EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0303

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (athmhúnlú)

COM/2018/303 final

An Bhruiséil,16.5.2018

COM(2018) 303 final

2018/0153(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (athmhúnlú)

{SWD(2018) 197 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Mar fhreagairt ghasta dhiongbháilte ar an ngéarchéim imirce atá ann le blianta beaga anuas agus mar fhreagairt ar an mbrú ar an teorainn sheachtrach choiteann agus ar an tragóid dhaonna sa Mheánmhuir, chuir an tAontas Eorpach straitéis chuimsitheach ar aghaidh a bhí beartaithe chun dúshláin imirce chomhchosúla a bhainistiú amach anseo. Glacadh an Creat Comhpháirtíochta nua le tríú tíortha tosaíochta in 2016 1 agus é mar aidhm leis níos mó a dhéanamh ná aghaidh a thabhairt ar riachtanais atá ann faoi láthair agus an bealach a réiteach do chomhar feabhsaithe le tíortha tionscnaimh, idirthurais agus cinn scríbe agus beartas imirce agus soghluaisteachta dea-bhainistithe ina chroílár. Iarradh ar na gníomhaithe uile, lena náirítear na Ballstáit agus institiúidí AE gníomhú ar bhealach comhordaithe agus ionstraimí, uirlisí agus giaráil a chur le chéile chun na tosaíochtaí soiléire arna socrú le tríú tíortha a chomhlíonadh chun gur fearr is féidir cúrsaí imirce a bhainistiú agus lánurraim á tabhairt d'oibleagáidí daonnúla agus d'oibleagáidí i leith chearta an duine.

Agus beagnach 500 oifigeach idirchaidrimh inimirce (dá dtagraítear OIInna) imscartha ag na Ballstáit chuig tríú tíortha i láthair na huaire, agus béim á leagan ag AE ar an ngéarghá a bhaineann le feabhas a chur ar chomhpháirtíocht le tríú tíortha, tá sé ríthábhachtach dul i muinín na noifigeach idirchaidrimh sin chun sineirgíochtaí a áirithiú idir ionstraimí tacaíochta airgeadais agus oibríochtúla agus eolas a thabhairt chun beartais fianaisebhunaithe a dhéanamh i leith na dtíortha sin.

Cé gur aithníodh chomh fada siar le 2004 go raibh tábhacht le comhpháirtíocht trí bhíthin oifigigh idirchaidrimh inimirce, tráth a ghlac an Chomhairle, ar bhonn tionscnamh de chuid na Gréige agus maidir le tuairim Pharlaimint na hEorpa, Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (dá ngairtear Rialachán OII) 2 , níor aithníodh an tionchar atá aici sin ar chomhordú agus malartú faisnéise feabhsaithe ina iomláine. Leasaíodh an Rialachán le Rialachán (AE) Uimh. 493/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 3 . Is éard atá i gceist le Rialachán OII ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen.

Sa Rialachán OII atá ann cheana, leagtar amach an oibleagáid a bhaineann le líonraí comhair áitiúla nó réigiúnacha a bhunú i measc oifigigh idirchaidrimh imirce de chuid na mBallstát agus leagtar amach cuspóirí an chomhair sin, mar aon le cúraimí OIInna i ndáil leis an tríú tír agus a bhfreagrachtaí i leith an Bhallstáit seolta. In Airteagal 1(1) de Rialachán OII, sainítear "oifigeach idirchaidrimh imirce" mar aon ionadaí de chuid ceann de na Ballstáit, a dhéanann an tseirbhís inimirce nó údaráis inniúla eile a imscaradh thar lear chun teagmhálacha a bhunú agus a choinneáil le húdaráis na tíre óstaí d'fhonn rannchuidiú le hinimirce neamhdhlíthiúil a chosc agus a chomhrac, filleadh inimirceach neamhdhlíthiúil a éascú agus imirce dhlíthiúil a bhainistiú. In Airteagal 1(2) de Rialachán OII, sonraítear gur cheart "oifigigh idirchaidrimh atá ag déileáil le saincheisteanna inimirce mar chuid dá ndualgais" a mheas mar oifigigh idirchaidrimh imirce freisin. Sa sainmhíniú sin, áirítear i gcleachtas "oifigigh idirchaidrimh aerlíne", "comhairleoirí doiciméad" agus "oifigigh idirchaidrimh fhorfheidhmiú an dlí", a mhéid a iarrtar orthu na cúraimí thuasluaite a chomhlíonadh.

Is iondúil go ndéantar oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh chuig oifigí consalachta na mBallstát i dtríú tíortha, ach d'fhéadfaí iad a imscaradh chuig údaráis inniúla na dtríú tíortha freisin, agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, ar feadh tréimhse ama a chinnfidh an Ballstát atá i mbun imscartha. Chuir Ballstáit tús le hoifigigh idirchaidrimh a imscaradh i dtús na 1990idí agus ón uair a glacadh Rialachán OII in 2004 i leith, chuaigh líon na noifigeach i méid ó 129 go 492 a bheag nó a mhór in 2018, agus chuathas i mbun imscartha in 105 thríú tír. Cé nach ndéanann gach Ballstát OIInna a imscaradh 4 , déanann an Ghearmáin, an Fhrainc, an Spáinn, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe an líon is mó OIInna náisiúnta a imscaradh.

De bhreis air sin, leis an leasú a rinneadh ar Rialachán OII a glacadh in 2011, rinneadh foráil maidir le comhar idir an Ghníomhaireacht EGTC agus na líonraí OII, cuireadh úsáid ICONet chun cinn chun faisnéis agus taithí phraiticiúil a mhalartú go rialta laistigh de líonraí áitiúla agus ba é a bhí mar aidhm leis an córas tuairiscithe i ndáil le gníomhaíochtaí na líonraí OII a chuíchóiriú trí na tuarascálacha Uachtaránachta leathbhliantúla.

Tríd is tríd, aithnítear ról OIInna ó thaobh bainistiú a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha AE de i gcomhréir le acquis Schengen.  Mar chuid den obair sin, tá comhairle a thabhairt d'údaráis tríú tíortha inniúla chun tacú lena niarrachtaí aghaidh a thabhairt ar imirce neamhdhlíthiúil, dul i gcoinne coireacht trasteorann nó calaois doiciméad a bhrath. De bhreis air sin, tá taithí oibríochtúil, eolas pearsanta agus teagmhálacha i dtríú tíortha ag OIInna atá an-ábhartha agus an-úsáideach chun feabhas a chur ar chomhar leis na tíortha sin agus riachtanais faisnéise agus forbartha beartas a chomhlíonadh i réimse na himirce ar an leibhéal Eorpach.

Mar sin féin, sa mheastóireacht sheachtrach ar an Rialachán OII reatha, a cuireadh i gcrích i Lúnasa 2017, leagan béim ar an tionchar teoranta atá ag an Rialachán agus ar an tionchar indíreach atá aige den chuid is mó ar líonraí foirmiúla a bhunú i measc OIInna arna nimscaradh chuig an suíomh céanna, ar fheabhas a chur ar bhailiú agus comhroinnt faisnéise agus ar chomhordú sheasamh agus ghníomhaíochtaí AE i leith tríú tíortha a fheabhsú.

Ba é conclúid na meastóireachta go bhfuil oifigigh idirchaidrimh inimirce agus a líonraí fós an-ábhartha sa chomhthéacs imirce domhanda reatha agus go bhfuil siad ag teacht leis na beartais Eorpacha atá ann cheana agus atá beartaithe a bhfuil sé mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar imirce neamhrialta go háirithe, ach aithníodh easnaimh freisin. Aithníodh sa mheastóireacht gur comhordú agus rannpháirtíocht neamhleor ar leibhéal AE faoi deara srianta an Rialacháin OII reatha agus gurbh é ba chúis leis sin gur acmhainní de chuid na mBallstát atá i gceist le formhór mór na OIInna, (96 % den imscaradh ar fad), agus nár tugadh aghaidh air sin, agus go bhfuil cuspóirí agus cúraimí déthaobhacha soiléire acu atá á stiúradh agus socraithe lena "cúloifigí" OII mar a thugtar orthu ina núdaráis riaracháin náisiúnta. Cuireadh bac ar shreabhadh córasach faisnéise straitéisí agus oibríochtúla de dheasca éifeachtacht, leibhéal agus scóip comhroinnte faisnéise a bheith teoranta, is é sin, ar bhealach ingearach ó na Líonraí OII chuig AE i.e. an Coimisiún, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Gníomhaireachtaí AE agus Toscaireachtaí AE i dtríú tíortha agus go cothrománach araon ar fud na líonraí agus na mBallstát. De bhreis air sin, maidir leis na hionstraimí reatha atá deartha chun faisnéis a mhalartú, go háirithe na tuarascálacha Uachtaránachta dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) de Rialachán OII agus ICONet 5 dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Rialachán reatha, is annamh a úsáideann OIInna de chuid na mBallstát iad agus is beag éifeacht atá leo dá bhrí sin dáiríre. Ina theannta sin, léiríodh sa mheastóireacht go raibh foirmeacha eile tuairiscithe fós díláraithe agus ilroinnte ar fud na mBallstát, agus thuairiscigh OIInna ar bhonn déthaobhach go díreach dá núdarás riaracháin náisiúnta féin.

De bhreis air sin, níor bhain na Ballstáit leas iomlán as féidearthachtaí an Rialacháin, amhail úsáid choiteann na OIInna arna nimscaradh chuig an suíomh céanna nó imscaradh comhpháirteach arna chómhaoiniú le buiséad AE. San am céanna, bunaíodh feidhmeanna nua le haghaidh oifigigh idirchaidrimh Eorpacha lena náirítear oifigigh de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (an Ghníomhaireacht EGTC) agus Oifigigh Eorpacha Idirchaidrimh Imirce (OEIInna) i dtríú tíortha tosaíochta chun tionchar ghníomhaíocht an Aontais ar imirce i dtríú tíortha a uasmhéadú agus feabhas a chur ar rannpháirtíocht príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais, agus comhordú agus comhar le OIInna a mhéadú.

Is é cuspóir an athbhreithnithe ar Rialachán OII feabhas a chur ar chomhordú agus dul i muinín oifigeach idirchaidrimh inimirce a mhéid agus is féidir, lena náirítear na hoifigigh idirchaidrimh Eorpacha nua arna nimscaradh chuig tríú tíortha le cur ar a gcumas freagairt a thabhairt ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a rinneadh roimhe ar thosaíochtaí AE i réimse na himirce.

Ós rud é go bhfuil líne cheannais OIInna (cúraimí agus tuarascáil a thabhairt) laistigh d'údaráis náisiúnta, féachtar san athbhreithniú le rannpháirtíocht a neartú ar an leibhéal Eorpach. Tá sé mar aidhm leis an togra comhar a neartú idir na Ballstáit trí shásra rialachais foirmiúil ("Bord Stiúrtha") atá comhdhéanta d'ionadaithe an Choimisiúin, de chúloifigí OII de chuid na mBallstát agus de Ghníomhaireachtaí AE. Ba cheart don Bhord Stiúrtha teacht le chéile go rialta le hardán a sholáthar chun forbairt agus oibriú líonraí a phleanáil agus a chomhordú bunaithe ar thosaíochtaí oibríochtúla agus straitéiseacha a bhaineann le bainistiú imirce AE. Thiocfadh AE agus na Ballstáit ar chomhaontú comhchoiteann maidir leo sin, mar shampla, i gcás sreabha tobanna imirceach. Trí thuiscint níos fearr a fháil ar na cumais agus ar an acmhainneacht atá ar fáil, is fearr a bheidh AE in ann a idirghabhálacha agus a fhreagraí a dhíriú ar na réimsí éagsúla den bheartas imirce.

Ar deireadh, sa mheastóireacht agus sna comhairliúcháin ghaolmhara de chuid an Rialacháin OII reatha, bhíothas ar aon intinn gur beag an luach, más ann, atá le tuarascálacha Uachtaránachta leathbhliantúla 6 lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí líonraí OII agus staid na himirce neamhdhlíthiúla i dtríú tíortha ar leith. Dá bhrí sin, cuirtear deireadh leis an oibleagáid sin sa togra agus tugtar tuairisciú isteach ar ábhair leasa AE comhroinnte arna bplé agus arna gcomhaontú leis an mBord Stiúrtha. Ina theannta sin, déantar foráil maidir le nuashonruithe córasacha ar imscaradh oifigeach idirchaidrimh atá á dhéanamh ag eintitis seolta faoi láthair agus atá beartaithe.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo mar fhreagairt ar ghlaonna Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Eorpaí chun beartas comhtháite agus inchreidte a fhorbairt maidir le himirce neamhdhlíthiúil a chosc agus le dul ina coinne, aghaidh a thabhairt ar smuigleáil imirceach agus ar gháinneáil ar dhaoine, feabhas ar chur ar náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a fhilleadh agus teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a bhainistiú go héifeachtach. Chuige sin, leag an Chomhairle Eorpach treoshuíomhanna soiléire amach in Aibreán 2015 7 inar meabhraíodh gur gá comhar breise a dhéanamh idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus na tíortha tionscnaimh agus idirthurais chun inimirce neamhdhlíthiúil a rialú.

In 2015, sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 8 agus i bPlean Gníomhaíochta AE in aghaidh Smuigleáil Imirceach (2015-2020) 9 , sainaithníodh ar cheann de na gníomhaíochtaí tosaíochta atá ag an Rialachán OII atá ann cheana meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin d'fhonn feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise agus cosc feabhsaithe a chur ar inimirce neamhdhlíthiúil agus smuigleáil imirceach. An tráth céanna, d'fhógair an Coimisiún OEIInna a imscaradh, chun críche acmhainneacht Thoscaireachtaí AE a neartú i réimse na himirce. I láthair na huaire, tá OEIInna á nimscaradh chuig 13 thír tosaíochta 10 , agus chuaigh siad isteach i líonraí OII chun dlúthchomhordú a dhéanamh ar an obair sa réimse sin le hoifigigh idirchaidrimh eile ar an talamh.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, sa Teachtaireacht maidir le Cur i gCrích an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce 11 , d'fhógair an Coimisiún, bunaithe ar thoradh na meastóireachta ar Rialachán OII, go mbunófaí creat coiteann agus sainorduithe soiléire foirne arna himscaradh chuig tríú tíortha chun bearta a dhéanamh le dul i gcoinne smuigleáil imirceach agus go ndéanfaí amhlaidh tríd an gcreat dlí reatha a athbhreithniú. De bhreis air sin, tá an méid sin i gcomhréir leis na tosaíochtaí beartais arna sainaithint sa Teachtaireacht maidir le Gáinneáil ar Dhaoine 12 , chun comhordú na ngnéithe inmheánacha agus seachtracha de ghníomhaíocht frithgháinneála AE a fheabhsú, lena náirítear trí líonraí ábhartha.

Leis an togra seo, rannchuidíonn an Coimisiún leis na tosaíochtaí beartais uileghabhálacha sa réimse a bhaineann le dul i gcoinne inimirce neamhdhlíthiúla agus bainistiú a dhéanamh ar imirce agus ar theorainneacha seachtracha an Aontais. Tá an togra seo bunaithe ar bheartas atá ann cheana, go háirithe an Rialachán reatha lena mbunaítear cúraimí OIInna agus lena gcruthaítear líonra OII ach tá leibhéal cáilíochtúil éagsúil i gceist leis.  Sa togra seo, leathnaítear cumas líonraí OII freagairt go héifeachtach agus go tráthúil ar dhúshláin imirce atá anois ann nó a bheidh ann amach anseo trí ghníomhaíochtaí na mBallstát, an Choimisiúin agus Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a neartú, a mheas agus a chomhordú go réamhghníomhach i dtaca le bearta comhpháirteacha a chur chun feidhme lasmuigh de theorainneacha seachtracha AE nó iontu sin. Ina theannta sin, leis an athbhreithniú sin, beifear in ann leas iomlán a bhaint as an líonra oifigeach idirchaidrimh arna imscaradh ag an gCoimisiún agus ag Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Baineann an togra seo go dlúth le roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Aontais maidir le réimse beartais na himirce agus comhlánaítear iad, go háirithe:

·Smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus cur ina gcoinne ós rud é gur gá na gníomhaíochtaí éifeachtacha i gcoinne gníomhaíochtaí coiriúla smuigléirí agus gáinneálaithe a dhéanamh feadh an bhealaigh imirce ina iomláine, go réamhtheachtach, ar dtús báire, i dtríú tíortha tionscnaimh agus idirthurais;

·Filleadh náisiúnach tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil, ar réamhchoinníoll riachtanach ina leith é comhar agus socruithe praiticiúla le tíortha tionscnaimh a fheabhsú chun cur chun feidhme comhaontuithe um athligean isteach atá ann cheana agus tabhairt chun críche caibidlí leanúnacha mar aon le forfheidhmiú cinntí um fhilleadh a áirithiú;

·Bainistiú Comhtháite Teorainneacha lena sainaithnítear rioscaí i leith slándáil inmheánach agus bagairtí lena bhféadfaí difear a dhéanamh d'fheidhmiú nó do shlándáil na dteorainneacha seachtracha, comhar i measc na mBallstát, le tacaíocht agus comhordú na Gníomhaireachta EGTC, mar aon le comhar le tríú tíortha, go háirithe le tíortha comharsanachta agus leis na tríú tíortha sin a sainaithníodh mar thíortha tionscnaimh nó idirthurais trí anailís riosca;

·Imirce dhlíthiúil agus lánpháirtíocht, atá ina ndlúthchodanna de chomhar foriomlán AE le tríú tíortha maidir le saincheisteanna imirce agus atá bunriachtanach chun bainistiú cliste agus éifeachtach a dhéanamh ar shreabha imirce, go háirithe trí choincheap na nOifigeach Idirchaidrimh Lánpháirtíochta a chur san áireamh in Ambasáidí i dtríú tíortha ríthábhachtacha, mar a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochtaí um Lánpháirtíocht, 2016 13 ;

·Beartas um chaidreamh seachtrach an Aontais ós rud é gur cheart do na himircigh idirchaidrimh inimirce arna nimscaradh chuig tríú tíortha comhar oibríochtúil a éascú agus a spreagadh idir na Ballstáit agus tríú tíortha, lena náirítear trí idirchaidreamh a dhéanamh le húdarás tríú tíortha maidir le bainistiú imirce, le cosaint, le smuigleáil imirceach, le gáinneáil ar dhaoine, le filleadh agus le hathligean isteach chomh maith le bainistiú teorainneacha;

·Cosaint sonraí a mhéid a áirithítear sa togra seo cosaint ceart bunúsach daoine aonair a ndéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra reachtach seo bunaithe ar Airteagal 79(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena núdaraítear do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bearta a ghlacadh i réimse na himirce neamhdhlíthiúla, na hinimirce neamhdhlíthiúla agus an chónaithe neamhúdaraithe, lena náirítear daoine a chónaíonn gan údarú a aistriú agus a aisdúichiú agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, agus tá sé bunaithe ar Airteagal 74 freisin, lena núdaraítear an Chomhairle bearta a ghlacadh a bhfuil sé mar aidhm leo comhar riaracháin a áirithiú idir ranna ábhartha de na Ballstáit i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá sé mar chuspóir leis an togra seo a áirithiú go rachfar i muinín oifigeach idirchaidrimh inimirce a mhéid agus is féidir, lena náirítear na hoifigigh sin arna nimscaradh ag an gCoimisiún agus ag Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chuig tríú tíortha chun tosaíochtaí beartais imirce AE a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a rinneadh roimhe sin, amhail inimirce neamhdhlíthiúil a chosc agus a chomhrac, filleadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a éascú chomh maith le tacú le bainistiú imirce dlíthiúla, lena náirítear i réimse na cosanta idirnáisiúnta, an athlonnaithe agus bearta lánpháirtíochta réamhimeachta, agus an méid sin a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a rinneadh roimhe sin. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tá gá le cur chuige comhordaithe ar leibhéal AE, agus na húdaráis náisiúnta agus na comhlachtaí AE uile atá freagrach as imscaradh agus bainistiú oifigeach idirchaidrimh atá ag déileáil le saincheisteanna imirce i dtríú tíortha rannpháirteach ann. Is leas coiteann de chuid na mBallstát uile é inimirce neamhdhlíthiúil a chosc agus cur ina coinne agus ní féidir leis na Ballstáit an méid sin a bhaint amach leo féin, dá bharr sin, ba ghá beart comhordaithe a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach agus bearta spriocdhírithe a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhréireacht

Beidh an togra reachtach mar fhreagairt ar na dúshláin nua agus ar fhíorstaid pholaitiúil an Aontais maidir le bainistiú imirce agus slándáil inmheánach araon. Bunaítear sásraí sa togra lena bhféadfar na hoifigigh idirchaidrimh inimirce a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a rinneadh roimhe sin, lena náirítear na hoifigigh sin arna nimscaradh ag an gCoimisiún agus ag Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chuig tríú tíortha, mar chuid de na bearta lena rannchuidítear le gach gné den bheartas Eorpach maidir le himirce a chur chun feidhme. Áirithítear sa togra go ndéantar faisnéis a bhailiú agus a chomhroinnt agus go ndéantar beart iomchuí chun inimirce neamhdhlíthiúil a chosc, cur i gcoinne smuigleáil imirceach agus gáinneála ar dhaoine trí idirghabháil a dhéanamh go luath sna teorainneacha seachtracha. De bhreis air sin, tacaítear le bainistiú imirce dlíthiúla, lena náirítear i réimse na cosanta idirnáisiúnta, an athlonnaithe agus bearta lánpháirtíochta réamhimeachta, agus lánurraim á tabhairt do na struchtúir agus do na nósanna imeachta náisiúnta.

Forbairt bhreise ar acquis Schengen atá sa togra chun inimirce neamhdhlíthiúil a chomhrac. Cuirtear feabhas ar chomhar idir na húdaráis náisiúnta ábhartha de chuid Bhallstáit AE, agus idir iad agus an Coimisiún agus Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus gan dul thar a bhfuil riachtanach chun na príomhchuspóirí a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Ní féidir an leibhéal aonfhoirmeachta riachtanach is gá le haghaidh rialachas éifeachtach líonra Eorpaigh oifigeach idirchaidrimh inimirce i dtríú tíortha a bhaint amach ach amháin trí Rialachán, agus deimhnítear an méid sin trí bhunú Líonra OII den chéad uair. Ós rud é nár athraíodh na cuspóirí foriomlána ná an comhthéacs beartais, tá an cineál céanna ionstraime dlí fós iomchuí don togra seo.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinne an Coimisiún meastóireacht sheachtrach ar an Rialachán OII reatha, rud a cuireadh i gcrích i Lúnasa 2017.

Mar chuid den phróiseas meastóireachta, bhí comhairliúchán ar réimse leathan foinsí, lena náirítear anailís ar thuarascálacha Uachtaránachta agus ar dhoiciméid a bhaineann le hobair Shainghrúpa na mBallstát ar Líonraí OII, eagrú misean aimsithe fíoras in 14 thír ina ndéantar OIInna a imscaradh (an Phacastáin, an Iordáin, an Éigipt, an Nigéir, an Aetóip, an Afraic Theas, an Albáin (réigiún na mBalcán Thiar), Maracó, an tSeineagáil, Gána, an Tuirc, an Téalainn, an tSín agus an Rúis), agallaimh a dhéanamh le páirtithe leasmhara AE, le bainisteoirí OII sna Ballstáit agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus suirbhé a dhéanamh ar OIInna agus ar a mbainisteoirí. Ina theannta sin, rinneadh agallaimh dhoimhne leis an gCoimisiún, leis an Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus le Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Ar deireadh, bhí na hionadaithe ó cheithre Bhallstát ar phainéal bainisteoirí OII: an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe. Rinneadh cros-seiceáil ar na foinsí sin chun anailís, conclúidí agus moltaí láidre a sholáthar ón meastóireacht.

Deimhnítear san fhianaise a bailíodh go raibh oifigigh idirchaidrimh inimirce agus a líonraí fós an-ábhartha sa chomhthéacs imirce domhanda reatha agus go bhfuil siad ag teacht leis na beartais de chuid an Aontais atá ann cheana agus atá beartaithe i réimse na himirce. Mar sin féin, ba léir ón meastóireacht go bhfuil oifigigh idirchaidrimh inimirce faoi chomaoin ag a núdarás riaracháin baile ó thaobh obair an údaráis a ghlacadh agus a dhéanamh mar aon le faisnéis a chomhroinnt. Leagadh béim ar a laghad airde a tugadh ar an ngné sin den Rialachán atá ann cheana, ina ndírítear ar an gcaoi ar cheart d'oifigigh idirchaidrimh inimirce líonraí a dhearadh, a fhorbairt agus a bhainistiú go háitiúil i dtríú tíortha, agus faillí á déanamh ar an ngá atá le rialachas a dhéanamh ar na líonraí ar leibhéal an Aontais.

De bhreis air sin, ba léir ón bhfianaise sa mheastóireacht nár cuireadh tús le bunú córasach líonraí foirmiúla leis an Rialachán reatha, mar bíonn líonraí i gceist i bhfoirm amháin nó eile in aon suíomh ina ndéantar 3 oifigeach idirchaidreamh inimirce nó níos mó a imscaradh ach go háirithe. Ar deireadh, thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht nach raibh mórán tionchar intomhaiste ag an Rialachán ar leibhéal ná ar raon feidhme na comhroinnte faisnéise laistigh de líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce. Leis an Rialachán, ní rabhthas in ann sreabhadh córasach eolais straitéisigh agus faisnéise oibríochtúla a áirithiú go hingearach ó na Líonraí OII chuig institiúidí agus comhlachtaí AE ná go cothrománach ar fud na líonraí agus na mBallstát.

Soláthraíodh fianaise i dtorthaí na meastóireachta lena dtacaítear leis an togra reatha agus léiríodh an méid sin i meastóireacht an Choimisiúin ar Rialachán OII a thíolactar sa Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an togra seo.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Agus an togra seo á ullmhú, lean an Coimisiún conclúidí na Comhairle Eorpaí agus an plé i gComhairle na nAirí agus i bParlaimint na hEorpa maidir le bainistiú imirce agus maidir leis na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim imirce.

Rinneadh comhairliúcháin spriocdhírithe le páirtithe leasmhara ábhartha le linn phróiseas na meastóireachta seachtraí. Bhí dearadh na meastóireachta bunaithe ar chur chuige rannpháirtíochta lena bhféadfaidh príomhpháirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach go gníomhach, go háirithe OIInna agus bainisteoirí OIInna. Rinneadh 14 cheardlann i dtríú tíortha príomha ina ndéantar oifigigh idirchaidrimh a imscaradh, agus bhí baint ag comhairliúcháin leis an bhfoireann ábhartha uile leis sin, go háirithe ó Thoscaireachtaí AE, ó Ambasáidí agus ó ranna consalachta na mBallstát, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail EII agus UNHCR agus ó údaráis náisiúnta na dtíortha óstacha. De bhreis air sin, i gcéimeanna éagsúla den phróiseas rinneadh comhairliúcháin le hinstitiúidí AE agus le Gníomhaireachtaí AE, agus le Ballstáit ina dtugtar an líon is airde OIInna ar iasacht.

Bhí baint ag Sainghrúpa na mBallstát ar Líonraí OII le linn phróiseas na meastóireachta agus chuathas i gcomhairle leis faoi na moltaí. Rinneadh comhairliúcháin shaincheaptha bhreise le OIInna na mBallstát agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile i sé cinn d'ócáidí réigiúnacha, idir Samhain 2017 agus Márta 2018 in Islamabad, i Moscó, i mBéalgrád, i dTúinis, in Amman agus i nDacár. Bhí dhá sheisiún comhairliúcháin ar bun le Gníomhaireachtaí AE i Samhain 2017 agus in Eanáir 2018 agus bhí comhráite físchomhdhála leantacha níos mionsonraithe ná sin ar bun leis an nGníomhaireacht EGTC agus le Europol. Tháinig painéal bainisteoirí OIInna ó na Ballstáit ina bhfuil an líon is mó líonraí OIInna le chéile arís in Eanáir 2018 14 , chun léargas breise a thabhairt roimh an togra seo a chur le chéile.

Ar an mórgóir, bhí torthaí an chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara ag teacht le conclúid na meastóireachta seachtraí. Thuig na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo cumas na noifigeach idirchaidrimh inimirce chun tacú le cur chun feidhme thosaíochtaí an Aontais i réimse na himirce. Léirigh siad gur ghá comhar agus sásraí comhordaithe feabhsaithe a bhunú. Leag na Ballstáit béim ar leith ar luach an chomhair le stáit nach Ballstáit de AE iad ina ndéantar oifigigh idirchaidrimh a imscaradh agus d'iarr siad go gcoinneofaí solúbthacht i dtaca le líonraí áitiúla agus réigiúnacha oifigeach idirchaidrimh inimirce a chur le chéile. Lorg na Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais dlúthchomhar leis na líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce agus comhroinnt faisnéise a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a rinneadh roimhe sin agus táirge anailíseach a úsáid arna tháirgeadh ag na Gníomhaireachtaí. De bhreis air sin, d'aontaigh na páirtithe leasmhara uile a ndeachthas i gcomhairle leo d'aonghuth nach raibh éifeacht leis na forálacha reatha atá nasctha le comhroinnt faisnéise agus sásraí tuairiscithe.

Measúnú tionchair

Tríd an meastóireacht agus tríd an taighde a ghabhann léi ón gCoimisiún, ba léir nach mbeadh ach tionchar teoranta ag an Rialachán athbhreithnithe ar ualaí riaracháin agus i dtaca leis an tionchar leathan eile ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha, sóisialta nó comhshaoil de, bhí an chuma air nach raibh sé ábhartha nó go raibh sé níos indírí agus fadtéarmaí ná a mhalairt. Leis an togra, déanfar difear do thoghghrúpa beag atá comhdhéanta go garbh de 500 oifigeach a dhéanann na Ballstáit a imscaradh chuig tríú tíortha, agus de ghrúpa ionadaíoch beag bainisteoirí, agus ní dhéanfar ach difear indíreach d'údaráis riaracháin de chuid tríú tíortha ina bhfuil OIInna á nóstáil. Go deimhin, níl aon tionchar ag forálacha an togra seo ar phríomhchúraimí na noifigeach sin ná ar na costais arna dtabhú ag na Ballstáit agus ag comhlachtaí eile agus iad á nimscaradh. Rinneadh an mheastóireacht agus anailís an Choimisiúin agus comhar agus idirchaidreamh dlúth á ndéanamh le húdaráis riaracháin ábhartha na mBallstát a ndéantar difear díreach dóibh leis an togra agus tionchair a d'fhéadfadh a bheith i gceist sin agus ceisteanna ábhartha á bplé agus á dtástáil leo le linn an phróisis.

Ar bhonn an chomhairliúcháin leanúnaigh sin agus i dteannta thorthaí na meastóireachta agus ár nanailíse féin, is é an tátal a baineadh as nach bhfuiltear ag súil le haon tionchair mhóra ón togra. De bhreis air sin, bunaithe ar na torthaí meastóireachta, meastar nach bhfuil comparáid mhionsonraithe ar roghanna beartais eile ábhartha ós rud é nár sainaithníodh aon roghanna eile dáiríre lena dtugtar aghaidh ar na fadhbanna a leagtar béim orthu, agus níor ghá measúnú tionchair a dhéanamh leis an togra seo dá bharr sin.

Cearta bunúsacha

Sa togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus a léirítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Dínit an duine, an ceart chun na beatha, toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó pionós atá táireach nó mídhaonna, an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun tearmainn agus cosanta i gcás aistriú agus díbeartha, prionsabal an non-refoulement agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe, an ceart chun leighis éifeachtaigh, agus cearta an linbh, déantar iad a urramú ina niomláine sa togra seo go háirithe.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Déanfar líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a mhaoiniú tríd an ionstraim chistiúcháin shaincheaptha AE. Faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha (2014-2020), sannadh na hacmhainní chun na críche sin sa Chiste Slándála Inmheánaí - Teorainneacha agus Víosa. Maidir leis na caiteachais atá nasctha le cur chun feidhme an togra seo, go háirithe chun tacú le himscaradh na noifigeach idirchaidrimh inimirce de chuid an Choimisiúin mar aon le costais riaracháin agus oibríochtúla na ngníomhaíochtaí a chuireann an Bord Stiúrtha nua de chúram ar líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce, measfar go mbeidh siad fós incháilithe faoin líne bhuiséid chéanna sa chéad CAI eile. Má ghlactar an togra roimh an gcéad chreat airgeadais eile, déanfar na hacmhainní riachtanacha (EUR 860 000 an méid measta) a mhaoiniú ó líne bhuiséid an CSI-Teorainneacha agus Víosa atá anois ann agus déanfar na méideanna a asbhaint ón méid iomlán EUR 17.3 milliún atá curtha i leataobh le haghaidh chur chun feidhme an togra seo. Déantar na costais atá nasctha le cur chun feidhme an togra seo a leithdháileadh mar a leanas: EUR 1.6 milliún le haghaidh fheidhmiú an Bhoird Stiúrtha, EUR 12.2 milliún le haghaidh cur chun feidhme gníomhaíochtaí líonra Eorpaigh oifigeach idirchaidrimh inimirce agus EUR 3.5 milliún le haghaidh imscaradh na noifigeach idirchaidrimh inimirce arna dhéanamh ag an gCoimisiún. Tá na hacmhainní is gá le haghaidh an togra seo comhréireach leis an CAI reatha (2014-2020) agus leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 an 2 Bealtaine 2018.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil i leith chur chun feidhme an rialacháin bheartaithe do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Cuirfear na torthaí sin ar fáil don phobal.

·Na hiarmhairtí atá ag na prótacail éagsúla atá i gceangal leis na Conarthaí agus ag na comhaontuithe comhlachais a cuireadh i gcrích le tríú tíortha

Is forbairt é an togra seo ar acquis Schengen. Ní foláir, dá bhrí sin, iarmhairtí na bprótacal éagsúil a mheas maidir leis an Danmhairg, le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe; leis an Íoslainn agus leis an Iorua; agus leis an Eilvéis agus le Lichtinstéin. Ar an dóigh chéanna, ní foláir na hiarmhairtí maidir leis na hIonstraimí Aontachais éagsúla a mheas. Tá tuairisc mhionsonraithe ar chás gach ceann de na Stáit lena mbaineann in aithrisí an togra seo.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Sa togra seo, leagtar síos na prionsabail ghinearálta a bhaineann le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú, ar oifigigh iad atá á nimscaradh ag na Ballstáit chomh maith leis an gCoimisiún agus le Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chuig tríú tíortha agus é mar chuspóir rannchuidiú le himirce a bhainistiú go héifeachtach agus leibhéal ard slándála inmheánaí a áirithiú laistigh den Aontas Eorpach.

Chun na gcríoch sin, leagtar na heilimintí seo a leanas amach sa togra d'fhonn rialachas líonra Eorpaigh oifigeach idirchaidrimh inimirce a neartú:

·Déantar teideal an Rialacháin agus an phríomhthéarmaíocht a choigeartú chun gur fearr is féidir cuspóirí an togra a léiriú, go háirithe an aidhm a bhaineann le feabhas a chur ar chomhordú Eorpach na noifigeach idirchaidrimh inimirce.

·Tugtar soiléiriú breise ar an sainmhíniú ar oifigeach idirchaidrimh inimirce, agus déantar tagairt shainráite d'oifigigh idirchaidrimh fhorfheidhmiú an dlí atá ag obair ar chúraimí a bhaineann le hinimirce.

·Tugtar Bord Stiúrtha isteach ar an leibhéal Eorpach chun bainistiú líonra agus comhordú oifigeach idirchaidrimh inimirce atá á nimscaradh chuig tríú tíortha a neartú i measc na mBallstát, an Choimisiúin agus Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais.

·Cuirtear deireadh leis an oibleagáid a bhaineann leis an tuarascáil Uachtaránachta leathbhliantúil, tugtar ceanglais tuairiscithe isteach atá le comhaontú ag an mBord Stiúrtha, agus beidh gníomhaíochtaí leantacha san áireamh iontu, agus tugtar deis isteach freisin chun go bhféadfaidh an Bord Stiúrtha iarrataí spriocdhírithe faisnéise ad-hoc a choimisiúnú.

·Neartaítear malartú faisnéise idir oifigigh idirchaidrimh inimirce agus comhaltaí den Bhord Stiúrtha trí bhíthin ardán slán gréasánbhunaithe.

·Tugtar deimhneacht dhlíthiúil maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag oifigigh idirchaidrimh inimirce chun críche cúraimí agus gníomhaíochtaí arna sainaithint sa togra a chomhlíonadh.    

2018/0153 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 74 agus Airteagal 79(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 15 ón gComhairle a leasú go suntasach 16 . Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh, ba cheart an Rialachán a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)De dheasca an mhéadaithe mhóir ar shreabha imirceacha measctha in 2015 agus 2016, cuireadh brú ar chórais imirceach, tearmainn agus bainistithe teorainneacha agus bhí gá le freagairt Eorpach chomhordaithe agus éifeachtach dá bharr sin.

(3)Tá sé mar chuspóir ag beartas an Aontais i réimse na himirce conairí dea-bhainistithe a chur in ionad sreabha neamhrialta agus neamhrialaithe trí chur chuige cuimsitheach lena dtugtar aghaidh ar gach gné den inimirce.

(4)Tá urraim do chearta an duine ina phrionsabal bunúsach de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim imirce. Tá an tAontas tiomanta do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha gach imircigh a chosaint, beag beann ar a stádas imirceach, agus an dlí idirnáisiúnta á chomhlíonadh go hiomlán aige.

(5)Chun cur chun feidhme éifeachtach bheartais an Aontais maidir le hinimirce a áirithiú ina ngnéithe uile, ba cheart idirphlé agus comhar comhsheasmhach a dhéanamh le tríú tíortha tionscnaimh agus idirthurais príomha de chuid imirceach agus iarrthóirí tearmainn. Leis an gcomhar sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bainistiú inimirce feabhsaithe, lena náirítear imeachtaí agus fillteacha, rannchuidiú le cobhsú sreabh imirceach, tacú leis an acmhainneacht faisnéis a bhailiú agus a chomhroinnt, agus smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus cur ina gcoinne, mar aon le rochtain iarrthóirí tearmainn ar chosaint.

(6)I bhfianaise an éilimh mhéadaithigh atá ann ar fhaisnéis agus eolas chun tacú le déanamh beartas fianaisebhunaithe agus freagairtí oibríochtúla, is gá d'oifigigh idirchaidrimh inimirce a áirithiú go mbeidh an léargas agus an teolas atá acu ina rannchuidiú iomlán le léiriú cuimsitheach ar an staid i dtríú tíortha a fháil.

(7)Bhí imscaradh na nOifigeach Eorpacha Idirchaidrimh Imirce reatha chuig na príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais, arna iarraidh le conclúidí an chruinnithe speisialta de na Cinn Stáit agus Rialtais an 23 Aibreán 2015, mar an chéad chéim chun feabhas a chur ar an rannpháirtíocht le tríú tíortha i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le hinimirce agus dlús a chur le comhordú le hoifigigh idirchaidrimh inimirce arna nimscaradh ag na Ballstáit. Bunaithe ar an taithí sin, tá sé beartaithe oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh chuig tríú tíortha ar feadh tréimhse níos fadtéarmaí ná mar a rinneadh roimhe sin chun tacú le forbairt agus le cur chun feidhme agus le tionchar ghníomhaíocht an Aontais maidir le himirce a uasmhéadú.

(8)Tá sé mar chuspóir leis an Rialachán seo a áirithiú gur fearr an comhordú a dhéantar ar oifigigh idirchaidrimh arna nimscaradh chuig tríú tíortha ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún agus ag Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus go rachfar i muinín na noifigeach sin a mhéid agus is féidir chun freagairt ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a rinneadh roimhe sin ar thosaíochtaí AE a bhaineann le hinimirce neamhdhlíthiúil a chosc agus a chomhrac agus coireacht trasteorann ghaolmhar amhail smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, gníomhaíochtaí um fhilleadh, athligean isteach agus athlánpháirtiú a éascú, rannchuidiú le bainistiú comhtháite ar theorainneacha seachtracha an Aontais, mar aon le tacú le hinimirce dhlíthiúil a bhainistiú, lena náirítear i réimse na cosanta idirnáisiúnta, an athlonnaithe agus bearta lánpháirtíochta réamhimeachta arna ndéanamh ag na Ballstáit agus ag an Aontas.

(9)Bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle, tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo a áirithiú go rannchuideoidh oifigigh idirchaidrimh inimirce ar bhealach níos fearr le feidhmiú líonra Eorpaigh oifigeach idirchaidrimh inimirce agus go ndéanfar amhlaidh go príomha trí shásra a bhunú trína bhféadfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais cúraimí agus róil a noifigeach idirchaidrimh a chomhordú ar bhealach níos córasaí ná mar a rinneadh roimhe sin.

(10)Agus an forluí a d'fhéadfadh a bheith i gceist idir sainorduithe agus cúraimí oifigeach idirchaidrimh inimirce, ba cheart iarrachtaí cuí a dhéanamh chun obair na noifigeach atá ag oibriú laistigh den tríú tír nó den réigiún céanna a chomhordú ar bhealach níos fearr ná mar a rinneadh roimhe sin. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh go díreach chuig misin taidhleoireachta an Aontais i dtríú tír, ba cheart dóibh líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a thionscnamh agus a stiúradh sa tríú tír sin.

(11)Tá sé riachtanach sásra rialachais láidir a bhunú lena náirithítear go ndéanfar comhordú feabhsaithe ar na hoifigigh idirchaidrimh go léir atá ag déileáil le saincheisteanna inimirce mar chuid dá ndualgais, agus is amhlaidh go bhfuil an méid sin riachtanach chun bearnaí faisnéise agus dúbláil oibre a íoslaghdú agus cumais agus éifeachtacht oibríochtúil a uasmhéadú. Ba cheart do Bhord Stiúrtha treoir a thabhairt i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais – agus caidreamh seachtach an Aontais á chur san áireamh – agus ba cheart na cumhachtaí riachtanacha a thabhairt dó, go háirithe chun cláir oibre dhébhliantúla maidir le gníomhaíochtaí líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce a ghlacadh, cúraimí saincheaptha ad-hoc a shannadh d'oifigigh idirchaidrimh inimirce lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí agus riachtanais atá ag teacht chun cinn nach gcumhdaítear leis an gclár oibre débhliantúil cheana, acmhainní a leithdháileadh le haghaidh gníomhaíochtaí arna gcomhaontú agus a bheith freagrach as iad a chur i gcrích.

(12)Dá bhrí sin, ba cheart liosta d'oifigigh idirchaidrimh inimirce arna nimscaradh chuig tríú tíortha a bhunú agus ba cheart don Bhord Stiúrtha é a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Ba cheart faisnéis a chur san áireamh sa liosta sin, faisnéis a bhaineann le suíomh, le comhdhéanamh agus le gníomhaíochtaí líonraí éagsúla, agus lena náirítear sonraí teagmhála na noifigeach idirchaidrimh inimirce arna nimscaradh agus an achoimre ar a ndualgais.

(13)Ba cheart imscaradh comhpháirteach oifigeach idirchaidrimh a chur chun cinn agus é mar aidhm leis feabhas a chur ar chomhar oibríochtúil agus comhroinnt faisnéise idir na Ballstáit, agus freagairt ar na riachtanais ar leibhéal an Aontais, arna sainiú ag an mBord Stiúrtha. Ba cheart tacú le himscaradh comhpháirteach, arna dhéanamh ag dhá Bhallstát ar a laghad, trí chistí an Aontais lena spreagtar rannpháirtíocht agus lena soláthraítear luach breise do na Ballstáit uile, agus go háirithe dóibh sin ag a bhfuil líonraí idirchaidrimh beaga nó nach bhfuil líonraí idirchaidrimh ar bith acu i dtríú tíortha.

(14)Ba cheart foráil ar leith a dhéanamh maidir le gníomhaíocht leathan fothaithe acmhainneachta de chuid an Aontais, i gcomhar le Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, trí lárchuraclaim choiteanna agus cúrsaí oiliúna réamh-imscartha a fhorbairt, agus maidir le tacú le hacmhainneacht oibríochtúil líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce a neartú.

(15)Ba cheart do líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce dúbláil ar obair Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus ar ionstraimí nó struchtúir eile de chuid an Aontais a sheachaint agus ba cheart dóibh luach breise a thabhairt dá bhfuil bainte amach cheana acu ó thaobh bailiú agus malartú faisnéise i réimse na hinimirce de, go háirithe trí dhíriú ar ghnéithe oibríochtúla. Ba cheart dóibh gníomhú mar éascaitheoirí agus mar sholáthraithe faisnéise ó thríú tíortha chun tacú le Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i dtaca lena bhfeidhmeanna agus lena gcúraimí, go háirithe i gcás nach mbeidh caidreamh comhoibríoch bunaithe ag Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais le tríú tíortha go fóill. Ba cheart dlúthchomhar idir líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce agus Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais a bhunú chuige sin.

(16)Ba cheart d'údaráis na mBallstát a áirithiú go mbeidh teacht ag oifigigh idirchaidrimh inimirce ar tháirgí anailíseacha straitéiseacha agus oibríochtúla de chuid na nGníomhaireachtaí Aontais i ndáil le hinimirce neamhdhlíthiúil, le filleadh, le coireacht trasteorann nó le cosaint idirnáisiúnta agus le hathlonnú agus go ndéanfar an fhaisnéis arna soláthar ag oifigigh idirchaidrimh inimirce a chomhroinnt leis na Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais – go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Europol agus Gníomhaireacht Tearmainn an Aontais Eorpaigh laistigh de chreat dlíthiúil gach ceann díobh.

(17)Chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtaí agus is féidir as faisnéis arna bailiú ag na líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí ardán slán gréasánbhunaithe um malartú faisnéise.

(18)San fhaisnéis arna bailiú ag oifigigh idirchaidrimh inimirce, ba cheart tacú le cur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip ar de chineál teicniúil agus oibríochtúil é dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 agus rannchuidiú leis na córais náisiúnta um fhaireachas ar theorainneacha a fhorbairt agus a choimeád ar bun i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 .

(19)Ba cheart a bheith in ann úsáid a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil a bhuí le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 chun tacú le gníomhaíochtaí líonra Eorpaigh oifigeach idirchaidrimh inimirce agus leanúint le himscaradh oifigeach idirchaidrimh inimirce comhpháirteach arna dhéanamh ag na Ballstáit.

(20)Aon phróiseáil agus aistriú a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart an méid sin a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 agus leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2016/680 21 . Ba cheart don Choimisiún agus do Ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 a chur i bhfeidhm agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu.

(21)Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo chun críocha cúnamh a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír a fhilleann agus athlonnú daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a éascú agus bearta de chuid an Aontais a chur chun feidhme i leith imircigh dhlíthiúla a ligean isteach. Dá bhrí sin, tá gá le creat dlíthiúil lena naithnítear ról oifigeach idirchaidrimh inimirce sa chomhthéacs sin.

(22)Náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh nuair nach gcomhlíonann siad a thuilleadh na coinníollacha maidir le dul isteach sna Ballstáit, maidir le fanacht nó cónaí iontu i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , is cuid bhunúsach atá ansin de na hiarrachtaí cuimsitheacha chun dul i ngleic leis an imirce neamhdhlíthiúil, agus is cúis thábhachtach é sin go bhfuil leas an phobail ann go mór.

(23)Ní mór d'oifigigh idirchaidrimh inimirce sonraí pearsanta a phróiseáil chun oibríochtaí um fhilleadh a éascú. Is minic nach mbíonn na tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu faoi réir cinntí leordhóthanachta arna nglacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679, nó faoi Airteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680, agus nach bhfuil comhaontú um athligean isteach tugtha i gcrích acu leis an Aontas nó nach bhfuil sé beartaithe acu comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích nó foráil a dhéanamh ar shlí eile maidir le coimircí iomchuí de réir bhrí Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679 nó de réir bhrí na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 37 de Threoir (AE) 2016/680. In ainneoin na niarrachtaí móra atá an tAontas a dhéanamh i gcomhar le príomhthíortha tionscnaimh na náisiúnach tríú tír a fhanann go neamhdhlíthiúil faoi réir oibleagáid um fhilleadh, ní féidir a áirithiú i gcónaí go gcomhlíonann na tríú tíortha sin ar bhealach córasach an oibleagáid arna bunú leis an dlí idirnáisiúnta a bhaineann lena náisiúnaigh féin a athligean isteach. Maidir le comhaontuithe um athligean isteach arna dtabhairt i gcrích nó atá faoi chaibidlíocht ag an Aontas nó ag na Ballstáit agus lena ndéantar foráil maidir le coimircí iomchuí chun sonraí a aistriú chuig tríú tíortha de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679 nó de bhun na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680, cumhdaítear líon teoranta de na tríú tíortha sin. I gcás nach ann do na comhaontuithe sin, ba cheart d'oifigigh idirchaidrimh inimirce sonraí pearsanta a aistriú chun críocha na hoibríochtaí um fhilleadh de chuid an Aontais a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 49(1)(d) de Rialachán (AE) 2016/679 nó sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 38 de Threoir (AE) 2016/680.

(24)Ar mhaithe leis na daoine lena mbaineann, ba cheart d'oifigigh idirchaidrimh inimirce a bheith in ann sonraí pearsanta daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a phróiseáil faoi réir athlonnú agus ba cheart dóibh a bheith in ann sonraí pearsanta daoine ar mian leo dul ar imirce go dlíthiúil san Aontas a phróiseáil chun a gcéannacht agus a náisiúntacht a dheimhniú.

(25)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóirí an Rialacháin seo, arb éard iad dul i muinín oifigeach idirchaidrimh inimirce a mhéid agus is féidir, ar oifigigh iad a dhéanann na Ballstáit, an Coimisiún agus Gníomhaireachtaí de chuid AE a imscaradh chuig tríú tíortha chun tosaíochtaí an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a rinneadh roimhe sin maidir le hinimirce neamhdhlíthiúil a chosc agus a chomhrac, le filleadh, le hathligean isteach agus le hathlánpháirtiú a éascú, rannchuidiú le bainistiú comhtháite ar theorainneacha seachtracha an Aontais, mar aon le tacú le bainistiú inimirce dlíthiúla nó scéimeanna cosanta idirnáisiúnta, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(26)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis 24 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A agus i bpointe E d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 25 .

(27)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 26  Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A agus i bpointe E d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 27 .

(28)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 28 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A agus i bpointe E d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 29 .

(29)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, níl sí faoi cheangal aige ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(30)Tá an Ríocht Aontaithe rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Chinneadh 2000/365/CE ón gComhairle 30 .

(31)Tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 31 .

(32)Baineann rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Chinneadh 2000/365/CE ón gComhairle agus le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle le freagrachtaí an Aontais chun bearta a dhéanamh lena bhforbraítear forálacha acquis Schengen i gcoinne inimirce neamhdhlíthiúil a eagrú ina bhfuil an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach.

(33)Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

1.Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha chun comhordú oifigeach idirchaidrimh inimirce arna nimscaradh chuig tríú tíortha ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún agus ag Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a fheabhsú trí líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú.

2.Tá an Rialachán seo gan dochar do chúraimí oifigeach idirchaidrimh inimirce faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, faoi bheartais nó nósanna imeachta nó faoi chomhaontuithe speisialta arna dtabhairt i gcrích leis an tír óstach nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.ciallaíonn 'oifigeach idirchaidrimh inimirce':

(a)ionadaí ó cheann de na Ballstáit, arna imscaradh thar lear ag an tseirbhís inimirce, údaráis fhorfheidhmiú an dlí nó údaráis inniúla eile chun teagmhálacha a bhunú agus a choinneáil le húdaráis tríú tír d'fhonn rannchuidiú le hinimirce neamhdhlíthiúil a chosc agus a chomhrac, le filleadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil agus le bainistiú inimirce dlíthiúla;

(b)na hoifigigh idirchaidrimh arna nimscaradh thar lear ag an gCoimisiún chun teagmhálacha a bhunú agus a choinneáil le húdaráis an tríú tír maidir le saincheisteanna a bhaineann le hinimirce;

(c)na hoifigigh idirchaidrimh arna nimscaradh thar lear ag Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear ina mbunús dlí lena mbaineann agus atá ag déileáil le saincheisteanna a bhaineann le hinimirce;

2.ciallaíonn 'imscartha thar lear' imscartha, ar feadh tréimhse ama réasúnta a bheidh le cinneadh ag an údarás atá freagrach, chuig ceann díobh seo a leanas:

(a)údaráis chonsalachta Ballstáit i dtríú tír;

(b)údaráis inniúla tríú tír;

(c)eagraíocht idirnáisiúnta;

(d)misean taidhleoireachta de chuid an Aontais.

3.ciallaíonn "sonraí pearsanta" sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;

4.ciallaíonn 'filleadh' filleadh mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

Airteagal 3

Cúraimí oifigeach idirchaidrimh inimirce

1. Bunóidh agus coinneoidh oifigigh idirchaidrimh inimirce teagmhálacha díreacha le húdaráis inniúla an tríú tír agus aon eagraíochtaí iomchuí a oibríonn laistigh den tríú tír, d'fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme.

2.Baileoidh oifigigh idirchaidrimh inimirce faisnéis chun í a úsáid ar an leibhéal oibríochtúil, nó ar leibhéal straitéiseach, nó orthu araon. Ní bheidh sonraí pearsanta san fhaisnéis sin. Beidh baint ag an bhfaisnéis sin leis na saincheisteanna seo a leanas:

(a)sreabha imirce a thagann ón tír nó a aistríonn tríd an tír;

(b) bealaí a úsáideann na sreabha imirce sin chun críocha na mBallstát a shroicheadh;

(c)eagraíochtaí coiriúla a bheith ann, gníomhaíochtaí agus modi operandi na neagraíochtaí coiriúla sin a bhfuil baint acu le smuigleáil agus gáinneáil ar dhaoine feadh na mbealaí imirce;

(d)teagmhais agus eachtraí a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le forbairtí nua i leith sreabha imirce nó a d'fhéadfadh teacht chun bheith ina gcúis leo sin;

(e)modhanna arna núsáid chun doiciméid chéannachta agus doiciméid taistil a ghóchumadh nó a fhalsú;

(f)slite agus modhanna chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis i dtríú tíortha sreabha inimirce neamhdhlíthiúla a thagann óna gcríocha nó a aistríonn tríothu sin a chosc;

(g)bealaí agus modhanna chun filleadh, athligean isteach agus athlánpháirtiú a éascú;

(h)rochtain iarrthóirí tearmainn ar chosaint sa tríú tír;

(i)straitéisí agus cainéil dlí a d'fhéadfadh a bheith ann idir an tAontas agus tríú tíortha, lena náirítear athlonnú agus uirlisí cosanta eile mar aon le scileanna agus riachtanais an mhargaidh saothair;

(j)bearta réamhimeachta atá ar fáil d'inimircigh i dtíortha tionscnaimh nó i dtríú tíortha óstacha lena dtacaítear le lánpháirtiú rathúil imirceach ar theacht isteach go dlíthiúil i mBallstáit dóibh;

(k)acmhainneacht, cumas, straitéisí polaitiúla, cleachtais reachtaíochta agus dlí tríú tíortha atá ábhartha maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (j).

3.Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce soláthar a ngníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta d'údaráis agus do pháirtithe leasmhara eile i dtríú tíortha a chomhordú eatarthu féin agus le páirtithe leasmhara ábhartha.

4.Féadfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce cúnamh a thabhairt chun:

(a) céannacht náisiúnach tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a bhunú agus filleadh na náisiúnach sin a éascú i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE;

(b) céannacht daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu san Aontas a dheimhniú agus athlonnú na ndaoine sin a éascú;

(c) céannacht a dheimhniú agus cur chun feidhme beart de chuid an Aontais a éascú i leith inimircigh dlí a ligean isteach.

5. Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce a gcúraimí faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí agus i gcomhréir leis na forálacha, lena náirítear na cinn maidir le sonraí pearsanta a chosaint, a leagtar síos i ndlíthe an Aontais agus i ndlíthe náisiúnta agus in aon chomhaontuithe nó socruithe arna dtabhairt i gcrích le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 4

Fógra maidir le himscaradh oifigeach idirchaidrimh inimirce

1.Cuirfidh na Ballstáit, an Coimisiún agus Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais an Bord Stiúrtha ar an eolas faoina bpleananna a bhaineann le hoifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh, lena náirítear tuairisc ar a ndualgais agus ar fhad a nimscartha.

2.Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar an ardán slán gréasánbhunaithe um malartú faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 9.

Airteagal 5

Cruthú líonraí áitiúla nó réigiúnacha oifigeach idirchaidrimh inimirce

1. Líonraí áitiúla nó réigiúnacha comhair a bheidh i gceist le hoifigigh idirchaidrimh inimirce arna nimscaradh chuig na tríú tíortha nó na réigiúin chéanna. Faoi chuimsiú na líonraí sin, déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce go háirithe an méid seo a leanas:

(a)buailfidh siad le chéile go rialta agus aon uair is gá;

(b)déanfaidh siad faisnéis agus taithí phraiticiúil a mhalartú, go háirithe i gcruinnithe agus trí bhíthin an ardáin shláin gréasánbhunaithe um malartú faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 9;

(c)déanfaidh siad faisnéis a mhalartú, i gcás inarb iomchuí, faoi thaithí maidir le rochtain iarrthóirí tearmainn ar chosaint;

(d)déanfaidh siad seasaimh a bheidh le glacadh i dteagmhálacha le hiompróirí tráchtála a chomhordú, nuair is iomchuí;

(e)freastalóidh siad ar chúrsaí oiliúna speisialaithe comhpháirteacha, nuair is iomchuí;

(f)eagróidh siad seisiúin faisnéise agus cúrsaí oiliúna do chomhaltaí fhoireann taidhleoireachta agus consalachta mhisin na mBallstát sa tríú tír, nuair is iomchuí;

(g)glacfaidh siad cineálacha cur chuige coiteanna i leith modhanna chun faisnéis atá ábhartha go straitéiseach a bhailiú agus a thuairisciú, lena náirítear anailísí riosca;

(h)cuirfidh siad teagmhálacha rialta ar bun le líonraí comhchosúla sa tríú tír agus i dtríú tíortha comharsanachta, mar is iomchuí.

2.Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce arna nimscaradh ag an gCoimisiún na líonraí dá bhforáiltear i mír 1 a chomhordú. I suíomhanna nach ndéanann an Coimisiún oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh, déanfaidh oifigeach idirchaidrimh inimirce comhordú an líonra, arna chomhaontú ag comhaltaí an líonra.

3.Tabharfar fógra don Bhord Stiúrtha faoi cheapadh na gcomhordaitheoirí líonra arna dhéanamh ag an gcomhordaitheoir.

Airteagal 6

Imscaradh comhpháirteach oifigeach idirchaidrimh inimirce

1.Féadfaidh na Ballstáit a chomhaontú go déthaobhach nó go hiltaobhach go bhféachfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce a dhéanann Ballstát a imscaradh chuig tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta i ndiaidh leasanna Ballstáit amháin nó níos mó.

2.Féadfaidh na Ballstáit a chomhaontú freisin go gcomhroinnfidh a noifigigh idirchaidrimh inimirce cúraimí ar leith leo féin.

3.I gcás ina ndéanfaidh dhá Bhallstát nó níos mó oifigeach idirchaidrimh inimirce a imscaradh go comhpháirteach, féadfaidh na Ballstáit sin tacaíocht airgeadais a fháil ón Aontas de bhun Rialachán (AE) Uimh. 515/2014.

Airteagal 7

An Bord Stiúrtha

1.Bunaítear Bord Stiúrtha le haghaidh líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce (“an Bord Stiúrtha").

2.Beidh an Bord Stiúrtha comhdhéanta d'ionadaí ó gach Ballstát, de dhá ionadaí ón gCoimisiún, d'ionadaí ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, d'ionadaí ó Europol agus d'ionadaí ó Ghníomhaireacht Tearmainn an Aontais Eorpaigh. Ceapfar comhaltaí an Bhoird Stiúrtha ar bhonn na taithí agus an tsaineolais ábhartha atá acu i dtaca le líonraí oifigeach idirchaidrimh a bhainistiú.

3.Beidh ionadaithe tríú tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen páirteach sa Bhord Stiúrtha mar bhreathnóirí.

4.Féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe, d'ionadaithe de chuid údaráis náisiúnta, d'eagraíochtaí idirnáisiúnta agus d'institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais nach comhaltaí den Bhord Stiúrtha iad freastal ar chruinnithe den Bhord Stiúrtha mar bhreathnóirí. Féadfar cruinnithe comhpháirteacha le líonraí nó le heagraíochtaí eile a eagrú freisin.

5.Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mBord Stiúrtha. Déanfaidh an Cathaoirleach an méid seo a leanas:

(a)áiritheoidh sé leanúnachas agus eagróidh sé obair an Bhoird Stiúrtha, agus tacóidh sé leis an gclár oibre débhliantúil agus le tuarascáil dhébhliantúil ar na gníomhaíochtaí a ullmhú ina theannta sin;

(b)áiritheoidh sé go mbeidh na gníomhaíochtaí comhpháirteacha arna gcomhaontú ag an mBord Stiúrtha comhsheasmhach agus comhordaithe le hionstraimí agus struchtúir ábhartha de chuid an Aontais agus go léireofar tosaíochtaí an Aontais i réimse na himirce;

(c)tionólfaidh sé cruinnithe de chuid an Bhoird Stiúrtha.

Ionas go mbainfear cuspóirí an Bhoird Stiúrtha amach, tabharfaidh Rúnaíocht cúnamh don Chathaoirleach.

6.Tiocfaidh an Bord Stiúrtha le chéile dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad.

Airteagal 8

Cúraimí an Bhoird Eorpaigh

1.Bunóidh an Bord Stiúrtha a rialacha nós imeachta féin ar bhonn togra ón gCathaoirleach laistigh de thrí mhí tar éis a chéad chruinnithe. Leagfar amach na socruithe vótála sna rialacha nós imeachta.

2.I bhfianaise thosaíochta an Aontais i réimse na hinimirce agus laistigh de raon feidhme cúraimí oifigeach idirchaidrimh inimirce mar a shainítear sa Rialachán seo, déanfaidh an Bord Stiúrtha na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)bunóidh sé tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí trí chlár oibre débhliantúil a ghlacadh agus acmhainní a léiriú chun tacú leis an obair sin;

(b)déanfaidh sé athbhreithniú ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna mbunú sa chlár oibre débhliantúil, ar cheapadh comhordaitheoirí líonra agus ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce i dtaca leis an gcomhar le húdaráis inniúla i dtríú tíortha;

(c)glacfaidh sé an tuarascáil ghníomhaíochta dhébhliantúil;

(d)tabharfaidh sé an liosta d'oifigí idirchaidrimh inimirce arna nimscaradh cothrom le dáta roimh gach cruinniú den Bhord Stiúrtha;

(e)sainaithneoidh sé bearnaí ó thaobh imscaradh de agus molfaidh sé imscaradh oifigeach idirchaidrimh inimirce;

3.I bhfianaise riachtanais oibríochtúla an Aontais i réimse na hinimirce agus laistigh de raon feidhme cúraimí oifigeach idirchaidrimh inimirce mar a shainítear sa Rialachán seo, déanfaidh an Bord Stiúrtha na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)tiocfaidh sé ar chomhaontú maidir le cúraimí a chur ar oifigigh idirchaidrimh inimirce ar bhonn ad-hoc;

(b)déanfaidh sé faireachán ar infhaighteacht faisnéise idir oifigigh idirchaidrimh inimirce agus Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus déanfaidh sé moltaí maidir le gníomhaíochtaí riachtanacha i gcás inar gá;

(c)tacóidh sé le cumas oifigeach idirchaidrimh inimirce a fhorbairt, lena náirítear trí lárchuraclaim choiteanna, oiliúint réamh-imscartha agus eagrú seimineár comhpháirteach faoi ábhair dá dtagraítear in Airteagal 3(2);

(d)áiritheoidh sé go ndéanfar faisnéis a mhalartú tríd an ardán gréasánbhunaithe um malartú faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 9.

4.Chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit an tacaíocht airgeadais a fháil ón Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014.

Airteagal 9

Ardán malartaithe faisnéise

1.Áiritheoidh oifigigh idirchaidrimh inimirce agus comhaltaí den Bhord Stiúrtha go ndéanfar an fhaisnéis agus an staidreamh ábhartha uile a uaslódáil agus a mhalartú trí bhíthin an ardáin shláin gréasánbhunaithe um malartú faisnéise arna chur ar bun agus arna choinneáil ag an gCoimisiún. Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad ar áireamh san fhaisnéis sin:

(a)doiciméid, tuarascálacha agus táirgí anailíseacha ábhartha i réimse na hinimirce, go háirithe faisnéis fhíorasach faoi thíortha nó réigiúin ina ndéantar oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh;

(b)cláir oibre dhébhliantúla, tuarascálacha gníomhaíochta débhliantúla agus torthaí gníomhaíochtaí agus cúraimí ad-hoc de chuid líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus (3);

(c)liosta cothrom le dáta de chomhalta an Bhoird Stiúrtha;

(d)liosta cothrom le dáta d'oifigigh idirchaidrimh inimirce arna nimscaradh chuig tríú tíortha, lena náirítear a nainmneacha, a suíomhanna, a nuimhreacha teileafóin agus a seoltaí ríomhphoist;

(e)doiciméid ábhartha eile a bhaineann le gníomhaíochtaí agus cinntí an Bhoird Stiúrtha.

2.Cé is moite de na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1, san fhaisnéis arna malartú tríd an ardán, ní bheidh sonraí pearsanta ná aon naisc trína gcuirtear na sonraí pearsanta sin ar fáil go díreach nó go hindíreach. Beidh rochtain ar shonraí dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1 srianta d'oifigigh idirchaidrimh inimirce agus do chomhalta den Bhord Stiúrtha chun críche chur chun feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 10

Sonraí pearsanta a phróiseáil

1.Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce a gcúraimí i gcomhréir le forálacha dlíthiúla maidir le sonraí pearsanta a chosaint, a leagtar amach i ndlíthe an Aontais agus i ndlíthe náisiúnta agus i gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.Féadfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 3(4). Scriosfar na sonraí pearsanta sin tar éis an cúram a chur i gcrích.

3.Mar chuid de na sonraí pearsanta arna bpróiseáil de bhun mhír 2 féadfar an méid seo a leanas a áireamh:

(a)sonraí bithmhéadracha nó beathaisnéiseacha i gcás inar gá chun céannacht agus náisiúntacht náisiúnach tríú tír a dheimhniú chun críocha fillidh, lena náirítear gach cineál doiciméad ar féidir é a mheas mar chruthúnas nó mar fhianaise prima facie náisiúntachta;

(b)liostaí paisinéirí d'eitiltí fillte chuig tríú tíortha;

(c)sonraí bithmhéadracha nó beathaisnéiseacha chun céannacht agus náisiúntacht náisiúnach tríú tír a dheimhniú chun críocha ligean isteach agus athlonnú náisiúnach tríú tíortha a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus a raibh imirce dhlíthiúil i gceist.

4.Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce sonraí pearsanta a aistriú faoin Airteagal seo chuig tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 nó le forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Caibidil V de Threoir (AE) 2016/680.

Airteagal 11

Comhar consalachta

Tá an Rialachán seo gan dochar do na forálacha maidir le comhar consalachta ar leibhéal áitiúil atá i Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí.

Airteagal 12

Tuarascáil

1.Cúig bliana tar éis dháta glactha an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Eorpaí.

2.Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin.

Airteagal 13

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 377/2004.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán


RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (athmhúnlú)

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 32  

Is í an imirce an réimse beartais lena mbaineann agus, go háirithe, an beartas a bhaineann le dreasachtaí i dtaca le himirce neamhdhlíthiúil a laghdú agus smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac.

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 33  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

X Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

I dtreo beartas nua maidir leis an imirce

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir Sonrach Uimh 1.1

Dreasachtaí a bhaineann le hinimirce neamhdhlíthiúil a laghdú

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Togra le haghaidh athbhreithniú ar an Rialachán maidir le hOifigigh Idirchaidrimh Inimirce

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Táthar ag súil leis, nuair a ghlacfar an togra seo agus nuair a chuirfear chun feidhme go cuí é, go rachfar i muinín oifigeach idirchaidrimh inimirce a mhéid agus is féidir dá bharr sin, lena náirítear oifigigh an Choimisiúin agus Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais arna nimscaradh chuig tríú tíortha d'fhonn freagairt go héifeachtach ar na tosaíochtaí AE a bhaineann le hinimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann ghaolmhar, go háirithe smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, gníomhaíochtaí um fhilleadh, athligean isteach agus athlánpháirtiú a éascú, rannchuidiú le bainistiú comhtháite ar theorainneacha seachtracha an Aontais, mar aon le tacú le hinimirce dhlíthiúil a bhainistiú, lena náirítear i réimse na cosanta idirnáisiúnta, an athlonnaithe agus bearta lánpháirtíochta réamhimeachta arna ndéanamh ag na Ballstáit agus ag an Aontas;

Seo a leanas na haischuir shonracha a bhfuiltear ag súil leo:

Aischur 1 - feabhas a chur ar chomhar oibríochtúil i measc oifigigh idirchaidrimh inimirce arna nimscaradh chuig na suíomhanna tríú tír céanna;

Aischur 2 - Bord Stiúrtha a bhunú chun comhordú córasach agus struchtúrtha cúraimí agus ról oifigeach idirchaidrimh a áirithiú idir na Ballstáit, an Coimisiún agus Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais;

Aischur 3 – imscaradh oifigeach idirchaidrimh inimirce arna dhéanamh ag an gCoimisiún.

Meastar gurbh ionann na costais fhoriomlána a bhaineann leis an togra seo a chur chun feidhme agus EUR 17.3 milliún le linn na tréimhse 9 mbliana, ag tosú in 2019, agus luach measta EUR 1.6 milliún dírithe ar thacaíocht a thabhairt d'fheidhmiú an Bhoird Stiúrtha, EUR 12 milliún marcáilte chun gníomhaíochtaí Líonra Eorpaigh oifigeach idirchaidrimh inimirce a chur chun feidhme agus luach measta EUR 3.5 milliún d'fheidhmiú na noifigeach idirchaidrimh inimirce arna nimscaradh ag an gCoimisiún. Mar sin féin, beidh dáta iarbhír chur i bhfeidhm an togra ag brath ar chur i gcrích an ghlactha arna dhéanamh ag na comhreachtóirí.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Ba ghá na táscairí seo a leanas maidir leis an dul chun cinn a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce;

Líon na dtáirgí anailíseacha comhpháirteacha arna seachadadh ag líonraí OIInna

Imscaradh comhpháirteach OIInna arna chómhaoiniú le buiséad AE

Comhroinnt faisnéise feabhsaithe idir líonraí OIInna agus Gníomhaireachtaí AE

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Ba cheart an Bord Stiúrtha le haghaidh líonraí oifigeach idirchaidrimh a chur le chéile gan mhoill. Ba cheart don Bhord a rialacha nós imeachta a bhunú laistigh de thrí mhí ón tráth a chomhghairtear an Bord den chéad uair.

Ón uair a chuirtear an Bord Stiúrtha le chéile, ba cheart dó teacht le chéile dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad chun líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a rialú, go háirithe trí thosaíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhunú i gclár oibre débhliantúil agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE

Tá sé mar aidhm leis an athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle comhar feabhsaithe a áirithiú agus dul i muinín oifigeach idirchaidrimh inimirce a mhéid agus is féidir, lena náirítear oifigigh an Choimisiúin agus Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais arna nimscaradh chuig tríú tíortha chun freagairt a thabhairt ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a rinneadh roimhe sin ar thosaíochtaí AE ó thaobh inimirce neamhdhlíthiúil a chosc agus a chomhrac, agus filleadh náisiúnach tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a éascú agus tacú le bainistiú inimirce dlíthiúla. Ina theannta sin, tá an tathbhreithniú beartaithe chun na rialacha lena rialaítear comhroinnt faisnéise straitéisí leis na Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a neartú, rud a áirithíonn gur próiseas dhá-bhealach é sin agus go bhfaigheann OIInna de chuid na mBallstát rochtain ar tháirgí anailíseacha na nGníomhaireachtaí ábhartha ar bhealach níos córasaí ná mar a bhí i gceist roimhe sin agus go dtugtar cúnamh breise dóibh chun a gcúraimí a chomhlíonadh i suíomhanna. Tá sé mar aidhm leis an togra dlúthchomhordú a dhéanamh ar leibhéal na bainistíochta líonraí agus ar leibhéal oibríochtúil réigiúnach OIInna arna nimscaradh ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún agus ag Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Beidh níos mó tairbhí ag baint leis sin don Aontas freisin ná mar a bheadh ag baint le beart a dhéanamh ar leibhéal na mBallstát amháin, trína áirithiú gur fearr a bheidh an tAontas in ann díriú ar idirghabhálacha agus ar fhreagairtí ar na rioscaí agus ar na húdair imní choiteanna ar theorainneacha seachtracha an Aontais.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Ní dhearnadh foráil ar bith maidir le tacaíocht riaracháin nó oibríochtúil a thabhairt do na líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce faoin bhforáil dlí reatha ná níorbh ann d'fheidhmiúlacht an Bhoird Stiúrtha.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá an togra comhoiriúnach do thosaíochtaí beartais imirce an Aontais agus d'idirghabhálacha arna gcistiú a bhfuil sé mar aidhm leo feabhas a chur ar bhainistiú imirce, sreabha imirce neamhdhlíthiúla, smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a laghdú agus bainistiú comhtháite teorainneacha (IBM) a chur chun cinn, lena náirítear i gcomhthéacs an IBM Eorpaigh atá bunaithe ar an tsamhail rialaithe rochtana ceithre chiseal agus ar an gCóras Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur).

Chomh maith leis sin, is léir go bhféadfadh comhlántachtaí agus sineirgíochtaí a bheith i gceist le feidhmeanna oifigeach idirchaidreamh Eorpach nua arna mbunú ón tráth a glacadh an Rialacháin i leith, amhail

- Oifigigh Eorpacha Idirchaidrimh Imirce (OEIInna), arna bpostáil i dToscaireachtaí AE d'fhonn dlús a chur le comhordú chun a mhéid tionchair agus is féidir a imirt ar imirce i dtríú tíortha trí ghníomhaíocht AE agus feabhas a chur ar rannpháirtíocht príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais ar an speictream iomlán de shaincheisteanna imirce;

- Oifigigh Eorpacha Idirchaidrimh um Fhilleadh (OEIFanna) arna bpostáil i misin taidhleoireachta na mBallstát d'fhonn leasanna an Aontais maidir le filleadh a léiriú, trí bhíthin céannacht náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a fhíorú, fothú acmhainneachta i réimse an fhillidh, tacú le hoibríochtaí comhpháirteacha um fhilleadh a eagrú faoi chomhordú GEGTC agus cur chun feidhme athlánpháirtithe agus cúnamh a thabhairt i ndiaidh teacht duine a éascú;

- Oifigigh Idirchaidrimh de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta arna bpostáil i dToscaireachtaí AE d'fhonn comhar a dhéanamh le tríú tíortha ar theorainneacha seachtracha an Aontais, trí chomhar oibríochtúil agus déthaobhach a fhorbairt agus a choinneáil leis an tír óstach, trí mheasúnuithe allamuigh a dhréachtú agus a ullmhú agus trí thacú le chur chun feidhme tionscadail GEGTC;

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 34  

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Tá an Cathaoirleach freagrach as feidhmiú éifeachtach an Bhoird Stiúrtha le haghaidh líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce. Tá an Bord Stiúrtha freagrach as tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhunú i bhfoirm cláir oibre dhébhliantúla, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú líonra Eorpaigh oifigeach idirchaidrimh inimirce agus tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme an chláir oibre a ullmhú.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Tá dhá riosca i gceist, ar an gcéad dul síos: riosca a bhaineann le himscaradh oifigeach idirchaidrimh inimirce arna dhéanamh ag an gCoimisiún agus ar an dara dul síos, riosca a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart tacaíochta le haghaidh líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce dá bhforáiltear leis an Rialachán, go háirithe tacaíocht chláir do líonraí OIInna agus soláthraí seirbhíse seachtrach a chonradh do Rúnaíocht an Bhoird Stiúrtha. Mar chuid de na rioscaí sin, tá:

1. ní chuirfidh iarrthóirí leordhóthanacha iarratas chuig an gCoimisiún le haghaidh na bpost SNInna le bheith ag obair mar oifigeach idirchaidrimh inimirce;

2. D'fhéadfadh sé nach gcuirfeadh na Ballstáit mórán iarratas ar fáil nó nach ndéanfaidís acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun an tacaíocht chláir a bhainistiú agus a chur chun feidhme le haghaidh líonraí OIInna;

3. ní chuirfear aon togra leordhóthanach isteach ar an nglao oscailte ar thogra le haghaidh an tsoláthraí seirbhíse do Rúnaíocht an Bhoird Stiúrtha.

Déantar na rioscaí sin a mhaolú trí dhul i dteagmháil leis na Ballstáit ó thús an phróisis chun an leas atá acu a dheimhniú agus trí thionscadail a bhronnadh ar bhonn critéir cháilíochta dhiana, agus tagairtí soláthraithe a sheiceáil agus caidreamh láidir a choinneáil leo.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá ar bun

Is í an roinn ábhartha de chuid an Choimisiúin a bheidh freagrach as faireachán riaracháin a dhéanamh ar chonarthaí agus ar íocaíochtaí. Gach ceann de na hoibríochtaí arna maoiniú faoin gcinneadh seo, déanfaidh na ranna ábhartha de chuid an Choimisiún maoirseacht orthu i ngach céim de thimthriall an tionscadail. Mar chuid den mhaoirseacht, cuirfear oibleagáidí conarthacha san áireamh chomh maith le prionsabal na hanailíse costais agus sochair agus prionsabal an bhainistithe airgeadais fhónta

De bhreis air sin, déanfar foráil go sainráite in aon chomhaontú nó conradh arna thabhairt i gcrích de bhun an Rialacháin seo maidir le faireachán a dhéanamh ar chaiteachas arna údarú faoi na tionscadail/na cláir agus maidir le cur chun feidhme gníomhaíochtaí chomh maith le rialú airgeadais arna dhéanamh ag an gCoimisiún, lena náirítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), agus iniúchtaí arna ndéanamh ag an gCúirt Iniúchóirí ar an láthair, más gá.

Beidh feidhm ag straitéis Ard-Stiúrthóireacht HOME chun calaois a chosc agus a bhrath.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

Ní thugtar aon mheastachán mar gur cúram bunúsach den struchtúr rialachais tionscadail é rioscaí a rialú agus a mhaolú

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Is cuid lárnach den Rialachán seo cosaint leasanna airgeadais an Chomhphobail agus an comhrac in aghaidh na calaoise agus neamhrialtachtaí.

Tabharfar aird ar leith ar chineál an chaiteachais (incháilitheacht an chaiteachais), ar urraim do bhuiséid (caiteachas iarbhír) agus ar fhaisnéis tacaíochta agus ar dhoiciméadacht ábhartha a fhíorú (fianaise ar chaiteachas).

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal………………………………………]

LD/LN 35

ó thíortha de chuid CSTE 36

ó thíortha is iarrthóirí 37

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir 3
Ceannteideal Slándáil agus Saoránacht

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

Líne bhuiséid roimhe sin do CSI-Teorainneacha (18.020101) faoi CAI 2014-2020 

LD

Níl

Níl

Níl

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

[Ba cheart an scarbhileog ar shonraí buiséid de chineál riaracháin a úsáid leis an gcuid seo a líonadh isteach (an dara doiciméad san iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo) agus í a uaslódáil chuig CISNET chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.]

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

Uimhir

Ceannteideal 3 – Slándáil agus Saoránacht

Ard-Stiúrthóireacht: HOME

Bliain 2019 38

Bliain
2020

Bliain
2021

Bliain
2022

Bliain
2023

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí *

Línte buiséid roimhe sin do CSI-Teorainneacha (18.020101) in CAI 2014-2020

Gealltanais

(1)

0,360

0,500

4,500

5,000

3,500

13,860

Íocaíochtaí

(2)

0,180

0,430

2,500

2,250

2,500

2,500

-

1,750

1,750

13,860

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2a)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach 39 **

Líne thacaíochta do líne bhuiséid CSI-Teorainneacha (18.010401) in CAI 2014-2020

(3)

0,500

0,500

0,500

0,500

0,500

0,500

0,500

3,500

IOMLÁN leithreasuithe
Le haghaidh Ard-Stiúrthóireacht HOME 

Gealltanais

=1+1a +3

0,360

0,500

4,500

0,500

5,000

0,500

0,500

0,500

4,000

17,360

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

0,180

0,430

2,750

2,750

3,000

3,000

0,550

2,300

2,400

17,360



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 3
den chreat
airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

0,360

0,500

4,500

0,500

5,000

0,500

0,500

0,500

4,000

17,360

Íocaíochtaí

=5+ 6

0,180

0,430

2,750

2,750

3,000

3,000

0,550

2,300

2,400

17,360

* cumhdófar i líne bhuiséid oibríochtúil cur chun feidhme gníomhaíochtaí líonra OII Eorpaigh agus feidhmiú an Bhoird Stiúrtha

** cumhdaítear costais i líne bhuiséid thacaíochta a bhaineann le himscaradh OIInna arna dhéanamh ag an gCoimisiún

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

0,360

0,500

4,500

0,500

5,000

0,500

0,500

0,500

4,000

17,360

Íocaíochtaí

=5+ 6

0,180

0,430

2,750

2,750

3,000

3,000

0,550

2,300

2,400

17,360





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 2019 40

Bliain
2020

Bliain
2021

Bliain
2022

Bliain
2023

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

0,360

0,500

4,500

0,500

5,000

0,500

0,500

0,500

4,000

17,360

Íocaíochtaí

0,180

0,430

2,750

2,750

3,000

3,000

0,550

2,300

2,400

17,360

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 2019 41

Bliain
2020

Bliain
2021

Bliain
2022

Bliain
2023

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

IOMLÁN

Saghas 42

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1.1 43

- Aschur 1

Tacaíocht do líonra

Deontas

1

0,200

1

0,500

1

4,000

1

4,500

1

3,000

12.200

- Aschur 1

Soláthraí seirbhíse don Bhord Stiúrtha

Soláthar

1

0,160

1

0,500

1

0,500

1

0,500

1.660

- Aschur 1

OIInna arna nimscaradh

1

1

0,500

1

0,500

1

0,500

1

0,500

1

0,500

1

0,500

1

0,500

3,500

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

0.360

0,500

5,000

0,500

5,500

0,500

0,500

4,000

0,500

17,360

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

0.360

0.500

6.640

1.640

6.640

1.640

1.640

5.140

1.640

25.340

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 44

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 45
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eilede chineál riaracháin

Fo-iomlánlasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 46

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  47

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

x    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne bhuiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

An cineál togra/tionscnaimh 48

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1)    COM(2016) 385 final.
(2)    IO L 64, 2.3.2004, lch. 1–4.
(3)    IO L 141, 27.5.2011, lch. 13-16.
(4)    Rinne 17 mBallstát mar aon leis an Eilvéis agus leis an Iorua OII a imscaradh in Eanáir 2018.
(5)    Cinneadh ón gComhairle an 16 Márta 2005 lena mbunaítear Líonra Faisnéise agus Comhordaithe slán gréasánbhunaithe le haghaidh Seirbhísí Bainistithe Imirce Ballstát (2005/267/CE) arna aisghairm le Rialachán (AE) 2016/1624 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach.
(6)    Sonraíodh leagan amach na tuarascála i gCinneadh 2005/687/CE ón gCoimisiún.
(7)    http://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2015/04/23/special-euco-statement/.
(8)    COM(2015) 240.
(9)    COM(2015) 285.
(10)    An Aetóip, an Iordáin, an Liobáin, Mailí, Maracó, an Nígir, an Nigéir, an Phacastáin, an tSeineagáil, an tSeirbia, an tSúdáin, an Túinéis agus an Tuirc.
(11)    COM(2017) 558.
(12)    COM(2017) 728 final.
(13)    COM(2016) 377.
(14)    Bhí an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe ar an bpainéal sin. Chuathas i gcomhairle leis an mBeilg ina dhiaidh sin ós rud é nach raibh sí in ann a bheith i láthair. 
(15)    Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 064, 2.3.2004, lch. 1).
(16)    Féach Iarscríbhinn I.
(17)    Rialachán (AE) Uimh. 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 836/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1-76).
(18)    Rialachán (AE) Uimh. 1052/2016 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur) (IO L 295, 6.11.2013, lch. 11-26).
(19)    Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena naisghairtear Cinneadh 574/2007/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
(20)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(21)    Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(22)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 008, 12.1.2001, lch. 1).
(23)    Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(24)    IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(25)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(26)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(27)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).
(28)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(29)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(30)    Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
(31)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(32)    ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(33)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(34)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(35)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(36)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(37)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(38)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(39)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(40)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(41)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(42)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(43)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(44)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(45)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(46)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(47)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(48)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,16.5.2018

COM(2018) 303 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (athmhúnlú)

{SWD(2018) 197 final}


IARSCRÍBHINN I

Rialachán arna aisghairm leis an leasú air

Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle

(IO L 064, 2.3.2004, lch. 1)

Rialachán (CE) Uimh. 493/2011 ón gCoimisiún

(IO L 141, 27.5.2011, lch. 13)

_____________

IARSCRÍBHINN VII

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 377/2004

An Rialachán seo

_

Airteagal 1(1)

_

Airteagal 2, foclaíocht réamhráiteach

Airteagal 1(1)

Airteagal 2, pointe (1), foclaíocht réamhráiteach, agus pointe (1)(a)

_

Airteagal 2, pointe (1)(b) agus pointe (c)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2, pointe (1)(d)

_

Airteagal 2(2)

Airteagal 1(3)

_

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 2(2), foclaíocht réamhráiteach

Airteagal 3(2), foclaíocht réamhráiteach

Airteagal 2(2), an chéad fhleasc

Airteagal 3(2)(a)

Airteagal 2(2), an dara fleasc

Airteagal 3(2)(b)

_

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

_____________

Top