Wybierz funkcje eksperymentalne, które chcesz wypróbować

Ten dokument pochodzi ze strony internetowej EUR-Lex

Dokument 52017SC0244

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU)) agus MOLADH AN CHOIMISIÚIN maidir leis an gcáin a ghearrtar ar tháirgí pinsin phearsanta, lena n-áirítear an Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach

    SWD/2017/0244 final - 2017/0143 (COD)

    An Bhruiséil,29.6.2017

    SWD(2017) 244 final

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

    ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

    a ghabhann leis an doiciméad

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU))

    agus

    MOLADH AN CHOIMISIÚIN

    maidir leis an gcáin a ghearrtar ar tháirgí pinsin phearsanta, lena n-áirítear an Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach

    {COM(2017) 343 final}
    {SWD(2017) 243 final}


    Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

    Measúnú tionchair ar thogra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpaigh

    A. An gá atá le beart

    Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

    Sainmhínítear pinsin phearsanta mar "táirgí airgeadais scoir a shuibscríobhtar ar bhonn deonach le heintiteas neamhstáit. Tá cuspóir sainráite scoir acu, foráil a dhéanamh maidir le carnadh caipitil go ham scoir agus is bealach comhlántach iad chun ioncam a thuilleamh le linn scoir". Tá siad comhlántach le pinsin phoiblí státbhunaithe agus le pinsin cheirde.

    Sa Phlean Gníomhaíochta chun Aontas Margaí Caipitil a Thógáil uaidh 1 , deir an Coimisiún nach bhfuil aon mhargadh aonair éifeachtach ann do phinsin phearsanta 'tríú colún'. Tá meascán rialacha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ina bhac ar mhargadh mór iomaíoch do phinsin phearsanta a fhorbairt go hiomlán.

    Cuireann ilroinnt sa mhargadh bac ar sholáthraithe pinsean pearsanta leas iomlán a bhaint as barainneachtaí scála, éagsúlú riosca agus nuálaíocht, lena ndéantar rogha a laghdú agus costais a mhéadú do choigilteoirí pinsin. Ina theannta sin, feictear go bhfuil gnéithe tairgí neamh-leordhóthanach ag táirgí pinsin phearsanta atá ann cheana. Ceapann roinnt mhaith freagróirí sa chomhairliúchán poiblí nach leordhóthanach an soláthar tairgí pinsin phearsanta atá le fáil agus ar díol san Aontas . Tá an dearcadh seo le fáil freisin ar scórchlár 2015 an Choimisiúin maidir le margaidh infheisteoirí miondíola, ar a léirítear go bhfuil táirgí pinsin phearsanta ar cheann de na trí tháirge a fuair an rátáil sásaimh is ísle ó infheisteoirí miondíola. Ar deireadh, tá díol trasteorann agus iniomparthacht pinsin phearsanta atá ann faoi láthair an-teoranta. 

    D'fhéadfaí ioncaim ionaid nach bhfuil leordhóthanach agus an easpa infheistíochta ar mhargaidh chaipitil an Aontais a mhaolú trí fhorbairt níos fearr a dhéanamh ar tháirgí pinsin phearsanta ar leibhéal an Aontais.

    Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

    Is é an aidhm ginearálta margadh aonair a chruthú do phinsin phearsanta agus cur le cur i gcrích Aontas na Margaí Caipitil. Chuimsítear trí chuspóir shonracha sa phríomhchuspóir sin:

    1) Infheistíocht san Aontas a mhéadú agus cuidiú le cur i gcrích Aontas na Margaí Caipitil – Le linn tréimhse fhada, cistí méadaithe coigilteas pinsin a fhorbairt lena ndéanfar maoiniú breise a chur i dtreo infheistíochtaí fadtéarmacha táirgiúla. 

    2) Gnéithe de tháirgí pinsin phearsanta a fheabhsú – lena gcruthófar táirgí pinsin phearsanta uile-Eorpaigh atá simplí agus trédhearcach.

    3) Cur le soláthar agus iniomparthacht trasteorann tháirgí pinsin phearsanta – lena gcuirfear ar chumas soláthraithe barainneachtaí scála a mhéadú agus cur le héifeachtúlacht agus le nuálaíocht, chomh maith le feabhas a chur ar dheiseanna na ninfheisteoirí miondíola a bpinsean pearsanta a thabhairt leo agus iad ag aistriú go Ballstát eile.

    Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais? 

    Le hiarrachtaí neamhchomhordaithe na mBallstát ní féidir an meascán de rialacháin náisiúnta maidir le táirgí pinsin phearsanta atá ann faoi láthair a leigheas. Thiocfadh breisluach as gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, thabharfaí aghaidh ar ilroinnt sa mhargadh agus chuideodh sé le soláthraithe a bheith ag oibríocht go trasteorann mar chuideodh sé leo feidhmithe ar leith a lárú ar leibhéal an Aontais. Maidir le daoine aonair, chruthodh íoscheanglais táirgí a leagfaí amach i rialacha an Aontais trédhearcacht agus simplíocht chomh maith le sábháilteacht d'infheisteoirí miondíola, agus rachfadh sin chun tairbhe d'oibrithe fostaithe agus féinfhostaithe, oibrithe taistil nó doghluaiste. Is le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais amháin a cuirfear leis an iniomparthacht agus a thabharfar aghaidh ar riachtanais na noibrithe taistil, a bhfuil a líon ag méadú.

    B. Réitigh

    Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

    Sa mheasúnú tionchair déantar anailís ar na trí rogha a leanas:

    1. Cás bonnlíne, le nach dtabharfaí aon ghníomhaíocht beartais ar leibhéal an Aontais.

    2. Táirge pinsin phearsanta uile-Eorpaigh (TPPU), ina bhunófaí reacht maidir le TPPU Eorpach, bunaithe ar shraith gnéithe comhchoiteanna agus solúbtha trí bhíthin córas comhlántach deonach.

    3. Comhchuibhiú, ina ndéanfaí córais pinsin phearsanta náisiúnta a chomhchuibhiú.

    Is í rogha 2 an rogha thosaíochta. Go deimhin, faoin rogha seo, dhéanfaí caighdeánú méadaithe na bpríomhghnéithe tairge deiseanna a chruthú do sholáthraithe barainneachtaí scála a thógáil, cé go mbeadh roinnt solúbthachta fós ann maidir leis na príomhghnéithe ionas go mbeadh soláthraithe in ann leas a bhaint as dreasachtaí cánach náisiúnta. Is é a thiocfadh as sin, thar thréimhse deich mbliana nó níos nó agus ar chuntar go bhfaigheadh TPPU na dreasachtaí cánach céanna le táirgí náisiúnta, méadú ar ghlacadh pinsean pearsanta agus infheistíochtaí ag soláthraithe i gcomhthéacs Aontas na Margaí Caipitil as an rogha seo, agus dhéanfaí forbairt thrasteorann a éascú. Bhainfeadh tomhaltóirí leas as rogha níos leithne agus cosaint leordhóthanach agus iad ag coigilt don scor. Bheadh reacht den sórt sin cost-éifeachtach agus indéanta go polaitiúil mar ní gá táirgí pinsin atá ann cheana a leasú do thimpeallacht nua rialála agus ní dhéanann sé difear do chórais atá ann cheana.

    Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo 

    Tá tomhaltóirí agus cumann tomhaltóirí i bhfabhar táirge pinsin phearsanta atá simplí agus trédhearcach a chruthú (rogha 2). Ba é rogha 2 is mó a fuair tacaíocht na soláthraithe (árachóirí, cístí pinsin, bainisteoirí sócmhainní) i bhfianaise a hacmhainneachta aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa mhargadh. Thacaigh comhairle theicniúil an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) le cruthú TPPU freisin. Is é comhchuibhiú na gcóras náisiúnta is lú a fuair tacaíocht na soláthraithe ó thaobh éifeachtachta de. Le linn comhairliúchán poiblí, chuir na Ballstáit go láidir i gcoinne comhchuibhiú na gcóras náisiúnta (rogha 3).

    C. Tionchar na rogha tosaíochta

    Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

    Faoin rogha tosaíochta, bheadh soláthraithe (lena náirítear árachóirí, cistí pinsin, gnólachtaí infheistíochta, bainc agus bainisteoirí sócmhainní) atá údaraithe faoi chórais earnálacha an Aontais, in ann Táirgí Pinsin Phearsanta Uile-Eorpaigh (TPPUanna) a dhearadh bunaithe ar shraith gnéithe comhchoiteanna. Chuirfeadh TPPU rogha breise ar fáil d'infheisteoirí miondíola i dtaca le coigiltis scoir chomhlántacha. Bhainfeadh oibrithe taistil leas as iniomparthacht níos fearr. De réir staidéar a rinneadh measadh go dtiocfaidh méadú ar mhargadh na dtáirgí pinsin phearsanta ón leibhéal reatha – thart ar EUR 0.7 trilliún – go thart ar EUR 1.4 trilliún (arb ionann agus an cás bonnlíne é) nó EUR 2.1 trilliún (agus thiocfadh an méid breise ó TPPU, ag glacadh leis go mbeadh buntáistí cánach do TPPU). Sa chás sin b'ionann TPPU agus leath den mhéadú a d'fhéadfadh a bheith ann don mhargadh iomlán, agus thiocfadh an leath eile as dinimicí fáis i dtaca leis na táirgí náisiúnta atá á ndíol faoi láthair. Chuirfeadh an glacadh méadaithe thar thréimhse níos faide leis an gcuspóir Aontas na Margaí Caipitil a bhaint amach.

    Bheadh dea-thionchar sóisialta ag an tionscnamh seo, mar chuirfeadh méadú i nglacadh na bpinsean pearsanta le líon na ndaoine a mbeadh ioncam leordhóthanach acu agus iad ar scor. Go háirithe, chuirfeadh sé slí nua ar fáil d'oibrithe féinfhostaithe agus oibrithe taistil airgead a choigilt don scor.

    Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

    Ós rud é gur córas comhlántach é an rogha tosaíochta i gcomhthreo le rialacha náisiúnta, ní mheastar go mbeidh aon droch-thionchair eacnamaíocha, sóisialta ná comhshaoil ann.

    Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

    Leis an tionscnamh seo meastar go ndéanfar réimse na soláthraithe a leathnú: ó árachóirí den chuid is mó go bainisteoirí sócmhainní agus cístí speisialaithe pinsin chomh maith. Ós rud é gur minic gur FBManna iad soláthraithe amhail bainisteoirí sócmhainní, d'fhéadfadh dea-thionchar a bheith orthu mar chruthófaí deiseanna gnó nua.

    Ar a bharr sin, d'fhéadfadh dea-thionchar a bheith ag an tionscnamh ar FBManna trí leas a bhaint as coigiltis phríobháideacha breise agus cistí a sheoladh chuig an ngeilleagar agus foinsí breise airgeadais a chruthú a théann chun tairbhe do FBManna. Chuideodh an tionscnamh freisin le daoine féinfhostaithe cur lena gcuid roghanna coigilte don scor.

    An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

    Is catagóir tairgí nua a bheadh i TPPU a chuirfí ar fáil ag réimse leathan soláthraithe atá faoi réir maoirseacht rialála ag údaráis inniúla náisiúnta faoi chreataí rialála atá ann cheana. D'fhéadfadh faireachán ar dháileadh trasteorann TPPU cúraimí breise a chruthú d'údaráis inniúla náisiúnta. Is faoin Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) a bheadh cúram TPPUanna aonair a údarú agus bheadh acmhainní breise ag teastáil. Faoi na socruithe cómhaoinithe atá ann faoi láthair, áireofar an maoiniú i mbuiséad an Aontais agus dá bharr sin, ní rachaidh sé thar a bhfuil leagtha amach sa chreat airgeadais ilbhliantúil a leanfaidh go dtí 2020. Ina theannta sin, is ar an leibhéal náisiúnta atá an cinneadh dreasachtaí cánach fabhracha a bhronnadh ar TPPU agus bheadh aon tionchar ag brath ar an ráta glactha ar an leibhéal náisiúnta.

    An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

    Ní mheastar go mbeidh aon tionchair shuntasacha breise ann.

    D. Iarobair

    Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

    Ba cheart go náireofaí sa reacht atá beartaithe go mbeadh athbhreithniú trí bliana tar éis don bheartas a bheith i bhfeidhm. Ba cheart go ndéanfaí measúnú san athbhreithniú ar ghlacadh na dtáirgí pinsin phearsanta, an ranníocaíocht d'Aontas na Margaí Caipitil, an méadú ar sholáthar agus iniomparthacht trasteorann d'infheisteoirí miondíola.

    (1)  COM(2015) 468 final.
    Góra