Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0537

    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus Treoir 2009/138/CE maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II)

    COM/2017/0537 final - 2017/0231 (COD)

    An Bhruiséil,20.9.2017

    COM(2017) 537 final

    2017/0231(COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus Treoir 2009/138/CE maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    '1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Tá an togra seo ina chuid de phacáiste beart atá dírithe ar fheabhas a chur ar an maoirseacht ar mhargaí airgeadais AE trí fheabhas a chur ar oibriú chóras na nÚdarás Maoirseachta Eorpacha, dlús a chur le hAontas na Margaí Caipitil agus é a thabhairt chun críche. Baineann an togra leis an maoirseacht a dhéanannan tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) agus na cumhachtaí atá aige agus foráiltear ann d'aistriú cumhachtaí maoirseachta áirithe atá faoi láthair ag údaráis inniúla náisiúnta.

    Le Treoir 2014/65/AE maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID II) 1  tugadh isteach cineál nua seirbhísí atá faoi réir údarú agus maoirseachta: seirbhísí tuairiscithe sonraí a oibríonn soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí. Níor pléadh éifeachtacht i gcúrsaíocht agus atógáil sonraí trádála agus i maoirseacht orthu i dTreoir 2004/39/CE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais 2 . D'fhág sin go raibh sonraí trádála de chuid AE ann nach raibh comhsheasmhach agus a bhí ar chaighdeán ró-íseal chun monatóireacht a dhéanamh ar cé acu a bhíothas ag baint amach chuspóirí MiFID nó nach rabhthas. Lena chois sin, níor chuir na hionaid trádála ábhartha sonraí trádála ar fáil ar chostas réasúnach ar fud AE.

    Ó imríonn neamhréireachtaí sa chaighdeán, san fhormáidiú, san iontaofacht agus sa chostas drochthionchar ar thrédhearcacht sonraí, ar chosaint infheisteoirí agus ar éifeachtúlacht margaí, tá sé mar aidhm le MIFID II cáilíocht agus inrochtaineacht sonraí trádála a fheabhsú trí fhormáid chaighdeánach le haghaidh sonraí trádála a shocrú a bheidh furasta a chomhdhlúthú, sothuigthe agus ar fáil ar chostas réasúnta, agus trí cheanglais fhoirmiúla eagraíochtúla a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus é a chur de cheanglas orthu bheith údaraithe ag a núdarás náisiúnta.

    Ó tá gné thrasteorann le próiseáil sonraí, tá tairbhe le baint as inniúlachtaí a bhaineann le sonraí, barainneacht scála san áireamh, a chomhthiomsú agus bíonn drochthionchar ag éagsúlachtaí féideartha i gcleachtais mhaoirseachta ar cháilíocht na sonraí trádála agus ar chúraimí na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe agus is iomchuí údarú soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus an mhaoirseacht orthu a aistriú, cumhachtaí de chuid na núdarás náisiúnta a aistriú go hÚEUM.

    Dá bhrí sin, ní bhaineann an togra seo ach le haistriú na gcumhachtaí i leith na neintiteas sin a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, aistriú na gcumhachtaí sin ó údaráis inniúla náisiúnta go hÚEUM trí na cumhachtaí sin a chur isteach i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR) 3 gan aon athrú sa bhreis a chur ar na rialacha substainteacha is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí lena náirítear na coinníollacha le húdarú agus na ceanglais eagraíochtúla a chéadleagadh síos i MIFID II. Dá bharr sin, tá na forálacha ábhartha maidir leis na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí le scriosadh.

    Lena chois sin, baineann an togra seo le ról ÚEÁPC i bpróisis údaraithe do shamhlacha inmheánacha.

    Foráiltear leis an Treoir Sócmhainneacht II (Treoir 2009/138/CE 4 ) gur féidir, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe i leith an Riachtanais um Chaipiteal Sócmhainneachta, i gcúinsí sonracha, le gnóthais agus grúpaí árachais agus athárachais samhlacha inmheánacha a úsáid chun an riachtanas sin a ríomh in ionad an fhoirmle chaighdeánach a úsáid. Tá na samhlacha inmheánacha sin faoi réir údarú maoirseachta. D'ainneoin na hoibre luachmhaire a rinne ÚEÁPC ar chóineasú maoirseachta ar shamhlacha inmheánacha, tá neamhréireachtaí móra ann fós i leith riachtanais údarás inniúla maidir le samhlacha inmheánacha, agus tá deacrachtaí ann ó thaobh comhaontuithe comhpháirteacha a bhaint amach ar shamhlacha inmheánacha laistigh de choláistí maoirseoirí.

    De dheasca na héagsúlachta san údarú samhlacha inmheánacha agus sa mhaoirseacht orthu, bíonn neamhréireachtaí ann agus míchothrom iomaíochta idir rannpháirtithe sa mhargadh. Dá bhrí sin, tá an togra ag cur cóineasú maoirseachta chun cinn trí ról ÚEÁPC a mhéadú maidir le samhlacha inmheánacha, le forálacha maidir le comhar agus comhroinnt faisnéise, chomh maith le cumhachtaí a thabhairt d'ÚEÁPC Tuairimí a ghlacadh sa réimse sin, agus páirt a ghlacadh ar a thionscnamh féin i réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta, lena nairítear eadráin cheangailteach a dhéanamh.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an togra seo comhsheasmhach le codanna eile de dhlí an Aontais, lena náirítear na codanna lena dtugtar cumhachtaí díreacha d'Údarás Mhaoirseachta Eorpacha.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Ní dhéanann an togra seo difear do bheartais eile de chuid an Aontais.

    '2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an togra bunaithe ar Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Coimhdeacht (do inniúlacht neamheisiatach)

    I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta (Airteagal 5.3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), níor cheart beart a dhéanamh ar leibhéal AE ach amháin mura féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach go leormhaith as a stuaim féin agus gur fearr, i ngeall ar scála nó ar éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, iad a bhaint amach ar leibhéal AE.

    Tá an túdarú agus an mhaoirseacht cumhdaithe cheana ag MiFID II agus, dá bhrí sin, tugadh go dtí leibhéal an Aontais iad. Is é an taon athrú a dhéanfaidh an togra seo gur ar ÚEUM agus ní ar na húdaráis inniúla náisiúnta a bheidh an cúram soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu. Maidir leis sin, baineann an ghné thrasteorann go nádúrtha le margaí airgeadais, agus tá an ghné sin ag méadú. Tá méadú faoi dhlús shonraí na margaí airgeadais freisin. Ní mór éifeachtúlacht na próiseála sonraí agus gnéithe ábhartha de chreat MIFID II a fheabhsú chun na dúshláin sin a shárú. Trí údarú soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus an mhaoirseacht orthu a aistriú chuig ÚEUM, is féidir a áirithiú go mbeidh na coinníollacha le bealaí dtrádála sonraí agus tuairiscithe trádála aonfhoirmeach, agus, san am céanna, go bhféadfaidh údaráis inniúla náisiúnta acmhainní a bhí in úsáid ar chaíonna eile a chur ar fáil le haghaidh maoirseacht ar úsáideoirí deiridh na sonraí.

    Tá priosabal an údaraithe maoirseachta le fáil cheana sa Treoir Sócmhainneacht II. Tá na hathruithe sa togra seo dírithe ar ról ÚEÁPC a mhéadú chun gur mó an cóineasú maoirseachta sa réimse sin, go háirithe i gcás grúpa árachais atá i roinn Ballstát de chuid AE, agus, san am céanna, an chumhacht na hiarratais sin a údarú a fhágáil ag na maoirseoirí agus, de réir mar is infheidhme, coláiste na maoirseoirí.

    Comhréireacht

    Cuirtear prionsabal na comhréireachta san áireamh go hiomlán sa togra, sa mhéid go bhfuil sé leordhóthanach chun a chuspóirí a bhaint amach agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun é sin a dhéanamh. Tá sé comhoiriúnach le prionsabal na comhréireachta, agus an chothromaíocht cheart idir leas an phobail atá i gceist agus éifeachtúlacht costais an bhirt á cur san áireamh.

    An rogha ionstraime

    Leis an Treoir seo leasaítear Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a glacadh ar bhonn Airteagal 53(1) de CFAE agus Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a glacadh ar bhonn Airteagal 53 agus Airteagal 62 de CFAE. Dá bhrí sin, tá togra le haghaidh Treorach de dhíth chun an dá Threoir sin a leasú.

    '3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Measúnú tionchair

    Is leasuithe fíorbheaga iad na leasuithe ar na Treoracha sin atá beartaithe agus ós le déanaí a cuireadh chun feidhme agus a cuireadh i bhfeidhm iad, ní leor an tábhacht atá leis na hathruithe sin chun aon mheasúnú ar leith a dhéanamh orthu.

    Oiriúnacht Rialála agus simpliú

    An tionad ilfhreastail a cuireadh ar fáil le haghaidh údarú agus maoirseachta trí MiFID II agus MiFIR, cuideoidh sé an tualach rialála a laghdú, do na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí chomh maith leis an cinn mhóra. Déanfar cumhachtaí agus inniúlachtaí údarás inniúil maidir le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a aistriú go hÚEUM. De bharr aon chreat amháin údaraithe agus maoirseachta a bheith ann beidh simpliú mór i gceist i gcás soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí atá ar dhá thaobh teorann agus laghdú ar an ualach riaracháin.

    Maidir le Sócmhainneacht II, cuireann cóineasú maoirseachta le próisis agus ceanglais cur i bhfeidhm sruthlínithe ar fud an Aontais, rud a laghdaíonn an míchothrom iomaíochta, do ghrúpaí árachais go háirithe.

    Cearta bunúsacha

    Coimeádadh an ceart chun próise cuí agus an ceart cosaint a fháil go háirithe trí bhíthin creat nós imeachta soiléir agus rialú breithiúnais ar bhearta imscrúdúcháin nuair a éilíonn breitheamh náisiúnta sin, agus ar chinntí deiridh faoin Rialachán seo ón gCúirt Bhreithiúnais.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Tá an méid sin cumhdaithe ag na leasuithe ar MiFIR agus na leasuithe ar Rialachán bunaithe ÚEÁPC.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    In Airteagal 1 den togra tá na leasuithe leagtha amach is gá chun na cumhachtaí agus na hinniúlachtaí atá ag na húdaráis inniúla faoi láthair a aistriú go hÚEUM agus is ar ÚEUM a bheidh an cúram gnólachtaí a bhfuil sé de rún acu seirbhísí tuairiscithe sonraí a chur ar fáil a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu.

    Ina gcuid de na leasuithe sin tá athrú agus scriosadh roinnt ranna i MiFID II, lena náirítear Teideal V a bhaineann leis na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, Roinn D d'Iarscríbhinn I agus cumhachtaí údarás inniúil smachtbhannaí a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí.

    Ina gcuid d'Airteagal 2 den togra seo tá na leasuithe ar an Treoir Sócmhainneacht II atá ann chun ról níos mó a thabhairt d'ÚEÁPC ó thaobh cur le cóineasú maoirseachta ar chur i bhfeidhm samhlacha inmheánacha agus is éard atá ann athruithe a bhaineann le comhroinnt faisnéise faoi chur i bhfeidhm na samhlacha sin, an deis a bheith ag ÚEÁPC Tuairimí a eisiúint ina thaobh sin agus páirt a ghlacadh i réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta ar iarratas uathu nó ar a thionscnamh féin nó, i gcúinsí áirithe, ar iarratas ó ghnóthais lena mbaineann.

    Lena chois sin, foráiltear leis na leasuithe gur cheart d'ÚEÁPC tuarascálacha bliantúla a ullmhú faoi sin. Dá bharr sin féadfar dlúthmhaoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na samhlacha inmheánacha, lena náirítear aon ábhair imní mhóra a thabhairt chun solais maidir le cóineasú maoirseachta sa réimse sin.

    Sa bhreis air sin, i roinnt codanna de Shócmhainneacht II (Airteagal 231(3) agus Airteagal 237(3)), tá cur in oiriúint d'athruithe ar Rialachán bunaithe ÚEÁPC atá i dtogra an Choimisiúin le haghaidh Rialachán maidir le headráin cheangailteach. Ina theannta sin, tá na leasuithe is gá ar Airteagal 248(4) de Shócmhainneacht II i dtaca le headráin cheangailteach curtha i bhfeidhm san Airteagal sin trí thagairtí do nós imeachta réitithe díospóide a bhaint a bhí ann roimhe sin le Coiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Cheirde Eorpacha, ar cuireadh ÚEÁPC ina áit.

    Tá forálacha aistriúcháin agus teacht i bhfeidhm leagtha amach in Airteagal 3 agus Airteagal 4.

    2017/0231 (COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus Treoir 2009/138/CE maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus (62) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach, 5

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 6 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Le Treoir 2014/65/AE, cruthaíodh creat rialála le haghaidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus leagadh síos nár mhór seirbhísí tuairiscithe sonraí iarthrádála a údarú mar shocruithe formheasta maidir le foilsiú (APAanna). Lena chois sin, ní mór do sholáthraithe teilitéipe comhdhlúite (CTPanna) sonraí trádála comhdhlúite a chur ar fáil a chumhdaíonn na hidirbhearta uile in ionstraimí cothromais agus neamhchothromais araon ar fud an Aontais, i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE. Lena chois sin, le Treoir 2014/65/AE, rinneadh bealaí le hidirbhearta a thuairisciú leis na húdaráis inniúla a chur ar bhonn foirmiúil trína leagan síos nár mhór do thríú páirtithe a thuairiscíonn ar son gnólachtaí, nár mhór dóibh bheith údaraithe mar shásraí tuairiscithe formheasta (ARManna).

    (2)Tá cáilíocht na sonraí trádála agus na próiseála agus an tsoláthair sonraí, lena náirítear próiseáil trasteorann agus soláthar trasteorann sonraí, an-tábhachtach ar fad ó thaobh phríomhchuspóir Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar atá trédhearcacht margaí airgeadais a dhaingniú. Má bhíonn sonraí beachta ar fáil, bíonn achoimre ag úsáideoirí ar an ngníomhaíocht trádála ar fud mhargaí airgeadais an Aontais agus bíonn faisnéis bheacht chuimsitheach ag údaráis inniúla faoi na hidirbhearta ábhartha. Ó tá gné thrasteorann le próiseáil sonraí, tá tairbhe le baint as inniúlachtaí a bhaineann le sonraí, barainneacht scála san áireamh, a chomhthiomsú agus bíonn drochthionchar ag éagsúlachtaí féideartha i gcleachtais mhaoirseachta ar cháilíocht na sonraí trádála agus ar chúraimí na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus, dá bhrí sin, is iomchuí údarú soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus an mhaoirseacht orthu a aistriú, agus, chomh maith leis sin, cumhachtaí de chuid na núdarás inniúil a aistriú go hÚEUM.

    (3)Chun go naistreofar na cumhachtaí sin go comhsheasmhach, is iomchuí na forálacha sin a bhaineann le ceanglais oibríochtúla le haghaidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus inniúlachtaí údarás inniúla maidir le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a leagtar amach i dTreoir 2014/65/AE, is iomchuí iad a scriosadh agus forálacha ábhartha a thabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 .

    (4)Má aistrítear údarú soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus an mhaoirseacht orthu go hÚEUM beidh sin ag teacht le cúraimí an údaráis sin. Ar leibhéal níos sonraí, cuideoidh sé le hÚEUM cúraimí eile atá sé a dhéanamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 amhail maoirseacht ar mhargaí, cumhachtaí idirghabhála sealadaí ÚEUM, bainistiú suímh agus comhlíonadh comhsheasmhach na gceanglas trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála a áirithiú má aistrítear cumhachtaí bailithe sonraí, údarúcháin agus maoirseachta ó údaráis inniúla go hÚEUM. Ba cheart Treoir 2014/65/CE a leasú dá réir.

    (5)Foráiltear le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 (Sócmhainneacht II) gur féidir, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe i leith an Riachtanais um Chaipiteal Sócmhainneachta, i gcúinsí sonracha, le gnóthais agus grúpaí árachais agus athárachais samhlacha inmheánacha a úsáid chun an riachtanas sin a ríomh in ionad an fhoirmle chaighdeánach a úsáid.

    (6)Chun go mbeidh leibhéal coibhéiseach cosanta ag sealbhóirí polasaí agus tairbhithe polasaí, ba cheart na samhlacha inmheánacha sin a bheith faoi réir údarú maoirseachta ar bhonn próisis agus caighdeáin chomhchuibhithe.

    (7)Chun a áirithiú go mbeidh ard-chóineasú ann i réimse údarú na samhlacha inmheánacha agus na maoirseachta orthu, ba cheart an chumhacht a thabhairt d'ÚEÁPC Tuairimí a eisiúint faoi na samhlacha inmheánacha sin.

    (8)Chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn, ba cheart an chumhacht a thabhairt d'ÚEÁPC cuidiú a thabhairt dóibh, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó údaráis inniúla, teacht ar chomhaontú. I gcúinsí sonracha, nuair nár éirigh leis na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú maidir le húdarú samhla inmheánaí grúpa, agus sula nglacfaidh maoirseoir an ghrúpa an cinneadh deiridh, ba cheart an deis a bheith ag gnóthas iarraidh ar ÚEÁPC eadráin a dhéanamh agus cuidiú leis na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú. Ba cheart do na húdaráis inniúla comhoibriú le hÚEÁPC agus an fhaisnéis ábhartha uile a thabhairt dó, chun a áirithiú gur féidir le hÚEÁPC páirt iomlán a ghlacadh sa phróiseas lena núdaraítear samhlacha inmheánacha grúpa.

    (9)Chun cur ar bun páinéal nua a chur san áireamh a cuireadh ar bun faoi Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, ba cheart na forálacha ábhartha i Sócmhainneacht II a thagraíonn do phainéil a leasú chun iad a chur in oiriúint don nós imeachta nua maidir le headráin cheangailteach faoin Rialachán sin.

    (10)Chun a chur san áireamh gur cuireadh ÚEÁPC in ionad Choiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Cheirde Eorpacha, ba cheart tagairtí do Choiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Cheirde Eorpacha i Sócmhainneacht II a scriosadh.

    (11)Ba cheart Treoir 2009/138/CE a leasú dá réir.

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE

    Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:

    (1) Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

    (a)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1

    '1.    Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le gnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh agus gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a dhéanann gníomhaíochtaí trí bhrainse a bhunú san Aontas.'

    (b) scriostar pointe (d) i mír 2;

    (2) in Airteagal 4, leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (36) agus phointe (37):

    '(36)    ciallaíonn 'comhlacht bainistíochta' comhlacht nó comhlachtaí de chuid gnóthais infheistíochta a ceapadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a bhfuil sé de chumhacht acu straitéis, cuspóirí agus treo ghinearálta an eintitis a chur ar bun, agus a dhéanann maoirseacht agus monatóireacht ar chinnteoireacht bhainistíochta agus ina bhfuil daoine a stiúrann gnó an eintitis dáiríre. 

    I gcás ina bhfuil tagairt sa Treoir seo don chomhlacht bainistíochta agus, de bhun an dlí náisiúnta, go bhfuil feidhmeanna bainistíochta agus maoirseachta an chomhlachta bainistíochta sannta do chomhlachtaí éagsúla nó comhaltaí éagsúla i gcomhlacht amháin, saineoidh an Ballstát na comhlachtaí nó na comhaltaí den chomhlacht bainistíochta ar a bhfuil na cúraimí sin i gcomhréir le dlí náisiúnta a thíre féin, mura bhfuil a mhalairt sonraithe sa Treoir seo.

    '(37)    ciallaíonn 'lucht bainistíochta sinsearach' daoine nádúrtha ag a bhfuil feidhmeanna feidhmiúcháin sa ghnólacht infheistíochta nó san oibreoir margaidh agus atá freagrach agus cuntasach don chomhlacht bainistíochta as bainistiú an eintitis ó lá go lá, lena náirítear as beartais a chur chun feidhme maidir le dáileadh na seirbhísí agus na dtáirgí a dhéanann an gnólacht agus a bhaill foirne ar chliaint;';

    scriostar (c) pointí (52), (53), (54) agus (55)(c);

    (3) Scriostar Teideal V;

    (4) Leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:

    (a) i bpointe (a) de mhír 3, scriostar fophointí (xxxvii) go (xxxx);

    (b) i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    '(a) Airteagal 5 nó Airteagal 6(2) nó Airteagail 34, 35, 39 nó 44 den Treoir seo; nó';

    (c) i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    (c) i gcás gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh atá údaraithe MTF nó OTF nó margadh rialáilte a oibriú, aistarraingt nó fionraí ar údarú na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 43;';

    (5) in Airteagal 71, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    '6. I gcás ina mbaineann smachtbhanna coire nó riaracháin le gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, institiúid chreidmheasa maidir le seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta nó seirbhísí coimhdeachta, nó brainse de ghnólacht tríú tír atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir seo, cuirfidh ÚEUM tagairt isteach sa smachtbhanna foilsithe sa chlár ábhartha.';

    (6) in Airteagal 77, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den chéad fhomhír de mhír 1:

    ‘Forálfaidh na Ballstáit, ar a laghad, go mbeidh sé de dhualgas ar aon duine atá údaraithe de réir bhrí Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, atá ag obair i ngnólacht infheistíochta nó i margadh rialála an cúram a bhfuil tuairisc air in Airteagal 34 de Threoir 2013/34/CE nó in Airteagal 73 de Threoir 2009/65/CE nó aon chúram eile a leagtar síos sa dlí, beidh sé de dhualgas air aon fhíoras nó cinneadh a thuairisciú do na húdaráis inniúla a bhaineann leis an ngnóthas sin agus ar tháinig an duine sin air agus é i mbun an chúraim sin agus ar féidir go ndéanfaidh sé:

    * Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).

    (7) Leasaítear Airteagal 89 mar a leanas:

    (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2

    '2. Tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3), sa dara fomhír d'Airteagal 4(1)(2), in Airteagal 4(2), Airteagal 13(1), Airteagal 16(12), Airteagal 23(4), Airteagal 24(13), Airteagal 25(8), Airteagal 27(9), Airteagal 28(3), Airteagal 30(5), Airteagal 31(4), Airteagal 32(4), Airteagal 33(8), Airteagal 52(4), Airteagal 54(4), Airteagal 58(6), agus in Airteagal 79(8), tabharfar don Choimisiún é go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 2 Iúil 2014;.

    (b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3

    '3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(3), sa dara fomhír d'Airteagal 4(1)(2) agus in Airteagal 4(2), Airteagal 13(1), Airteagal 16(12), Airteagal 23(4), Airteagal 24(13), Airteagal 25(8), Airteagal 27(9), Airteagal 28(3), Airteagal 30(5), Airteagal 31(4) , Airteagal 32(4), Airteagal 33(8), Airteagal 52(4), Airteagal 54(4), Airteagal 58(6), agus Airteagal 79(8), féadfaidh siad é a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    (c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    '5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 2(3), an dara fomhír d'Airteagal 4(1)(2), Airteagal 4(2), Airteagal 13(1), Airteagal 16(12), Airteagal 23(4), Airteagal 24(13), Airteagal 25(8), Airteagal 27(9), Airteagal 28(3), Airteagal 30(5), Airteagal 31(4), Airteagal 32(4), Airteagal 33(8), Airteagal 52(4), Airteagal 54(4) agus Airteagal 58(6) agus Airteagal 79(8), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle faoi cheann thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfadh siad aon agóid. Cuirfear síneadh trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.'.

    (8) in Airteagal 90, scriostar mír 2 agus mír 3;

    (9) i mír 1 d'Airteagal 93, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    'Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ón 3 Eanáir 2018.'

    (10) in Iarscríbhinn I, scriostar roinn D

    Airteagal 2

    Leasuithe ar Threoir 2009/138/EC

    Leasaítear Treoir 2009/138/CE mar a leanas:

    (1)Cuirtear na fomhíreanna seo a leanas le hAirteagal 112(4):

    'Nuair a mheasfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil an tiarratas iomlán, cuirfidh siad ÚEÁPC ar an eolas faoin iarratas.

    Ar iarratas ó ÚEÁPC, tabharfaidh na húdaráis inniúla na doiciméid uile d'ÚEÁPC a chuir an gnóthas isteach ina iarratas.

    Féadfaidh ÚEÁPC Tuairim a eisiúint chuig na húdaráis inniúla lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 21a(1)(a) agus Airteagal 29(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 faoi cheann 4 mhí ó fuair an túdarás inniúil an tiarratas iomlán.

    Má eisítear an Tuairim sin, déanfaidh an túdarás inniúil an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir leis an Tuairim sin, nó cuirfidh sé cúiseanna i scríbhinn chuig ÚEÁPC agus chuig an iarratasóir mura ndearnadh an cinneadh i gcomhréir leis an Tuairim sin.';

    (2)Leasaítear Airteagal 231 mar a leanas:

    (a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    '1. I gcás iarratas ar chead Riachtanas um Chaipteal Sócmhainneachta an ghrúpa chomhdhlúite, chomh maith le Riachtanas um Chaipteal Sócmhainneachta gnóthas árachais agus athárachais sa ghrúpa, a ríomh ar bhonn samhail inmheánach arna cur isteach ag gnóthas árachais nó athárachais agus a ghnóthais ghaolmhara, nó i gcomhpháirt ag gnóthais ghaolmhara cuideachta sealbhaithe árachais, oibreoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann i gcomhar le chéile agus le hÚEÁPC, chun a chinneadh cé acu a thabharfaidh nó nach dtabharfaidh siad cead agus chun na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh leis an gcead sin, má thugtar é, a leagan síos.';

    (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

    'Cuirfidh an maoirseoir grúpa in iúl do chomhaltaí eile choláiste na maoirseoirí go bhfuarthas an tiarratas agus cuirfidh sé an tiarratas iomlán, agus na doiciméid a chuir an gnóthas isteach, ar aghaidh chuig comhaltaí an choláiste, ÚEÁPC san áireamh.';

    (b)Cuirtear mír 2b nua isteach mar a leanas:

    '2b. I gcás ina measfaidh ÚEÁPC go bhfuil fadhbanna áirithe le hiarratas dá dtagraítear sa chéad fhomhír i leith comhsheasmhacht idir údaruithe iarratas ar shamhail inmheánach ar fud an Aontais, féadfaidh ÚEÁPC Tuairim a eisiúint chuig na húdaráis inniúla lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 21a(1)(a) agus Airteagal 29(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 faoi cheann 4 lá ó fuair an maoirseoir grúpa an tiarratas iomlán.

    Má eisítear an Tuairim sin, déanfaidh na húdaráis inniúla an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear sa dara mír i gcomhréir leis an Tuairim sin, nó cuirfidh sé cúiseanna i scríbhinn chuig ÚEÁPC agus chuig an iarratasóir mura ndearnadh an cinneadh comhpháirteach i gcomhréir leis an Tuairim sin.';

    (c)leasaítear mír 3 mar a leanas:

    (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    'Má chuir aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann an fhadhb faoi bhráid ÚEÁPC i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 faoi cheann na tréimhse sé mhí dá dtagraítear i mír 2, nó má bhíonn ÚEÁPC ag cuidiú leis na húdaráis inniúla ar a thionscnamh féin i gcomhréir le hAirteagal 19(1)(b) den Rialachán sin, cuirfidh an maoirseoir grúpa a chinneadh siar go dtí go nglacfaidh ÚEÁPC cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den Rialachán sin, agus déanfaidh sé an cinneadh i gcomhréir leis an gcinneadh a ghlac ÚEÁPC. Aithneofar go bhfuil cinneadh an mhaoirseora grúpa cinntitheach agus cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann i bhfeidhm é.

    (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den tríú fomhír:

    'Murar ghlac ÚEÁPC cinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh, 1094/2010, déanfaidh an maoirseoir grúpa cinneadh deiridh.';

    (d)I mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    'Cuirfidh an maoirseoir grúpa san áireamh go hiomchuí aon bharúlacha agus ábhair imní atá ag na húdaráis inniúla eile lena mbaineann agus ag ÚEÁPC arna gcur in iúl le linn na tréimhse sé mhí sin.';

    (e)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 6:

    'Tabharfaidh an maoirseoir grúpa don iarratasóir, do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann agus d'ÚEÁPC doiciméad ina mbeidh a chinneadh lánréasúnaithe leagtha amach.';

    (f)Cuirtear mír 6a nua isteach:

    '6a. I gceann na tréimhse sé mhí dá dtagraítear i mír 2 agus sula ndéanfaidh an maoirseoir grúpa cinneadh dá dtagraítear i mír 6, féadfaidh an gnóthas a chuir isteach an tiarratas i gcomhréir le mír 1 iarraidh ar ÚEÁPC cuidiú leis na húdaráis mhaoirseachta teacht ar chomhaontú, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

    Cuirfidh an maoirseoir grúpa a chinneadh siar go dtí go nglacfadh ÚEÁPC cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir leis an gcinneadh a ghlac ÚEÁPC. Aithneofar go bhfuil cinneadh an mhaoirseora grúpa cinntitheach agus cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann i bhfeidhm é.

    Glacfaidh ÚEÁPC a chinneadh faoi cheann 1 mhí ó dheireadh na tréimhse idir-réitigh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

    Murar ghlac ÚEÁPC cinneadh dá dtagraítear sa tríú fomhír i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) 1094/2010 den Rialachán sin, déanfaidh an maoirseoir grúpa cinneadh deiridh. Aithneofar go bhfuil cinneadh an mhaoirseora grúpa cinntitheach agus cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann i bhfeidhm é.

    (3)Cuirtear isteach an tAirteagal 231a agus an tAirteagal 231b nua isteach mar a leanas:

    'Airteagal 231a
    Údarú maoirseachta maidir le samhlacha inmheánacha

    '1. Féadfaidh ÚEÁPC, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó údaráis mhaoirseachta nó gnóthais árachais nó athárachais, Tuairim a eisiúint chuig na húdaráis mhaoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 21a(1)(a) agus Airteagal 29(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, maidir le samhlacha inmheánacha agus údaruithe iarratas ar shamhlacha inmheánacha mar a leagtar amach in Airteagail 112 go 127, Airteagal 230, Airteagal 231 agus Airteagal 233, chun cóineasú maoirseachta a chothú.

    Má eisíonn ÚEÁPC Tuairim mar a leagtar amach sa chéad fhomhír, déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an cinneadh nó an cinneadh comhpháirteach, de réir mar is infheidhme i gcomhréir leis an Tuairim sin, nó cuirfidh siad cúiseanna i scríbhinn chuig ÚEÁPC agus chuig an iarratasóir mura ndearnadh an cinneadh nó an cinneadh comhpháirteach i gcomhréir leis an Tuairim sin.

    2. Má dhéanann na húdaráis inniúla cigireachtaí comhpháirteacha ar an suíomh ina bhfuil baill foirne d'ÚEÁPC páirteach i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, ar ghnóthais nó ar ghrúpaí atá ag cur i bhfeidhm samhail inmheánach iomlán nó pháirteach de bhun Airteagail 112 go 127 230, 231 nó 233, scríobhfaidh baill foirne ÚEÁPC tuarascáil shonrach ar an tsamhail inmheánach. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Bhord Feidhmiúcháin ÚEÁPC.

    Airteagal 231b
    Athbhreithniú

    1. Tuairisceoidh ÚEÁPC gach bliain do Pharlaimint na hEorpa, don chomhairle agus don Choimisiúin maidir le ceisteanna ginearálta lenar phléigh údaráis mhaoirseachta agus iad i mbun samhlacha inmheánacha nó athruithe orthu a údarú de bhun Airteagail 112 go 127, 230, 231 agus 233.

    Tabharfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis d'ÚEÁPC a mheasann ÚEÁPC atá ábhartha ó thaobh na tuarascála sin de.

    2. Cuirfidh ÚEÁPC Tuairim maidir leis na húdaráis inniúla Airteagail 112 go 127, 230, 231 agus 233 a chur i bhfeidhm, lena náirítear gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme caighdeán teicniúla a glacadh chuige sin, cuirfidh sé an Tuairim sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2020 tar éis dó comhairliúchán poiblí a reáchtáil. Beidh measúnú sa Tuairim sin chomh maith ar aon éagsúlachtaí idir na samhlacha inmheánacha laistigh den Aontas.

    3. Ar bhonn na Tuairime a fuair sé ó ÚEÁPC i gcomhréir le mír 2, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na húdaráis inniúla Airteagail 112 go 127, 230, 231 agus 233 a chur i bhfeidhm, lena náirítear gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme caighdeán teicniúla a glacadh chuige sin, faoin 1 Eanáir 2021.';

    (4)I mír 3 d'Airteagal 237, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den tríú fomhír:

    'Murar ghlac ÚEÁPC cinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír faoi Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh, 1094/2010, déanfaidh an maoirseoir grúpa cinneadh deiridh.'; agus

    (5)in Airteagal 248, scriostar an chéad fhomhír de mhír 4.

    Airteagal 3

    Trasuí

    1.Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [12/18 mí ón dáta a thiocfaidh sí i bhfeidhm]. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse atá cumhdaithe ag an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    2.Cuirfidh na Ballstáit na bearta i bhfeidhm a bhaineann le hAirteagal 1 ón [36 mhí ón teacht i bhfeidhm] agus na bearta a bhaineann le hAirteagal 2 ón [dáta a cuireadh an leasú ar Rialachán ÚEÁPC i bhfeidhm].

    Airteagal 4

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 5

    Seolaithe

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1) Treoir 2014/65/AE an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
    (2) Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004, lch. 1).
    (3) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
    (4) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
    (5) IO C , , lch. .
    (6) IO C , , lch. .
    (7) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
    (8) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
    Top