Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018DC0841

Note verbale i leith an chomhaontaithe maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

COM/2018/841 final

An Bhruiséil,5.12.2018

COM(2018) 841 final

Note verbale

i leith an chomhaontaithe maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach


Litir chumhdaigh a ghabhann leis an

Note Verbale i leith an Chomhaontaithe maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

Litir chumhdaigh chuig tríú tíortha

Gabhann [an Seoltóir 1 ] a dhea-mhéin do do Rialtas agus is onóir leis é an Note Verbale atá i gceangal leis seo i leith an Chomhaontaithe maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus as Euratom a sheoladh chugat.

Ina theannta sin, le haghaidh gach coinbhinsiúin/comhaontaithe/socraithe dá bhfuil an tAontas Eorpach ina shínitheoir, ina pháirtí nó ina rannpháirtí, agus a bhfuil do Rialtas ina thaiscí nó ina chathaoirleach ina leith, ba mhór ag [an Seoltóir] dá dtabharfadh do Rialtas an Note Verbale atá faoi iamh ar aird do pháirtithe nó do rannpháirtithe eile na gcoinbhinsiún na gcomhaontuithe nó na socruithe sin.

D’fhormhuinigh Ballstáit an Aontais, an Ríocht Aontaithe san áireamh, an Note Verbale atá i gceangal leis seo.

Tapaíonn [an Seoltóir] an deis seo deimhne an mhodha fhíormhóir do do Rialtas a athnuachan.

Litir chumhdaigh chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta

Gabhann [an Seoltóir 2 ] a dhea-mhéin do d’Eagraíocht agus is onóir leis é an Note Verbale atá i gceangal leis seo i leith an Chomhaontaithe maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus as Euratom a sheoladh chugat.

Ina theannta sin, le haghaidh gach coinbhinsiúin/comhaontaithe/socraithe dá bhfuil an tAontas Eorpach ina shínitheoir, ina pháirtí nó ina rannpháirtí, agus a bhfuil d’Eagraíocht ina taiscí nó ina cathaoirleach ina leith, ba mhór ag [an Seoltóir] dá dtabharfadh d’Eagraíocht an Note Verbale atá faoi iamh ar aird do pháirtithe nó do rannpháirtithe eile na gcoinbhinsiún na gcomhaontuithe nó na socruithe sin.

D’fhormhuinigh Ballstáit an Aontais, an Ríocht Aontaithe san áireamh, an Note Verbale atá i gceangal leis seo.

Tapaíonn [an Seoltóir] an deis seo deimhne an mhodha fhíormhóir do d’Eagraíocht a athnuachan.

Note Verbale i leith an Chomhaontaithe maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

1. An 29 Márta 2017, thug Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) fógra don Chomhairle Eorpach faoi rún na Ríochta Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach (“an tAontas”) agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“Euratom”) i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá réir sin ní bheidh an Ríocht Aontaithe ina Ballstát den Aontas Eorpach ná de Euratom a thuilleadh ón 30 Márta 2019.

2. An [DÁTA], shínigh an tAontas agus Euratom, mar aon leis an Ríocht Aontaithe, i gcomhréir le mír 2 d'Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Comhaontú ina leagtar amach na socruithe maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus as Euratom (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) 3 . Tiocfaidh an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 30 Márta 2019, faoi réir ag a dhaingniú ag an Ríocht Aontaithe roimhe sin agus ag a thabhairt i gcrích ag an Aontas agus ag Euratom.

3. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar chás sonrach tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus as Euratom, foráiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar go mbeidh idirthréimhse amtheoranta ann a mbeidh dlí an Aontais infheidhme lena linn maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, seachas i gcás líon an‑teoranta eisceachtaí áirithe, agus go mbeidh sé intuigthe as aon tagairt do na Ballstáit i ndlí an Aontais, lena n‑áireofar de réir mar a dhéanann na Ballstáit é a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm, gurb ionann í agus tagairt lena n‑áirítear an Ríocht Aontaithe.

4. Tá sé comhaontaithe ag an Aontas agus ag Euratom, agus ag an Ríocht Aontaithe go gcuimsíonn dlí an Aontais de réir bhrí an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas (nó ag Euratom), nó ag Ballstáit a ghníomhaíonn thar ceann an Aontais (nó thar ceann Euratom), nó ag an Aontas (nó ag Euratom) agus ag a Bhallstáit i gcomhar lena chéile.

5. Faoi réir ag daingniú agus ag tabhairt i gcrích thráthúil an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, tabharfaidh an tAontas agus Euratom fógra do pháirtithe na gcomhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe 4 thuas go gcaithfear leis an Ríocht Aontaithe, le linn na hidirthréimhse, mar Bhallstát den Aontas agus de Euratom chun críocha na gcomhaontuithe idirnáisiúnta sin.

6. Tuigtear go mbaineann na prionsabail atá leagtha amach sa nóta seo freisin le hionstraimí agus socruithe idirnáisiúnta nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí, ach a bhfuil an tAontas nó Euratom páirteach iontu, agus le comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe 4 thuas a ndéantar iad a chur i bhfeidhm go sealadach.

7. Leagtar síos na forálacha a bhaineann leis an idirthréimhse i gCuid a Ceathair (Airteagal 126 go hAirteagal 132) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, atá le léamh i gcomhpháirt leis na forálacha ábhartha eile den Chomhaontú um Tharraingt Siar, go háirithe Cuid a hAon de.

8. Tosóidh an idirthréimhse an 30 Márta 2019 agus tiocfaidh deireadh léi an 31 Nollaig 2020, ach foráiltear sa Chomhaontú um Tharraingt siar go mbeidh deis ann cinneadh aonair a ghlacadh a chuirfeadh síneadh suas le 24 mhí leis an idirthréimhse. I gcás sínidh, déanfaidh an tAontas agus Euratom é sin a chur in iúl le Note Verable sa bhreis.

9. Ag deireadh na hidirtréimhse, ní bheidh an Ríocht Aontaithe cumhdaithe faoi na comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe 4 agus pointe 6 thuas. Tá sin gan dochar do stádas na Ríochta Aontaithe maidir le comhaontuithe iltaobhacha a bhfuil an Ríocht Aontaithe ina páirtí iontu í féin.

(1)

Ceann Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh i gcás ina bhfuil Toscaireacht chreidiúnaithe ag an Aontas agus ceanncheathrú an Aontais mura bhfuil Toscaireacht chreidiúnaithe ag an Aontas.

(2)

Ceann Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh i gcás ina bhfuil Toscaireacht chreidiúnaithe ag an Aontas agus ceanncheathrú an Aontais mura bhfuil Toscaireacht chreidiúnaithe ag an Aontas.

(3)

     Is féidir an Comhaontú um Tharraingt siar a léamh [nasc chuig suíomh gréasáin an Choimisiúin: https://ec.europa.eu/commission/brexit‑negotiations/negotiating-documents‑article-50-negotiations‑united‑kingdom_ga ] [nasc leis an Iris Oifigiúil agus leis an gcinneadh ón gComhairle maidir le síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar]

Top