Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0367

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear ‘Erasmus': clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013

    COM/2018/367 final - 2018/0191 (COD)

    An Bhruiséil,30.5.2018

    COM(2018) 367 final

    2018/0191(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear ‘Erasmus': clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n
    x001e
    aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SEC(2018) 265 final}
    {SWD(2018) 276 final}
    {SWD(2018) 277 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Tá oideachas, oiliúint agus an óige tagtha chun tosaigh faoi aird cheannairí an Aontais Eorpaigh le déanaí. I nDearbhú na Róimhe, an 25 Márta 2017, d’iarr siad "Aontas a bheith ann ina mbeidh deiseanna nua ag an saoránach forbairt chultúrtha agus shóisialta agus fás eacnamaíoch a dhéanamh" agus gheall siad go noibreoidís i dtreo "Aontais ina gcuirfí scoth an oideachais agus na hoiliúna ar dhaoine óga agus ina bhféadfaidís staidéar a dhéanamh agus poist a aimsiú ó cheann ceann na mór-roinne."

    Ina réiteach an 14 Meán Fómhair 2017 ‘maidir le todhchaí chlár Erasmus+’, chuir Parlaimint na hEorpa béim gur cheart go mbeadh an clár sa todhchaí dírithe faoi dheoidh ar gach duine óg agus gur cheart go léireofaí na huaillmhianta níos mórga sin don chéad chlárthréimhse eile i mbuiséad méadaithe ionas gur féidir acmhainneacht iomlán an chláir a dhíghlasáil.

    I gcomhthéacs an Chruinnithe Mhullaigh in Gothenburg an 17 Samhain 2017, rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhógairt go sollúnta agus a shíniú, ina leagtar amach, mar chéad phrionsabal de, go bhfuil an ceart ag cách ar oideachas, ar oiliúint agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus iad ar ardcháilíocht agus cuimsitheach d’fhonn scileanna a chothabháil agus a fháil ionas gur féidir leo rannpháirtiú go hiomlán sa tsochaí agus aistrithe sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil.

    Thug an Chomhairle Eorpach chun suntais ina conclúidí an 14 Nollaig 2017, an tábhacht de ghné shóisialta, oideachasúil agus chultúrtha bheartais an Aontais maidir le hEorpaigh a thabhairt le chéile agus ár dtodhchaí choiteann a fhabhrú, agus d’iarr sí ar Bhallstáit, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún, i gcomhréir lena ninniúlachtaí faoi seach, obair a chur i gcrích le cur le soghluaisteacht agus le malartuithe, lena náirítear trí chlár a bheidh neartaithe, níos cuimsithí agus sínte go suntasach.

    Thug an Coimisiún chun suntais ina Theachtaireacht an 14 Feabhra 2018 maidir le ‘Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua-aimseartha, nua d’Aontas a bhainfidh amach a spriocanna go héifeachtúil i dtaobh a thosaíochtaí sa tréimhse iar-2020’ 1 , go mbeidh ar bhuiséad an Choimisiún na gealltanais atá tugtha ag Ceannairí an Aontais a thabhairt i gcrích, lena náirítear cur chun feidhme iomlán Cholún Eorpach na gCeart, agus tacaíocht do dhaoine óga agus do shoghluaisteacht na saoránach Eorpach. Cuireadh béim sa Teachtaireacht ar an gcomhdhearcadh láidir maidir leis an ngá dlús a chur le soghluaisteacht agus le malartuithe, lena náireofar trí Erasmus+ a bheidh neartaithe go mór, cuimsitheach agus sínte, agus cuireadh béim freisin go dtugann an clár scileanna margaidh shaothair do dhaoine óga, go gcuireann sé feabhas ar thuiscint chultúrtha agus go neartaíonn sé inneach sóisialta an Aontais.

    Ina Theachtaireacht maidir le 'Buiséad nua-aimseartha le haghaidh Aontas a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn - an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2021-2027' 2 a glacadh an 2 Bealtaine 2018, mhol an Coimisiún "fócas “óige” níos láidre sa chéad chreat airgeadais eile. Is féidir é sin a bhaint trí dhúbláil a dhéanamh ar mhéid Erasmus+ (…), atá ar cheann de na scéalta ratha is sofheicthe de chuid an Aontais." Beidh fócas an Chláir nua "ar chuimsitheacht, agus chun teagmháil a dhéanamh le tuilleadh daoine óga ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Ligfidh sé sin do thuilleadh daoine óga bogadh go tír eile chun foghlaim nó obair a dhéanamh." Mhol an Coimisiún dá réir sin "clár Erasmus níos cumhachtaí a bheidh chomh mór le EUR 30 billiún i gcaitheamh na tréimhse". Molann sé fosta go mbeadh méid níos mó ná EUR 700 milliún san áireamh le haghaidh tionscnamh nua "DiscoverEU" a thabharfaidh an deis do dhaoine óga dul i dtaithí ar thíortha eile san Aontas.

    Gabhann an uaillmhian don chéad chlár eile (dá dtagraítear mar ‘an Clár’ ina dhiaidh seo) lámh le lámh le fís an Choimisiúin obair i dtreo Limistéar Oideachais Eorpach faoi 2025 de réir mar atá leagtha amach ina Theachtaireacht maidir le ‘Féiniúlacht Eorpach a Neartú trí Oideachas agus trí Chultúr’ an 14 Samhain 2017 3 . Is éard atá sa Limistéar Oideachais Eorpach "Eoraip nach gcuirfí bac ar fhoghlaim inti mar gheall ar theorainneacha. Mór-roinn ina bhfuil sé anois ina ghnáthnós seal a chaitheamh i mBallstát eile - chun críocha staidéir, foghlama agus oibre - agus anuas ar mháthair-theanga an duine, is norm é dhá theanga eile a labhairt. Mór-roinn ina bhfuil braistint láidir ag daoine ar a bhféiniúlacht féin mar Eorpaigh, ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus ar an éagsúlacht lena mbaineann". Beidh an Clár ina phríomhchomhpháirt ag tacú leis an obair i dtreo Limistéar Oideachais Eorpach.

    Is é an aidhm an Clár, a bhfuil seantaithí air, a threisiú i ngach catagóir foghlaimeoirí, beag beann orthu a bheith ag glacadh páirte san ardoideachas, san oideachas ginearálta, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus san oideachas aosach nó i bhfoghlaim neamhfhoirmiúil, i ngníomhaíochtaí óige agus i ngníomhaíochtaí lena mbaineann rannpháirtíocht ghníomhach. Chun inrochtaineacht an Chláir a mhéadú do líon níos leithne daoine aonair ní mór infheistíocht airgeadais níos mó a chur sa Chlár agus ina theannta sin, agus é seo thar a bheith tábhachtach, ní mór meascán beart, rialacha agus módúlachtaí rannpháirtíochta a úsáid ionas go mbeadh barainneachtaí scála indéanta, simpliú a thabhairt isteach chun an tualach riaracháin a mhaolú, agus dá réir sin bacainní ar shoghluaisteacht a bhaint agus cur le hábharthacht, tarraingteacht agus le carachtar cuimsitheach an Chláir. Is é an cuspóir líon na rannpháirtithe a mhéadú faoi thrí agus san am céanna bearta agus dreasachtaí cáilíochtúla a thabhairt isteach a chumasódh feabhas ar fhor-rochtain ar fhoghlaimeoirí a bhfuil líon níos lú deiseanna acu.

    Is gá go mbeadh na scileanna ag Eorpaigh atá de dhíth i sochaí atá ag éirí níos soghluaiste, ilchultúrtha agus digití. Tá gá soiléir ann dul i ngleic leis an dúshlán seo agus infheistiú i ngníomhaíochtaí lena soláthraítear, ó dhearcadh na foghlama ar feadh an tsaoil, an tacar ceart eolais, scileanna agus inniúlachtaí, lena náirítear teangacha, do dhaoine aonair. Cuideoidh sé sin chun cur lena nathléimneacht agus lena ninfhostaitheacht agus cothófar freisin comhtháthú sóisialta. Tá tuilleadh infheistíochtaí ag teastáil ón Eoraip freisin i scileanna digiteacha agus i réimsí réamhbhreathnaitheacha, amhail athrú aeráide, fuinneamh glan, intleacht shaorga, róbataic, anailís sonraí, ealaíona/dearadh, srl. Is réimsí ríthábhachtanacha iad sin go léir d'fhás inbhuanaithe agus do chomhtháiteacht na hEorpa sa todhchaí. Is féidir leis an gClár rannchuidiú bríoch a dhéanamh trí nuáil a spreagadh agus bearna eolais, scileanna agus inniúlachtaí na hEorpa a líonadh. Ligfidh bearta fócasaithe don Aontas lán a acmhainneachta maidir le nuáil, cruthaitheacht agus fiontraíocht a scaoileadh sa gheilleagar digiteach. Rannchuideoidh tacú le cultúr agus le cruthaitheacht san oideachas le hathléimneacht mhéadaithe na sochaí Eorpaí.

    Chun tionchar cáilíochtúil an chláir reatha a mhéadú, ba cheart go ndéanfadh an Clár sa todhchaí for-rochtain a dhéanamh ar bhonn níos mó agus níos fearr le daoine d’aoiseanna éagsúla agus ó chúlraí cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíocha éagsúla. Ba cheart go bhfaighidh sé for-rochtain orthu siúd a bhfuil líon níos lú deiseanna acu, lena náirítear daoine faoi mhíchumas agus imircigh mar aon le saoránaigh an Aontais a chónaíonn i limistéir iarghúlta. I gcás daltaí scoile, is eisceacht iad eispéiris soghluaisteachta foghlama go dtí seo. Maidir le mic léinn ardoideachais, oiliúnaithe, printíseachtaí, daoine óga i gcoitinne, ní féidir leis an gclár reatha an téileamh mór atá ag dul i méid ar rannpháirtiú i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama a shásamh. Dá réir sin, tá tuilleadh iarrachtaí ag teastáil ionas go mbeidh an Clár níos cuimsithí agus chun tuilleadh feabhais a chur ar an éifeachtúlacht lena mbaineann, ag cur leis na sár-thorthaí atá bainte amach ag cláir an Aontais sa réimse seo le tríocha bliana anuas. Déanfar é sin go háirithe trí ghníomhaíochtaí soghluaisteachta a mhéadú agus a éascú do mhic léinn scoile, d’fhoghlaimeoirí gairmiúla, do phrintísigh agus don óige. I gcás gach cineál gníomhaíochtaí soghluaisteachta, ba cheart leibhéal na tacaíochta deontais a bharrfheabhsú, lena náirítear trí dheontais níos airde do chatagóirí áirithe mac léinn agus foghlaimeoirí a áirithiú, agus soghluaisteacht ardoideachais san áireamh leis sin. Sínfear deiseanna soghluaisteachta don óige a rannpháirtíonn i ngníomhaíochtaí foghlama neamhfhoirmiúla chun for-rochtain a fháil ar thuilleadh daoine óga. Glacfar bearta chun daoine óga a spreagadh rannpháirtiú agus foghlaim conas rannpháirtíocht a ghlacadh sa tsochaí shibhialta, feasacht a mhúscailt faoi chomhluachanna an Aontais, daoine óga a thabhairt le chéile mar aon le cinnteoirí ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach, agus rannchuidiú leis an bpróiseas lánpháirtíochta Eorpach.

    Ba cheart don Chlár for-rochtain a dhéanamh fosta ar spriocghrúpa níos mó laistigh agus lastall den Aontas trí thuilleadh úsáid a bhaint as uirlisí faisnéise, cumarsáide agus teicneolaíochta, as soghluaisteacht chumaisc (comhcheangal de shoghluaisteacht fhisiciúil agus fhíorúil) agus de chomhar fíorúil. D’fhonn cuimsitheacht an Chláir a fheabhsú agus go háirithe chun dul i ngleic le riachtanais spriocghrúpaí áirithe, amhail foghlaimeoirí fásta, déanfar formáidí soghluaisteachta foghlama níos solúbtha a úsáid, amhail soghluaisteacht ghearrthéarma, ghrúpa nó fhíorúil a chur chun cinn. D'fhéadfaí na cleachtais is fearr maidir le cuimsiú i réimse an óige a fhorleathnú le réimsí eile freisin. Bheadh beart sonrach – comhpháirtíochtaí ar mhionscála - deartha chun rochtain ar an gClár a thabhairt d'eagraíochtaí nach bhfuil taithí acu nó gur beag an taithí atá acu ina leith nó a bhfuil cumas oibríochtúil níos lú acu, go háirithe le haghaidh eagraíochtaí ar leibhéal an phobail agus le haghaidh na neagraíochtaí sin a oibríonn le daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu.

    Rachaidh an Clár i ngleic le treochtaí uile-Eorpacha de rannpháirtíocht theoranta sa saol daonlathach agus leibhéil ísle eolais agus feasachta faoi chúrsaí Eorpacha a dhéanann tionchar ar shaol na saoránach Eorpach go léir. Bíonn drogall ar anchuid daoine, nó bíonn deacrachtaí acu, rannpháirtiú agus rannpháirtíocht a ghlacadh ar bhonn gníomhach ina bpobal féin nó i saol polaitiúil agus sóisialta an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, cé go mbraitheann 70 % d’Eorpaigh gur saoránaigh den Aontas Eorpach iad inniu, agus céatadán níos airde ná sin i measc na nglún níos óige, tá easpa feasachta agus tuisceana ann go forleathan maidir le cad atá san Aontas Eorpach, cén dóigh a oibríonn sé agus cad é an breisluach atá ann do na saoránaigh de 4 . Tá neartú na féiniúlachta Eorpaí agus ar rannpháirtíocht daoine óga i bpróisis dhlaonlathacha thar a bheith tábhachtach do thodhchaí an Aontais. Rannchuideodh an Clár le múscailt feasachta agus le heolas faoin Aontas Eorpach i measc níos mó daoine ná mar a tharla go dtí seo. Tá príomhról le himirt ag eagraíochtaí agus institiúidí atá gníomhach i réimsí an oideachais, na hoiliúna, an óige agus an spóirt maidir le forbairt an oideachais shibhialta agus maidir le forbairt eolais faoi chúrsaí an Aontais i gcoitinne. Nuair a amharctar ar thuiscint na nEorpach óg faoin Aontas Eorpach, is beag eolais atá acu seachas bunfhíricí 5 . Creideann beagnach naonúr as deichniúr daoine óga san Aontas gur cheart go mbeadh tuilleadh oideachais ar scoil faoi chearta agus faoi dhualgais mar shaoránach den Aontas 6 . San am céanna, tá an clúdach ar theagasc faoin Aontas Eorpach i gcuraclaim náisiúnta thar a bheith ilroinnte agus tá gné na rannpháirtíochta gníomhaí ar iarraidh den chuid is mó 7 . Tá gá ginearálta ann freisin daoine a spreagadh le bheith níos gníomhaí sa tsochaí agus iad toilteanach agus in inmhe rannpháirtíocht iomlán a ghlacadh sa tsochaí agus i saol daonlathach na hEorpa.

    Is ríthábhachtach comhar idirnáisiúnta idir eagraíochtaí i réimsí an oideachais, na hoiliúna, an óige agus an spóirt a thacú agus a éascú d’fhonn na cuspóirí a bhaint amach agus chun dul i ngleic leis na dúshláin ar a bhfuil cur síos thuas. Tá comhar idir eagraíochtaí agus institiúidí ina chatalaíoch le haghaidh bealaí nuálaíocha chun tacú le foghlaimeoirí ina bhforbairt phearsanta, oideachasúil agus ghairmiúil. Cruthaíonn sé éifeachtaí deimhniúla nithiúla do dhaoine aonair, mar shampla trí dhaoine a bhfuil tuilleadh príomhinniúlachtaí acu a chumhachtú, luathfhágáil ón scoil a laghdú, inniúlachtaí arna bhfáil trí hobair dheonach agus trí fhoghlaim neamhfhoirmiúil a aithint, gnóthachtáil ardoideachais a mhéadú nó athchóirithe Bologna a chur chun feidhme. Éascaíonn sé ciorclú smaointí agus tarchur na ndea-chleachtas agus an tsaineolais, ag rannchuidiú dá réir sin le hoideachas ardcháilíochta. Mar sin féin, tá déine agus acmhainneacht na ngníomhaíochtaí comhair arna spreagadh ag an Erasmus+ neamhleor, go háirithe i measc eagraíochtaí lena mbaineann méid níos lú agus eagraíochtaí pobail. Bíonn éagsúlacht i méid an chomhair ar fud na dtíortha agus na réigiún, ná ar fud earnálacha. Tá scóip feabhais ann maidir le rannpháirtiú scoileanna, bunaíochtaí foghlama d'aosaigh nó comhlachais óige. Cuireann an cás seo bac ar athchóirithe institiúideacha agus ar nuachóiriú oideachais, oiliúna agus córais óige ar leibhéal náisiúnta agus Eorpach.

    Is gné bhunúsach agus trasearnála í an ghné idirnáisiúnta den Chlár atá ábhartha le haghaidh soghluaisteachta, comhair agus le haghaidh gníomhaíochtaí dialóige beartais. Tá gá, go háirithe, soghluaisteacht agus comhoibriú idirnáisiúnta a threisiú le tríú tíortha - go háirithe le tíortha atá bainteach leis an bpróiseas méadaithe, le tíortha comharsanachta, tionsclaithe agus i mbéal a dtionsclaithe - d’fhonn tacú le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí san Eoraip dul i ngleic leis na dúshláin den saol domhandaithe. San am céanna, tá sé tábhachtach sineirgí a áirithiú le hionstraimí seachtracha an Aontais d’fhonn cuspóirí a bhearta seachtracha a shaothrú, agus chun rannchuidiú le forbairt an duine agus le forbairt institiúideach i dtríú tíortha, lena náirítear i dtíortha i mbéal forbartha agus chun teagmháil a dhéanamh le daoine óga, mar ghné ríthábhachtach chun sochaithe níos athléimní a fhorbairt agus iontaoibh idir cultúir a fheabhsú.

    Beidh ar an gClár dul i ngleic le roinnt saincheisteanna leathana a bhaineann le cláir uile an Aontais, amhail an gá rochtain ar an gClár a shimpliú don raon is leithne spriocghrúpaí (m.sh. rialacha agus nósanna imeachta riaracháin níos simplí, agus uirlisí ar líne barrfheabhsaithe) agus roghnú cáilíochtúil agus trédhearcach tionscadal a áirithiú, timthriall bainistíochta deontais cheart lena mbaineann rioscaí airgeadais íoslaghdaithe don Aontas. Ina theannta sin, ba cheart go simpleofaí modúlachtaí cur chun feidhme na sraithe idirnáisiúnta, d’fhonn inrochtaineacht an bhirt a mhéadú.

    Foráiltear leis togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe dá rún tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana

    Tá an Clár ar cheann de na hionstraimí cistithe faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 lena mbaineann an aidhm infheistiú i ndaoine, i gcomhtháthú sóisialta agus i luachanna. Is príomhionstraim é ar leibhéal an Aontais lena maoinítear gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais chun tacú le soghluaisteacht foghlama, comhoibriú agus forbairtí beartais nuálaíocha i réimsí maidir le hoideachas, oiliúint don óige agus spórt.

    Is é atá i gceist le beartais an Aontais sa réimse maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt; obair a dhéanamh chun Limistéar Oideachais Eorpach a bhaint amach, agus an creat straitéiseach foriomlán le haghaidh comhoibriú Eorpach sa réimse maidir le hoideachas agus oiliúint, agus na cláir oibre earnála fholuiteacha maidir leis an scoil, gairmoideachas agus gairmoiliúint, ardoideachas agus oideachas d’aosaigh a chur chun cinn, comhoibriú maidir le beartas óige a chur chun cinn faoi Straitéis Óige an Aontais 2019-2027 agus an ghné Eorpach i dtaobh spóirt a fhorbairt, go háirithe i spórt an phobail. Is príomhionstraim é an Clár chun tacú le cur chun feidhme na mbeartas sin de chuid an Aontais, ag rannchuidiú dá réir sin le fás inbhuanaithe, le poist agus le comhtháthú sóisialta agus an fhéiniúlacht Eorpach a neartú, de réir mar atá leagtha amach i gcuspóirí an Chláir.

    Go háirithe, tacóidh an Clár le (a) forbairt scoile agus le teagasc den scoth; (b) próiseas Chóbanhávan maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint; (c) clár oibre athnuaite an Aontais le haghaidh ardoideachais agus próiseas Bologna; (d) clár oibre athnuaite an Aontais um fhoghlaim d’aosaigh; (e) straitéis óige athnuaite an Aontais agus (f) plean oibre an Aontais le haghaidh spóirt. Ní mór do na beartais sin leanúint de bheith ag brath ar thacaíocht threisithe ó chur chuige comhtháite um fhoghlaim ar feadh an tsaoil de chuid an Chláir.

    Ina theannta sin, rannchuideoidh an Clár le cur chun feidhme an Chláir Oibre Scileanna Nua don Eoraip le gealltanas comhroinnte le haghaidh thábhacht straitéiseach scileanna chun poist, fás agus iomaíochas a chothabháil. Tacaíonn sé freisin na Ballstáit for-rochtain a fháil ar na spriocanna atá leagtha amach i nDearbhú Pháras maidir leis an tsaoránacht agus le luachanna coiteanna na saoirse, na caoinfhulaingthe agus an neamhidirdhealaithe a chur chun cinn tríd an oideachas ón 17 Márta 2015.

    Rannchuideoidh an Clár le Clár Oibre 2030 le haghaidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, go háirithe le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe uimhir 4 chun oideachas cuimsitheach agus cothromasach ar ardchaighdeán a áirithiú agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do chách.

    Comhsheasmhacht le beartais agus le cláir eile de chuid an Aontais

    Beidh an Clár comhsheasmhach agus comhlántach le hionstraimí eile an Aontais freisin, go háirithe ionstraimí an chomhair sheachtraigh 8 , Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE) 9 , Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus Cistí Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE). Cuirtear béim sa Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála Mheitheamh 2016 agus sa Chomhdhearcadh Eorpach um Fhorbairt a glacadh ag an gComhairle an 19 Bealtaine 2017 ar thábhacht an oideachais agus na forbartha daonna mar uirlisí chun dul i ngleic le hábhair imní a bhaineann le treochtaí daonlathacha lasmuigh den Aontas. Bíonn bearta i réimse an oideachais, na hoiliúna agus na mbeartas óige ríthábhachtach fosta chun dul i ngleic le dúshláin imirce agus chun bac a chur ar riosca radacaithe agus antoisceachais. I ndáil leis an méid sin, lorgfar sineirgí sa Chlár seo leis an gCiste Tearmainn agus Imirce agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí 10 . Tá comhlántachtaí féideartha tábhachtacha ann freisin idir cuspóirí agus idirghabhálacha an Chláir agus an clár a bheidh ann sa todhchaí maidir le Cearta agus Luachanna. Díríonn an ceann deireanach ar fheasacht saoránach a chur chun cinn agus a mhúscailt maidir lenar stair chomhchoiteann, agus ar rannpháirtíocht dhaonlathach na saoránach ar leibhéal an Aontais a fheabhsú.

    Socraíodh i dtogra an Choimisiúin don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 cuspóir níos uaillmhianaí do chuíchóiriú aeráide ar fud chláir uile an Aontais, le sprioc fhoriomlán de 25% de chaiteachas an Aontais chun rannchuidiú le cuspóirí aeráide. Rianófar rannchuidiú an chláir seo le baint amach na sprice foriomláine seo trí chóras marcóra aeráide an Aontais ar leibhéal cuí díchomhbhailithe, lena náirítear úsáid modheolaíochtaí níos cruinne áit a bhfuil siad ar fáil. Leanfaidh an Coimisiún ag cur na faisnéise sin i láthair ar bhonn bliantúil i dtéarmaí leithreasuithe tiomantais i gcomhthéacs an dréachtbhuiséid bhliantúil. Chun tacú le húsáid iomlán fhéidearthacht an chláir chun rannchuidiú le cuspóirí aeráide, iarrfaidh an Coimisiún bearta ábhartha a shainaithint ar fud phróisis ullmhúcháin, cur chun feidhme, athbhreithnithe agus meastóireachta an chláir.

    Beidh an Clár comhsheasmhach, agus ina chomhlántacht thábhachtach, le clár Eoraip na Cruthaitheachta sa todhchaí 11 . Beidh comhar idir institiúidí agus eagraíochtaí atá gníomhach i gcúrsaí oideachais, oiliúna agus óige, arna dtacú ag Erasmus, ina chúnamh daoine aonair a fheistiú leis an eolas, leis na scileanna agus leis na hinniúlachtaí is gá chun dul i ngleic leis na dúshláin shóisialta agus eacnamaíocha agus chun a bhféidearthacht le haghaidh nuála, cruthaitheachta agus fiontraíochta, go háirithe laistigh den gheilleagar digiteach a fhíorú. Beidh gníomhaíochtaí a bhaineann le hatreisiú ghnéithe uile na cruthaitheachta san oideachas agus lena bhfeabhsaítear na príomhinniúlachtaí aonair, ina bpríomhnasc idir an dá chlár i gcomhréir leis an gClár Oibre Nua um Chultúr 12 .

    I réimse an óige, beidh an Clár comhsheasmhach freisin, agus ina chomhlántacht, leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach trí chineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a thairiscint. Is é aidhm an Chóir Dhlúthpháirtíochta Eorpaigh rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí a fheabhsú trí ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ardcháilíochta inrochtana, cé go dtairgfidh Clár Erasmus arna mholadh cineálacha eile gníomhaíochtaí, amhail soghluaisteacht foghlama trasnáisiúnta, gníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige, bearta chun comhar a fheabhsú i measc eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí ag a bhfuil an aidhm tacú le forbairt beartas. Tá rialachas agus sásraí seachadta i gcomhchoiteann ag an dá chlár.

    I réimse an taighde agus na nuála, áiritheoidh an Clár sineirgí leis an gclár Fís Eorpach. Go sonrach, comhlánfaidh sé sin, nuair is cuí, tacaíocht an Chláir do thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, go háirithe a ghné taighde mar chuid de straitéisí nua comhpháirteacha, comhtháite fadtéarma agus inbhuanaithe a fhorbairt maidir le hoideachas, taighde agus nuáil.

    I réimse na scileanna digiteacha, comhlánfaidh an Clár don Eoraip Dhigiteach cur chuige leathan Erasmus+ i leith scileanna trí thacú le forbairt agus le gnóthú ardscileanna digiteacha a bhíonn ag teastáil le haghaidh teicneolaíochtaí úrscothacha a imlonnú amhail intleacht shaorga nó ríomhaireacht ardfheidhmíochta, i gcomhar le tionscail ábhartha.

    I gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuirfidh an Clár staid shainiúil na réigiún is forimeallaí san Aontas san áireamh agus déanfaidh sé iarracht a rannpháirtíocht i ngach beart den Chlár a mhéadú, lena náirítear na cinn a bhaineann le tríú tíortha.

    Díreoidh an Clár sa todhchaí ar fheidhmiú mar “fheithicil” chun tacú le formáidí luachmhara soghluaisteacht foghlama mar thaca le réimsí beartais eile an Aontais. Tabharfar beart nua isteach, faoi phríomhbheart 3, chun tacú le soghluaisteacht eagraíochtaí nó daoine aonair a ndírítear orthu go sonrach i réimsí beartais eile (m.sh. an earnáil rialachais phoiblí, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, fiontar, forfheidhmiú an dlí).

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Cumhdaítear beart an Aontais i réimse an oideachais, na hoiliúna, an óige agus an spóirt in Airteagal 165 agus in Airteagal 166 CFAE lena dtugtar inniúlacht tacaíochta don Aontas d’fhonn rannchuidiú le forbairt d'oideachas cáilíochta, beartas gairmoideachais agus gairmoiliúna agus beartas óige a chur chun feidhme agus saincheisteanna Eorpacha spóirt a chur chun cinn.

    Coimhdeacht

    Cé go bhfanann Ballstáit freagrach as inneachar agus as eagrú a gcuid beartas sna réimsí lena mbaineann, is é aidhm an Chláir seo tionscadail shoghluaisteachta agus chomhoibrithe thrasnáisiúnta agus idirnáisiúnta a threisiú, agus chun tacú le forbairtí beartais lena mbaineann gné Eorpach. Éascófar rochtain ar an gClár do ghníomhaithe beaga. I gcoitinne, tacóidh sé le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta ach, i gcásanna eisceachtúla, le gníomhaíochtaí náisiúnta freisin lena mbaineann gné láidir Eorpach, amhail gníomhaíochtaí maidir le téama Eorpach sonrach nó tosaíocht bheartais. Ligfidh sé sin d’eagraíochtaí a bhfuil cumas eagrúcháin níos ísle acu agus do rannpháirtithe nach bhfuil mórán taithí, nó taithí ar bith, acu, ar chomhar trasnáisiúnta, amhail eagraíochtaí pobail agus nuatheachtaithe, taithí a fháil den chéad uair ar rochtain ar chistí ón Aontas agus eolas a fháil ag féachaint do ghníomhaíochtaí comhair thrasnáisiúnta sa todhchaí.

    Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach go leordhóthanach mar gheall ar an ngné thrasnáisiúnta, an méid mór agus raon feidhme geografach leathan na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama agus comhair arna maoiniú, a gcuid éifeachtaí maidir le rochtain ar shoghluaisteacht foghlama agus i gcoitinne ar chomhtháthú an Aontais, agus mar gheall ar a ghné idirnáisiúnta atreisithe. De réir mar atá léirithe i measúnú lártéarma Erasmus+, ní leor scála ná méid thionscnaimh aonair institiúidí oideachais nó de Bhallstáit, agus ní bhíonn éifeacht uile-Eorpach acu cé go meastar iad a bheith éifeachtúil agus tairbhiúil ar leibhéal náisiúnta. I dtéarmaí raon feidhme, tá an tír aonair charnach agus an clúdach trasearnála teoranta i gcónaí i gcomparáid le clár reatha Erasmus+.

    Comhréireacht

    Cuimseoidh an togra seo na hearnálacha oideachais agus oiliúna go léir - scoileanna, gairmoideachas agus gairmoiliúint, ardoideachas agus oideachas d’aosaigh - an óige agus spórt i mbealach fócasaithe agus cuíchóirithe. Treiseoidh sé na bearta a bhfuil seantaithí orthu, a bhfuil fianaise a dtionchar i meastóireacht lárthéarma Erasmus+. Chun a thionchar a uasmhéadú, méadófar líon na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama agus comhair in earnálacha lena léireofar an fheidhmíocht is airde, chun freagairt ar an ardéileamh nach bhfuil freastal air go fóill agus chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhfuil cur síos orthu faoi roinn 1. Déanfar na bearta reatha a chuíchóiriú agus a athfhócasú (amhail foghlaim d’aosaigh, spórt agus Jean Monnet) ag cur thorthaí mheastóireacht lárthéarma chlár Erasmus+ 2014-2020 13 agus comhairliúcháin páirtithe leasmhara san áireamh. Cuirfear úsáid formáidí nua agus solúbtha chun cinn chun rochtain an Chláir a fhorleathnú (amhail comhar fíorúil, soghluaisteacht ghearrthéarma agus soghluaisteacht ghrúpa). Tabharfar líon teoranta beart nua isteach chun dul i ngleic le dúshláin nua agus le tosaíochtaí polaitiúla (amhail Ollscoileanna Eorpacha agus Jean Monnet i réimsí eile oideachais agus oiliúna). Breithnítear go bhfuil na bearta sin ar na cinn is oiriúnaí le go mbeadh an Clár níos cuimsithí agus níos éifeachtaí.

    Déanfar na feabhsúcháin a chomhtháthú in ailtireacht reatha an chláir agus úsáidfear na sásraí seachadta atá ann cheana chun leanúnachas agus cobhsaíocht uasta leis an gclár a bhí ann roimhe seo a áirithiú. Ní théann an tionscnamh seo lastall dá bhfuil riachtanach d’fhonn na cuspóirí arna saothrú a bhaint amach.

    An rogha ionstraime

    Tá an ionstraim atá beartaithe ina Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí siarghabhálacha/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Léirigh an mheastóireacht meántéarma thuasluaite ar chlár Erasmus+ 2014-2020, ina ndearnadh measúnú ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme an Chláir sa tréimhse 2014-2016 agus tionchar fadtéarma na gclár a tháinig roimhe sin, go soláthraíonn Erasmus+ reatha pacáiste uathúil torthaí sa réimse maidir le hoideachas, oiliúint, óige agus spórt agus go bhfuil anmheas ag páirtithe leasmhara agus ag an bpobal air. Aibhsíodh breisluach Eorpach láidir Erasmus+ agus na cláir a tháinig roimhe sin. Fuarthas amach sa mheastóireacht go raibh na cláir go léir roimhe sin a ndearnadh meastóireacht orthu thar a bheith éifeachtach ach go bhfuil Erasmus+ níos comhleanúnaí agus níos ábhartha gan a bheith níos éifeachtúla ach i bpáirt ná cláir a bhí ann roimhe. Ina theannta sin, aibhsíodh éifeachtaí deimhneacha nádúr comhtháite an Chláir lena gcuimsítear foghlaim i ngach ceann dá chomhthéacsanna agus ag gach céim saoil (loighic na foghlama ar feadh an tsaoil). Measadh freisin go raibh na modhanna cur chun feidhme soiléir agus oiriúnach don chuspóir.

    Léirigh an mheastóireacht roinnt réimsí feabhais, go háirithe:

    i dtéarmaí ábharthachta, léiríodh sa mheastóireacht an gá teagmháil níos fearr a dhéanamh le daoine aonair a bhfuil líon níos lú deiseanna ar fáil dóibh agus chun rannpháirtíocht eagraíochtaí beaga a éascú chun an clár a dhéanamh níos cuimsithí; chun bearta a atreisiú chun tuiscint ar chomhtháthú Eorpach agus ar mhuintearas leis an Eoraip a chothú, go háirithe i measc na nglún is óige;

    ó thaobh éifeachtachta de, ba cheart líon na ngníomhaíochtaí in earnálacha lena léirítear an fheidhmíocht is fearr, ach a bhfuil, go dtí seo, méid níos lú maoinithe faighte acu i gcomparáid le hearnálacha eile, a atreisiú mar shampla na hearnálacha scoile, gairmoideachais agus gairmoiliúna agus óige, a rannchuideoidh freisin le hatreisiú ghné chuimsitheach an Chláir;

    i dtéarmaí éifeachtúlachta, d’fhéadfaí na nósanna imeachta feidhmithe agus tuairiscithe a shimpliú a thuilleadh chun an tualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú agus na nósanna imeachta ar líne a bharrfheabhsú a thuilleadh.

    Tugtar san áireamh leis an togra seo na cinntí agus na moltaí le haghaidh feabhsúchán arna ndéanamh ag an meastóir seachtrach ag féachaint do chlár a thiocfaidh ina dhiaidh.

    Déantar tuilleadh cur síos ar phríomhthorthaí na meastóireachta meántéarma sa Mheasúnú Tionchair (féach roinn 1.3.1) agus is féidir teacht ar mhionthuairisc ar thorthaí agus ar mholtaí na meastóireachta sa doiciméad inmheánach oibre a ghabh leis an tuarascáil meastóireachta meántéarma 14 .

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Reáchtáladh comhairliúcháin phoiblí mhórscála agus comhairliúcháin le páirtithe leasmhara ó Shamhain 2016 agus feadh chuid mhaith de 2017 laistigh de chomhthéacs mheastóireacht meántéarma Erasmus+ i ngach tír lena mbaineann an clár 15 . Rinneadh é sin trí mheascán gníomhaíochtaí comhairliúcháin: agallaimh leathstruchtúrtha, suirbhéanna ar líne i measc thairbhithe an chláir, cásstaidéir agus comhairliúchán poiblí oscailte arna sheoladh an 28 Feabhra 2017 le haghaidh trí mhí d’fhonn tuairimí an phobail i gcoitinne agus na ngrúpaí go léir ar spéis leo é a bhailiú. Bailíodh sonraí agus tuairimí ó chomhlachtaí cur chun feidhme an Chláir agus ó neamhthairbhithe agus ó chomhlachtaí atá i gceannas ar chláir inchomparáide eile a chur chun feidhme. Rinneadh comhairliúcháin ad hoc le páirtithe leasmhara maidir le gníomhaíochtaí JeanMonnet agus Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn. Ar an iomlán, fuarthas breis agus milliún freagra ó na páirtithe leasmhara go léir.

    Chuir tíortha an chláir tuarascálacha náisiúnta isteach maidir leis an gcur chun feidhme agus an tionchar i dtaobh bhearta Erasmus+ a raibh orthu iad a bhainistiú ina gcríoch faoi seach.

    Léirigh na sonraí arna mbailiú le linn na gcomhairliúchán sin tacaíocht d’aon ghuth ó na Ballstáit, ó institiúidí foghlama agus ó rannpháirtithe le haghaidh an clár a neartú a thuilleadh agus cothabháil a dhéanamh ar chobhsaíocht agus ar leanúnachas an chláir i dtéarmaí na hailtireachta bunaidh agus na sásraí seachadta. Baineann na príomhréimsí feabhais sa todhchaí arna sainaithint le linn comhairliúchán leis an ngá na rialacha cláir a shimpliú a thuilleadh agus an tualach riaracháin a laghdú, eadhon maidir le bearta ardoideachais idirnáisiúnta díláraithe agus chun cuimsitheacht an chláir a fheabhsú. Moladh freisin an chomhroinnt idir na hearnálacha cláir a athbhreithniú i dtéarmaí maoinithe arna leithdháileadh agus líon na ngníomhaíochtaí dá thoradh sin ar fud na nearnálacha.

    Chuir na páirtithe leasmhara béim freisin gur cheart go bhfanfadh an clár sa todhchaí comhtháite agus tacaithe ag coincheap na foghlama ar feadh an tsaoil agus d’iarr siad tuilleadh nósanna imeachta agus próisis chun é a shimpliú – trí uirlisí ar líne a bharrfheabhsú agus solúbthacht an bhuiséid a mhéadú. Is saincheist é sin go háirithe maidir le bearta idirnáisiúnta an chláir sa réimse maidir le hardoideachas a bhainistítear ag na gníomhaireachtaí náisiúnta ar bhealach leithleach le haghaidh gach réigiún domhanda i modh atá ródhocht. D’iarr siad freisin go ndéanfar na sineirgí le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a atreisiú.

    Rinneadh comhairliúchán poiblí oscailte faoi leith 16 ón 9 Eanáir 2018 go 9 Márta 2018 sa chomhthéacs go ndéanfaí an chéad ghlúin de chláir airgeadais a ullmhú don tréimhse tar éis 2020, inter alia chun ionchuir a lorg maidir le clár na todhchaí a dhearadh.

    Dearbhaíodh sa chomhairliúchán sin go mbraitear clár Erasmus+ reatha mar cheann de na cláir is rathúla agus is ábhartha de chuid an Aontais. Chuir na páirtithe leasmhara béim láidir ar bhreisluach Eorpach Erasmus+ i gcomparáid le cláir náisiúnta chomhchosúla. Breithníodh go bhfuil ailtireacht chomhtháite agus modhanna bainistíochta an chláir cuí agus oiriúnach don fheidhm.

    I dtéarmaí phríomhdhúshláin an chláir sa todhchaí, dearbhaíodh sa chomhairliúchán sin torthaí na ngníomhaíochtaí de chomhairliúcháin a reáchtáladh roimhe sin (an gá for-rochtain a dhéanamh ar na spriocghrúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus chun rannpháirtíocht eagraíochtaí pobail agus nuatheachtaithe a éascú; leibhéal neamhleor maoinithe arna bhrath mar bhacainn ar an gclár lán a acmhainneachta a bhaint amach, an gá le haghaidh tuilleadh simplithe sna próisis feidhmithe agus tuairiscithe). D'aibhsigh páirtithe leasmhara freisin breisluach teoranta Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn.

    Maidir le cuspóirí an chláir sa todhchaí, chuir na páirtithe leasmhara béim ar an ngá tosaíochtaí a athfhócasú i dtreo tuilleadh cuimsithe sóisialta agus cothroime, oideachas agus oiliúint a nuachóiriú, mar aon le tuilleadh béime ar fhéiniúlacht Eorpach, ar shaoránacht ghníomhach agus ar rannpháirtíocht sa saol daonlathach. Thagair príomhtheachtaireachtaí na bpáirtithe leasmhara don mhéid a leanas; roghanna soghluaisteachta gearrthéarma feabhsaithe, deiseanna le haghaidh soghluaisteacht daltaí agus soghluaisteacht fheabhsaithe d’aosaigh, aitheantas frithpháirteach ar dhioplómaí, tuilleadh uirlisí fíorúla, tuilleadh tionscadal mionscála, buiséad méadaithe don chlár, naisc níos láidre a chothú le tíortha comharsanachta agus raon feidhme geografach a fhorleathnú le haghaidh comhar leis an gcuid eile den domhan, solúbthacht mhéadaithe, deiseanna sínte le haghaidh comhar trasearnála. D’iarr na páirtithe leasmhara tuilleadh sineirgí le Ciste Sóisialta na hEorpa agus feabhas ar scaipeadh agus ar shaothrú éifeachtach thorthaí an tionscadail.

    Tá comhairliúcháin na bpáirtithe leasmhara mionsonraithe sa mheastóireacht meántéarma thuasluaite agus sa Mheasúnú Tionchair (féach Iarscríbhinn II lena mbaineann).

    Saineolas seachtrach

    Bhraith an Coimisiún ar shaineolas de chonraitheoir seachtrach agus ar staidéir athbhreithnithe eile i gcomhthéacs mheastóireacht meántéarma thuasluaite an chláir.

    Ina Thuarascáil 17 , rinne an conraitheoir achoimriú ar thorthaí a mheastóireacht ar chlár Erasmus+ sa tréimhse 2014–2016 agus ar na cláir a bhí ann roimhe sin sa tréimhse 2007–2013. Chuimsigh an anailís earnálacha uile an chláir: oideachas, oiliúint, óige agus spórt mar aon le Jean Monnet agus Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn. Chuimsigh sé freisin gach ceann de na cineálacha beart a mhaoinítear. Ina theannta sin thairg an mheastóireacht meastóireacht fhócasaithe ar bheart atá á thriail faoi láthair faoin gclár, eTwinning Plus.

    Bhí an mheastóireacht struchtúraithe thart ar chúig chritéar mheastóireachta (ábharthacht, comhleanúnachas, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus breisluach an Aontais).

    Ina theannta sin, bhí an tuarascáil á tionlacain ag roinnt tuarascálacha neamhspleácha: meastóireacht ar Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn agus ar Jean Monnet, tuarascáil achoimre ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí oscailte 3 mhí a seoladh i mí Fheabhra 2017 agus sintéis ar Thuarascálacha na nÚdarás Náisiúnta.

    D'aithin an conraitheoir ina thuarascáil roinnt réimsí feabhais agus rinne sé moltaí gaolmhara. De réir mar atá luaite thuas cheana, rinne an Coimisiún féin leas a bhaint as na torthaí agus as na moltaí mar bhunús ina thuarascáil maidir le meastóireacht meántéarma chlár Erasmus+.

    Measúnú Tionchair

    Dhírigh an Measúnú Tionchair ar dhá rogha:

    (1)leanúint den chlár ina fhoirm reatha agus an buiséad reatha a cheartú chun imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas (AE-27) a chur san áireamh ar ionann é sin agus an mhais chriticiúil infheistíochta íosta sa réimse maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt ar leibhéal an Aontais le go mbeadh toradh dearfach fós ar an gclár. D’fhéadfaí roinnt gnóthachain éifeachtúlachta a thabhairt isteach trí roinnt beart atá ann cheana a chuíchóiriú agus a athfhócasú;

    (2)clár neartaithe, níos cuimsithí agus sínte mar aon le líon feabhsúchán a ligfeadh don chlár dul i ngleic ar bhonn níos fearr leis na dúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs na meastóireachta meántéarma agus comhairliúcháin ina dhiaidh sin, agus na forbairtí beartais is déanaí á dtabhairt san áireamh freisin.

    Clár neartaithe atá sa rogha tosaíochta arna sainaithint sa Mheasúnú Tionchair, i gcomhréir le Teachtaireacht thuasluaite an 2 Bealtaine 2018 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027.

    D'fhorbair an Measúnú Tionchair roinnt fo-roghanna, ag díriú ar na feabhsúcháin agus ar na hathruithe úire i gcomparáid leis an gclár reatha, agus an ailtireacht chláir chomhtháite agus na sásraí seachadta reatha a choimeád. Soláthraíodh rangú tosaíochta táscach de líon feabhsúchán agus athruithe úire ar féidir iad a chur chun feidhme i gcás méadú buiséadach measartha ar an gclár faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, cé go bhféadfaí cinn eile a chur chun feidhme ach amháin ar an gcoinníoll de mhéadú níos airde ar an mbuiséad foriomlán.

    D'fhéadfadh raon feidhme agus méid na mbeart maoinithe:

    fanacht cobhsaí le clúdach comhchosúil, le feabhsúcháin ó thaobh éifeachtúlachta agus simplithe de, trí bhearta áirithe a chuíchóiriú agus a athfhócasú, ag ligean do chlár chun obair chomh éifeachtach céanna agus a d'oibrigh sé le linn na clárthréimhse 2014-2020; nó

    sa chás go ndéantar clúdach an chláir a mhéadú, d’fhéadfaí raon feidhme agus méid na mbeart éagsúil atá ann cheana a mhéadú agus na gníomhaíochtaí nua arna sainaithint (lena náirítear na cinn atá dian ar chostas) a chur chun feidhme go hiomlán, ag leathnú an raon feidhme agus ag méadú bhreisluach Eorpach an Chláir.

    Breithníodh go raibh an dara togra ar an rogha bheartais is fearr le haghaidh na cúiseanna a leanas:

    Ó thaobh chuspóirí an chláir, freagraíonn an rogha bheartais tosaíochta ar an dóigh is fearr don ghá go mbeadh ionstraim ann a bhaineann amach cuspóirí iar-2020 an Aontais go héifeachtúil, go háirithe an gá cur le soghluaisteacht agus le malairtí i ngach catagóir foghlaimeoirí, agus an gá cur le hiarrachtaí for-rochtain a fháil ar na foghlaimeoirí agus líon níos lú deiseanna agus chun deiseanna comhoibrithe a mhéadú lena náirítear le haghaidh eagraíochtaí níos bige, agus dá réir sin Eorpaigh a thabhairt le chéile agus féiniúlacht Eorpach a neartú mar aon le tiomantas do chomhluachanna Eorpacha in amanna lena mbaineann pobalachas méadaitheach;

    Ó thaobh tosaíochtaí de, dearadh an rogha bheartais thosaíochta chun na bearta a ailíniú ar bhonn níos fearr leis na tosaíochtaí atá socraithe ar leibhéal an Aontais agus cuirtear an taiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara agus ón bpobal i gcoitinne san áireamh i gcomhthéacs na meastóireachta meántéarma agus fheachtas 30 bliana Erasmus. Cuimsíonn sé cuíchóiriú agus athfhócasú ar bhearta áirithe atá ann cheana. Mar shampla, díreofar roinnt beart go sonrach i dtreo gníomhaíochtaí a chothóidh forbairt d'inniúlachtaí i réimsí fadbhreathnaitheacha; Díreofar cinn eile ar chothú nuála maidir le hoideachas, oiliúint, óige agus spórt; Beidh gníomhaíochtaí Jean Monnet athfhócasaithe i bpáirt chun díriú isteach mar shampla ar dhaltaí i scoileanna, díreofar na bearta san earnáil um fhoghlaim d’aosaigh ar spriocghrúpa atá níos sainithe go sonrach (daoine ar bheagán oiliúna). San am céanna, atreisíonn an togra gné chuimsitheach an chláir trí bhearta áirithe a oiriúnú agus bearta nua a thabhairt isteach (amhail soghluaisteacht ghearrthéarma agus soghluaisteacht ghrúpa agus comhar fíorúil). Ina theannta sin, bunaíonn an rogha bheartais thosaíochta leibhéal áirithe solúbthachta d’fhonn tosaíochtaí éiritheacha a chur san áireamh mar aon le riachtanais a thagann chun cinn i gcaitheamh na clárthréimhse.

    Ó thaobh an tsásra seachadta, ligfidh an rogha bheartais thosaíochta lena mbaineann an aidhm an comhcheangal modhanna bainistíochta atá ann cheana – agus uathúil – de chuid chlár reatha Erasmus+ a chothabháil, bunaithe ar eispéireas deimhneach chur chun feidhme an chláir, de réir mar atá measta ag an meántéarma, ligfidh sí díriú isteach ar chur i gcrích agus ar fheidhmíocht agus an tualach riaracháin á íoslaghdú san am céanna. Leanfaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta arna mbunú i ngach ceann de na tíortha cláir a rannpháirtigh in Erasmus+ reatha (bainistíocht neamhdhíreach) de bheith i gceannas ar bhainistiú phríomhchuid na gcistí, .i. an chuid is mó díbh a dáileadh do bhearta soghluaisteachta agus comhair. Feistítear gníomhaireachtaí náisiúnta chun bainistiú a dhéanamh ar líon mór beart lena mbaineann méideanna measartha ísle a mbíonn gaireacht do na tairbhithe riachtanach, chun éagsúlacht na gcóras náisiúnta oideachais, oiliúna agus óige a oiriúnú, agus ailíniú i gcomhréir le tosaíochtaí náisiúnta. Choiméadfaí bainistíocht dhíreach le haghaidh roinnt beart sonrach 1) nach bhfuil mais chriticiúil buiséid le dílárú bainteach leo, 2) a bhfuil idirghabháil uile-Eorpach nó Dhomhanda riachtanach dóibh, 3) atá fós ag luathchéim ar leibhéal coincheapúil agus a bhfuil céim “phíolótach” de dhíth orthu sular féidir iad a dhílárú, nó 4) a bhfuil iomaíochas de dhíth ina leith bunaithe ar bharrfheabhas. Ina theannta sin, bunaíonn an rogha bheartais thosaíochta leibhéal áirithe solúbthachta d’fhonn tosaíochtaí agus riachtanais a thagann chun cinn i gcaitheamh na clárthréimhse ilbhliantúla a chur san áireamh.

    Tá an togra seo i gcomhréir go hiomlán leis an rogha bheartais thosaíochta.

    An 13 Aibreán 2018 d'eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach fara agúis 18 maidir leis an tuiscint gur cheart an dréachttuarascáil measúnaithe tionchair a oiriúnú d’fhonn na moltaí Boird a chomhtháthú i dtaobh roinnt príomhghnéithe. Dá thoradh sin, leasaíodh an tuarascáil d’fhonn:    

    (1)leag amach níos soiléire an réasúnaíocht, na gnóthachain éifeachtúlachta agus an breisluach chun leanúint de roinnt de na bearta atá molta agus chun iad a shíneadh, go háirithe maidir le bearta Jean Monnet, spóirt agus um fhoghlaim d’aosaigh;    

    (2)an anailís ar éifeachtacht agus ar ábharthacht tionscnamh nua a mhionsaothrú agus na bearta molta maidir le soghluaisteacht daltaí scoile a shoiléiriú; Tosaíocht na mbeart nua nó sínte atá molta a atreisiú agus na rioscaí féideartha agus na bealaí chun iad a mhaolú a thabhairt chun suntais ar dhóigh níos fearr;    

    (3)coincheap an chuimsithe agus na himpleachtaí lena mbaineann do chlár Erasmus a shoileiriú, agus na sineirgí féideartha le cláir agus le hionstraimí eile de chuid an Aontais sa todhchaí a mhionsaothrú a thuilleadh.

    Tá an tuairim agus na coigeartuithe arna gcur le tuarascáil an Mheasúnaithe Tionchair mionsonraithe a thuilleadh sa chéad Iarscríbhinn lena mbaineann.

    Simpliú

    I gcomhréir le cuspóirí trasearnála an chreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse i ndiaidh 2020, is é aidhm an togra an tualach le haghaidh tairbhithe agus comhlachtaí cur chun feidhme a laghdú. Déantar rialacha agus nósanna imeachta amhail roghnúcháin deontas, tuairisciú, monatóireacht agus rialú a ailíniú a mhéid agus is féidir maidir le rialacha agus nósanna imeachta atá comhchoiteann do na hionstraimí maoiniúcháin go léir, agus úsáidtear rialacha cothrománacha comhchoiteanna an Rialacháin Airgeadais 19 a mhéid agus is féidir. Cuideoidh simpliú agus cuíchóiriú ar tháscairí comhchoiteanna agus ar chritéir roghnúcháin an tualach atá go díreach ar thairbhithe agus ar ghníomhaireachtaí náisiúnta a laghdú. Ina theannta sin, laghdófar an tualach riaracháin do thairbhithe trí leas iomlán a bhaint as uirlisí ar líne feabhsaithe.

    Comhtháthfar feabhsúcháin agus athruithe úire in ailtireacht reatha an chláir agus úsáidfear na sásraí seachadta atá ann cheana. D’fhonn leanúnachas le clárthréimhse 2014-2020 a áirithiú a mhéid agus is féidir, bunófar nós imeachta éadrom agus comhréireach le haghaidh gníomhaireachtaí náisiúnta a athainmniú a bhí i gceannas ar chur chun feidhme an chláir ar leibhéal náisiúnta agus chun athainmniú a dhéanamh ar na comhlachtaí iniúchóireachta neamhspleácha a bhí freagrach as iniúchóireacht sa chlárthréimhse reatha. Is tairbhe de nós imeachta chomh éadrom sin le haghaidh struchtúir cur chun feidhme a ainmniú go saorfar acmhainní ar leibhéal náisiúnta in ullmhúcháin Chlár na chéad ghlúine eile.

    Is é aidhm an togra seo freisin ailtireacht an Chláir a shimpliú agus a chuíchóiriú a thuilleadh. I gcomhréir le moltaí na meastóireachta meántéarma, déanfar cuíchóiriú ar struchtúr chuid de na bearta chun spriocdhíriú orthu ar bhonn níos fearr agus forluití a sheachaint, mar shampla trí idirdhealú a dhéanamh idir comhpháirtíochtaí a dhíríonn ar nuáil agus ar comhpháirtíochtaí ar ionann a gcuspóir agus foghlaim fhrithpháirteach, comhar agus malartuithe dea-chleachtas. Ina theannta sin, cuirfear an chuid is mó de na bearta soghluaisteachta faoin bpríomhbheart céanna, ag athrú soghluaisteacht daltaí scoile ó phríomhbheart 2 (comhar i measc eagraíochtaí) go príomhbheart 1 (soghluaisteacht foghlama do dhaoine aonair). Eagrófar bearta an Chláir i gcomhréir le loighic ‘príomhbheart’, lena náirítear sa réimse spóirt, agus dá réir sin na dinimicí trasearnála go léir a éascú.

    Éascófar rochtain ar an gcéad Chlár eile le haghaidh eagraíochtaí níos bige, amhail eagraíochtaí pobail, nuatheachtaithe agus daoine a bhfuil sé deacair for-rochtain a dhéanamh orthu. Is féidir go ndíspreagfaí iarrthóirí féideartha mar gheall ar na nósanna imeachta iarratais agus mar gheall ar an ualach riaracháin a ghabhann le tionscadail an Aontais a bhainistiú. Cé go dtaitníonn úsáid roghanna costais agus deontais simplithe (cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidh) le hiarratasóirí, tá an maorlathas ina fhadhb mhór do chuid acu, go háirithe eagraíochtaí beagmhéide, mar shampla sna hearnálacha scoile, oideachais aosaigh agus óige. Cuirfear beart (comhpháirtíochtaí mionscála) chun feidhme sa togra seo agus í deartha go sonrach le haghaidh gníomhaithe mionscála dá leithéid, lena mbaineann leibhéal níos ísle de chritéir riaracháin agus de riachtanais i gcomparáid le tionscadail chomhair traidisiúnta eile, d’fhonn na bacainní iontrála ar an gclár a laghdú le haghaidh eagraíochtaí lena mbaineann cumas eagrúcháin níos ísle agus le haghaidh nuatheachtaithe. Tacóidh an beart sin freisin le formáidí solúbtha (atá trasnáisiúnta agus, i gcásanna eisceachtúla, gníomhaíochtaí náisiúnta lena mbaineann gné láidir Eorpach) lena ligtear d'eagraíochtaí for-rochtain a fháil ar dhaoine ag a bhfuil líon níos lú deiseanna.

    Rannchuideoidh comhtháthú scéimeanna soghluaisteachta sonracha an Aontais le gné láidir foghlama ó réimsí beartais eile sa Chlár le comhleanúnachas feabhsaithe cur chun feidhme, mar aon le simpliú breise agus gnóthachain éifeachtúlachta. Déanfaidh sé rochtain tairbhithe agus páirtithe leasmhara ar shoghluaisteacht foghlama níos éasca trí éirí níos gaire don smaoineamh go mbeadh ionad ilfhreastail ar fáil le haghaidh scéimeanna soghluaisteachta an Aontais trí Chlár Erasmus.

    Ina theannta sin, de réir mar atá fianaithe sa mheastóireacht meántéarma, tá gá ann an dóigh a chuirtear bearta idirnáisiúnta an chláir chun feidhme a shimpliú go suntasach. Faoi láthair, maoinítear roinnt codanna de na bearta seo ó cheithre ionstraim éagsúla um chomhar seachtrach an Aontais 20 agus ón gCiste Eorpach Forbraíochta. Simpleofar na bearta sin trí líon na nionstraimí comhair sheachtraigh a laghdú agus trí chuíchóiriú na nósanna imeachta le haghaidh cur chun feidhme ghníomhartha Erasmus faoi na hionstraimí sin a chláreagrú.

    Cearta bunúsacha

    Tá an togra go hiomlán i gcomhréir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais. Tugtar san áireamh sa togra seo go háirithe Airteagal 14 (an ceart chun oideachais), in Airteagal 15 (saoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh), Airteagal 21 (neamhidirdhealú), Airteagal 23 (comhionannas idir fir agus mná), Airteagal 24 (cearta an linbh), Airteagal 26 (daoine atá faoi mhíchumas a lánpháirtiú), Airteagal 31 (dálaí oibre cothroma agus córa) agus Airteagal 32 (toirmeasc ar leanaí a bheith ag obair agus cosaint daoine óga ag an obair) den Chairt.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    I gcomhréir le togra an Choimisiúin don chreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027, beidh an clúdach airgeadais le haghaidh an Clár a chur chun feidhme don tréimhse chéanna socraithe ag 30 000 000 000 EUR.

    Cuirtear tuilleadh sonraí maidir leis na himpleachtaí buiséadacha agus na hacmhainní daonna agus riaracháin atá riachtanach ar fáil sa Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leis an togra seo.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Déanfar feidhmíocht an Chláir a mhonatóiriú ar bhonn leanúnach, chun críocha bainistíochta, tuairiscithe agus cuntasachta, cumarsáide, feicseanachta agus úsáid na dtorthaí. Socrófar na heochairtháscairí feidhmíochta in Iarscríbhinn leis an Rialachán atá molta ach tá sé i gceist ag an gCoimisiún tuilleadh gníomhaíochtaí monatóireachta leanúnacha a chur i bhfeidhm, de réir mar atá mínithe i roinn 5.1 den Mheasúnú Tionchair. Is é an aidhm a bheidh ag na gníomhaíochtaí monatóireachta sin measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo an taschur agus spriocanna torthaí an Chláir a bhaint amach, agus chun na táscairí feidhmíochta sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma a rianú ar bhonn spriocanna agus tagarmharcálacha réamhshainithe.

    Ina theannta sin, déanfar tomhas ar na táscairí tionchair atá níos casta, níos uaillmhianaí agus níos fadtéarma líon teoranta uaireanta i gcaitheamh an timthrialla chláreagrúcháin, i gcomhthéacs de cheachtar de chleachtaí meastóireachta meántéarma agus ex-post foirmiúla chlár na todhchaí, nó trí staidéir agus trí shuirbhéanna neamhspleácha tiomanta a dhéanfaidh saineolaithe seachtracha. D'fhéadfaí roinnt suirbhéanna a úsáid chun tionchar cúise bhearta áirithe an Chláir a thomhas.

    Ina theannta sin, seachnóidh na socruithe monatóireachta agus meastóireachta, ina gcuirfear torthaí thuarascáil meastóireachta meántéarma chlár 2014-2020 Erasmus+, ualach neamhriachtanach ar bith a chur ar thairbhithe an Chláir agus ar na comhlachtaí cur chun feidhme maidir le líon agus minicíocht suirbhéanna, samplaí freagróirí, méid agus leibhéal castachta na sonraí arna mbailiú, srl.

    Rannchuideoidh na Ballstáit leis an bpróiseas mhonatóireachta agus mheastóireachta trína dtuarascálacha náisiúnta maidir le cur chun feidhme an chláir ina gcríoch.

    Déanfar meastóireachtaí i gcomhréir le mír 22 agus le mír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 21 , inar chomhaontaigh na trí institiúid gur cheart go dtabharfaí an bunús le haghaidh measúnuithe tionchair ar roghanna le haghaidh tuilleadh gnímh le meastóireachtaí ar reachtaíocht agus beartas atá ann cheana. Déanfaidh na meastóireachtaí measúnú ar éifeachtaí an chláir ar an talamh bunaithe ar na táscairí/spriocanna cláir agus ar mhionanailís ar a mhéid agus gur féidir a mheas go bhfuil an clár ábhartha, éifeachtach, éifeachtúil agus go dtugtar breisluach Eorpach imleor agus go bhfuil sé comhleanúnach le beartais eile an Aontais Eorpaigh. Beidh sna meastóireachtaí sin ceachtanna a foghlaimíodh chun aon easnaimh nó aon fhadhbanna a shainaithint nó aon phoitéinseal tuilleadh feabhais a dhéanamh ar na bearta nó ar a dtorthaí agus a núsáid/dtionchar a mhéadú a oiread is féidir.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Caibidil I – Forálacha Ginearálta: leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe an tábhar lena mbaineann, na sainmhíniúcháin ar théarmaí áirithe chun críocha an Rialacháin seo, mar aon le cuspóirí ginearálta agus sainiúla an Chláir. Is é aidhm an Chláir tacú le forbairt oideachasúil, ghairmiúil agus phearsanta daoine a bhaineann le réimsí oideachais, oiliúna, óige agus spóirt, san Eoraip agus lastall di, agus dá réir sin rannchuidiú le fás inbhuanaithe, le poist agus le comhtháthú sóisialta agus chun féiniúlacht Eorpach a neartú. Is príomhionstraim é chun tacú le cur chun feidhme bheartais an Aontais i réimse an oideachais, na hoiliúna, an óige agus an spóirt.

    Tá cuspóirí sainiúla sainithe le haghaidh gach ceann de na trí réimse beartais de chuid an Chláir (oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt).

    Tá gach ceann de na trí réimse beartais struchtúraithe thart timpeall ar thrí phríomhbhearta, ‘soghluaisteacht foghlama’ (príomhbheart 1), ‘comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí’ (príomhbheart 2) agus ‘tacaíocht d'fhorbairt beartais agus do chomhar’ (príomhbheart 3).

    Caibidil II – IV : sainaithnítear na bearta a thacófar leis an gClár i ngach réimse beartais agus faoi gach phríomhbheart, sna réimsí oideachais, oiliúna (Caibidil II), óige (Caibidil III) agus spóirt (Caibidil IV) faoi seach.

    Caibidil III – Forálacha Airgeadais: leagtar amach an clúdach buiséadach don Chlár le haghaidh na tréimhse 2021-2027 agus cineálacha maoinithe an Aontais atá beartaithe. EUR 30 000 000 000 atá sa phríomhmhéid tagartha. Tá foráil ann freisin go ndéanfar rannchuidiú airgeadais breise a dháileadh faoi na hionstraimí seachtracha. Socraítear roinnt méideanna nó tairseacha íosta le haghaidh bearta áirithe ionas gur féidir leis an reachtóir cur chun feidhme gnéithe éagsúla an Chláir a stiúradh.

    Caibidil VI – Rannpháirtíocht sa chlár : sonraítear cad iad na tríú tíortha ar féidir iad a bheith bainteach leis an gClár agus na coinníollacha faoinar féidir leo rannpháirtiú go hiomlán ann, i dteannta leis na Ballstáit. Ní mór do na tríú tíortha sin na coinníollacha go léir a leagtar síos leis an Rialachán seo ar na Ballstáit, amhail an oibleagáid gníomhaireacht náisiúnta a chur ar bun. Fós féin, is féidir le heagraíochtaí agus le daoine aonair ó thríú tíortha rannpháirtiú i gcuid de na bearta arna dtacú ag an gClár. Sainítear sa Chaibidil seo freisin roinnt rialacha sonracha is infheidhme do bhainistíocht dhíreach agus neamhdhíreach ag féachaint don Rialachán Airgeadais, go háirithe na haonáin ar féidir leo iarratas a chur isteach ar mhaoiniú agus maidir le rannpháirtiú saineolaithe sa choiste meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal [150(3)] den Rialachán Airgeadais.

    Caibidil VII – Cláreagrú, monatóireacht agus meastóireacht: leagtar amach na forálacha riachtanacha le haghaidh cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún chun cláir oibre agus cumhachtaí tarmligthe a ghlacadh chun na táscairí feidhmíochta a athbhreithniú nó a chomhlánú. Sonraítear leis na ceanglais ó thaobh monatóireachta, tuairiscithe agus meastóireachta de maidir le feidhmíocht an Chláir.

    Caibidil VIII – Faisnéis, cumarsáid agus scaipeadh sanntar na ceanglais le haghaidh na ngníomhaithe go léir lena mbaineann i dtaobh scaipeadh faisnéise, poiblíochta agus athleanúna maidir leis na bearta go léir arna dtacú faoin gClár.

    Caibidil IX – Córas bainistíochta agus iniúchóireachta: bunaítear an fhoráil maidir le bunú agus feidhmiú chomhlachtaí cur chun feidhme an Chláir. I dtéarmaí bainistíochta, is comhcheangal idir bainistíocht neamhdhíreach agus bainistíocht dhíreach an sásra seachadta atá molta. Cuireann an comhcheangal modhanna bainistíochta le struchtúir reatha an chláir reatha. Beidh na gníomhaireachtaí náisiúnta i gceannas ar bhainistiú thromlach mór chistí an Chláir.

    Caibidil VII – Córas Rialaithe: an córas maoirseachta is gá le háirithiú a dhéanamh go dtabharfar aird chuí ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais nuair a chuirtear bearta arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme.

    Caibidil XI – Comhlántacht le beartais, cláir agus cistí eile an Aontais : foráiltear go ndéanfar an Clár a chur chun feidhme chun comhsheasmhacht agus comhlántacht fhoriomlán an Chláir a áirithiú le beartais agus le hionstraimí eile an Aontais agus leis an bprionsabal go gcuirfear leis na cistí. Foráiltear rialacha sonracha chun foráil a dhéanamh maidir le comhlántachtaí idir an Clár agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

    Caibidil XII – Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha: leagtar amach na forálacha riachtanacha chun cumhachtaí tarmligthe a thabhairt don Choimisiún agus chun an taistriú idir cláir a áirithiú. Maidir leis an gCoiste is gá faoi Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 chun cabhrú leis an gCoimisiún glacadh le gníomhartha cur chun feidhme, is é sin an Coiste arna bhunú ag Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 lena mbunaítear an Clár Erasmus+. Leagtar amach sna forálacha críochnaitheacha dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe a bheidh ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát ón 1 Eanáir 2021.

    2018/0191 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear ‘Erasmus': clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 22 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 23 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)I gcomhthéacs athruithe meara agus móra arna spreagadh ag réabhlóid theicneolaíoch agus ag domhandú, is ríthábhachtach é infheistiú i soghluaisteacht foghlama, i gcomhar agus i bhforbairt ar bheartas nuálaíoch sna réimsí maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt chun sochaithe cuimsitheacha, comhtháite agus athléimneacha a chothú agus iomaíochas an Aontais a bhuanú, agus chun a bheith chun tairbhe do neartú na féiniúlachta Eorpaí agus chun Aontas níos daonlathaí a fhorbairt.

    (2)Chuir an Coimisiún a fhís i láthair ina Theachtaireacht maidir leis an bhFéiniúlacht Eorpach a Neartú trí Oideachas agus Cultúr an 14 Samhain 2017, obair chun Limistéar Oideachais Eorpach a bhunú faoi 2025, ina mbeadh foghlaim saor ó bhac teorainneacha; Mór-roinn ina mbeadh sé ina ghnáthnós seal a chaitheamh i mBallstát eile - chun críocha staidéir, foghlama agus oibre - agus anuas ar mháthair-theanga an duine, ba norm é dhá theanga eile a labhairt; Aontas ina bhfuil braistint láidir ag daoine ar a bhféiniúlacht féin mar Eorpaigh, ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus ar an éagsúlacht lena mbaineann. Sa chomhthéacs sin, chuir an Coimisiún béim ar an ngá clár Erasmus+, ar a bhfuil seantaithí, a neartú i ngach catagóir foghlaimeoirí atá cuimsithe leis cheana agus for-rochtain a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí a bhfuil líon níos lú deiseanna acu.

    (3)Léirítear tábhacht an oideachais, na hoiliúna agus na hóige do thodhchaí an Aontais i dTeachtaireacht an Choimisiúin an 14 Feabhra 2018 dar teideal “Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua-aimseartha nua lena mbaintear amach a thosaíochtaí don tréimhse iar-2020 go héifeachtúil” 24 , agus lena leagtar béim ar an ngá na gealltanais a rinne na Ballstáit ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Göteborg a chur i gcrích, lena náirítear trí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme go hiomlán 25 i dteannta lena chéad phrionsabal maidir le hoideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil. Leagann an Teachtaireacht béim ar an ngá cur le soghluaisteacht agus le malairtí, lena náirítear trí chlár cuimsitheach sínte atá neartaithe go mór, de réir mar a d’iarr an Chomhairle Eorpach ina chonclúidí an 14 Nollaig 2017.

    (4)Leagtar síos i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, a fógraíodh go sollúnta agus a síníodh an 17 Samhain 2017 ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún, mar chéad phrionsabal de, go bhfuil an ceart ag cách ar oideachas, ar oiliúint agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach d’fhonn scileanna a chothabháil agus a fháil ionas gur féidir leo rannpháirtiú go hiomlán sa tsochaí agus aistrithe sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil.

    (5)An 16 Meán Fómhair 2016 sa Bhratasláiv, leag ceannairí na seacht mBallstát is fiche béim ar a dtiomantas deiseanna níos fearr a chur ar fáil don óige. I nDearbhú na Róimhe a síníodh an 25 Márta 2017, gheall ceannairí na seacht mBallstát is fiche agus ceannairí na Comhairle Eorpaí, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin Eorpaigh go noibreoidís i dtreo Aontais ina gcuirfí scoth an oideachais agus na hoiliúna ar dhaoine óga agus ina bhféadfaidís staidéar a dhéanamh agus poist a aimsiú ó cheann ceann na mór-roinne; Aontas a chaomhnóidh ár noidhreacht chultúrtha agus a chuirfidh an éagsúlacht chultúrtha chun cinn.

    (6)Dearbhaíodh i dtuarascáil meastóireachta meántéarma chlár Erasmus+ 2014-2020 go raibh simpliú, cuíchóiriú agus sineirgí nach beag maidir le bainistiú an Chláir mar thoradh ar chruthú de chlár aonair maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt cé go bhfuil tuilleadh feabhsúchán riachtanach chun gnóthachain éifeachtúlachta Chlár 2014-2020 a chomhdhlúthú a thuilleadh. Sna comhairliúcháin don mheastóireacht meántéarma agus maidir le Clár na todhchaí, d’iarr na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara go láidir go mbeadh leanúnachas i raon feidhme, in ailtireacht agus i sásraí seachadta an Chláir, agus d’iarr siad roinnt feabhsúchán freisin, amhail cuimsitheacht an Chláir a mhéadú. Léirigh siad freisin lán a dtacaíocht le haghaidh an Clár a choimeád comhtháite agus paraidím na foghlama ar feadh an tsaoil mar bhonn taca leis. Chuir Parlaimint na hEorpa fáilte, ina Rún an 2 Feabhra 2017 maidir le cur chun feidhme Erasmus+, roimh struchtúr comhtháite an chláir agus d’iarr sí ar an gCoimisiún gné na foghlama ar feadh an tsaoil de chuid an chláir a shaothrú go hiomlán trí comhar trasearnála a chothú agus a spreagadh i gclár na todhchaí. Rinne na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara aibhsiú ar an ngá gné idirnáisiúnta láidir a choimeád sa Chlár agus í a shíneadh chuig earnálacha eile an oideachais agus na hoiliúna.

    (7)Dearbhaíodh na príomhthorthaí sin de bhun an chomhairliúcháin phoiblí oscailte faoi mhaoiniú ón Aontas sna réimsí maidir le luachanna agus soghluaisteacht agus cuireadh béim ar an ngá clár na todhchaí a iompú ina chlár níos cuimsithí agus chun leanúint ar aghaidh ag díriú tosaíochtaí ar chórais oideachais agus oiliúna a nuachóiriú agus tosaíochtaí a neartú maidir le féiniúlacht Eorpach a chothú, saoránacht ghníomhach agus rannpháirteachas sa saol daonlathach.

    (8)D’iarr an Coimisiún go gcuirfí fócas níos láidre ar “an óige” sa chéad chreat airgeadais eile ina Theachtaireacht maidir le “Buiséad nua-aimseartha le haghaidh Aontas a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn - an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027” 26 a glacadh an 2 Bealtaine 2018, go háirithe trí bhreis agus dúbailt a dhéanamh ar mhéid Chlár Erasmus+ 2014-2020, atá ar cheann de na scéalta ratha is sofheicthe de chuid an Aontais. Ba cheart go mbeidh fócas an Chláir nua ar chuimsitheacht agus chun for-rochtain a dhéanamh ar thuilleadh daoine óga a bhfuil líon níos lú deiseanna acu. Ba cheart go ligfidh sé sin do thuilleadh daoine óga bogadh go tír eile chun foghlaim nó obair a dhéanamh.

    (9)Sa chomhthéacs seo, tá sé riachtanach an clár maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt (an “Clár”) a bhunú a thiocfaidh i gcomharba ar chlár 2014-2020 Erasmus + a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 . Ba cheart nádúr comhtháite chlár 2014-2020 lena gclúdaítear foghlaim i ngach comhthéacs - foirmeálta, neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúil, agus ag gach céim den saol - a chothabháil chun rianta foghlama solúbtha a threisiú a ligfeadh do dhaoine aonair na hinniúlachtaí sin atá riachtanach chun dul i ngleic le dúshláin an aonú haois is fiche.

    (10)Ba cheart go mbeidh an Clár feistithe ionas go mbeidh sé ina rannchuiditheoir níos tábhachtaí le cur chun feidhme chuspóirí agus thosaíochtaí beartais an Aontais sa réimse maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt. Tá cur chuige comhleanúnach foghlama ar feadh an tsaoil lárnach chun na haistrithe éagsúla a mbeidh ar dhaoine dul i ngleic leo i gcaitheamh a saolré a bhainistiú. Chun an cur chuige sin a fhorbairt, ba cheart don chéad Chlár eile dlúthchaidreamh a chothabháil leis an gcreat straitéiseach foriomlán le haghaidh comhar idir bheartais an Aontais sa réimse maidir le hoideachas, oiliúint agus an óige, lena náirítear na cláir oibre beartais maidir le scoileanna, ardoideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúna agus foghlaim d’aosaigh, agus sineirgí nua a atreisiú agus a fhorbairt le cláir agus le réimsí beartais eile de chuid an Aontais atá gaolmhar.

    (11)Is príomhchomhpháirt é an Clár chun Limistéar Oideachais Eorpach a fhorbairt. Ba cheart go mbeadh sé feistithe chun rannchuidiú le comharba an chreat straitéisigh maidir le comhar in oideachas agus in oiliúint agus leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip 28 trí thiomantas comhroinnte maidir le tábhacht straitéiseach scileanna agus inniúlachtaí le haghaidh poist, fás agus iomaíochas a chothabháil. Ba cheart dó tacú leis na Ballstáit for-rochtain a fháil ar na spriocanna atá leagtha amach i nDearbhú Pháras maidir leis an tsaoránacht agus le luachanna coiteanna na saoirse, na caoinfhulaingthe agus an neamhidirdhealaithe a chur chun cinn tríd an oideachas 29 .

    (12)Ba cheart go mbeidh an Clár comhleanúnach le straitéis nua óige an Aontais Eorpaigh 30 , leis an gcreat um chomhar Eorpach i réimse na hóige don tréimhse 2019-2027, bunaithe ar Theachtaireacht an Choimisiúin an 22 Bealtaine 2018 maidir le “Dul i ngleic agus nascadh le daoine óga agus cumhacht a thabhairt dóibh: Straitéis Óige nua an Aontais Eorpaigh' 31 .

    (13)Ba cheart go gcuirfidh an Clár plean oibre an Aontais le haghaidh spóirt san áireamh ar chreat comhair é ar leibhéal an Aontais i réimse an spóirt do na blianta […] 32 . Ba cheart comhleanúnachas agus comhlántacht a áirithiú idir an plean oibre agus na bearta de chuid an Aontais faoin gClár i réimse an spóirt. Tá gá ann díriú go háirithe ar spóirt an phobail, ag cur san áireamh an ról tábhachtach a bhíonn ag spóirt gníomhaíocht fhisiciúil agus stíl bheatha shláintiúil, cuimsiú sóisialta agus comhionannas a chur chun cinn. Ba cheart go rannchuideodh an Clár luachanna comhchoiteanna Eorpacha, dea-rialachas agus ionracas i spórt, oideachas, oiliúint agus scileanna a chur chun cinn trí bhíthin spóirt.

    (14)Ba cheart go rannchuideodh an Clár le neartú chumas nuála an Aontais go háirithe trí thacú le gníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair lena gcothaítear forbairt inniúlachtaí i réimsí staidéir nó i ndisciplíneacha réamhbhreathnaitheacha amhail an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic, an tathrú aeráide, an comhshaol, an fuinneamh glan, intleacht shaorga, róbataic, anailísiú sonraí agus na healaíona/dearadh, chun cuidiú le daoine an teolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí atá ag teastáil don todhchaí a fhorbairt.

    (15)Ba cheart go náiritheoidh sineirgí le Fís Eorpach go núsáidfear na hacmhainní comhcheangailte ón gClár agus ó Chlár “Fís Eorpach” 33 chun tacú le gníomhaíochtaí atá tiomanta chun institiúidí ardoideachais Eorpacha a neartú agus a nuachóiriú. Go sonrach, comhlánfaidh Fís Eorpach, nuair is cuí, tacaíocht an Chláir do thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, go háirithe a ghné taighde mar chuid de straitéisí nua comhpháirteacha, comhtháite fadtéarma agus inbhuanaithe a fhorbairt maidir le hoideachas, taighde agus nuáil. Cuideoidh sineirgí le Fís Eorpach comhtháthú oideachais agus taighde in institiúidí ardoideachais a chothú.

    (16)Ba cheart go mbeidh an Clár níos cuimsithí trí fheabhas a chur ar a fhor-rochtain orthu siúd a bhfuil líon níos lú deiseanna acu, lena náirítear trí fhormáidí soghluaisteachta foghlama níos solúbtha, agus trí rannpháirtíocht eagraíochtaí beaga a chothú, go háirithe nuatheachtaithe agus eagraíochtaí pobail a oibríonn go díreach le foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste ó gach aoisghrúpa. Ba cheart formáidí fíorúla, amhail comhar fíorúil, soghluaisteacht chumaisc agus fhíorúil, a chur chun cinn chun for-rochtain a fháil ar thuilleadh rannpháirtithe, go háirithe orthusan a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus orthusan a mbeadh aistriú fisiciúil go tír eile seachas a dtír chónaithe ina bhacainn.

    (17)Thug an Coimisiún chun suntais ina Theachtaireacht maidir leis an bhFéiniúlacht Eorpach a neartú trí oideachas agus cultúr, ról lárnach an oideachais, an chultúir agus an spóirt saoránacht ghníomhach agus luachanna comhchoiteanna a chur chun cinn i measc na nglún is óige. Tá sé ríthábhachtach do thodhchaí na hEorpa agus ár sochaithe daonlathacha an fhéiniúlacht Eorpach a neartú agus rannpháirteachas gníomhach daoine aonair i bpróisis dhaonlathacha a chothú. Rannchuidíonn dul ar an gcoigríoch chun staidéar, foghlaim, obair a dhéanamh nó chun oiliúint a fháil nó chun rannpháirtiú i ngníomhaíochtaí óige agus spóirt le neartú na féiniúlachta Eorpaí seo i lán a héagsúlachta agus le neartú bhraistint an pháirteachais i bpobal cultúrtha agus chun saoránacht ghníomhach a chothú, i measc daoine ó gach aoisghrúpa. Ba cheart dóibh siúd atá páirteach i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta rannpháirtíocht a ghlacadh ina bpobail áitiúla agus chun rannpháirtiú i bpobail áitiúla a dtíre óstaí chun a dtaithí a chomhroinnt. Ba cheart tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le hatreisiú ghnéithe uile na cruthaitheachta maidir le hoideachas, oiliúint agus an óige agus feabhsú príomhinniúlachtaí aonair.

    (18)Ba cheart gné idirnáisiúnta an Chláir a threisiú agus é mar aidhm líon níos mó deiseanna a chur ar fáil maidir le soghluaisteacht, comhar agus idirphlé beartais le tríú tíortha nach bhfuil bainteach leis an gClár. Ag cur leis an rath ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ardoideachais agus óige idirnáisiúnta sna cláir a reáchtáladh roimhe seo sna réimsí maidir le hoideachas, oiliúint agus an óige, ba cheart na gníomhaíochtaí soghluaisteachta idirnáisiúnta a shíneadh le hearnálacha eile, amhail gairmoideachas agus gairmoiliúint.

    (19)Bhí rath ar ailtireacht bhunúsach chlár 2014-2020 i dtrí chaibidil - oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt – agus í struchtúraithe timpeall ar thrí phríomhbheart agus dá réir sin ba cheart cloí léi. Ba cheart feabhsúcháin a thabhairt isteach chun na bearta arna dtacú faoin gClár a chuíchóiriú.

    (20)Ba cheart go natreiseodh an Clár na deiseanna soghluaisteachta foghlama atá ann cheana, go háirithe sna hearnálacha sin ina bhféadfadh na gnóthachain éifeachtúlachta is mó a bheith ag an gClár, chun a fhor-rochtain a leathnú agus chun freastal ar an ardéileamh nach ndearnadh freastal air go fóill. Ba cheart é sin a dhéanamh go háirithe trí ghníomhaíochtaí soghluaisteachta do mhic léinn ardoideachais, do dhaltaí scoile agus d'fhoghlaimeoirí i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint a mhéadú agus a éascú. Ba cheart soghluaisteacht foghlaimeoirí aosaigh ar bheagán oiliúna a leabú i gcomhpháirtíochtaí comhair. Ba cheart deiseanna soghluaisteachta don óige a rannpháirtíonn i ngníomhaíochtaí foghlama neamhfhoirmiúla a fhairsingiú chun for-rochtain a fháil ar thuilleadh daoine óga. Ba cheart soghluaisteacht foirne maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt a atreisiú, ag tabhairt a héifeacht ghiarála san áireamh. I gcomhréir leis an bhfís d'fhíor Limistéar Oideachais Eorpach, ba cheart go dtreiseodh an Clár soghluaisteacht agus malairtí agus go gcuirfeadh rannpháirtíocht do mhic léinn chun cinn i ngníomhaíochtaí oideachasúla agus cultúrtha trí thacú le digitiú na bpróiseas, amhail an Cárta Mac Léinn Eorpach. D'fhéadfadh an tionscnamh seo a bheith ina chéim thábhachtach soghluaisteacht do chách a fhíorú, i dtosach trí institiúidí ardoideachais a chumasú tuilleadh mac léinn a sheoladh agus a fháil agus cáilíocht maidir le soghluaisteacht na mac léinn á feabhsú go fóill agus trí rochtain na mac léinn ar sheirbhísí éagsúla a éascú (an leabharlann, iompar, lóistín) sula sroicheann siad an institiúid ar an gcoigríoch.

    (21)Ba cheart go spreagfadh an Clár rannpháirtiú na nóg i saol daonlathach na hEorpa, lena náirítear trí thacú le tionscadail rannpháirtíochta do dhaoine óga chun dul i ngleic leis an sochaí shibhialta agus rannpháirtiú inti, feasacht a mhúscailt faoi luachanna comhchoiteanna Eorpacha lena náirítear cearta bunúsacha, daoine óga a thabhairt le chéile mar aon le cinnteoirí ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus an Aontais, agus rannchuidiú leis an bpróiseas lánpháirtíochta Eorpach.

    (22)Ba cheart go dtairgfí tuilleadh deiseanna do dhaoine óga tríd an gClár an Eoraip a fhionnachtaineadh trí eispéiris foghlama ar an gcoigríoch. Ba cheart go dtabharfaí an seans do dhaoine ocht mbliana déag d’aois, go háirithe iadsan a bhfuil líon níos lú deiseanna acu, eispéireas aonair nó grúpa gearrthéarma den chéad uair a bheith acu ar a bheith ag taisteal ar fud na hEorpa i gcreat de ghníomhaíocht oideachasúil neamhfhoirmiúil lena mbaineann an aidhm a mbraistint go mbaineann siad leis an Aontas Eorpach a chothú agus an éagsúlacht chultúrtha atá ann a fhionnachtaineadh. Ba cheart go sainaithneodh comhlachtaí sa Chlár atá i gceannas ar fhor-rochtain agus ar roghnú na rannpháirtithe agus na ngníomhaíochtaí tacaíochta chun gné foghlama an eispéiris a chothú.

    (23)Ba cheart go bhfeabhsódh an Clár foghlaim teangacha freisin, go háirithe trí úsáid fhorleathnaithe uirlisí ar líne, ós rud é go gcuireann ríomhfhoghlaim buntáistí breise ar fáil maidir le foghlaim teanga ó thaobh rochtana agus solúbthachta de.

    (24)Ba cheart go dtacódh an Clár le bearta a chuireann feabhas ar chomhar idir institiúidí agus eagraíochtaí atá gníomhach in oideachas, in oiliúint, leis an óige agus i spórt, ag tabhairt aitheantas dá ról lárnach i bhfeistiú daoine aonair leis an eolas, na scileanna agus leis na hinniúlachtaí is gá i ndomhan athraitheach agus chun an fhéidearthacht le haghaidh nuála, cruthaitheachta agus fiontraíochta a chomhlíonadh go cuí, go háirithe laistigh den gheilleagar digiteach.

    (25)D’iarr an Chomhairle Eorpach ina conclúidí an 14 Nollaig 2017 ar Bhallstáit, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún roinnt tionscnamh a chur ar aghaidh chun comhar Eorpach a chur ar leibhéal níos airde maidir le hoideachas agus oiliúint, lena náirítear trí theacht chun cinn na “nOllscoileanna Eorpacha” faoi 2024 a spreagadh, lena gcuimsítear líonraí ollscoileanna ón mbun aníos ar fud an Aontais. Ba cheart go dtacódh an Clár leis na hOllscoileanna Eorpacha sin.

    (26)D’iarr Communiqué Bruges 2010 tacaíocht ó bharrfheabhas gairme le haghaidh fás cliste agus inbhuanaithe. Tá sé intuigthe ó Theachtaireacht 2017 maidir leis An Nuálaíocht i Réigiúin na hEorpa a Neartú go ndéanfar gairmoideachas agus gairmoiliúint a nascadh le córais nuálaíocha, mar chuid de na straitéisí speisialaithe cliste ar leibhéal réigiúnach. Ba cheart go gcuirfidh an Clár na hacmhainní ar fáil chun freagairt ar na hiarrataí seo agus tacú le forbairt ardáin trasnáisiúnta d’Ionaid um barrfheabhas gairme a bheadh comhtháite go dlúth le straitéisí áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh fáis, nuála agus iomaíochais. Ba cheart go bhfeidhmeodh na hionaid um barrfheabhas sin mar spreagthóirí scileanna gairmiúla cáilíochta i gcomhthéacs de dhúshláin earnála, agus iad ag tacú san am céanna le hathruithe struchtúrtha ar an bhforiomlán agus le beartais shocheacnamaíocha san Aontas.

    (27)Chun úsáid gníomhaíochtaí um chomhar fíorúil a úsáid, ba cheart go dtacódh an Clár le húsáid níos córasaí d’ardáin ar líne amhail eTwinning, an Tairseach Oideachais Scoile, an RíomhArdán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip, Tairseach Eorpach na hÓige agus an tardán ar líne le haghaidh ardoideachais.

    (28)Ba cheart go rannchuideodh an Clár le héascú trédhearcachta agus aithint scileanna agus cáilíochtaí, anuas ar aistriú creidiúintí nó aonaid torthaí foghlama, chun dearbhú cáilíochta a chothú agus chun tacú le bailíochtú na foghlama neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúla, le bainistiú scileanna agus le treoir. Maidir leis seo, ba cheart go gcuirfeadh an Clár tacaíocht ar fáil do phointí teagmhála agus do líonraí ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais lena néascaítear malairtí trasEorpacha mar aon le forbairt bealaí foghlama solúbtha idir réimsí éagsúla oideachais, oiliúna agus óige agus ar fud socruithe foirmeálta agus neamhfhoirmeálta.

    (29)Ba cheart go gcuirfeadh an Clár acmhainneacht iar-rannpháirtithe Erasmus+ i gceann oibre agus go dtacódh sé go háirithe le gníomhaíochtaí de líonraí Alumni, d'ambasadóirí agus d’Eora-phiaraí, trí iad a spreagadh chun feidhmiú mar iolraitheoirí an Chláir.

    (30)Mar bhealach chun comhar a áirithiú le hionstraimí eile an Aontais agus chun tacú le beartais eile an Aontais, ba cheart deiseanna soghluaisteachta a thairiscint do dhaoine in earnálacha éagsúla na gníomhaíochta, amhail an earnáil phoiblí, talmhaíocht agus fiontar, ionas go mbeadh eispéireas foghlama ar an gcoigcríoch acu a ligfeadh dóibh, ag céim ar bith dá shaol, fás agus forbairt a dhéanamh ar bhonn gairmiúil agus pearsanta araon, go háirithe trí fheasacht ar a bhféiniúlacht Eorpach a fhorbairt agus tuiscint a fháil ar an éagúlacht chultúrtha Eorpach. Ba cheart go dtairgfeadh an Clár pointe iontrála do scéimeanna soghluaisteachta trasnáisiúnta an Aontais lena mbaineann gné láidir foghlama, ag simpliú na tairisceana de scéimeanna dá leithéid le haghaidh tairbhithe agus dóibh siúd a bhíonn rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin. Ba cheart méadú ó scála ar thionscadail Erasmus a éascú; ba ceart bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun cuidiú le tionscnóirí thionscadail Erasmus iarratas a chur isteach ar dheontais nó sineirgí a fhorbairt trí thacaíocht a thabhairt do na Cistí Struchtúrthacha agus Infheistíochta Eorpacha agus do na cláir a bhaineann le himirce, slándáil, ceartas agus saoránacht, sláinte agus cultúr.

    (31)Tá sé tábhachtach teagasc, foghlaim agus taighde a spreagadh i gcúrsaí um lánpháirtiú Eorpach, agus chun díospóireachtaí a chur chun cinn i dtaobh na gcúrsaí sin trí thacaíocht a thabhairt do ghníomhartha Jean Monnet i réimsí an ardoideachais ach ina theannta sin i réimsí eile an oideachais agus na hoiliúna. Tá sé thar a bheith tábhachtach in amanna nuair a thugtar dúshlán do na luachanna comhchoiteanna ar a mbunaíodh an tAontas, agus atá mar chuid d’ár bhféiniúlacht Eorpach, agus nuair a bhíonn leibhéil ísle rannpháirtíochta ag saoránaigh go ndéanfaí féiniúlacht Eorpach agus tiomantas a chothú. Ba cheart go leanfadh an Clár ar aghaidh ag rannchuidiú chun barrfheabhas i léann an chomhtháthaithe Eorpaigh a fhorbairt.

    (32)Tá tábhacht ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, agus léiriú air sin is ea é go rannchuideoidh an Clár seo le príomhshruthú na mbeart a dhéantar ar son na haeráide i mbeartais an Aontais agus le baint amach na sprice arb é atá ann 25% de caiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Sainaithneofar bearta ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhartha sin mar chuid de mheastóireacht méantéarma an Chláir.

    (33)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár arb éard a bheidh ann an príomhmhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is cuí Phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhoibriú in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais 34 ], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

    (34)Laistigh de bhunchlúdach le haghaidh bearta atá le bainistiú ag na gníomhaireachtaí náisiúnta i réimse an oideachais agus na hoiliúna, ba cheart miondealú ar an leithdháileadh íosta in aghaidh na hearnála (ardoideachas, oideachas scoile, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus oideachas aosaigh) a shainiú d’fhonn mais chriticiúil leithreasuithe a chinntiú chun an taschur agus na torthaí atá beartaithe a bhaint amach i ngach ceann de na hearnálacha sin.

    (35)Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. [leagan nua FR] (an “Rialachán Airgeadais”) 35 maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena náirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

    (36)Roghnófar na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo ar bhonn a fhónta agus atá siad cuspóirí sonracha na mbeart a bhaint amach agus torthaí a chur ar fáil, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus an riosca ionchais de neamhchomhlíonadh. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costas aonad, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, mar a thagraítear dó in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

    (37)Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad de Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bunú faoin gcomhaontú leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn ionstraimí airgeadais eile freisin. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach leis an Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach FrithChalaoise agus do Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú. Ba cheart go mbeidh rannpháirtíocht iomlán tríú tíortha sa Chlár faoi réir ag na coinníollacha atá leagtha síos i gcomhaontuithe sonracha a chlúdaíonn rannpháirtíocht na tríú tíre a bhaineann leis an gClár. Cuimsíonn rannpháirtíocht iomlán, ina theannta sin, an oibleagáid gníomhaireacht náisiúnta a chur ar bun agus cuid de bhearta an Chláir a bhainistiú ar leibhéal díláraithe. Ba cheart go mbeidh daoine aonair agus aonáin ó thríú tíortha nach bhfuil bainteach leis an gClár in ann rannpháirtiú i gcuid de bhearta an Chláir, de réir mar atá sainithe sa chlár oibre agus sna hiarrataí ar thograí a d'fhoilsigh an Coimisiún. D'fhéadfaí socruithe sonracha a chur san áireamh maidir le daoine aonair agus aonáin ó mhicreastáit Eorpacha agus an Clár á chur chun feidhme.

    (38)I gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “Comhpháirtíocht straitéiseach níos láidre agus athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí den Aontas” 36 , ba cheart go dtabharfadh an Clár staid shonrach na réigiún sin san áireamh. Déanfar bearta chun rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí a mhéadú i ngach beart. Ba cheart malairtí agus comhar soghluaisteachta idir daoine agus eagraíochtaí ó na réigiúin sin agus ó thríú tíortha, go háirithe a gcomharsana, a chothú. Déanfar faireachán agus meastóireacht ar bhearta dá leithéid ar bhonn rialta.

    (39)De bhun [déanfar an tagairt a nuashonrú de réir mar is cuí i gcomhréir le Cinneadh nua maidir le tíortha agus críocha thar learAirteagal 94 de Chinneadh 2013/755/CE ón gComhairle 37 ], tá daoine aonair agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ba cheart na srianta a bhíonn ann mar gheall ar iargúltacht na dtíortha nó na gcríoch sin a chur san áireamh agus an Clár á chur chun feidhme, agus déanfar faireachán agus meastóireacht ar bhonn rialta ar a rannpháirtíocht sa Chlár.

    (40)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ba cheart go nglacfadh an Coimisiún cláir oibre agus é sin a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart go leagfaí amach sa chlár oibre bliantúil na bearta is gá dá gcur chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir, leis na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana le haghaidh deontas, chomh maith leis na gnéithe eile go léir a éilítear. Ba cheart cláir oibre agus aon leasú a dhéantar orthu trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin.

    (41)De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 38 , is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéise arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus rórialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ba cheart go mbeadh táscairí sonracha, intomhaiste agus réalaíocha ar féidir tomhas a dhéanamh orthu thar thréimhse ama mar bhunús le haghaidh meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an láthair.

    (42)Ba cheart for-rochtain iomchuí, poiblíocht agus scaipeadh na ndeiseanna agus torthaí na mbeart a dtacaíonn an Clár leo a áirithiú ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus áitiúil. Ba cheart go mbraithfidh na gníomhaíochtaí for-rochtana, poiblíochta agus scaipthe ar chomhlachtaí cur chun feidhme an Chláir, lena náirítear, nuair is ábhartha, tacaíocht a fháil ó phríomhpháirtithe leasmhara eile.

    (43)Chun an chumarsáid leis an phobal i gcoitinne a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun sineirgí idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin a threisiú, ba cheart do na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhartha cumarsáide faoin Rialachán seo rannchuidiú freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chumhdach, ar an gcoinníoll go bhfuil siad sin bainteach le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo.

    (44)Chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach an úsáid is mó is féidir a bhaint as socruithe bainistíochta atá i bhfeidhm cheana. Ba cheart go gcuirfí cur chun feidhme an Chláir faoi iontaoibh an Choimisiúin, agus faoi iontaoibh gníomhaireachtaí náisiúnta. Más gá, agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, féadfaidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta céanna arna ainmniú do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a bheith i gceist anseo. Ba cheart go mbeadh raon feidhme na meastóireachta ar chomhlíonadh ex-ante teoranta do na ceanglais atá nua agus sonrach don Chlár, ach amháin mura bhfuil bunús leis, amhail i gcás easnaimh thromchúiseacha nó tearcfheidhmíochta ar thaobh na gníomhaireachta náisiúnta lena mbaineann.

    (45)Chun bainistíocht fhónta airgeadais agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i ngach tír rannpháirteach, ba cheart do gach údarás náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta a ainmniú. Más gá, agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, féadfaidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta céanna arna ainmniú do na bearta dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a bheith i gceist anseo.

    (46)Ba cheart do na Ballstáit féachaint le gach beart iomchuí a ghlacadh chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú ceart an Chláir. Áirítear leis sin teacht ar réiteach, nuair is féidir, agus gan dochar do acquis Schengen agus dlí an Aontais maidir le hiontráil agus cónaí náisiúnach tríú tíortha, ar fhadhbanna riaracháin a chruthaíonn deacrachtaí víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil. I gcomhréir le Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 , moltar do Bhallstáit nósanna imeachta meara um ligean isteach a bhunú.

    (47)Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil agus ar an leibhéal cuí gráinneachta. Ba cheart sonraí dá leithéid a chur in iúl don Choimisiún i slí a chomhlíonann na rialacha cosanta sonraí ábhartha.

    (48)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 .

    (49)Chun na ceanglais ar thairbhithe a shimpliú, ba cheart úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, costais aonaid agus as maoiniú ar ráta chomhréidh a mhéad agus is féidir. Ba cheart go gcuirfeadh na deontais shimplithe chun tacú le bearta soghluaisteachta an Chláir, de réir mar atá sainithe ag an gCoimisiún, costais mhaireachtála agus chothaithe na tíre óstaí san áireamh. Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag an gCoimisiún agus ag gníomhaireachtaí náisiúnta na dtíortha seolta na deontais shimplithe sin a choigeartú ar bhonn na gcritéar oibiachtúil, go háirithe le háirithiú go mbeadh rochtain ar fáil do dhaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu. I gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chomh maith chun na deontais sin a dhíolmhú ó aon chánacha agus tobhaigh shóisialta. Beidh feidhm ag an díolúine chéanna maidir le haonáin phoiblí nó phríobháideacha a dhámhann tacaíocht airgeadais den sórt sin do na daoine aonair lena mbaineann.

    (50)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 42 agus Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle 43 , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a chur ina gceart agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a fháil amach cibé ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, don Oifig Eorpach FrithChalaoise, do Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

    (51)Tá sé riachtanach comhlántacht na mbeart arna gcur i gcrích laistigh den Chlár le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit agus le gníomhaíochtaí eile an Aontais a áirithiú, go háirithe sna réimsí siúd maidir le hoideachas, cultúr, na meáin, an óige agus dlúthpháirtíocht, fostaíocht agus cuimsiú sóisialta, tionscal agus fiontar, talmhaíocht agus forbairt tuaithe le béim ar fheirmeoirí óga, ar chomhtháiteacht, ar bheartas réigiúnach agus ar chomhar agus ar fhorbairt idirnáisiúnta.

    (52)Cé gur lig an creat rialála atá ann cheana do na Ballstáit agus do na réigiúin sineirgí a bhunú sa tréimhse cláraithe roimhe seo idir Erasmus+ agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail cistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa, a thacaíonn freisin le forbairt cháilíochtúil na gcóras oideachais, oiliúna agus óige san Aontas, níor baineadh go leor tairbhe as an bhféidearthacht sin go dtí seo, a chuir teorainn le héifeachtaí córasacha tionscadal agus leis an tionchar ar bheartas. Ba cheart go dtarlódh cumarsáid agus comhar éifeachtach ar leibhéal náisiúnta idir na comhlachtaí náisiúnta atá i gceannas ar bhainistiú na nionstraimí éagsúla chun a dtionchar faoi seach a uasmhéadú. Ba cheart go mbeadh foráil sa chlár le haghaidh comhar gníomhach leis na hionstraimí sin.

    (53)D’fhonn táscairí feidhmíochta an Chláir a athbhreithniú nó a chomhlánú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaobh na hIarscríbhinne. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (54)Is iomchuí a áirithiú go gcuirfear deireadh ceart leis an gclár réamhtheachtaí, go háirithe maidir lena bheith ag leanúint de shocruithe ilbhliantúla maidir lena bhainistiú, amhail cúnamh teicniúil agus riaracháin a mhaoiniú. Ón 1 Eanáir 2021 amach, ba cheart, más gá, a áirithiú leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin go mbainisteofaí na bearta nach bhfuil tugtha chun críche faoin gclár réamhtheachtaí faoin 31 Nollaig 2020.

    (55)Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, is sprioc é de chuid an Rialacháin seo urraim iomlán a áirithiú do cheart an chomhionannais idir fhir agus mhná agus don cheart an neamhidirdhealaithe bunaithe ar inscne, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach, agus chun feidhmiú Airteagal 21 agus Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn.

    (56)Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Tá na rialacha sin leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, sholáthar, dhuaiseanna agus chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo chun freagracht gníomhaithe airgeadais a sheiceáil. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.

    (57)Ós rud é nach féidir le Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go cuí ach gur féidir, mar gheall ar a charachtar trasnáisiúnta, méid mór agus forleathan raon feidhme geografach na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair arna maoiniú, a éifeachtaí maidir le rochtain ar shoghluaisteacht foghlama agus i gcoitinne ar lánpháirtiú an Aontais, agus mar gheall ar a ghné idirnáisiúnta atreisithe, é a bhaint amach ar dhóigh níos fearr ar leibhéal an Aontais, is féidir leis an Aontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 5 de Chonradh an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    (58)Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a aisghairm ón 1 Eanáir 2021.

    (59)Chun leanúnachas a áirithiú maidir leis an tacaíocht cistithe arna soláthar faoin gClár, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Bunaítear leis an Rialachán seo clár maidir le beart an Aontais i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt ar a dtugtar "Erasmus +" (an "Clár").

    Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)ciallaíonn “foghlaim ar feadh an tsaoil” foghlaim i ngach foirm (foghlaim fhoirmeálta, neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúil) a tharlaíonn i ngach céim den saol, lena náirítear oideachas agus cúram na luathóige, oideachas ginearálta, gairmoideachas agus gairmoiliúint, ardoideachas, agus oideachas d’aosaigh, as a dtagann feabhas ar eolas, scileanna agus dearcthaí nó rannpháirtíocht sa tsochaí ó thaobh pearsanta, sibhialta, cultúrtha, sóisialta nó fostaíochtbhainteach de, lena náirítear seirbhísí comhairliúcháin agus treorach a chur ar fáil;

    (2)ciallaíonn "soghluaisteacht foghlama" bogadh go fisiceach go tír eile nach í an tír chónaithe í, d'fhonn staidéar, oiliúint nó foghlaim neamhfhoirmiúil nó neamhfhoirmeálta a ghabháil ar láimh; D'fhéadfadh sí a bheith á tionlacain ag bearta amhail tacaíocht agus oiliúint teanga nó a bheith comhlánaithe trí fhoghlaim ar líne agus trí chomhar fíorúil. I roinnt cásanna sonracha, d’fhéadfadh foghlaim trí úsáid uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a bheith i gceist léi;

    (3)ciallaíonn "foghlaim neamhfhoirmeálta" foghlaim dheonach a tharlaíonn lasmuigh d'oideachas foirmeálta agus d'oiliúint fhoirmeálta trí ghníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl trí ghníomhaíochtaí cuspóiriúla (i dtéarmaí cuspóirí, modhanna agus ama) agus lena mbaineann cineál éigin tacaíocht foghlama;

    (4)ciallaíonn "foghlaim neamhfhoirmiúil" foghlaim mar thoradh ar ghníomhaíochtaí laethúla a bhaineann le hobair, le teaghlach nó le fóillíocht agus nach bhfuil eagraithe ná struchtúraithe i dtéarmaí cuspóirí, ama nó tacaíochta foghlama; D'fhéadfadh sé a bheith neamhbheartaithe ó dhearcadh an fhoghlaimeora;

    (5)ciallaíonn "daoine óga" daoine atá idir trí bliana déag d'aois agus tríocha bliain d'aois;

    (6)ciallaíonn "spórt an phobail" spórt eagraithe a imríonn an lucht spóirt amaitéarach go háitiúil, agus spórt do chách;

    (7)Ciallaíonn “mac léinn ardoideachais” duine ar bith atá cláraithe ag institiúid ardoideachais, lena náirítear ar leibhéal gearr-timthriallach, baitsiléara, máistreachta nó dochtúireachta nó a choibhéis. Cuimsíonn sé céimithe nua freisin;

    (8)ciallaíonn “ball foirne” aon duine atá páirteach san oideachas, san oiliúint nó san fhoghlaim neamhfhoirmeálta, bíodh sé ar bhonn gairmiúil nó deonach, agus féadfaidh ollúna, múinteoirí, oiliúnóirí, ceannairí scoile, oibrithe don ógra, cóitseálaithe spóirt, baill foirne nach mbíonn ag plé go díreach leis an oideachas agus cleachtóirí eile atá rannpháirteach i gcur chun cinn na foghlama a bheith ar áireamh inti;

    (9)ciallaíonn “foghlaimeoir gairmoideachais agus gairmoiliúna” aon duine atá cláraithe ar chlár gairmoideachais nó oiliúna tosaigh nó leanúnach ar aon leibhéal ón dara leibhéal suas go dtí leibhéal iar-mheánoideachais. Áirítear leis rannpháirtíocht daoine aonair a chéimnigh amach le déanaí as cláir dá leithéid;

    (10)ciallaíonn “dalta scoile” aon duine atá cláraithe i gcáil foghlama ag institiúid lena soláthraítear oideachas ginearálta ag aon leibhéal ó chúram agus agus ó oideachas na luathóige go dtí oideachas na meánscoile uachtaraí, atá incháilithe chun rannpháirtiú sa Chlár, dar leis na húdaráis náisiúnta, ina gcríoch faoi seach;

    (11)ciallaíonn “oideachas aosach” aon chineál oideachais nach gairmoideachas é d’aosaigh i ndiaidh an oideachais tosaigh, is cuma é a bheith de chineál foirmeálta, neamhfhoirmeálta nó neamhfhoirmiúil;

    (12)ciallaíonn “tríú tír nach bhfuil bainteach leis an gClár” tríú tír nach bhfuil go hiomlán rannpháirteach sa Chlár ach a d’fhéadfadh a heintitis dhlíthiúla tairbhe eisceachtúil a bhaint as an gClár i gcásanna cuíúdaraithe atá chun leasa an Aontais;

    (13)ciallaíonn “tríú tír” tír nach Ballstát í;

    (14)ciallaíonn “comhpháirtíocht” comhaontú idir grúpa institiúidí nó eagraíochtaí chun comhghníomhaíochtaí agus comhthionscadail a chur i gcrích;

    (15)ciallaíonn "comhchéimeanna" clár comhtháite staidéir a chuireann dhá institiúid ardoideachais ar a laghad ar fáil a bhfuil teastas céime amháin mar thoradh air arna eisiúint agus arna shíniú ag gach ceann de na hinstitiúidí rannpháirteacha le chéile agus a aithnítear go hoifigiúil sna tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí rannpháirteacha;

    (16)baineann “idirnáisiúnta” le haon bheart lena mbaineann aon tríú tíre ar a laghad nach bhfuil bainteach leis an gClár;

    (17)ciallaíonn “comhar fíorúil” aon chineál comhair lena núsáidtear uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide;

    (18)ciallaíonn “institiúid ardoideachais” aon chineál institiúid ardoideachais ina dtairgtear, i gcomhréir le dlí nó cleachtadh náisiúnta, céimeanna aitheanta nó cáilíochtaí aitheanta eile ar chéim an oideachais threasaigh, is cuma pé ainm a chuirtear ar an mbunaíocht sin mar aon le haon chineál eile d'institiúid ardoideachais atá incháilithe chun rannpháirtiú sa Chlár dar leis na húdaráis náisiúnta, ina gcríocha faoi seach;

    (19)baineann “trasnáisiúnta” le haon bheart lena mbaineann dhá thír ar a laghad ar Ballstáit nó ar tríú tíortha iad atá bainteach leis an gClár;

    (20)ciallaíonn “gníomhaíocht um rannpháirtíocht óige” gníomhaíocht lasmuigh den scoil arna cur i gcrích ag grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga nó ag eagraíochtaí óga, agus a bhfuil cur chuige um fhoghlaim neamhfhoirmiúla mar thréithe di;

    (21)ciallaíonn "oibrí don ógra" gairmí nó saorálaí atá páirteach san fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus tacú le daoine óga maidir lena bhforbairt shochoideachasúil agus ghairmiúil phearsanta;

    (22)ciallaíonn "idirphlé struchtúrtha" an tidirphlé struchtúrtha le daoine óga agus le heagraíochtaí óige, is fóram do mhachnamh leanúnach frithpháirteach ar thosaíochtaí, ar chur chun feidhme agus ar an obair leantach a bhaineann le comhar Eorpach i réimse na hóige.

    (23)ciallaíonn "tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gclár" tríú tír is páirtí i gcomhaontú leis an Aontas trínar féidir léi a bheith rannpháirteach sa Chlár agus a chomhlíonann na hoibleagáidí uile a leagtar síos sa Rialachán seo maidir leis na Ballstáit.

    (24)ciallaíonn ‘eintiteas dlíthiúil’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlíthiúil agus a aithnítear mar eintiteas dlíthiúil faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir le hAirteagal 197(2)(c) den Rialachán Airgeadais;

    (25)ciallaíonn "daoine óga ar lú iad na deiseanna a bhíonn acu" daoine óga a bhfuil bacainní éigin orthu a chuireann cosc orthu rochtain éifeachtach a bheith acu ar dheiseanna faoin gClár ar chúiseanna eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha, geografacha nó ar chúiseanna sláinte, mar gheall ar chúlra imirceach nó toisc go bhfuil siad faoi mhíchumas nó go bhfuil deacrachtaí oideachais acu;

    (26)ciallaíonn “údarás náisiúnta” an túdarás atá i gceannas, ar leibhéal náisiúnta, ar fhaireachán agus ar mhaoirseacht ar bhainistiú an Chláir i mBallstát nó i dtríú tír atá bainteach leis an gClár;

    (27)ciallaíonn “gníomhaireacht náisiúnta” aon chomhlacht nó níos mó ná sin i mBallstát áirithe nó i dtríú tír atá bainteach leis an gClár atá i gceannas ar bhainistiú chur chun feidhme an Chláir ar leibhéal náisiúnta. D’fhéadfadh níos mó ná aon ghníomhaireacht náisiúnta a bheith ann i mBallstát áirithe nó i dtríú tír atá bainteach leis an gClár.

    Airteagal 3

    Cuspóirí an Chláir

    1.Is é aidhm an Chláir tacú le forbairt oideachasúil, ghairmiúil agus phearsanta daoine a bhaineann le réimsí oideachais, oiliúna, óige agus spóirt, san Eoraip agus lastall di, agus dá réir sin rannchuidiú le fás inbhuanaithe, le poist agus le comhtháthú sóisialta agus chun féiniúlacht Eorpach a neartú. Dá réir sin, beidh an Clár ina phríomhionstraim le haghaidh limistéar oideachais Eorpach a fhorbairt, a thacóidh le cur chun feidhme an chomhair straitéisigh Eorpaigh i réimse an oideachais agus na hoiliúna, anuas ar a chláir oibre earnála bhunúsacha, comhar um beartas óige a chur chun cinn faoi Straitéis Óige an Aontais 2019-2027 agus an ghné Eorpach i spórt a fhorbairt.

    2.Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

    (a)soghluaisteacht foghlama daoine aonair a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, barrfheabhas, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna;

    (b)soghluaisteacht foghlama neamhfhoirmiúil agus rannpháirtíocht i measc daoine óga a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse na hóige;

    (c)soghluaisteacht foghlama cóitseálaithe agus foirne spóirt a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí spóirt agus beartais spóirt.

    3.Saothrófar cuspóirí an Chláir trí na trí phríomhbheart a leanas:

    (a)soghluaisteacht foghlama (‘príomhbheart 1’);

    (b)comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí (‘príomhbheart 2’); agus

    (c)tacaíocht d'fhorbairt beartas agus do chomhar ('príomhbheart 3');

    Saothrófar na cuspóirí freisin trí bhearta Jean Monnet de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 7.

    Tá cur síos ar na bearta arna dtacú faoi gach príomhbheart leagtha amach i gCaibidil II (oideachas agus oiliúint), i gCaibidil III (an óige) agus i gCaibidil IV (spórt).

    CAIBIDIL II

    OIDEACHAS AGUS GAIRMOILIÚINT

    Airteagal 4

    Príomhbheart 1
    Soghluaisteacht foghlama

    I réimse an oideachais agus na hoiliúna, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 1:

    (a)soghluaisteacht san ardoideachas idir mhic léinn agus bhaill foirne;

    (b)soghluaisteacht i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint idir fhoghlaimeoirí bhaill foirne;

    (c)soghluaisteacht ar scoil idir dhaltaí agus bhaill foirne;

    (d)soghluaisteacht na mball foirne san oideachas aosach;

    (e)deiseanna foghlama teanga, lena náirítear na gníomhaíochtaí soghluaisteachta tacaíochta.

    Airteagal 5

    Príomhbheart 2
    Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

    I réimse an oideachais agus na hoiliúna, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 2:

    (a)comhpháirtíochtaí le haghaidh comhair agus malartuithe cleachtas, lena náirítear comhpháirtíochtaí mionscála chun rochtain leathan agus níos cuimsithí ar an gClár a chothú;

    (b)comhpháirtíochtaí barrfheabhais, go háirithe ollscoileanna Eorpacha, Ionaid um barrfheabhas gairme agus céimeanna máistreachta comhpháirteacha;

    (c)comhpháirtíochtaí um nuáil chun cumas nuála na hEorpa a neartú;

    (d)ardáin agus uirlisí ar líne le haghaidh comhar fíorúil, lena náirítear na seirbhísí tacaíochta le haghaidh eTwinning agus don ardán leictreonach le haghaidh foghlaim aosach san Eoraip.

    Airteagal 6

    Príomhbheart 3
    Tacaíocht d'fhorbairt beartas agus do chomhar

    I réimse an oideachais agus na hoiliúna, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 3:

    (a)ullmhú agus cur chun feidhme chláir oibre beartais earnála an Aontais maidir le hoideachas agus oiliúint, lena náirítear tacaíocht ó líonra Eurydice nó ó ghníomhaíochtaí eagraíochtaí ábhartha eile;

    (b)an tacaíocht d’uirlisí agus do bhearta an Aontais lena gcothaítear an cháilíocht, an trédhearcacht agus aitheantas ar inniúlachtaí, ar scileanna agus ar cháilíochtaí 45 ;

    (c)caidreamh beartais agus comhar le príomhpháirtithe leasmhara, lena náirítear líonraí uile-Aontais, eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse an oideachais agus na hoiliúna;

    (d)bearta a rannchuidíonn le cur chun feidhme cáilíochtúil agus cuimsitheach an Chláir;

    (e)comhar le hionstraimí eile an Aontais mar aon le tacaíocht do bheartais eile an Aontais;

    (f)gníomhaíochtaí scaipthe agus múscailte feasachta maidir le torthaí agus tosaíochtaí na mbeartas Eorpach agus maidir leis an gClár.

    Airteagal 7

    Bearta Jean Monnet

    Tacóidh an Clár le teagasc, le foghlaim, le taighde agus le díospóireachtaí maidir le cúrsaí lánpháirtíochta Eorpacha trí na bearta a leanas:

    (a)Beart Jean Monnet i réimse an ardoideachais;

    (b)Beart Jean Monnet i réimsí eile oideachais agus oiliúna;

    (c)tacaíocht a thabhairt do na hinstitiúidí seo a leanas a bhfuil aidhm leasa Eorpaigh á saothrú acu: an Institiúid Ollscoile Eorpach, Flórans, lena náirítear Scoil an Rialachais Thrasnáisiúnaigh; Coláiste na hEorpa (campais Bhrugge agus Natolin); an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí, Maastricht; Acadamh an Dlí Eorpaigh, Trier; an Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta Oideachais agus um Oideachas Cuimsitheach, Odense agus an tIonad Idirnáisiúnta d'Oiliúint Eorpach, Nice.

    CAIBIDIL III

    An tAos Óg

    Airteagal 8

    Príomhbheart 1
    Soghluaisteacht foghlama

    I réimse na hóige, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 1:

    (a)soghluaisteacht daoine óga;

    (b)gníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige;

    (c)gníomhaíochtaí DiscoverEU;

    (d)soghluaisteacht oibrithe óga.

    Airteagal 9

    Príomhbheart 2
    Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

    I réimse na hóige, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 2:

    (a)comhpháirtíochtaí le haghaidh comhair agus malartuithe cleachtas, lena náirítear comhpháirtíochtaí mionscála chun rochtain leathan agus níos cuimsithí ar an gClár a chothú;

    (b)comhpháirtíochtaí um nuáil chun cumas nuála na hEorpa a neartú;

    (c)ardáin agus uirlisí ar líne le haghaidh comhar fíorúil.

    Airteagal 10

    Príomhbheart 3
    Tacaíocht d'fhorbairt beartas agus do chomhar

    I réimse na hóige, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 3:

    (a)clár oibre beartas an Aontais maidir leis an óige a ullmhú agus a chur chun feidhme, le tacaíocht ó líonra Youth Wiki;

    (b)Uirlisí agus bearta an Aontais lena gcothaítear cáilíocht, trédhearcacht agus aitheantas ar inniúlachtaí agus ar scileanna, go háirithe trí Youthpass;

    (c)caidreamh beartais agus comhar le príomhpháirtithe leasmhara, lena náirítear líonraí uile-Aontais, eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse na hóige, idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh mar aon le tacaíocht d’Fhóram Eorpach na nÓg;

    (d)bearta a rannchuidíonn le cur chun feidhme cáilíochtúil agus cuimsitheach an Chláir;

    (e)comhar le hionstraimí eile an Aontais mar aon le tacaíocht do bheartais eile an Aontais;

    (f)gníomhaíochtaí scaipthe agus múscailte feasachta maidir le torthaí agus tosaíochtaí na mbeartas Eorpach agus maidir leis an gClár.

    CAIBIDIL IV

    An Spórt

    Airteagal 11

    Príomhbheart 1
    Soghluaisteacht foghlama

    I réimse an spóirt, tacóidh an Clár, faoi phríomhbheart 1, le soghluaisteacht na gcóitseálaithe spóirt agus na mball foirne.

    Airteagal 12

    Príomhbheart 2
    Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

    I réimse an spóirt, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 2:

    (a)comhpháirtíochtaí le haghaidh comhair agus malartuithe cleachtas, lena náirítear comhpháirtíochtaí mionscála chun rochtain leathan agus níos cuimsithí ar an gClár a chothú;

    (b)imeachtaí spóirt neamhbhrabúis lena mbaineann an aidhm gné Eorpach an spóirt an fhorbairt a thuilleadh.

    Airteagal 13

    Príomhbheart 3
    Tacaíocht d'fhorbairt beartas agus do chomhar

    I réimse an spóirt, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 3:

    (a)clár oibre beartas an Aontais maidir le spórt agus gníomhaíocht fhisiciúil a ullmhú agus a chur chun feidhme;

    (b)idirphlé beartais agus comhar le príomhpháirtithe leasmhara, lena náirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse an spóirt;

    (c)gníomhaíochtaí scaipthe agus múscailte feasachta maidir le torthaí agus tosaíochtaí an bheartais Eorpaigh agus maidir leis an gClár, lena náirítear duaiseanna agus dámhachtainí spóirt.

    CAIBIDIL V

    FORÁLACHA AIRGEADAIS

    Airteagal 14

    Buiséad

    1.Is é EUR 30 000 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021–2027.

    2.Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

    (a)EUR 24 940 000 000 le haghaidh beart i réimse an oideachais agus na hoiliúna, arna dháileadh mar seo a leanas:

    (1)ba cheart EUR 8 640 000 000 ar a laghad a dháileadh do bhearta ardoideachais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4 agus i bpointe (a) d’Airteagal 5;

    (2)ba cheart EUR 5 230 000 000 ar a laghad a dháileadh do bhearta gairmoideachais agus gairmoiliúna dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4 agus i bpointe (a) d’Airteagal 5;

    (3)ba cheart EUR 3 790 000 000 ar a laghad a dháileadh do bhearta oideachais scoile dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 4 agus i bpointe (a) d’Airteagal 5;

    (4)ba cheart EUR 1 190 000 000 ar a laghad a dháileadh do bhearta oideachais aosach dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 4 agus i bpointe (a) d’Airteagal 5;

    (5)EUR 450 000 000 do bhearta Jean Monnet dá dtagraítear in Airteagal 7;

    (b)EUR 3 100 000 000 do bhearta i réimse na hóige dá dtagraítear ó Airteagal 8 go hAirteagal 10 go huile;

    (c)EUR 550 000 000 do bhearta i réimse an spóirt dá dtagraítear ó Airteagal 11 go hAirteagal 13 go huile; agus

    (d)EUR 960 000 000 ar a laghad mar rannchuidiú le costais oibríochtaí na ngníomhaireachtaí náisiúnta.

    3.Anuas ar an gclúdach airgeadais de réir mar atá léirithe i mír 1, agus d’fhonn gné idirnáisiúnta an Chláir a chur chun cinn, cuirfear rannchuidiú airgeadais breise ar fáil de bhun Rialachán …/… [An Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta] 46 agus Rialachán …/… [IPA III] 47 , chun tacú le bearta a chuirtear chun feidhme agus a bhainistítear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Maoineofar an ranníocaíocht sin i gcomhréir leis na Rialacháin lena mbunaítear na hionstraimí sin.

    4.Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena náirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

    5.Gan dochar don Rialachán Airgeadais, féadfaidh caiteachas ar bhearta a d’eascraigh as tionscadail a áirítear sa chéad chlár oibre a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021.

    6.Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit sin. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den Airteagal sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh más féidir.

    Airteagal 15

    Cineálacha cistiúcháin ón Aontas Eorpach agus modhanna cur chun feidhme

    1.Cuirfear an Clár chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 61(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

    2.Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar.

    3.Féadfaidh ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh an baol a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in [Airteagal X de] Rialachán X [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].

    CAIBIDIL VI

    RANNPHÁIRTÍOCHT SA CHLÁR

    Airteagal 16

    Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

    1.Beidh an Clár oscailte do rannpháirtíocht ó na tríú tíortha seo a leanas:

    (a)Comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

    (b)tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna creatchomhaontuithe faoi seach agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    (c)tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna creatchomhaontuithe faoi seach agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    (d)tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll

    go náirithíonn an comhaontú cothromaíocht i dtaca le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach i gclár an Aontais;

    go leagtar síos coinníollacha do rannpháirtíocht sna cláir, lena náirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

    nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh maidir leis an gClár;

    go ráthaítear cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

    2.Beidh na tíortha dá dtagraítear i mír 1 go hiomlán rannpháirteach sa Chlár chomh fada agus go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí go léir dá bhforchuirtear ar Bhallstáit leis an Rialachán seo.

    Airteagal 17

    Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

    Maidir leis na bearta dá dtagraítear ó Airteagal 4 go hAirteagal 6 go huile, pointe (a) agus (b) d’Airteagal 7, agus ó Airteagal 8 go hAirteagal 10 go huile, Airteagal 12 agus Airteagal 13, d’fhéadfadh an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht ó na tríú tíortha a leanas:

    (a)tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 16 nach gcomhlíonann an choinníoll atá leagtha amach i mír 2 den Airteagal sin;

    (b)aon tríú tír eile.

    Airteagal 18

    CAIBIDIL 2 Rialacha is infheidhme maidir le bainistiú díreach agus bainistiú indíreach

    1.Beidh an Clár oscailte d’eintitis dhlíthiúla phoiblí agus phríobháideacha atá gníomhach sna réimsí maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus sport.

    2.Tráth a bheidh an Clár á gcur i bhfeidhm, inter alia maidir le roghnú na rannpháirtithe agus dámhachtain na scoláireachtaí, ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, áiritheoidh siad go ndéanfar iarrachtaí ar leith chun cuimsiú sóisialta agus rannpháirtíocht daoine a bhfuil riachtanais speisialta nó a bhfuil níos lú deiseanna acu a chur chun cinn.

    3.Le haghaidh roghnúchán faoi bhainistíocht dhíreach agus neamhdhíreach araon, d’fhéadfadh an coiste meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal [145(3), an tríú fleasc] den Rialachán Airgeadais a bheith comhdhéanta as saineolaithe seachtracha.

    4.Comhlachtaí poiblí, mar aon le scoileanna, le hinstitiúidí ardoideachais agus le heagraíochtaí i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt a bhfuil os cionn 50 % dá nioncam bliantúil faighte acu ó fhoinsí poiblí le dhá bhliain anuas, measfar go bhfuil an cumas airgeadais, gairmiúil agus riaracháin riachtanach acu chun gníomhaíochtaí faoin gClár a chur i gcrích. Ní bheidh sé de cheangal orthu doiciméid eile a chur ar fáil chun an cumas sin a léiriú.

    5.D’fhonn rochtain do dhaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu a fheabhsú agus cur chun feidhme réidh an Chláir a áirithiú, d’fhéadfadh an Coimisiún coigeartú a dhéanamh nó údarú a thabhairt do na gníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23 coigeartú a dhéanamh, ar bhonn na gcritéar oibiachtúil, ar na deontais chun tacú le bearta soghluaisteachta an Chláir.

    6.Féadfaidh an Coimisiún iarraidh i gcomhar le tríú tíortha nach bhfuil bainteach leis an gClár nó lena gcuid eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a sheoladh chun tionscadail a mhaoiniú ar bhonn cistí comhfhreagracha. Féadfar meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail agus iad a roghnú trí chomhnósanna imeachta meastóireachta agus roghnúcháin atá le comhaontú ag na gníomhaireachtaí cistiúcháin lena mbaineann, i gcomhlíonadh na bprionsabal atá leagtha amach i Rialachán XX/2012 [an Rialachán Airgeadais].

    CAIBIDIL VII

    CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ agus MEASTÓIREACHT

    Airteagal 19

    Clár oibre

    Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal [108] den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme. Ina theannta sin, tabharfar le fios sa chlár oibre an méid a leithdháilfear ar gach beart agus maidir le dáileadh na gcistí idir na Ballstáit agus tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár i gcás na mbeart atá le bainistiú tríd an ngníomhaireacht náisiúnta. Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31.

    Airteagal 20

    Faireachán agus tuairisciú

    1.Leagtar amach san Iarscríbhinn na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

    2.Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 30, chun an Iarscríbhinn a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

    3.Áiritheoidh an córas tuairiscithe feidhmíochta go mbaileofar na sonraí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar mheas an Chláir go héifeachtúil, go héifeachtach, go tráthúil agus ar leibhéal mionsonraí cuí ag tairbhí chistí an Aontais de réir bhrí Airteagal [2(5)] den Rialachán Airgeadais. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus (nuair is ábhartha) ar Bhallstáit.

    Airteagal 21

    Meastóireacht

    1.Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

    2.Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir. Beidh sé á thionlacain freisin ag meastóireacht deiridh ar an gclár réamhtheachtaí.

    3.Gan dochar do na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil VII agus do dhualgais na ngníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Aibreán 2024 maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Chláir ina gcríocha faoi seach.

    4.I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

    5.Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

    CAIBIDIL VIII

    FAISNÉIS, CUMARSÁID AGUS SCAIPEADH

    Airteagal 22

    Faisnéis, cumarsáid agus scaipeadh torthaí

    1.Ba cheart do na gníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24 straitéis chomhsheasmhach a fhorbairt maidir le for-rochtain éifeachtach agus maidir le scaipeadh agus saothrú thorthaí na ngníomhaíochtaí arna dtacú faoi na bearta ar a ndéanann siad bainistiú laistigh den Chlár, agus ba cheart dóibh cuidiú leis an gCoimisiún sa tasc ginearálta um fhaisnéis faoin gClár a scaipeadh, lena náirítear faisnéis maidir le bearta agus gníomhaíochtaí arna mbainistiú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus na torthaí lena mbaineann, agus tabharfaidh faisnéis do spriocghrúpaí ábhartha faoi na beart agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ina dtír.

    2.Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe, go háirithe nuair a bhíonn na bearta agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

    3.Is é "Erasmus+" an tainm branda a mbainfidh na comhlachtaí poiblí agus príobháideacha sna hearnálacha a chumhdaítear leis an gClár feidhm astu chun críche an fháisnéis a bhaineann leis an gClár a chur in iúl agus a eisiúint.

    4.Cuirfidh an Coimisiún bearta faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár chun feidhme, mar aon leis na bearta agus na torthaí lena mbaineann. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

    CAIBIDIL IX

    CÓRAS BAINISTÍOCHTA AGUS INIÚCHÓIREACHTA

    Airteagal 23

    Údarás náisiúnta

    1.Laistigh de 22 Eanáir 2014, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún trí fhógra fhoirmiúil arna sheachadadh ag a mBuanionadaíocht an duine (na daoine) atá údaraithe de réir an dlí chun gníomhú thar a gceann mar an údarás náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo. I gcás chur in ionad an údaráis náisiúnta le linn ré an Chláir, cuirfidh an Ballstát ábhartha an Coimisiún ar an eolas faoi láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

    2.Déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú ceart an Chláir, lena náirítear, i gcás inar féidir sin, bearta atá dírithe ar réiteach saincheisteanna as a neascraíonn deacrachtaí chun víosaí a fháil.

    3.Faoin ... , ainmneoidh an túdarás náisiúnta gníomhaireacht náisiúnta nó gníomhaireachtaí náisiúnta. I gcásanna gurb ann do níos mó ná gníomhaireacht náisiúnta amháin, bunóidh na Ballstáit sásra cuí chun cur chun feidhme an Chláir ar an leibhéal náisiúnta a bhainistiú ar bhealach comhordaithe, go háirithe d'fhonn cur chun feidhme an Chláir a bheadh comhtháite agus éifeachtúil ó thaobh costas de a áirithiú agus teagmháil éifeachtach leis an gCoimisiún a áirithiú maidir leis sin, agus d'fhonn a éascú go bhféadfaí cistí a aistriú idir gníomhaireachtaí, agus ar an gcaoi sin foráil do sholúbthacht agus d'úsáid níos fearr a bhaint as na cistí a leithdháiltear ar na Ballstáit. Gan dochar d'Airteagal 29(3), cinnfidh gach Ballstát conas a eagróidh sé an caidreamh atá aige idir a údarás náisiúnta agus an ghníomhaireacht náisiúnta, lena náirítear cúraimí amhail clár oibre bliantúil na gníomhaireachta náisiúnta a bhunú.
    Cuirfidh an túdarás náisiúnta measúnú ex-ante comhlíonta oiriúnach ar fáil don Choimisiún lena gcuirfear in iúl go gcomhlíonann an túdarás náisiúnta pointí (c)(v) agus (vi) d'Airteagal 58(1) agus Airteagal 60(1), (2) agus (3) de Rialachán Uimh.966/2012 agus le hAirteagal 38 dá Rialachán Tarmligthe Uimh.1268/2012 ón gCoimisiún(20)chomh maith le ceanglais an Aontais i ndáil le caighdeáin rialála inmheánacha do ghníomhaireachtaí náisiúnta agus rialacha le haghaidh bhainistiú cistí an Chláir do thacaíocht deontais.

    4.Ainmneoidh an túdarás náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 26.

    5.Bunóidh an túdarás náisiúnta a mheasúnú ar chomhlíonadh ex-ante ar a seiceálacha agus ar a iniúchtaí féin, agus/nó ar seiceálacha agus ar iniúchtaí arna ndéanamh ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 26. Sa chás sin is ionann an túdarás náisiúnta atá sannta don Chlár agus an túdarás náisiúnta atá sannta do na Cláir Foghlaim ar Feadh an tSaoil nó An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta a bhí ann roimhe seo, d'fhéadfaí raon feidhme na seiceálacha agus na hiniúchtaí i ndáil leis an measúnú comhlíonta ex-ante a theorannú do cheanglais atá nua agus sonrach maidir leis an gClár.

    6.Sa chás go ndiúltaíonn an Coimisiún d’ainmniú na gníomhaireachta náisiúnta bunaithe ar a meastóireacht ar an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante, nó mura gcomhlíonann an ghníomhaireacht náisiúnta na ceanglais íosta atá socraithe ag an gCoimisiún, áiritheoidh an túdarás náisiúnta go nglacfar na céimeanna feabhais atá riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an ghníomhaireacht náisiúnta na ceanglais íosta, nó ainmneoidh siad comhlacht eile mar ghníomhaireacht náisiúnta.

    7.Déanfaidh an túdarás náisiúnta faireachán agus maoirseacht ar bhainistíocht an Chláir ar an leibhéal náisiúnta. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas agus rachaidh sé i mbun comhairle leis in am trátha sula nglacfaidh sé aon chinneadh a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar bhainistiú an Chláir, go háirithe maidir lena ghníomhaireacht náisiúnta.

    8.Soláthróidh an túdarás náisiúnta cómhaoiniú leormhaith i gcomhair oibríochtaí a ghníomhaireachta náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar an Clár a bhainistiú i dtaca leis na rialacha Aontais is infheidhme.

    9.Bunaithe ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta, ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina thaobh agus ar anailís an Choimisiúin ar chomhlíonadh agus ar fheidhmíocht an údaráis náisiúnta, soláthróidh an túdarás náisiúnta faisnéis maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta i dtaca leis na gClár don Choimisiún faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain.

    10.Glacfaidh an túdarás náisiúnta freagracht as bainistíocht chuí chistí an Aontais a aistríonn an Coimisiún chuig an ngníomhaireacht náisiúnta trí bhíthin tacaíocht deontais a dhámhachtain faoin gClár.

    11.I gcás aon neamhrialtachta, faillí nó calaoise atá inchurtha i leith na gníomhaireachta náisiúnta d'aon easnamh tromchúiseach nó thearcfheidhmíocht ar pháirt na gníomhaireachta náisiúnta, agus sa chás ina ndéanann an Coimisiún éilimh i gcoinne na gníomhaireachta náisiúnta dá bharr sin, beidh an túdarás náisiúnta faoi dhliteanais na cistí nár gnóthaíodh a aisíoc leis an gCoimisiúin.

    12.Sna a thuairiscítear i mír 11, féadfaidh an túdarás náisiúnta, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón gCoimisiún, an ghníomhaireachta náisiúnta a chúlghairm. I gcás inar mian leis an údarás náisiúnta an sainordú sin a chúlghairm ar aon chúis a bhfuil údar maith leo, cuirfidh sé an chúlghairm in iúl don Choimisiún sé mhí ar a laghad roimh an dáta ar a bhfuil sé beartaithe sainordú na gníomhaireachta náisiúnta a fhoirceannadh. Sa chás sin, déanfaidh an túdarás náisiúnta agus an Coimisiún bearta sainiúla agus uainithe maidir le trasdul a chomhaontú go foirmiúil.

    13.I gcás cúlghairme, déanfaidh an túdarás náisiúnta na rialuithe riachtanacha maidir le cistí an Aontais a bhí curtha de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta a bhfuil a sainordú chúlghairthe agus áiritheoidh sé go naistreofar gan bhacainn go dtí an ghníomhaireacht náisiúnta nua na cistí sin agus na doiciméid agus na huirlisí bainistíochta uile a theastaíonn chun an Clár a bhainistiú. Soláthróidh an túdarás náisiúnta an tacaíocht airgeadais riachtanach don ghníomhaireacht náisiúnta a bhfuil a sainordú chúlghairthe chun leanúint dá hoibleagáidí conartha visà-vis tairbhithe an Chláir agus visà-vis an Coimisiún a dhéanamh go dtí go naistreofar na hoibleagáidí sin go dtí gníomhaireacht náisiúnta nua.

    14.Má iarrann an Coimisiún air amhlaidh, ainmneoidh an túdarás náisiúnta na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí, nó cineálacha na ninstitiúidí nó na neagraíochtaí sin, chun bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh i mbearta sonracha de chuid an Chláir ina gcríocha faoi seach.

    Airteagal 24

    An ghníomhaireacht náisiúnta

    1.Maidir leis an ngníomhaireacht náisiúnta:

    (a)beidh pearsantacht dhlítheanach aici nó beidh sí mar chuid d'eintiteas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, agus rialófar í de réir dhlí an Bhallstáit lena mbaineann; ní fhéadfar aireacht a ainmniú mar ghníomhaireacht náisiúnta;

    (b)beidh cumas bainistíochta, foireann agus bonneagar leormhaith aici chun a cúraimí a chomhlíonadh go sásúil, lena náiritheofar bainistíocht éifeachtúil agus éifeachtach ar an gClár agus bainistíocht fhónta airgeadais ar chistí an Aontais;

    (c)beidh sé de chumas dlíthiúil agus oibríochtúil aici na rialacha riaracháin, conarthacha agus airgeadais atá leagtha síos ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme;

    (d)cuirfidh sí ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha ar fáil, arna neisiúint más féidir ag údarás poiblí, a fhreagraíonn do leibhéal cistí an Aontais a niarrfar uirthi a bhainistiú;

    (e)beidh sí ainmnithe d'fhad tréimhse an Chláir.

    2.Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach as bainistiú ar gach céim de thimthriall tionscadail na mbeart a ndéanfar cur síos orthu sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal [19], i gcomhfhoirmeacht le [pointe (c)(v) agus (vi) d’Airteagal 58(1)] den Rialachán Airgeadais.

    3.Eiseoidh an ghníomhaireacht náisiúnta tacaíocht do thairbhithe laistigh de bhrí Airteagal [2(5)] den Rialachán Airgeadais trí chomhaontú deontais de réir mar atá sonraithe ag an gCoimisiún don bheart Cláir lena mbaineann.

    4.Tuairisceoidh an ghníomhaireacht náisiúnta gach bliain don Choimisiún agus don údarás náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 60(5) de Rialacháin (AE, Euratom) Uimh.966/2012. Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta i gceannas ar chur chun feidhme na mbarúlacha arna neisiúint ag an gCoimisiún tar éis dó anailís a dhéanamh ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta, agus ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina thaobh.

    5.Ní fhéadfaidh an ghníomhaireacht náisiúnta aon chúram a bhaineann le cur chun feidhme an Chláir ná an bhuiséid a tugadh di a tharmligean do thríú páirtí gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón údarás náisiúnta agus ón gCoimisiún. Is í an ghníomhaireacht náisiúnta agus ise amháin a bheidh freagrach as na cúraimí arna dtarmligean chuig tríú páirtí.

    6.I gcás ina ndéantar sainordú gníomhaireachta náisiúnta a cúlghairm, beidh an ghníomhaireacht náisiúnta sin fós freagrach ó thaobh an dlí de as a hoibleagáidí conartha a chomhlíonadh i leith tairbhithe an Chláir agus maidir leis an gCoimisiún go dtí go naistreofar na hoibleagáidí sin chuig gníomhaireacht náisiúnta nua.

    7.Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta i gceannas ar bhainistiú agus ar fhoirceannadh na gcomhaontuithe airgeadais a bhaineann leis na cláir is réamhtheachtaí eadhon na cláir Foghlama ar Feadh an tSaoil agus an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta a bheidh fós oscailte ag tús an Chláir.

    Airteagal 25

    an Coimisiún Eorpach

    1.Ar bhonn na gceanglas comhlíontachta do ghníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23(3), déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, go háirithe bunaithe ar mheasúnú ar chomhlíonadh ex-ante an údaráis náisiúnta, ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, agus an fhaisnéis bhliantúil ón údarás náisiúnta maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta ar an gClár á cur i gcuntas go cuí.

    2.Laistigh de dhá mhí tar éis dó an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante dá dtagraítear in Airteagal 23(3) a fháil ón údarás náisiúnta, glacfaidh an Coimisiún le hainmniú na gníomhaireachta náisiúnta, glacfaidh sé leis ar bhonn coinníollach nó diúltóidh sé don ainmniú sin. Ní rachaidh an Coimisiún i ngaol conarthach leis an ngníomhaireacht náisiúnta go dtí go nglacfar leis an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante. I gcás ina nglactar leis go coinníollach, féadfaidh an Coimisiún bearta réamhchúraim comhréireacha a chur i bhfeidhm maidir lena ghaol conarthach leis an ngníomhaireacht náisiúnta.

    3.Cuirfidh an Coimisiún na cistí seo a leanas de chuid an Chláir ar fáil gach bliain don ghníomhaireacht náisiúnta:

    (a)cistí maidir le tacaíocht deontais sa Bhallstát lena mbaineann do bhearta an Chláir ar cuireadh de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta iad a bhainistiú;

    (b)socrófar ranníocaíocht airgeadais ag tacú le tascanna bainistíochta an Chláir de chuid na gníomhaireachta náisiúnta ar bhonn mhéid na gcistí den Aontas do thacaíocht deontais atá curtha faoi chúram na gníomhaireachta náisiúnta;

    (c)más ábhartha, cistí breise le haghaidh bearta faoi phointe (d) d’Airteagal 6 agus faoi phointe (d) d’Airteagal 10.

    4.Socróidh an Coimisiún na ceanglais maidir le clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta. Ní chuirfidh an Coimisiún cistí an Chláir ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta go dtí go mbeidh an clár oibre ábhartha den ghníomhaireacht náisiúnta formheasta go foirmiúil ag an gCoimisiún.

    5.Nuair a bheidh measúnú déanta aige ar an dearbhú bliantúil bhainistíochta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, cuirfidh an Coimisiún a thuairim agus a bharúlacha ina leith in iúl don ghníomhaireacht náisiúnta agus don údarás náisiúnta.

    6.I gcás nach féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an dearbhú bliantúil bhainistíochta leis an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina leith, nó i gcás ina gcuireann an ghníomhaireacht náisiúnta barúlacha an Choimisiún chun feidhme go míshásúil, féadfaidh an Coimisiún aon bhearta ceartaitheacha agus réamhchúraim is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh.966/2012.

    7.Eagrófar cruinnithe ar bhonn rialta le gréasán na ngníomhaireachtaí náisiúnta d’fhonn cur chun feidhme comhtháite an Chláir a áirithiú ar fud na mBallstát agus na dtríú tíortha go léir dá dtagraítear in Airteagal 17.

    Airteagal 26

    Comhlacht neamhspleách iniúchóireachta

    1.Eiseoidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta maidir leis an dearbhú bliantúil bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh.966/2012. Is é sin a bheidh mar bhunús an dearbhaithe ar an iomlán de bhun Airteagal [123] den Rialachán Airgeadais.

    2.Maidir leis an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta:

    (a)beidh na hinniúlachtaí gairmiúla is gá aige chun iniúchtaí san earnáil phoiblí a dhéanamh;

    (b)áiritheoidh sé go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta i gcuntas sna hiniúchtaí;

    (c)ní bheidh coinbhleacht leasa ag baint leis maidir leis an eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina chuid de. Beidh sé, go háirithe, i dtaca lena chuid feidhmeanna, neamhspleách ón eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina chuid de.

    3.Cuirfidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta ar fáil don Choimisiún agus dá ionadaithe agus don Chúirt Iniúchóirí rochtain iomlán ar gach doiciméad agus tuarascáil i dtaca leis an tuairim iniúchóireachta a eisíonn sé maidir le dearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta.

    CAIBIDIL X

    CÓRAS RIALAITHE

    Airteagal 27

    Prionsabail an chórais rialaithe

    1.Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena náiritheofar, nuair a chuirfear bearta arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí rialuithe éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

    2.Beidh an Coimisiún freagrach as na rialuithe maoirseachta maidir le bearta agus gníomhaíochtaí an Chláir a bhainistíonn na gníomhaireachtaí náisiúnta. Socróidh sé na híoscheanglais do na rialuithe arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht náisiúnta agus ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta.

    3.Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach as rialuithe príomhúla na dtairbhithe deontais i gcomhair na mbeart de chuid an Chláir, dá dtagraítear in Airteagal 24(2). Tabharfaidh na rialuithe sin urrús réasúnach go mbaintear úsáid as na deontais arna mbronnadh de réir mar a bhí beartaithe agus i gcomhlíonadh rialacha an Aontais is infheidhme.

    4.Maidir le cistí an Chláir arna naistriú chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta, áiritheoidh an Coimisiún comhordú ceart ar a rialuithe leis na húdaráis náisiúnta agus leis na gníomhaireachtaí náisiúnta, ar bhonn an phrionsabail iniúchóireachta aonair agus tar éis anailís a dhéanamh bunaithe ar riosca. Ní bhaineann an fhoráil sin le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF).

    Airteagal 28

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár le cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dhlíthiúil eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach FrithChalaois agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a ninniúlachtaí ábhartha a chur i bhfeidhm go cuimsitheach. I gcás na hOifige Eorpaí FrithChalaoise, áireofar leis na cearta sin an ceart iniúchtaí a dhéanamh, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair san áireamh, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

    CAIBIDIL X

    Comhlántacht

    Airteagal 29

    Comhsheasmhacht le beartais agus le cláir eile de chuid an Aontais

    1.Cuirfear an Clár chun feidhme d’fhonn comhsheasmhacht agus comhlántacht fhoriomlán le beartais, cláir agus le cistí ábhartha eile an Aontais a áirithiú, go háirithe sna réimsí sin a bhaineann le hoideachas agus oiliúint, cultúr, na meáin, an óige agus dlúthpháirtíocht, fostaíocht agus cuimsiú sóisialta, taighde agus nuáil, tionscal agus fiontar, beartas digiteach, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, an comhshaol agus an aeráid, comhtháiteacht, beartas réigiúnach, imirce, slándáil agus comhar agus forbairt idirnáisiúnta.

    2.Féadfaidh beart a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, ar an gcoinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna.

    3.I gcás ina soláthrófar go comhpháirteach a bhuí leis an gClár agus le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] tacaíocht airgeadais do bheart aonair, cuirfear an beart sin chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo, lena náirítear rialacha maidir le méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú.

    4.D’fhéadfadh cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE) bearta atá incháilithe faoin gClár ar a ndearnadh measúnú sa ghlao ar thograí faoin gClar agus a chomhlíonann ceanglais cháilíochta íosta an ghlao sin ar thograí, ach nach bhfuil cistithe mar gheall ar shrianta buiséadacha, a roghnú le haghaidh cistithe. Sa chás sin beidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe agus ag na rialacha incháilitheachta bunaithe ar an Rialachán seo. Cuirfear na bearta sin chun feidhme ag an údarás bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal [65] de Rialachán (AE)XX [RFC] i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach sa Rialachán sin agus lena gcistítear rialacháin shonracha, lena náirítear rialacha maidir le ceartúcháin airgeadais.

    CAIBIDIL XII

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 30

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

    3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20 a chúlghairm ag tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr*.

    5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú faoi dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 31

    Nós imeachta coiste

    1.Tabharfaidh an coiste sin cúnamh don Choimisiún de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.Féadfaidh an coiste teacht le chéile i bhfoirmíochtaí sonracha chun déileáil le saincheisteanna earnála. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir lena rialacha nós imeachta agus ar bhonn ad hoc, féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha, lena náirítear ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta, chun a bheith rannpháirteach i gcruinnithe i gcáil breathnóirí.

    3.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 32

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

    Airteagal 33

    Forálacha idirthréimhseacha

    1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na mbeart lena mbaineann arna dtionscnamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis na bearta lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

    2.Leis an imchlúdach airgeadais don Chlár féadfar na costais is gá maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin chun an taistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a áirithiú.

    3.De mhaolú ar Airteagal [130(2)] den Rialachán Airgeadais, agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún a cheapadh gur costais atá incháilithe le haghaidh maoinithe iad na costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a thacaítear leo agus a thabhaítear le linn na chéad sé mhí de 2021 de réir mar atá incháilithe le haghaidh maoinithe ón 1 Eanáir 2012, fiú más rud é gur tabhaíodh ag an tairbhí iad sular tíolacadh an tiarratas ar dheontas.

    4.Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 14(5) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na bearta agus na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin [31 Nollaig 2027] a bhainistiú.

    5.Áiritheoidh na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nach gcuirfear bac ar aistriú idir na bearta a rinneadh i gcomhthéacs chlár Erasmus+ (2014-2020) agus na cinn atá le cur chun feidhme faoin gClár seo.

    Airteagal 34

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm […] [an fichiú] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán



    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

    1.4.Forais an togra/tionscnaimh

    1.5.Fad agus tionchar airgeadais

    1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam



    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear 'ERASMUS DO CHÁCH': clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)

    7. 7 Infheistíocht i nDaoine, Comhtháthú Sóisialta agus Luachanna

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

     beart nua 

     beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 48  

     síneadh ar bheart atá ann cheana 

     beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

    1.4.Forais an togra/tionscnaimh

    1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    Is é aidhm an Chláir sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma tacú le deiseanna soghluaisteachta foghlama a rannchuidíonn le forbairt phearsanta, oideachasúil, shibhialta agus ghairmiúil daoine aonair. Tacóidh an Clár freisin le comhar idir páirtithe leasmhara ar leibhéal eagrúcháin agus beartais d’fhonn cuimsiú, barr feabhais, cruthaitheacht agus nuáil i dtaobh oideachais, oiliúna, óige agus spóirt a chothú.

    Faoi réir ag teacht i bhfeidhm a bhunghnímh, ta an Clár beartaithe le bheith curtha chun feidhme ón 1ú Eanáir 2021, ar feadh tréimhse seacht mbliana.

    1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais Eorpaigh

    Cé go bhfanann Ballstáit freagrach as inneachar agus as eagrú a gcuid beartas sna réimsí lena mbaineann, is é aidhm an Chláir seo tionscadail shoghluaisteachta agus chomhoibrithe thrasnáisiúnta agus idirnáisiúnta a threisiú, agus chun tacú le forbairtí beartais lena mbaineann gné Eorpach.

    Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach go leordhóthanach mar gheall ar an ngné thrasnáisiúnta, an méid mór agus raon feidhme geografach leathan na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama agus comhair arna maoiniú, a gcuid éifeachtaí maidir le rochtain ar shoghluaisteacht foghlama agus i gcoitinne ar chomhtháthú an Aontais, agus mar gheall ar a ghné idirnáisiúnta atreisithe. De réir mar atá léirithe i measúnú lártéarma Erasmus+, ní leor scála ná méid thionscnaimh aonair institiúidí oideachais nó de Bhallstáit, agus ní bhíonn éifeacht uile-Eorpach acu cé go meastar iad a bheith éifeachtúil agus tairbhiúil ar leibhéal náisiúnta. Cumasaíonn bearta an Aontais neartú na maise criticiúla agus dul i ngleic le dúshláin uile-Eorpacha sna réimsí lena mbaineann. I dtéarmaí raon feidhme, tá clúdach carnach na tíre aonair agus trasearnála teoranta i gcónaí i gcomparáid le clár reatha Erasmus+.

    D’aimsigh meastóireacht meántéarma Erasmus+, in éagmais an chláir, go mbeadh laghdú suntasach ar shoghluaisteacht foghlaimeoirí agus foirne, agus ar chomhar Eorpach sna hearnálacha atá clúdaithe faoin gclár. Baineann breisluach príomhúil an Aontais de na gníomhaíochtaí comhair mar atá leagtha amach sa mheastóireacht le gnóthachain cáilíochta, nuála, gairmiúlaithe agus idirnáisiúnaithe do na heagraíochtaí lena mbaineann, mar aon le leibhéil mhéadaithe de chomhar trasearnála, cothromaíocht gheografach fheabhsaithe, le tíortha beaga agus tíortha ón Eoraip láir agus ó Oirthear na hEorpa lánpháirtithe ar bhonn níos fearr. Léiríodh sa mheastóireacht freisin go bhfuil an clár ag cothú dearcthaí dearfacha i leith an Aontais Eorpaigh 49 agus ag rannchuidiú le forbairt d’fhéiniúlacht Eorpach, trasna na ngníomhaíochtaí go léir arna maoiniú. Leagtar amach freisin sa mheastóireacht na tairbhí a bhaineann le forleathnú gníomhaíochtaí atá dírithe go sonrach ar eolas agus ar thuiscint faoin Aontas Eorpach a fheabhsú, go háirithe i measc daoine óga, daltaí scoile agus foghlaimeoirí i mbun gairmoideachais agus gairmoiliúna.

    Díorthaítear breisluach an Aontais freisin ó éifeacht charnach ghníomhaíochtaí an chláir chun saineolas na hEorpa a spreagadh, go háirithe i bpríomhearnálacha áirithe na todhchaí, rud a neartaíonn cumas iomaíochais agus nuála an Aontais. Déanann gné trasnáisiúnta agus idirnáisiúnta na ngníomhaíochtaí arna dtacú buanna a chothú agus naisc a fhorbairt in earnálacha a mbíonn ardchéim idirnáisiúnaithe riachtanach dóibh. Rannchuideoidh an clár le méadú ar líon na ngairmithe oilte, a bhain tairbhe as taithí idirnáisiúnta agus a chuir saibhreas lena scileanna teicniúla agus lena trasscileanna. Is é breisluach an Aontais an chéad ghlúin eile de shaoránaigh Eorpacha chruthaitheacha agus nuálaíocha a mhúnlú agus cúnamh a thabhairt fíor-mheon Eorpach a bhunú. Forbróidh an ghné Eorpach thrasnáisiúnta nascanna in earnálacha a bhfuil ardchéim idirnáisiúnaithe riachtanach dóibh. Chothódh tacaíocht nuála ar leibhéal an Aontais trasphórú idir tíortha, ag cuidiú le Ballstáit dul chun cinn a dhéanamh ar ráta comhchosúil maidir le nuachóiriú agus nuáil a gcóras agus a mbeartas. Rannchuideoidh an clár freisin, go díreach agus go hindíreach, leas a bhaint as deiseanna agus le dul i ngleic le dúshláin atá os comhair eagraíochtaí, institiúidí, agus ag córais agus beartais lena ndéantar freastal ar fhorbairt phearsanta, shochoideachasúil agus ghairmiúil trí ghníomhaíochtaí ardcháilíochta, nuálaíocha agus cuimsitheacha a chur ar fáil dóibh maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt. Áiritheoidh an clár beart freisin atá deartha go sonrach chun rochtain ar an gclár a leathnú amach do ghníomhaithe níos bige rud a thacóidh le formáidí solúbtha (trasnáisiúnta i gcoitinne agus, i gcásanna eisceachtúla, gníomhaíochtaí náisiúnta lena mbaineann gné láidir Eorpach, amhail gníomhaíochtaí maidir le téama Eorpach sainiúil nó tosaíocht beartais). Ligfidh sé sin d'eagraíochtaí a bhfuil cumas eagrúcháin níos ísle acu agus do rannpháirtithe nach bhfuil mórán taithí, nó taithí ar bith, acu, ar chomhar trasnáisiúnta, amhail eagraíochtaí pobail agus nuatheachtaithe, taithí a fháil den chéad uair ar rochtain ar chistí ón Aontas agus eolas a fháil ag féachaint do ghníomhaíochtaí comhair thrasnáisiúnta sa todhchaí.

    1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile chosúil am a chuaigh thart

    Rinne meastóireacht mheántéarma Erasmus+ 50 , arna déanamh le déanaí, measúnú ar an dul chun cinn ar chur chun feidhme Erasmus+ don tréimhse 2014-2016 i ngach tír rannpháirteach, agus rinneadh iniúchadh freisin ar thionchar fadtéarma na seacht gclár réamhtheachtach don tréimhse 2007-2013 (meastóireacht ex-post), lena náirítear sna tíortha is comhpháirtithe. Fuarthas amach sa mheastóireacht gur léirigh Erasmus+ agus na cláir a tháinig roimhe ábharthacht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht láidir. Ar an iomlán, cuireann raon leathan páirtithe leasmhara i dteannta leis an bpobal i gcoitinne ardluach ar an gclár, é ina bhuntáiste go bhfuil ainm branda láidir air, a bhfuil aitheantas air i bhfad níos faide anonn ná grúpa na dtairbhithe díreacha agus a mbraitear é a bheith ina bheart suaitheanta de chuid an Aontais. Fuarthas fianaise freisin sa mheastóireacht meántéarma go bhfuil an clár ag rannchuidiú le hAontas níos comhtháite agus go bhfuil sé éifeachtach maidir le nuálaíocht a spreagadh i measc eagraíochtaí a rannpháirtíonn sa chlár. Ba thábhachtach é Erasmus+ freisin d’fhor-rochtain domhanda an Aontais, go háirithe tríd an gcomhar idir an Eoraip agus tíortha comhpháirtíochta.

    Táirgeadh fianaise stóinsithe maidir le héifeachtacht an chláir ar leibhéil éagsúla i.e. daoine óga aonair agus baill foirne a bhaineann tairbhe as an gclár, mar aon le heagraíochtaí agus córais. Léiríodh sa chlár a chumas leathnú amach agus chun oiriúnú do spriocghrúpaí nua agus chun na sásraí seachadta lena mbaineann a fheabhsú ar bhonn leanúnach. Laghdaigh Erasmus+ i bpáirt an tualach riaracháin le haghaidh páirtithe leasmhara agus tairbhithe – m.sh. digitiú a fheabhsú agus nósanna imeachta meara roghnaithe deontas a thabhairt isteach. D’fheabhsaigh ualach riaracháin laghdaithe feidhmíocht neamhairgeadais na dtionscadal tacaithe mar bhí tairbhithe ábalta díriú a thuilleadhar inneachar a dtionscadal. Cinneadh sa mheastóireacht gur neartaigh athstruchtúrú na gclár réamhtheachtach in aon chlár comhtháite amháin a chomhleanúnachas i dtéarmaí ailínithe idir na cineálacha beart arna maoiniú agus loighic idirghabhála an chláir, rinneadh a éifeachtúlacht a fheabhsú agus a ailtireacht a shimpliú i dtrí bheart phríomhúla. Tá na páirtithe leasmhara ag iarraidh cobhsaíochta nó athruithe forchéimnitheacha sa todhchaí.

    Moladh sa mheastóireacht do chlár na todhchaí:

    - cuimsitheacht a threisiú (do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí) do na grúpaí leochaileacha agus chun rochtain ar an gclár a fhorleathnú, go háirithe do dhaoine aonair a bhfuil líon níos lú deiseanna acu;

    - barrfheabhas a chur ar na bearta lena mbaineann an aidhm nuálaíocht a spreagadh, chun rannchuidiú le líonadh an bhearna scileanna agus inniúlachtaí;

    - tosaíochtaí a eagrú ar bhonn níos fearr agus infheistiú go straitéiseach sna hearnálacha lena mbaineann an fheidhmíocht fhéideartha is airde - scoileanna, gairmoideachas agus gairmoiliúint, an óige;

    - ábharthacht agus tionchar na foghlama aosach, bearta Jean Monnet agus Spóirt a uasmhéadú;

    - feasacht Eorpach a threisiú: chun bearta a atreisiú chun tuiscint ar chomhtháthú Eorpach agus ar mhuintearas leis an Eoraip a chothú;

    - deiseanna idirnáisiúnta agus for-rochtain domhanda an chláir a mhéadú;

    - rialacha agus nósanna imeachta riaracháin an chláir a shimpliú a thuilleadh, lena náirítear maidir le bearta idirnáisiúnta, uirlisí ar líne barrfheabhsaithe, agus méid laghdaithe faisnéise atá ag teastáil ó rannpháirtithe agus ó thairbhithe;

    - sineirgí nua a atreisiú agus a fhorbairt le hionstraimí agus le beartais eile an Aontais;

    - rannpháirtíocht lucht déanta beartas a fheabhsú maidir le iarrataí beartais a dhearadh agus a chur chun feidhme.

    1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

    Tá an Clár ar cheann de na hionstraimí cistithe faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 lena mbaineann an aidhm infheistiú i ndaoine, i gcomhtháthú sóisialta agus i luachanna. Beidh an Clár comhsheasmhach agus comhlántach le hionstraimí eile an Aontais freisin, go háirithe ionstraimí an chomhair sheachtraigh 51 , Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus Cistí Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE). I ndáil leis an méid sin, lorgfar sineirgí sa Chlár seo leis an gCiste Tearmainn agus Imirce agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí. Tá comhlántachtaí féideartha tábhachtacha ann freisin idir cuspóirí agus idirghabhálacha an Chláir agus an clár a bheidh ann sa todhchaí maidir le Cearta agus Luachanna. Beidh an Clár comhsheasmhach, agus ina chomhlántacht thábhachtach, le clár Eoraip na Cruthaitheachta sa todhchaí. I réimse an óige, beidh an Clár comhsheasmhach freisin, agus ina chomhlántacht, leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach trí chineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a thairiscint. I réimse na scileanna digiteacha, comhlánfaidh an Clár don Eoraip Dhigiteach cur chuige leathan Erasmus+ i leith scileanna trí thacú le forbairt agus le gnóthú ardscileanna digiteacha.

    Aithníodh féidearthacht iontach le haghaidh comhlántachtaí agus sineirgí maidir le cuspóirí comhchoiteanna (m.sh. forbairt cháilíochtúil ar chórais oideachais, oiliúna agus óige, forbairt ar chaipiteal daonna, srl). Tá na cláir sin den Aontas ríthábhachtach le haghaidh Eoraip a bheidh níos iomaíche, níos athléimní agus níos imdhíonaí in aghaidh na todhchaí. Táthar ag súil go méadóidh sineirgí agus comhlántachtaí feabhsaithe an comhleanúnachas idir na cláir chaiteachais agus go gcumasóidh siad comhar éifeachtach, ag freagairt ar na dúshláin shochaíocha reatha.

    Cé go dtacaítear na cláir seo go léir le hionstraimí ar leith, agus modhanna oibre neamhspleácha ag gabháil leo, is féidir an idirghníomh idir loighicí idighabhála éagsúla, modhanna bainistíochta agus ailtireacht éifeachtaí coinbhéirseachta a ghiniúint. Dá réir sin, lorgfar sineirgí aon áit a bhfuil siad indéanta agus cothóidh siad tuilleadh breisluacha.

    D’fhéadfaí sineirgí nua nó atreisithe a bhunú ar leibhéil éagsúla:

    1. ar leibhéal straitéiseach, comhleanúnachas feabhsaithe agus ailíniú níos fearr ar chuspóirí beartais comhroinnte;

    2. ar leibhéal cláreagrúcháin, comhleanúnachas feabhsaithe tosaíochtaí agus cur chun feidhme comhoiriúnach creataí;

    3. ar leibhéal tionscadail, comhthiomsú straitéiseach cistiúchán ó roinnt foinsí éagsúla.

    Moltar, mar uirlis nithiúil chun cur chun feidhme sineirgí a fheabhsú, scéimeanna soghluaisteachta eile a chomhtháthú le gné foghlama láidir faoi Erasmus, agus dá réir sin sásraí bonneagair agus seachadta chlár Erasmus a úsáid mar “fheithicil”, agus loighic idirghabhála Erasmus a leanúint. Tabharfar beart nua isteach chun tacú le soghluaisteacht catagóirí éagsúla eagraíochtaí nó daoine aonair a ndírítear orthu go sonrach i réimsí beartais eile (m.sh. an earnáil rialachais phoiblí, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, fiontar, forfheidhmiú an dlí). Rannchuideoidh sé sin le comhleanúnachas feabhsaithe ar chur chun feidhme, agus le tuilleadh simplithe agus gnóthachan éifeachtúlachta. Tairgfear an “fheithicil” Erasmus sin mar bheart láraithe, mar gheall ar a mais chriticiúil theoranta (sa chéim tosaigh ar a laghad), agus mar gheall ar a comhpháirt trasearnála.

    1.5.Fad agus tionchar airgeadais

     tréimhse theoranta

       i bhfeidhm ón 01/01/2021 go dtí an 31/12/2027

       Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go 2032 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

     tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.6.Modh/modhanna bainistíochta atá beartaithe 52  

    ◻ Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

    ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

    trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin 

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit 

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

    comhlachtaí dlí poiblí;

    comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    Nótaí

    Maidir leis na sásraí seachadta, caomhnófar na hionstraimí (deontais den chuid is mó) agus na modhanna bainistíochta -  bainistíocht dhíreach agus bainistíocht  indíreach - ós rud é nach bhfuil athrú struchtúrtha ar bith de dhíth i modh oibre an chláir.

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Leanfaidh creat faireacháin agus meastóireachta Erasmus cur chuige bunaithe ar a) faireachán leanúnach chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn chun spriocanna aschuir agus torthaí an chláir a bhaint amach; agus b) meastóireachtaí agus staidéir/suirbhéanna chun tionchar fadtéarma an chláir a shainaithint, nach ndearnadh iad a thomhas ach roinnt uaireanta thar thréimhse an timthrialla chláreagrúcháin (cleachtaí meántéarma foirmiúla agus meastóireachta ex-post, agus staidéir agus suirbhéanna neamhspleácha tiomanta).

    Is é an cuspóir leas a bhaint as socruithe atá ann cheana chomh fada agus is féidir chun an tualach riaracháin ar rannpháirtithe (daoine aonair agus eagraíochtaí) a shimpliú, a chuíchóiriú agus a laghdú, agus san am céanna áirithiú a dhéanamh go mbailítear faisnéis imleor chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an chláir agus chun cuntasacht a chumhdach. Dá bharr sin, bunófar rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú go córasach i bhfianaise a néifeachtúlacht agus a gcostéifeachtúlachta, bunaithe ar an taithí a gnóthaíodh sa chlár reatha, gan teacht trasna ar na riachtanais sonraí chun críocha na meastóireachta.

    I gcomhréir le torthaí na meastóireachta meántéarma, is aidhm é den chéad chlár Erasmus eile an córas faireacháin a shimpliú agus a fheabhsú maidir leis an méid a leanas:

    - soiléir agus ábharthacht táscairí aschuir, agus cáilíocht na sonraí;

    - stóinseacht na dtáscairí torthaí féinthuairiscithe;

    - comhréireacht idir an tualach gaolmhar ar thairbhithe (líon agus minicíocht suirbhéanna, samplaí freagróirí, méid agus leibhéal chastacht na sonraí arna mbailiú, srl) agus úsáid na sonraí chun críocha monatóireachta, meastóireachta agus scaipthe;

    - soláimhseacht agus idir-oibritheacht bhreis uirlisí ar líne.

    2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

    Tá comhcheangal leanúnach mhodhanna (díreacha agus indíreacha) bainistíochta an chláir atá molta bunaithe ar thaithí dhearfach chur chun feidhme chlár reatha Erasmus+, de réir na meastóireachta meántéarma ina bhfuarthas amach go bhfuil siad oiriúnach dá bhfeidhm “agus dea-chomhordú ar an iomlán bainteach leo gan aon neamhéifeachtúlachtaí suntasacha sainaitheanta”. Cuireann sé leis na struchtúir atá ann cheana, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta, na comhréireachta agus na héifeachtúlachta.

    Ar an ábhar go gcaomhnófar modúlachtaí seanbhunaithe beifear ábalta díriú ar ghnóthú spriocanna agus ar fheidhmíocht, gnóthachain éifeachtúlachta chruthaithe a chosaint, agus an tualach riaracháin a íoslaghdú (ón méid a tharla le linn an trasdula ó 2007-2013 go giniúint chlár 2014-2020). Chloífí leis an bprionsabal i gcoitinne: mar riail ghinearálta, ní thabharfar tacaíocht dhíreach do thairbhithe aonair; leanfar ar aghaidh tacaíocht a chur ar fáil trí eagraíochtaí rannpháirteacha, trína ndéanfar é a dháileadh d’fhoghlaimeoirí nó do chleachtóirí aonair.

    Ar an iomlán tá costais bainistíochta ar chlár Erasmus+ reatha réasúnach don Aontas (6% de bhuisead riaracháin agus oibríochta Erasmus) 53 . Tá sé sin thar a bheith soiléir nuair a chuirtear i gcomparáid é le bearta náisiúnta níos bige, a mbíonn cuma níos costasaí orthu (ar an meán, 14% dá mbuiséad faoi seach).

    2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    Áirítear na rioscaí a aithníodh i gcur chun feidhme na gclár reatha sna catagóir seo a leanas go príomha:

    earráidí a éiríonn as easpa taithí a bheith ag tairbhithe leis na rialacha: meastar rátaí earráide agus coigeartuithe airgeadais bheith níos mó i gcás beart a bhfuil rialacha bainistíochta airgeadais níos casta ag baint leo, go háirithe nuair a bhíonn deontais bunaithe ar fhíorchostais. déantar sin a mhaolú den chuid is mó trí chostais shimplithe a úsáid (cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus scálaí comhfhreagracha costas aonaid) faoi mar a cheadaítear leis an Rialachán Airgeadais;

    iontaofacht an tslabhra rialaithe agus cothabháil an raoin iniúchóireachta: Déanfaidh líon mór idighabhálaithe, Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus a bhainistiú, agus rialuithe maoirseachta á gcur ar fáil ag Comhlacht Iniúchóireachta Neamhspleách de réir mar atá réamhmheasta sa Rialachán Airgeadais, agus déanfaidh na hÚdaráis Náisiúnta maoirseacht oibriúcháin agus rialachais. Tá an creat rialaithe lena ndéantar maolú ar na rioscaí sin seanbhunaithe;

    - is féidir nach bhfuil an tseasmhacht airgeadais riachtanach, na struchúir bainistíochta shofaisticiúla ná an cumas cistí an Aontais a bhainistiú ag rannpháirtithe sonracha sprioctha (m.sh. earnálacha óige nó aosach), agus bheidís faoi réir ag faireachán breise agus ag seiceálacha bunaithe ar mheasúnú riosca.

    Is é an príomhshimpliú chun rioscaí a mhaolú agus chun rátaí earráide a eascraíonn as castacht rialacha airgeadais a laghdú úsáid fhorleathan a bhaint as deontais i bhfoirm cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus scálaí de chostais aonaid, mar aon le formáidí simplithe beart, ionas go mbeidh na rialacha níos éasca a chomhlíonadh, gan aon chur isteach ar chuntasacht.

    Bíonn na heintitis ar fad a gcuirfear cúram orthu freagrach i gcónaí as na bunleibhéil rialaithe d’fhonn cosaint leas airgeadais an Aontais a áirithiú, agus bíonn an Coimisiún freagrach as an gcreat foriomlán a mhaoirsiú. Coimeádfar an córas rialúcháin chun rialú a dhéanamh ar úsáid chistí an Aontas le haghaidh bearta arna mbainistiú faoi bhainistíocht indíreach Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus faoi bhainistíocht dhíreach, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Maidir le cistí an Chláir arna naistriú chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta, áiritheoidh an Coimisiún comhordú ceart ar a rialuithe leis na húdaráis náisiúnta agus leis na gníomhaireachtaí náisiúnta, ar bhonn an phrionsabail iniúchóireachta aonair agus tar éis anailís a dhéanamh bunaithe ar riosca. Agus na Gníomhaireachtaí Náisiúnta i gceannas ar rialuithe príomhúla tairbhithe, déantar faireachán agus maoirseacht ar a gcóras maidir le rialú inmheánach agus comhlíonadh ag na Ballstáit/Údaráis náisiúnta agus déanann Comhlacht Neamhspleách Iniúchóireachta seo a iniúchadh 54 . Chun comhleanúnachas agus iontaofacht rialuithe ar leibhéal tíre, leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag déanamh treoir rialaithe bhliantúil a eisiúint.

    Bunófar an córas rialaithe don tionscnamh ar bhealach le héifeachtúlacht agus costéifeachtúlacht na rialuithe a áirith Áiritheoidh creataí maoirseachta agus feidhmíochta an Choimisiúin ardleibhéal faireacháin agus aischothaithe mar mhodh chun fáisnéis a fháil maidir le cur chuige beartas; Áireoidh an Coimisiún Eorpach an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ina chlár le haghaidh cuairteanna maoirseachta, iniúchtaí airgeadais, agus cuairteanna faireacháin agus cur chun feidhme, chomh maith le gníomhaíochtaí treoracha ar nós comhdhálacha, cruinnithe tosaigh, cruinnithe na nGníomhaireachtaí Náisiúnta, cúrsaí oiliúna agus seimineáir gréasáin.

    2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

    Maidir le costéifeachtúlacht, tá meastachán tosaigh déanta ag an gCoimisiún ar chostais na nacmhainní agus na nionchur is gá chun na rialuithe a dhéanamh agus tá meastachán déanta, a mhéid agus is féidir, ar a sochair maidir le líon na nearráidí agus na neamhrialtachtaí ar cuireadh bac orthu, a brathadh agus a leasaíodh ag na rialuithe seo ach i dtéarmaí earráidí neamhinchainníochtaithe freisin. Leagann an cur chuige seo béim ar phríomhsheiceálacha airgeadais agus oibriúcháin an tslabhra rialaithe.

    Tá an straitéis rialaithe bunaithe ar chreat aonair comhtháite d’fhonn urrús réasúnach a sholáthar le linn timthriall an tionscadail. Tá an cur chuige maidir le costéifeachtúlacht na rialuithe bunaithe ar loighic bloc tógála dearbhaithe agus creat aonair comhtháite rialuithe. Déanann an Coimisiún idirdhealú idir minicíocht agus déine na rialuithe – i bhfianaise próifílí riosca i measc na nidirbheart reatha agus sa todhchaí agus maidir le costéifeachtúlacht na rialuithe atá ann cheana agus na rialuithe cómhalartacha, go háirithe mar a leagtar amach do Ghníomhaireachtaí Náisiúnta i dtreoir um chur chun feidhme an chláir. Bíonn Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus na heintitis ar fad a gcuirfear cúram orthu freagrach i gcónaí as na bunleibhéil rialaithe d’fhonn cosaint leas airgeadais an Aontais a áirithiú, agus bíonn an Coimisiún freagrach as rialuithe maoirseachta.

    Measann an Coimisiún go bhfuil an costas rialaithe domhanda íseal agus sa raon 1-5 %, ag brath ar an mbeart a úsáidtear, den bhuiséad a bhainistítear (buiséad na Gníomhaireachta feidhmiúcháin as áireamh). Tá na costais seo go léir comhréireach agus costéifeachtach i bhfianaise an riosca earráide más rud é nach raibh rialuithe den sórt sin i bhfeidhm, agus an riachtanas atá ann chun ráta earráide faoi 2 % a áirithiú. Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó Erasmus+ agus a chláir réamhtheachtaithe, a bhfuil ráta earráide de thart ar 1 % acu ar bhonn ilbhliantúil tá an ráta ionchais earráide níos lú ná 2 %.

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Níl na rialuithe atá dírithe ar chalaois a chosc agus a bhrath neamhchosúil leo siúd atá beartaithe chun dlíthiúlacht agus rialtacht na nidirbheart a áirithiú (na hearráidí neamhbheartaithe). Gach bliain déanann an Coimisiún athbhreithniú ar gach tuairisciú ó Ghníomhaireachtaí náisiúnta maidir le cásanna féideartha calaoise nó neamhrialtachtaí. Déanfar bearta leantacha go cuí ar leibhéal náisiúnta leis na cásanna seo ina mbíonn rochtain dhíreach ag na Gníomhaireachtaí Náisiúnta ar shásamh dlíthiúil agus tarchur i gcásanna calaoise.

    Cuidíonn seirbhísí an Choimisiúin le himscrúduithe atá ar siúl ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) agus eagraíonn siad na bearta leantacha tar éis do OLAF na himscrúduithe a chur i gcrích. Tá an dochar airgeadais do bhuiséad AE ag éirí as calaois a bunaíodh i gcásanna tuairisce OLAF maidir le cláir a bhfuil rialacha comhchosúla maoinithe ag baint leo ar leibhéal íseal. Tagraítear do chásanna mar OLAF agus IDOC de réir mar is cuí, ach leanann bearta iardain líon suntasach cásanna le linn na bliana ar bhonn díreach le Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus le hÚdaráis Náisiúnta, a bhfuil rochtain dhíreach acu ar na heintitis ábhartha dlíthiúla agus frithchalaoise.

    Tá seirbhísí an Choimisiúin at bhfuil an beart á chur chun feidhme acu tar éis forbairt a dhéanamh ar a straitéis féin i gcoinne na calaoise (Straitéis Frithchalaoise) ón mbliain 2014, atá forbartha bunaithe ar an modheolaíocht a sholáthraigh OLAF. Déantar seo nuashonrú go rialta agus cuirtear leis doiciméid nósanna imeachta ar leibhéal níos ísle nuair is cuí, a chlúdaíonn an chaoi a ndéantar tagairt do chásanna agus a ndéantar bearta leantacha dá mbarr.

    Mar a léiríodh sa mheastóireacht mheántéarma, i bhfianaise gur beag an scála calaoise laistigh den Chlár agus go bhfuil sí teoranta den chuid is mó do chásanna d'aighneachtaí iomadúla ar iarratais ar thionscadal nó do cheannairí tionscadal nach gcomhlíonann a ndualgais, meastar gur bearta iomchuí agus comhréireacha iad na bearta atá i bhfeidhm. Agus tionchar na calaoise a d’fhéadfadh bheith ag baint leis an gclár atá á mheas, go háirithe an dochar airgeadais taifeadtha ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise, ní thugann riosca iarmharach na calaoise údar le bearta breise. Oibríonn seirbhísí an Choimisiúin i ndlúthchomhar leis an Oifig Eorpach FrithChalaoise agus leanann siad go dlúth na cásanna atá ar siúl. Mar sin de ní féidir teacht chun críche go dearfach maidir le dearbhú ó thaobh riosca calaoise de.

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Ceannteideal Comhtháthú agus Luachanna

    07 Infheistíocht i nDaoine, Comhtháthú Sóisialta agus Luachanna

    Caibidil 03 ‘Erasmus’

    Leithreasuithe difreáilte (LD) / Leithreasuithe neamhdhifreáilte (LN)

    ó thíortha de chuid CSTE

    ó thíortha is iarrthóirí

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

    2

    07 01 02 – Tacaíocht riaracháin don chlár

    Neamhdhif

    TÁ/NÍL

    NÍL

    2

    07 03 01 - Soghluaisteacht foghlama daoine aonair a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, barrfheabhas, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna

    Dif.

    TÁ/NÍL

    NÍL

    2

    07 03 02 - Soghluaisteacht foghlama neamhfhoirmiúil agus rannpháirtíocht i measc daoine óga a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse na hóige

    Dif.

    TÁ/NÍL

    NÍL

    2

    07 03 03 - Soghluaisteacht foghlama cóitseálaithe agus foirne spóirt a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí spóirt agus beartais spóirt

    Dif.

    TÁ/NÍL

    NÍL

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil

    2

    Comhtháthú agus luachanna

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Tar éis 2027

    IOMLÁN

    2021 agus 2022 Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    07 03 01 - Soghluaisteacht foghlama daoine aonair a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, barrfheabhas, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna

    Gealltanais

    (1)

    2,554.979

    2,713.730

    2,970.543

    3,351.156

    3,896.218

    4,668.546

    5,744.828

    25,900.000

    Íocaíochtaí

    (2)

    2,065.608

    2,487.261

    2,817.465

    3,197.250

    3,706.250

    4,413.914

    5,401.834

    1810.418

    25,900.000

    07 03 02 Soghluaisteacht foghlama neamhfhoirmiúil agus rannpháirtíocht i measc daoine óga a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse na hóige

    Gealltanais

    (1)

    305.808

    324.809

    355.548

    401.104

    466.343

    558.783

    687.605

    3,100.000

    Íocaíochtaí

    (2)

    247.235

    297.703

    337.226

    382.682

    443.605

    528.306

    646.552

    216.691

    3,100.000

    07 03 03 Soghluaisteacht foghlama cóitseálaithe agus foirne spóirt a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí spóirt agus beartais spóirt

    Gealltanais

    (1)

    54.256

    57.627

    63.081

    71.164

    82.738

    99.139

    121.994

    550.000

    Íocaíochtaí

    (2)

    43.864

    52.818

    59.830

    67.895

    78.704

    93.732

    114.711

    38.445

    550.000

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir

    07 01 02 Tacaíocht riaracháin do Erasmus 

    Gealltanais = Íocaíochtaí

    (3)

    44.392

    47.150

    51.612

    58.225

    67.695

    81.114

    99.814

    450.000

    IOMLÁN leithreasuithe d'imchlúdach an chláir

    Gealltanais

    =1+3

    2,959.435

    3,143.317

    3,440.783

    3,881.648

    4,512.994

    5,407.582

    6,654.241

    30,000.000

    Íocaíochtaí

    =2+3

    2,401.103

    2,884.931

    3,266.128

    3,706.051

    4,296.254

    5,117.067

    6,262.907

    2,065.558

    30,000.000

    Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil

    7

    “Caiteachas riaracháin”

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Tar éis 2027

    IOMLÁN

    Acmhainní daonna 55

    35.007

    40.366

    45.725

    45.725

    45.725

    45.725

    45.725

    303.876

    Caiteachas riaracháin eile

    1.059

    1.059

    1.059

    1.059

    1.059

    1.059

    1.059

     

    7.410

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    36.066

    41.425

    46.784

    46.784

    46.784

    46.784

    46.784

    311.286

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Tar éis 2027

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe ar fud na gCEANNTEIDEALden chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    2,995.501

    3,184.742

    3,487.567

    3,928.432

    4,559.778

    5,454.366

    6,701.025

    30,311.286

    Íocaíochtaí

    2,437.169

    2,926.356

    3,312.912

    3,752.835

    4,343.038

    5,163.851

    6,309.691

    2,065.558

    30,311.286

    3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin 

    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Blianta

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    35.007

    40.366

    45.725

    45.725

    45.725

    45.725

    45.725

    303.876

    Caiteachas riaracháin eile

    1.059

    1.059

    1.059

    1.059

    1.059

    1.059

    1.059

    7.410

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    36.066

    41.425

    46.784

    46.784

    46.784

    46.784

    46.784

    311.286

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas eile
    de chineál riaracháin

    44.392

    47.150

    51.612

    58.225

    67.695

    81.114

    99.814

    450.000

    Caiteachas eile
    lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    44.392

    47.150

    51.612

    58.225

    67.695

    81.114

    99.814

    450.000

    IOMLÁN

    80.458

    88.575

    98.396

    105.009

    114.479

    127.898

    146.598

    761.286

    3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach 56

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Blianta

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

    225

    261

    296

    296

    296

    296

    296

    Toscaireachtaí

    Taighde

    Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha:: (i gcoibhéis lánaimseartha) - CA, LA, SNE, INT agus JPD

    Ceannteideal 7

    Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    - sa cheanncheathrú

    37

    41

    44

    44

    44

    44

    44

    - toscaireachtaí

    Arna maoiniú as imchlúdach an chláir 

    - sa cheanncheathrú

    - toscaireachtaí

    Taighde

    Eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    262

    302

    340

    340

    340

    340

    340

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Pearsanra seachtrach

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    Leis an togra/tionscnamh seo:

       ní fhoráiltear maidir le cómhaoiniú ó thríú páirtithe

       déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamhmheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Blianta

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       ar acmhainní dílse

        ar ioncam eile

    má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Tionchar an togra/tionscnaimh

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Airteagal ………….

    (1)    COM(2018) 98 final.
    (2)    COM(2018) 321 final.
    (3)    COM(2017) 673 final.
    (4)    Braitheann 70 % d'Eorpaigh na laethanta seo gur saoránaigh iad den Aontas Eorpach, méadú beag de dhá phointe céatadáin ó 2017 agus an scór is airde atá taifeadta ón earrach in 2010. Is eol do bhreis agus leath na bhfreagróirí (54%) a gcuid cearta mar shaoránaigh den Aontas, ach ba mhaith le breis agus dhá thrian tuilleadh a bheith ar eolas acu (Eorabharaiméadar caighdeánach 88 maidir le saoránacht den Aontas Eorpach ó mhí na Samhna 2017). Féach freisin tuarascáil saoránachta an AE 2017, COM(2017) 30/2 final.
    (5)    Mar shampla ní heol ach d'aon trian de mhic léinn dar aois 14 (35%) cé a chaitheann vótaí chun baill Pharlaimint na hEorpa a thoghadh; Tuarascáil Eorpach IEA (2010) ICCS 2009 Eolas sibhialta, dearcthaí, agus rannpháirtíocht i measc mic léinn meánscoile sóisearaí i 24 thír Eorpacha http://www.iea.nl/fileadmin/user_upload/Publications/Electronic_versions/ICCS_2009_European_Report.pdf .
    (6)    TNS don Choimisiún Eorpach (2017) Eorabharaiméadar i leith na hÓige Eorpaí https://publications.europa.eu/en/publicationdetail/-/publication/1fa75943-a978-11e7-837e-01aa75ed71a1/language-ga .
    (7)    Staidéar maidir le Foghlaim faoin Eoraip ar Scoil https://publications.europa.eu/en/publicationdetail/-/publication/83be95a3-b77f-4195-bd08-ad92c24c3a3c .
    (8)    an Ionstraim maidir le Comharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III).
    (9)    Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.
    (10)    [Tagairt].
    (11)    COM(2018) 366.
    (12)    COM(2018) 267.
    (13)    COM(2018) 50 final agus SWD(2018) 40 final.
    (14)    SWD(2018) 40 críochnaitheach.
    (15)    Tíortha an Chláir .i. na 28 mBallstát, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an Mhacadóin agus an Tuirc.
    (16)    Bhí an Comhairliúchán faoi cheannas ag ArdStiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh agus cuimsíodh braisle clár ann sna réimsí maidir le hoideachas/ oiliúint, cultúr, saoránacht agus ceartas. Fuarthas 1127 bhfreagra sa chomhairliúchán a bhí go díreach ábhartha le clár Erasmus+. Comhairliúchán poiblí oscailte faoi chistí an Aontais Eorpaigh i réimse na luachanna agus na soghluaisteachta .
    (17)    Féach http://ec.europa.eu/programmes/erasmusplus/resources/documents.evaluations_ga.
    (18)    SEC(2018) 265. Baineann an tuairim seo le dréachttuarascáil measúnaithe tionchair atá difriúil ón gceann atá glactha.
    (19)    [Tagairt].
    (20)    An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA); An Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (ENI); An Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (DCI); Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (PI).
    (21)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
    (22)    IO C , , lch. .
    (23)    IO C , , lch. .
    (24)    COM(2018) 98 final.
    (25)    IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.
    (26)    COM(2018) 321 final.
    (27)    Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear 'Erasmus+': clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).
    (28)    COM(2016) 381 críochnaitheach.
    (29)    [Tagairt].
    (30)    [Tagairt - atá le glacadh ag an gComhairle faoi dheireadh 2018].
    (31)    COM(2018) 269 final.
    (32)    [Tagairt].
    (33)    COM(2018) [ ].
    (34)    IO L […], […], lch. […].
    (35)    IO L […], […], p. […].
    (36)    COM(2017) 623 final.
    (37)    Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach ('Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear') (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
    (38)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
    (39)    Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coinníollacha ligean isteach agus cónaí náisiúnaigh tríú tír chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).
    (40)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011. Lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55 28.2.2011 lch.13).
    (41)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF), IO L 248 (18.9.2013, lch. 1).
    (42)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ó chalaois agus ó mhírialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
    (43)    Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
    (44)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L198, 28.7.2017, lch. 29).
    (45)    Go háirithe creat aonair an Aontais maidir le trédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí; an Creat Eorpach um Cháilíochtaí; an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint; an Córas Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachais agus don Ghairmoiliúint; an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna; an Clár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas; an Cumann Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas; Líonra Eorpach na Lárionad Faisnéise sa Réigiún Eorpach agus Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil san Aontas Eorpach; agus na líonraí Euroguidance.
    (46)    [Tagairt].
    (47)    [Tagairt].
    (48)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (49)    Tá an gaol dearfach idir rannpháirtíocht sa chlár agus braistint gur leis an Aontas iad le sonrú i ngach earnáil agus i ngach cineál rannpháirtíochta. Bhí an chosúlacht 19% níos mó go mbraithfeadh foghlaimeoirí a bhain tairbhe go díreach as Erasmus+ Eorpach agus 6% níos mó go mbeadh mothúcháin dhearfacha acu i leith an Aontais – Foinse: Doiciméad inmheánach Oibre mheastóireacht meántéarma Erasmus+.
    (50)     https://ec.europa.eu/programmes/erasmusplus/resources/documents.evaluations_ga . 
    (51)    An Ionstraim maidir le Comharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III).
    (52)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx . 
    (53)    Áirítear leis sin an deontas oibriúcháin do Ghníomhaireachtaí Náisiúnta mar aon le caiteachas riaracháin na bainistíochta dírí.
    (54)    Eiseoidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta maidir leis an dearbhú bliantúil bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh.966/2012. Is é sin a bheidh mar bhunús an dearbhaithe ar an iomlán de bhun Airteagal [123] den Rialachán Airgeadais nua.
    (55)    Meastacháin foirne bunaithe ar leibhéal 2018 fhoireann an Choimisiúin (gan foireann na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir) le céimniú isteach forchéimnitheach. Ní áirítear leis líon measta na foirne a bheidh ag teastáil le haghaidh comhlachtaí díláraithe, ná aon bhall foirne breise a íoctar le ranníocaíochtaí na dtríú tíortha a bheidh bainteach leis an gClár.
    (56)    Meastar riachtanais na nacmhainní daonna ar bhonn cúrsaí mar atá (faoi láthair), agus ar an mbonn sin amháin, agus beidh siad faoi réir tuilleadh athbhreithnithe amach anseo. Táimid ag súil le méadú táscach 25 % don tréimhse 2021-2027.
    Top

    An Bhruiséil,30.5.2018

    COM(2018) 367 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann le

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear ‘Erasmus': clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013

    {SEC(2018) 265 final}
    {SWD(2018) 276 final}
    {SWD(2018) 277 final}


    IARSCRÍBHINN

    Táscairí

    (1)Soghluaisteacht foghlama ardcháilíochta do dhaoine ó chúlraí éagsúla

    (2)Eorpú agus idirnáisiúnú eagraíochtaí agus institiúidí

    Cad atá le tomhas?

    (3)Líon na ndaoine a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta faoin gClár

    (4)Líon na ndaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama faoin gClár

    (5)Sciar na rannpháirithe a mheasann gur bhain siad tairbhe as a rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama faoin gClár

    (6)Líon na ninstitiúidí agus na neagraíochtaí arna dtacú ag an gClár faoi phríomhbheart 1 (soghluaisteacht foghlama) agus faoi phríomhbheart 2 (comhar)

    (7)Líon na neagraíochtaí nuathagtha arna dtacú ag an gClár faoi phríomhbheart 1 (soghluaisteacht foghlama) agus faoi phríomhbheart 2 (comhar)

    (8)Sciar na ninstitiúidí agus na neagraíochtaí arna dtacú ag an gClár a d'fhorbair cleachtais ardcháilíochta mar thoradh ar a rannpháirtíocht sa Chlár

    Top