Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0099

    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais

    COM/2018/099 final - 2018/047 (COD)

    An Bhruiséil,8.3.2018

    COM(2018) 99 final

    2018/0047(COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SWD(2018) 56}
    {SWD(2018) 57}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Ghlac an Coimisiún pacáiste beart inniu chun Aontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú mar aon leis an Teachtaireacht Completing Capital Markets Union by 2019 – time to accelerate delivery [Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích faoi 2019 – tá sé in am dlús a chur leis an bpróiseas]. Sa phacáiste áirítear an togra seo, chomh maith le togra le haghaidh creat cumasúcháin de chuid an Aontais maidir le bannaí faoi chumhdach, togra lena néascófar dáileadh trasteorann cistí infheistíochta, togra maidir leis an dlí is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de agus Teachtaireacht maidir leis an dlí is infheidhme maidir le héifeachtaí dílsithe na nidirbheart urrús.

    Baineann an tionscnamh seo le cuid de thosaíocht an Choimisiúin i ndáil le hAontas na Margaí Caipitil a bhunú a bhfuil sé mar aidhm leis cur leis an teacht atá ag cuideachtaí nuálacha, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí neamhliostaithe eile ar mhaoiniú.

    Sa lá atá inniu ann, is deacair do na gnólachtaí sin teacht ar mhaoiniú, go háirithe nuair a aistríonn siad ó chéim gnólachta nuathionscanta go dtí an chéim leata, de dheasca faisnéis struchtúrach éagothrom. Má bhíonn gnólachtaí nuathionscanta, agus fiontair bheaga agus mheánmhéide go ginearálta, ag brath rómhór ar iasachtaí neamhurraithe bainc gearrthéarmacha, is minic a bhíonn costas rómhór ag baint leis sin dóibh sin. Ina theannta sin, bhí tionchar an-mhór ag an ngéarchéim airgeadais in 2008 ar an líon iasachtaí a thugann bainc do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, rud a d’fhág go raibh easpa cistí ar cheann de na cúiseanna tábhachtacha ar chlis ar ghnólachtaí nuathionscanta.

    I bhfianaise na gclistí margaidh sin, tháinig méadú ar thábhacht an tsluachistiúcháin mar fhoirm bhunaithe sluafhoinsiúcháin agus maoiniúcháin mhalartaigh. Is iondúil go mbíonn baint acu seo a leanas le samhail an tsluachistiúcháin: úinéirí an tionscadail a bheartaíonn go ndéanfar an tionscadal a chistiú, infheisteoirí a thacaíonn leis an tionscadal beartaithe trí chistiú agus ardán modhnóireachta a thugann daoine i gceann a chéile chun an tionscadal atá i gceist a mhaoiniú agus a sheoladh. Tá ag méadú ar an úsáid a bhaintear as ardáin sluachistiúcháin mar uirlis chun gníomhaíochtaí éagsúla a mhaoiniú le haghaidh gnólachtaí beaga nuaghinte.

    Mar fhreagairt air sin, tá córais shaincheaptha inmheánacha i leith sluachistiúcháin tugtha isteach ag roinnt Ballstát cheana. Mar sin féin, cuireann na Ballstáit a gcreataí rialála in oiriúint do shaintréithe agus do riachtanais margaí agus infheisteoirí áitiúla. Dá bhrí sin, ní hionann an chaoi a gceaptar na rialacha agus a gcuirtear chun feidhme iad maidir leis na coinníollacha a bhaineann le hardáin sluachistiúcháin a oibriú, maidir le raon gníomhaíochtaí ceadaithe agus le ceanglais cheadúnúcháin. Mar thoradh ar na cineálacha éagsúla cur chuige rialála atá ann, níl samhlacha gnó ardáin insaothraithe faoi nós imeachta an phas ar fud an Aontais. Mar gheall ar an neamhchinnteacht agus na costais mhóra chomhlíonta le haghaidh ardán i gcomhthéacs trasteorann a thagann chun cinn cheal creata AE iomchuí a bheith ann le haghaidh gníomhaíocht sluachistiúcháin, tá deacrachtaí ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a noibríochtaí a mhéadú agus tá teorainn lena noibríochtaí agus lena sreafaí trasteorann go fóill.

    Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) XXX/XXX maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin 1 d’fhonn, i measc nithe eile, ceanglais chomhréireacha a leagan amach i ndáil le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar agus leis an méid sin a éascú ar bhonn trasteorann, agus rioscaí oibríochtúla á mbainistiú agus ardleibhéal trédhearcachta agus cosanta infheisteoirí á áirithiú. Déantar foráil i Rialachán (AE) XXX/XXXX [An Rialachán maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin] maidir le ceanglais aonfhoirmeacha chomhréireacha atá infheidhme go díreach le haghaidh údarúcháin agus maoirseachta mar aon le pointe maoirseachta aonair.

    Ina theannta sin, toisc gur gá deighilt shoiléir a áirithiú idir na seirbhísí chun coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus maoirseacht éifeachtach a áirithiú, níor cheart duine a údaraíodh mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin faoi Rialachán (AE) XXX/XXXX [An Rialachán maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin] a údarú faoi Threoir 2014/65/AE, ná a mhalairt.

    Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus ionas nach gcuirfear na ceanglais a eascraíonn as Treoir 2014/65/AE i bhfeidhm maidir le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, is gá a lua go sonrach nach bhfuil feidhm ag Treoir 2014/65/AE maidir le daoine a údaraítear mar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) XXX/XXX,

    Chuige sin, sa togra seo díolmhaítear soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ó na hoibleagáidí faoi Threoir 2014/65/AE maidir leis na margaí in ionstraimí airgeadais.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Le Rialachán (AE) XXXX/XX maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin, déantar rialáil ar sholáthar seirbhísí sluachistiúcháin ar fud an Aontais agus tá an Togra seo ina chomhlánú air sin.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra comhsheasmhach le Rialachán (AE) XXXX/XX maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin san Aontas Eorpach agus comhlánaíonn sé an Rialachán sin, a bhfuil sé mar aidhm leis cur leis an teacht atá ag cuideachtaí nuálacha, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí neamhliostaithe eile ar mhaoiniú, i gcomhréir le tosaíocht an Choimisiúin Aontas na Margaí Caipitil a bhunú. Trí chreat dlí atá níos cumasaithe ná mar a bhí a sholáthar do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, tá sé mar aidhm ag an Rialachán sin i dteannta an togra cuidiú le gnólachtaí nuathionscanta agus le FBManna teacht ar fhoinsí malartacha caipitil i gcomhréir le tionscnaimh eile, arb é ab aidhm leo an teacht atá ag na heintitis sin ar mhaoiniú a éascú, mar atá an creat um Chistí Caipitil Fiontair Eorpacha.

    Tá an tionscnamh seo mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Teicneolaíochta Airgeadais an Choimisiúin, freisin, a cuireadh le chéile chun tuiscint níos fearr a fháil ar an teicneolaíocht agus le cur ar chumas na teicneolaíochta tacú le hearnáil na seirbhísí airgeadais. Go deimhin, baineann earnáil na seirbhísí airgeadais an úsáid is mó as teicneolaíochtaí digiteacha agus cuidíonn sí go mór le claochlú digiteach na sochaí. Tá na teicneolaíochtaí sin ag athrú an dóigh a mbíonn teacht ag tomhaltóirí agus ag gnólachtaí ar sheirbhísí, agus tá siad ag cur feabhais ar an gcumas rioscaí a mheas agus a thuiscint. Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún chur chuige níos dírithe ar nuálaíocht a roghnú maidir leis an teicneolaíocht airgeadais trí thimpeallacht rialála a éascú inar féidir seirbhísí airgeadais, táirgí agus réitigh nuálacha a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh i dtimpeallacht atá slán agus cobhsaí ó thaobh airgeadais de le haghaidh infheisteoirí agus gnólachtaí araon.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 53(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, faoinar féidir bearta a ghlacadh chun forálacha náisiúnta a chomhfhogasú maidir le rochtain ar ghníomhaíocht gnólachtaí infheistíochtaí, margaí rialála agus soláthraithe seirbhísí sonraí.

    Coimhdeacht

    Faoi Airteagal 4 CFAE, ní mór gníomhaíocht AE chun an margadh inmheánach a chur i gcrích a mheas i dtaca le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ní mór a mheas an amhlaidh nárbh fhéidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a ghnóthú faoi chuimsiú a gcóras dlí náisiúnta agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gcuspóirí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.

    De dheasca na gcineálacha cur chuige difriúla a ghlac Ballstáit an Aontais agus na léirithe éagsúla atá acu ar ghníomhaíocht sluachistiúcháin, is deacair do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a seirbhísí a shaothrú faoi nós imeachta an phas ar fud an Aontais. Tá faireachán á dhéanamh ag Ranna an Choimisiúin ar an margadh ó bhí 2013 ann agus d’aithin siad go bhfuil ag méadú ar fhadhbanna éagsúla nach mór idirghabháil a dhéanamh ina leith ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, ní dhearna na Ballstáit aon iarracht chomhordúcháin go nuige seo maidir le rialacha le haghaidh seirbhísí iasachtaí arna soláthar ag institiúidí nach nglacann le héarlaisí agus níl cur i bhfeidhm rialacha MiFID maidir le hardáin sluachistiúcháin atá bunaithe ar infheistíocht sách aonfhoirmeach chun gur féidir gníomhaíocht trasteorann a dhéanamh. Ní fhéadfadh baint a bheith ag na bearta eile a rinne na Ballstáit ach lena margadh inmheánach féin, agus níor leor sin chun an tionchar diúltach ar fheidhmiú an Mhargaidh Saothair a laghdú.

    Dá bhrí sin, maidir leis an gcuspóir a bhaineann lena éascú do chuideachtaí nuálacha, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí neamhliostaithe eile teacht ar mhaoiniú sna céimeanna tionscnaimh agus tosaigh agus le timpeallacht rialála atá soiléir, aonfhoirmeach agus trédhearcach a chur ar fáil d’infheisteoirí ar mian leo tacú leis na tionscadail sin, ní féidir leis na Ballstáit é sin a bhaint amach agus iad ag gníomhú ina naonar.

    Comhréireacht

    De réir phrionsabal na comhréireachta, níor cheart inneachar agus foirm ghníomhaíocht AE a dhul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a ghnóthú.

    Baineann sluachistiú le gníomhaíochtaí beaga cruinniúcháin caipitil le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta nó gnólachtaí beaga atá i mbun fáis. Mar sin féin, bheadh ar sholáthraithe i roinnt Ballstát an reachtaíocht earnálach atá anois ann a chur i bhfeidhm, amhail MiFID II agus MiFIR. D’fhéadfadh sé go bhfuil na rialacha sin díréireach le haghaidh gníomhaíochtaí beaga. De bhreis air sin, d’fhéadfadh sé nach bhfuil na rialacha sin oiriúnach don fheidhm atá acu. Cuimsíonn sluachistiú roinnt samhlacha gnó éagsúla, nach dtabharfaí aghaidh orthu uile, b’fhéidir, agus a bhféadfadh éifeachtaí iarmharta rialála nach bhféadfaí a thuar a bheith acu. Dá dheasca sin, d’fhéadfadh sé nach bhféadfaí líon méadaitheach ardán a chlúdach, ar bhealach comhréireach, ar ardáin iad ina ndéantar samhlacha gnó éagsúla a mheascadh, a bhféadfadh baint a bheith acu le hidirbhearta atá bunaithe ar iasacht a thabhairt agus ar infheistíocht a dhéanamh chomh maith le húsáid ionstraimí neamhshainithe nua atá ag teacht chun cinn.

    Ar na cúiseanna sin, dá ndéanfaí soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a dhíolmhú ó oibleagáidí MiFID, agus dá gcuirfí Rialachán (AE) XXXX/XX i bhfeidhm go heisiach ina dhiaidh sin maidir leis na daoine sin, ba chomhréirí an timpeallacht rialála í do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin.

    Thairis sin, d’fhéadfaí laghdú sách tapa agus mór a dhéanamh ar chostais dul isteach sa mhargadh (costais rialála agus mhaoirseachta) le haghaidh ardáin sluachistiúcháin atá ag oibriú (nó a bhfuil sé beartaithe acu oibriú) ar bhonn trasteorann, ós rud é nach ndéanfaí iad a údarú ach uair amháin, agus go mbainfidís leas as an laghdú a thiocfadh ar neamhchinnteacht rialála.

    An rogha ionstraime

    Is féidir gníomhartha a ghlacadh i bhfoirm treorach nó rialacháin le hAirteagal 53(1) de CFAE. Is féidir leasú a dhéanamh ar raon feidhme Threoir 2014/65/AE, ar an mbealach is dírí agus is comhréirí ó thaobh dlí de, de bhua Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE.

    3.MEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Measúnú tionchair

    Rinneadh na príomhthionchair eacnamaíocha agus shóisialta a scrúdú go mion sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Neamhbhainteach.

    Cearta bunúsacha

    Níl tionchar ábhartha ag an tionscnamh seo ar chearta bunúsacha.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bheidh impleachtaí ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Neamhbhainteach.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Tá Airteagal 1 ar an aon fhoráil shubstainteach amháin den togra. Déantar modhnú ar raon feidhme Threoir 2014/65/AE leis an Airteagal sin trí sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a údaraítear faoi Rialachán (AE) XXX/XXXX [An Rialachán maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin] a chur le liosta na neintiteas díolmhaithe nach bhfuil feidhm ag raon Threoir 2014/65/AE maidir leo. In Airteagal 2, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar forálacha na Treorach a thrasuí. In Airteagal 3, leagtar amach dáta theacht i bhfeidhm Threoir leasaithe 2004/65/AE.

    2018/0047 (COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 2 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 3 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Trí shluachistiú bíonn teacht malartach ag gnólachtaí ar mhaoiniú rud a chuireann le cuspóirí Aontas na Margaí Caipitil.

    (2)Faoi Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 , is féidir le daoine dlítheanacha a roghnú iarratas ar údarú mar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chur chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

    (3)Déantar foráil i Rialachán (AE) XXX/XXXX [An Rialachán maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin] maidir le ceanglais aonfhoirmeacha chomhréireacha atá infheidhme go díreach chun soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu agus láraítear an mhaoirseacht a dhéanann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin.

    (4)Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt faoi scóip na ndaoine agus na ngníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) XXX/XXXX agus Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , agus chun a chinntiú nach mbeidh an ghníomhaíocht chéanna faoi réir údarúcháin éagsúla laistigh den Aontas, ba cheart daoine dlítheanacha a údaraíodh mar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faoi Rialachán (AE) XXX/XXXX [An Rialachán maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin] a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2014/65/AE.

    (5)Ós rud é go bhfuil an leasú dá bhforáiltear sa Treoir seo nasctha go díreach le Rialachán (AE) XXX/XXXX [An Rialachán maidir le seirbhísí sluachistiúcháin san Aontas Eorpach], ba cheart an dáta óna mbeidh ar na Ballstáit na bearta náisiúnta lena dtrasuitear an leasú sin a iarchur chun go mbeidh sé i gcomhthráth leis an dáta cur i bhfeidhm a leagtar síos sa Rialachán sin,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Airteagal 2(1) de Threoir 2014/65/AE, cuirtear an pointe (p) seo a leanas leis:

    “(p)    soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1)(c) de Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

    _____________________________________________________________

    *    Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin (IO L […], […], lch. […]).”.

    Airteagal 2

    1.Foilseoidh agus glacfaidh na Ballstáit, faoi [Oifig na bhFoilseachán: 6 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an Sluachistiú], na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh.

    Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm faoi [Oifig na bhFoilseachán: dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an Sluachistiú].

    2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún agus do ÚEÚM.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 4

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    Rialachán (AE) Uimh. XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin (IO L […], […], lch. […]).
    (2)    IO C […], […], lch. […].
    (3)    IO C […], […], lch. […].
    (4)    Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin (IO L […], […], lch. […]).
    (5)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
    Top