AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,31.5.2017
COM(2017) 275 final
2017/0114(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 1999/62/CE maidir le muirir ar úsáid bonneagar áirithe a ghearradh ar fheithiclí earraí troma
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2017) 180 final}
{SWD(2017) 181 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá córas iompair éifeachtach iontaofa bunriachtanach d’fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus is tábhachtach an earnáil don gheilleagair é. Cé go nimríonn an córas iompair de bhóthar an ról is tábhachtaí sa chóras iompair intíre, tugann sé roinnt dúshlán socheacnamaíoch agus roinnt dúshlán comhshaoil (e.g. athrú aeráide, truailliú aeir, torann, brú tráchta). Is féidir gearradh dola ar úsáid bóithre príomhról a imirt chun oibriúcháin níos éifeachtaí agus níos glaine a spreagadh, agus is den bhunriachtanas é an gearradh dola sin a cheapadh ar bhonn comhleanúnach chun cóir chomhionann d’úsáideoirí bóithre agus maoiniú bonneagair inbhuanaithe a áirithiú.
Foráiltear le Treoir 1999/62/CE an creat dlíthiúil maidir le muirir ar úsáid bóithre áirithe a ghearradh ar fheithiclí earraí troma (HGVanna). Is é is aidhm don Treoir deireadh a chur le saobhadh iomaíochta idir gnóthais iompair trí chánacha feithiclí a chomhchuibhiú céim ar chéim agus sásraí cothroma a bhunú le haghaidh muirearú ar an mbonneagar. Leagann sí amach íosleibhéil na gcánacha feithiclí le haghaidh feithiclí earraí troma agus sonraíonn sí na na rialacha mionsonraithe maidir le muirearú ar an mbonneagar, lena náirítear athrú na muirear de réir fheidhmíocht chomhshaoil na bhfeithiclí.
Go dtí seo, áfach, níl eilimintí sa Treoir a bhaineann go sonrach le cur le laghdú astaíochtaí CO2 as modhanna iompair. Bhí astaíochtaí CO2 as modhanna iompair de bhóthar in 2014 fós 17 % níos airde ná mar a bhí in 1990. Tagann an sciar is airde de na hastaíochtaí sin as gluaisteáin paisinéirí (níos mó ná 60 %) .ach, ag an am céanna, tá méadú ag teacht ar na hastaíochtaí a sceitheann feithiclí earraí troma. De réir na dtreochtaí reatha, ní leor laghdú ar na hastaíochtaí chun spriocanna 2030 agus spriocanna 2050 an Aontais Eorpaigh a bhaint amach.
Tá drochbhail ar an mbonneagar mbóithre ina lán Ballstát de cheal cothabháil leordhóthanach. Tháinig laghdú ar an gcaiteachas poiblí ar chothabháil bóithre san Aontas Eorpach faoi thuairim is 30 % idir 2006 agus 2013 agus b'fhiú 0.5 % den Olltáirgeacht Intíre in 2013 é (i gcomparáid le 1.5 % in 1975 agus 0.8 % in 2008). Dá bharr sin, tá iarmhairtí éagsúla diúltacha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil ag teacht chun cinn, lena náirítear méadú ar na costais maidir le feithicil a oibriú, astaíochtaí truailleán agus torainn, amanna méadaithe taistil, timpistí, agus tionchair dhiúltacha ar an ngeilleagar.
Níl feidhm ag an reachtaíocht atá ann faoi láthair ach amháin maidir le HGVanna agus ní dhírítear aird ar gach feithicil eile. Sa réimse seo, lena náirítear gluaisteáin paisinéirí go sonrach, agus de cheal teorainneacha sonracha, tá riosca ann go gcuirfear praghas ró-ard ar ghreamáin ghearrthéarmacha i gcomparáid le gnáthghreamáin agus go ndéanfar idirdhealú i gcoinne úsáideoirí ócáideacha ar eachtrannaigh iad a bhformhór. Fadhb eile maidir le hidirdhealú a d'fhéadfadh a bheith ann, agus a bhaineann le gach cineál feithicle, is ea an cúiteamh d'úsáideoirí náisiúnta i gcás ina dtabharfar muirir ambhunaithe isteach
De dheasca thionchair dhiúltacha an iompair de bhóthar, tá costais mhóra á gcur ar an tsochaí. Cé go ndéanann gluaisteáin agus veaineanna níos lú damáiste don bhonneagar ná mar a dhéanann feithiclí tromshaothair (HDVanna, lena náirítear HGVanna agus busanna/cóistí), is iad na gluaisteáin paisinéirí is bunchúis le tuairim is 2/3 de na costais sheachtracha (lena náirítear an costas a bhaineann leis an athrú aeráide, an truailliú aeir, torann, timpistí agus iarmhairtí diúltacha eile) a ghineann an tiompar de bhóthar, nó tuairim is 1.8-2.4 % den Olltáirgeacht Intíre.
Ina theannta sin, is fadhb leanúnach é an brú tráchta laistigh de cheantair uirbeacha agus lasmuigh díobh; dá ainneoin sin, níor thug na Ballstáit aghaidh air ach ó am go ham. De thoradh buaicphointí tráchta bóithre, tá costais mhóra shóisialta ann arb ionann iad agus 1 % d'Olltáirgeacht Intíre an Aontais Eorpaigh. Is iad na gluaisteáin paisinéirí is cúis le dhá thrian de na costais sin agus is é an trácht idiruirbeach is cúis le 20-30 % de na costais sin.
Is é is cuspóir don tionscnamh go ndéanfar dul chun cinn maidir leis na prionsabail "an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as" agus "íoc mar a úsáidtear" a chur i bhfeidhm agus, sa tslí sin, an tiompar de bhóthar, atá cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus atá inbhuanaithe ó thaobh an airgeadais de agus ó thaobh an chomhshaoil de, a chur chun cinn.
Rannchuidíonn an tionscnamh leis an gClár um Oiriúnacht Rialála (REFIT), ó tharla gurb é an cuspóir atá leis forálacha áirithe na Treorach a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais seo
Is é is aidhm don tionscnamh seo go dtabharfar aghaidh ar easnaimh na reachtaíochta atá ann cheana (Treoir 1999/62/CE), i.e. cuspóirí na reachtaíochta a chomhlíonadh níos fearr. Sna téarmaí a bheartaítear, dhéanfaí forálacha áirithe na Treorach a shimpliú trí dheireadh a chur le hathrú na ndolaí, atá bunaithe ar aicme astaíochtaí EURO, agus a bhfuil a sochair ag dul i léig go tapa anois agus trí dheireadh a chur le ceanglais achrannacha maidir le fógra a thabhairt, go háirithe iad sin a bhaineann le muirearú costas seachtrach.
Ina theannta sin, beartaítear busanna, gluaisteáin paisinéirí agus veaineanna a áireamh laistigh de raon feidhme na Treorach agus, ar an dóigh sin, áiritheofar praghsáil níos comhleanúnaí maidir le húsáid an bhonneagair san earnáil iompair de bhóthar. I ngeall ar shaincheist na nastaíochtaí CO2 a míníodh thuas, beartaítear freisin go léireofar na hastaíochtaí sin sna muirir bóithre.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an tionscnamh mar chuid den iarracht a rinne an Coimisiún chun Aontas Fuinnimh a chruthú, agus mar chuid de shraith tograí a bhaineann le hiompar íseal-astaíochtaí, lena náirítear athbhreithniú a dhéanamh ar Rialacháin do ghluaisteáin agus do veaineanna maidir le hastaíochtaí CO2, tograí maidir le deimhniú agus faireachán/tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 as leoraithe agus busanna; agus tionscnaimh ghaolmhara i réimse an iompair de bhóthar, go sonrach maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le seirbhísí ríomhbhailiúcháin dolaí idir-inoibritheacha agus ar na rialacha lena rialaítear an margadh inmheánach don tarlú de bhóthar agus do sheirbhísí bus agus cóiste.
Tá na hathruithe a bheartaítear i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar amach le Páipéar Bán 2011 maidir le hiompar inar moladh go dtosófaí ag cur an phrionsabail "an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as" i bhfeidhm go hiomlán (a chumhdaítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) agus ag cur an phrionsabail "íoc mar a úsáidtear" i bhfeidhm go hiomlán freisin chun a áirithiú go mbeidh an tiompar agus an maoiniú bonneagair níos inbhuanaithe. Chun gur fusa an muirearú acharbhunaithe a chur i bhfeidhm, déantar athbhreithniú ar idir-inoibritheacht an ríomhbhailiúcháin dolaí i gcomhthráth. Tá na hathruithe atá beartaithe i gcomhréir leis an reachtaíocht comhshaoil a bhaineann le hastaíochtaí as feithiclí agus torann.
Thairis sin, le leathnú ar a raon feidhme, cuireann an tionscnamh le nósanna deimhniúcháin atá le glacadh maidir le hastaíochtaí CO2 as feithiclí tromshaothair agus maidir leis na Rialacháin lena rialaítear astaíochtaí truailleán agus astaíochtaí CO2 as feithiclí saothair éadroim. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an ngréasán bóithre atá faoi chaibidil, tagraíonn an togra do threoirlínte athbhreithnithe an Aontais Eorpaigh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is iad Airteagal 71 agus Airteagal 93 de Chonradh CE (Airteagal 91 agus 113 anois) na bunúis dlí le Treoir 1999/62/CE.
Forálacha na Treorach dá ndéanfar difear leis an togra seo, baineann siad le dolaí agus le muirir ar úsáideoirí ar réimse é a bhfuil feidhm ag Airteagal 91 CFAE maidir leis.
Chomh fada agus a bhaineann sé le leasuithe ar fhorálacha áirithe de Chaibidil II den Treoir maidir le cánacha feithicle, cumhdaítear iad faoi Airteagal 113 CFAE agus tugtar aghaidh orthu i dtogra dlíthiúil ar leith.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
De bhun Airteagal 4(2)(g) CFAE, is ag an Aontas Eorpach agus na Ballstáit araon atá an inniúlacht chun rialáil a dhéanamh i réimse an iompair. Dá ainneoin sin, ní féidir ach an tAontas Eorpach féin na rialacha atá ann cheana a oiriúnú. Tá údar maith le rialacha an Aontais Eorpaigh a leathnú amach chun catagóirí eile feithicle a chumhdach mar go bhfuil iarmhairtí ag na catagóirí sin ar na fadhbanna ar leibhéal AE agus ar an leibhéal domhanda. A mhéid a bhaineann sé le gluaisteáin paisinéirí, mionbhusanna agus veaineanna, dá mba rud é go gcuirfí na catagóirí sin san áireamh, chabhródh sin go háirithe le cosc a chur ar an mbaol go mbeadh na Ballstáit ag caitheamh go héagothrom le húsáideoirí ócáideacha nó le feithiclí a chláraítear lasmuigh den AE. Dá gcuirfí busanna/cóistí san áireamh, chuideodh sin le saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach don iompar paisinéirí a laghdú trí chóir fhabhrach (i.e. díolúine ó íoc as úsáid an bhonneagair) a thabhairt do na feithiclí sin i gcomparáid leis an iompar d'iarnród atá faoi réir an mhuirearaithe sin.
Go ginearálta, ós rud é go mbaineann na feithiclí sin uile úsáid as an mbonneagar bóithre céanna agus go gcuireann siad le líon na nastaíochtaí CO2, leis an truailliú aeir agus le brú tráchta, tá údar maith lena gcur san áireamh i bhfianaise na bhfadhbanna aitheanta.
•Comhréireacht
Maidir leis na bearta a bheartaítear, ní chabhraíonn siad ach leis na cuspóirí sin arna leagan síos a bhaint amach, go sonrach na prionsabail "an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as" agus "íoc mar a úsáidtear" a chur i bhfeidhm ar bhonn comhleanúnach, agus ní théann siad thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin.
Tá sé riachtanach an raon feidhme a leathnú amach thar HGVanna chun a áirithiú go gcuirfear rialacha comhsheasmhacha i bhfeidhm ar na feithiclí bóthair uile agus go bhféadfar aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna nach mbaineann le trácht HGV amháin nó nach mbaineann go príomha le trácht HGV (caighdeán an bhonneagair ag dul in olcas, astaíochtaí arda CO2 ón iompar de bhóthar, an truailliú aeir, torann, brú tráchta, nó idirdhealú i gcoinne úsáideoirí eachtrannacha).
Tá na costais ar na Ballstáit, ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh teoranta i gcomparáid leis na buntáistí ionchasacha. Sa togra, ní fhorchuirfear ar na Ballstáit muirir bóithre a ghearradh, ach déanfar an tslí a chomhchuibhiú inar cheart na muirir sin a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais. Lena chois sin, ní bhainfear an bhrí as go ndéanfar aon mhéadú ar leibhéal na muirear atá ann cheana.
Mar chuid den mheasúnú tionchair, cuireadh líon beart beartais féideartha as an áireamh ar bhonn phrionsabal na comhréireachta, amhail muirear éigeantach a ghearradh ar an mbonneagar nó ar an mbrú tráchta.
•An rogha ionstraime
Ós rud é gur Treoir é an gníomh dlí atá le leasú, ba cheart, i bprionsabal, an gníomh leasaitheach a bheith san fhoirm chéanna.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana
D'fhoilsigh an Coimisiún a mheastóireacht ar Threoir 1999/62/CE in 2013. Foilsíodh tuarascáil sheachtrach ''Meastóireacht ar chur chun feidhme agus ar thionchair bheartas an Aontais Eorpaigh maidir le muirear a ghearradh ar an mbonneagar ón mbliain 1995'' in Eanáir 2014. Sna meastóireachtaí, sainaithníodh fadhbanna éagsúla a bhaineann le muirir bóithre a ghearradh ar HGVanna faoin gcreat dlí atá ann faoi láthair.
Cé go bhfuil muirearú ar bhóithre de chineál éigin curtha i bhfeidhm ag 24 Bhallstát agus go raibh claonadh ann athrú go córas dola bóithre atá bunaithe ar an achar ar fud an ghréasáin, cuireadh an taistriú sin i bhfeidhm go malltriallach agus tá neamhréireachtaí leanúnacha sa chóras dolaí ar fud an Aontais Eorpaigh. Fuarthas amach sa mheastóireacht go raibh éagothromaíochtaí móra i mbeartais náisiúnta i leith muirearú ar bhóithre agus ba é an chonclúid a baineadh aisti gurb é an toradh a bheidh ar an easpa comhchuibhithe sna cineálacha muirear (greamáin ambhunaithe, dolaí acharbhunaithe, difreáilte nó neamhdhifreáilte) agus sna cineálacha teicneolaíochtaí bailiúcháin muirear a úsáidtear ná ualach agus costais riaracháin bhreise d'údaráis phoiblí agus d'úsáideoirí araon.
Cé go gcuireann an Treoir na cuspóirí a leagtar amach chun cinn, aithníodh roinnt easnamh:
·An raon feidhme: is féidir HGVanna faoi bhun 12 thona a dhíolmhú, rud atá ina chúis le heaspa cothromais i réimse an iompair lasta;
·Tá na muirir ambhunaithe a cheadaítear leis an Treoir neamhéifeachtach maidir le costais bhonneagair a chumhdach agus maidir le hoibriúcháin níos glaine agus níos éifeachtúla a spreagadh agus brú tráchta a laghdú;
·Tá sé róchasta muirearú costas seachtrach a chur i bhfeidhm cé gurb é an an tathrú uasta amháin atá sainmhínithe i dtaca leis an athrú (éigeantach) de réir aicmí astaíochtaí EURO agus tá saoirse ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh faoin éagsúlacht uasta;
·Muirir éagsúla a ghearradh chun dul i ngleic le brú tráchta: is cosúil go bhfuil an iomarca anró ag baint leis an gceanglas maidir le neodracht ioncaim agus d'fhéadfaí breathnú air go bhfuil sé éagothrom más rud é gur ar HGVanna amháin a chuirfear i bhfeidhm é in ainneoin go gcuireann na húsáideoirí bóithre uile leis an mbrú tráchta.
Cé gur díríodh sa mheastóireacht ar théarmaí reatha na Treorach, cuireadh saincheisteanna ábhartha eile in iúl san aiseolas ó na páirtithe leasmhara, lena náirítear an gá atá le hastaíochtaí CO2 as feithiclí tromshaothair a laghdú agus creat a chur ar fáil maidir le muirearú i leith gluaisteán paisinéirí (agus catagóirí feithiclí eile), go sonrach chun an tidirdhealú i gcoinne úsáideoirí bóithre (eachtrannacha) ócáideacha a sheachaint.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Le linn na gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara, cloíodh leis na caighdeáin íosta le haghaidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2002 (COM(2002) 704 final).
Baineadh leas as modhanna comhairliúcháin oscailte agus spriocdhírithe agus as uirlisí éagsúla comhairliúcháin lena linn.
1)
Eagraíodh comhairliúchán poiblí oscailte caighdeánach ar líne a mhair 12 sheachtain tríd an suíomh gréasáin "Do Ghuthsa san Eoraip'' a bhí bunaithe ar cheistneoirí.
Reáchtáladh an comhairliúchán poiblí oscailte (CPO) ón 8 Iúil go dtí an 5 Deireadh Fómhair agus glacadh le hionchur freisin a tugadh isteach go mall. Bhí dhá shraith ceisteanna sa CPO: cuireadh sraith ceisteanna ar an ngnáthphobal a bhí dírithe ar dhearcthaí úsáideoirí, agus cuireadh sraith ceisteanna níos teicniúla ar shaineolaithe.
Fuair an Coimisiún 135 fhreagra ar na ceistneoirí mar aon le 48 ndoiciméad breise. Tháinig na freagraí isteach ó ghrúpaí éagsúla de pháirtithe leasmhara, lena náirítear gnóthais iompair (42 %), tomhaltóirí/saoránaigh (14 %), údaráis phoiblí (13 %), an tionscal tógála (7 %), comhlachais iompair phoiblí (4 %), agus soláthraithe réitigh/seirbhísí dola (4 %).
2)
Cuireadh comhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara agus speisialtóirí ar leith ar siúl le linn an phróisis measúnaithe, lenar áiríodh an méid seo a leanas:
a)
sraith de sheimineáir théamacha le páirtithe leasmhara agus leis na Ballstáit arna heagrú ag an gCoimisiún le linn Mheán Fómhair agus Dheireadh Fómhair 2015.
b)
Comhdháil an 19 Aibreán 2016 ar thionscnaimh a bhaineann le bóithre.
c)
21 agallamh le páirtithe leasmhara a roghnaíodh ar bhonn na riachtanas sonraí ar leith arna ndéanamh ag an gconraitheoir a bhí i mbun an staidéar tacaíochta ar an measúnú tionchair a ullmhú.
Achoimre ar an aiseolas a fuarthas agus úsáid na dtorthaí
Tugadh tacaíocht ghinearálta do bheartais chun an úsáid a bhaintear as feithiclí atá éifeachtach ó thaobh breosla a spreagadh cé go raibh níos lú tacaíochta lena dhéanamh sin trí éagsúlacht muirear ar bhóithre. Thacaigh a lán de na rannpháirtithe neamh-Bhallstáit a cuireadh faoi agallamh le héagsúlacht atá bunaithe ar CO2 a thabhairt isteach agus deireadh a chur de réir a chéile leis an difreáil arna ndéanamh de réir aicme astaíochtaí EURO. Cé gur cuireadh ábhar amhrais in iúl i leith cé chomh hindéanta agus a bheidh sé sin sa ghearrthéarma, ba léir nár cuireadh i gcoinne athrú ioncam-neodrach na muirear atá bunaithe ar astaíochtaí CO2.
Maidir le bearta a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun caighdeán na mbóithre a áirithiú, ba shuntasach an difríocht idir (1) na tuairimí a cuireadh in iúl le linn an chomhairliúcháin phoiblí ar líne agus (2) tuairimí na mBallstát a cuireadh faoi agallamh. Tríd is tríd, thacaigh formhór na bhfreagróirí sa chéad ghrúpa leis na bearta chun caighdeán an bhonneagair bóithre a áirithiú. Ar an taobh eile, níor thacaigh na Ballstáit den chuid is mó leis na bearta.
Maidir le beartais a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun an tidirdhealú a sheachaint agus an chothromaíocht a áirithiú, bhí difríocht chomh maith idir tuairimí na mBallstát agus páirtithe leasmhara eile. Thug freagróirí an chomhairliúcháin phoiblí ar líne tacaíocht láidir do na prionsabail "íoc mar a úsáidtear" agus "an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as" a chur i bhfeidhm, agus don Aontas Eorpach chun a áirithiú go socrófar praghsanna na ngreamán go comhréireach. Thacaigh iliomad ionchur breise agus rannpháirtithe tríú tír a cuireadh faoi agallamh le deireadh a chur de réir a chéile le muirir ambhunaithe ar úsáideoirí ionas nach féidir le muirearú a bheith bunaithe ach ar an achar amháin. Ar an taobh eile, ní raibh na Ballstáit ar aon tuairim faoi cibé acu a bhí gá le tuilleadh gníomhaíochta ina leith sin nó nach raibh.
Maidir le córas iompair éifeachtach a áirithiú, bhí formhór na bhfreagróirí sa chomhairliúchán poiblí ar líne den tuairim gur cheart an cúram a fhágáil ar na Ballstáit chun déileáil le brú tráchta, agus ba é an rogha is mó tacaíocht maidir le muirearú ar an mbrú tráchta gur cheart é a chur i bhfeidhm ar na feithiclí uile. Na rannpháirtithe a thacaíonn le muirear brú tráchta, leag siad béim ar an ngá atá le muirear brú tráchta a ghearradh ar gach feithicil, agus ní ar HGVanna amháin. Bhí na Ballstáit i gcoitinne i bhfách le níos mó solúbthachta.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Bunaíodh sainiú na faidhbe ar mheastóireachtaí inar baineadh úsáid as saineolas seachtrach go páirteach (meastóireacht ar chur chun feidhme agus ar thionchair bheartas an Aontais Eorpaigh maidir le muirear a ghearradh ar an mbonneagar ón mbliain 1995, nuashonrú ar an lámhleabhar ar chostais sheachtracha an iompair), arna chomhlánú le taighde breise.
Chuidigh conraitheoir seachtrach le staidéar tacaíochta ar an Measúnú Tionchair, a cuireadh i gcrích in Aibreán 2017.
•Measúnú tionchair
Tá Measúnú Tionchair ag gabháil leis an tionscnamh, ar chuir an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach in iúl ina leith a raibh cuntair áirithe ag dul léi. Rinne an Bord moltaí lenar ceanglaítear údar níos mó a bheith leis an gcuspóir a bhaineann le hastaíochtaí CO2 a laghdú agus rinne sé soléirithe i leith an méid seo a leanas:
–na bealaí difreáilte ina gcaitear le hioncaim muirear bóithre,
–na heasnaimh a bhaineann leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair,
–roghanna áirithe a chur as an áireamh agus
–na hiarmhairtí a bhfuiltear ag súil leo.
Cuireadh na tuairimí san áireamh sa mheasúnú tionchair athbhreithnithe lena dtugtar mionsonraí breise agus míniú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I den tuarascáil ar an measúnú tionchair. Mar aon le coigeartuithe eile, rinneadh na modhnuithe seo a leanas chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna thuasluaite:
–Cuireadh isteach míniú ar an gcomhlántacht leis na muirir/na cánacha comhshaoil eile agus le caighdeáin CO2 i sainiú na faidhbe agus sa tuairisc ar na cúiseanna leis na fadhbanna go háirithe. Cé gurbh fhéidir go raibh na hionstraimí eile éifeachtach, d'fhéadfadh sé nár leor iad chun srian a chur ar astaíochtaí CO2 as na modhanna iompair a mhéid is gá de réir ghealltanais AE.
–Cuireadh isteach san iarscríbhinn sainmhínithe ar na cúiseanna atá leis na bealaí difriúla a gcaitear le hioncaim a ghintear leis an muirearú brú tráchta roghnach lena ndéantar tuairisc ar na bearta beartais atá coinnithe. Is ceann de na príomhchúiseanna é a bhaineann le hinghlacthacht, le cothromaíocht agus leis an gcuspóir chun gníomhú in aghaidh aon tionchar cúlchéimnitheach den mhuirear.
–Cuireadh isteach míniú breise sa tuairisc ar an meastóireacht agus ar chur chun feidhme na reachtaíochta atá ann faoi láthair mar aon le tuairisc ar na cúiseanna leis na fadhbanna, a thagraíonn go háirithe do ról na reachtaíochta agus dá cuid easnamh.
–Rinneadh tuairisc ar na cúiseanna a bhí le bearta i leith muirearú bóithre éigeantach a chur as an áireamh agus ar chur in áirithe ginearálaithe na nioncam a chomhlánú le tuilleadh mionsonraí.
–Cuireadh tuairisc níos mionsonraithe isteach sna ranna ábhartha ar na tionchair a mheastar a bheidh ag na hastaíochtaí CO2, ar na Ballstáit dá ndearnadh difear, agus ar an simpliú chomh maith.
Rinneadh ceithre rogha beartais a mheas, lena léirítear méadú ar an idirghabháil rialála; déanann na roghanna beartais ina dhiaidh seo thíos (RB1 go RB4) comhlánú ar a chéile.
Is é atá sa chéad rogha beartais (RB1) athruithe ar an reachtaíocht chun nach ndéanfar nuashonrú ach ar chuid d’fhorálacha na Treorach agus chun busanna agus cóistí, veaineanna agus gluaisteáin paisinéirí a chumhdach faoina raon feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sainaitheanta uile. Bhain na hathruithe le díolúintí a bhaint, le ceanglais maidir le tuairisciú agus uasluachanna na muirear costas seachtrach a thabhairt cothrom le dáta agus bhain siad freisin leis na ceanglais maidir le muirearú costas seachtrach a shimpliú. Is é atá sa rogha freisin an neamh-idirdhealú agus na ceanglais chomhréireachta maidir le muirir a ghearradh ar fheithiclí éadroma a thabhairt isteach .
In RB2 dírítear aird ar shaincheist na nastaíochtaí CO2, lean náirítear deireadh a chur le muirir ambhunaithe ar HDVanna de réir a chéile. Áirítear ar an rogha seo rialacha maidir le hathrú muirear bonneagair de réir astaíochtaí CO2 le haghaidh HDVanna, lena náirítear deireadh a chur de réir a chéile leis an athrú reatha de réir aicmí astaíochtaí EURO.
Áirítear ar RB3 (le roghanna malartacha a agus b) bearta breise le haghaidh feithiclí éadroma, lena dtugtar aghaidh ar bhrú tráchta idiruirbeach mar aon le hastaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán ó fheithiclí uile (RB3b). Ar deireadh, le RB4 bheadh muirearú costas seachtrach éigeantach do HDVanna agus chuirfí deireadh de réir a chéile, i gcás gach feithicle, leis an bhféidearthacht úsáid a bhaint as muirearú ambhunaithe ionas nach mbeadh fágtha ach muirearú acharbhunaithe.
Léiríodh go soiléir sa mheasúnú tionchair, inar glacadh leis go gcuirfí córais muirearaithe acharbhunaithe in ionad na gcóras muirearaithe ambhunaithe atá ann faoi láthair sna roghanna RB2 go RB4 (ba é an rogha eile a bhí ag na Ballstáit gan muirir a ghearradh), gurbh é RB4 an rogha ab éifeachtaí ach go mbeadh na costais ab airde i gceist léi chun na sochair a bhaint amach. Ní fhéadfadh RB1 rannchuidiú leis na cuspóirí a bhaint amach ach ar bhonn an-teoranta ar fad cé nach mbeadh ach costas ar éigean ag baint léi. Bhí RB2 agus RB3 níos tomhaiste ó thaobh a dtionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil de agus bhainfidís na torthaí sin amach ar chostas réasúnta.
Sa mheasúnú tionchair, sainaithníodh RB3b, an rogha mhalartach lena náirítear athrú na muirear le haghaidh feithiclí éadroma de réir a nastaíochtaí C02 agus a nastaíochtaí truailleán, mar an rogha thosaíochta, rogha a fhéadfaí a chomhlánú leis an gceanglas maidir le muirearú costas seachtrach ar chuid den ghréasán ar a laghad i gcás HDVanna agus deireadh a chur de réir a chéile leis an muirearú ambhunaithe ar fheithiclí éadroma ar feadh tréimhse fada go leor. Is iad sin na bearta a choinneofar sa togra seo, togra mar sin atá idir RB3b agus RB4 ach atá níos cóngaraí do RB4.
In RB3b agus RB4 laghdófaí na costais a bhaineann le brú tráchta faoi 2.5-6 % nó €9-22 billiún faoin mbliain 2030, chuirfí ioncaim bhreise ó na dolaí ar fiú €10-63 billiún/bliain é agus a chabhródh leis an infheistíocht i mbóithre a mhéadú faoi 25-260 % i gcomparáid leis an mbonnlíne.
Laghdóidís méid an CO2, an NOx agus na nastaíochtaí ó ábhar cáithníneach de dheasca an iompair de bhóthar. Ba é an toradh a bheadh air sin go mbeadh tionchar dearfach ar an tsláinte phoiblí, i gcoibhéis leis an laghdú ar an truailliú aeir, agus bheadh coigilteas costas ar fiú idir €370 milliún agus €1.56 billiún é i gcás truailliú aeir agus timpistí faoin mbliain 2030, arna shloinneadh mar luach láithreach.
Le RB3b agus RB4, d'fhéadfaí idir 62,000 agus 152,000 post úr a chruthú i gcás nach ndéanfaí ach 30 % amháin de na hioncaim bhreise ó na dolaí a ath-infheistiú i gcothabháil bóithre. Ina theannta sin, rannchuideodh na roghanna uile le bheith ag caitheamh go cothrom le saoránaigh an Aontais Eorpaigh trí phraghas na ngreamán gearrthéarmach a laghdú faoina leath.
Le RB3 (a agus b) thiocfadh méadú 1.1 % ar chostais iompair le haghaidh lasta faoi ach, ag an am céanna, d'fhágfaí costais le haghaidh iompar paisinéirí gan athrú. Le RB4, d'fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú ar na costais le haghaidh iompar paisinéirí agus lasta faoi suas le 1.3-2.0 % ach bheadh sin ag brath ar an úsáid iarbhír a bhainfeadh na Ballstáit as muirearú acharbhunaithe (lena bhféadfadh a áireamh na Ballstáit sin nach ngearrann muirear ar chatagóirí feithiclí ar leith faoi láthair). Bheadh ar na húdaráis tacú le híoc as na costais a bhaineann leis na córais dola nua a chur i bhfeidhm nó na córais atá ann cheana a leathnú amach, costais arbh fhiú san iomlán do na Ballstáit lena mbaineann €2-3.7 billiún go dtí 2030. Thiocfadh méadú €198 go €850 milliún/bliain ar na costais chomhlíonta d'úsáideoirí bóithre ón mbliain 2025 de bharr muirearú ar bhóithre a chur i bhfeidhm ar chodanna nua den ghréasán agus ar ghrúpaí úsáideoirí nua.
Bheadh na tionchair ar FBManna, lena náirítear an earnáil iomlán tarlaithe de bhóthar, teoranta ós rud é gur céatadán beag amháin de na costais fhoriomlána iompair é na muirir bóithre. Cuirtear aon mhéadú ar an gcostas ar aghaidh chuig na cliaint (lastóirí) nó d'fhéadfaí é a chúiteamh le laghduithe cánach arbh fhéidir a dhéanamh a bhuí leis an leasachán ar Chaibidil II den Treoir maidir le cánachas feithiclí. Ní thiocfadh méadú ar phraghsanna do thomhaltóirí faoi níos mó ná 0.1% ar an meán fiú dá gcuirfí 100% de na costais uile ar aghaidh.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Thiocfadh méadú ar chostais rialála a bhaineann leis an tionscnamh dá nathrófaí go córas dola acharbhunaithe agus thiocfadh méadú ar na costais chomhlíonta don iliomad gníomhaithe sa mhargadh; shárófaí na costais sin leis na hioncaim níos airde (do na Ballstáit agus do mhuirearóirí), le caighdeán na mbóithre a bheith níos fearr agus amanna taistil a bheith níos iontaofa (d'úsáideoirí bóithre), tionchair dhiúltacha laghdaithe ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte (saoránaigh), agus costais sheachtracha ghaolmhara arna níoc ag an tsochaí (cáiníocóirí).
Is é atá sa ghné REFIT den togra seo na ceanglais maidir le muirir a ghearradh ar bhóithre a shimpliú agus a thabhairt cothrom le dáta ionas go mbeidh siad oiriúnach don chuspóir, mar atá:
·córas modhnaithe muirear níos fónta de réir na nastaíochtaí CO2 a chur in ionad an chórais athraithe de réir aicmí EURO le haghaidh HDVanna atá as feidhm anois;
·cur i bhfeidhm na muirear costas seachtrach maidir le truailliú aeir agus torann a shimpliú (atá níos fearr mar ionstraim ná córas modhnuithe de réir aicme EURO) trí úsáid luachanna tagartha arna dtabhairt cothrom le dáta nach gá aon ríomh a dhéanamh ina leith a cheadú;
·cur i bhfeidhm na marcálacha suas a shimpliú agus a thabhairt cothrom le dáta agus cur i bhfeidhm na muirear brú tráchta a éascú.
Baineann na simpliúcháin sin go príomha le húdaráis náisiúnta seachas le gnólachtaí. Mar sin féin, gabhann togra thuasluaite ar leithligh leis na hathruithe sin, lena gceadaítear cánacha cúrsaíochta a laghdú, lena bhféadfaí an tualach ar tharlóirí (FBManna) a laghdú. Is cosúil go méadófar ar na costais fhoriomlána d’úsáideoirí bóithre, lena náirítear do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, fiú dá mba bheag an méadú sin féin.
Meastar go mbeidh tionchar dearfach beag ag an tionscnamh ar an iomaíocht i ngeall ar mhuirearú CO2-dhifreáilte a bheidh ina chúis le húsáid beagán níos mó a bhaint as feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí saor ó astaíochtaí, rud a spreagfaidh an nuálaíocht. Dá mbainfí níos mó úsáide as muirearú ar an mbrú tráchta, rachadh sé chun sochair d'iomaíocht na ngnólachtaí, go háirithe na gnólachtaí sin a bhaineann úsáid as déantúsaíocht díreach in am.
•Cearta bunúsacha
Urramaítear sa togra seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí airgeadais ag an togra do bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Liostaítear sa tuarascáil ar an measúnú tionchair sraith de 7 gcroítháscaire a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a baineann leis na príomhchuspóirí beartais: éabhlóid astaíochtaí CO2 as HDVanna; an bhail atá ar an mbonneagar bóithre dola; comhréireacht agus cumhdach na gcostas sóisialta leis na muirir bóithre; agus leibhéal an bhrú tráchta ar an ngréasán idir-uirbeach san Aontas Eorpach.
Chun tionchar na reachtaíochta a mheasúnú, ba ghá meastóireacht chríochnúil a dhéanamh a luaithe a bheadh na hathruithe uile tugtha isteach de réir a chéile. B'iomchuí an tréimhse ama é cúig bliana i ndiaidh don chreat nua teacht i bhfeidhm ina iomláine chun an mheastóireacht sin a dhéanamh. D’fhéadfaí meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na mbeart idirmheánach níos luaithe.
Áirítear ar an togra ceanglais shonracha maidir le tuairisciú ag na Ballstáit maidir le hioncaim ó mhuirear a ghearradh ar bhóithre agus an úsáid a bhaintear as na hioncaim sin, mar aon le caighdeán na mbóithre dola.
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
Mar gheall ar raon feidhme an togra, agus mar gheall ar an bhfíric nach leasaítear leis ach Treoir 1999/62/CE, ar Treoir í atá trasuite go hiomlán ag na Ballstáit uile, ní mheastar go bhfuil údar ann le doiciméid mhíniúcháin a éileamh ná go bhfuil sé comhréireach déanamh amhlaidh.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Déantar an teideal a choigeartú chun an raon feidhme leathnaithe a léiriú.
Airteagal 1 – Ábhar agus raon feidhme
Déantar modhnú ar an airteagal chun feithiclí eile seachas HGVanna a áireamh i raon feidhme na ndolaí agus na muirear ar úsáideoirí. Tá údar leis sin i ngeall ar an ngá le dul i ngleic le líon fadhbanna nach mbaineann le HGVanna amháin, nó nach mbaineann leo go príomha fiú.
Airteagal 2 – Sainmhínithe
Déantar modhnú ar na sainmhínithe seo a leanas:
·"gréasán bóithre tras-Eorpach": tugtar an sainmhíniú cothrom le dáta le bheith i gcomhréir le cur chuige na conaire arna leagan amach sna Treoirlínte TEN-T athbhreithnithe i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;
·"dola"; athraítear an fhoclaíocht sa sainmhíniú chun an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 7da ina ndéantar foráil maidir le muirear brú tráchta a chur san áireamh;
·"feithicil": clúdaíonn an sainmhíniú nua a mholtar na "feithiclí tromshaothair" agus na "feithiclí saothair éadroim" uile, i.e., de bhreis ar na feithiclí earraí a chumhdaítear cheana, ar mó ná 3,5 tona iad, gluaisteáin paisinéirí, mionbhusanna agus veaineanna mar aon le cóistí agus busanna;
·"feithicil de chatagóir ["EURO"]" agus "cineál na feithicle": athraítear an fhoclaíocht sa sainmhíniú chun cóistí agus busanna a chur san áireamh.
Cuirtear isteach na sainmhínithe "muirear brú tráchta", "oibreoir iompair", "cineálacha difriúla feithiclí", lena náirítear "feithiclí atá saor ó astaíochtaí", mar aon le "socrú dola arna leasú go substaintiúil" d’fhonn go mbeidh soiléireacht dhlíthiúil ann maidir le téarmaí sonracha agus raon feidhme forálacha áirithe a shonrú níos fearr.
Scriostar an sainmhíniú "meánmhuirear ualaithe costas seachtrach" mar go mbaintear an ceanglas maidir lena ríomh.
Airteagal 7 – Dolaí agus muirir úsáideoirí
Tá Mír 1 roinnte ina dá mhír chun idirdhealú a dhéanamh idir na gréasáin atá á núsáid go príomha ag an trácht idirnáisiúnta (an gréasán bóithre tras-Eorpach agus mótarbhealaí) agus bóithre eile. Moltar go mbeidh feidhm ag forálacha i leith neamh-idirdhealú, comhréireacht muirear agus bailiúchán agus íocaíocht dolaí agus muirear ar úsáideoirí maidir le bóithre eile freisin.
Chun leanúint ar aghaidh leis na prionsabail 'an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as' agus "íoc mar a úsáidtear" a chur i bhfeidhm, agus na éagothromachtaí a laghdú de réir a chéile sna scéimeanna muirearaithe éagsúla, cuirtear isteach mír 6 agus mír 7 d'fhonn deireadh a chur le húsáid na muirear ambhunaithe ar úsáideoirí (greamáin) de réir a chéile do HGVanna agus busanna/cóistí ar dtús, agus ansin do ghluaisteáin paisinéirí agus veaineanna amach anseo ar na gréasáin atá á núsáid ag an trácht idirnáisiúnta. Leis na dátaí a bheartaítear, tugtar a ndóthain ama do na Ballstáit chun na scéimeanna muirearaithe atá acu a oiriúnú, i gcás inarb infheidhme. Tá údar le bealaí difreáilte a gcaitear le HDVanna agus LDVanna i ngeall ar a dtionchar difriúil ar an mbonneagar agus agus toisc nach bhfuil an córas muirear i gcás LDVanna chomh forbartha céanna.
Chun an chóir chomhionann a áirithiú do tharlóirí, cuirtear mír 9 isteach chun deireadh a chur leis an bhféidearthacht HGVanna faoi bhun 12 thona a dhíolmhú ó mhuirir bóithre, agus an raon feidhme a leathnú chun aon chóras muirearaithe do chóistí/bhusanna a áireamh. Tá údar leis sin i ngeall ar an tionchar suntasach atá ag busanna/cóistí ar bhóithre.
Airteagal 7c – Muirir costas seachtrach an chomhréireacht agus an chóir chomhionann
In Airteagal 7a, cuirtear uasteorainneacha le muirir ar úsáideoirí agus leis an ndifríocht choibhneasta sna praghsanna idir greamáin bhliantúla agus greamáin fho-bhliantúla. Sa chomhthéacs seo, beartaítear na hathruithe seo a leanas.
Tá mír 1 roinnte ina dá mhír chun a shonrú go mbeidh feidhm ag na ceanglais atá ann cheana maidir le HGVanna agus busanna/cóistí.
Baineann mír 3 nua le gluaisteáin paisinéirí agus sonraítear uasteorainneacha le difríochtaí coibhneasta sna praghsanna idir greamáin bhliantúla agus greamáin fho-bhliantúla, a léiríonn patrúin úsáide, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil. Socraítear an dáta freisin faoina gcaithfear na scéimeanna greamán atá ann cheana a oiriúnú. I mír 4, tugtar aghaidh ar an tsaincheist chéanna i leith mionbhusanna agus veaineanna.
Airteagal 7c – Muirearú costas seachtrach
Maidir le mír 1, beartaítear luachanna tagartha seachas uasteorainneacha (mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IIIb) a thabhairt isteach. Cuirtear isteach mír 5 lena gceanglaítear muirearú costas seachtrach a chur i bhfeidhm ar a laghad ar na codanna sin den ghréasán dola áit ar mó an truailliú aeir agus torann arna ndéanamh ag trácht feithiclí tromshaothair, e.g. i ngeall ar mhéid an daonra atá neamhchosanta.
Airteagal 7da – Muirearú brú tráchta
Ceadaítear le hAirteagal 7da nua muirir brú tráchta a chur i bhfeidhm – de bhreis ar an muirear ar an mbonneagar – d'fhonn dul i ngleic go héifeachtach le saincheist an bhrú tráchta idiruirbigh. Chun idirdhealú i gcoinne úsáideoirí aon chatagóire feithicle a sheachaint, ní mór aon mhuirear brú tráchta den sórt sin a chur i bhfeidhm ar na catagóirí feithiclí uile ar bhonn comhréireach cothrom. Sonraítear uasleibhéil na muirear agus na fachtóirí coibhéise idir feithiclí in Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn VI.
Airteagal 7f – Marcálacha suas
Beartaítear an fhéidearthacht a leathnú chun marcálacha suas a chur i bhfeidhm i gceantair shléibhe agus na coinníollacha eile a bhí ann roimhe a choinneáil chun iad a chur i bhfeidhm (gnáthbhrú tráchta nó damáiste suntasach don chomhshaol agus na hioncaim a ath-infheistiú i dtionscadal TEN-T). Scriostar mír 4 mar nár chabhair í chun tionscadail tosaíochta a mhaoiniú ach d’fhéadfadh sí cur isteach ar an muirearú costas seachtrach a chur i bhfeidhm. Ós rud é gurb é is cuspóir do na marcálacha suas agus do na muirir brú tráchta araon dul i ngleic leis an mbrú tráchta, ní ceart iad a charnadh (mír 5).
Airteagal 7g– Éagsúlacht muirear, go háirithe le haghaidh feithiclí tromshaothair
Beartaítear deireadh a chur, de réir a chéile, le héagsúlacht na muirear de réir aicme astaíochtaí Euro na feithicle. Cuirtear mír 4 nua isteach chun éagsúlacht na muirear ar an mbonneagar de réir na nastaíochtaí CO2 ó HDVanna a thabhairt i bhfeidhm, a luaithe is féidir i ndiaidh na sonraí astaíochtaí CO2 deimhnithe riachtanach a bheith curtha ar fáil. A luaithe a bheidh sé i bhfeidhm, spreagfar leis an bhforáil go mbainfear úsáid as na HDVanna is glaine agus is éifeachtúla.
Ós rud é go mbeartaítear an muirearú ar an mbrú tráchta a rialáil ar leithligh (Airteagal 7da nua, féach thuas), beartaítear freisin deireadh a chur, de réir a chéile, leis an bhféidearthacht go bhfuil éagsúlacht ioncam-neodrach na muirear de réir am an lae, cineál an lae, nó de réir an tséasúir (cf. leasachán i mír 1 ar mhír 3 roimhe seo í).
Airteagal 7ga – Athrú muirear le haghaidh feithiclí saothair éadroim
In Airteagal 7ga nua, sonraítear na rialacha mionsonraithe maidir le athrú na ndolaí agus na muirear ar úsáideoirí de réir fheidhmíocht na ngluaisteán paisinéirí, na mionbhusanna agus na veaineanna ó thaobh an chomhsaoil de. Bunófar an éagsúlacht ar astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir mar a shonraítear in Iarscríbhinn VII. Leis an bhforáil seo, ba cheart go spreagfaí an úsáid a bhaintear as feithiclí atá níos glaine agus níos éifeachtúla.
Airteagal 7h – Fógraí a thabhairt
Beartaítear mír 3 a leasú chun réamheolas an Choimisiúin a shimpliú i leith muirearú costas seachtrach atá bheartaithe agus an fhaisnéis a bheith teoranta do ghnéithe bunúsacha. Beartaítear mír 4 a bhaint ina bhfuil an ceanglas maidir le cinneadh a fháil ón gCoimisiún roimh ré chun gur fusa muirearú costas seachtrach a thabhairt isteach.
Airteagal 7j – Bailiúchán agus íocaíocht dolaí agus muirear ar úsáideoirí
I mír 3 agus mír 4, beartaítear tagairt do mhuirir brú tráchta a chur isteach chun a áirithiú go mbaileofar na heilimintí muirear féideartha uile agus go níocfar ar bhonn comhleanúnach iad.
Airteagal 7k – Cúitimh
Beartaítear an fhéidearthacht chun cúitimh a dhéanamh a theorannú don chás ina dtugtar dolaí isteach(seachas muirir ar úsáideoirí). Is é an cuspóir atá leis sin go gcuirfear deireadh leis an bhféidearthacht atá ann go ndéantar idirdhealú i gcoinne úsáideoirí neamhchónaitheacha.
Airteagal 9 – Úsáid ioncaim
Ceanglaítear le mír 3 nua go mbainfear úsáid as ioncaim ó mhuirearú brú tráchta chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna brú tráchta, e.g. trí thacú le réitigh iompair eile nó scrogaill tráchta a bhaint.
Airteagal 10a
Beartaítear leasú ar mhír 1 chun an clásal athbhreithnithe a thabhairt cothrom le dáta agus a bheith i gcomhréir le simpliú Iarscríbhinn IIIb.
Airteagal 11 – Tuarascálacha
Leasaítear mír 1 chun ceanglais maidir le tuairisciú ar dholaí, ioncaim dholaí agus an úsáid a bhaintear as ioncaim, chun faisnéis faoi chaighdeán na mbóithre dola a chur san áireamh freisin. Baintear pointe (e) atá i mír 2 anois agus cuirtear isteach pointí nua (e) go (i) chun faisnéis ar ioncaim ó mhuirearú brú tráchta, ar ollioncaim ó mhuirearú bóithre, ar úsáid na nioncam sin, a chur san áireamh; agus meastóireacht ar chothabháil bóithre agus leibhéal an bhrú tráchta. Cuirtear isteach mír 3 chun sraith íosta de tháscairí a shonrú a bhaineann le meastóireacht a dhéanamh ar chaighdeán na mbóithre dola. Cuirtear isteach mír 4 agus mír 5 lena bhféadfaidh an Coimisiún táscairí comhchuibhithe a shainmhíniú le gníomh cur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt ar chur i bhfeidhm na dtáscairí sin ag na Ballstáit.
Iarscríbhinní
I Roinn 3 d’Iarscríbhinn 0, beartaítear tagairtí d'fheithiclí "EEV" a bhaint agus tábla ina bhfuil teorainneacha astaíochtaí EURO IV a chur isteach chun Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 a chur san áireamh.
In Iarscríbhinn III, léirítear sna hathruithe beartaithe go gcuirfear cóistí agus busanna san áireamh i raon feidhme na Treorach.
Beartaítear Roinn 2, Roinn 3 agus Roinn 4 d’Iarscríbhinn IIIa a theorannú le cásanna ina mbeidh sé ar intinn ag Ballstát muirir costas seachtrach níos airde a chur i bhfeidhm ná na luachanna tagartha a shonraítear in Iarscríbhinn IIIb. Tugtar forálacha áirithe de Roinn 4.2 cothrom le dáta chun an reachtaíocht a cuireadh i bhfeidhm le déanaí maidir le leibhéal torainn mótarfheithiclí a chur san áireamh.
In Iarscríbhinn IIIb, beartaítear luachanna tagartha do mhuirearú costas seachtrach a chur in ionad oll-mheánmhuirear ualaithe costas seachtrach le haghaidh truailliú aeir agus torainn, lena náirítear an costas atá le truailliú aeir agus torann arna ndéanamh ag HGVanna (Tábla 1) agus cóistí (Tábla 2). Ríomhtar na luachanna i bhfianaise an nuashonraithe ar an lámhleabhar ar chostais sheachtracha an iompair. Féadfar na luachanna a iolrú faoi 2, ní amháin i gceantair sléibhe, ach thart ar cheirtleáin freisin.
In Iarscríbhinn IV, beartaítear tagairt d'fheithiclí leantóirchúpláilte 7 nacastóir, 8 nacastóir nó 9 nacastóir a chur san áireamh sa tábla a bhaineann le feithiclí leantóirchúpláilte.
In Iarscríbhinn V nua, atá nasctha le hAirteagal 7da beartaithe (maidir le muirearú a ghearradh ar bhrú tráchta), leagtar síos íoscheanglais maidir le muirear a thobhach ar bhrú tráchta, ag féachaint freisin do chodanna an ghréasáin agus do na tréimhsí ama a chumhdaítear. Cuirtear bóithre i gcatagóirí mar bhóithre uirbeacha agus neamh-uirbeacha chun idirdhealú a dhéanamh idir limistéir a bhfuil dlúthdhaonra iontu agus limistéir nach bhfuil an daonra chomh dlúth sin iontu. Chun praghsáil chothrom chomhréireach a áirithiú, leagtar amach fachtóirí coibhéise le haghaidh catagóirí feithiclí éagsúla. Ceanglaítear le Roinn 2 go mbeidh ríomh na muirear trédhearcach agus go gcuirfear méideanna in aghaidh gach catagóire feithicle agus tréimhsí ama le haghaidh gach stráice den bhóthar lena mbaineann ar fáil don phobal agus go gcaithfear iad a choigeartú go rialta chun an scéim a choinneáil éifeachtach.
In Iarscríbhinn VI nua, atá nasctha le hAirteagal 7da freisin, cuirtear teorainn ar mhéid an mhuirir a ghearrtar ar bhrú tráchta in aghaidh an chiliméadair bunaithe ar imeallchostais brú tráchta a chuirtear ar fáil sa nuashonrú ar an lámhleabhar ar chostais sheachtracha an iompair.
Tá Iarscríbhinn VII nua nasctha le hAirteagal 7ga beartaithe, maidir le hathrú na ndolaí agus na muirear úsáideoirí le haghaidh feithiclí saothair éadroim de réir na feidhmíochta comhshaoil agus sonraítear na catagóirí astaíochtaí chun críocha an athraithe sin. Déantar tagairt d'astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir agus cuirtear caighdeáin atá i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh san áireamh agus na gnáthaimh tomhais is cruinne agus is déanaí.
2017/0114 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 1999/62/CE maidir le muirir ar úsáid bonneagar áirithe a ghearradh ar fheithiclí earraí troma
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Maidir leis an dul chun cinn i dtreo na sprice a leagtar amach i bPáipéar Bán ón gCoimisiún an 28 Márta 2011, eadhon gluaiseacht i dtreo na bprionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ agus ‘gurb é an túsáideoir a íocfaidh as’ a chur i bhfeidhm ina niomláine, thóg an dul chun cinn sin maidir le hioncam a ghiniúint agus maoiniú a dheimhniú d’infheistíochtaí iompair amach anseo tamall fada agus leantar de neamhréireachtaí i gcur chun feidhme ghearradh na muirear ar úsáid bonneagair bóithre ar fud an Aontais.
(2)Sa teachtaireacht uaidh maidir le Straitéis Eorpach um an tSoghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí, d’fhógair an Coimisiún go molfadh sé go ndéanfaí leasú ar an Treoir maidir le muirir a ghearradh ar leoraithe chun go bhféadfaí muirir a ghearradh freisin ar bhonn dealú ó thaobh dé-ocsaíd charbóin, agus síneadh a chur le cuid dá prionsabail chun busanna agus cóistí a chuimsiú mar aon le gluaisteáin paisinéirí agus veaineanna.
(3)Bíonn mórthionchar ag feithiclí tromshaothair uile ar an mbonneagar bóithre agus cuirtear leis an truailliú aeir dá mbarr; ag an am céanna, feithiclí saothair éadroim is cúis leis an gcuid is mó de na tionchair dhiúltacha chomhshaoil agus sóisialta de dheasca astaíochtaí agus brú tráchta a thagann ó iompar de bhóthar. De ghrá na córa comhionainne agus na hiomaíochta cothroime, ba cheart a áirithiú go gcuirfí san áireamh sa chreat seo feithiclí nár áiríodh go dtí seo sa chreat a leagtar amach i dTreoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dolaí agus muirir ar úsáideoir. Ba cheart, ar an ábhar sin, raon feidhme na Treorach sin a leathnú chun feithiclí tromshaothair, cé is moite díobh sin a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun earraí a iompar, agus feithiclí saothair éadroim, lena náirítear gluaisteáin paisinéirí, a chur san áireamh.
(4)Iontu féin, ní thugann muirir ar úsáideoir ar bhonn ama léiriú cruinn ar na costais bonneagair a thabhaítear go hiarbhír agus, ar chúiseanna den chineál céanna, níl siad éifeachtach nuair is spreagadh oibríochtaí níos glaine agus níos éifeachtúla a bhíonn i gceist, nó brú tráchta a laghdú. Ba cheart, ar an ábhar sin, muirir ar bhonn achair a chur ina náit de réir a chéile, ar cothroime, éifeachtaí agus éifeachtúla iad.
(5)Chun deimhin a dhéanamh de go nglacfaidh an túsáideoir le scéimeanna muirearaithe bóithre, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit córais iomchuí a thabhairt isteach chun muirir a bhailiú mar chuid de phacáiste níos leithne seirbhísí soghluaisteachta. Ba cheart a áirithiú leis na córais sin go roinnfear ar bhealach cothrom na costais bhonneagair agus go mbeidh siad ag teacht leis an bprionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’. Ní mór d’aon Bhallstát a thabharfaidh isteach córas den sórt sin deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfaidh sé forálacha Threoir 2004/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(6)Mar is amhlaidh i dtaca le feithiclí tromshaothair, ní mór a áirithiú go mbeidh aon mhuirir ar bhonn ama a chuirtear i bhfeidhm ar fheithiclí saothair éadroim comhréireach, lena náirítear i dtaca le tréimhsí úsáide atá níos giorra ná bliain amháin. I ndáil leis sin, is gá a chur san áireamh go mbíonn patrún úsáide ag feithiclí saothair éadroim atá éagsúil le patrún úsáide feithiclí tromshaothair. D’fhéadfaí ríomh na muirear comhréireach ar bhonn ama a bhunú ar na sonraí maidir le patrúin na dturas atá ar fáil.
(7)De bhun Threoir 1999/62/CE, d’fhéadfaí muirear ar chostais sheachtracha a chur i bhfeidhm ar leibhéal atá cóngarach d’imeallchostas sóisialta úsáid na feithicle i gceist. Léirítear gurb é seo an modh is cothroime agus is éifeachtúla chun iarmhairtí diúltacha comhshaoil agus sláinte an truaillithe aeir agus an truaillithe torainn de dheasca feithiclí tromshaothair a chur san áireamh, agus dhéanfaí deimhin de go ndéanfadh feithiclí tromshaothair a gcion ar bhealach atá cothrom caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a bhaint amach mar aon le haon teorainneacha nó spriocanna torainn is infheidhme. Ba cheart, mar sin, cur i bhfeidhm na muirear sin a éascú.
(8)Chuige sin, ba cheart luachanna tagartha is infheidhme go héasca arna gcoinneáil cothrom le dáta i bhfianaise an bhoilscithe, an dul chun cinn eolaíoch a dhéantar chun na costais sheachtracha a bhaineann le hiompar de bhóthar a mheas agus na héabhlóide ar chomhdhéanamh an fhlít feithiclí a chur in áit na nuas-mheánmhuirear ualaithe costas seachtrach.
(9)Is glaine na feithiclí a úsáidtear mar thoradh ar an athrú ar mhuirir bhonneagair de réir ceann de na haicmí astaíochtaí EURO. Dá ainneoin sin, toisc go bhfuil athnuachan á déanamh ar fhlíteanna feithiclí, meastar go nimeoidh an tathrú ar mhuirir ar an mbonn sin ar an ngréasán idiruirbeach i léig faoi dheireadh 2020 agus ba cheart, ar an ábhar sin, deireadh a chur leis de réir a chéile faoin am sin. Ón tráth céanna, ba cheart muirearú ar chostais sheachtracha amhail modhanna spriocdhírithe chun costas seachtrach a aisghabháil maidir le cásanna a bhfuil an tábhacht is mó ag baint leo, a chur i bhfeidhm ar bhealach níos córasaí.
(10)Tá méadú ag teacht ar chion na nastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin as feithiclí tromshaothair. Féadfaidh athrú ar mhuirir bhonneagair de réir na nastaíochtaí sin cur le feabhsuithe sa réimse sin agus ba cheart, ar an ábhar sin, é a thabhairt isteach.
(11)Is de dheasca feithiclí saothair éadroim a ghintear dhá thrian de na tionchair dhiúltacha chomhshaoil agus sláinte a thagann ó iompar de bhóthar. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach dreasachtaí a thabhairt chun go mbainfear úsáid as na feithiclí is glaine agus is éifeachtúla ó thaobh breosla de trí bhíthin dealú ar mhuirir ar bhóithre ar bhonn tosca comhréireachta arna sainmhíniú i Rialachán (AE) Uimh. 2016/427 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) Uimh. 2016/646 ón gCoimisiún, agus Rialachán (AE) Uimh. 2017/XXX ón gCoimisiún.
(12)Chun úsáid na bhfeithiclí is glaine agus is éifeachtúla a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit na dolaí bóthair agus na muirir ar úsáideoirí a chuirtear i bhfeidhm ar na feithiclí sin a laghdú go mór.
(13)Baineann costas thart ar 1 % den Olltáirgeacht Intíre le brú tráchta, costas arb iad na mótarfheithiclí uile ar leibhéil dhifriúla is cúis leis. Is féidir cuid mhór den chostas sin a leagan ar bhrú tráchta idiruirbeach. Dá bhrí sin, ba cheart muirear brú tráchta ar leith a cheadú, ar choinníoll go gcuirfear i bhfeidhm é ar gach catagóir feithicle. Chun go bhféadfaidh sé a bheith éifeachtach agus comhréireach, ba cheart an muirear a ríomh ar bhonn an imeallchostais brú tráchta agus é a dhealú de réir suímh, ama agus catagóir feithicle. Chun an tionchar dearfach is mó a bhaint as muirir brú tráchta, ba cheart an tioncam a chomhfhreagraíonn dóibh a leithdháileadh ar thionscadail a thugann aghaidh ar bhunúdair na faidhbe.
(14)Ba cheart na muirir brú tráchta na costais iarbhír arna bhforchur go díreach ag gach feithicil ar úsáideoirí eile bóithre, agus go hindíreach ar an tsochaí i gcoitinne, ba cheart na muirir sin a léiriú go comhréireach. Chun nach gcuirfidh na muirir sin bac díréireach ar shaorghluaiseacht daoine agus earraí, ba cheart iad a theorannú do shuimeanna ar leith a léiríonn an timeallchostas brú tráchta i ndálaí nach mór lánacmhainne, is é sin le rá nuair a bhíonn méid an tráchta i ngiorracht don lánacmhainn bóithre.
(15)Ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis an athrú atá neodrach ó thaobh ioncaim ar mhuirir bhonneagair arna bhforchur ar fheithiclí earraí troma, ar ionstraim fho-optamach í i leith brú tráchta a laghdú.
(16)D’fhéadfadh marcálacha suas arna gcur leis an muirear ar bhonneagar cabhrú go mór chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le damáiste suntasach don chomhshaol nó le brú tráchta mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as bóithre áirithe, ní hamháin laistigh de limistéir shléibhtiúla. Ba cheart, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an srian atá ann faoi láthair ar mharcálacha suas sna limistéir sin. Chun go seachnófaí nach muirearófaí an túsáideoir faoi dhó, ba cheart marcálacha suas a eisiamh ó chodanna den bhóthar ar a ngearrtar muirear.
(17)I gcás ina dtugann Ballstát córas muirearaithe bóthair isteach, is féidir, de réir an cháis, go mbeidh idirdhealú in aghaidh úsáideoirí bóithre neamhchónaitheacha ina thoradh ar chúiteamh arna dheonú. Ar an ábhar sin, ba cheart an fhéidearthacht cúiteamh a dheonú sa chás sin a theorannú do chásanna a bhaineann le dolaí agus níor cheart an cúiteamh a bheith ar fáil a thuilleadh i gcás muirir ar úsáideoir.
(18)Chun leas a bhaint as sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith sna córais muirearaithe bóthair atá ann cheana chun costais oibriúcháin a laghdú, ba cheart don Choimisiún a bheith rannpháirteach go hiomlán sa chomhar idir Ballstáit a bheartaíonn scéimeanna muirearaithe bóthair chomhchoiteanna a thabhairt isteach.
(19)Le muirir ar bhóithre, féadtar acmhainní a chur ar fáil a chabhraíonn le maoiniú a dhéanamh ar bhonneagar iompair ardchaighdeáin a chothabháil agus a fhorbairt. Is iomchuí, dá bharr sin, na Ballstáit a spreagadh chun ioncaim ó mhuirir ar bhóithre a úsáid dá réir agus, chun na críche sin, éileamh orthu tuairisc leordhóthanach a thabhairt ar an úsáid a bhaintear as na hioncaim sin. Chabhródh sé sin, go háirithe, le bearnaí maoiniúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint agus cur le glacadh an phobail le muirearú bóthair.
(20)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon a áirithiú go háirithe go gcuirfear i bhfeidhm scéimeanna náisiúnta praghsála a maidir le feithiclí nach feithiclí earraí troma iad, go gcuirfear i bhfeidhm iad laistigh de chreat comhleanúnach a dheimhníonn cóir chomhionann ar fud an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr chineál trasteorann an iompair de bhóthar agus na bhfadhbanna a bhfuil sé beartaithe aghaidh a thabhairt orthu leis an Treoir seo, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(21)Is gá a áirithiú go leanfaidh na muirir ar chostais sheachtracha de bheith ag léiriú an chostais a bhaineann le truailliú aeir agus torann de dheasca feithiclí tromshaothair ar bhealach chomh cruinn agus is féidir gan an scéim muirearaithe a dhéanamh róchasta, chun dreasachtaí a thabhairt ionas go mbainfear úsáid as na feithiclí is éifeachtúla ó thaobh breosla de, agus na dreasachtaí a choinneáil éifeachtach agus an dealú ar mhuirir ar bhóithre a choimeád cothrom le dáta. Ar an ábhar sin, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na luachanna tagartha maidir le muirir ar chostais sheachtracha a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch, chun na módúlachtaí maidir le hathrú atá neodrach ó thaobh ioncaim de i dtaca le muirir bhonneagair a shainiú de réir astaíochtaí CO2 as feithiclí tromshaothair, agus na módúlachtaí maidir le hathrú i dtaca le muirir ar bhonneagar i gcás feithiclí saothair éadroim a oiriúnú don dul chun cinn teicneolaíoch. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna a gheobhaidh na saineolaithe sna Ballstáit iad, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(22)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha na Treorach seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear tacar táscairí comhchuibhithe chun meastóireacht a dhéanamh ar chaighdeán na ngréasán bóithre. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(23)Ba cheart Treoir 1999/62/CE a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir 1999/62/CE mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
“Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirir ar úsáid bonneagar a ghearradh ar fheithiclí”;
(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 agus Airteagal 2:
"Airteagal 1
1. Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le:
(a) cánacha feithicle ar fheithiclí earraí troma,
(b) dolaí agus muirir ar úsáideoir a fhorchuirtear ar fheithiclí.
2. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le feithiclí a dhéanann oibríochtaí iompair ar chríocha neamh-Eorpacha na mBallstát agus ar na críocha sin amháin.
3. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le feithiclí atá cláraithe sna hOileáin Chanáracha, in Ceuta agus Melilla, sna hAsóir ná i Maidéara agus a dhéanann oibríochtaí iompair ar na críocha sin amháin nó idir na críocha sin agus mórthír na Spáinne agus mórthír na Portaingéile faoi seach.
Airteagal 2
Chun críocha na Treorach seo:
(1)ciallaíonn “gréasán bóithre tras-Eorpach” an bonneagar iompair de bhóthar dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* faoi mar a léirítear ar léarscáileanna é in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin;
(2)ciallaíonn “costais tógála” na costais a bhaineann le tógáil, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, na costais mhaoiniúcháin maidir le ceann amháin díobh seo a leanas:
(a)
bonneagar nua nó feabhsuithe nua ar bhonneagar, lena náirítear deisiúcháin shuntasacha struchtúracha;
(b)
bonneagar nó feabhsuithe ar bhonneagar, lena náirítear deisiúcháin shuntasacha struchtúracha, a cuireadh i gcrích tráth nach faide siar ná 30 bliain roimh an 10 Meitheamh 2008, i gcás ina raibh socruithe dola i bhfeidhm ar an 10 Meitheamh 2008, nó a cuireadh i gcrích tráth nach faide siar ná 30 bliain sular bunaíodh aon socruithe nua dolaí a tugadh isteach tar éis an 10 Meitheamh 2008;
(c)
bonneagar nó feabhsuithe ar bhonneagar a cuireadh i gcrích roimh an 10 Meitheamh 2008 más rud é:
(i)go bhfuil córas dolaí curtha ar bun ag Ballstát lena ndéantar foráil maidir le haisghabháil na gcostas sin trí mheán conartha le hoibreoir córais dolaí, nó gníomhartha dlí eile a bhfuil an toradh céanna orthu, a tháinig i bhfeidhm roimh an 10 Meitheamh 2008, nó
(ii)gur féidir le Ballstát a léiriú go raibh an cás maidir le tógáil an bhonneagair i dtrácht ag brath ar shaolré níos faide ná 30 bliain a bheith ag dearadh an bhonneagair sin
(3)ciallaíonn “costais mhaoiniúcháin” ús ar iasachtaí agus toradh ar aon mhaoiniú cothromais a íocann scairshealbhóirí;
(4)ciallaíonn “deisiúcháin shuntasacha struchtúracha” deisiúcháin struchtúracha cé is moite de na deisiúcháin sin nach dtéann chun sochair d’úsáideoirí bóithre a thuilleadh, go háirithe i gcás inar cuireadh dromchla nua ar bhóthar nó ina ndearnadh obair thógála eile san áit ina ndearnadh an obair dheisiúcháin;
(5)ciallaíonn “mótarbhealach” bóthar a dhéantar a dhearadh agus a thógáil go speisialta le haghaidh mótarthráchta, nach bhfónann do réadmhaoin atá i dteorainn leis, agus a chomhlíonann na critéir seo a leanas:
(a)tá sé feistithe, ach amháin ag pointí speisialta nó go sealadach, le carrbhealaí ar leith don trácht ó dhá threo, scartha óna chéile le stiall dealaithe nach bhfuil beartaithe le haghaidh tráchta, nó go heisceachtúil, trí mhodhanna eile;
(b)ní thrasnaíonn sé ar comhréidh le haon bhóthar, aon iarnród, aon trambhealach, aon raon rothar ná aon chosán;
(c)tá sé ainmnithe go sonrach mar mhótarbhealach;
(6)ciallaíonn “dola” suim shonraithe bunaithe ar an achar arna thaisteal ar bhonneagar ar leith agus ar an gcineál feithicle, a thugann a íoc cead d’fheithicil na bonneagair a úsáid, ina bhfuil muirear bonneagar agus, de réir an cháis, muirear brú tráchta nó muirear costas seachtrach nó iad araon;
(7)ciallaíonn “muirear bonneagair” muirear a thoibhítear chun aisghabháil a dhéanamh ar na costais arna dtabhú i mBallstát i dtaca le bonneagar a thógáil, a chothabháil, a oibriú agus a fhorbairt;
(8)ciallaíonn “muirear costas seachtrach” muirear a thoibhítear chun aisghabháil a dhéanamh ar na costais arna dtabhú i mBallstát i dtaca le truailliú aeir nó truailliú torainn de dheasca tráchta nó iad araon;
(9)
ciallaíonn “brú tráchta” cás ina bhfuil méideanna tráchta i bhfoisceacht acmhainn na mbóithre nó os a cionn;
(10)ciallaíonn “muirear brú tráchta” muirear a thoibhítear ar fheithiclí chun aisghabháil a dhéanamh ar na costais brú tráchta arna dtabhú i mBallstát agus brú tráchta a laghdú;
(11)ciallaíonn “costas an truaillithe aeir de dheasca tráchta” costas an damáiste a tharlaíonn de dheasca ábhar cáithníneach agus réamhtheachtaithe ózóin, amhail ocsaíd nítrigine agus comhdhúile so-ghalaithe orgánacha, a bheith á scaoileadh san aer le linn d’fheithicil a bheith in úsáid;
(12)ciallaíonn “costas an truaillithe torainn de dheasca tráchta” costas an damáiste a tharlaíonn de dheasca an torainn a astaíonn feithiclí nó a chruthaítear de bharr a nidirghníomhaíocht le dromchla an bhóthair;
(13)ciallaíonn “meánmhuirear ualaithe bonneagair” ioncam iomlán an mhuirir bonneagair le linn tréimhse áirithe, roinnte ar líon na gciliméadar feithicle tromshaothair arna thaisteal ar na codanna den bhóthar atá faoi réir an mhuirir le linn na tréimhse sin;
(14)ciallaíonn “muirear ar úsáideoir” suim shonraithe a íoctar chun go mbeidh cead ag feithicil na bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2) a úsáid le linn tréimhse ar leith;
(15)ciallaíonn “feithicil” mótarfheithicil, a bhfuil ceithre roth nó níos mó fúithi, nó feithicil altach atá ceaptha lena húsáid nó a úsáidtear chun paisinéirí nó earraí a iompar de bhóthar;
(16)
ciallaíonn “feithicil tromshaothair” feithicil earraí troma nó cóiste nó bus;
(17)
ciallaíonn “feithicil earraí troma” feithicil atá ceaptha lena húsáid chun earraí a iompar agus a bhfuil a huasmhais incheadaithe os cionn 3.5 tona;
(18)
ciallaíonn “cóiste nó bus” feithicil atá ceaptha lena húsáid chun níos mó ná ochtar paisinéirí, le cois an tiománaí, a iompar agus ar mó ná 3.5 tona a huasmhais incheadaithe;
(19)
ciallaíonn “feithicil saothair éadroim” gluaisteán paisinéirí, mionbhus nó veain;
(20)
ciallaíonn “gluaisteán paisinéirí” feithicil a bhfuil ceithre roth fúithi atá ceaptha lena húsáid chun paisinéirí a iompar ach nach mó ná ochtar paisinéirí a líon, le cois an tiománaí;
(21)ciallaíonn “mionbhus” feithicil atá ceaptha lena húsáid chun níos mó ná ochtar paisinéirí, le cois an tiománaí, a iompar agus nach mó ná 3.5 tona a huasmhais incheadaithe;
(22)ciallaíonn “veain” feithicil atá ceaptha lena húsáid chun earraí a iompar, agus nach mó ná 3.5 tona a huasmhais incheadaithe;
(23)
ciallaíonn “feithicil saor ó astaíochtaí” feithicil nach sceitheann astaíochtaí;
(24)ciallaíonn “oibreoir iompair” aon ghnóthas a iompraíonn earraí nó paisinéirí de bhóthar;
(25)ciallaíonn “feithicil den chatagóir ‘EURO 0’, ‘EURO I’, ‘EURO II’, ‘EURO III’, ‘EURO IV’, ‘EURO V’, ‘EURO VI’” feithicil tromshaothair a chomhlíonann na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn 0;
(26)ciallaíonn “cineál feithicle” catagóir na feithicle tromshaothair de réir líon na nacastóirí atá aici, a toisí nó a meáchain, nó tosca eile aicmithe feithicle a léiríonn damáiste bóthair, e.g. an córas aicmithe damáiste bóthair a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, ar choinníoll go bhfuil an córas aicmithe bunaithe ar thréithe feithicle a luaitear sna doiciméid feithicle a úsáidtear i ngach Ballstát nó is léir ó amharc;
(27)ciallaíonn “conradh lamháltais” “conradh oibreacha poiblí” mar a shainmhínítear in Airteagal 1 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(28)ciallaíonn “dola lamháltais” dola a thoibhíonn lamháltóir faoi chonradh lamháltais;
(29)
ciallaíonn “socrú dola nó muirearaithe arna leasú go substaintiúil” socrú dola nó muirearaithe, a rinneadh a leasú sa dóigh go ndéantar difear 5 % ar a laghad do chostais nó ioncaim i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, tar éis a oiriúnaithe de réir boilsciú arna thomhas de réir athruithe ar an Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna uile-Aontais do Thomhaltóirí, seachas fuinneamh agus bia neamhphróiseáilte, arna fhoilsiú ag an gCoimisiún (Eurostat).
Chun críocha phointe 2:
(a) ar aon chuma, ní rachaidh an sciar de na costais tógála atá le cur san áireamh thar an sciar den saolré reatha atá ceaptha a bheith ag na comhpháirteanna bonneagair atá le bheith ag feidhmiú fós an 10 Meitheamh 2008 nó ar an dáta a thabharfar isteach na socruithe nua dolaí, más dáta níos déanaí ná sin é;
(b) ar na costais a bhaineann le bonneagar nó feabhsuithe ar bhonneagar, féadfar a áireamh aon chaiteachas sonrach ar bhonneagar a bhfuil sé mar aidhm aige núis i ngeall ar thorann a laghdú nó an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus íocaíochtaí iarbhír a dhéanann oibreoir bonneagair i dtaca le heilimintí oibiachtúla comhshaoil amhail cosaint i gcoinne éilliú ithreach;
_______________
*
Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1.)
**
Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena naisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65)";
(3)Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Airteagal 7:
“Airteagal 7
1.
Gan dochar do mhír 1(a) d’Airteagal 9, féadfaidh na Ballstáit dolaí agus muirir ar úsáideoir a choinneáil nó a thabhairt isteach ar an ngréasán bóithre tras-Eorpach nó ar chodanna ar leith den ghréasán sin, agus ar chodanna eile dá ngréasán mótarbhealaí nach cuid den ghréasán bóithre tras-Eorpach iad faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 go mír 9 den Airteagal seo agus in Airteagail 7a go 7k.
2.
Beidh mír 1 gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit, i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, dolaí agus muirir ar úsáideoir a chur i bhfeidhm ar bhóithre eile, ar choinníoll nach ndéanfaidh forchur na ndolaí agus na muirear ar úsáideoir ar bhóithre eile den sórt sin idirdhealú i gcoinne trácht idirnáisiúnta agus nach saobhfaidh sé cúrsaí iomaíochta idir oibreoirí. Comhlíonfaidh na dolaí agus na muirir ar úsáideoir a ghearrtar ar bhóithre nach bóithre ar cuid den ghréasán bóithre tras-Eorpach iad agus nach mótarbhealaí iad, comhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo, Airteagal 7a agus Airteagal 7j(1), (2) agus (4).
3.
Ní fhorchuirfidh na Ballstáit dolaí agus muirir ar úsáideoir ar aon chatagóir ar leith feithicle as cuid aonair de bhóthar a úsáid. Dá ainneoin sin, féadfaidh Ballstát a fhorchuireann muirear ar úsáideoir ar an ngréasán atá aige, féadfaidh sé dolaí a fhorchur freisin as droichid, tolláin agus mámanna sléibhe a úsáid.
4.
Leis na dolaí agus na muirir ar úsáideoir ní dhéanfar idirdhealú, go díreach ná go hindíreach, ar bhonn náisiúntacht an úsáideora bóithre, ar bhonn Bhallstát nó thríú tír bunaíochta an oibreora iompair nó chlárú na feithicle, ná ar bhonn thionscnamh nó cheann scríbe na hoibríochta iompair.
5.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rátaí dola nó muirir ar úsáideoir a laghdú, nó díolúintí ón oibleagáid dolaí nó muirir ar úsáideoir a íoc ar fheithiclí atá díolmhaithe ón gceanglas trealamh taifeadta a shuiteáil agus a úsáid faoi Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, agus i gcásanna a chumhdaítear leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(2)(a), (b) agus (c) den Treoir seo.
6.
Gan dochar do mhír 9, ón 1 Eanáir 2018 amach, ní thabharfaidh na Ballstáit isteach muirir ar úsáideoir le haghaidh feithiclí tromshaothair. Féadfar muirir ar úsáideoir a tugadh isteach roimh an dáta sin a choimeád go dtí an 31 Nollaig 2025.
7.
Ón [an dáta a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm] amach, ní thabharfaidh na Ballstáit isteach muirir ar úsáideoir le haghaidh feithiclí saothair éadroim. Muirir ar úsáideoirí a tugadh isteach roimh an dáta sin, cuirfear deireadh leo de réir a chéile faoin 31 Nollaig 2027.
8.
Go dtí an 31 Nollaig 2019, maidir le feithiclí tromshaothair, féadfaidh Ballstát an rogha a dhéanamh dolaí nó muirir ar úsáideoir a ghearradh ar fheithiclí ag a bhfuil uasmheáchan ualaithe incheadaithe 12 thona ar a laghad, agus ar na feithiclí sin amháin, má mheasann sé go bhféadfadh a bheith mar thoradh ar na dolaí nó na muirir ar úsáideoir a ghearradh ar fheithiclí atá faoi bhun 12 thona aon cheann díobh seo, le cois nithe eile:
(a)
tionchar díobhálach suntasach ar shaorghluaiseacht tráchta, ar an gcomhshaol, ar leibhéil torainn, ar bhrú tráchta, ar an tsláinte, nó ar an tsábháilteacht ar bhóithre de bharr atreorú tráchta;
(b)
costais riaracháin níos mó ná 30 % den ioncam breise a ghinfí mar thoradh ar na dolaí nó na muirir ar úsáideoir a ghearradh ar fheithiclí atá faoi bhun 12 thona.
Na Ballstáit a roghnóidh dolaí nó muirir ar úsáideoir a ghearradh ar fheithiclí ag a bhfuil uasmheáchan ualaithe incheadaithe 12 thona ar a laghad, agus ar na feithiclí sin amháin, cuirfidh siad an cinneadh sin, maille leis na cúiseanna atá leis, in iúl don Choimisiún.
9.
Na dolaí agus na muirir ar úsáideoir a ghearrtar ar fheithiclí tromshaothair, gearrfar iad ar gach feithicil tromshaothair ón 1 Eanáir 2020 amach.
10.
Féadfar dolaí agus muirir ar úsáideoir a ghearrtar ar fheithiclí tromshaothair ar thaobh amháin agus ar fheithiclí saothair éadroim ar an taobh eile a thabhairt isteach nó a choimeád neamhspleách ar a chéile.
___________
*
Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1.)”;
(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7a:
“Airteagal 7a
1.
Beidh na muirir ar úsáideoir comhréireach le fad na tréimhse ina mbainfear úsáid as an mbonneagar.
2.
A mhéid a ghearrtar muirir ar úsáideoir i dtaca le feithiclí tromshaothair, cuirfear úsáid an bhonneagair ar fáil le linn na dtréimhsí ama seo a leanas ar a laghad: lá, seachtain, mí, agus bliain. Ní bheidh an ráta míosúil níos mó ná 10 % den ráta bliantúil, ní bheidh an ráta seachtainiúil níos mó ná 5 % den ráta bliantúil agus ní bheidh an ráta laethúil níos mó ná 2 % den ráta bliantúil.
Ní fhéadfaidh Ballstát ach rátaí bliantúla a chur i bhfeidhm i gcás feithiclí a chláraítear sa Bhallstát sin.
Socróidh na Ballstáit muirir ar úsáideoir, lena náirítear costais riaracháin, le haghaidh gach catagóire feithicle tromshaothair, ar ráta nach mó ná na huasrátaí a leagtar síos in Iarscríbhinn II.
3.
A mhéid a ghearrtar muirir ar úsáideoir i dtaca le gluaisteáin paisinéirí, cuirfear úsáid an bhonneagair ar fáil le linn na dtréimhsí ama seo a leanas ar a laghad: 10 lá, mí nó dhá mhí nó iad araon, agus bliain. Ní bheidh an ráta dhá mhí níos mó ná 30 % den ráta bliantúil, ní bheidh an ráta míosúil níos mó ná 18 % den ráta bliantúil agus ní bheidh an ráta 10 lá níos mó ná 8 % den ráta bliantúil.
Cuirfidh na Ballstáit úsáid an bhonneagair ar fáil le linn tréimhsí ama eile. Sna cásanna sin, gearrfaidh na Ballstáit rátaí i gcomhréir le prionsabal na córa comhionainne idir úsáideoirí, ag cur san áireamh na dtosca ábhartha uile, go háirithe an ráta bliantúil agus na rátaí a ghearrtar le linn na dtréimhsí ama eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír, na patrúin úsáide atá ann agus na costais riaracháin.
Maidir le scéimeanna muirir ar úsáideoir a ghlacfar roimh an 31 Bealtaine 2017, féadfaidh na Ballstáit rátaí os cionn na dteorainneacha a leagtar síos sa chéad fhomhír a choimeád, ar rátaí iad a bhí i bhfeidhm roimh an dáta sin, agus rátaí comhfhreagracha níos airde le linn tréimhsí eile úsáide, i gcomhréir le prionsabal na córa comhionainne. Dá ainneoin sin, cloífidh siad leis na teorainneacha a leagtar amach sa chéad fhomhír agus leis an dara fomhír chomh maith a luaithe a thiocfaidh socruithe dola nó muirearaithe atá leasaithe go substaintiúil i bhfeidhm agus, ar a laghad, ón 1 Eanáir 2024 amach.
4.
I gcás mionbhusanna agus veaineanna, cloífidh na Ballstáit le mír 2 nó mír 3. Dá ainneoin sin, socróidh na Ballstáit muirir níos airde le haghaidh mionbhusanna agus veaineanna ná gluaisteáin paisinéirí ón 1 Eanáir 2024 ar a dhéanaí.”;
(5)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7c:
“Airteagal 7c
1.
Féadfaidh na Ballstáit muirear costas seachtrach a choimeád nó a thabhairt isteach a bhaineann leis an gcostas maidir le truailliú aeir nó truailliú torainn de dheasca tráchta nó leo araon.
I gcás feithiclí tromshaothair, tiocfaidh athrú ar an muirear costas seachtrach agus socrófar é i gcomhréir leis na híoscheanglais agus na modhanna a shonraítear in Iarscríbhinn IIIa agus urramóidh sé na luachanna tagartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IIIb.
2.
Bainfidh na costais a chuirfear san áireamh leis an ngréasán nó leis an gcuid den ghréasán ar a dtoibhítear na muirir costas seachtrach agus leis na feithiclí a thagann faoina réir. Féadfaidh na Ballstáit an rogha a dhéanamh gan ach céatadán de na costais sin a aisghabháil.
3.
Ní ghearrfar an muirear costas seachtrach a bhaineann le truailliú aeir de dheasca tráchta ar fheithiclí tromshaothair a chomhlíonann na caighdeáin astaíochtaí EURO Is déine.
Ní bheidh feidhm leis an gcéad fhomhír ceithre bliana ón dáta tráth a tháinig na rialacha i bhfeidhm lenar tugadh isteach na caighdeáin sin.
4.
Socróidh an Ballstát lena mbaineann suim an mhuirir costas seachtrach. Má ainmníonn Ballstát údarás chun na críche sin, beidh an túdarás neamhspleách, ar bhonn dlíthiúil agus airgeadais, ar an eagraíocht a mbíonn sé de chúram uirthi cuid den mhuirear nó é ar fad a bhainistiú nó a bhailiú.
5.
Ón 1 Eanáir 2021, gearrfaidh Ballstáit a thoibhíonn muirear costas seachtrach ar fheithiclí tromshaothair ar chuid den ghréasán ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 7(1) i gcás inar mó an damáiste don chomhshaol a ghineann feithiclí tromshaothair ná an damáiste meánach don chomhshaol a ghineann feithiclí tromshaothair a shainmhínítear i gcomhréir le ceanglais iomchuí um thuairisciú dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIIa.”;
(6)Cuirtear isteach an tAirteagal 7da seo a leanas:
“Airteagal 7da
1.
Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn V, muirear brú tráchta a thabhairt isteach ar aon chuid dá ngréasán bóithre ar a mbíonn brú tráchta. Ní fhéadfar an muirear brú tráchta a ghearradh ach ar na codanna sin den bhóthar ar a mbíonn brú tráchta go tráthrialta agus le linn na dtréimhsí ina mbíonn na bóithre sin faoi bhrú tráchta go hiondúil amháin.
2.
Déanfaidh na Ballstáit na codanna den bhóthar agus na tréimhsí ama dá dtagraítear i mír 1 a shainiú ar bhonn critéir oibiachtúla maidir le leibhéal neamhchosanta na mbóithre agus a gcomharsanachta ar an mbrú tráchta, amhail moilleanna meánacha agus faid na scuainí.
3.
Déanfar muirear brú tráchta ar aon chuid den ghréasán bóithre a chur i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach i gcás gach catagóire feithiclí, i gcomhréir leis na tosca coibhéise caighdeánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn V.
4.
Léireoidh an muirear brú tráchta na costais a fhorchuireann feithicil ar úsáideoirí eile bóithre, agus go hindíreach ar an tsochaí, ach ní sháróidh sé na huasleibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI i gcás aon chineál bóthair ar leith.
5.
Cuirfidh na Ballstáit sásraí leordhóthanacha i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na muirear brú tráchta agus chun leibhéal an bhrú tráchta a athbhreithniú. Déanfaidh siad athbhreithniú ar leibhéal na muirear go tráthrialta, ar a laghad gach trí bliana, chun a áirithiú nach airde iad ná an costas a bhaineann leis an mbrú tráchta sa Bhallstát sin agus a ghintear ar na codanna sin den bhóthar ar a bhfuil muirear brú tráchta.”;
(7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7f agus Airteagal 7g:
“Airteagal 7f
1.
Tar éis é a chur in iúl don Choimisiún, féadfaidh Ballstát marcáil suas a chur leis an muirear bonneagair a thoibhítear ar chodanna sonracha de bóthar ar a mbíonn brú tráchta, nó arb é a núsáid ag feithiclí is cúis le damáiste suntasach don chomhshaol, ar choinníoll:
(a)
go ninfheisteofar an tioncam a ghinfear ón marcáil suas i dtógáil bonneagair iompair an chroíghréasáin arna shainaithint i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, a chuidíonn go díreach chun an brú tráchta nó an damáiste don chomhshaol a laghdú agus atá suite sa chonair chéanna leis an gcuid den bhóthar ina gcuirfear an mharcáil suas i bhfeidhm;
(b)
nach sáróidh an mharcáil suas 15 % den mheánmhuirear ualaithe bonneagair a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 7b(1) agus Airteagal 7e, ach amháin i gcás ina ninfheisteofar an tioncam a ghinfear i gcodanna trasteorann de chonairí croíghréasáin, agus sa chás sin ní ceadmhach an mharcáil suas a bheith níos mó ná 25 %;
(c)
nach mbeidh mar thoradh ar an marcáil suas go gcaithfear go héagórach le trácht tráchtála le hais úsáideoirí eile bóithre;
(d)
go gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin, sula gcuirfear an mharcáil suas i bhfeidhm, tuairisc ar an suíomh beacht ina mbeidh an mharcáil suas i bhfeidhm agus fianaise maidir leis an gcinneadh tógáil na gconairí croíghréasáin dá dtagraítear i bpointe (a) a mhaoiniú;
(e)
go saineofar agus go dteorannófar roimh ré an tréimhse a mbeidh an mharcáil suas i bhfeidhm lena linn agus go mbeidh an tréimhse sin comhréireach, ó thaobh an ioncaim atáthar ag súil a bhaileofar, leis na pleananna airgeadais agus an anailís costais agus tairbhe do na tionscadail a chómhaoineofar leis an ioncam ón marcáil suas.
1a. I gcás tionscadail trasteorann nua, ní fhéadfar marcáil suas a chur leo ach amháin má thoilíonn gach Ballstát atá rannpháirteach sa tionscadal leis sin.
2.
Féadfar marcáil suas a chur i bhfeidhm ar mhuirear bonneagair a athraíodh i gcomhréir le hAirteagal 7g nó 7ga.
3.
Tar éis an fhaisnéis is gá a fháil ón mBallstát a bhfuil sé beartaithe aige marcáil suas a chur i bhfeidhm, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do bhaill an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 9c. I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíonann an mharcáil suas atá beartaithe na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, nó i gcás ina measann sé go mbeidh tionchar díobhálach suntasach ag an marcáil suas atá beartaithe ar fhorbairt eacnamaíoch na réigiún forimeallach, féadfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na pleananna maidir le muirir arna dtíolacadh ag an mBallstát lena mbaineann a dhiúltú nó a iarraidh go ndéanfar na pleananna a leasú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 9c(2).
4.
Déanfar suim na marcála suas a bhaint de shuim an mhuirir costas seachtrach a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 7c, ach amháin i gcás feithiclí a bhaineann leis na haicmí astaíochtaí EURO 0, EURO I agus EURO II ón 15 Deireadh Fómhair 2011 amach, EURO III agus EURO IV ón 1 Eanáir 2015 amach, EURO V ón 1 Eanáir 2019 amach, agus EURO VI ó Eanáir 2023 amach. Infheisteofar na hioncaim sin uile a ghinfear de bharr chur i bhfeidhm comhuaineach na marcála suas agus na muirear costas seachtrach chun maoiniú a dhéanamh ar thógáil conairí croíghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.
5.
Ní fhéadfar marcáil suas a chur i bhfeidhm ar chodanna bóthair i gcás ina gcuirtear muirear brú tráchta i bhfeidhm.
Airteagal 7 g
1.
Go dtí an 31 Nollaig 2021, féadfar an muirear bonneagair a athrú chun an brú tráchta a laghdú, an damáiste don bhonneagar a íoslaghdú agus an úsáid a bhaintear as an mbonneagar lena mbaineann a bharrfheabhsú nó sábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn, ar choinníoll:
(a)go mbeidh an tathrú trédhearcach, go gcuirfear in iúl don phobal é agus go gcuirfear ar fáil do gach úsáideoir é ar théarmaí comhionanna;
(b)go gcuirfear an tathrú i bhfeidhm de réir am an lae, de réir chineál an lae nó an tséasúir;
(c)nach mó aon mhuirear bonneagair ná 175 % os cionn uasleibhéal an mheánmhuirir ualaithe bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 7b;
(d)nach ngabhfaidh na buaicthréimhsí a dtoibheofar muirir bhonneagair níos airde lena linn chun an brú tráchta a laghdú, nach ngabhfaidh siad thar cúig huaire in aghaidh an lae;
(e)go ndéanfar an tathrú a cheapadh agus a chur i bhfeidhm ar dhóigh atá trédhearcach agus neodrach ó thaobh ioncaim de ar chuid de bhóthar ar a mbíonn brú tráchta, trí rátaí dola laghdaithe a thairiscint do tharlóirí a thaistealaíonn le linn tréimhsí seachbhuaice agus rátaí dola méadaithe do tharlóirí a thaistealaíonn le linn buaicthréimhsí ar an gcuid chéanna den bhóthar.
Ballstát ar mian leis athrú den sórt sin a thabhairt isteach nó an cleachtas atá ann cheana a athrú, cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún agus cuirfidh sé ar fáil dó an fhaisnéis is gá chun a mheasúnú an gcomhlíontar na coinníollacha.
2.
Go dtí an 31 Nollaig 2020, i ndáil le feithiclí tromshaothair, athróidh na Ballstáit an muirear bonneagair de réir aicme astaíochtaí EURO na feithicle sa chaoi nach mó aon mhuirear bonneagair ná 100 % os cionn an mhuirir chéanna ar fheithiclí comhionanna a chomhlíonann na caighdeáin astaíochtaí is déine. Díolmhófar conarthaí lamháltais atá ann cheana ón gceanglas sin go dtí go ndéanfar an conradh a athnuachan.
Mar sin féin, féadfaidh Ballstát maolú a thabhairt ón gceanglas an muirear bonneagair a athrú más rud é:
(i)go mbainfeadh sé an bonn ó chomhleanúnachas na gcóras dolaí ar a chríoch;
(ii)nach mbeadh sé praiticiúil go teicniúil difreáil den sórt sin a thabhairt isteach sa chóras dolaí lena mbaineann;
(iii)go bhfágfadh sé sin go ndéanfaí na feithiclí is mó truailliú a atreorú agus go mbeadh tionchar díobhálach aige sin ar shábháilteacht ar bhóithre agus ar an tsláinte phoiblí dá bharr;
(iv)go bhfuil muirear costas seachtrach ina chuid den dola.
Tabharfar fógra don Choimisiún faoi aon mhaolú nó díolmhú den sórt sin.
3.
I gcás ina ndéanfar seiceáil, mura féidir le tiománaí nó, más iomchuí, leis an oibreoir iompair, na doiciméid feithicle a thaispeáint is gá chun fíorú a dhéanamh ar aicme astaíochtaí na feithicle chun críocha mhír 2, féadfaidh na Ballstáit dolaí a ghearradh suas go dtí an leibhéal inmhuirearaithe is airde.
4.
Faoi cheann bliain amháin tar éis don Choimisiún na sonraí oifigiúla astaíochta CO2 a fhoilsiú de bhun Rialachán (AE) .../...*****, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 9e, chun luachanna tagartha na nastaíochtaí CO2 a shainmhíniú, mar aon le haicmiú iomchuí na bhfeithiclí tromshaothair lena mbaineann.
Faoi cheann bliain amháin ó theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe, athróidh na Ballstáit an muirear bonneagair agus luachanna tagartha na nastaíochtaí CO2 agus aicmiú ábhartha na feithicle á gcur san áireamh acu. Athrófar na muirir sa chaoi nach mó aon mhuirear bonneagair ná 100 % os cionn an mhuirir chéanna ar fheithiclí comhionanna a sceitheann na hastaíochtaí CO2 is ísle, cé go sceitheann siad roinnt astaíochtaí CO2. Tairbheoidh feithiclí atá saor ó astaíochtaí de mhuirir bhonneagair arna laghdú 75 % i gcomparáid leis an ráta is airde.
5.Ní cheapfar na hathruithe dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 4 chun ioncam dola breise a ghiniúint. Déanfar aon mhéadú neamhbheartaithe ar ioncam a fhrithchothromú trí bhíthin struchtúr an athraithe a mhodhnú, rud chuirfear chun feidhme faoi cheann dhá bhliain ó dheireadh na bliana cuntasaíochta ina nginfear an tioncam breise.
____________
***** Rialachán (AE) .../... ón gCoimisiún an XXX lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 595/2009 maidir le deimhniú na nastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L …, …, lch....).”;
(8)cuirtear isteach an tAirteagal 7ga seo a leanas:
“Airteagal 7ga
1.
Maidir le feithiclí saothair éadroim, go dtí an 31 Nollaig 2021, féadfaidh na Ballstáit dolaí agus muirir ar úsáideoir a athrú de réir fheidhmíocht chomhshaoil na feithicle.
2.
Ón 1 Eanáir 2022 amach, athróidh na Ballstáit dolaí agus, i gcás muirir ar úsáideoir, muirir bhliantúla ar a laghad, de réir astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán as feithiclí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
3.
I gcás ina ndéanfar seiceáil, mura féidir le tiománaí nó, más iomchuí, leis an oibreoir iompair, na doiciméid feithicle a thaispeáint is gá chun fíorú a dhéanamh ar leibhéil astaíochtaí na feithicle (Deimhniú Comhréireachta) de bhun Rialachán (AE) …/… ón gCoimisiún******, féadfaidh na Ballstáit dolaí a ghearradh suas go dtí an leibhéal inmhuirearaithe is airde.
4.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9e lena leasaítear Iarscríbhinn VII chun na módúlachtaí a shonraítear san Iarscríbhinn a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.
_____________
****** Rialachán (AE) 2017/XXX ón gCoimisiún an XXX lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 (IO L XXX) agus Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, mar aon leis na córais, na comhpháirteanna agus na haonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1.)”;
(9)Leasaítear Airteagal 7h mar seo a leanas:
(a)
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
“Ar a laghad sé mhí sula gcuirfear chun feidhme socrú dolaí maidir le muirear bonneagair, ar socrú nua nó socrú atá leasaithe go substaintiúil é, cuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún:”;
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3.
Sula gcuirfear chun feidhme socrú dolaí maidir le muirear costas seachtrach, ar socrú nua nó socrú atá leasaithe go substaintiúil é, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin ngréasán lena mbaineann, na rátaí a bhfuiltear ag súil leo in aghaidh na catagóire feithicle agus na haicme astaíochtaí.”;
(c)
scriostar mír 4;
(10)Leasaítear Airteagal 7i mar seo a leanas:
(a)
i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) agus phointe (c):
“(b)léireoidh lascainí nó laghduithe den sórt sin coigilteas iarbhír ar chostais riaracháin sa dóigh a gcaitear le húsáideoirí rialta le hais úsáideoirí ócáideacha;
(c) ní sháróidh na lascainí nó na laghduithe sin 13 % den mhuirear bonneagair a íocfaidh feithiclí comhionanna nach bhfuil i dteideal lascaine nó laghdú.”;
(b)leasaítear mír 3 mar seo a leanas:
“3.Faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 7g(1)(b) agus (5), féadfaidh rátaí dola, i ndáil le tionscadail ar leith a bhfuil leas mór iontu don Eoraip arna sainaithint in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, féadfaidh siad a bheith faoi réir bealaí eile leis na rátaí a athrú chun inmharthanacht tráchtála na dtionscadal sin a áirithiú i gcás ina bhfágtar gan chosaint iad ar iomaíocht dhíreach le modhanna eile iompair. Beidh an struchtúr muirear a bheidh ann dá bharr líneach, comhréireach, curtha in iúl don phobal agus curtha ar fáil do gach úsáideoir ar théarmaí comhionanna agus ní bheidh mar thoradh air go ngearrfar costais bhreise ar úsáideoirí eile i bhfoirm dolaí níos airde.”;
(11)Leasaítear Airteagal 7j mar seo a leanas:
(a)
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
Chuige sin, oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile chun modhanna a chur ar bun chun go bhféadfaidh úsáideoirí bóithre dolaí agus muirir ar úsáideoir a íoc 24 huaire in aghaidh an lae, sna mór-ionaid díola ar a laghad, agus modhanna íocaíochta comónta á núsáid acu, laistigh agus lasmuigh de na Ballstáit ina gcuirtear i bhfeidhm iad.”;
(b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3.
I gcás ina dtoibheoidh Ballstát dola ar fheithicil, léireofar suim iomlán an dola, suim an mhuirir bonneagair, suim an mhuirir costas seachtrach, agus suim an mhuirir brú tráchta, i gcás ina ngearrfar é, in admháil a thabharfar don úsáideoir bóithre, i gcás inar féidir é i bhfoirm leictreonach.”;
(c)
i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
“I gcás inarb indéanta go heacnamaíoch, toibheoidh agus baileoidh na Ballstáit muirir costas seachtrach agus muirir brú tráchta trí bhíthin córas leictreonach a chomhlíonann ceanglais Airteagal 2(1) de Threoir 2004/52/CE.”;
(12)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7k:
“Airteagal 7k
Gan dochar d’Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní dhéanann an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát a thugann isteach córas dolaí chun cúiteamh iomchuí a sholáthar.”;
(13)in Airteagal 8, leasaítear mír 2 mar seo a leanas:
(a)
i bpointe (a), cuirtear an tagairt do “Airteagal 7a” in ionad na tagartha do “Airteagal 7(7)”;
(b)
i bpointe (b), cuirtear na focail “agus (2)” isteach tar éis “Airteagal 7(1)”;
(14)Leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:
(a)
i mír 2, scriostar an dara fomhír;
(b)
cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:
“3. Úsáidfear na hioncaim a ghinfear ó mhuirir brú tráchta, nó a gcoibhéis i luach airgeadais na nioncam sin, chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb an bhrú tráchta, trí na nithe seo a leanas go háirithe a dhéanamh:
(a) tacú le bonneagar agus seirbhísí iompair chomhchoitinn;
(b) deireadh a chur le scrogaill tráchta ar an ngréasán tras-Eorpach iompair;
(c) bonneagar eile a fhorbairt d’úsáideoirí iompair.”;
(15)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9d agus Airteagal 9e:
“Airteagal 9d
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9e chun Iarscríbhinn 0, na suimeanna i dTábla 1 agus Tábla 2 in Iarscríbhinn IIIb, agus na foirmlí i roinn 4.1 agus roinn 4.2 d’Iarscríbhinn IIIa chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
Airteagal 9e
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7g(4), Airteagal 7ga(4) agus in Airteagal 9d a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7g(4), Airteagal 7ga(4) agus in Airteagal 9d a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 7g(4), Airteagal 7ga(4) agus agus Airteagal 9d, i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;
(16)Scriostar Airteagail 9f agus 9g;
(17)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10a:
“1.
Déanfar na suimeanna in euro a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus na suimeanna in cent a leagtar síos i dTábla 1 agus Tábla 2 in Iarscríbhinn IIIb a oiriúnú gach dhá bhliain chun athruithe ar an Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna uile-Aontais do Thomhaltóirí, seachas fuinneamh agus bia neamhphróiseáilte, arna fhoilsiú ag an gCoimisiún (Eurostat), a chur san áireamh. Déanfar an chéad oiriúnú faoin 31 Márta [an bhliain i ndiaidh dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Oiriúnófar na suimeanna go huathoibríoch, tríd an athrú céatadáin san innéacs sin a chur leis an mbunsuim in euro nó cent. Déanfar na suimeanna a bheidh ann mar thoradh air sin a shlánú suas go dtí an EURO Is gaire i dtaca le hIarscríbhinn II, go dtí an deichiú is gaire de cent i dtaca le Tábla 1 in Iarscríbhinn IIIb.
2. Faoi 31 Márta na bliana tar éis dheireadh dhá bhliain féilire dá dtagraítear i mír 1, foilseoidh an Coimisiún na suimeanna oiriúnaithe dá dtagraítear i mír 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh na suimeanna oiriúnaithe sin i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí tar éis a bhfoilsithe.”;
(18)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:
“Airteagal 11
1.
Gach bliain, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal tuarascáil i bhfoirm chomhiomlán maidir le dolaí agus muirir ar úsáideoir a thoibhítear ar a gcríocha féin, lena náirítear faisnéis maidir le húsáid ioncam agus caighdeán na mbóithre i gcás ina ngearrtar dolaí nó muirir ar úsáideoir, mar a shonraítear i mír 2 agus mír 3.
2.
Sa tuarascáil a chuirfear ar fáil don phobal de bhun mhír 1, áireofar faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)an meánmhuirear ualaithe costas seachtrach a thoibhítear i gcás gach teaglaim d’aicme feithicle, de chineál bóthair agus de thréimhse ama;
(b)an tathrú ar mhuirir bhonneagair de réir chineál na bhfeithiclí;
(c)an meánmhuirear ualaithe costas bonneagair agus an tioncam iomlán a thiomsaítear leis an muirear bonneagair, lena sonraítear aon diallas féideartha i gcomparáid le costais bhonneagair iarbhír a eascraíonn ó athrú ar an muirear bonneagair;
(d)an tioncam iomlán a tiomsaíodh le muirir costas seachtrach;
(e)
an tioncam iomlán a tiomsaíodh le muirir brú tráchta;
(f)
an tioncam iomlán a tiomsaíodh le dolaí agus/nó muirir ar úsáideoir;
(g)
faisnéis maidir leis an úsáid a baineadh as ioncaim a gineadh trí chur i bhfeidhm na Treorach seo, agus maidir le conas a thug an úsáid sin deis don Bhallstát na spriocanna dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus (3) a bhaint amach;
(h)
measúnú, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, ar staid chothabhála an bhonneagair bóithre ar chríoch an Bhallstáit, agus an tathrú a tháinig air ó bhí an tuarascáil deiridh ann;
(i)measúnú ar leibhéal an bhrú tráchta le linn buaicthréimhsí ar an ngréasán ar a ngearrtar dolaí, bunaithe ar an mbreathnú a rinneadh ar thrácht san fhíorshaol ar líon ionadaíoch stráicí bóthair an ghréasáin lena mbaineann, agus an tathrú a tháinig air ó bhí an tuarascáil deiridh ann.
3.
Chun críche an mheasúnaithe ar chaighdeán na gcodanna sin den ghréasán bóithre ar a ngearrtar dolaí nó muirir ar úsáideoir, úsáidfidh na Ballstáit eochairtháscairí feidhmíochta. Ar a laghad, bainfidh na táscairí leis na nithe seo a leanas:
(a)
caighdeán dhromchla an bhóthair;
(b)
sábháilteacht ar bhóithre;
(c)
leibhéal an bhrú tráchta
4.Faoi cheann trí bliana tar éis [theacht i bhfeidhm na Treorach athbhreithnithe], glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 9c(2), chun tacar comhchuibhithe táscairí a shainiú.
5.
Faoi cheann sé bliana tar éis [theacht i bhfeidhm na Treorach athbhreithnithe], foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bunaithe ar chur i bhfeidhm na dtáscairí dá dtagraítear i mír 4 ag na Ballstáit.”;
(18) Leasaítear na hIarscríbhinní mar seo a leanas:
(a) Leasaítear Iarscríbhinní 0, IIIa, IIIb agus IV mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
(b) Cuirtear Iarscríbhinní V, Iarscríbhinn VI, agus Iarscríbhinn VII isteach mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin […] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán