íogair ó thaobh coinbhleachta; bearta maidir le cothú muiníne, idirghabháil, idirphlé agus athmhuintearas;

(b)téarnamh iar-choinbhleachta agus téarnamh iarthubaiste freisin;

(c)bearta tacaíochta maidir le cothú síochána agus forbairt Stáit;

(d)cosc coinbhleachta agus freagairt do ghéarchéimeanna;

(e)Fothú Acmhainneachta maidir leis an tSlándáil agus an Fhorbairt.

2.Cúnamh maidir le tabhairt faoi bhagairtí domhanda agus trasréigiúnacha agus faoi bhagairtí atá ag teacht chun cinn

Soláthróidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais chun tacú le hiarrachtaí na gcomhpháirtithe agus le gníomhaíochtaí an Aontais lena dtabharfar faoi bhagairtí domhanda agus trasréigiúnacha agus faoi bhagairtí atá ag teacht chun cinn:

(a)bagairtí ar an ord poiblí, agus ar shlándáil agus ar shábháilteacht daoine aonair, lena náirítear an sceimhlitheoireacht, an tantoisceachas foréigneach, an choireacht eagraithe, an chibearchoireacht, bagairtí hibrideacha, an gháinneáil aindleathach, trádáil mhídhleathach agus idirthuras mídhleathach;

(b)bagairtí do spásanna poiblí, don bhonneagar criticiúil, don chibearshlándáil, don tsláine phoiblí nó do chobhsaíocht an chomhshaoil, na bagairtí i gcoinne na slándála muirí, bagairtí a thagann ó thionchair an athraithe aeráide;

(c)maolú rioscaí, bídís ina rioscaí toiliúla, de thaisme nó nádúrtha, a bhaineann le hábhair nó le hoibreáin cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha agus rioscaí d’fhearais nó do shuíomhanna a bhaineann le hábhar;

(d)Fothú Acmhainneachta maidir leis an tSlándáil agus an Fhorbairt.

4. RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH DÚSHLÁIN DHOMHANDA

A.POBAIL

1.Sláinte

(a)Gnéithe ríthábhachtacha de chóras sláinte éifeachtach cuimsitheach a fhorbairt ar fearr aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal fornáisiúnta chun rochtain chothrom ar sheirbhísí sláinte, agus ar shláinte ghnéis agus atáirgthe agus ar chearta a fháil;

(b)Tionscnaimh dhomhanda a threisiú atá ina bpríomhchuspóirí chun clúdach sláinte uilíoch a bhaint amach trí cheannaireacht dhomhanda a léiriú i gcur chuige i leith an tsláinte a phlé i ngach beartas lena náireofar leanúntas cúraim sláinte, an tsláinte a chur chun cinn ó chúram sláinte coisctheach go hiarchóireáil;

(c)Aghaidh a thabhairt ar an tslándáil dhomhanda sláinte trí thaighde a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha agus iad a rialú, úsáid a bhaint as eolas chun táirgí agus beartais a cheapadh a rachaidh i ngleic le hualach an ghalair atá ag athrú i rith an ama (galair neamhtheagmhálacha, míchothú de gach cineál agus fachtóirí riosca comhshaoil), agus a mhúnlaíonn margaí domhanda chun feabhas a chur ar an rochtain ar thráchtearraí sláinte agus seirbhísí cúraim shláinte ríthábhachtacha, go háirithe don tsláinte ghnéis agus atáirgthe.

2.Oideachas

(a)Iarrachtaí domhanda comhpháirteacha don oideachas ardcháilíochta atá cuimsitheach cothrom ar gach leibhéal a chur chun cinn, lena náirítear i gcásanna éigeandála agus i ngéarchéimeanna;

(b)Eolas, scileanna agus luachanna a threisiú trí chomhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí, ar mhaithe le saoránacht ghníomhach agus sochaithe táirgiúla cuimsitheacha athléimneacha;

(c)Tacú le gníomhú domhanda maidir le gach gné den neamh-chomhionannas a laghdú, amhail na bearnaí idir cailíní/mná agus buachaillí/fir, chun a áirithiú go mbeidh comhionannas deiseanna ag gach duine páirt a ghlacadh sa saol eacnamaíoch agus sóisialta.

3.Mná agus leanaí

(a)Iarrachtaí domhanda, comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí a stiúradh agus tacú leo chun deireadh a chur le gach cineál foréigean in aghaidh na mban agus cailíní; áirítear orthu sin foréigean fisiciúil, gnéasach, eacnamaíoch agus gach cineál eile den fhoréigean agus den idirdhealú, agus an teisiamh san áireamh lena gcuirtear mná faoi mhíbhuntáiste sna réimsí éagsúla dá saol príobháideach agus poiblí;

(b)Tionscnaimh nua a chur chun cinn chun córais níos láidre maidir le cosaint leanaí i dtríú tíortha a cheapadh, a áiritheoidh go ndéanfar leanaí a chosaint ar an bhforéigean, ar an mí-úsáid agus ar an bhfaillí i ngach réimse, lena náirítear tríd an taistriú ó chúram institiúideach do leanaí go cúram pobalbhunaithe do leanaí a chur chun cinn.

4.Imirce agus easáitiú éigeantach

(a)Ceannaireacht leanúnach an Aontais Eorpaigh a áirithiú chun an clár oibre domhanda maidir le gach gné den rialachas a bhaineann leis an imirce agus an easáitiú éigeantach;

(b)Idirphlé faoi bheartais dhomhanda agus thrasréigiúnacha a stiúradh agus tacú leis sin, lena náirítear malartú eolais agus comhar maidir leis an imirce agus an easáitiú éigeantach;

(c)Tacú le gealltanais idirnáisiúnta agus gealltanais an Aontais Eorpaigh maidir leis an imirce agus an easáitiú éigeantach a chur chun feidhme, lena náirítear obair leantach ar an gComhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce agus ar an gComhshocrú Domhanda maidir le Dídeanaithe;

(d)An bonn fianaise domhanda a fheabhsú, lena náirítear an nasc idir earnáil na himirce agus na forbartha, agus gníomhuithe píolótacha a thionscnamh chun cineálacha cur chuige nuálacha oibríochtúla a cheapadh i réimse na himirce agus an easáitithe éigeantaigh.

5.Obair chuibhiúil, cosaint shóisialta agus neamh-chomhionannas

(a)An clár oibre domhanda a mhúnlú agus tacú le tionscnaimh maidir le colún daingean de chothromas agus ceartas sóisialta a lánpháirtiú i gcomhréir le luachanna an Aontais Eorpaigh;

(b)Rannchuidiú leis an gclár oibre domhanda maidir le hobair chuibhiúil, go háirithe i slabhraí breisluacha domhanda, agus eolas a fheabhsú faoi bheartais éifeachtacha fostaíochta a fhreagraíonn do riachtanais mhargadh an tsaothair, lena náirítear an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil;

(c)Tacú le tionscnaimh dhomhanda maidir le cosaint shóisialta uilíoch atá i gcomhréir le prionsabail na héifeachtúlachta, na hinbhuanaitheachta agus an chothromais; lena náirítear tacú le haghaidh a thabhairt ar neamh-chomhionannas agus an comhtháthú sóisialta a áirithiú;

(d)Taighde agus forbairt dhomhanda a chur i gcrích i rith an ama tríd an nuálaíocht shóisialta lena bhfeabhsófar cuimsiú sóisialta agus lena dtabharfar aghaidh ar na riachtanais atá ag na grúpaí is leochailí den tsochaí.

6.Cultúr

(a)Tionscnaimh maidir le héagsúlacht chultúrtha agus idirphlé idirchultúrtha le haghaidh caidrimh shíochánta idir pobail a chur chun cinn;

(b)Tacú leis an gcultúr mar uirlis chun an fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch inbhuanaithe a spreagadh agus an comhar maidir leis an oidhreacht chultúrtha a threisiú.

B.PLÁINÉAD

1.Comhshaol folláin a áirithiú agus dul i ngleic leis an athrú aeráide

(a)Rialachas aeráide agus comhshaoil dhomhanda a threisiú, Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, Coinbhinsiúin Rio agus comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil eile;

(b)Cabhrú leis an síneadh seachtrach de bheartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide;

(c)Cuspóirí maidir leis an gcomhshaol, athrú aeráide agus laghdú rioscaí tubaiste i mbeartais, pleananna agus infheistíochtaí a lánpháirtiú trí eolas agus faisnéis fheabhsaithe;

(d)Tionscnaimh idirnáisiúnta agus tionscnaimh an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme chun oiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide agus forbairt aeráidseasmhach ísealcharbóin a chur chun cinn, lena náirítear na rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna) agus straitéisí ísealcharbóin aeráidseasmhacha a chur chun feidhme, laghdú rioscaí tubaiste a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú comhshaoil agus cosc a chur ar chailliúint na bithéagsúlachta, caomhantas, úsáid inbhuanaithe agus bainistiú éiceachóras talún agus muirí agus acmhainní nádúrtha inathnuaite, lena náirítear talamh, uiscí, aigéin, iascach agus foraoisí, aghaidh a thabhairt ar dífhoraoisiú, díghrádú talún, lománaíocht neamhdhleathach agus gáinneáil ar fhiadhúlra, dul i ngleic le truailliú agus comhshaol folláin a áirithiú, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna aeráide agus comhshaoil atá ag teacht chun cinn, éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn, tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe agus bainistiú fónta ar cheimiceáin agus ar dhramhaíl agus tacú leis an aistriú chuig geilleagair chiorclacha agus ghlasa íseal-astaíochtaí aeráidseasmhacha.

2.Fuinneamh inbhuanaithe

(a)Tacú le hiarrachtaí, gealltanais, comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí domhanda, lena náirítear an taistriú chuig fuinneamh inbhuanaithe;

(b)Rialtais chomhpháirtíochta a spreagadh le lánleas a bhaint as beartas na hearnála fuinnimh agus as athchóirithe margaidh le go mbunófar timpeallacht fhabhrach d’infheistíochtaí a mhéadóidh an rochtain ar sheirbhísí fuinnimh atá inacmhainne, nua-aimseartha, iontaofa agus inbhuanaithe, agus a chuireann fócas láidir ar fhuinneamh inathnuaite agus ar éifeachtúlacht fuinnimh;

(c)Samhlacha gnó atá inbhuanaithe ó thaobh an airgeadais de agus atá inscálaithe agus inmhacasamhlaithe a fhiosrú, a shainaithint, a phríomhshruthú ar bhonn domhanda agus tacú leis na samhlacha gnó sin, lena soláthrófar teicneolaíochtaí nuálacha digiteacha trí thaighde nuálach a áiritheoidh éifeachtúlacht mhéadaithe, go háirithe do chineálacha cur chuige díláraithe lena soláthrófar rochtain ar fhuinneamh trí fhuinneamh inathnuaite, lena náirítear sna réimsí sin a bhfuil acmhainneacht an mhargaidh áitiúil teoranta.

C.RATHÚNAS

1.Fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, poist chuibhiúla agus rannpháirtíocht na hearnála príobháidí

(a)Infheistíocht phríobháideach inbhuanaithe a chur chun cinn trí shásraí nuálacha maoinithe agus roinnt rioscaí;

(b)Timpeallacht ghnó agus infheistíochta a fheabhsú, a thacóidh leis an idirphlé feabhsaithe idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, agus acmhainneachtaí Micrifhiontar, Fiontar Beag agus Meánmhéide a fhothú;

(c)Tacú le beartas trádála agus comhaontuithe trádála an Aontais agus lena gcur chun feidhme; agus rochtain ar mhargaí tíortha comhpháirtíochta a fheabhsú agus deiseanna trádála, infheistíochta agus gnó a fheabhsú do chuideachtaí ón Aontas, agus bacainní ar rochtain ar an margadh agus ar infheistíocht a bhaint;

(d)Meascán éifeachtach de bheartais a chur chun cinn a thacóidh le héagsúlú eacnamaíoch, breisiú luacha, agus lánpháirtiú réigiúnach agus geilleagar glas agus gorm inbhuanaithe;

(e)Rochtain ar theicneolaíochtaí digiteacha a éascú, lena náirítear rochtain ar airgeadas agus cuimsiú airgeadais a chur chun cinn;

(f)Tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe agus teicneolaíochtaí agus cleachtais nuálacha a chur chun cinn le haghaidh geilleagar ciorclach ísealcharbóin atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de.

2.Slándáil bia agus cothaithe

(a)Tacú le straitéisí, eagraíochtaí, sásraí agus gníomhaithe idirnáisiúnta a chuireann saincheisteanna beartais agus creata móra domhanda maidir le slándáil bia agus cothaithe agus tionchar a imirt orthu sin ar fad;

(b)Leasanna poiblí domhanda a fheabhsú lena gcuirfear deireadh leis an ocras agus le míchothú; mar gheall ar uirlisí amhail an Líonra Domhanda maidir le Géarchéimeanna Bia feabhsaítear an acmhainneacht chun freagairt go leormhaith do ghéarchéimeanna bia agus cothaithe i gcomhthéacs an naisc idir earnáil na cabhrach daonnúla agus na forbartha agus na síochána (a chuideoidh mar sin le hacmhainní Cholún 3 a fhorscaoileadh);

(c)An ról lárnach atá ag an talmhaíocht agus an iascach agus dobharshaothrú inbhuanaithe le haghaidh slándáil bia mhéadaithe a athdhearbhú ar bhonn domhanda, deireadh a chur leis an mbochtaineacht, cruthú post, maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú dó, athléimneacht agus éiceachórais fholláine;

(d)An nuálaíocht a chur ar fáil trí thaighde idirnáisiúnta agus eolas agus saineolas ar bhonn domhanda a threisiú, go háirithe taighde, eolas agus saineolas a bhaineann le oiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide, agrai-bhithéagsúlacht, i slabhraí breisluacha domhanda cuimsitheacha, sábháilteacht bia, infheistíochtaí freagracha, rialachas tionachta talún agus acmhainní nádúrtha.

D.COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ

1.Ról na nÚdarás Áitiúil mar ghníomhaithe forbartha a neartú tríd an méid seo:

(a)Acmhainneacht líonraí, ardán agus comhghuaillíochtaí de chuid údaráis áitiúla na hEorpa agus an Deiscirt a mhéadú chun idirphlé beartais a bheidh substainteach agus leantach a áirithiú i réimse na forbartha agus chun rialachas daonlathach a chur chun cinn, go sonrach tríd an gCur Chuige Críochach i leith Forbairt Áitiúil;

(b)Idirghníomhaíochtaí le saoránaigh an Aontais a mhéadú maidir le saincheisteanna na forbartha (múscailt feasachta, comhroinnt eolais, rannpháirtíocht), go sonrach maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, lena náirítear san Aontas agus i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha.

2.Sochaithe cuimsitheacha, an dea-rialachas eacnamaíoch, lena náirítear tiomsú ioncaim intíre atá cothrom cuimsitheach, bainistiú trédhearcach airgeadais phoiblí agus caiteachas poiblí éifeachtach cuimsitheach a chur chun cinn.

IARSCRÍBHINN IV
RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH GNÍOMHUITHE MEARFHREAGARTHA

1.Gníomhuithe chun cur le cobhsaíocht agus cosc coinbhleachta i gcásanna éigeandála, géarchéime a bheidh ag teacht chun cinn, géarchéime agus iar-ghéarchéime.

Déanfar gníomhuithe mearfhreagartha dá dtagraítear i bpointe a) d’Airteagal 4(4) a dhearadh chun go dtabharfaidh an tAontas Eorpach freagairt éifeachtach do na cásanna eisceachtúla gan choinne a leanas:

(a)cás éigeandála, géarchéime, géarchéime atá ag teacht chun cinn nó tubaistí nádúrtha;

(b)cás ina gcuirtear i mbaol an daonlathas, an tord poiblí, cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, nó slándáil nó sábháilteacht daoine aonair, go háirithe na daoine sin atá faoi lé foréigin inscne i gcásanna éagobhsaíochta;

(c)cás ina bhfuil an baol ann go neascróidh coinbhleacht armtha as nó go ndéanfaidh an tríú tír nó tíortha lena mbaineann a dhíchobhsú go holc.

2.Gníomhuithe chun cur le hathléimneacht a neartú agus an chabhair dhaonnúil agus an gníomhaíocht forbartha a nascadh le chéile

Déanfar gníomhuithe mearfhreagartha dá dtagraítear i bpointe b) d’Airteagal 4(4) a dhearadh chun go neartófar athléimneacht go héifeachtach agus go nascfar an chabhair dhaonnúil agus gníomhaíochtaí forbartha le chéile, nach féidir aghaidh a thabhairt orthu go mear trí chláir gheografacha agus théamacha.

Féadfar a áireamh ar na gníomhuithe sin an méid seo a leanas:

(a)athléimneacht a neartú trí thacú le daoine aonair, pobail, institiúidí, agus tíortha chun ullmhú níos fearr do strus agus suaitheadh, idir pholaitiúil, eacnamaíoch agus shochaíoch, tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine, coinbhleachtaí agus bagairtí domhanda, iad a sheasamh, dul in oiriúint dóibh agus teacht slán uatha go sciobtha; agus acmhainneacht stáit a threisiú freisin - in aghaidh brú mór chun a chroífheidhmeanna a thógáil go sciobtha, iad a choinneáil agus a athbhunú, agus comhtháthú bunúsach sóisialta agus polaitiúil agus comhtháthú na sochaithe, pobail agus daoine aonair a threisiú chun deiseanna agus rioscaí a bhainistiú ar bhonn síochánta cobhsaí agus slite beatha a bhunú, a choinneáil nó a athbhunú in ainneoin brú ollmhór;

(b)tionchair dhiúltacha ghearrthéarma a thagann as suaití eisginiúla, lena gcruthaítear neamhchobhsaíocht mhaicreacnamaíoch, a mhaolú agus lena ndíreofar ar athchóirithe socheacnamaíocha agus caiteachas poiblí tosaíochta le haghaidh forbairt socheacnamaíoch agus laghdú bochtaineachta;

(c)téarnamh agus atógáil ghearrthéarma a chur i gcrích chun a chur ar chumas íospartach de dheasca tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine, coinbhleachtaí agus bagairtí domhanda leas a bhaint as méid beag áirithe de lánpháirtiú socheacnamaíoch agus, chomh luath agus is féidir, na dálaí a chruthú agus tús a chur arís leis an bhforbairt ar bhonn cuspóirí fadtéarma a leagfaidh amach na tíortha agus na réigiúin lena mbaineann; Áirítear air sin aghaidh a thabhairt ar na riachtanais phráinneacha agus láithreacha a thagann as easáitiú daoine (dídeanaithe, daoine easáitithe agus fillí) tar éis tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine; agus

(d)cabhrú leis an stát nó leis an réigiún sásraí coiscthe agus ullmhachta gearrthéarma i gcás tubaistí a chur ar bun, lena náirítear tuar agus luathrabhadh, d’fhonn iarmhairtí tubaistí a laghdú.

3.Gníomhuithe a thugann aghaidh ar riachtanais agus tosaíochtaí beartais eachtraigh.

Le gníomhuithe mearfhreagartha dá dtagraítear i bpointe c) d’Airteagal 4(4) tacófar le beartas eachtrach an Aontais sna saincheisteanna polaitiúla, eacnamaíocha agus slándála. Cuirfear ar chumas an Aontais gníomhú i gcás ina mbeidh leas beartais eachtraigh práinneach nó riachtanach, nó i gcás ina mbeidh ionú ann a chuspóirí a ghnóthú, lena néilítear mearfhreagairt agus i gcás gur deacair aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach eile.

Féadfar a áireamh ar na gníomhuithe sin an méid seo a leanas:

(a)tacú le straitéisí déthaobhacha, réigiúnacha agus idir-réigiúnacha an Aontais i dtaca le comhar, trí idirphlé maidir le beartas a chur chun cinn agus trí chur chuige comhchoiteann agus freagairtí comhchoiteanna a cheapadh ar dhúshláin atá ann don domhan uile, lena náirítear saincheisteanna a bhaineann le himirce agus slándáil, agus lena mbainfear leas as an ionú maidir leis sin.

(b)tacaíocht do bheartas trádála agus comhaontuithe trádála an Aontais agus dá gcur chun feidhme; agus rochtain ar mhargaí tíortha comhpháirtíochta a fheabhsú agus deiseanna trádála, infheistíochta agus gnó a fheabhsú do chuideachtaí ón Aontas, go háirithe FBManna, agus bacainní ar rochtain ar an margadh agus ar infheistíocht a bhaint, trí bhíthin taidhleoireacht i ndáil leis an ngeilleagar agus trí chomhar gnó agus rialála.

(c)rannchuidiú leis an ngné idirnáisiúnta de bheartais inmheánacha an Aontais a chur chun feidhme amhail inter alia comhshaol, athrú aeráide, fuinneamh, agus comhar ar bhainistiú agus rialachas na naigéan;

(d)tuiscint fhorleathan maidir leis an Aontas agus a infheicthe atá sé agus a ról ar an ardán domhanda a chur chun cinn trí thaidhleoireacht phoiblí, trí theagmháil idir daoine, trí thaidhleoireacht chultúrtha, trí chomhar i gcúrsaí oideachais agus acadúla, agus trí ghníomhaíochtaí for-rochtana chun leasanna agus luachanna an Aontais a chur chun cinn.

Leis na gníomhaíochtaí sin cuirfear beartais nó tionscnaimh nuálacha chun feidhme, a chomhfhreagróidh do riachtanais, deiseanna agus tosaíochtaí gearrthéarma nó meántéarma atá ann faoi láthair nó atá ag athrú, lenar féidir bonn eolais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí amach anseo faoi chláir gheografacha nó théamacha. Leis na gníomhaíochtaí sin díreofar ar chaidreamh an Aontais a neartú le tíortha, an tAontas dul i mbun idirphlé leo agus comhghuaillíochtaí a chothú leis na tíortha a bhfuil leas straitéiseach ag an Aontas leo, go háirithe sna tíortha sin a bhfuil an geilleagar ag teacht chun cinn iontu agus sna tíortha sin nach bhfuil á dtuilleamh iontu ach ioncaim nach ard, ar tíortha iad a bhfuil ról tábhachtach méadaithe acu i gcúrsaí domhanda, i rialachas domhanda, i mbeartas eachtrach, sa gheilleagar idirnáisiúnta, agus i bhfóraim iltaobhacha.

IARSCRÍBHINN V
RÉIMSÍ TOSAÍOCHTA IN OIBRÍOCHTAÍ CEFI+ A CHUIMSÍTEAR LEIS AN RÁTHAÍOCHT DO GHNÍOMHAÍOCHTAÍ SEACHTRACHA

Is é an cuspóir a bheidh ag oibríochtaí CEFI+ atá incháilithe do thacaíocht tríd an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha díriú go háirithe ar na réimsí tosaíochta seo a leanas:

(a)maoiniúchán agus tacaíocht a sholáthar d’fhorbairt na hearnála príobháidí agus comhair a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 209(2) den [Rialachán Airgeadais], agus béim ar leith á leagan ar chuideachtaí áitiúla agus ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide, poist chuibhiúla á gcruthú agus rannchuidiú na gcuideachtaí Eorpacha le cuspóirí CEFI+ á spreagadh;

(b)aghaidh a thabhairt ar scrogaill atá roimh infheistíochtaí príobháideacha trí ionstraimí airgeadais a chur ar fáil, ar ionstraimí iad a fhéadfar a bheith ainmnithe in airgeadra áitiúil na tíre comhpháirtíochta lena mbaineann, lena náirítear ráthaíochtaí céadchaillteanais do phunanna, ráthaíochtaí do thionscadail earnála príobháidí amhail ráthaíochtaí iasachta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus ráthaíochtaí lena gcumhdaítear rioscaí sonracha i dtionscadail bhonneagair agus caipiteal eile riosca;

(c)maoiniú na hearnála príobháidí a ghiaráil, agus béim ar leith á leagan ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide, trí aghaidh a thabhairt ar scrogaill agus ar chonstaicí don infheistíocht;

(d)earnálacha socheacnamaíocha agus limistéir shocheacnamaíocha agus bonneagar poiblí agus príobháideach gaolmhar agus nascacht inbhuanaithe a neartú, lena náirítear fuinneamh inathnuaite agus inbhuanaithe, bainistiú uisce agus dramhaíola, iompar, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, chomh maith leis an gcomhshaol, úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, talmhaíocht inbhuanaithe agus geilleagar gorm, bonneagar sóisialta, sláinte, agus caipiteal daonna d’fhonn feabhas a chur ar an timpeallacht shocheacnamaíoch;

(e)rannchuidiú leis an ngníomhú ar son na haeráide agus le cosaint agus bainistiú an chomhshaoil;

(f)trí forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna sonracha na himirce neamhrialta, mar aon le hathléimneacht na bpobal trasdula agus óstach a chothú, agus rannchuidiú le hath-imeascadh inbhuanaithe na nimirceach a bheidh ag filleadh ar a dtíortha tionscnaimh, agus aird chuí á tabhairt ar an smacht reachta, dea-rialachas agus cearta an duine a neartú.

IARSCRÍBHINN VI
RIALACHAS CEFI+

1. Struchtúr CEFI+

1.Beidh CEFI+ comhdhéanta d’ardáin réigiúnacha infheistíochta arna mbunú ar bhonn mhodhanna oibre, nósanna imeachta agus struchtúir na saoráidí cumaisc seachtracha atá ann cheana san Aontas, agus déanfaidh siad a noibríochtaí cumaisc agus oibríochtaí Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi CEFI+ a chomhcheangal.

2.Is é an Coimisiún a áiritheoidh bainistiú CEFI+.

2. Bord straitéiseach CEFI+

1.Maidir le bainistiú CEFI+, cuirfidh bord straitéiseach comhairle ar an gCoimisiún, ach amháin i gcás na noibríochtaí a chumhdaítear le beartas an Aontais Eorpaigh um méadú agus a mhaoinítear le [IPA III], lena náiritheofar bord straitéiseach ina leith sin faoi Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar.

2.Cuirfidh an bord straitéiseach comhairle ar an gCoimisiún maidir le treoshuíomh straitéiseach agus tosaíochtaí straitéiseacha infheistíochtaí Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha CEFI+ agus rannchuideodh sé lena nailíniú le treoirphrionsabail agus le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, leis an mbeartas forbartha agus le Beartas Comharsanachta na hEorpa, chomh maith le cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo agus le cuspóir CEFI+ mar a leagtar amach in Airteagal 26. Tacóidh sé leis an gCoimisiún freisin le spriocanna foriomlána infheistíochta a leagan síos i dtaca le húsáid Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha chun tacú le hoibríochtaí CEFI+ agus déanfaidh sé faireachán ar chumhdach geografach agus téamach atá iomchuí agus éagsúlaithe d’ionú infheistíochta.

3.Tacóidh an bord straitéiseach freisin leis an gcomhordú foriomlán, leis an gcomhlántacht fhoriomlán agus leis an gcomhleanúnachas foriomlán idir na hardáin infheistíochta réigiúnacha, idir trí cholún den Phlean Eorpach Infheistíochta Seachtraí, idir an Plean Eorpach Infheistíochta Seachtraí agus iarrachtaí eile an Aontais maidir le himirce agus maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030, agus mar aon le cláir eile a leagtar amach sa Rialachán seo.

4.Beidh an bord straitéiseach comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, agus de na Ballstáit ar fad agus den Bhanc Eorpach Infheistíochta. Beidh stádas breathnóra ag Parlaimint na hEorpa. Féadfar stádas breathnóra a thabhairt do rannchuiditheoirí, do chontrapháirtithe incháilithe, do thíortha comhpháirtíochta, d’eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha agus do pháirtithe leasmhara eile, i gcás inarb iomchuí. Rachfar i gcomhairle leis an mbord straitéiseach sula nglacfar le haon bhreathnóir nua. Beidh an bord straitéiseach faoi chomhchathaoirleacht an Choimisiúin agus an Ardionadaí.

5.Tiocfaidh an bord straitéiseach le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad agus, nuair is féidir, déanfaidh sé tuairimí a ghlacadh trí chomhthoil. Féadfaidh an cathaoirleach cruinnithe breise a eagrú aon tráth nó féadfar iad a eagrú arna iarraidh sin d’aon trian de chomhaltaí an bhoird. I gcás nach féidir an chomhthoil a bhaint amach, beidh feidhm ag na cearta vótála a comhaontaíodh ag an gcéad chruinniú den bhord straitéiseach agus mar a leagtar síos ina rialacha nós imeachta. Tabharfar aird chuí sna cearta vótála sin ar na foinsí maoiniúcháin. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta an creat maidir le ról na mbreathnóirí. Déanfar miontuairiscí agus cláir oibre chruinnithe an bhoird straitéisigh a chur ar fáil don phobal tar éis a nglactha.

6.Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an bhoird straitéisigh maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cur chun feidhme CEFI+. Cuirfidh an bord straitéiseach de Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar tuarascáil ar fáil maidir le dul chun cinn a dhéanfar san ionstraim ráthaíochta don réigiún um méadú chun an tuairisciú thuasluaite a chomhlánú. Déanfaidh an bord straitéiseach comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ábhartha a eagrú go rialta maidir le treoshuíomh straitéiseach agus cur chun feidhme CEFI+.

7.Ós rud é go bhfuil an dá bhord straitéiseacha ann, ní bheidh tionchar aige sin ar an ngá a bheidh le creat bainistithe rioscaí CEFI+ aontaithe aonair a chur i bhfeidhm.

3. Boird oibríochtúla réigiúnacha

Tacóidh boird oibríochtúla réigiúnacha na nardán infheistíochta leis an gCoimisiún ar an leibhéal cur chun feidhme agus spriocanna réigiúnacha agus earnála infheistíochta agus ionuithe réigiúnacha, earnála agus téamacha infheistíochta á sainiú agus ceapfaidh boird oibríochtúla réigiúnacha na nardán infheistíochta tuairimí maidir leis na hoibríochtaí cumaisc agus maidir leis an úsáid a bhainfear as an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha lena gcumhdaítear oibríochtaí CEFI+.



IARSCRÍBHINN VII
LIOSTA PRÍOMHTHÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA

I gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, úsáidfear an liosta seo de phríomhtháscairí feidhmíochta a leanas le gur féidir rannchuidiú an Aontais a thomhas le cuspóirí sonracha a ghnóthú.

(1)Innéacs an smachta reachta

(2)Sciar den daonra atá faoi bhun thairseach idirnáisiúnta na bochtaineachta

(3)Líon na mban in aois atáirgthe, cailíní sna déaga, agus leanaí faoi bhun 5 a tháinig faoi thionchar clár cothaithe dá dtugtar tacaíocht ón Aontas Eorpach

(4)Líon na leanaí atá bliain d’aois agus atá imdhíonaithe go hiomlán dá dtugtar tacaíocht ón Aontas Eorpach

(5)Líon daltaí atá cláraithe i mbunscoileanna nó i meánscoileanna agus faoi oiliúint dá dtugtar tacaíocht ón Aontas Eorpach

(6)Astaíochtaí gas ceaptha teasa arna laghdú nó arna seachaint (Ktona CO2eq) dá dtugtar tacaíocht ón Aontas Eorpach

(7)Limistéir éiceachóras muirí, talún agus fionnuisce atá á gcosaint agus/nó á mbainistiú ar bhonn inbhuanaithe dá dtugtar tacaíocht ón Aontas Eorpach

(8)Giaráil infheistíochtaí agus éifeacht iolraitheora a ghnóthaítear

(9)Táscaire maidir leis an gcobhsaíocht pholaitiúil agus asláithreacht an fhoréigin

(10)Líon na bpróiseas a bhaineann le cleachtais tíortha comhpháirtíochta maidir le trádáil, infheistíocht agus gnó, nó an ghné sheachtrach de bheartais inmheánacha an Aontais Eorpaigh ar ar imríodh tionchar a chur chun cinn

Déanfar na táscairí go léir a imdhealú de réir gnéis i gcás inarb ábhartha.

Top