AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 29.5.2018
COM(2018) 374 final
2018/0199(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh
{SEC(2018) 268 final}
{SWD(2018) 282 final}
{SWD(2018) 283 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
Ar an 2 Bealtaine 2018, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse 2021-2027.
Rinneadh simpliú an chreata a shainaithint mar chuspóir ríthábhachtach sa pháipéar machnaimh maidir le staid airgeadais an Aontais Eorpaigh, sa mheastóireacht ex post ar an gcreat atá ann faoi láthair agus sa chomhairliúchán poiblí faoin gcreat le haghaidh 2021-2027. Tugtar le tuiscint de bharr taithí go bhfuil an iomarca castachta agus ilroinnte ag baint leis na rialacha atá anois ann, rud a fhágann go bhfuil ualach neamhriachtanach ar bhainisteoirí clár agus ar thairbhithe deiridh.
Maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg), molann an Coimisiún iarracht mhór a dhéanamh chun comhar a shimpliú thar theorainneacha an Aontais. Déantar idirdhealú soiléir sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ('CFAE') idir comhar críochach idir na Ballstáit agus comhar eacnamaíoch, airgeadais agus teicniúil le tíortha nach bhfuil in AE. Déantar comhar críochach idir na Ballstáit bunaithe ar chomhtháthú (inmheánach), eacnamaíoch, sóisialta agus críochach (Teideal XVIII de Chuid a Trí maidir le beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais). Tagann comhar eacnamaíoch, airgeadais agus teicniúil le tíortha nach bhfuil in AE faoi Chaibidil 2, agus tagann comhar um fhorbairt faoi Chaibidil 3, de Theideal III (comhar le tríú tíortha agus cabhair dhaonnúil) de Chuid a Cúig maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, mar aon le Cuid a Ceathair maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear.
Dá bhrí sin, ní féidir, go dlíthiúil, ciste comhair aonair a bhunú laistigh agus lastall de theorainneacha AE. Mar sin féin, d'fhonn iarracht mhór a dhéanamh chun sineirgíocht a uasmhéadú eatarthu, maidir leis na Rialacháin lena rialáiltear ionstraimí maoinithe sheachraigh AE a bheidh ann amach anseo,
·ICR III:
An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais ('ICR III'),
·ICFCI:
An Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta ('ICFCI') agus
·Clár na dtíortha agus na gcríoch thar lear:
Cinneadh ón gComhairle maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear lena mbunaítear an cistiú i bhfoirm Cláir
Clár na dtíortha agus na gcríoch thar lear:
tá sé mar aidhm leo rialacha soiléire a bhunú chun cuid dá nacmhainní a aistriú chuig cláir Interreg. Den chuid is mó, cuirfear chun feidhme iad faoi na rialacha a bhunaítear leis an Rialachán maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh ('an Rialachán maidir le sprioc an chomhair chríochnaigh Eorpaigh (Interreg)'). Cuirfidh údaráis na gclár Interreg sna Ballstáit chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte iad.
Maidir le ICR III, cinnfear méid na ranníocaíochta le cláir Interreg faoi Airteagal 10 de Rialachán CCE/Interreg, a mbeidh feidhm aige chun an ranníocaíocht a úsáid. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh ICR III a bheith ina rannchuidiú le cláir nó bearta um chomhar trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach a bhunaítear agus a chuirtear chun feidhme faoi Rialachán CCE/Interreg (Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán maidir le ICR III).
Maidir le ICFCI, i gcás ina bhfuil bearta le cur chun feidhme ar bearta foriomlána, trasréigiúnacha nó réigiúnacha iad, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, faoi chláir tháscacha ilbhliantúla ábhartha nó faoi na pleananna gníomhaíochta nó na bearta ábhartha, raon feidhme na ngníomhaíochtaí a leathnú chuig tíortha agus críocha nach gcumhdaítear le Rialachán ICFCI. Bheadh sé mar aidhm leis sin a áirithiú go raibh maoiniú ón Aontas comhsheasmhach éifeachtach nó comhar réigiún nó trasréigiúnach a chothú. Go háirithe, féadfaidh an Coimisiún maoiniú sonrach a chur san áireamh le cuidiú le tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta an comhar leis na réigiúin chomharsanachta is forimeallaí san Aontas agus le tíortha agus críocha thar lear a chumhdaítear leis an gCinneadh maidir le Clár na dtíortha agus na gcríoch thar lear a neartú. Chuige sin, féadfaidh ICFCI a bheith ina rannchuidiú, i gcás inarb iomchuí agus ar bhonn cómhalartachta agus comhréireachta maidir le leibhéal an chistithe ó Chlár na dtíortha agus na gcríoch thar lear agus/ó Rialachán CCE/Interreg, le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag tír chomhpháirtíochta nó réigiún comhpháirtíochta nó aon eintiteas eile faoin Rialachán beartaithe seo, ag tír, críoch nó aon eintiteas eile faoin gCinneadh maidir le Clár na dtíortha agus na gcríoch thar lear nó ag réigiúin is forimeallaí de chuid AE faoi chláir oibríochtúla chomhpháirteacha nó le cláir nó bearta idir-réigiúnacha i ndáil le comhar a bhunaítear agus a chuirtear chun feidhme faoi Rialachán CCE/Interreg (Airteagal 33(2) de Rialachán ICRCI agus Airteagal 87 den Chinneadh maidir le Clár na dtíortha agus na gcríoch thar lear).
Chun comhsheasmhacht le beartais eile de chuid AE a áirithiú sa réimse sin, déantar na rialacha maidir le cur chun feidhme Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) a rialáil a mhéid agus is féidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna ('RFC'). Leagtar forálacha coiteanna le haghaidh na seacht gciste bainistíochta comhroinnte uile ar leibhéal AE amach ann. Go suntasach, is iad sin:
·CC:
An Ciste Comhtháthaithe
·CEMI:
An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh
·CFRE:
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
·CSE+:
Ciste Sóisialta na hEorpa Plus
·CTIL:
An Ciste um Thearmann agus Imirce
·IBTV:
An Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí
·CSI:
An Ciste Slándála Inmheánaí.
Chun an struchtúr reachtach a shimpliú agus a áirithiú go bhfuil na forálacha is infheidhme soiléir, leagtar rialacha coiteanna agus ciste-shonracha amach in RFC. Is amhlaidh atá le haghaidh an Rialacháin lena gcumhdaítear CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe do na hidirghabhálacha faoi sprioc ‘na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis’ agus, le haghaidh CFRE, faoi sprioc ‘an chomhair chríochaigh Eorpaigh’ (Interreg).
Tá gnéithe speisialta ag cláir faoi sprioc 'an chomhair chríochaigh Eorpaigh' (Interreg) lena bhfuil baint ag roinnt Ballstát agus tíortha nach bhfuil in AE freisin. Dá bhrí sin, leagtar amach sa Rialachán maidir le sprioc an chomhair chríochnaigh Eorpaigh (Interreg) rialacha Interreg-shonracha le haghaidh RFC agus an Rialacháin lena gcumhdaítear CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe. Ina theannta sin, leagtar rialacha sonracha amach ann faoi sprioc CCE/Interreg ('cláir Interreg') ina gcomhoibríonn na Ballstáit le tíortha nach bhfuil in AE.
Leagtar rialacha soiléire 'aistrithe' amach in ionstraimí maoinithe sheachtraigh AE maidir le gach comhchuid Interreg. Le linn na clárthréimhse 2014-2020, bhí cláir CTT ICR á mbainistiú ag DG REGIO cheana agus bhí na rialacha cur chun feidhme, bunaithe ar Rialachán ICR, ag teacht a bheag nó a mhór le rialacha Interreg le haghaidh cláir chomhair sna Ballstáit. Bhí cláir CTT IEC á mbainistiú ag DG NEAR; sna rialacha cur chun feidhme, bunaithe ar an Rialachán maidir le IEC, leagtar amach roinnt éagsúlachtaí le rialacha Interreg. Ba ar leibhéal na dtionscadal a eagraíodh comhar timpeall na réigiún is forimeallaí den chuid is mó, agus bhí gníomhaíochtaí píolótacha i gceist a raibh baint ag udaráis clár Interreg leo agus bearta maidir le comhar á gcur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
Tá údar maith le gníomhaíocht AE faoi Airteagal 174 CFAE: '(D)éanfaidh an tAontas a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú. Féachfaidh an tAontas go háirithe leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú'.
Sainítear aidhmeanna CFRE in Airteagal 176 de CFAE: 'Tá ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a cheartú, trí rannpháirtiú i bhforbairt agus i gcoigeartú struchtúrach na réigiún a bhfuil a bhforbairt tite ar gcúl agus in athrúchán na réigiún tionsclaíoch atá ag meath'.
Ina theannta sin, luaitear in Airteagal 174 CFAE gur cheart aird faoi leith a thabhairt ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu. Orthu sin, tá na réigiúin is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus na réigiúin oileánacha, na réigiún trasteorann agus na réigiúin shléibhteacha.
Is é Airteagal 178 CFAE an bunús dlí chun rialacháin cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh CFAE, an ciste beartais comhtháthaithe atá mar thacaíocht le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg).
Maidir le tacaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh AE, is é Airteagal 212(2) CFAE an bunús dlí le haghaidh comhar eacnamaíoch, airgeadais agus teicniúil le tíortha nach bhfuil in AE go ginearálta, lena náirítear iad sin atá incháilithe le haghaidh aontachais: '1. Gan dochar do na forálacha eile de na Conarthaí, agus go háirithe Airteagal 208 go hAirteagal 211, cuirfidh an tAontas bearta i ndáil le comhar eacnamaíoch, airgeadais agus teicniúil i gcrích, lena náirítear cúnamh, cúnamh airgeadais go háirithe, le tríú tíortha seachas tíortha i mbéal forbartha. Beidh na gníomhaíochtaí sin ag teacht le beartas forbartha an Aontais agus cuirfear i gcrích faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí a ghníomhaíochta seachtraí iad. Beidh oibríochtaí an Aontais agus oibríochtaí na mBallstát ag teacht le chéile agus treiseoidh siad a chéile. 2. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun mír 1 a chur chun feidhme.'
Is é Airteagal 209(1) CFAE an bunús dlí le haghaidh comhar le tíortha i mbéal forbartha: ‘1. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun beartas comhair um fhorbairt a chur chun feidhme, bearta a fhéadfaidh a bheith bainteach le cláir ilbhliantúla comhair le tíortha i mbéal forbartha nó le cláir a bhfuil cur chuige téamúil acu.'
Ar deireadh, in Airteagal 349 CFAE, déantar foráil maidir le bearta sonracha a ghlacadh chun aird a thabhairt ar staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach na réigiún is forimeallaí, staid is measa fós mar gheall ar ghnéithe sonracha áirithe a dhéanann mórdhochar dá bhforbairt.
Coimhdeacht agus comhréireacht
Sa mheasúnú tionchar sainaithníodh cúiseanna éagsúla chun an luach breise a chuirtear ar ghníomhaíocht náisiúnta a bhuí le gníomhaíocht AE a mhíniú. Orthu sin, tá:
·I roinnt mhaith tíortha, tá ar a laghad 50 % den infheistíocht phoiblí le fáil in CFRE agus sa Chiste Comhtháthaithe – murach sin, ní bheadh sé d’acmhainn ag na Ballstáit sin infheistíochtaí den sórt sin a dhéanamh.
·Is mór na héifeachtaí iarmharta a d’fhéadfaí a bheith ann trasna teorainneacha náisiúnta agus réigiúnacha, mar shampla maidir le hinfheistíochtaí sa nuálaíocht agus in FBManna. Tá ról tábhachtach ag AE chun a áirithiú go mbeidh éifeachtaí iarmharta den sórt sin ann agus i dtaca le tearcinfheistíocht a chosc. Ina theannta sin, is gá infheistíochtaí a cheapadh le go mbeidh an oiread éifeachtaí iarmharta ann agus is féidir.
·I dtromlach na réigiún, lena náirítear na réigiúin atá níos forbartha, tá straitéisí um speisialtóireacht chliste (RIS3) mar a bheadh creat straitéiseach comhsheasmhach ann le haghaidh infheistíochtaí agus is iad is cúis le breisluach ard a bheith ann. Ba é an ceanglas clársceidealaithe straitéisigh agus an réamhchoinníll comhfhreagrach le haghaidh tacaíocht do CFRE ba bhunspreagadh dóibh sin. Go deimhin, is mó an tairbhe a bhaintear as straitéisí den sórt sin de ghnáth sna réigiúin is forbartha (go háirithe sna tíortha Nordacha, san Ostair, sa Ghearmáin, in Benelux agus sa Fhrainc).
·Cuirtear tosaíochtaí AE chun cinn tríthi sin. Orthu sin tá athchóirithe struchtúracha ar mhargaí an tsaothair, iompar, comhshaol, fuinneamh, oideachas agus beartais shóisialta agus cláir, mar aon le nuachóiriú riaracháin.
·Le CFRE soláthraítear torthaí nithiúla i réimsí atá tábhachtach do dhaoine - 'Tá buiséad an Aontais ina chuidiú leis na nithe sin atá tábhachtach d’Eorpaigh a chur ar fáil'. Cuidiú le réigiúin iad féin a chur in oiriúint do dhúshlán an domhandaithe, 420 000 post a chruthú trí thacú le 1.1 milliún FBM idir 2014 agus 2020, dul i ngleic le bochtaineacht uirbeach – is tosaíochtaí iad siúd uile don phobal san Eoraip. Díol suntais é go bhfuil cuid mhaith de na torthaí sin follasach lasmuigh de thíortha an chomhtháthaithe go háirithe.
Ina theannta sin, tá na roghanna beartais sa Rialachán atá beartaithe comhréireach, ar chúiseanna áirithe lena náirítear:
·Ní dhéanann an Coimisiún Eorpach na cláir a bhainistiú ar bhonn díreach, ach ina ionad sin cuireann sé chun feidhme iad i gcomhar leis na Ballstáit (faoi bhainistíocht chomhroinnte).
·Na rialacha comhcheangailte (RFC a ghabhann leis in éineacht leis an Rialachán seo), tá siad i bhfad níos simplí agus níos comhdhlúthaithe i gcomparáid leis an tréimhse a chuaigh roimhe.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Meastóireacht ex post ar Interreg 2007-2013
Faoi dheireadh 2013, fuair beagnach 7 000 tionscadal cistiú ó chláir Interreg i réimsí beartais i gcroílár na straitéise Eoraip 2020. Orthu sin, bhí cruthú agus leathnú braislí eacnamaíocha, bunú lárionad barr feabhais, lárionad ardoideachais agus oiliúna, líonraí comhair idir lárionaid taighde agus seirbhísí comhairleacha trasteorann le haghaidh gnólachtaí agus - gnólachtaí nuathionscanta. Suas agus anuas le 1 300 tionscadal comhshaoil a bhí ann agus is éard a bhí i gceist leo acmhainní nádúrtha a bhainistiú go comhpháirteach, lena náirítear imchuacha farraige agus abhantracha; gníomhaíocht chomhoibríoch chun dul i ngleic le rioscaí nádúrtha, freagairt don athrú aeráide agus tionscnaimh bhithéagsúlachta agus tionscnaimh phíolótacha a chaomhnú le fuinneamh inathnuaite a fhorbairt.
Bhí cláir Interreg ina rannchuidiú le roinnt feabhsuithe, lena náirítear inrochtaineacht, tionscadail chomhpháirteacha oideachais agus oiliúna, agus cuireadh leis an gcosaint ar rioscaí comhshaoil agus rioscaí de dhéanamh an duine. Cuireadh feabhas ar idirnáisiúnú FBManna, go háirithe i réigiúin trasteorann. Ina theannta sin, cuireadh le héifeachtaí forleathana a bhuí leis na cláir trí bhacainní sonracha roimh chomhar a laghdú (bacainní cultúrtha agus fisiciúla go príomha) agus lánpháirtiú sóisialta a fheabhsú.
Ba léir an méid seo a leanas ón meastóireacht ex post:
1.Bhí cláir Interreg an-leathan go fóill agus ba mhinic iad a bheith dírithe ar chomhar agus ar naisc a fhorbairt go príomha. Is gá cothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir comhar (ar gné lárnach de Interreg é go fóill) agus leas a bhaint as foghlaim le haghaidh spriocanna an Bheartais Comhtháthaithe.
2.Tá an chuma ar an scéal gur beag an aird a tugadh ar réigiún nó limistéar feidhme a bheith ann agus réigiúin á sainaithint le tacaíocht a thabhairt dóibh. Mar sin féin, tá ríthábhacht leis sin agus na tairbhí a d'fhéadfadh a bheith ag baint le comhar trasteorann agus trasnáisiúnta á mbreithniú.
3.Maidir leis an gcuid is mó de na cláir, glacadh cur chuige ón mbun aníos agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh na dtionscadal ar cheart tacaíocht a thabhairt dóibh. Dá dheasca sin, ba dheacair straitéis chomhtháite a leanúint chun forbairt agus comhtháthú socheacnamaíoch agus críochach na réigiún lena mbaineann a chur chun cinn, cé go fuarthas ranníocaíocht ón gcuid is mó de thionscadail aonair.
4.Ba bheag an comhordú a rinneadh idir cláir Interreg agus cláir phríomhshrutha. Ní rabhthas in ann an dá chineál cláir a chomhlánú ná na héifeachtaí ar fhorbairt a threisiú dá dheasca sin.
Táthar ag tabhairt aghaidh ar na laigí sin trí na rialacháin don chlárthréimhse 2014-2020. Leis an gcreat torthaí agus feidhmíochta, ba cheart a áirithiú go háirithe go ndéanfar breis cistí a chomhdhlúthú ar líon teoranta aidhmeanna beartais, agus loighic idirghabhála agus tomhas torthaí atá an-soiléir á leanúint ón tús.
Le linn na tréimhse 2021-2027, féachfar le comhar a neartú a thuilleadh. Déanfar amhlaidh go háirithe trí na bearta seo a leanas:
1.Struchtúr clár Interreg a oiriúnú chun gur fearr is féidir limistéir feidhme a chur san áireamh. Is fearr a dhéanfar cláir trasteorann a chuíchóiriú chun acmhainní a dhíriú ar theorainneacha talún ina bhfuil cuid mhór idirghníomhaíocht trasteorann i gceist. Déanfar comhar muirí a threisiú tríd an ngné trasteorann agus thrasnáisiúnta a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéanamh ar fud imchuacha na farraige a thabhairt le chéile i gcláir mhuirí nua.
2.Comhar trasteorann a leabú san obair bheartais a rinneadh le déanaí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Boosting Growth and Cohesion in EU Border Regions [Borradh a chur faoin bhFás agus faoin gComhtháthú i Réigiúin atá lonnaithe ar Theorainneacha an Aontais Eorpaigh] ('an Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann'). Cláir a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhfuil spéis ar leith ag na daoine agus ag na gnólachtaí atá lonnaithe i réigiúin teorann.
3.Cláir Interreg faoi chomhar trasnáisiúnta agus muirí lena gcumhdaítear na limistéir feidhme chéanna leis na straitéisí macrairéigiúnacha atá anois ann a neartú. An tailíniú idir cistiú agus tosaíochtaí straitéisí macrairéigiúnacha a mhéadú.
4.Comhar idir-réigiúnach a threisiú le haghaidh nuálaíochta mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Strengthening Innovation in Europe's regions - Strategies for resilient, inclusive and sustainable growth [An Nuálaíocht i Réigiúin na hEorpa a Neartú: Straitéisí don fhás athléimneach, cuimsitheach agus inbhuanaithe]. Déanfar sin trí ionstraim idir-réigiúnach nua a mholadh a bhfuil sé mar aidhm léi cuidiú leo sin atá páirteach i straitéisí um speisialtóireacht chliste (S3) cruinniú le chéile chun nuálaíocht a dhéanamh ar scála níos leithne agus táirgí agus próisis nuálacha a thabhairt chuig an margadh Eorpach.
5.Tabharfar a thuilleadh spreagtha agus a thuilleadh tacaíochta do chomhordú treisithe idir cláir Interreg agus cláir maidir leis an Infheistíocht le haghaidh Post agus Fáis le RFC agus CFRE. Déanfar amhlaidh trína áirithiú go gcuirfear a ndóthain gníomhaíochtaí comhair in iúl sna tosaíochtaí arna gcistiú faoi na cláir sin.
An méid a foghlaimíodh ó ICR 2014-2020
Cuirtear comhar críochach chun cinn go gníomhach le ICR, mar shampla le cláir trasteorann, cláir maidir le comhar trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach, agus straitéisí macrairéigiúnacha. Is léir go bhfuil breisluach leis sin: athmhuintearas agus tógáil muiníne sna Balcáin Thiar, bacainní geografacha agus meabhracha a shárú, agus dea-chaidreamh idir comharsana a chothú - is príomhghnéithe de phróiseas an mhéadaithe iad na nithe sin uile a dtugtar aghaidh orthu i gcláir AE amháin agus ní thugann deontóirí eile aghaidh orthu.
Meastóireacht ex post ar chláir CTT IECC sa tréimhse 2007-2013
Sna trí chlár CTT IECC déag a cuireadh chun feidhme le linn na tréimhse 2007-2013, cumhdaíodh naoi dteorainn talún AE, trí imchuach farraige agus turas farraige amháin. B'ionann na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh agus EUR 947.2 milliún ina gcomhcheanglaítear cistí ó IECC, CFRE agus ICR. Leis an ranníocaíocht ó thíortha rannpháirteacha agus/nó ó thairbhithe tionscadail, b'ionann an leithdháileadh iomlán agus EUR 1.2 billiún. Bhí baint ag ceithre thír is tríocha leis na cláir, naoi gcinn déag de Bhallstáit AE agus dhá cheann déag de na sé thír chomhpháirtíochta comharsanachta mar aon leis an Iorua, leis an Rúis agus leis an Tuirc.
Ar an iomlán, cistíodh 941 thionscadal leis na cláir thar an tréimhse do mhéid conarthach iomlán EUR 910 milliún (amhail ó Aibreán 2017), as a ndearnadh 38 % a dhíriú ar thionscadail lena gcuirtear forbairt eacnamaíoch chun cinn, 32 % ar an gcomhshaol, 19 % ar fhorbairt shóisialta agus 11 % ar shaincheisteanna slándála. Rinneadh formhór an chistithe (70 %) a dhíriú ar thionscadail chaighdeánacha arna roghnú trí ghlaonna ar thograí. Leis na tionscadail bhonneagair ar mhórscála, cumhdaíodh 22 % den chistiú AE iomlán arna chonrú (thart ar EUR 195 milliún), agus le tionscadail straitéiseacha, cumhdaíodh sciar beag (8 % den chistiú AE iomlán arna chonrú). Ar an iomlán, 867 dtionscadal chaighdeánacha, 51 thionscadal bonneagair ar mhórscála agus 23 thionscadal straitéiseacha a bhí i gceist. Fuarthas roinnt mhaith glaonna ar thogra (ar an iomlán, cuireadh breis agus 7 000 iarratas isteach thar na cláir uile), rud a dhearbhaíonn leas na bpáirtithe leasmhara in CTC sna limistéir incháilithe. Ar an iomlán, bhí baint ag 4 569 neagraíocht ó shé thír is tríocha éagsúla le CTC IECC, agus ba as tíortha comhpháirtíochta 2 106 díobh sin.
Sa mheastóireacht ex post, moladh an líon ard tionscadal comhair trasteorann agus éagsúlacht na dtionscadal sin mar aon leis an mbonn maith comhair le hais na tréimhse roimhe sin, agus údaráis clár seanbhunaithe agus tairbhithe a bhfuil an-taithí acu. San am céanna, tugadh faoi deara sa mheastóireacht nach raibh a dóthain fianaise ann lenar baineadh amach leis na cláir CTT IECC a léiriú, tugadh faoi deara gur cuireadh moill ar chur chun feidhme chlár agus tionscadal, agus gur laghdaíodh an tionchar foriomlán de dheasca cuspóirí na gclár agus tosaíochtaí na nglaonna a bheith curtha le chéile ar bhealach ginearálta. Díríodh ar chuid de na heilimintí sin (go hiomlán nó go páirteach) leis an gclárthréimhse reatha 2014-2020.
Sna moltaí maidir leis an gclárthréimhse atá ag teacht chun cinn, áirítear fócas agus tionchar na gclár a fheabhsú, sineirgíochtaí breise le hionstraimí agus beartais AE eile a lorg, cur le breisluach mórthionscadal bonneagair, éifeachtúlacht clár a fheabhsú, creata feidhmíochta a fheabhsú agus cleachtais faireacháin agus meastóireachta a fheabhsú, agus an cúnamh teicniúil agus an tacaíocht do chláir a neartú.
Athbhreithniú meántéarma ar chláir CTC IEC sa tréimhse 2014-2020
De réir an athbhreithnithe meántéarma ar chláir CTC IEC don tréimhse 2014-2020, tá an straitéis CTC fós iomchuí i gcomhthéacs chreat beartais AE agus tugtar freagra ar na forbairtí sa réigiún. Go deimhin, meastar gur modh comhoibrithe tábhachtach é CTC idir saoránaigh, údaráis áitiúla agus an tsochaí shibhialta ar an dá thaobh de theorainn AE, fiú amháin i gcásanna ina bhféadfaidh caidrimh dhéthaobhacha leathana a bheith dúshlánach. Cé nach ndearnadh cláir a fhorbairt ná a chur chun feidhme chomh tapa agus a bhí beartaithe ar dtús, aithníonn comhpháirtithe gur feabhsaíodh an próiseas i gcomparáid le blianta roimhe sin agus go bhfuiltear fós an-tiomanta cláir rathúla a chur chun feidhme.
Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Rinneadh comhairliúchán poiblí ar líne idir an 10 Eanáir agus an 9 Márta 2018. Cumhdaíodh an beartas comhtháthaithe sa chomhairliúchán, i.e. CFRE, an Ciste Comhtháthaithe agus CSE, lena náirítear gnéithe de CCE/Interreg.
·Maidir leis na dúshláin is tábhachtaí a luadh, shainaithin an chuid is mó de an freagróirí (94 % díobh) go raibh an-tábhacht nó tábhacht mheasartha le ‘éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú’; ina dhiaidh sin, tháinig 'dífhostaíocht a laghdú, poist ar ardcháilíocht agus soghluaisteacht lucht saothair’ agus ‘cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac’ (91 %).
·I measc na ndúshlán, ceapadh go raibh ‘Taighde agus nuálaíocht a chothú’ ar an dúshlán ba mhó a dtugtar aghaidh air (de réir 61 % de na freagróirí), agus tháinig ‘comhar críochach’ sna sála air (de réir 59 % de na freagróirí).
·Mheas isteach agus amach le 76 % de na freagróirí go gcuireann na cistí go mór nó a bheag nó a mhór le breisluach; mheas faoi bhun 2 % díobh nach bhfuil breisluach ar bith ag baint leo.
·Measadh gurbh iad nósanna imeachta casta (86 %) an bac ba mhó fada roimh na cuspóirí a bhaint amach. Tháinig nósanna imeachta iniúchóireachta agus rialaithe ina dhiaidh sin (68 %), agus easpa solúbthachta chun freagairt do chúinsí neamhthuartha (60 %).
·Maidir le simpliú, ‘rialacha níos soiléire, níos gairide agus gan an oiread díobh a bheith ann’ an rogha ba mhinice a fuarthas (90 %); agus ‘rialacha a ailíniú idir cistí AE’(79 %) agus ‘solúbacht bhreise’ a tháinig ina dhiaidh sin i dtaca le hacmhainní a shannadh do limistéar cláir agus laistigh de (76-77 %).
Agus na ceisteanna oscailte á bhfreagairt ag freagróirí, thug siad tacaíocht láidir tríd is tríd don mhéid seo a leanas:
·Beartas comhtháthaithe do gach réigiún (ach díriú leantach ar na cinn is tearcfhorbartha).
·Nuálaíocht ó thaobh beartas de, lena náirítear straitéisí um speisialtóireacht chliste agus infheistíocht chliste go ginearálta.
·Díriú téamach a leanúint agus a fhorbairt.
·Díriú ar dhúshláin áitiúla (go háirithe forbairt uirbeach inbhuanaithe).
·Comhar idir-réigiúnach, ar bhonn trasteorann agus ar fud na hEorpa araon. Tá comhar ar fud na hEorpa ríthábhachtach le haghaidh speisialtóireacht chliste – is minic nuálaíocht in earnálacha ardteicneolaíochta a bheith ag brath ar mhalartuithe agus ar éifeachtaí iarmharta a eascraíonn as comhar idir braislí nó moil eolais ar fud na hEorpa.
Táthar ag díriú ar na saincheisteanna sin sa Rialachán beartaithe seo ina ndéantar na nithe seo leanas:
·leantar de bheith ag díriú ar dhul i ngleic le héagothromaíochtaí réigiúnacha agus leis na dúshláin atá os comhair réigiún ar fud na hEorpa;
·leantar den díriú téamach ar fhás cliste trí straitéisí um speisialtóireacht chliste agus ar an bhforbairt ísealcharbóin agus inbhuanaithe agus feabhsaítear an méid sin;
·coinnítear tacaíocht le haghaidh comhar idir-réigiúnach, agus déantar í a leathnú chuig speisialtóireacht chliste; agus
·cuirtear forbairt áitiúil chun cinn bunaithe ar straitéisí críochacha agus comhtháite áitiúla agus spreagtar forbairt uirbeach inbhuanaithe chomh maith le fothú acmhainneachta sa réimse sin.
Ina theannta sin, soláthrófar creat in RFC do CFRE chun:
·na nósanna imeachta casta a bhaineann leis a shimpliú;
·solúbthacht a mhéadú chun freagairt do dhúshláin atá ag teacht chun cinn; agus
·rialacha a ailíniú idir cistí éagsúla de chuid AE arna gcumhdach.
Measúnú tionchair
Laghdú 7 % ar an mbuiséad atá i gceist leis na roghanna tríd an méid seo a leanas:
·Rogha 1: An ranníocaíocht leis na réigiúin níos forbartha a laghdú.
·Rogha 2: Tacaíocht a choinneáil i limistéir ríthábhachtacha (díriú téamach) agus í a laghdú le haghaidh téamaí eile.
Is é Rogha 2 rogha na tosaíochta, mar gheall ar na cúiseanna seo a leanas:
·Chun leanúint de bheith ag díriú ar na téamaí a mbaineann an breisluach AE is airde leo, i gcás ina dtugann an fhianaise ón meastóireacht le tuiscint go raibh an tionchar is mó ag an mbeartas.
·Mar gheall ar roinnt de na dúshláin is mó (domhandú agus claochlú eacnamaíoch, aistriú chuig an ngeilleagar ísealcharbóin, dúshláin chomhshaoil, imirce agus pócaí bochtaineachta uirbí), tá ag méadú ar an difear a dhéantar do roinnt réigiún ar fud AE, lena náirítear na réigiúin níos forbartha. Ní hamháin go bhfuil infheistíocht AE riachtanach ach is comhartha dlúthpháirtíochta í chomh maith.
·An mhais chriticiúil a choinneáil - na hinfheistíochtaí a dhéantar sna réigiúin atá níos forbartha, is beag an méid iad féin ó thaobh per capita de.
·Sa chomhairliúchán poiblí, thacaigh formhór na bpáirtithe leasmhara le CFRE sna réigiúin uile. Leis an gcur chuige sin, áirithítear gur furasta suntas a thabhairt do chistí beartais comhtháthaithe sna Ballstáit uile.
Simpliú
Is léir go bhfuil costais riaracháin mhóra ag baint le CFRE, agus de réir staidéar a rinneadh le déanaí meastar gurb ionann iad agus 3 % de na meánchostais chláir. Is airde ná sin an tualach riaracháin atá ar thairbhithe (lena náiritear FBManna).
Cruthófar an chuid is mó de na simplithe in CFRE le RFC. Is deacair cuid mhór acu a chainníochtú roimh ré ó thaobh airgeadais de, ach rinneadh na meastacháin seo a leanas sa staidéar:
·Dá mbainfí úsáid bhreise as roghanna costais simplithe (nó íocaíochtaí bunaithe ar choinníollacha) maidir le CFAE, d'fhéadfaí na costais riaracháin iomlána a laghdú go mór – laghdú idir 20 % agus 25 % a d'fhéadfadh a bheith i gceist dá gcuirfí na roghanna sin i bhfeidhm i ngach réimse.
·Leis an gcur chuige sin atá níos comhréirí ná an cur chuige roimhe sin maidir le rialú agus le hiniúchtaí, tugtar le fios go bhfuil laghdú mór á dhéanamh ar líon na bhfíoruithe agus ar an ualach iniúchóireachta i dtaca le cláir a bhfuil ‘riosca íseal’ ag baint leo; dhéanfaí na costais riaracháin iomlán a bhaineann le CFAE a laghdú faoi idir 2 % agus 3 % agus bheadh laghdú i bhfad ní ba mhó i gceist le costais na gclár a ndéantar difear dóibh.
Gné mhór eile a bhaineann le simpliú is ea go mbeadh tacaíocht ó CFRE agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh AE comhtháthaithe sa togra, mar a leagtar amach thuas.
Ríomh-chomhtháthú agus malartú sonraí
Sa chlárthréimhse 2014-2020 bhí ceanglas ann maidir le córas malartaithe sonraí leictreonacha idir tairbhithe agus údaráis bhainistithe agus idir údaráis éagsúla an chórais bainistithe agus rialaithe. Sa togra seo le haghaidh Rialacháin, tacaítear leis sin agus cuirtear le pointí áirithe i ndáil le bailiú sonraí. Déanfar na sonraí uile is gá chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn lena náirítear torthaí agus feidhmiú na gclár a tharchur go leictreonach gach 2 mhí as seo amach. Fágann sin go ndéanfar an tardán sonraí oscailte a thabhairt cothrom le dáta i bhfíor-am geall leis.
Cuirfear sonraí maidir le tairbhithe agus le hoibríochtaí ar fáil go poiblí ar an mbonn céanna i bhfoirm leictreonach, ar shuíomh gréasáin arna reáchtáil ag an údarás bainistíochta.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra seo. Sa togra maidir le CFRE agus sa Rialachán maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, leagtar amach impleachtaí buiséadacha a bhaineann le CFRE arb é an fhoinse cistiúcháin é le haghaidh gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an togra.
5.ACHOIMRE AR ÁBHAR AN RIALACHÁIN
Cumhdaítear cuid mhór de thabhairt i gcrích agus de chur chun feidhme CFRE in RFC. Dá bhrí sin, ba cheart an togra seo le haghaidh Rialacháin a bhreithniú sa chomhthéacs sin. Dírítear go hiomlán ann ar phríomh-shaincheisteanna maidir le cur chun feidhme agus comhar, go háirithe:
·sainiú agus cumhdach geografach na gcúig chomhchuid;
·cuspóirí Interreg-shonracha agus raon feidhme;
·na rialacha maidir le RFC ó thaobh clársceidealú, údaráis na gclár, bainistíochta agus rialaithe agus bainistíocht airgeadais a oiriúnú; agus
·ionstraimí maoinithe sheachtraigh AE a chomhtháthú.
Caibidil I - Forálacha Ginearálta (Airteagal 1 go hAirteagal 13)
Ábhar, raon feidhme agus comhchodanna Interreg
Leagtar amach ábhar agus raon feidhme Rialachán CCE/Interreg sa Chaibidil seo. Go háirithe, cuirtear síos ar na cúig chomhchuid a bhaineann le Interreg ann: comhar trasteorann, trasnáisiúnta agus muirí, comhar na réigiún is forimeallaí, comhar idir-réigiúnach agus na hinfheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha nua.
Cumhdach geografach
Rinne an Coimisiún próiseas staidéir agus comhairliúcháin a mhair breis agus dhá bhliain ar a dtugtar "An tathbhreithniú trasteorann". Mar chuid de sin, bailíodh fianaise a léiríonn nach néiríonn chomh maith céanna le réigiúin teorann ó thaobh na heacnamaíochta de le réigiúin eile laistigh de Bhallstát. Tríd is tríd, is deacra rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí amhail ospidéil agus ollscoileanna sna réigiúin teorann. Is minic a bhíonn sé casta agus costasach déileáil le córais éagsúla riaracháin agus dlí.
Mar obair leantach ar an Athbhreithniú Trasteorann, ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann ina moltar go ndéanfadh rialtais AE, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla roinnt bearta nithiúla. Ar na bearta sin, tá "an creat dlí agus airgeadais a bhreithniú le haghaidh comhar trasteorann". Molann an Coimisiún go ndéanfaí breithniú ar bhealaí ina bhféadfaidh cláir chistiúcháin a bheidh ann amach anseo, lena náirítear Interreg, a bheith ina rannchuidiú ar bhealach níos straitéisí ná mar a bhí le constaicí teorann a chosc agus a réiteach agus seirbhísí poiblí trasteorann a fhorbairt.
Dá réir sin, déanfar an chomhchuid maidir le comhar trasteorann a dhíriú ar theorainneacha talún, agus déanfar comhar trasteorann ar theorainneacha muirí a chomhtháthú sa chomhchuid mhéadaithe 'comhar trasnáisiúnta agus comhar muirí'.
Sna togra ó 2021-2027 le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis agus sprioc CCE/Interreg, léirítear an gealltanas sin ar dhá bhealach. Ar an gcéad dul síos, cuirtear le próifíl gníomhaíochtaí comhair sna cláir. Ar an dara dul síos, is fearr is féidir díriú ar chomhar institiúideach a bhuí leo sin, ar shaincheisteanna teorann a réiteach agus ar infheistiú i seirbhísí comhpháirteacha chun leas an phobail sna cláir trasteorann.
Acmhainní agus rátaí cómhaoinithe
Cumhdaítear na hacmhainní sna forálacha sin, ó CFRE agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh AE. Leagtar sásra 'aisíoca' amach le haghaidh na gcistí atá fanta i gcás nach gcuirtear clár Interreg seachtrach isteach ná nach síneofar comhaontú maoinithe i ndáil leis. Ó thaobh comhar seachtrach de go háirithe, ba cheart an cómhaoiniú a bheith níos airde ná an cómhaoiniú le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis.
Caibidil II - Cuspóirí Interreg-shonracha agus díriú téamach (Airteagal 14 agus Airteagal 15)
Agus gnéithe speisialta de Interreg á gcur san áireamh, leagtar amach dhá chuspóir Interreg-shonrach:
'rialachas Interreg níos fearr'; agus
'Eoraip níos sábháilte agus níos sláine',
Leagtar céatadáin shonracha amach sa Rialachán atá beartaithe i gcomhair díriú téamach freisin.
Caibidil III - Clárseidealú (Cláir Interreg – forbairt chríochach – oibríochtaí agus ciste do thionscadail bheaga - CT) (Airteagal 16 go hAirteagal 26)
Sa Chaibidil seo, cuirtear na rialacha maidir le RFC in oiriúint do chláir Interreg. Is gné nua é an 'Ciste do thionscadail bheaga' rud a thugann deis don tsochaí áitiúil agus shibhialta tionscadail bheaga a chur ar bun ag úsáid roghanna costais simplithe.
Caibidil IV - Faireachán – meastóireacht – faisnéis agus cumarsáid (Airteagal 27 go hAirteagal 35)
Sa Chaibidil seo, cuirtear na rialacha maidir le RFC in oiriúint do chláir Interreg freisin.
Chun faireachán comhsheasmhach a dhéanamh ar fheidhmíocht, sa Rialachán atá beartaithe, déantar an comhthacar táscairí aschuir a choinneáil agus a bheachtú, freisin, agus san am céanna cuirtear comhthacar táscairí torthaí isteach den chéad uair riamh. Mar gheall ar an méid sin, táthar in ann torthaí a thuairisciú i bhfíor-am ar an Ardán Sonraí Oscailte agus comparáid a dhéanamh eatarthu ar fud na gclár agus na mBallstát. Cuirfear san áireamh iad sna pléití maidir le feidhmíocht agus meastóireachtaí rathúla freisin.
Caibidil V – Incháilitheacht (Airteagal 36 go hAirteagal 43)
Ba cheart do gach Ballstát rialacha maidir le hincháilitheacht a leagan sin a mhéid agus is féidir lena laghad rialacha AE agus is féidir. Mar sin féin, ní féidir an cur chuige sin a chur i bhfeidhm do chláir Interreg ina bhféadfaidh idir 2 shraith éagsúla de rialacha náisiúnta agus 27 sraith díobh a bheith ar neamhréir le chéile agus ag teacht salach ar a chéile. Dá bhrí sin, sa Chaibidil seo, leagtar amach ordlathas soiléir rialacha AE, clár-shonrach i leith Interreg agus rialacha náisiúnta ina dhiaidh sin. Déantar na forálacha mionsonraithe faoi Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 481/2014 an 4 Márta 2014 a chomhtháthú sa Rialachán beartaithe seo.
Caibidil VI - údaráis clár Interreg, bainistiú agus rialú (Airteagal 44 go hAirteagal 48
Déantar na rialacha maidir le RFC ó thaobh údaráis na gclár, bainistiú agus rialú de a oiriúnú do chláir Interreg. Ar an dóigh sin, déantar difear d'fheidhmiú an údaráis iniúchóireachta aonair agus simplítear go mór an tiniúchadh a dhéantar ar oibríochtaí.
Caibidil VII - Bainistiú airgeadais, cuntais agus ceartuithe airgeadais (Airteagal 49 agus Airteagal 50)
Ba cheart cómhaoiniú atá níos airde ná an cómhaoiniú a thugtar do chláir beartais comhtháthaithe eile a thabhairt do chláir Interreg, agus ba cheart cómhaoiniú a thabhairt dóibh ar bhealach níos gasta ná na cláir sin freisin, chun go bhféadfaidh na tairbhithe nach bhfuil a ndóthain acmhainní dílse acu tús a chur lena noibríochtaí. Ina theannta sin, ba cheart an slabhra gnóthaithe a bhunú go mionsonrach.
Caibidil VIII - Rannpháirtíocht tríú tíortha agus tíortha agus críoch thar lear i gcláir Interreg faoi bhainistíocht chomhroinnte (Airteagal 51 go hAirteagal 59)
Mar thúsphointe, beidh rialacha 'gnácha' CCE/Interreg i bhfeidhm. Is gá oiriúnuithe áirithe a dhéanamh lena chur san áireamh nach bhfuil tíortha in AE ná tíortha comhpháirtíochta ná tíortha agus críocha thar lear faoi cheangal ag dlí AE. Bíonn tionchar aige sin ar údaráis na gclár, modhanna bainistíochta, incháilitheacht, mórthionscadail bhonneagair, soláthar, bainistíocht airgeadais agus comhaontuithe maoinithe a thabhairt i gcrích.
Caibidil IX - Rialacha sonracha maidir le bainistíocht indíreach (Airteagal 60 agus Airteagal 61)
Cumhdaítear iontu na hinfheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha agus d'fhéadfadh comhar idir na réigiúin is forimeallaí a bheith i gceist leo.
Caibidil X - Forálacha deiridh (Airteagal 62 go hAirteagal 65)
Cumhdaítear forálacha maidir le tarmligean, coisteolaíocht agus forálacha idirthréimhseacha iontu sin.
IARSCRÍBHINN
Cumhdaítear an teimpléad do chláir Interreg san Iarscríbhinn.
2018/0199 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 178, Airteagal 209(1), Airteagal 212(2), agus Airteagal 349 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Foráiltear in Airteagal 176 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ('CFAE') go bhfuil ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa ('CFRE') rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a cheartú. Faoin Airteagal sin agus faoin dara mír agus faoin tríú mír d'Airteagal 174 de CFAE, tá CFRE le rannchuidiú le héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil a laghdú agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú, agus astu sin, tá aird ar leith le tabhairt ar chatagóirí áirithe réigiún agus liostaítear réigiúin trasteorann iontu go háirithe.
(2)Leagtar amach le Rialachán (AE) [RFC nua] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle forálacha is coiteann do CFRE agus do chistí áirithe eile agus le Rialachán (AE) [CFRE nua] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leagtar amach forálacha maidir leis na cuspóirí sonracha agus le raon na tacaíochta ó CFRE. Ní mór anois forálacha sonracha a ghlacadh i ndáil le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) ina ndéanann Ballstát amháin nó níos mó comhar thar theorainneacha maidir le clársceidealú éifeachtach lena náirítear forálacha maidir le cúnamh teicniúil, faireachán, meastóireacht, cumarsáid, incháilitheacht, bainistíocht agus rialú, mar aon le bainistíocht airgeadais.
(3)Chun tacú le forbairt chomhchuí chríoch an Aontais ar leibhéil éagsúla, ba cheart CFRE a bheith ina thacaíocht le comhar trasteorann, comhar trasnáisiúnta, comhar muirí, comhar na réigiún is forimeallaí agus comhar idir-réigiúnach faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg).
(4)Ba cheart é a bheith d'aidhm leis an gcomhchuid faoi chomhar trasteorann dul i ngleic le dúshláin choiteanna arna sainaithint go comhpháirteach sna réigiúin teorann, agus an acmhainneacht fáis nach bhfuil saothraithe i limistéir teorann a shaothrú mar a léirítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún 'Boosting Growth and Cohesion in EU Border Regions [Borradh a chur faoin bhFás agus faoin gComhtháthú i Réigiúin atá lonnaithe ar Theorainneacha an Aontais Eorpaigh] ('an Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann'). Dá réir sin, ba cheart an chomhchuid trasteorann a bheith teoranta do chomhar i leith teorainneacha talún agus ba cheart comhar trasteorann i leith teorainneacha muirí a chomhtháthú sa chomhchuid thrasnáisiúnta.
(5)Ba cheart an comhar idir Ballstát amháin nó níos mó agus tír amháin nó níos mó nó críocha eile lasmuigh den Aontas a bheith i gceist leis an gcomhchuid i ndáil le comhar trasteorann. Ba cheart cuid mhór simplithe agus cuíchóirithe ar na forálacha is infheidhme a bheith mar thoradh ar chomhar trasteorann inmheánach agus seachtrach a chumhdach faoin Rialachán seo le haghaidh údaráis na gclár sna Ballstáit agus le haghaidh na núdarás comhpháirtíochta agus na dtairbhithe lasmuigh den Aontas i gcomparáid leis an gclárthréimhse 2014-2020.
(6)Ba cheart é a bheith d'aidhm ag an gcomhchuid i leith comhar trasnáisiúnta agus comhar muirí, comhar a láidriú trí bhíthin gníomhaíochtaí atá ina gcuidiú le forbairt chríochach chomhtháite atá nasctha le tosaíochtaí bheartas comhtháthaithe an Aontais, agus ba cheart comhar trasteorann muirí a bheith san áireamh inti freisin. Ba cheart críocha móra ar mhórthír an Aontais a chumhdach le comhar trasnáisiúnta, agus ba cheart críocha timpeall imchuacha farraige a chumhdach le comhar muirí agus comhar trasteorann a chomhtháthú ar theorainneacha muirí le linn na clárthréimhse 2014-2020. Ba cheart oiread solúbthachta agus is féidir a thabhairt chun leanúint den chomhar muirí trasteorann a rinneadh roimhe sin a chur chun feidhme laistigh de chreat comhair mhuirí ar scála mór, go háirithe trí shainiú a thabhairt ar an gcríoch a chumhdaítear, na cuspóirí sonracha a bhaineann leis an gcomhar sin, na ceanglais a bhaineann le comhpháirtíocht tionscadail agus le fochláir agus coistí stiúrtha ar leith a chur ar bun.
(7)Bunaithe ar an taithí a fuarthas ar chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta le linn na clárthréimhse 2014-2020 sna réigiúin is forimeallaí, i gcás nach ndearnadh a dhóthain simplithe le haghaidh údaráis na gclár agus na dtairbhithe mar gheall ar an dá chomhchuid a chomhcheangal le chéile laistigh de chlár aonair de réir limistéar comhair, ba cheart comhchuid shonrach le haghaidh na réigiún is forimeallaí a bhunú chun go bhféadfaidh na réigiúin is forimeallaí comhar a dhéanamh lena dtíortha agus lena gcríocha comharsanachta ar an dóigh is éifeachtaí agus is simplí agus is féidir.
(8)Bunaithe ar an taithí a fuarthas ar na cláir comhair idir-réigiúnaigh faoi Interreg agus toisc go raibh comhar den sórt sin in easnamh laistigh de na cláir faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis le linn na clárthréimhse 2014-2020, ba cheart an chomhchuid i ndáil le comhar idir-réigiúnach a dhíriú níos mó fós ar bhorradh a chur faoi éifeachtacht an bheartais comhtháthaithe. Dá bhrí sin, ba cheart an chomhchuid sin a bheith teoranta do dhá chlár, ceann le go mbeifear in ann gach cineál taithí a fháil agus cineálacha cur chuige nuálacha agus fothú acmhainneachta a chur ar aghaidh le haghaidh cláir faoin dá sprioc agus grúpálacha Eorpacha um chomhar críche a cuireadh ar bun nó atá le cur ar bun de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun cinn, agus an ceann eile chun an anailís ar threochtaí forbartha a fheabhsú. Ba cheart comhar tionscadalbhunaithe ar fud an Aontais a chomhtháthú sa chomhchuid nua maidir le hinfheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha agus a bheith nasctha go dlúth le cur chun feidhme na Teachtaireachta ón gCoimisiún ‘Strengthening Innovation in Europe's Regions: Strategies for resilient, inclusive and sustainable growth’ [An Nuálaíocht i Réigiúin na hEorpa a Neartú: Straitéisí don fhás athléimneach, cuimsitheach agus inbhuanaithe], go háirithe chun tacú le hardáin théamacha don speisialtóireacht chliste le haghaidh réimsí amhail fuinneamh, nuachóiriú tionsclaíoch nó gnó agraibhia. Ar deireadh, maidir le forbairt chríochach chomhtháite lena dtugtar aghaidh ar limistéir uirbeacha feidhme nó ar limistéir uirbeacha, ba cheart díriú uirthi laistigh de chláir faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis agus in ionstraim thionlacain amháin, 'an Tionscnamh Uirbeach Eorpach'. Ba cheart an dá chlár faoin gcomhchuid i ndáil le comhar idir-réigiúnach an tAontas iomlán a chumhdach agus ba cheart iad a bheith oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha freisin.
(9)Ba cheart critéir oibiachtúla a leagan síos chun réigiúin agus limistéir incháilithe a ainmniú. Chuige sin, ba cheart sainaithint réigiún agus limistéar incháilithe ar leibhéal an Aontais a bhunú ar chóras coiteann aicmithe na réigiún a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(10)Is gá leanúint de thacú le gach gné de chomhar le tríú tíortha comharsanachta an Aontais nó, más iomchuí, den chomhar sin a bhunú toisc gur uirlis thábhachtach um beartas na forbartha réigiúnaí é an comhar sin agus ba cheart é a chur chun tairbhe réigiúin na mBallstát atá ar an teorainn le tríú tíortha. Chuige sin, le CFRE agus le hionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, ICR, ICFCI agus Clár na dtíortha agus na gcríoch thar lear, ba cheart tacaíocht a thabhairt do chláir faoin gcomhar trasteorann, faoin gcomhar trasnáisiúnta agus faoin gcomhar muirí, faoi chomhar na réigiún is forimeallaí agus faoin gcomhar idir-réigiúnach. Ba cheart an tacaíocht ó CFRE agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais a bheith bunaithe ar chómhalartacht agus ar chomhréireacht. Mar sin féin, maidir le CTT ICR III agus CTT ICFCI, ba cheart an tacaíocht ó CFRE a bheith comhlánaithe le méideanna cothroma ar a laghad faoi CTT ICR III agus CTT ICFCI, faoi réir méid uasta a leagtar amach sa ghníomh dlí lena mbaineann, is é sin, suas le [3] % den chlúdach airgeadais faoi ICR III agus suas le [4] % de chlúdach airgeadais chláir geografach na comharsanachta faoi Airteagal 4(2)(a) de ICFCI.
(11)Maidir le cúnamh ICR III, ba cheart é a dhíriú go príomha ar chúnamh a thabhairt do thairbhithe ICR institiúidí daonlathacha agus an smacht reachta a neartú, an bhreithiúnacht agus an riarachán poiblí a athchóiriú, cearta bunúsacha agus comhionannas inscne a urramú, caoinfhulaingt, cuimsiú sóisialta agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn. Maidir le cúnamh ICR, ba cheart é a bheith ina thacaíocht leanúnach le hiarrachtaí tairbhithe ICR chun comhar réigiúnach, macrairéigiúnach agus trasteorann chomh maith le forbairt chríochach a chur ar aghaidh, lena náirítear trí straitéisí macrairéigiúnacha de chuid an Aontais a chur chun feidhme. Ina theannta sin, le cúnamh ICR, ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhainistíocht slándála, imirce agus teorann, agus rochtain ar chosaint idirnáisiúnta á háirithiú, faisnéis ábhartha á comhroinnt, rialú teorann á fheabhsú agus iarrachtaí coiteanna á ndéanamh sa chomhrac i gcoinne imirce neamhrialta agus smuigleáil imirceach.
(12)Maidir le cúnamh ICFCI, ba cheart don Aontas gaolmhaireacht speisialta a chothú le tíortha comharsanachta d'fhonn limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta a bhunú arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is sainairíonna ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar an gcomhar. Leis an Rialachán seo agus le ICFCI, dá bhrí sin, ba cheart tacú leis na gnéithe inmheánacha agus seachtracha a bhaineann le straitéisí macrairéigiúnacha ábhartha. Is tionscnaimh a bhfuil tábhacht straitéiseach leo iad na tionscnaimh sin, lena gcuirtear creata polaitiúla fóinteacha ar fáil chun caidreamh a dhoimhniú leis na tíortha comhpháirtíochta agus eatarthu, bunaithe ar phrionsabail na cuntasachta frithpháirtí, na comhúinéireachta agus na comhfhreagrachta.
(13)Is den tábhacht leanúint de ról SEGS agus an Choimisiúin a urramú agus an clársceidealú straitéiseach agus cláir Interreg a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ICFCI á nullmhú arna mbunú i gCinneadh 2010/427/AE ón gComhairle
(14)I bhfianaise staid shonracha na réigiún is forimeallaí de chuid an Aontais, is gá bearta a ghlacadh maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh na réigiúin sin rochtain a fháil ar chistí struchtúracha. Dá réir sin, ba cheart forálacha áirithe den Rialachán seo a oiriúnú do shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí chun comhar lena gcomharsana a shimpliú agus a chothú, agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions 'Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas'á cur san áireamh.
(15)Is gá na hacmhainní a leithdháiltear ar gach comhchuid éagsúil de Interreg a leagan amach, lena náirítear sciar gach Ballstáit de na méideanna foriomlána don chomhar trasteorann, don chomhar trasnáisiúnta agus don chomhar muirí, do chomhar na réigiún is forimeallaí agus don chomhar idir-réigiúnach, an cumas atá ar fáil do na Ballstáit a mhéid a bhaineann le solúbthacht idir na comhchodanna sin. I gcomparáid leis an gclárthréimhse 2014-2020, ba cheart an sciar le haghaidh comhar trasteorann a laghdú, agus ba cheart an sciar le haghaidh comhar trasnáisiúnta agus comhar muirí a ardú toisc chomhtháthú an chomhair mhuirí, agus ba cheart comhchuid nua i ndáil le comhar na réigiún is forimeallaí a chruthú.
(16)Chun an úsáid is éifeachtúla agus is féidir a bhaint as an tacaíocht ó CFRE agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, ba cheart sásra a chur ar bun chun socrú a dhéanamh an tacaíocht sin a chur ar ais i gcásanna nach féidir cláir comhair sheachtraigh a ghlacadh nó i gcás inar gá scor díobh, lena náirítear le tríú tíortha nach bhfaigheann tacaíocht ó aon ionstraim mhaoinithe de chuid an Aontais. Leis an sásra sin ba cheart féachaint le feidhmiú barrmhaith na gclár a bhaint amach mar aon leis an gcomhordú is mó agus is féidir idir na hionstraimí sin.
(17)Ba cheart CFRE a bheith ina rannchuidiú faoi Interreg leis na cuspóirí sonracha faoi chuspóirí an bheartais comhtháthaithe. Mar sin féin, ba cheart an liosta de na cuspóirí sonracha faoi na cuspóirí téamacha éagsúla a oiriúnú do riachtanais shonracha Interreg trí fhoráil a dhéanamh maidir le cuspóirí sonracha breise faoin gcuspóir beartais 'Eoraip níos sóisialta trí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme' chun go bhféadfar idirghabhálacha de chineál CSE a dhéanamh.
(18)I gcomhthéacs na gcúinsí uathúla agus sonracha ar oileán na hÉireann, agus d'fhonn tacú le comhar Thuaidh-Theas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, ba cheart leanúint de chlár trasteorann nua 'PEACE PLUS' lena gcuirfear le hobair na gclár roimhe idir contaetha teorann na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Agus an tábhacht phraiticiúil atá leis an gclár á cur san áireamh, tá sé riachtanach a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé ag feidhmiú ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas, go mbeadh CFRE ina rannchuidiú freisin le cobhsaíocht shóisialta, eacnamaíoch agus réigiúnach a chur chun cinn sna réigiúin lena mbaineann, go háirithe trí ghníomhaíochtaí le comhtháthú idir pobail a chur chun cinn. I bhfianaise shainiúlachtaí an chláir, ba cheart é a bhainistiú ar mhodh comhtháite agus déanfar ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe a chomhtháthú sa chlár mar ioncam sannta seachtrach. De bhreis air sin, níor cheart feidhm a bheith ag rialacha áirithe i dtaobh roghnú oibríochtaí sa Rialachán seo maidir leis an gclár sin i ndáil le hoibríochtaí ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas.
(19)Leis an Rialachán seo, ba cheart dhá chuspóir atá Interreg-shonrach a chur isteach, ceann chun tacú le cuspóir Interreg-shonrach d'fhonn acmhainn institiúideach a neartú, comhar dlíthiúil agus riaracháin a fheabhsú, go háirithe i gcás ina bhfuil sé nasctha le cur chun feidhme na Teachtaireachta maidir le Réigiúin Teorann, comhar a threisiú idir saoránaigh agus institiúidí agus straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige a fhorbairt agus a chomhordú, agus ceann eile chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha a bhaineann le comhar seachtrach amhail sábháilteacht, slándáil, bainistiú trasnaithe teorann agus imirce.
(20)Ba cheart an chuid is mó den tacaíocht ón Aontas a dhíriú ar líon teoranta cuspóirí beartais chun an tionchar atá ag Interreg a uasmhéadú.
(21)Forálacha maidir le cláir Interreg a ullmhú, a fhormheas agus a leasú mar aon le forálacha maidir le forbairt chríochach, le roghnú oibríochtaí, le faireachán agus le meastóireacht, le húdaráis na gclár, le hiniúchadh ar oibríochtaí, agus le trédhearcacht agus le cumarsáid, ba cheart iad a oiriúnú do na sainiúlachtaí a bhaineann le cláir Interreg le hais na bhforálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) [RFC nua].
(22)Na forálacha maidir leis na critéir a bhaineann le hoibríochtaí a bhreithniú mar oibríochtaí atá comhpháirteach agus comhoibríoch go fírinneach, na forálacha maidir leis an gcomhpháirtíocht laistigh d'oibríocht Interreg agus maidir le hoibleagáidí an chomhpháirtí cinn mar a leagtar amach le linn na clárthréimhse 2014-2020, ba cheart leaúint díobh. Mar sin féin, ba cheart do chomhpháirtithe Interreg oibriú i gcomhar sna ceithre ghné uile (forbairt, cur chun feidhme, soláthar foirne agus maoiniú) agus, faoi chomhar na réigiún is forimeallaí, i dtrí cinn as ceithre cinn díobh, ós rud é gur cheart gurbh fhusa tacaíocht ó CFRE a chomhcheangal le tacaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais ar leibhéal na gclár agus na noibríochtaí araon.
(23)Is gá soiléiriú a thabhairt ar na rialacha lena rialáiltear cistí do thionscadail bheaga a cuireadh chun feidhme ó tháinig Interreg ar an bhfód, ach nár cumhdaíodh le forálacha sonracha riamh. Mar a leagtar amach sa Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún freisin People-to-people and small-scale projects in cross-border cooperation programmes [Tionscadail idir daoine agus tionscadail mhionscála i gcláir um chomhar trasteorann], tá ról tábhachtach ag cistí do thionscadail bheaga den sórt sin chun iontaoibh a chothú idir saoránaigh agus institiúidí, déantar breisluach Eorpach mór a sholáthar agus is mór an rannchuidiú iad le cuspóir foriomlán na gclár um chomhar trasteorann trí chonstaicí teorann a shárú agus limistéir teorann agus a saoránaigh a chomhtháthú. Chun bainistiú mhaoiniú na dtionscadal beag a shimpliú do na faighteoirí deiridh, nach gnách leo cur isteach ar chistí ón Aontas, ba cheart úsáid roghanna costais simplithe agus cnapshuimeanna a bheith éigeantach faoi bhun tairseach áirithe.
(24)I ngeall ar rannpháirtíocht níos mó ná Ballstát amháin, agus costais riaracháin a bheith níos airde dá bharr, go háirithe maidir le rialuithe agus le haistriúchán, ba cheart an uasteorainn le haghaidh caiteachas cúnaimh theicniúil a bheith níos airde ná an uasteorainn faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis. Chun na costais riaracháin níos airde a fhritháireamh, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun an tualach riaracháin maidir le cur chun feidhme tionscadal comhpháirteach a laghdú aon uair is féidir. Sa bhreis air sin, ba cheart íosmhéid áirithe a thabhairt do chláir Interreg a fhaigheann tacaíocht theoranta ón Aontas nó do chláir um chomhar seachtrach trasteorann ar mhaithe le cúnamh teicniúil chun cistiú leordhóthanach le haghaidh gníomhaíochtaí éifeachtacha cúnaimh theicniúil a áirithiú.
(25)De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar na Cistí ar bhonn na faisnéise arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualaí riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin, is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na gCistí ar an láthair.
(26)Bunaithe ar an taithí a fuarthas le linn na clárthréimhse 2014-2020, ba cheart leanúint den chóras lena dtugtar isteach ordlathas soiléir rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais, agus prionsabal na rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais a bheidh le bunú ar leibhéal an Aontais nó do chlár Interreg ina iomláine á choinneáil san am céanna chun aon chontrárthachtaí nó neamhréireachtaí a d'fhéadfadh a bheith idir Rialacháin éagsúla agus idir Rialacháin agus rialacha náisiúnta a sheachaint. Ba cheart rialacha breise arna nglacadh ag Ballstát amháin a mbeadh feidhm acu maidir le tairbhithe sa Bhallstát sin a bheith teoranta oiread agus is féidir. Go háirithe, ba cheart forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 481/2014 ón gCoimisiún arna ghlacadh don chlárthréimhse 2014-2020 a chomhtháthú sa Rialachán seo.
(27)Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun feidhmeanna an údaráis bainistíochta a shannadh do ghrúpáil Eorpach um chomhar críochach nó a chur faoi deara go mbeidh grúpáil den sórt sin, amhail comhlachtaí dlíthiúla trasteorann eile, freagrach as fochlár, infheistíocht chríochach chomhtháite nó ciste do thionscadail bheaga amháin nó níos mó a bhainistiú, nó gníomhú mar chomhpháirtí aonair.
(28)Chun leanúint den slabhra íocaíochta arna bhunú don chlárthréimhse 2014-2020, i.e. ón gCoimisiún chuig an gcomhpháirtí cinn trí mheán an údaráis deimhniúcháin, ba cheart leanúint den slabhra íocaíochta sin faoin bhfeidhm chuntasaíochta. Ba cheart an tacaíocht ón Aontas a íoc leis an gcomhpháirtí cinn, mura rud é go dtiocfadh táillí dúbailte as sin le haghaidh an athraithe in euro agus ar ais in airgeadra eile nó vice versa idir an comhpháirtí cinn agus na comhpháirtithe eile.
(29)De bhun Airteagal 63(9) de Rialachán (AE, Euratom) [RA-Omnibus] i rialacha earnáilsonracha, cuirfear riachtanais chláir an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh (Interreg) san áireamh, go háirithe an fheidhm iniúchóireachta. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha maidir leis an tuairim iniúchóireachta bhliantúil, leis an tuarascáil bhliantúil ar rialú agus leis na hiniúchtaí ar oibríochtaí a shimpliú agus a chur in oiriúint do na cláir sin a bhfuil baint ag breis agus Ballstát amháin leo.
(30)Ba cheart slabhra soiléir dliteanais airgeadais a bhunú i leith gnóthú neamhrialtachtaí ó chomhpháirtithe aonair nó ó chomhpháirtithe eile chuig an gCoimisiún, tríd an gcomhpháirtí cinn agus tríd an údarás bainistíochta. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le dliteanas Ballstát, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha agus críoch thar lear, i gcás nach rabhthas in ann gnóthú a fháil ón gcomhpháirtí aonair ná ó chomhpháirtí eile ná ón gcomhpháirtí cinn, rud a fhágann gurb é an Ballstát a aisíocann an túdarás bainistíochta. Dá réir sin, faoi chláir Interreg, níl aon scóip ann maidir le méideanna neamh-inghnóthaithe ar leibhéal na dtairbhithe. Is gá, mar sin féin, na rialacha a shoiléiriú, i gcás nach naisíocfadh Ballstát, tríú tír, tír chomhpháirtíochta ná tír agus críoch thar lear an túdarás bainistíochta. Ba cheart oibleagáidí an chomhpháirtí cinn maidir le gnóthú a shoiléiriú freisin. Go háirithe, níor cheart cead a bheith ag an údarás bainistíochta é a chur de cheangal ar an gcomhpháirtí cinn nós imeachta breithiúnach a sheoladh i dtír eile.
(31)Chun sraith rialacha atá coiteann den chuid is mó a chur i bhfeidhm sna Ballstáit rannpháirteacha agus sna tríú tíortha, sna tíortha comhpháirtíochta nó sna tíortha agus sna críocha thar lear atá rannpháirteach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha agus críoch thar lear, mura leagtar rialacha sonracha amach i gCaibidil ar leith den Rialachán seo. Féadfaidh údaráis inchomparáide comhfhreagairt d'údaráis clár Interreg sna tríú tíortha, sna tíortha comhpháirtíochta nó sna tíortha agus sna críocha thar lear. Ba cheart an túsphointe le haghaidh incháilitheacht an chaiteachais a bheith nasctha le síniú an chomhaontaithe maoinithe ag an tríú tír, ag an tír chomhpháirtíochta nó ag an tír agus ag an gcríoch thar lear lena mbaineann. Ba cheart soláthar le haghaidh tairbhithe sa tríú tír, sa tír chomhpháirtíochta nó sa tír agus sa chríoch thar lear a bheith de réir na rialacha maidir le soláthar seachtrach faoi Rialachán (AE, Euratom) [RA-Omnibus nua] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Na nósanna imeachta maidir le tabhairt i gcrích comhaontuithe maoinithe le gach ceann de na tríú tíortha, de na tíortha comhpháirtíochta nó de na tíortha agus de na críocha thar lear, chomh maith leis na comhaontuithe idir an túdarás bainistíochta agus gach tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír agus críoch thar lear maidir leis an tacaíocht ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais nó i gcás ranníocaíocht bhreise seachas cómhaoiniú náisiúnta a aistriú ó thríú tír, ó thír chomhpháirtíochta nó ó thír agus críoch thar lear chuig an gclár Interreg, ba cheart iad a leagan amach.
(32)Cé gur cheart cláir Interreg, agus tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha agus críocha thar lear rannpháirteach iontu, a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, féadfar comhar na réigiún is forimeallaí a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach. Ba cheart rialacha sonracha a leagan amach maidir leis an dóigh leis na cláir sin a chur chun feidhme go hiomlán nó go páirteach faoi bhainistíocht indíreach.
(33)Bunaithe ar an taithí a fuarthas ar mhórthionscadail bhonneagair le linn na clárthréimhse 2014-2020 laistigh de na cláir um chomhar trasteorann faoin Ionstraim Eorpach Chomharsanachta, ba cheart na nósanna imeachta a shimpliú. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún cearta áirithe a choinneáil maidir le roghnú na dtionscadal sin.
(34)Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na liostaí de chláir Interreg, an liosta den mhéid foriomlán tacaíochta ón Aontas a ghlacadh agus a leasú do gach clár Interreg agus cinntí a ghlacadh lena bhformheastar cláir Interreg agus leasuithe orthu. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún. Cé gur de chineál ginearálta iad na gníomhartha sin, ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid ós rud é nach leagtar na forálacha amach ach ar bhealach teicniúil iontu.
(35)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cláir Interreg a ghlacadh nó a leasú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Mar sin féin, i gcás inarb infheidhme, ba cheart cláir um chomhar trasteorann a bheith de réir nósanna imeachta Coiste a bhunaítear faoi Rialachán (AE) [ICR III] agus [ICFCI] maidir leis an gcéad chinneadh formheasta i leith na gclár sin.
(36)Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Iarscríbhinn maidir leis an teimpléad do chláir Interreg a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(37)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, is é sin comhar a chothú idir na Ballstáit agus na Ballstáit agus tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha agus críocha thar lear agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Roinn i
Ábhar, raon feidhme agus comhchodanna Interreg
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1.Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) d'fhonn comhar a chothú idir na Ballstáit laistigh den Aontas agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta, críocha eile nó tíortha agus críocha thar lear atá cóngarach dá chéile.
2.Ina theannta sin, leagtar síos leis an Rialachán seo na forálacha is gá chun clársceidealú éifeachtach a áirithiú lena náirítear maidir le cúnamh teicniúil, faireachán, meastóireacht, cumarsáid, incháilitheacht, bainistiú agus rialú, mar aon le bainistiú maoinithe clár faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh ('cláir Interreg') a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa ('CFRE').
3.Maidir le tacaíocht ón 'Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais' (ICR III)', ón 'Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhair Idirnáisiúnta' ('ICFCI') agus ón gcistiú le haghaidh na dtíortha agus na gcríoch thar lear uile don tréimhse 2021 go 2027 a bhunaítear mar Chlár le Cinneadh (AE) XXX ('Clár na dtíortha agus na gcríoch thar lear') ón gComhairle do chláir Interreg (na trí hionstraim le chéile: 'ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais'), sainítear sa Rialachán seo cuspóirí sonracha breise mar aon le comhtháthú na gcistí sin i gcláir Interreg, na critéir chun go mbeidh tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear agus a réigiúin incháilithe agus rialacha cur chun feidhme sonracha áirithe.
4.Maidir le tacaíocht ó CFRE agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais (dá ngairtear 'na cistí Interreg' go comhpháirteach) do chláir Interreg, sainítear sa Rialachán seo na cuspóirí atá Interreg-shonrach mar aon leis an eagrú, na critéir chun go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta, tíortha agus críocha thar lear agus a réigiúin incháilithe, na hacmhainní airgeadais, agus na critéir maidir lena leithdháileadh.
5.Beidh feidhm ag Rialachán (AE) [RFC nua] agus Rialachán (AE) [CFRE nua] maidir le cláir Interreg, ach amháin i gcás ina bhforáiltear go sonrach dá mhalairt faoi na Rialacháin sin agus faoin Rialachán seo nó i gcás nach bhféadfaidh feidhm a bheith ag forálacha Rialachán (AE) [RFC nua] ach maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis.
Airteagal 2
Sainmhínithe
1.Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal [2] de Rialachán (AE) [RFC nua]. Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn 'tairbhí ICR' tír nó críoch a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) [ICR III];
(2)ciallaíonn 'tríú tír' tír nach Ballstát den Aontas í agus nach bhfaigheann tacaíocht ó chistí Interreg;
(3)ciallaíonn 'tír chomhpháirtíochta' tairbhí ICR nó tír nó críoch a chumhdaítear le 'Limistéar geografach na comharsanachta' a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) [ICFCI] agus Cónaidhm na Rúise, agus a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais;
(4)ciallaíonn 'comhlacht dlíthiúil trasteorann' comhlacht díthiúil arna bhunú faoi dhlíthe ceann de na tíortha atá rannpháirteach i gclár Interreg ar choinníoll go gcuireann údaráis chríochacha nó comhlachtaí eile ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad ar bun é.
2.Chun críche an Rialacháin seo, i gcás ina ndéantar tagairt do 'Ballstát' i bhforálacha Rialachán (AE) [RFC nua], forléireofar í mar thagairt a chiallaíonn an 'Ballstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta' agus i gcás ina ndéantar tagairt i bhforálacha do 'Gach Ballstát' nó do 'Ballstáit', forléireofar í mar thagairt a chiallaíonn 'na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg ar leith'.
Chun críche an Rialacháin seo, i gcás ina ndéantar tagairt i bhforálacha Rialachán (AE) [RFC nua] do 'na Cistí' mar a liostaítear i [bpointe (a) d'Airteagal 1(1)] den Rialachán sin nó do 'CFRE', forléireofar í mar thagairt lena gcumhdaítear an ionstraim maoinithe sheachtraigh lena mbaineann de chuid an Aontais freisin.
Airteagal 3
Comhchodanna de sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg)
Faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg), tabharfar tacaíocht do na comhchodanna seo a leanas le CFRE, agus, i gcás inarb infheidhme, le hionstraimí maoinithe sheachtraigh ón Aontas:
(1)comhar trasteorann idir réigiúin chóngaracha le tacú le forbairt réigiúnach chomhtháite (comhchuid 1):
(a)comhar trasteorann inmheánach idir réigiúin teorann talún chóngaracha in dhá Bhallstát nó níos mó nó idir réigiúin teorann talún chóngaracha i mBallstát amháin ar a laghad agus tríú tír amháin nó níos mó a liostaítear in Airteagal 4(3); nó
(b)comhar trasteorann seachtrach idir réigiúin teorann talún chóngaracha de chuid Ballstát amháin ar a laghad agus de chuid ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
(i)tairbhithe ICR; nó
(ii)tíortha comhpháirtíochta a fhaigheann tacaíocht ó ICFCI; nó
(iii)Cónaidhm na Rúise, chun go gcumasófar a rannpháirtíocht i gcomhar trasteorann a fhaigheann tacaíocht ó ICFCI freisin;
(2)comhar trasnáisiúnta agus comhar muirí ar fud críocha trasnáisiúnta móra nó timpeall imchuacha farraige, lena mbaineann comhpháirtithe clár náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sna Ballstáit, i dtríú tíortha agus i dtíortha comhpháirtíochta agus sa Ghraonlainn, d'fhonn céim níos airde de chomhtháthú críochach a bhaint amach ('comhchuid 2'; i gcás nach dtagraítear ach do chomhar trasnáisiúnta: 'comhchuid 2A'; i gcás nach dtagraítear ach do chomhar muirí: 'comhchuid 2B');
(3)comhar na réigiún is forimeallaí eatarthu féin agus leis na tríú tíortha comharsanachta nó leis na tíortha comhpháirtíochta comharsanachta nó leis na tíortha agus leis na críocha thar lear nó roinnt díobh chun a gcomhtháthú réigiúnach a éascú ina gcomharsanacht ('comhchuid 3');
(4)comhar idir-réigiúnach chun éifeachtacht an bheartais comhtháthaithe ('comhchuid 4') a threisiú trí na nithe seo a leanas a chur chun cinn:
(a)malartú taithí, cineálacha cur chuige nuálacha agus fothú acmhainneachta i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(i)cláir Interreg a chur chun feidhme;
(ii)cláir a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis a chur chun feidhme, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta le tairbhithe atá lonnaithe i mBallstát amháin eile ar a laghad;
(iii)cur ar bun, feidhmiú agus úsáid grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach;
(b)anailís ar threochtaí forbartha i ndáil le haidhmeanna comhtháthaithe chríochaigh;
(5)infheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha le tráchtálú agus tionscadail nuálaíochta idir-réigiúnacha a mhéadú ó scála, rud a d'fheádfadh forbairt slabhraí luacha Eorpacha a spreagadh ('comhchuid 5').
Roinn ii
Cumhdach geografach
Airteagal 4
Cumhdach geografach le haghaidh comhar trasteorann
1.Maidir le comhar trasteorann, is iad na réigiúin de leibhéal NUTS 3 de chuid an Aontais feadh gach teorann talún inmheánaí agus seachtraí le tríú tíortha nó le tíortha comhpháirtíochta atá le tacaíocht a fháil ó CFRE.
2.Gheobhaidh na réigiúin ar theorainneacha muirí atá nasctha os cionn na farraige le nasc seasta tacaíocht faoi chomhar trasteorann freisin.
3.Féadfar réigiúin san Iorua, san Eilvéis agus sa Ríocht Aontaithe a bheith i gceist le cláir Interreg faoi chomhar trasteorann inmheánach arb ionann iad agus réigiúin de leibhéal NUTS 3 mar aon le Lichtinstéin, le hAndóra agus le Monacó.
4.Maidir le comhar trasteorann seachtrach, is iad na réigiúin a mbeidh tacaíocht le fáil acu ó ICR III nó ICFCI na réigiúin de leibhéal NUTS 3 de chuid na tíre comhpháirtíochta lena mbaineann nó, murab ann d'aicmiú NUTS, limistéir choibhéiseach feadh gach teorann talún idir na Ballstáit agus na tíortha comhpháirtíochta atá incháilithe faoi ICR III nó ICFCI.
Airteagal 5
Cumhdach geografach le haghaidh comhar trasnáisiúnta agus comhar muirí
1.Maidir le comhar trasnáisiúnta agus comhar muirí, is iad na réigiúin a mbeidh tacaíocht le fáil acu ó CFRE na réigiúin de leibhéal NUTS 2 de chuid an Aontais lena gcumhdaítear limistéir feidhme chomhtheagmhálacha, agus straitéisí macrairéigiúnacha nó straitéisí imchuach farraige á gcur san áireamh, i gcás inarb infheidhme.
2.Féadfar na háiteanna seo a leanas a chumhdach i gcláir Interreg maidir le comhar trasnáisiúnta agus comhar muirí:
(a)réigiúin san Íoslainn, san Iorua, san Eilvéis, sa Ríocht Aontaithe agus i Lichtinstéin, in Andóra, i Monacó agus i San Mairíne;
(b)An Ghraonlainn;
(c)Oileáin Fharó;
(d)réigiúin i dtíortha comhpháirtíochta faoi ICR III nó ICFCI;
cibé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann siad tacaíocht ó bhuiséad AE.
3.Réigiúin de leibhéal NUTS 2 nó, murab ann d'aicmiú NUTS, limistéir choibhéiseacha, a bheidh sna réigiúin, sna tríú tíortha nó sna tíortha comhpháirtíochta a liostaítear i mír 2.
Airteagal 6
Cumhdach geografach le haghaidh chomhar na réigiún is forimeallaí
1.Maidir le comhar na réigiún is forimeallaí, gheobhaidh na réigiúin uile a liostaítear sa chéad mhír d'Airteagal 349 de CFAE tacaíocht ó CFRE.
2.Le cláir Interreg na réigiún is forimeallaí, féadfar tíortha comhpháirtíochta comharsanachta a fhaigheann tacaíocht ó ICFCI nó tíortha agus críocha thar lear a fhaigheann tacaíocht ó Chlár na dtíortha agus na gcríoch thar lear, nó iad araon, a chumhdach.
Airteagal 7
Cumhdach geografach le haghaidh comhar idir-réigiúnach agus
infheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha
1.I gcás clár Interreg ar bith faoi chomhchuid 4 nó i gcás infheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha faoi chomhchuid 5, tabharfar tacaíocht do chríoch iomlán an Aontais le CFRE.
2.Féadfar a chumhdach i gcláir Interreg faoi chomhchuid 4 na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta, na críocha eile nó na tíortha agus na críocha thar lear dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 a chumhdach go hiomlán nó go páirteach, cibé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann siad tacaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais.
Airteagal 8
An liosta limistéar a chumhdaítear sna cláir Interreg a gheobhaidh tacaíocht
1.Chun críocha Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6, glacfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme ina leagfar amach an liosta limistéar clár Interreg a mbeidh tacaíocht le fáil acu, arna mhiondealú do gach comhchuid agus gach clár Interreg. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 63(2).
Déanfar cláir Interreg trasteorann sheachtracha a liostú mar 'cláir Interreg CTT ICR III' nó mar 'cláir Interreg maidir le comhar trasteorann comharsanachta'.
2.Sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, beidh liosta freisin ina sonraítear na réigiúin sin de leibhéal NUTS 3 de chuid an Aontais arna gcur san áireamh le haghaidh leithdháileadh CFRE maidir le comhar trasteorann ag gach teorainn inmheánach, agus na teorainneacha seachtracha arna gcumhdach ag ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, mar aon le liosta ina sonraítear na réigiúin sin de leibhéal NUTS 3 a chuirtear san áireamh chun críocha leithdháilte faoi chomhchuid 2B dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(3).
3.Réigiúin i dtríú tíortha nó i dtíortha comhpháirtíochta nó i gcríocha lasmuigh den Aontas nach bhfaigheann tacaíocht ó CFRE ná ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais, luafar ar an liosta dá dtagraítear i mír 1 iad.
Roinn iii
Acmhainní agus rátaí cómhaoinithe
Airteagal 9
Acmhainní CFRE do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg)
1.Beidh acmhainní CFRE do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) cothrom le EUR 8 430 000 000 de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil le haghaidh an ghealltanais bhuiséadaigh ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe don chlárthréimhse 2021-2027 agus a leagtar amach in Airteagal [102(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua].
2.Déanfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh mar a leanas:
(a)52,7 % (i.e., iomlán EUR 4 440 000 000) le haghaidh comhair thrasteorann (comhchuid 1);
(b)31,4 % (i.e., iomlán EUR 2 649 900 000) le haghaidh comhar trasteorann agus comhar muirí (comhchuid 2);
(c)3,2 % (i.e., iomlán EUR 270 100 000) le haghaidh chomhar na réigiún is forimeallaí (comhchuid 3);
(d)1,2 % (i.e., iomlán EUR 100 000 000) le haghaidh comhar idir-réigiúnach (comhchuid 4);
(e)11,5 % (i.e., iomlán EUR 970 000 000) le haghaidh infheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha (comhchuid 5);
3.Déanfaidh an Coimisiún a sciar de na méideanna foriomlána le haghaidh chomhchuid 1, chomhchuid 2 agus chomhchuid 3 a chur in iúl do gach Ballstát agus iad miondealaithe de réir bliana.
Bainfear úsáid as méid an daonra sna réigiúin seo a leanas le haghaidh an mhiondealaithe de réir Ballstáit:
(a)Réigiúin de leibhéal NUTS 3 i gcomhair chomhchuid 1 agus na réigiún sin de leibhéal NUTS 3 le haghaidh chomhchuid 2B a liostaítear sa chinneadh cur chun feidhme faoi Airteagal 8(2);
(b)Réigiúin de leibhéal NUTS 2 i gcomhair chomhchuid 2A agus chomhchuid 3.
4.Féadfaidh gach Ballstát suas le 15 % dá leithdháileadh airgeadais le haghaidh chomhchuid 1, chomhchuid 2 agus chomhchuid 3 a aistriú ó cheann amháin de na comhchodanna sin go ceann nó níos mó de na comhchodanna eile.
5.Bunaithe ar na méideanna a chuirtear in iúl de bhun mhír 3, déanfaidh gach Ballstát an Coimisiún a chur ar an eolas faoi cé acu ar bhain nó nár bhain sé úsáid as an rogha aistrithe dá bhforáiltear in Airteagal 4, agus faoin mbealach a ndearna sé amhlaidh, agus faoi dháileadh a sciar ar na cláir Interreg ina bhfuil na Ballstáit rannpháirteach a tháinig dá bharr sin.
Airteagal 10
Forálacha idirchistí
1.Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach an doiciméad straitéiseach ilbhliantúil maidir leis na cláir Interreg trasteorann sheachtracha a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ICFCI nó ICR III. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 63(2).
Maidir le cláir Interreg a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ICFCI, leagfar amach na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) [ICFCI] sa ghníomh cur chun feidhme sin.
2.Maidir leis an ranníocaíocht ó CFRE le cláir Interreg trasteorann sheachtracha a gheobhaidh tacaíocht freisin ón gclúdach airgeadais faoi ICR III a leithdháiltear ar chomhar trasteorann (dá ngairtear 'CTT ICR III' anseo feasta) nó ón gclúdach airgeadais faoi ICFCI a leithdháiltear ar chomhar trasteorann le haghaidh limistéar geografach na comharsanachta (dá ngairtear 'CTT ICFCI' anseo feasta), déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann í a leagan síos. Ní dhéanfar ranníocaíocht CFRE a leagfar síos do gach Ballstát a ath-leithdháileadh ina dhiaidh sin ar na Ballstáit lena mbaineann.
3.Deonófar tacaíocht ó CFRE do chláir Interreg trasteorann sheachtracha ar choinníoll go ndéanfar foráil maidir le méideanna atá coibhéiseach le CTT ICR III agus CTT ICFCI faoin doiciméad clársceidealaithe straitéisigh ábhartha. Beidh an choibhéis sin faoi réir uasmhéid a leagtar amach i ngníomh reachtach ICR III nó ICFCI.
Mar sin féin, i gcás ina dtagann laghdú ar an méid coibhéiseach do na blianta atá fanta de bharr an athbhreithnithe ar an doiciméad clársceidealaithe straitéisigh ábhartha faoi ICR III nó ICFCI, déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann rogha astu seo a leanas:
(a)an sásra a iarraidh faoi Airteagal 12(3);
(b)leanúint den chlár Interreg leis an tacaíocht atá fanta ó CFRE agus CTT ICR III nó CTT ICFCI; nó
(c)rogha (a) agus rogha (b) a chomhcheangal le chéile.
4.Déanfar na leithreasuithe bliantúla a chomhfhreagraíonn don tacaíocht ó CFRE, CTT ICR III nó CTT ICFCI do chláir Interreg trasteorann sheachtracha a chur isteach sna línte buiséid ábhartha le haghaidh ghnás buiséadach 2021.
5.Más rud é go gcuireann an Coimisiún leithdháileadh airgeadais sonrach san áireamh le cuidiú le tíortha comhpháirtíochta nó réigiúin chomhpháirtíochta faoi Rialachán (AE) [ICFCI] agus tíortha agus críocha thar lear faoi Chinneadh [an Cinneadh maidir leis na tíortha agus leis na críocha thar lear] ón gComhairle nó leo araon a gcomhar leis na réigiúin chomharsanachta is forimeallaí san Aontas a neartú i gcomhréir le hAirteagal [33(2)] de Rialachán (AE) [ICFCI] nó le hAirteagal [87] de [an Cinneadh maidir le Clár na dtíortha agus na gcríoch thar lear] nó iad araon, féadfaidh CFRE, i gcomhréir leis an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí agus ar bhonn cómhalartachta agus comhréireachta maidir leis an leibhéal cistiúcháin ó ICFCI nó ó Chlár na dtíortha agus na gcríoch thar lear nó iad araon, a bheith ina rannchuidiú freisin le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag tír chomhpháirtíochta nó réigiún comhpháirtíochta nó aon eintiteas eile faoi Rialachán (AE) [ICFCI], ag tír, críoch nó aon eintiteas eile faoi [an Cinneadh maidir leis na tíortha agus leis na críocha thar lear] nó ag ceann de na réigiúin is forimeallaí san Aontas, go háirithe, clár Interreg amháin nó cláir Interreg chomhpháirteacha faoi chomhchuid 2, faoi chomhchuid 3 nó faoi chomhchuid 4 nó faoi bhearta comhair dá dtagraítear in Airteagal 60 a bhunaítear agus a chuirtear chun feidhme de bhun an Rialacháin seo.
Airteagal 11
Liosta acmhainní do chláir Interreg
1.Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit de bhun Airteagal 9(5), glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach liosta de na cláir Interreg uile agus ina léireofar, in aghaidh an chláir, méid foriomlán na tacaíochta iomláine ó CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, an tacaíocht iomlán ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 63(2).
2.Beidh liosta de na méideanna arna naistriú de bhun Airteagal 9(5) sa ghníomh cur chun feidhme sin miondealaithe in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh na hionstraime maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais.
Airteagal 12
Acmhainní a chur ar ais agus scor
1.In 2022 agus 2023, maidir leis an ranníocaíocht bhliantúil ó CFRE leis na cláir Interreg trasteorann sheachtracha ar ina leith nár cuireadh clár ar bith faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Meitheamh de na blianta ábhartha, agus nár ath-leithdháileadh ar chlár eile a cuireadh isteach faoin gcatagóir chéanna de na cláir Interreg trasteorann sheachtracha, déanfar í a leithdháileadh ar na cláir Interreg trasteorann inmheánacha ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann nó na Ballstáit lena mbaineann rannpháirteach.
2.Más rud é, faoin 31 Márta 2024, gurb ann fós do chláir Interreg trasteorann sheachtracha nár cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin, maidir leis an ranníocaíocht iomlán ó CFRE dá dtagraítear in Airteagal 9(5) leis na cláir sin le haghaidh na mblianta atá fanta suas go 2027, nach bhfuiltear tar éis a ath-leithdháileadh ar chlár Interreg trasteorann seachtrach eile a fhaigheann tacaíocht freisin ó CTT ICR III nó CTT ICFCI, déanfar í a leithdháileadh ar na cláir Interreg trasteorann sheachtracha ina bhfuil an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann rannpháirteach.
3.Maidir le haon chlár Interreg trasteorann a d'fhormheas an Coimisiún cheana, scoirfear de, nó laghdófar an leithdháileadh ar an gclár sin, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme, go háirithe, i gcás:
(a)nár shínigh ceachtar de na tíortha comhpháirtíochta arna gcumhdach ag an gclár Interreg an comhaontú maoinithe iomchuí faoi na sprioc-amanna a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 57;
(b)nach féidir an clár Interreg a chur chun feidhme mar a bhí beartaithe i ngeall ar fhadhbanna sa chaidreamh idir na tíortha rannpháirteacha.
I gcásanna den sórt sin, maidir leis an ranníocaíocht ó CFRE dá dtagraítear i mír 1 a chomhfhreagraíonn do thráthchodanna bliantúla nach bhfuil geallta fós, nó tráthchodanna bliantúla a gealladh ach a saoradh go hiomlán nó go páirteach as an ngealltanas sin le linn na bliana buiséadaí céanna, nach bhfuiltear tar éis a ath-leithdháileadh ar chlár Interreg trasteorann seachtrach eile a fhaigheann tacaíocht ó CTT ICR III nó CTT ICFCI, freisin, déanfar í a leithdháileadh ar na cláir Interreg trasteorann inmheánacha ina bhfuil an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann rannpháirteach.
4.Maidir le clár Interreg faoi chomhchuid 2 a d'fhormheas an Coimisiún cheana, scoirfear de rannpháirtíocht tíre comhpháirtíochta nó na Graonlainne, má dhéantar de réir ceann de na cásanna a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 3.
Iarrfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás inarb infheidhme, na tíortha comhpháirteacha rannpháirteacha atá fanta ceann de na nithe seo a leanas:
(a)go scoirfear den chlár Interreg ina iomláine, go háirithe i gcás nach bhféadfar na príomhdhúshláin chomhpháirteacha maidir le forbairt a bhaint amach gan rannpháirtíocht na tíre comhpháirtíochta sin ná na Graonlainne;
(b)go ndéanfar an leithdháileadh ar an gclár Interreg sin a laghdú, i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta is infheidhme;
(c)go leanfar den chlár Interreg gan rannpháirtíocht na tíre comhpháirtíochta sin ná na Graonlainne.
I gcás ina laghdaítear an leithdháileadh ar an gclár Interreg de bhun phointe (b) den dara fomhír den mhír seo, maidir leis an ranníocaíocht ó CFRE a chomhfhreagraíonn do thráthchodanna bliantúla nach bhfuil geallta fós, déanfar í a leithdháileadh ar chlár Interreg eile faoi chomhchuid 2 ina bhfuil Ballstát amháin nó níos mó rannpháirteach nó, i gcás nach bhfuil Ballstát rannpháirteach ach amháin i gclár Interreg amháin faoi chomhchuid 2, ar chlár Interreg trasteorann inmheánach amháin nó níos mó ina bhfuil an Ballstát sin rannpháirteach.
5.Bainfear úsáid as an ranníocaíocht ó ICR III, ICFCI nó Clár na dtíortha agus na gcríoch thar lear arna laghdú de bhun an Airteagail seo i gcomhréir le Rialachán (AE) [ICR III], Rialachán (AE) [ICFCI] nó Cinneadh (AE) [Na tíortha agus na críocha thar lear] ón gComhairle.
6.Más rud é, maidir le tríú tír nó tír chomhpháirtíochta a rannchuidíonn le clár Interreg trí acmhainní náisiúnta, ach nach ionann iad agus cómhaoiniú náisiúnta tacaíochta ó CFRE ná ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais, go laghdaíonn sí an ranníocaíocht sin le linn chur chun feidhme an chláir Interreg ar bhealach foriomlán nó maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha a roghnaíodh cheana agus tar éis an doiciméad dá ndéantar foráil in Airteagal 22(6) a fháil, iarrfaidh an Ballstát rannpháirteach nó na Ballstáit rannpháirteacha ceann amháin de na roghanna a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 4.
Airteagal 13
Rátaí cómhaoinithe
Ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach cláir Interreg níos airde ná 70 %, mura rud é, maidir le cláir Interreg trasteorann sheachtracha nó cláir Interreg faoi chomhchuid 3, go socrófar céatadán níos airde ná sin i Rialachán (AE) [ICR III], i Rialachán (AE) [ICFCI] nó i gCinneadh (AE) [Clár na dtíortha agus na gcríoch thar lear] ón gComhairle nó in aon ghníomh arna ghlacadh fúthu.
CAIBIDIL II
Cuspóirí Interreg-shonracha agus díriú téamach
Airteagal 14
Cuspóirí Interreg-shonracha
1.Beidh CFRE, laistigh dá raon feidhme mar a leagtar amach in Airteagal [4] de Rialachán (AE) [CFRE nua], agus, i gcás inarb infheidhme, ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, ina rannchuidiú leis na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal [4(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua] trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha faoi chláir Interreg.
2.I gcás an chláir PEACE PLUS, i gcás ina mbeidh sé ag feidhmiú ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas, beidh CFRE, mar chuspóirí sonrach faoi chuspóir beartais 4, ina rannchuidiú freisin le cobhsaíocht shóisialta, eacnamaíoch agus réigiúnach a chur chun cinn sna réigiúin lena mbaineann, go háirithe trí ghníomhaíochtaí chun comhtháthú idir pobail a chur chun cinn. Beidh tosaíocht ar leith mar thacaíocht leis an gcuspóir sonrach sin.
3.De bhreis ar na cuspóirí sonracha le haghaidh CFRE a leagtar amach in Airteagal [2] de Rialachán (AE) [CFRE nua], féadfaidh CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, a bheith ina rannchuidiú freisin leis na cuspóirí sonracha faoi CB 4 mar a leanas:
(a)feabhas a chur ar éifeachtacht margaí saothair agus rochtain ar fhostaíocht ar ardcháilíocht thar theorainneacha a fheabhsú freisin;
(b)rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil thar theorainneacha a fheabhsú mar aon le cáilíocht an méid sin a fheabhsú, d'fhonn cur leis an leibhéal oideachais a bhaintear amach agus le leibhéil na scileanna do chách a aithnítear thar theorainneacha;
(c)feabhas a chur ar rochtain chomhionann thráthúil ar sheirbhísí cúraim sláinte ardcháilíochta, inbhuanaithe agus inacmhainne thar theorainneacha;
(d)feabhas a chur ar inrochtaineacht, ar éifeachtacht agus ar athléimneacht córas sláinte agus seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh thar theorainneacha;
(e)cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac, lena náirítear trí chomhionannas deiseanna a fheabhsú agus idirdhealú a chomhrac thar theorainneacha.
4.Faoi chomhchuid 1, faoi chomhchuid 2 agus faoi chomhchuid 3, féadfaidh CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais a bheith ina dtacaíocht freisin leis an gcuspóir Interreg-shonrach 'rialachas Interreg níos fearr', go háirithe trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)faoi chláir Interreg faoi chomhchuid 1 agus faoi chomhchuid 2B:
(i)acmhainn institiúideach údarás poiblí a fheabhsú, go háirithe na cinn ar tugadh sainordú dóibh críoch shonrach a bhainistiú, agus acmhainn páirtithe leasmhara a fheabhsú freisin;
(ii)riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú trí chomhar dlíthiúil agus riaracháin agus comhar idir saoránaigh agus institiúidí a chur chun cinn, go háirithe, d'fhonn constaicí dlíthiúla agus constaicí eile i réigiúin teorann a réiteach;
(b)faoi chláir Interreg faoi chomhchuid 1, faoi chomhchuid 2 agus faoi chomhchuid 3: acmhainn institiúideach údarás poiblí agus páirtithe leasmhara a fheabhsú chun straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuach farraige a chur chun feidhme;
(c)faoi na cláir Interreg trasteorann sheachtracha agus faoi chomhchuid 2 agus faoi chomhchuid 3 a fhaigheann tacaíocht ó na cistí Interreg, i dteannta phointe (a) agus phointe (b): muinín fhrithpháirteach a chothú, go háirithe trí ghníomhaíochtaí idir daoine a spreagadh, trí dhaonlathas inbhuanaithe a fheabhsú agus trí thacú le gníomhartha na sochaí sibhialta agus lena ról ó thaobh próisis a athchóiriú agus aistrithe chun an daonlathais;
5.Faoi chláir Interreg trasteorann sheachtracha agus faoi chomhchuid 2 agus faoi chomhchuid 3, beidh CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais ina rannchuidiú freisin leis an gcuspóir Interreg-shonrach seachtrach 'Eoraip níos sábháilte agus níos sláine', go háirithe trí ghníomhaíochtaí i réimsí an bhainistithe trasnaithe teorann, na soghluaisteacha sna teorainneacha agus an bhainistithe imirce, lena náirítear cosaint imirceach.
Airteagal 15
Díriú téamach
1.Maidir le 60 % ar a laghad de CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, d'ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais arna leithdháileadh faoi thosaíochtaí seachas le haghaidh cúnamh teicniúil ar gach clár Interreg faoi chomhchuid 1, faoi chomhchuid 2 agus faoi chomhchuid 3, déanfar é a leithdháileadh ar thrí cinn ar a mhéad de na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal [4(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua].
2.Maidir le 15 % breise de na leithdháilí ó CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais faoi thosaíochtaí seachas le haghaidh cúnamh teicniúil, déanfar iad a leithdháileadh ar gach clár Interreg faoi chomhchuid 1, faoi chomhchuid 2 agus faoi chomhchuid 3 ar an gcuspóir Interreg-shonrach a bhaineann le 'rialachas Interreg níos fearr' nó ar an gcuspóir Interreg-shonrach seachtrach 'Eoraip níos sábháilte agus níos sláine'.
3.I gcás ina bhfaigheann straitéis mhacrairéigiúnach tacaíocht ó chlár Interreg faoi chomhchuid 2A, déanfar na leithdháiltí iomlána ó CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais faoi thosaíochtaí seachas le haghaidh cúnamh teicniúil a chláreagrú i ndáil le cuspóirí na straitéise sin.
4.I gcás ina bhfaigheann straitéis mhacrairéigiúnach nó straitéis imchuach farraige tacaíocht ó chlár Interreg faoi chomhchuid 2B, déanfar ar a laghad 70 % de na leithdháiltí iomlána ó CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais faoi thosaíochtaí seachas le haghaidh cúnamh teicniúil a leithdháileadh ar chuspóirí na straitéise sin.
5.Maidir le cláir Interreg faoi chomhchuid 4, i ndáil le leithdháiltí iomlána ó CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais faoi thosaíochtaí seachas le haghaidh cúnamh teicniúil, leithdháilfear iad ar an gcuspóir Interreg-shonrach 'rialachas Interreg níos fearr'.
CAIBIDIL III
Clársceidealú
Roinn i
Cláir Interreg a ullmhú, a fhormheas agus a leasú
Airteagal 16
Cláir Interreg a ullmhú agus a chur isteach
1.Déanfar sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a chur chun feidhme trí chláir Interrreg faoi bhainistíocht chomhroinnte cé is moite de chomhchuid 3 a fhéadfar a chur chun feidhme ina hiomláine nó go páirteach faoi bhainistíocht indíreach agus diomaite de chomhchuid 5 a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach.
2.Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás inarb infheidhme, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha agus críocha thar lear clár Interreg a ullmhú i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
3.Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha clár Interreg a ullmhú i gcomhar leis na comhpháirtithe clár dá dtagraítear in Airteagal [6] de Rialachán (AE) [RFC nua].
Tabharfaidh na tríú tíortha nó na tíortha comhpháirtíochta nó na tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach, i gcás inarb infheidhme, deis rannpháirtíochta do na comhpháirtithe clár atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear san Airteagal sin.
4.Déanfaidh an Ballstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta ionchasach clár Interreg a chur faoi bhráid an Choimisiún faoin [dáta an teacht i bhfeidhm móide naoi mí;] thar ceann na mBallstát rannpháirteach uile agus, i gcás inarb infheidhme, na dtríú tíortha, na dtíortha comhpháirteacha nó na dtíortha agus na gcríoch thar lear atá rannpháirteach.
Mar sin féin, cuirfidh an Ballstát a bheidh ina óstach ar an údarás bainistíochta ionchasach clár Interreg isteach lena gcumhdaítear tacaíocht ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Choimisiún an doiciméad clársceidealaithe straitéisigh ábhartha a ghlacadh faoi Airteagal 10(1) nó i gcás inar gá faoin mbunghníomh comhfhreagrach a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí maoinithe sheachtraigh ón Aontas.
5.Daingneoidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta nó na tíortha agus na críocha thar lear atá rannpháirteach i scríbhinn go gcomhaontaíonn siad le hinneachar cláir Interreg sula gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é. Áireofar sa chomhaontú sin freisin gealltanas ó na Ballstáit rannpháirteacha uile agus, i gcás inarb infheidhme, ó na tríú tíortha, ó na tíortha comhpháirtíochta nó ó na tíortha agus na críocha thar lear uile atá rannpháirteach, go soláthróidh siad an cómhaoiniú is gá chun an clár Interreg a chur chun feidhme agus, i gcás inarb infheidhme, an gealltanas do ranníocaíocht na dtríú tíortha, na dtíortha comhpháirtíochta nó na dtíortha agus na gcríoch thar lear.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás cláir Interreg lena mbaineann na réigiúin is forimeallaí agus tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha agus críocha thar lear, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle leis na tríú tíortha, leis na tíortha comhpháirtíochta nó leis na tíortha agus na críocha thar lear lena mbaineann sula gcuirfidh siad na cláir Interreg faoi bhráid an Choimisiúin. Sa chás sin, féadfar na comhaontuithe maidir le hinneachar na gclár Interreg agus an rannchuidiú féideartha ó na tríú tíortha, ó na tíortha comhpháirtíochta nó ó na tíortha agus na críocha thar lear a chur in iúl sna miontuairiscí, arna bhformheas go foirmiúil, ó na cruinnithe comhairliúcháin leis na tríú tíortha, leis na tíortha comhpháirtíochta nó leis na tíortha agus na críocha thar lear nó ó phléití na neagraíochtaí um chomhar réigiúnach.
6.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 62 chun an Iarscríbhinn a leasú chun oiriúnú a dhéanamh d'athruithe a tharlóidh le linn na clárthréimhse i gcás eilimintí neamhriachtanacha di sin.
Airteagal 17
Inneachar na gclár Interreg
1.Leagfar amach i ngach clár Interreg straitéis chomhpháirteach le haghaidh rannchuidiú an chláir leis na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal [4(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua] agus leis na cuspóirí Interreg-shonracha a leagtar amach in Airteagal 14(4) agus (5) den Rialachán seo agus lena thorthaí a chur in iúl.
2.Tosaíochtaí a bheidh i ngach clár Interreg.
Beidh gach tosaíocht ar leith ag freagairt do chuspóir beartais aonair nó, i gcás inarb infheidhme, do chuspóir Interreg-shonrach amháin nó do dhá cheann faoi seach nó do chúnamh teicniúil. Is éard a bheidh i gceist le tosaíocht a chomhfhreagraíonn do chuspóir beartais nó, i gcás inarb infheidhme, do chuspóir Interreg-shonrach amháin nó do dhá cheann faoi seach cuspóir sonrach amháin nó níos mó. Féadfaidh níos mó ná tosaíocht amháin freagairt don bheartas nó don chuspóir Interreg-shonrach céanna.
3.I gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus i gcomhaontú leis an gCoimisiún, chun éifeachtúlacht cur chun feidhme clár a mhéadú agus oibríochtaí a bhaint amach ar scála mór, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cinneadh a dhéanamh suas le [x] % den mhéid ó CFRE arna leithdháileadh ar an gclár comhfhreagrach a aistriú faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis don réigiún céanna. Tosaíocht nó tosaíochtaí ar leith a bheidh sa mhéid a aistrítear.
4.Leagfar amach i ngach Interreg:
(a)limistéar an chláir (lena náirítear léarscáil de mar dhoiciméad ar leith);
(b)achoimre ar na príomhdhúshláin chomhpháirteacha, ag cur na nithe seo a leanas san áireamh:
(i)éagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha;
(ii)riachtanais infheistíochta chomhpháirteacha agus comhlántacht le foirmeacha eile tacaíochta;
(iii)na ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí a fuarthas;
(iv)straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuach farraige i gcás ina bhfuil limistéar an chláir cumhdaithe go hiomlán nó go páirteach ag straitéis amháin nó níos mó;
(c)údar le cuspóirí an bheartais roghnaithe agus leis na cuspóirí Interreg-shonracha, leis na tosaíochtaí comhfhreagracha, leis na cuspóirí sonracha agus leis na foirmeacha tacaíochta, ina dtugtar aghaidh, i gcás inarb iomchuí, ar na naisc easnamhacha sa bhonneagar trasteorann;
(d)i gcás gach tosaíochta, diomaite de chúnamh teicniúil, cuspóirí sonracha;
(e)i gcás gach cuspóra shonraigh:
(i)na cineálacha gníomhaíochtaí gaolmhara, lena náirítear liosta de na hoibríochtaí atá beartaithe a mbaineann tábhacht straitéiseach leo, agus an rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu leis na cuspóirí sonracha sin agus le straitéisí macrairéigiúnacha agus le straitéisí imchuach farraige, i gcás inarb iomchuí;
(ii)táscairí aschuir agus táscairí toraidh maille leis na garspriocanna agus leis na spriocanna a chomhfhreagraíonn dóibh;
(iii)na spriocghrúpaí príomha;
(iv)críocha sonracha a bhfuiltear ag díriú orthu, lena náirítear an úsáid atá beartaithe d'infheistíochtaí críochacha comhtháite, forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail nó uirlisí críochacha eile;
(v)an úsáid atá beartaithe d'ionstraimí airgeadais;
(vi)miondealú táscach ar na hacmhainní atá clársceidealaithe de réir an chineáil idirghabhála.
(f)le haghaidh thosaíocht an chúnaimh theicniúil, an úsáid atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal [30], [31] agus [32] de Rialachán (AE) [RFC nua] agus cineálacha idirghabhála ábhartha;
(g)plean maoinithe ina bhfuil na táblaí seo a leanas (gan aon deighilt de réir Ballstát, tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír agus críoch thar lear atá rannpháirteach, mura sonraítear a mhalairt ann):
(i)tábla ina sonrófar an leithdháileadh airgeadais iomlán do CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, do gach ionstraim maoinithe seachtrach de chuid an Aontais don chlárthréimhse ina hiomláine agus de réir bliana;
(ii)tábla ina saineofar an leithdháileadh airgeadais iomlán do gach tosaíocht ó CFRE agus, i gcás inarb ábhartha, ó gach ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais de réir tosaíochta agus an cómhaoiniú náisiúnta agus cé acu atá nó nach bhfuil an cómhaoiniú náisiúnta comhdhéanta de chómhaoiniú poiblí agus príobháideach;
(h)na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun deis rannpháirtíochta a thabhairt do na comhpháirtithe clár ábhartha dá dtagraítear in Airteagal [6] de Rialachán (AE) [RFC nua] in ullmhú an chláir Interreg, agus ról na gcomhpháirtithe clár sin i gcur chun feidhme an chláir sin agus i bhfaireachán agus meastóireacht a dhéanamh air;
(i)an cur chuige atá beartaithe maidir le cumarsáid agus infheictheacht don chlár Interreg trí na cuspóirí, na pobail sprice, na bealaí cumarsáide, an fhor-rochtain meán sóisialta, an buiséad pleanáilte agus na táscairí ábhartha d'fhaireachán agus do mheastóireacht a shainiú;
5.Tabharfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 mar a leanas:
(a)maidir leis na táblaí dá dtagraítear i bpointe (g) agus ó thaobh na tacaíochta ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais de, leagfar na cistí sin amach mar a leanas:
(i)maidir le cláir Interreg teorann sheachtracha a fhaigheann tacaíocht ó ICR III agus ICFCI mar mhéid aonair ('CTT ICR III' nó 'Comhar Trasteorann Comharsanachta') ina gcomhcheanglaítear an ranníocaíocht ó [Ceannteideal 2 Comhtháthú agus Luachanna, fo-uasteorainn Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach] agus [Ceannteideal 6 Comharsanacht agus an Domhan];
(ii)maidir le cláir Interreg faoi chomhchuid 2 agus faoi chomhchuid 4 a fhaigheann tacaíocht ó ICR III, ó ICFCI nó ó Chlár na dtíortha agus na gcríoch thar lear mar mhéid aonair ('cistí Interreg') ina gcomhcheanglaítear an ranníocaíocht ó [Ceannteideal 2] agus [Ceannteideal 6] nó scoilte de réir ionstraim mhaoinithe 'CFRE', 'ICR III', 'ICFCI' agus 'Clár na dtíortha agus na gcríoch thar lear', de bhun rogha na gcomhpháirtithe clár;
(iii)maidir le cláir Interreg faoi chomhchuid 2 a fhaigheann tacaíocht ó Chlár na dtíortha agus na gcríoch thar lear scoilte de réir ionstraim mhaoinithe ('CFRE' agus 'Clár na dtíortha agus na gcríoch thar lear don Ghraonlainn');
(iv)maidir le cláir Interreg faoi chomhchuid 3 a fhaigheann tacaíocht ó ICFCI agus ó Chlár na dtíortha agus na gcríoch thar lear agus scoilte de réir ionstraim mhaoinithe ('CFRE', 'ICFCI' agus 'Clár na dtíortha agus na gcríoch thar lear', de réir mar is iomchuí).
(b)maidir leis an tábla dá dtagraítear i bpointe (g)(ii) de mhír 4, ní áireofar ach na méideanna le haghaidh na mblianta 2021 go 2025 ann.
6.Maidir le pointe (e)(vi) agus (f) de mhír 4, beidh na cineálacha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht a leagtar amach in Iarscríbhinn [I] a ghabhann le Rialachán (AE) [RFC nua].
7.Déanfar na nithe seo a leanas leis an gclár Interreg:
(a)sainaithneofar an túdarás bainistíochta, an túdarás iniúchóireachta agus an comhlacht lena ndéanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí;
(b)leagfar síos an nós imeachta chun an rúnaíocht chomhpháirteach a chur ar bun;
(c)leagfar amach cionroinnt dliteanas i measc na mBallstát rannpháirteach agus, i gcás inarb infheidhme, tríú tíortha nó tíortha comhpháirtíochta nó tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach, i gcás ceartuithe airgeadais arna bhforchur ag an údarás bainistíochta nó ag an gCoimisiún.
8.Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 7 nach bhfuil leasú ar chlár de dhíth orthu.
9.De mhaolú ar mhír 4, déanfar inneachar clár Interreg faoi chomhchuid 4 a oiriúnú do chineál sonrach na gclár Interreg sin, go háirithe mar a leanas:
(a)ní gá an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a);
(b)tabharfar an fhaisnéis is gá faoi phointe (b) agus faoi phointe (h) mar imlíne ghairid;
(c)i gcás gach cuspóra shonraigh faoi aon tosaíocht seachas cúnamh teicniúil, tabharfar an fhaisnéis seo a leanas:
(i)an sainmhíniú ar thairbhí aonair nó liosta teoranta de thairbhithe agus an nós imeachta deonúcháin;
(ii)na cineálacha gaolmhara gníomhaíochtaí agus an rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu leis na cuspóirí sonracha;
(iii)táscairí aschuir agus táscairí toraidh maille leis na garspriocanna agus leis na spriocanna a chomhfhreagraíonn dóibh;
(iv)na spriocghrúpaí príomha;
(v)miondealú táscach ar na hacmhainní atá clársceidealaithe de réir an chineáil idirghabhála.
Airteagal 18
Cláir Interreg a fhormheas
1.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar gach clár Interreg agus ar chomhlíonadh an chláir le Rialachán (AE) [RFC nua], le Rialachán (AE) [CFRE nua] agus leis an Rialachán seo agus, i gcás tacaíocht ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais agus i gcás inarb ábhartha, ar chomhréireacht an chláir leis an doiciméad straitéise ilbhliantúil faoi Airteagal 10(1) nó leis an gcreat clársceidealaithe straitéisigh ábhartha faoin mbunghníomh comhfhreagrach de chuid ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí sin.
2.Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirfidh an Ballstát a bheidh ina óstach ar an údarás bainistíochta ionchasach clár Interreg isteach.
3.Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás inarb infheidhme, tríú tíortha nó tíortha comhpháirtíochta nó tíortha agus críocha thar lear athbhreithniú ar an gclár Interreg agus barúlacha arna dtabhairt ag an gCoimisiún á gcur san áireamh.
4.Glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena bhformheasfar gach clár Interreg tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta a chuir an Ballstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta ionchasach an clár sin isteach.
5.Maidir le cláir Interreg trasteorann sheachtracha, glacfaidh an Coimisiún a chinntí i gcomhréir le mír 4 tar éis dul i gcomhairle le 'Coiste ICR III' i gcomhréir le hAirteagal [16] de Rialachán (AE) [ICR III] agus leis an 'gCoiste maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta' i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) [ICFCI].
Airteagal 19
Leasú ar chláir Interreg
1.Féadfaidh an Ballstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta iarraidh chuí-réasúnaithe a chur isteach ar leasú ar chlár Interreg mar aon leis an gclár leasaithe, ina leagfar amach an tionchar a bhfuiltear ag siúl leis ón leasú sin ar ghnóthú na gcuspóirí.
2.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh an leasaithe le Rialachán (AE) [RFC nua], le Rialachán (AE) [CFRE nua] agus leis an Rialachán seo agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt laistigh de thrí mhí ó cuireadh an clár leasaithe isteach.
3.Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta nó na tíortha agus na críocha thar lear athbhreithniú ar an gclár leasaithe agus cuirfidh siad na barúlacha arna dtabhairt ag an gCoimisiún san áireamh.
4.Formheasfaidh an Coimisiún an leasú ar chlár Interreg tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach.
5.Féadfaidh an Ballstát suas le 5 % den leithdháileadh tosaigh do thosaíocht, gan dul thar 3 % den bhuiséad don chlár, a aistriú le linn na clárthréimhse chuig tosaíocht eile de chuid an chláir Interreg chéanna.
Ní dhéanfaidh na haistrithe sin difear do bhlianta roimhe sin.
Measfar nach aistrithe substaintiúla iad agus ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena leasaítear an clár Interreg. Mar sin féin, beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais rialála uile. Cuirfidh an túdarás bainistíochta an tábla athbhreithnithe dá dtagraítear i bpointe (g)(ii) d'Airteagal 17(4) faoi bhráid an Choimisiúin.
6.I gcomhair ceartuithe de chineál cléireachais nó eagarthóireachta amháin nach ndéanann difear do chur chun feidhme an chláir Interreg, ní gá formheas a fháil ón gCoimisiún. Cuirfidh an túdarás bainistíochta an Coimisiún ar an eolas faoi na ceartuithe sin.
Roinn ii
Forbairt chríochach
Airteagal 20
Forbairt chríochach chomhtháite
I dtaca le cláir Interreg, maidir leis na húdaráis nó leis na comhlachtaí ábhartha uirbeacha, áitiúla nó críochacha eile atá freagrach as straitéisí forbartha críochaí nó áitiúla a tharraingt suas mar a liostaítear in Airteagal [22] de Rialachán (AE) [RFC nua] nó atá freagrach as roghnú na noibríochtaí a bhfuiltear le tacú leo faoi na straitéisí sin dá dtagraítear in Airteagal [23(4)] den Rialachán sin nó astu araon, is comhlachtaí dlíthiúla trasteorann nó grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach a bheith i gceist.
Comhlacht dlíthiúil trasteorann nó grúpáil Eorpach um chomhar críochach a chuireann chun feidhme infheistíocht chríochach chomhtháite faoi Airteagal [24] de Rialachán (AE) [RFC nua] nó uirlis chríochach eile faoi phointe (c) d'Airteagal [22] den Rialachán sin, féadfaidh sé a bheith ina thairbhí aonair freisin de bhun Airteagal 23(5) den Rialachán seo, ar choinníoll go mbeidh deighilt feidhme laistigh den chomhlacht dlíthiúil trasteorann nó den ghrúpáil Eorpach um chomhar críochach.
Airteagal 21
Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail
Maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail faoi phointe (b) d'Airteagal 22 de Rialachán (AE) [RFC nua], féadfar í a chur chun feidhme i gcláir Interreg, ar choinníoll go mbeidh na grúpaí gníomhaíochta áitiúla ábhartha comhdhéanta d'ionadaithe de leasanna socheacnamaíocha áitiúla poiblí agus príobháideacha, nach rialaíonn aon sainghrúpa aonair an chinnteoireacht iontu, agus de dhá thír rannpháirteacha ar a laghad, ar Ballstát ceann díobh ar a laghad.
Roinn iii
Oibríochtaí agus cistí do thionscadail bheaga
Airteagal 22
Oibríochtaí Interreg a roghnú
1.Roghnóidh coiste faireacháin arna chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 27 oibríochtaí Interreg i gcomhréir le straitéis agus cuspóirí an chláir.
Féadfaidh an coiste faireacháin sin coiste stiúrtha amháin a chur ar bun, nó go háirithe i gcás fochlár, féadfaidh sé níos mó ná coiste stiúrtha amháin a chur ar bun, a fheidhmeoidh faoina chúram chun oibríochtaí a roghnú.
Más rud é go ndéantar oibríocht a chur chun feidhme go hiomlán nó go páirteach lasmuigh de limistéar an chláir [laistigh nó lasmuigh den Aontas], beidh gá le formheas sainráite an údaráis bainistíochta sa choiste faireacháin nó, i gcás inarb infheidhme, sa choiste stiúrtha, chun an oibríocht sin a roghnú.
2.Maidir le hoibríochtaí a roghnú, déanfaidh an coiste faireacháin nó, i gcás inarb infheidhme, an coiste stiúrtha critéir agus nósanna imeachta a leagan síos agus a chur i bhfeidhm a bheidh neamh-idirdhealaitheach trédhearcach, lena náiritheofar comhionannas inscne agus lena gcuirfear san áireamh Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus prionsabal na forbartha inbhuanaithe agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 191(1) de CFAE.
Áiritheofar leis na critéir agus leis na nósanna imeachta go dtabharfar tosaíocht d'oibríochtaí a roghnófar d'fhonn uasmhéadú a dhéanamh ar rannchuidiú an chistithe ón Aontas le gnóthnú chuspóirí an chláir Interreg agus an ghné maidir le comhar d'oibríochtaí faoi chláir Interreg a chur chun feidhme, mar a leagtar amach in Airteagal 23(1) agus (4).
3.Rachaidh an túdarás bainistíochta i gcomhairle leis an gCoimisiún agus cuirfidh sé a bharúlacha san áireamh sula gcuirfear na critéir roghnúcháin faoi bhráid an choiste faireacháin den chéad uair nó, i gcás inarb infheidhme, faoi bhráid an choiste stiúrtha. Beidh feidhm ag an méid céanna maidir le haon athruithe a dhéanfar ar na critéir sin ina dhiaidh sin.
4.Agus oibríochtaí á roghnú, déanfaidh an coiste faireacháin nó, i gcás inarb infheidhme, an coiste stiúrtha an méid seo a leanas:
(a)áiritheoidh sé go mbeidh na hoibríochtaí roghnaithe i gcomhréir leis an gclár Interreg agus go mbeidh siad ina rannchuidiú éifeachtach lena chuspóirí sonracha a ghnóthú;
(b)áiritheoidh sé nach mbeidh na hoibríochtaí roghnaithe i gcoinbhleacht leis na straitéisí comhfhreagracha arna mbunú faoi Airteagal 10(1) nó arna mbunú do cheann amháin nó níos mó d'ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais;
(c)áiritheoidh sé go mbaineann an gaol is fearr idir méid na tacaíochta, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus gnóthú cuspóirí leis na hoibríochtaí roghnaithe;
(d)fíoróidh sé go bhfuil na hacmhainní agus na sásraí airgeadais is gá ag an tairbhí chun costais oibríochta agus chothabhála a chumhdach;
(e)áiritheoidh sé go mbeidh oibríochtaí roghnaithe a thagann faoi raon feidhme Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol nó nós imeachta um scagadh, ar bhonn cheanglais na Treorach sin arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(f)fíoróidh sé, i gcás inar cuireadh tús leis na hoibríochtaí sular cuireadh iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bainistíochta, gur comhlíonadh an dlí is infheidhme;
(g)áiritheoidh sé go dtagann oibríochtaí roghnaithe faoi raon feidhme an chiste Interreg lena mbaineann agus go bhfuil siad inchurtha i leith cineál idirghabhála;
(h)áiritheoidh sé nach gcuimsíonn oibríochtaí gníomhaíochtaí a bhí mar chuid d'oibríocht faoi réir athlonnú i gcomhréir le hAirteagal [60] de Rialachán (AE) [RFC nua] nó a bheadh ina naistriú gníomhaíochta táirgiúla i gcomhréir le [pointe (a) d'Airteagal 59(1)] den Rialachán sin.
(i)áiritheoidh sé nach ndéantar difear d'oibríochtaí roghnaithe de thoradh tuairimí réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 de CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíochta oibríochtaí i mbaol;
(j)áiritheoidh sé díonadh ar an aeráid i dtaca le hinfheistíochtaí i mbonneagar a mheastar a mbeadh tréimhse cúig bliana saoil ar a laghad acu.
5.Formheasfaidh an coiste faireacháin nó, i gcás inarb infheidhme, an coiste stiúrtha an mhodheolaíocht agus na critéir arna núsáid chun oibríochtaí Interreg a úsáid, lena náirítear aon athruithe orthu, gan dochar do [phointe (b) d'Airteagal 27(3)] de Rialachán (AE) [RFC nua] maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail ná d'Airteagal 24 den Rialachán seo.
6.Maidir le gach oibríocht Interreg, tabharfaidh an túdarás bainistíochta doiciméad don chomhpháirtí cinn nó don chomhpháirtí aonair ina leagfar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht a thabhairt don oibríocht Interreg sin, lena náirítear na ceanglais shonracha maidir leis na táirgí nó leis seirbhísí atá le soláthar faoin oibríocht, an plean maoinithe, an teorainn ama lena cur i gcrích agus, i gcás inarb infheidhme, an modh atá le cur i bhfeidhm chun costais na hoibríochta agus na coinníollacha maidir le híocaíocht an deontais a chinneadh.
Cumhdófar oibleagáidí an chomhpháirtí cinn sa doiciméad sin freisin maidir le gnóthuithe de bhun Airteagal 50. Is é an coiste faireacháin a shaineoidh na hoibleagáidí sin. Mar sin féin, maidir le comhpháirtí cinn atá lonnaithe i mBallstát, i dtríú tír, i dtír chomhpháirtíochta nó i dtír agus críoch thar lear atá éagsúil leis an gceann ina bhfuil an comhpháirtí lonnaithe, ní bheidh sé d'oibleagáid air gnóthú trí nós imeachta breithiúnach.
Airteagal 23
Comhpháirtíocht laistigh d'oibríochtaí Interreg
1.Maidir le hoibríochtaí arna roghnú faoi chomhchuid 1, faoi chomhchuid 2 agus faoi chomhchuid 3, beidh baint ag gníomhaithe ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad leo, agus beidh ceann acu ar a laghad ina thairbhí ó Bhallstát.
Maidir le tairbhithe a fhaigheann tacaíocht ó chiste Interreg agus comhpháirtithe nach bhfaigheann aon tacaíocht airgeadais faoi na cistí sin (tairbhithe agus comhpháirtithe le chéile: 'comhpháirtithe'), is comhpháirtíocht oibríochta Interreg atá i gceist.
2.Féadfar oibríocht Interreg a chur chun feidhme i dtír aonair, ar choinníoll go ndéanfar an tionchar ar limistéar an chláir agus na tairbhí dó a shainaithint san iarratas oibríochta.
3.Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hoibríochtaí faoin gclár PEACE PLUS i gcás ina bhfuil an clár ag feidhmiú ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas.
4.Comhoibreoidh comhpháirtithe i bhforbairt, i gcur chun feidhme, i soláthar foirne agus i maoiniú oibríochtaí Interreg.
Le haghaidh na noibríochtaí Interreg faoi chláir Interreg faoi chomhchuid 3, na comhpháirtithe ó na réigiúin is forimeallaí nó ó thríú tíortha, ó thíortha comhpháirtíochta nó ó thíortha agus críocha thar lear, ní chuirfear de cheangal orthu comhoibriú le chéile ach amháin i gcás trí cinn de na ceithre ghné a liostaítear sa chéad fhomhír.
5.I gcás ina bhfuil dhá chomhpháirtí nó níos mó i gceist, ainmneoidh na comhpháirtithe uile duine díobh ina chomhpháirtí cinn.
6.Féadfaidh comhlacht dlíthiúil trasteorann nó grúpáil Eorpach um chomhar críochach a bheith mar chomhpháirtí aonair in oibríocht Interreg faoi chláir Interreg faoi chomhchuid 1, faoi chomhchuid 2 agus faoi chomhchuid 3, ar choinníoll go mbeidh comhpháirtithe ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad i gceist lena comhaltaí.
Mar sin féin, faoin gclár Interreg faoi chomhchuid 4, beidh comhaltaí ó thrí thír rannpháirteacha ar a laghad ag an gcomhlacht dlíthiúil trasteorann nó ag an ngrúpáil Eorpach um chomhar críochach.
Comhlacht dlíthiúil a dhéanann ionstraim airgeadais nó ciste cistí, de réir mar is infheidhme, a chur chun feidhme, féadfaidh sé a bheith ina chomhpháirtí aonair d'oibríocht Interreg d'uireasa na ceanglais maidir lena chomhdhéanamh a leagtar amach i mír 1 a chur i bhfeidhm.
7.Beidh comhpháirtí aonair cláraithe i mBallstát a bheidh rannpháirteach sa chlár Interreg.
Mar sin féin, féadfaidh comhpháirtí aonair a bheith cláraithe i mBallstát nach bhfuil rannpháirteach sa chlár sin, ar choinníoll go ndéantar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 23 a chomhlíonadh.
Airteagal 24
Cistí do thionscadail bheaga
1.Ní rachaidh an ranníocaíocht ó CFRE nó, i gcás inarb infheidhme, ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais le ciste do thionscadail bheaga laistigh de chlár Interreg thar EUR 20 000 000 ná 15 % de leithdháileadh iomlán an chláir Interreg, cibé acu is ísle.
Gheobhaidh na faighteoirí deiridh laistigh de chiste do thionscadail bheaga tacaíocht ó CFRE nó, i gcás inarb infheidhme, ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais tríd an tairbhí agus cuirfidh siad na tionscadail bheaga chun feidhme laistigh den chiste sin do thionscadail bheaga ('tionscadal beag').
2.Beidh tairbhí aonair ciste do thionscadail bheaga ina chomhlacht dlíthiúil trasteorann nó ina ghrúpáil Eorpach um chomhar críochach.
3.Sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht a thabhairt do chiste do thionscadail bheaga, déanfar, i dteannta na neilimintí a leagtar síos in Airteagal 22(6) na heilimintí is gá a leagan amach chun a áirithiú i gcás an tairbhí:
(a)go mbunóidh sé nós imeachta roghnúcháin neamh-idirdhealaitheach trédhearcach;
(b)go gcuirfidh sé critéir oibiachtúla i bhfeidhm maidir le tionscadail bheaga a roghnú, lena seachnaítear coinbhleachtaí leasa;
(c)go ndéanfaidh sé measúnú ar iarratais ar thacaíocht;
(d)go roghnóidh sé tionscadail agus go socróidh sé méid na tacaíochta le haghaidh gach tionscadail bhig;
(e)go mbeidh sé freagrach as cur chun feidhme na hoibríochta agus go gcoimeádfaidh sé ar a leibhéal gach doiciméad tacaíochta is gá don rian iniúchóireachta i gcomhréir le hIarscríbhinn [XI] de Rialachán (AE) [RFC nua];
(f)go gcuirfidh sé liosta na bhfaighteoirí deiridh a bhaineann tairbhe as an oibríocht ar fáil don phobal.
Áiritheoidh an tairbhí go gcomhlíonfaidh na faighteoirí deiridh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 35.
4.Ní hionann roghnú tionscadal beag agus tarmligean cúraimí ón údarás bainistíochta chuig comhlacht idirmheánach dá dtagraítear in Airteagal [65(3)] de Rialachán (AE) [RFC nua].
5.Ní rachaidh costais foirne ná costais indíreacha arna nginiúint ar leibhéal an tairbhí le haghaidh bhainistíocht an chiste do thionscadail bheaga thar 20 % de chostas incháilithe iomlán an chiste ábhartha do thionscadail bheaga.
6.Más rud é nach dtéann an ranníocaíocht phoiblí le tionscadal beag thar EUR 100 000, beidh an ranníocaíocht ó CFRE nó, i gcás inarb infheidhme, ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais i bhfoirm costais aonaid nó cnapshuimeanna nó cuirfear rátaí comhréidhe san áireamh inti, diomaite de thionscadail inarb ionann an tacaíocht agus Státchabhair.
I gcás ina núsáidtear maoiniú ar ráta comhréidh, féadfar na catagóirí costais a gcuirtear an ráta comhréidh i bhfeidhm maidir leo a aisíoc i gcomhréir le [pointe (a) d'Airteagal 48(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua].
Airteagal 25
Cúraimí an chomhpháirtí cinn
1.Déanfaidh an comhpháirtí cinn an méid seo a leanas:
(a)na socruithe leis na comhpháirtithe eile a leagan síos i gcomhaontú ina bhfuil forálacha lena ráthaítear, inter alia, bainistíocht fhónta airgeadais an chiste ábhartha ón Aontas atá leithdháilte ar an oibríocht Interreg, lena náirítear na socruithe chun méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú;
(b)freagracht a ghlacadh as cur chun feidhme na hoibríochta Interreg iomláine a áirithiú;
(c)a áirithiú go bhfuil caiteachas arna thíolacadh ag na comhpháirtithe uile tabhaithe i gcur chun feidhme na hoibríochta Interreg agus go gcomhfhreagraíonn sé do na gníomhaíochtaí a comhaontaíodh idir na comhpháirtithe uile, agus go bhfuil sé i gcomhréir leis an doiciméad arna sholáthar ag an údarás bainistíochta de bhun Airteagal 22(6).
2.Mura sonraítear a mhalairt sna socruithe a leagtar síos i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, áiritheoidh an comhpháirtí cinn go bhfaighidh na comhpháirtithe eile méid iomlán na ranníocaíochta ón gciste ábhartha Aontais a luaithe agus is féidir agus go mbeidh sé íoctha ina iomláine. Ní dhéanfar aon mhéid a asbhaint ná a choinneáil siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ná muirear eile comhéifeachta a laghdódh an méid sin do na comhpháirtithe eile.
3.Aon tairbhí i mBallstát, i dtríú tír, i dtír chomhpháirtíochta nó i dtír agus críoch thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg, féadfar é a ainmniú ina chomhpháirtí cinn.
Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta nó na tíortha agus na críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg comhaontú a dhéanamh go bhféadfar comhpháirtí nach bhfaigheann tacaíocht ó CFRE ná ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais a ainmniú ina chomhpháirtí cinn.
Roinn iv
Cúnamh teicniúil
Airteagal 26
Cúnamh teicniúil
1.Déanfar cúnamh teicniúil le gach clár Interreg a aisíoc mar ráta comhréidh trí na céatadáin a leagtar amach i mír 2 a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas incháilithe a chuirtear san áireamh i ngach iarratas ar íocaíocht de bhun [phointe (a) nó phointe (c) d'Airteagal 85(3)] de Rialachán (AE) [RFC nua] mar is iomchuí.
2.Is ionann an céatadán de CFRE agus d'ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais a aisíocfar le haghaidh cúnamh teicniúil agus:
(a)maidir le cláir Interreg i leith comhar trasteorann inmheánach a fhaigheann tacaíocht ó CFRE: 6 %;
(b)maidir le cláir Interreg trasteorann sheachtracha a fhaigheann tacaíocht ó CTT ICR-III nó CTT ICFCI: 10 %;
(c)maidir le cláir Interreg faoi chomhchuid 2, faoi chomhchuid 3 agus faoi chomhchuid 4, le haghaidh CFRE, agus i gcás inarb infheidhme, ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais: 7 %.
3.Maidir le cláir Interreg arb ionann a leithdháileadh agus idir EUR 30 000 000 agus EUR 50 000 000, déanfar an méid a thagann de thoradh an chéatadáin le haghaidh cúnamh teicniúil a mhéadú faoi mhéid breise EUR 500 000. Cuirfidh an Coimisiún an méid sin leis an gcéad íocaíocht eatramhach.
4.Maidir le cláir Interreg ar lú ná EUR 30 000 000 a leithdháileadh iomlán, déanfar an méid is gá le haghaidh cúnamh teicniúil arna shloinneadh in EUR agus an céatadán a thagann dá bharr a shocrú sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár Interreg lena mbaineann.
CAIBIDIL IV
Faireachán, meastóireacht agus cumarsáid
Roinn i
Faireachán
Airteagal 27
Coiste faireacháin
1.Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha agus na críocha thar lear atá rannpháirteach sa chlár sin, coiste a chur ar bun, i gcomhaontú leis an údarás bainistíochta, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir Interreg ábhartha ('coiste faireachán') laistigh de thrí mhí ón dáta a thugtar fógra do na Ballstáit faoin gcinneadh ón gCoimisiún maidir le clár Interreg a ghlacadh,
2.Beidh an coiste faireacháin faoi chathaoirleacht ionadaí de chuid an Bhallstáit atá ina óstach ar an údarás bainistíochta nó de chuid an údaráis bainistíochta.
Más rud é go mbunaítear cathaoirleach rothlach le rialacha nós imeachta an choiste faireacháin, féadfaidh ionadaí ó thríú tír, ó thír comhpháirtíochta nó ó thír agus críoch thar lear cathaoirleacht a dhéanamh ar an gcoiste faireacháin agus féadfaidh ionadaí de chuid an Bhallstáit nó de chuid an údaráis bainistíochta comhchathaoirleacht a dhéanamh air, agus vice-versa.
3.Beidh ceart vótála ag gach comhalta den choiste faireacháin.
4.Déanfaidh gach coiste faireacháin a rialacha nós imeachta a ghlacadh le linn a chéad chruinnithe.
Le rialacha nós imeachta an choiste faireacháin agus, i gcás inarb infheidhme, an choiste stiúrtha, cuirfear cosc ar aon choinbhleacht leasa agus oibríochtaí Interreg á roghnú.
5.Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana agus déanfaidh sé athbhreithniú ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear do dhul chun cinn an chláir maidir lena chuspóirí a ghnóthú.
6.Foilseoidh an túdarás bainistíochta rialacha nós imeachta an choiste faireacháin agus na sonraí agus an fhaisnéis uile a roinntear leis an gcoiste faireacháin ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
Airteagal 28
Comhdhéanamh an choiste faireacháin
1.Maidir le comhdhéanamh an choiste faireacháin a bhaineann le gach clár Interreg, comhaontóidh na Ballstáit, agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha agus na críocha thar lear atá rannpháirteach sa chlár sin é agus áiritheoidh siad ionadaíocht chothrom idir údaráis, comhlachtaí idirmheánacha agus ionadaithe ábhartha na gcomhpháirtithe clár dá dtagraítear in Airteagal [6] de Rialachán (AE) [RFC nua] ó na Ballstáit, ó thríú thíortha, ó thíortha comhpháirtíochta agus ó thíortha agus críocha thar lear.
Cuirfear san áireamh i gcomhdhéanamh an choiste faireacháin líon na mBallstát, na dtríú tíortha, na dtíortha comhpháirtíochta agus na dtíortha agus na gcríoch thar lear atá rannpháirteach sa chlár Interreg lena mbaineann.
Ina theannta sin, cuirfear san áireamh sa choiste faireacháin ionadaithe ó chomhlachtaí a cuireadh ar bun go comhpháirteach i limistéar iomlán an chláir nó a chumhdaíonn cuid de, lena náirítear grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach.
2.Foilseoidh an túdarás bainistíochta liosta de chomhaltaí an choiste faireacháin ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
3.Beidh ionadaithe ón gCoimisiún rannpháirteach in obair an choiste faireacháin mar chomhairleoirí.
Airteagal 29
Feidhmeanna an choiste faireacháin
1.Déanfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú:
(a)an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir agus i dtaca le gnóthú gharspriocanna agus spriocanna an chláir Interreg;
(b)aon saincheisteanna a dhéanann difear d'fheidhmíocht an chláir Interreg agus na bearta arna ndéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin;
(c)maidir le hionstraimí airgeadais, eilimintí an mheasúnaithe ex ante a liostaítear in Airteagal [52(3)] de Rialachán (AE) [RFC nua] agus an doiciméad straitéise dá dtagraítear in Airteagal [53(2)] den Rialachán sin;
(d)an dul chun cinn i dtaca le déanamh meastóireachtaí, sintéisí meastóireachtaí agus aon bhearta leantacha mar gheall ar na torthaí;
(e)cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;
(f)an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme oibríochtaí Interreg a mbaineann tábhacht straitéiseach leo agus, i gcás inarb infheidhme, mórthionscadal bonneagair;
(g)an dul chun cinn i dtaca le fothú acmhainneachta riaracháin i gcás institiúidí poiblí agus tairbhithe, i gcás inarb ábhartha.
2.De bhreis ar chúraimí an choiste faireacháin maidir le hoibríochtaí a roghnú a liostaítear in Airteagal 22, formheasfaidh sé:
(a)an mhodheolaíocht agus na critéir a úsáidtear chun oibríochtaí a roghnú, lena náirítear aon athruithe orthu, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún de bhun Airteagal 22(2), gan dochar do [phointe (b), (c) agus (d) d'Airteagal 27(3)] de Rialachán (AE) [RFC nua];
(b)an plean meastóireachta agus aon leasú air;
(c)aon togra ón údarás bainistíochta chun an clár Interreg a leasú lena náirítear le haghaidh aistriú i gcomhréir le hAirteagal 19(5);
(d)an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht.
Airteagal 30
Athbhreithniú
1.Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a eagrú chun feidhmíocht clár Interreg a scrúdú.
Féadfar an tathbhreithniú a dhéanamh i scríbhinn.
2.Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh an túdarás bainistíochta, laistigh de mhí, an fhaisnéis don Choimisiún maidir leis na heilimintí a liostaítear in Airteagal 29(1):
(a)an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir agus gnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna, aon saincheisteanna a dhéanann difear d'fheidhmíocht an chláir Interreg ábhartha agus na gníomhartha arna ndéanamh chun aghaidh a thabhairt orthu;
(b)an dul chun cinn i dtaca le déanamh meastóireachtaí, sintéisí meastóireachtaí agus aon bhearta leantacha mar gheall ar na torthaí;
(c)an dul chun cinn i dtaca le fothú acmhainneachta riaracháin údarás poiblí agus tairbhithe.
3.Déanfar toradh an athbhreithnithe a thaifeadadh i miontuairiscí comhaontaithe.
4.Déanfaidh an túdarás bainistíochta bearta leantacha maidir leis na saincheisteanna arna dtarraingt anuas ag an gCoimisiún agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas laistigh de thrí mhí faoi na bearta arna ndéanamh.
Airteagal 31
Sonraí a tharchur
1.Déanfaidh gach údarás bainistíochta sonraí carnacha maidir leis an gclár Interreg ábhartha a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún gach bliain faoin 31 Eanáir, faoin 31 Márta, faoin 31 Bealtaine, faoin 31 Iúil, faoin 30 Meán Fómhair agus faoin 30 Samhain i gcomhréir leis an teimpléad in Iarscríbhinn [VII] a ghabhann le Rialachán (AE) [RFC nua].
Beidh an chéad tarchur le déanamh faoin 31 Eanáir 2022 agus an ceann deireanach faoin 31 Eanáir 2030.
2.Déanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a mhiondealú i gcás gach tosaíochta de réir cuspóir sonrach agus déanfar tagairt iontu don mhéid seo a leanas:
(a)an líon oibríochtaí a roghnaíodh, a gcostas incháilithe iomlán, an ranníocaíocht ón gciste Interreg ábhartha agus an caiteachas incháilithe iomlán dearbhaithe ag na comhpháirtithe don údarás bainistíochta, agus é sin ar fad miondealaithe de réir cineálacha idirghabhála;
(b)luachanna na dtáscairí aschuir agus toraidh i gcás oibríochtaí Interreg roghnaithe agus na luachanna arna ngnóthú ag na hoibríochtaí Interreg.
3.I gcás ionstraimí airgeadais, soláthrófar sonraí faoin méid seo a leanas freisin:
(a)an caiteachas incháilithe de réir cineál táirge airgeadais;
(b)méid na gcostas bainistíochta agus na dtáillí arna ndearbhú mar chaiteachas incháilithe;
(c)de réir cineál táirge airgeadais, an méid acmhainní príobháideacha agus poiblí arna núsáid le cois na gCistí;
(d)ús agus gnóthachain eile a ghintear trí thacaíocht ó na cistí Interreg d'ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) [RFC nua] agus acmhainní inchurtha i leith tacaíocht ó na cistí Interreg arna gcur ar ais dá dtagraítear in Airteagal 56 den Rialachán sin.
4.Beidh na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir leis an Airteagal seo cothrom le dáta amhail ó dheireadh na míosa roimh an mí a chuirfear isteach iad.
5.Foilseoidh an túdarás bainistíochta na sonraí uile arna dtarchur chuig an gCoimisiún ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
Airteagal 32
Tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht
1.Cuirfidh gach údarás bainistíochta tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht faoin gclár Interreg ábhartha faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Feabhra 2031.
Cuirfear an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht isteach ag baint úsáid as an teimpléad a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal [38(5)] de Rialachán (AE) [RFC nua].
2.Déanfar measúnú sa tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht ar ghnóthú chuspóirí an chláir bunaithe ar na heilimintí a liostaítear in Airteagal 29 diomaite de phointe (c) de mhír 1 de.
3.Scrúdóidh an Coimisiún an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht agus cuirfidh sé an túdarás bainistíochta ar an eolas faoi aon bharúlacha atá aige laistigh de chúig mhí ón dáta a fuarthas an tuarascáil sin. I gcás ina dtabharfar barúlacha den sórt sin, déanfaidh an túdarás bainistíochta an fhaisnéis go léir is gá maidir leis na barúlacha sin a sholáthar agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé, laistigh de thrí mhí, an Coimisiún a chur ar an eolas i dtaobh na mbeart a rinneadh. Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas gur glacadh leis an tuarascáil.
4.Foilseoidh an túdarás bainistíochta an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
Airteagal 33
Táscairí maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg)
1.Bainfear úsáid as táscairí aschuir coiteanna agus táscairí toraidh coiteanna, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn [I] a ghabhann le Rialachán (AE) [CFRE nua], agus, i gcás inarb ábhartha, as táscairí aschuir agus toraidh atá clár-shonrach i gcomhréir le hAirteagal [12(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua], agus le pointe (d)(ii) d'Airteagal 17(3) agus le pointe (b) d'Airteagal 31(2) den Rialachán seo.
2.Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Garspriocanna agus spriocanna carnacha a bheidh sna garspriocanna a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029.
Roinn ii
Meastóireacht agus cumarsáid
Airteagal 34
Meastóireacht le linn na clárthréimhse
1.Déanfaidh an túdarás bainistíochta meastóireachtaí ar gach clár Interreg. Le gach meastóireacht, déanfar measúnú ar an gclár i ndáil lena éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE, d'fhonn cáilíocht cheapadh agus chur chun feidhme an chláir Interreg ábhartha a fheabhsú.
2.Ina theannta sin, déanfaidh an túdarás bainistíochta meastóireacht ar gach clár Interreg lena thionchar a mheas faoin 30 Meitheamh 2029.
3.Cuirfidh an túdarás bainistíochta meastóireachtaí faoi chúram saineolaithe atá neamhspleách ó thaobh feidhme de.
4.Áiritheoidh an túdarás bainistíochta na nósanna imeachta is gá chun na sonraí is gá le haghaidh meastóireachtaí a tháirgiú agus a bhailiú.
5.Tarraingeoidh an túdarás bainistíochta plean meastóireachta suas lena bhféadfar níos mó ná clár Interreg amháin a chumhdach.
6.Cuirfidh an túdarás bainistíochta an plean meastóireachta faoi bhráid an choiste faireacháin tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis an clár Interreg a fhormheas.
7.Foilseoidh an túdarás bainistíochta na meastóireachtaí uile ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
Airteagal 35
Freagrachtaí údarás bainistíochta agus comhpháirtithe maidir le trédhearcacht agus cumarsáid
1.Sainaithneoidh gach údarás bainistíochta oifigeach cumarsáide do gach clár Interreg faoina chúram.
2.Áiritheoidh an túdarás bainistíochta gurb ann do shuíomh gréasáin, laistigh de shé mhí ón tráth a formheasadh an clár Interreg, ina mbeidh faisnéis faoi gach clár Interreg atá faoina chúram ar fáil, ina gcumhdaítear cuspóirí agus gníomhaíochtaí an chláir, na deiseanna cistiúcháin atá le fáil faoin gclár agus a bhfuil bainte amach.
3.Beidh feidhm ag Airteagal [44(2) go (7)] de Rialachán (AE) [RFC nua] maidir le freagrachtaí an údaráis bainistíochta.
4.Tabharfaidh gach comhpháirtí in oibríocht Interreg nó gach comhlacht a chuireann ionstraim airgeadais chun feidhme aitheantas do thacaíocht ó chiste Interreg, lena náirítear acmhainní arna nathúsáid le haghaidh ionstraimí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal [56] de Rialachán (AE) [RFC nua], don oibríocht Interreg trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)cur síos gairid ar an oibríocht Interreg, i gcomhréir leis an leibhéal tacaíochta arna sholáthar ag cistí Interreg, a sholáthar ar shuíomh gréasáin gairmiúil an chomhpháirtí, i gcás inarb ann do shuíomh gréasáin den sórt sin, lena náirítear a haidhmeanna agus a torthaí, agus béim á cur ar an tacaíocht airgeadais a fuarthas ón Aontas;
(b)ráiteas a thabhairt ag aibhsiú na tacaíochta ó chiste Interreg ar bhealach infheicthe ar dhoiciméid agus ar ábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na hoibríochta Interreg, a úsáidtear le haghaidh an phobail nó le haghaidh na rannpháirtithe;
(c)plaiceanna nó cláir fógraí a chur ar taispeáint go poiblí a luaithe a chuirtear tús le cur chun feidhme fisiceach oibríochta Interreg lena mbaineann infheistíocht fhisiceach nó ceannach trealaimh, ar mó a chostas iomlán ná EUR 100 000;
(d)i gcás oibríochtaí Interreg nach dtagann faoi phointe (c), taispeáint chlóite nó leictreonach amháin ar a laghad agus í ar mhéid A3 ar a laghad a chur ar taispeáint go poiblí, agus faisnéis uirthi faoin oibríocht Interreg ag aibhsiú na tacaíochta ó chiste Interreg;
(e)i gcás oibríochtaí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo agus oibríochtaí ar mó a gcostas iomlán ná EUR 10 000 000, ócáid chumarsáide a eagrú agus baint ag an gCoimisiún agus ag an údarás bainistíochta freagrach léi ar bhealach prapúil.
Úsáidfear an téarma 'Interreg' taobh le suaitheantas an Aontais i gcomhréir le hAirteagal [42] de Rialachán (AE) [RFC nua].
5.I gcás cistí do thionscadail bheaga agus ionstraimí airgeadais, áiritheoidh an tairbhí go gcomhlíonfaidh na faighteoirí deiridh na ceanglais a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 4.
6.
I gcás nach gcomhlíonann an tairbhí a oibleagáidí faoi Airteagal [42] de Rialachán (AE) [RFC nua], ná faoi mhír 1 ná faoi mhír 2 den Airteagal seo, cuirfidh an Ballstát ceartú airgeadais i bhfeidhm trí suas le 5 % den tacaíocht ó na Cistí don oibríocht lena mbaineann a chur ar ceal.
CAIBIDIL V
Incháilitheacht
Airteagal 36
Rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais
1.Féadfar oibríocht Interreg iomlán nó cuid di a chur chun feidhme lasmuigh de Bhallstát, lena náirítear lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go bhfuil an oibríocht Interreg ina rannchuidiú le cuspóirí an chláir Interreg ábhartha.
2.Gan dochar do na rialacha incháilitheachta a leagtar síos in Airteagail [57 go 62] de Rialachán (AE) [RFC nua], in Airteagail [4 agus 6] de Rialachán (AE) [CFRE nua] nó sa Chaibidil seo, lena náirítear i ngníomhartha arna nglacadh fúthu, ní dhéanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha agus na críocha thar lear atá rannpháirteach, le cinneadh comhpháirteach sa choiste faireacháin, ach rialacha breise maidir le hincháilitheacht chaiteachais a bhunú le haghaidh an chláir Interreg i ndáil le catagóirí caiteachais nach gcumhdaítear leis na forálacha sin. Leis na rialacha breise sin, cumhdófar limistéar an chláir ina iomláine.
Mar sin féin, i gcás ina roghnaíonn clár Interreg oibríochtaí bunaithe ar ghlaonna ar thograí, glacfar na rialacha breise sin sula bhfoilseofar an chéad ghlao ar thograí. I ngach cás eile, glacfar na rialacha breise sin sula roghnófar na chéad oibríochtaí.
3.Maidir le hábhair nach gcumhdaítear leis na rialacha incháilitheachta a leagtar síos in Airteagail [57 go 62] de Rialachán (AE) [RFC nua], in Airteagal [4 agus 6] de Rialachán (AE) [CFRE nua] agus sa Chaibidil seo, lena náirítear i ngníomhartha arna nglacadh fúthu nó i rialacha arna mbunú i gcomhréir le mír 4, beidh feidhm ag rialacha náisiúnta an Bhallstáit agus, i gcás inarb infheidhme, na dtríú tíortha, na dtíortha comhpháirtíochta agus na dtíortha agus na gcríoch thar lear ina dtabhaítear an caiteachas.
4.I gcás ina mbeidh an túdarás bainistíochta agus an túdarás iniúchóireachta ar mhalairt tuairime faoi incháilitheacht oibríochta Interreg per se arna roghnú faoin gclár Interreg ábhartha, beidh forlámhas ag tuairim an údaráis bainistíochta, ag tabhairt aird chuí ar thuairim an choiste faireacháin.
5.Ní bheidh tíortha agus críocha thar lear incháilithe le haghaidh tacaíocht ó CFRE faoi chláir Interreg, ach féadfaidh siad a bheith rannpháirteach sna cláir sin faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
Airteagal 37
Forálacha ginearálta maidir le hincháilitheacht catagóirí costais
1.Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirteacha agus na tíortha agus na críocha thar lear atá rannpháirteach, a chomhaontú i gcoiste faireacháin cláir Interreg nach mbeidh caiteachas a thagann faoi chatagóir amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 38 go hAirteagal 43 incháilithe faoi thosaíocht amháin nó níos mó atá ag clár Interreg.
2.Beidh baint ag aon chaiteachas atá incháilithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, a íocann comhpháirtí Interreg nó a íoctar thar a cheann, leis na costais a bhaineann le hoibríocht nó cuid di a thionscnamh nó a thionscnamh agus a chur chun feidhme.
3.Níl na costais seo a leanas incháilithe:
(a)fíneálacha, pionóis airgeadais agus caiteachas i ndáil le díospóidí dlí agus dlíthíocht;
(b)costais bronntanas, seachas na cinn nach mó ná EUR 50 in aghaidh an bhronntanais i gcás ina mbaineann siad le cur chun cinn, cumarsáid, poiblíocht nó faisnéis;
(c)costais a bhaineann le luaineacht an ráta malairte eachtraí.
Airteagal 38
Costais foirne
1.Is éard a bheidh i gceist le costais foirne ollchostais fostaíochta a bhaineann leis an bhfoireann atá fostaithe ag an gcomhpháirtí Interreg i gceann amháin de na slite seo a leanas:
(a)go lánaimseartha;
(b)go páirtaimseartha, i gcomhréir le céatadán seasta d'am caite ag obair in aghaidh na míosa;
(c)go páirtaimseartha, i gcomhréir le líon solúbtha uaireanta caite ag obair in aghaidh na míosa; nó
(d)in aghaidh na huaire.
2.Beidh costais foirne teoranta don mhéid seo a leanas:
(a)íocaíochtaí tuarastail i ndáil leis na gníomhaíochtaí nach ndéanfadh an teintiteas mura ndearnadh an oibríocht lena mbaineann, a shocraítear i gconradh fostaíochta nó oibre, i gcinneadh ceapacháin (a ngairtear 'doiciméad fostaíochta' dóibh araon anseo feasta) nó le dlí, a bhaineann leis na freagrachtaí a shonraítear i sainchuntas poist an chomhalta foirne lena mbaineann;
(b)aon chostais eile atá nasctha go díreach le híocaíochtaí tuarastail arna dtabhú agus arna níoc ag an bhfostaí, amhail cánacha fostaíochta agus slándáil shóisialta lena náirítear pinsin a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar choinníoll:
(i)go mbeidh siad socraithe i ndoiciméad fostaíochta nó le dlí;
(ii)go mbeidh siad i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear sa doiciméad fostaíochta agus le cleachtais chaighdeánacha sa tír nó san eagraíocht ina bhfuil an comhalta foirne aonair ag obair iarbhír nó iontu araon; agus
(iii)nach mbeidh siad inghnóthaithe ag an bhfostóir.
Maidir le pointe (a), féadfaidh íocaíochtaí a dhéantar le daoine nádúrtha a oibríonn don chomhpháirtí Interreg faoi chonradh seachas conradh fostaíochta nó oibre a bheith comhshamhlaithe le híocaíochtaí tuarastail agus féadfar conradh den sórt sin a mheas mar dhoiciméad fostaíochta.
3.Féadfar costais foirne a aisíoc:
(a)i gcomhréir le [pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 48(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua] (agus an doiciméad fostaíochta agus duillíní pá mar chruthúnas air sin); nó
(b)faoi roghanna costais simplithe mar a leagtar amach i [bpointe (b) go pointe (e) den chéad fhomhír d'Airteagal 48(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua]; nó
(c)mar ráta comhréidh i gcomhréir le hAirteagal [50(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua].
4.Déanfar na costais foirne a bhaineann le daoine aonair a oibríonn go páirtaimseartha ar an oibríocht a ríomh:
(a)mar chéatadán seasta den ollchostas fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal [50(2)] de Rialachán (AE) [RFC nua]; nó
(b)mar sciar solúbtha den ollchostas fostaíochta, i gcomhréir le líon uaireanta a athraíonn de réir na míosa a oibrítear ar an oibríocht, bunaithe ar chóras chun an tam a chlárú lena gcumhdaítear 100 % den am a chaitheann an fostaí ag obair.
5.Maidir le daoine a oibríonn go páirtaimseartha faoi phointe (b) de mhír 4, déanfar aisíocaíocht na gcostas foirne a ríomh in aghaidh na huaire agus cinnfear í:
(a)tríd an ollchostas fostaíochta míosúil a roinnt ar an am oibre míosúil a shocraítear sa doiciméad fostaíochta arna shloinneadh in uaireanta; nó
(b)tríd an ollchostas bliantúil fostaíochta doiciméadaithe is déanaí a roinnt ar 1 720 uair i gcomhréir le [mír 2, mír 3 agus mír 4 d'Airteagal [50]] de Rialachán (AE) [RFC nua].
6.Maidir leis na costais foirne a bhaineann le daoine aonair a oibríonn in aghaidh na huaire, de réir an doiciméid fostaíochta, beidh na costais sin incháilithe tríd an líon uaireanta oibre a rinneadh ar an oibríocht iarbhír a chur i bhfeidhm maidir leis an ráta in aghaidh na huaire arna chomhaontú sa doiciméad fostaíochta bunaithe ar chóras chun an tam a caitheadh ag obair a chlárú.
Airteagal 39
Costais oifige agus riaracháin
Beidh costais oifige agus riaracháin teoranta do na heilimintí seo a leanas:
(a)cíos na hoifige;
(b)árachas agus cánacha a bhaineann leis na foirgnimh ina bhfuil an fhoireann lonnaithe agus le trealamh na hoifige (e.g. dóiteán, árachais gada);
(c)fóntais (e.g. leictreachas, téamh, uisce);
(d)soláthairtí oifige;
(e)cuntasaíocht ghinearálta a dhéantar laistigh den eagraíocht tairbhí;
(f)cartlanna;
(g)cothabháil, glanadh agus deisithe;
(h)slándáil;
(i)córais TF;
(j)cumarsáid (e.g. teileafón, facs, idirlíon, seirbhísí poist, cártaí gnó);
(k)muirir bhainc chun an cuntas nó na cuntais a oscailt agus a riar i gcás inar gá cuntas ar leith a oscailt chun oibríocht a chur chun feidhme;
(l)muirir i leith idirbhearta airgeadais trasnáisiúnta.
Airteagal 40
Costais taistil agus chóiríochta
1.Beidh costais taistil agus chóiríochta teoranta do na heilimintí seo a leanas:
(a)costais taistil (e.g. ticéid, árachas taistil agus gluaisteáin, breosla, míleáiste gluaisteáin, dola, agus táillí páirceála);
(b)costais béilí;
(c)costais chóiríochta;
(d)costais víosa;
(e)liúntais laethúla,
cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a íoctar nó nach níoctar na costais sin i limistéar an chláir nó lasmuigh de.
2.Aon eilimint a liostaítear i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 1 a chumhdaítear le liúntas laethúil, ní aisíocfar í sa bhreis ar an liúntas laethúil.
3.Tagann costais taistil agus chóiríochta a bhaineann le saineolaithe seachtracha agus soláthraithe seirbhísí seachtracha faoi chostais a bhaineann le saineolas seachtrach agus seirbhísí seachtracha a liostaítear in Airteagal 41.
4.Maidir le híocaíocht dhíreach caiteachais le haghaidh costais faoin Airteagal seo a dhéanann fostaí de chuid an tairbhí, beidh cruthúnas aisíocaíochta mar thacaíocht léi ón tairbhí leis an bhfostaí sin.
5.Féadfar costais taistil agus chóiríochta a bhaineann le hoibríocht a ríomh mar ráta comhréidh de suas le 15 % de na costais dhíreacha seachas costais foirne dhíreacha na hoibríochta sin.
Airteagal 41
Costais a bhaineann le saineolas seachtrach agus seirbhísí seachtracha
Beidh na costais a bhaineann le saineolas seachtrach agus seirbhísí seachtracha teoranta do na seirbhísí agus don saineolas seo a leanas a sholáthróidh comhlacht dlí phoiblí nó phríobháidigh nó duine nádúrtha seachas tairbhí na hoibríochta:
(a)staidéar nó suirbhéanna (e.g. meastóireachtaí, straitéisí, nótaí coincheapa, pleananna dearaidh, lámhleabhair);
(b)oiliúint;
(c)aistriúcháin;
(d)córais TF agus forbairt, modhnuithe agus nuashonruithe a dhéanamh ar an suíomh gréasáin;
(e)cur chun cinn, cumarsáid, poiblíocht nó faisnéis atá nasctha le hoibríocht nó le clár comhair per se;
(f)bainistíocht airgeadais;
(g)seirbhísí a bhaineann le heagrú agus cur chun feidhme ócáidí nó cruinnithe (lena náirítear cíos, lónadóireacht nó ateangaireacht);
(h)rannpháirteachas in ócáidí (e.g. táillí clárúcháin);
(i)comhairleacht dlí agus seirbhísí nótaire, saineolas teicniúil agus airgeadais, seirbhísí comhairleachta agus cuntasaíochta eile;
(j)cearta maoine intleachtúla;
(k)fíoruithe faoi [phointe (a) d'Airteagal 68(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua] agus Airteagal 45(1) den Rialachán seo;
(l)costais a bhaineann leis an bhfeidhm chuntasaíochta ar leibhéal na gclár faoi Airteagal [70] de Rialachán (AE) [RFC nua] agus Airteagal 46 den Rialachán seo;
(m)costais iniúchóireachta ar leibhéal na gclár faoi Airteagal [72] agus Airteagal [75] de Rialachán (AE) [RFC nua] faoi Airteagal 47 agus Airteagal 48 den Rialachán seo;
(n)ráthaíochtaí a bheith á dtabhairt ag banc nó institiúid airgeadais eile i gcás inar gá de réir dhlí an Aontais nó de réir an dlí náisiúnta nó doiciméad clársceidealaithe arna ghlacadh ag an gcoiste faireacháin;
(o)costais taistil agus chóiríochta le haghaidh saineolaithe seachtracha, cainteoirí, cathaoirligh cruinnithe agus soláthraithe seirbhísí;
(p)saineolas agus seirbhísí sonracha eile is gá le haghaidh oibríochtaí.
Airteagal 42
Costais trealaimh
1.Na costais a bhaineann le trealamh a cheannaíonn tairbhí na hoibríochta, a ghlacann sé ar cíos nó a thógann sé ar léas seachas na cinn a chumhdaítear le hAirteagal 39, beidh siad teoranta don mhéid seo a leanas:
(a)trealamh oifige;
(b)crua-earraí agus bogearraí TF;
(c)troscán agus feistis;
(d)trealamh saotharlainne;
(e)meaisíní agus ionstraimí;
(f)uirlisí nó feistí;
(g)feithiclí;
(h)trealamh sonrach eile is gá le haghaidh oibríochtaí.
2.Féadfaidh na costais a bhaineann le trealamh athláimhe a cheannach a bheith incháilithe faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a)ní bhfuarthas aon chúnamh eile lena aghaidh ó na cistí Interreg ná ó na Cistí a liostaítear i [bpointe (a) d'Airteagal 1(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua];
(b)ní sháraíonn an praghas sin an praghas a bhfuil glactha go ginearálta leis ar an margadh atá i gceist;
(c)tá saintréithe teicniúla aige is gá le haghaidh na hoibríochta agus tá sé i gcomhréir leis na noirm agus leis na caighdeáin is infheidhme.
Airteagal 43
Na costais a bhaineann le bonneagar agus le hoibreacha
Beidh na costais a bhaineann le bonneagar agus le hoibreacha teoranta don mhéid seo a leanas:
(a)ceannach talún i gcomhréir le [pointe (c) d'Airteagal 58(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua];
(b)ceadanna tógála;
(c)ábhar tógála;
(d)saothar;
(e)idirghabhálacha speisialaithe (e.g. feabhsú ithreach, imréiteach mianach).
CAIBIDIL VI
Údaráis clár Interreg, bainistíocht, rialú agus iniúchóireacht
Airteagal 44
Údaráis clár Interreg
1.Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg, údarás bainistíochta aonair agus údarás iniúchóireachta aonair a shainaithint, chun críocha Airteagal [65] de Rialachán (AE) [RFC nua].
2.Beidh an túdarás bainistíochta agus an túdaras iniúchóireachta lonnaithe sa Bhallstát céanna.
3.Maidir leis an gclár PEACE PLUS, measfar go mbeidh Comhlacht na gClár Speisialta AE, nuair a shainaithnítear mar an túdarás bainistíochta é, lonnaithe i mBallstát.
4.Féadfaidh na Ballstát agus, i gcás inarb infheidhme, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg grúpáil Eorpach um chomhar críochach a shainaithint mar údarás bainistíochta an chláir sin.
5.Maidir le clár Interreg faoi chomhchuid 2B nó faoi chomhchuid 1, i gcás ina gcumhdaítear teorainneacha fada lena ngabhann dúshláin agus riachtanais ilchineálacha maidir le forbairt sa chomhchuid is déanaí, féadfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg réimsí fochláir a shainiú.
6.I gcás ina sainaithníonn an túdarás bainistíochta comhlacht idirmheánach faoi chlár Interreg i gcomhréir le hAirteagal [65(3)] de Rialachán (AE) [RFC nua], déanfaidh an comhlacht idirmheánach na cúraimí sin i mbreis agus Ballstát rannpháirteach amháin nó, i gcás inarb infheidhme, i mbreis agus tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír agus críoch thar lear amháin atá rannpháirteach.
Airteagal 45
Feidhmeanna an údaráis bainistíochta
1.Comhlíonfaidh an túdarás bainistíochta ar chlár Interreg na feidhmeanna a leagtar síos in Airteagal [66], in Airteagal [68] agus in Airteagal [69] de Rialachán (AE) [RFC nua] diomaite den chúram a bhaineann le roghnú oibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 66(1) agus in Airteagal 67 agus de na híocaíochtaí le tairbhithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 68(1). Comhlíonfar na feidhmeanna sin sa chríoch iomlán a chumhdaítear leis an gclár sin, faoi réir na maoluithe a leagtar amach faoi Chaibidil VIII den Rialachán seo.
2.Déanfaidh an túdarás bainistíochta, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, le haon tríú tíortha, tír chomhpháirtíochta nó tír agus críoch thar lear atá rannpháirteach sa chlár Interreg, rúnaíocht chomhpháirteach a chur ar bun le foireann ag cur an chláir comhpháirtíochta san áireamh.
Beidh an rúnaíocht chomhpháirteach de chúnamh ag an údarás bainistíochta agus ag an gcoiste faireacháin a mhéid a bhaineann lena bhfeidhmeanna faoi seach a chomhlíonadh. Cuirfidh an rúnaíocht chomhpháirteach faisnéis ar fáil do thairbhithe féideartha maidir le deiseanna cistiúcháin faoi chláir Interreg agus cuideoidh sí le tairbhithe agus le comhpháirtithe chun na hoibríochtaí a chur chun feidhme.
3.De mhaolú ar [phointe (c) d'Airteagal 70(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua], déanfaidh gach comhpháirtí an caiteachas arna íoc in airgeadra eile a athrú in euro ag úsáid ráta malairte cuntasaíochta míosúil an Choimisiúin sa mhí ar lena linn a cuireadh an caiteachas sin faoi bhráid an údaráis bainistíochta lena fhíorú i gcomhréir le [pointe (a) d'Airteagal 68(1)] den Rialachán sin.
Airteagal 46
An fheidhm chuntasaíochta
1.Tiocfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg ar chomhaontú maidir leis na socruithe a bhaineann leis an bhfeidhm chuntasaíochta a chomhlíonadh.
2.Is éard a bheidh i gceist leis an bhfeidhm chuntasaíochta na cúraimí a liostaítear i [bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 70(1)] de Rialachán [RFC nua] agus cumhdófar na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún freisin agus, mar riail ghinearálta, na híocaíochtaí arna ndéanamh leis an gcomhpháirtí cinn i gcomhréir le pointe [(b) d'Airteagal 68(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua].
Airteagal 47
Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta
1.Comhlíonfaidh an túdarás iniúchóireachta cláir Interreg na feidhmeanna dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 48 sa chríoch iomlán a chumhdaítear leis an gclár Interreg sin, faoi réir na maoluithe a leagtar amach i gCaibidil VIII.
Mar sin féin, féadfaidh Ballstát rannpháirteach an uair is gá iniúchóir ón mBallstát rannpháirteach sin a bheith i dteannta an údaráis iniúchóireachta a shonrú.
2.Beidh údarás iniúchóireachta cláir Interreg freagrach as iniúchtaí córas agus iniúchtaí ar oibríochtaí a dhéanamh chun dearbhú neamhspleách a thabhairt don Choimisiún go bhfeidhmíonn córais bhainistithe agus rialaithe go héifeachtach agus go bhfuil an caiteachas a chuirtear san áireamh sna cuntais a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin dleathach agus rialta.
3.I gcás ina gcuirtear clár Interreg san áireamh sa daonra as a roghnaíonn an Coimisiún sampla coiteann faoi Airteagal 48(1), déanfaidh an túdarás iniúchóireachta iniúchtaí ar oibríochtaí arna roghnú ag an gCoimisiún chun dearbhú neamhspleách a thabhairt don Choimisiún go bhfeidhmíonn córais bhainistithe agus rialaithe go héifeachtach.
4.Déanfar obair iniúchóireachta i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo.
5.Déanfaidh an túdarás iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta bhliantúil a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain faoin 15 Feabhra tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta i gcomhréir le hAirteagal [63(7)] de Rialachán [RA-Omnibus] ag úsáid an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn[XVI] a ghabhann le Rialachán (AE) [RFC nua] agus bunaithe ar an obair iniúchóireachta ar fad arna déanamh, ina gcumhdaítear gach ceann de na comhchodanna seo a leanas:
(a)iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas;
(b)dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a chuirtear san áireamh sna cuntais arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin;
(c)córas bainistithe agus rialaithe an chláir Interreg.
I gcás ina gcuirtear an clár Interreg san áireamh sa daonra as a roghnaíonn an Coimisiún sampla de bhun Airteagal 48(1), ní chumhdaítear ach amháin na comhchodanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír sa tuairim iniúchóireachta bhliantúil.
In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún sprioc-am an 15 Feabhra a shíneadh go dtí an 1 Márta, arna chur sin in iúl don Bhallstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta lena mbaineann.
6.Tarraingeoidh an túdarás iniúchóireachta suas tuarascáil bhliantúil ar rialú agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin í gach bliain faoin 15 Feabhra tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta i gcomhréir le [pointe (b) d'Airteagal 63(5)] de Rialachán [RA-Omnibus] ina núsáidtear an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn [XVII] de Rialachán (AE) [RFC nua] agus, ina dtacaítear leis an tuairim iniúchóireachta dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo agus ina leagtar amach achoimre ar na torthaí, lena náirítear anailís ar chineál agus ar mhéid aon earráidí agus aon easnamh sna córais chomh maith leis na gníomhartha ceartaitheacha atá beartaithe agus a cuireadh chun feidhme, an ráta earráidí iomlán agus an ráta earráidí iarmharacha a thagann dá bharr sin le haghaidh an chaiteachais a iontráladh sna cuntais a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin.
7.I gcás ina gcuirtear an clár Interreg san áireamh sa daonra as a roghnaíonn an Coimisiún sampla faoi Airteagal 48(1), tarraingeoidh an túdarás iniúchóireachta an tuarascáil bhliantúil ar rialú suas dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus i gcomhréir le ceanglais [phointe (b) d'Airteagal 63(5)] de Rialachán (AE, Euratom) [RA-Omnibus] ina núsáidtear an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn [XVII] a ghabhann le Rialachán (AE) [RFC nua] agus ina dtacaítear leis an tuairim iniúchóireachta dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo.
Leagfar amach achoimre ar na torthaí sa tuarascáil sin, lena náirítear anailís ar chineál agus ar mhéid aon earráidí agus easnamh sna córais mar aon leis na gníomhartha ceartaitheacha atá beartaithe agus a cuireadh chun feidhme, torthaí na niniúchtaí ar oibríochtaí arna ndéanamh ag an údarás iniúchóireachta i ndáil leis an sampla coiteann dá dtagraítear in Airteagal 48(1) agus na ceartuithe airgeadais arna gcur i bhfeidhm ag údaráis an chláir Interreg i gcomhair aon neamhrialtachtaí a bhraith an túdarás iniúchóireachta i dtaca leis na hoibríochtaí sin.
8.Tarchuirfidh an túdarás iniúchóireachta tuarascálacha iniúchóireachta chuig an gCoimisiún a luaithe agus a thabharfar an nós imeachta bréagnaitheach is gá leis na hiniúchaithe ábhartha i gcrích.
9.Tiocfaidh an Coimisiún agus an túdarás iniúchóireachta le chéile ar bhonn rialta agus uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, mura gcomhaontaítear a mhalairt, d'fhonn an straitéis iniúchóireachta, an tuarascáil bhliantúil ar rialú agus an tuairim iniúchóireachta a scrúdú, agus a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a chomhordú agus tuairimí a mhalartú maidir le saincheisteanna a bhaineann le feabhas a chur ar na córais bhainistithe agus rialaithe.
Airteagal 48
Iniúchadh ar oibríochtaí
1.Roghnóidh an Coimisiún sampla coiteann d'oibríochtaí (nó aonaid samplála eile) ag úsáid modh samplála staidrimh le haghaidh na niniúchtaí ar oibríochtaí a bheidh le déanamh ag na húdaráis iniúchóireachta i gcomhair na gclár Interreg a fhaigheann tacaíocht ó CFRE nó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais i ndáil le gach bliain chuntasaíochta.
Beidh an sampla coiteann ionadaíoch do na cláir Interreg uile a bhfuil an daonra i gceist leo.
Chun críocha an sampla coiteann a roghnú, féadfaidh an Coimisiún grúpaí de chláir Interreg a shrathú de réir a rioscaí sonracha.
2.Soláthróidh údaráis na gclár an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun sampla coiteann a roghnú faoin 1 Meán Fómhair tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta ar a dhéanaí.
Cuirfear an fhaisnéis sin isteach i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach, comhlánófar í agus réiteofar í leis an gcaiteachas arna dhearbhú don Choimisiún don bhliain chuntasaíochta tagartha.
3.Gan dochar don cheanglas maidir le hiniúchadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 47(2), ní dhéanfaidh na húdaráis iniúchóireachta le haghaidh clár Interreg a chumhdaítear leis an sampla coiteann iniúchtaí breise ar oibríochtaí faoi na cláir sin, mura rud é go niarrann an Coimisiún orthu é i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo nó i gcásanna inar sainaithin údarás iniúchóireachta rioscaí sonracha.
4.Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis iniúchóireachta ar na cláir Interreg lena mbaineann ar an eolas in am faoin sampla coiteann arna roghnú chun deis a thabhairt do na húdaráis sin na hiniúchtaí a dhéanamh ar oibríochtaí i gcoitinne faoin 1 Deireadh Fómhair tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta ar a dhéanaí.
5.Cuirfidh na húdaráis iniúchóireachta lena mbaineann faisnéis isteach faoi thorthaí na niniúchtaí sin agus faoi aon cheartú airgeadais arna dhéanamh i ndáil le neamhrialtachtaí aonair arna mbrath ar a dhéanaí sna tuarascálacha bliantúla ar rialú a bheidh le cur faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 47(6) agus (7).
6.Tar éis measúnú a dhéanamh ar thorthaí na niniúchtaí ar oibríochtaí arna roghnú faoi mhír 1, ríomhfaidh an Coimisiún ráta earráidí eachtarshuite foriomlán maidir leis na cláir Interreg a chuirtear san áireamh sa daonra as ar roghnaíodh an sampla coiteann, chun críocha a phróisis dearbhaithe féin.
7.I gcás ina bhfuil an ráta earráidí eachtarshuite foriomlán dá dtagraítear i mír 6 os cionn 2 % den chaiteachas iomlán arna dhearbhú do na cláir Interreg a chuirtear san áireamh sa daonra as ar roghnaíodh an sampla coiteann, ríomhfaidh an Coimisiún ráta earráidí iarmharacha foriomlán, ag cur ceartuithe airgeadais san áireamh arna gcur i bhfeidhm ag údaráis na gclár Interreg lena mbaineann le haghaidh neamhrialtachtaí aonair arna mbrath trí iniúchtaí ar oibríochtaí arna roghnú faoi mhír 1.
8.I gcás ina bhfuil an ráta earráidí iarmharacha foriomlána dá dtagraítear i mír 7 os cionn 2 % den chaiteachas arna dhearbhú do na cláir Interreg a chuirtear san áireamh sa daonra as ar roghnaíodh an sampla coiteann, cinnfidh an Coimisiún an gá a iarraidh ar údarás iniúchóireachta cláir Interreg ar leith nó grúpa clár Interreg is mó a ndéantar difear dó obair iniúchóireachta breise a dhéanamh chun a thuilleadh meastóireachta a dhéanamh ar an ráta earráidí agus measúnú a dhéanamh ar na bearta ceartaitheacha is gá le haghaidh na gclár Interreg a ndéanann na neamhrialtachtaí arna mbrath difear dóibh.
9.Bunaithe ar an measúnú ar thorthaí na hoibre iniúchóireachta breise arna hiarraidh de bhun mhír 8, féadfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais breise a iarraidh lena gcur i bhfeidhm maidir leis na cláir Interreg a ndéanann na neamhrialtachtaí arna mbrath difear dóibh. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh údaráis an chláir Interreg na ceartuithe airgeadais is gá i gcomhréir le hAirteagal [97] de Rialachán (AE) [RFC nua].
10.Maidir le gach údarás iniúchóireachta ar chlár Interreg a bhfuil an fhaisnéis ina leith dá dtagraítear i mír 2 ar iarraidh nó neamhiomlán nó gan bheith curtha isteach faoin sprioc-am a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 2, déanfaidh sé cleachtadh samplála ar leith le haghaidh an chláir Interreg lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 73 de Rialachán (AE) [RFC nua]).
CAIBIDIL VII
Bainistíocht airgeadais
Airteagal 49
Íocaíochtaí agus réamh-mhaoiniú
1.Déanfar an tacaíocht ó CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, an tacaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais do gach clár Interreg a íoc isteach, i gcomhréir le hAirteagal 46(2), i gcuntas aonair nach mbeidh aon fhochuntais náisiúnta aige.
2.Íocfaidh an Coimisiún réamh-mhaoiniú bunaithe ar an tacaíocht iomlán ó gach ciste Interreg, mar a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar gach clár Interreg faoi Airteagal 18, faoi réir cistí a bheith ar fáil, i dtráthchodanna bliantúla mar a leanas agus roimh an 1 Iúil sna blianta 2022 go 2026, nó, sa bhliain ina bhformheastar an cinneadh, tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis ghlacadh an chinnidh sin:
(a)2021: 1 %;
(b)2022: 1 %;
(c)2023: 1 %;
(d)2024: 1 %;
(e)2025: 1 %;
(f)2026: 1 %.
3.I gcás ina bhfaigheann cláir Interreg trasteorann sheachtracha tacaíocht ó CFRE agus CTT ICR III nó CTT ICFCI, tabharfar an réamh-mhaoiniú le haghaidh gach ciste atá ina thacaíocht le clár Interreg den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) [ICR III] nó [ICFCI] nó aon ghníomh arna ghlacadh faoi.
Féadfar méid an réamh-mhaoinithe a íoc in dhá thráthchuid, i gcás inar gá, de réir riachtanais bhuiséadacha.
Déanfar an méid iomlán arna íoc mar réamh-mhaoiniú a aisíoc leis an gCoimisiún mura seoltar aon iarratas ar íocaíocht faoin gclár Interreg trasteorann laistigh de 24 mhí ón dáta a íocann an Coimisiún an chéad tráthchuid den mhéid réamh-mhaoinithe. Ioncam sannta inmheánach a bheidh san aisíocaíocht sin agus ní laghdófar an tacaíocht ó CFRE, CTT ICR III ná CTT ICFCI don chlár dá barr.
Airteagal 50
Gnóthuithe
1.Áiritheoidh an túdarás bainistíochta go ndéanfar aon mhéid a íocadh mar thoradh ar neamhrialtacht a ghnóthú ón gcomhpháirtí cinn nó ón gcomhpháirtí aonair. Déanfaidh comhpháirtithe aon mhéideanna a íocadh go míchuí a aisíoc leis an gcomhpháirtí cinn.
2.I gcás nach néiríonn leis an gcomhpháirtí cinn aisíocaíocht a dhaingniú ó chomhpháirtithe eile nó i gcás nach néiríonn leis an údarás bainistíochta aisíocaíocht a dhaingniú ón gcomhpháirtí cinn nó ón gcomhpháirtí aonair, déanfaidh an Ballstát, an tríú tír, an tír chomhpháirtíochta nó an tír agus an chríoch thar lear a bhfuil an comhpháirtí lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch nó ar a críoch nó, i gcás grúpáil Eorpach um chomhar críochach, ina bhfuil an comhpháirtí lena mbaineann cláraithe, aon mhéideanna a íocadh go míchuí leis an gcomhpháirtí sin a aisíoc leis an údarás bainistíochta. Beidh an túdarás bainistíochta freagrach as na méideanna lena mbaineann a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais, i gcomhréir le cionroinnt na ndliteanas i measc na mBallstát, na dtríú tíortha, na dtíortha comhpháirtíochta nó na dtíortha agus na gcríoch thar lear atá rannpháirteach a leagtar síos sa chlár Interreg.
3.A luaithe a bheidh aon mhéideanna a íocadh go míchuí le comhpháirtí aisíoctha leis an údarás bainistíochta ag an mBallstát, ag an tríú tír, ag an tír chomhpháirtíochta nó ag an tír agus ag an gcríoch thar lear, féadfaidh sé nó sí nós imeachta um ghnóthú a leanúint nó a thosú i gcoinne an chomhpháirtí sin faoin dlí náisiúnta. I gcás ina ngnóthaítear na méideanna sin, féadfaidh an Ballstát, an tríú tír, an tír chomhpháirtíochta nó an tír agus an chríoch thar lear na méideanna sin a úsáid mar chómhaoiniú náisiúnta i gcomhair an chláir Interreg lena mbaineann. Ní bheidh aon oibleagáidí tuairiscithe ag an mBallstát, ag an tríú tír, ag an tír chomhpháirtíochta ná ag an tír agus ag an gcríoch thar lear i leith údaráis na gclár, an choiste faireacháin ná an Choimisiúin maidir leis na gnóthuithe náisiúnta sin.
4.I gcás nach mbeidh aon mhéideanna a íocadh go míchuí le comhpháirtí aisíoctha ag Ballstát, tríú tír, tír chomhpháirtíochta ná tír agus críoch thar lear leis an údarás bainistíochta de bhun mhír 3, beidh na méideanna sin faoi réir ordú gnóthaithe arna eisiúint ag an oifigeach údarúcháin trí tharmligean a fhorghníomhófar, i gcás inar féidir, trína bhfritháireamh i gcoinne na méideanna atá dlite don Bhallstát, don tríú tír, don tír chomhpháirtíochta nó don tír agus don chríoch thar lear faoi íocaíochtaí ina dhiaidh sin leis an gclár Interreg céanna nó, i gcás tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír agus críoch thar lear, faoi íocaíochtaí ina dhiaidh sin le cláir faoi na hionstraimí maoinithe sheachtraigh lena mbaineann de chuid an Aontais. Ní bheidh an gnóthú sin ina cheartú airgeadais ná ní laghdófar an tacaíocht a fhaigheann an clár Interreg ábhartha ó CFRE nó aon ionstraim maoinithe sheachtraigh. Is éard a bheidh sa mhéid a ghnóthófar ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [177(3)] de Rialachán (AE, Euratom) [RA-Omnibus].
CAIBIDIL VIII
Rannpháirtíocht tríú tíortha nó tíortha comhpháirtíochta nó tíortha agus críoch thar lear i gcláir Interreg faoi bhainistíocht chomhroinnte
Airteagal 51
Na forálacha is infheidhme
Beidh feidhm ag Caibidil I go Caibidil VII agus Caibidil X maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críoch thar lear i gcláir Interreg faoi réir na bhforálacha sonracha a leagtar amach sa Chaibidil seo.
Airteagal 52
Údaráis clár Interreg agus na feidhmeanna atá acu
1.Tabharfaidh tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg cead d'údarás bainistíochta an chláir sin a fheidhmeanna a chomhlíonadh ina gcríoch faoi seach nó sainaithneoidh siad údarás náisiúnta mar phointe teagmhála don údarás bainistíochta nó rialaitheoir náisiúnta chun fíoruithe bainistíochta a dhéanamh de réir mar a fhoráiltear i [bpointe (a) d'Airteagal 68(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua] ina gcríoch faoi seach.
2.Maidir le tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg, tabharfaidh siad cead d'údarás iniúchóireachta an chláir sin a fheidhmeanna a chomhlíonadh ina gcríoch faoi seach nó sainaithneoidh siad údarás iniúchóireachta náisiúnta nó comhlacht, atá neamhspleách ó thaobh feidhme de ar an údarás náisiúnta.
3.Déanfaidh tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg foireann a tharmligean chuig rúnaíocht chomhpháirteach an chláir sin nó cuirfidh siad oifig brainse ar bun ina gcríoch faoi seach nó déanfaidh siad an dá ní sin.
4.Tacóidh an túdarás náisiúnta nó comhlacht atá coibhéiseach le hoifigeach cumarsáide an chláir Interreg de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 35(1) leis an údarás bainistíochta agus leis na comhpháirtithe sa tríú tír, sa tír chomhpháirtíochta nó sa tír agus sa chríoch thar lear lena mbaineann maidir leis na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 35(2) go (7).
Airteagal 53
Modhanna bainistíochta
1.Deanfar cláir Interreg trasteorann sheachtracha a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus CTT ICR III nó CTT ICFCI a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte sna Ballstáit agus in aon tríú tír nó tír chomhpháirtíochta rannpháirteach.
Cuirfear an clár PEACE PLUS chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.
2.Na cláir Interreg faoi chomhchuid 2 agus faoi chomhchuid 4 lena gcomhcheanglaítear ranníocaíochtaí ó CFRE agus ionstraim maoinithe sheachtraigh amháin nó níos mó de chuid an Aontais, cuirfear chun feidhme iad faoi bhainistíocht chomhroinnte sna Ballstáit agus in aon tríú tír nó tír chomhpháirtíochta rannpháirteach nó, maidir le comhchuid 3, in aon tír agus críoch thar lear cibé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann an tír agus an chríoch thar lear sin tacaíocht faoi ionstraim maoinithe sheachtraigh amháin nó níos mó de chuid an Aontais.
3.Na cláir Interreg faoi chomhchuid 3 lena gcomhcheanglaítear ranníocaíochtaí ó CFRE agus ionstraim maoinithe sheachtraigh amháin nó níos mó de chuid an Aontais, déanfar iad a chur chun feidhme in aon cheann de na slite seo a leanas:
(a)faoi bhainistíocht chomhroinnte sna Ballstáit agus in aon tríú tír nó tír agus críoch thar lear atá rannpháirteach;
(b)faoi bhainistíocht chomhroinnte sna Ballstáit amháin agus in aon tríú tír nó tír agus críoch thar lear atá rannpháirteach maidir le caiteachas CFRE lasmuigh den Aontas le haghaidh oibríocht amháin nó níos mó, ach déantar na ranníocaíochtaí ó ionstraim maoinithe sheachtraigh amháin nó níos mó de chuid an Aontais a bhainistiú faoi bhainistíocht indíreach;
(c)faoi bhainistíocht chomhroinnte sna Ballstáit agus in aon tríú tír nó tír agus críoch thar lear atá rannpháirteach.
I gcás ina gcuirtear clár Interreg faoi chomhchuid 3 chun feidhme go hiomlán nó go páirteach faoi bhainistíocht indíreach, beidh feidhm ag Airteagal 60.
Airteagal 54
Incháilitheacht
1.De mhaolú ar Airteagal [57(2)] de Rialachán (AE) [RFC nua], beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais má thabhaigh comhpháirtí nó comhpháirtí príobháideach oibríochtaí CPP é agus oibríochtaí Interreg á nullmhú agus á gcur chun feidhme ón 1 Eanáir 2021 agus má íocadh é tar éis an dáta a tugadh an comhaontú maoinithe leis an tríú tír, leis an tír chomhpháirtíochta nó leis an tír agus leis an gcríoch thar lear lena mbaineann i gcrích.
Mar sin féin, beidh caiteachas le haghaidh cúnamh teicniúil arna bhainistiú ag údaráis na gclár atá lonnaithe i mBallstát incháilithe amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú amháin nuair a íoctar é le haghaidh gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme i bhfabhar tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha agus críocha thar lear.
2.I gcás ina roghnaítear oibríochtaí bunaithe ar ghlaonna ar thograí do chlár Interreg, féadfar iarratais ar ranníocaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais a chur san áireamh sna glaonna sin, fiú amháin má sheoltar iad sular síníodh an comhaontú maoinithe ábhartha, agus féadfar oibríochtaí a roghnú roimh na dátaí sin féin.
Mar sin féin, ní fhéadfaidh an túdarás bainistíochta an doiciméad dá bhforáiltear in Airteagal 22(6) a sholáthar roimh na dátaí sin.
Airteagal 55
Mórthionscadail bhonneagair
1.Féadfaidh cláir Interreg faoin roinn seo a bheith ina dtacaíocht le 'mórthionscadail bhonneagair' a chiallaíonn oibríochtaí ina mbeadh sraith oibreacha, gníomhaíochtaí nó seirbhísí agus é mar aidhm leo feidhm dhoroinnte de chineál beacht a chomhlíonadh agus cuspóirí comhleasa arna sainaithint go soiléir á ngnóthú chun críocha infheistíochtaí a chur chun feidhme a bhfuil tionchar trasteorann leo agus tairbhithe ag baint leo agus ina bhfuil sciar buiséid EUR 2 500 000 ar a laghad leithdháilte ar bhonneagar a fháil.
2.Déanfaidh gach tairbhí a bhfuil mórthionscadal bonneagair nó cuid de á chur chun feidhme nó á cur chun feidhme aige na rialacha soláthair phoiblí is infheidhme i bhfeidhm.
3.I gcás ina bhfuil roghnú mórthionscadal bonneagair amháin nó níos mó ar chlár oibre cruinniú de chuid coiste faireachán nó, i gcás inarb infheidhme, coiste stiúrtha, tarchuirfidh an túdarás bainistíochta nóta coincheapa le haghaidh gach tionscadail den sórt sin chuig an gCoimisiún dhá mhí ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe. Trí leathanach ar a mhéad a bheidh sa nóta coincheapa ina léireofar an tainm, an suíomh, an buiséad, an comhpháirtí cinn agus na comhpháirtithe mar aon leis na príomhchuspóirí agus na táirgí insoláthartha a bhaineann leo. Mura dtarchuirfear an nóta coincheapa maidir le mórthionscadal bonneagair amháin nó níos mó chuig an gCoimisiún faoin sprioc-am sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar chathaoirleach an choiste faireacháin nó an choiste stiúrtha na tionscadail lena mbaineann a bhaint de chlár oibre an chruinnithe.
Airteagal 56
Soláthar
1.I gcás ina bhfuil ar thairbhí conarthaí seirbhíse, soláthair nó oibre a chur fáil chun oibríocht a chur chun feidhme, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
(a)i gcás inar údarás conarthach nó eintiteas conarthach an tairbhí de réir bhrí dhlí an Aontais is infheidhme maidir le nósanna imeachta soláthair poiblí, cuirfidh sé dlíthe, rialacháin agus forálacha náisiúnta i bhfeidhm arna nglacadh i ndáil le dlíthe an Aontais;
(b)i gcás inar údarás poiblí tíre comhpháirtíochta faoi ICR III nó ICFCI é an tairbhí a naistrítear a chómhaoiniú chuig an Údarás Bainistíochta, féadfaidh sé forálacha dlí, rialachán agus riaracháin náisiúnta a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go ndéantar foráil maidir leis sin sa chomhaontú maoinithe agus go ndéantar an conradh a dhámhachtain don tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch nó, de réir mar is iomchuí, don tairiscint is ísle, agus aon choinbhleacht leasa á seachaint san am céanna.
2.Maidir le hearraí, le hoibreacha nó le seirbhísí a dhámhachtain i ngach cás seachas na cinn dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na nósanna imeachta soláthair faoi Airteagal 178 agus faoi Airteagal 179 de Rialachán (AE, Euratom) [RA-Omnibus] agus faoi Chaibidil 3 d'Iarscríbhinn 1 (pointe 36 go pointe 41) a ghabhann leis an Rialachán sin.
Airteagal 57
Bainistíocht airgeadais
Beidh cinntí an Choimisiúin lena bhformheastar cláir Interreg a fhaigheann tacaíocht freisin ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais i gcomhréir leis na ceanglais is gá le bheith ina gcinntí maoinithe i dtéarmaí Airteagal [110(2)] de Rialachán (AE, Euratom) [RA-Omnibus].
Airteagal 58
Comhaontuithe maoinithe a thabhairt i gcrích faoi bhainistíocht chomhroinnte
1.Chun clár Interreg a chur chun feidhme i dtríú tír, i dtír chomhpháirtíochta nó i dtír agus i gcríoch thar lear, i gcomhréir le hAirteagal [112(4)] de Rialachán (AE, Euratom) [RA-Omnibus], tabharfar comhaontú maoinithe i gcrích idir an Coimisiún a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Aontais agus gach tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír agus críoch thar lear atá rannpháirteach a ndéantar ionadaíocht thar a cheann i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta.
2.Tabharfar aon chomhaontú maoinithe i gcrích ar a dhéanaí 31 Nollaig na bliana tar éis na bliana ina ndearnadh an chéad ghealltanas buiséadach agus measfar gur tugadh i gcrích é an dáta ar shínigh an comhpháirtí deiridh é.
Tiocfaidh aon chomhaontú maoinithe i bhfeidhm an dáta:
(a)ar shínigh an comhpháirtí deiridh é; nó
(b)nuair a thug an tríú tír nó an tír chomhpháirtíochta nó an tír agus an chríoch thar lear an nós imeachta is gá lena dhaingniú faoin gcreat dlíthiúil náisiúnta chun críche agus nuair a chuir sí an Coimisiún ar an eolas faoi sin.
3.I gcás ina mbeidh níos mó ná tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír agus críoch thar lear amháin i gceist le clár Interreg, síneoidh an dá chomhpháirtí comhaontú maoinithe amháin ar a laghad roimh an dáta sin. Féadfaidh na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta nó na tíortha agus na críocha thar lear eile a gcomhaontuithe maoinithe faoi seach a shíniú ar a dhéanaí 30 Meitheamh an dara bliain tar éis na bliana ina ndearnadh an chéad ghealltanas buiséadach.
4.Maidir leis an Ballstát atá ina óstach ar údarás bainistíochta an chláir Interreg ábhartha:
(a)féadfaidh sé an comhaontú maoinithe a shíniú freisin; nó
(b)síneoidh sé, an dáta céanna, comhaontú cur chun feidhme le gach tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír agus críoch thar lear atá rannpháirteach sa chlár Interreg sin ina leagfar amach na cearta agus na hoibleagáidí frithpháirteacha maidir lena chur chun feidhme agus leis an mbainistíocht airgeadais.
Agus an chóip shínithe den chomhaontú maoinithe nó cóip den chomhaontú cur chun feidhme á tarchur chuig an gCoimisiún, seolfaidh an Ballstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta liosta de na tionscadail bonneagair mhóra atá beartaithe freisin, mar dhoiciméad ar leith, mar a shainmhínítear in Airteagal 55, ina léirítear an tainm, an suíomh, an buiséad agus an comhpháirtí cinn ionchasach lena mbaineann.
5.Cumhdófar na heilimintí seo a leanas ar a laghad i gcomhaontú cur chun feidhme arna shíniú de bhun phointe (b) de mhír 4:
(a)socruithe mionsonraithe le haghaidh íocaíochtaí;
(b)bainistíocht airgeadais;
(c)taifid a choinneáil;
(d)oibleagáidí maidir le tuairisciú;
(e)fíoruithe, rialuithe agus iniúchadh;
(f) neamhrialtachtaí agus gnóthuithe.
6.I gcás ina gcinneann an Ballstát atá ina óstach ar údarás bainistíochta an chláir Interreg an comhaontú maoinithe a shíniú de bhun phointe (a) de mhír 4, measfar gur uirlis é an comhaontú maoinithe sin chun buiséad an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus ní comhaontú idirnáisiúnta é dá dtagraítear in Airteagal 216 go hAirteagal 219 de CFAE.
Airteagal 59
Ranníocaíocht ó thríú tír, ó thír chomhpháirtíochta nó ó thír agus ó chríoch thar lear seachas cómhaoiniú
1.I gcás ina naistríonn tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír agus críoch thar lear ranníocaíocht leis an gclár Interreg chuig an Údarás Bainistíochta seachas cómhaoiniú na tacaíochta ón Aontas don chlár Interreg, beidh na rialacha maidir leis an ranníocaíocht sin sa doiciméad seo a leanas:
(a)i gcás ina síníonn an Ballstát an comhaontú maoinithe de bhun phointe (a) d'Airteagal 58(4), i gcomhaontú cur chun feidhme ar leith arna shíniú idir an Ballstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta agus an tríú tír, an tír chomhpháirtíochta nó an tír agus an chríoch thar lear nó go díreach idir an túdarás bainistíochta agus an túdarás inniúil sa tríú tír, sa tír chomhpháirtíochta nó sa tír agus sa chríoch thar lear;
(b)i gcás ina síníonn an Ballstát comhaontú cur chun feidhme de bhun phointe (b) d'Airteagal 58(4), i gceann de na nithe seo a leanas:
(i)cuid ar leith den chomhaontú cur chun feidhme sin; nó
(ii)comhaontú cur chun feidhme breise arna shíniú idir na comhpháirtithe céanna dá dtagraítear i bpointe (a).
Chun críocha phointe (b)(i) den chéad fhomhír, féadfar an ranníocaíocht arna haistriú agus an tacaíocht ón Aontas don chlár Interreg a chumhdach i ranna den chomhaontú cur chun feidhme, i gcás inarb infheidhme.
2.Beidh ar a laghad na heilimintí maidir le cómhaoiniú an tríú tír, na tíre comhpháirtíochta nó na tíre agus na críche thar lear a liostaítear in Airteagal 58(5) i gcomhaontú cur chun feidhme faoi mhír 1.
Ina theannta sin, leagfar amach an dá cheann díobh seo a leanas:
(a)méid na ranníocaíochta airgeadais breise;
(b)an úsáid atá beartaithe agus na coinníollacha lena úsáid, lena náirítear na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh sna hiarratais ar an ranníocaíocht bhreise sin.
3.Maidir leis an gclár PEACE PLUS, beidh an ranníocaíocht le gníomhaíochtaí an Aontais ón Ríocht Aontaithe i bhfoirm ioncam sannta seachtrach dá dtagraítear i [bpointe (e) d'Airteagal 21(2)] de Rialachán (AE, Euratom) [RA-Omnibus] ina cuid de na leithreasuithe buiséid le haghaidh Cheannteideal 2 'Comhtháthú agus Luachanna', fo-uasteorainn 'Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach'.
Beidh an ranníocaíocht sin faoi réir comhaontú maoinithe sonrach leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 58. Beidh an Coimisiún agus an Ríocht Aontaithe mar aon le hÉirinn ina bpáirtithe sa chomhaontú maoinithe sonrach sin.
Síneofar é roimh thús chur chun feidhme an chláir rud a thabharfaidh deis do Chomhlacht na gClár Speisialta AE an reachtaíocht uile de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm le haghaidh chur chun feidhme an chláir.
CAIBIDIL IX
Forálacha sonracha maidir le bainistíocht dhíreach nó indíreach
Airteagal 60
Comhar na réigiún is forimeallaí
1.I gcás ina gcuirtear clár Interreg faoi chomhchuid 3 chun feidhme go páirteach nó go hiomlán faoi bhainistíocht indíreach de bhun phointe (b) nó phointe (c) d'Airteagal 53(3), cuirfear cúraimí cur chun feidhme faoi chúram ceann de na comhlachtaí a liostaítear i bpointe [(c) den chéad fhomhír d'Airteagal 62(1)] de Rialachán (AE, Euratom) [RA-Omnibus], go háirithe comhlacht den sórt sin atá lonnaithe sa Bhallstát rannpháirteach, lena náirítear údarás bainistíochta an chláir Interreg lena mbaineann.
2.I gcomhréir le [pointe (c) d'Airteagal 154(6)] de Rialachán (AE, Euratom) [RA-Omnibus], féadfaidh an Coimisiún a chinneadh nach mbeidh gá le measúnú ex-ante dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal sin nuair a dhéantar na cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid dá dtagraítear i [bpointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 62(1)] de Rialachán (AE, Euratom) [RA-Omnibus] a chur faoi chúram údarás bainistíochta ar chlár Interreg de chuid na réigiún is forimeallaí a shainaithnítear de bhun Airteagal 37(1) den Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal [65] de Rialachán (AE) [RFC nua].
3.I gcás ina gcuirtear na cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid dá dtagraítear i [bpointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 62(1)] de Rialachán [RA-Omnibus] faoi chúram eagraíocht Ballstáit, beidh feidhm ag Airteagal [157] de Rialachán (AE, Euratom) [RA-Omnibus].
4.Maidir le clár nó gníomhaíocht atá cómhaoinithe le hionstraim maoinithe sheachtraigh amháin nó níos mó, i gcás ina gcuireann tríú tír, tír chomhpháirtíochta, tír agus críoch thar lear nó aon cheann de na comhlachtaí eile a liostaítear i [bpointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 62(1)] de Rialachán (AE, Euratom) [RA-Omnibus] nó dá dtagraítear i Rialachán (AE) [ICFCI] nó i gCinneadh [an Cinneadh maidir leis na tíortha agus na críocha thar lear] ón gComhairle nó iontu araon chun feidhme é nó í, beidh feidhm ag rialacha ábhartha na nionstraimí sin go háirithe Caibidil I, Caibidil III agus Caibidil V de Theideal II de Rialachán (AE) [ICFCI].
Airteagal 61
infheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha
Ar thionscnamh an Choimisiúin, féadfaidh CFRE a bheith mar thacaíocht le hinfheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha, mar a leagtar amach i bpointe 5 d'Airteagal 3, ina dtugtar i gceann a chéile taighdeoirí, gnólachtaí, an tsochaí shibhialta agus riaracháin phoiblí a bhfuil baint acu le straitéisí um speisialtóireacht chliste arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach.
CAIBIDIL X
Forálacha deiridh
Airteagal 62
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(6) a thabhairt don Choimisiún ón [amhail ó lá amháin tar éis a fhoilsithe = dáta an teacht i bhfeidhm] go dtí an 31 Nollaig 2027.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16(6) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse [dhá mhí] tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú [dhá mhí] ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 63
Nós imeachta coiste
1.Déanfaidh an coiste a cuireadh ar bun de bhun Airteagal [108(1)] de Rialachán (AE) [RFC nua] cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 64
Forálacha idirthréimhseacha
Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 nó aon ghníomh arna ghlacadh faoi d'fheidhm a bheith aige maidir le cláir agus le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CFRE faoin gclárthréimhse 2014-2020.
Airteagal 65
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán