AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,29.11.2016
COM(2016) 745 final
2016/0368(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
Lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2888/2000 agus(CE) Uimh. 685/2001
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
Is i gcomhthéacs chlár REFIT an Choimisiúin agus a thiomantais maidir le Rialáil Níos Fearr a dhéantar an moladh seo chun Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2888/2000 agus (CE) Uimh. 685/2001 a leasú. Is é is aidhm dó a áirithiú go mbeidh ann creat dlíthiúil ardchaighdeáin atá oiriúnach dá fheidhm, mar atá le fáil sa Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht níos Fearr. Chuige sin, tá an Coimisiún tar éis na Rialacháin seo, atá imithe i léig, a shainaithint lena n-aisghairm.
1.1.Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89 ón gComhairle
Bunaithe Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhí Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89 lenar tugadh isteach comhaontuithe maidir le feabhsuithe struchtúracha a chur ar earnáil na n-uiscebhealaí intíre i gcás na gcabhlach sin a fheidhmíonn ar ghréasán uiscebhealaí nasctha na Beilge, na Gearmáine, na Fraince, Lucsamburg, na hÍsiltíre agus na hOstaire.
Ba é aidhm an Rialacháin sin ró-acmhainn chabhlaigh sin na n-uiscebhealaí intíre a laghdú trí bhíthin scéimeanna lena ndiúscrófaí soithí arna chomhordú ar leibhéal an Chomhphobail. Mar a mhíníodh in Airteagal 8(1), bhí sé i gceist go mbeadh teorainn ama le feidhm Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89. Chuaigh sé as feidhm an 28 Aibreán 1999.
An 29 Márta 1999, glacadh Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a spreagadh chun a áirithiú go mbeadh fáil go fóill ar na huirlisí iomchuí ag earnáil iompair na n-uiscebhealaí intíre agus chun acmhainneacht an chabhlaigh a bhainistiú. Tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm an 29 Aibreán 1999 in áit Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89.
1.2.Rialachán (CE) Uimh. 2888/2000
Bunaithe ar Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhí Rialachán (CE) Uimh. 2888/2000 lenar leithdháileadh ar na Ballstáit cuótaí maidir leis na feithiclí earraí troma sin a tháinig isteach sa Chomhphobal as an Eilvéis sna blianta 2001 go 2004.
Faoi Airteagal 8 den
Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d'iarnród agus de bhóthar
, a síníodh an 21 Meitheamh 1999 agus a tháinig i bhfeidhm 1 Meitheamh 2002, rinneadh foráil maidir leis na cuótaí réamhráite i dtaca le feithiclí dar mheáchan iomlán idir 34 tona agus 40 tona mar shocruithe eatramhacha do na blianta 2001 go 2004.
I gcomhréir le hAirteagal 8(6) den Chomhaontú céanna, i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2005, gach feithicil a shásaigh caighdeáin theicniúla Threoir 96/53/CE (eadhon, feithiclí darb uasmheáchan 40 tona) "beidh díolúine aici, de bhun Airteagal 32, ó gach socrú cuóta nó údarúcháin."
Ó tharla nach gá, ó 2005 i leith, cuótaí a leithdháileadh ar na Ballstáit, tá Rialachán (CE) Uimh. 2888/2000 imithe i léig ionas gur cóir é a aisghairm.
1.1.Rialachán (CE) Uimh. 685/2001
Bunaithe ar Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhí Rialachán (CE) Uimh. 685/2001 lenar leagadh síos rialacha maidir le leithdháileadh a dhéanamh i measc na mBallstát ar údaruithe arna ndeonú don Chomhphobal de bhun Airteagal 6(2) de na comhaontuithe idir an Comhphobal Eorpach agus an Bhulgáir agus idir an Comhphobal Eorpach agus an Rómáin lenar leagadh síos coinníollacha áirithe i dtaca le hearraí a iompar de bhóthar agus leis an iompar comhcheangailte a chur chun cinn.
Tá an Rialachán sin anois as feidhm ó tharla an Bhulgáir agus an Rómáin ina mBallstáit de chuid an Aontais agus nach bhfuil siad faoi réir níos mó ag córas údarúcháin chun rochtain a fháil ar an margadh tarlaithe de bhóthar.
2.TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR
Neamhbhainteach
3.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA
Is é atá sa mholadh seo leasú ar Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 685/2001 agus(CE) Uimh. 2888/2000.
2016/0368 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
Lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2888/2000 agus(CE) Uimh. 685/2001
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Tá dearbhaithe ag Parlaimint na hEorpa, ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag an gCoimisiún Eorpach araon go bhfuil siad tiomanta dó an reachtaíocht atá sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 a nuashonrú agus a shimpliú.
(2)Chun líon an acquis reachtaigh a laghdú agus chun slacht a chur air, ní mór é a scrúdú go rialta agus aon reachtaíocht atá imithe i léig a shainaithint. Is maith mar a fhónann sé an reachtaíocht sin atá imithe i léig a aisghairm d’fhonn an creat dlíthiúil a choinneáil trédhearcach, soiléir agus so-inúsáidte do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile, agus sa chás seo, d’earnáil na dtarlaithe de bhóthar.
(3)Ghlac an Chomhairle Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89 i 1989. Deich mbliana dá éis sin, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 chun a áirithiú go mbeadh fáil ar feadh an ama ag earnáil iompair na n-uiscebhealaí intíre ar na huirlisí iomchuí agus chun acmhainneacht an chabhlaigh a bhainistiú. Ba ionann ábhar don Rialachán sin agus do Rialachán Uimh. (CEE) Uimh. 1101/89, ach nár aisghairmeadh an déanach.
(4)I gcomhréir le hAirteagal 8(6) den
Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hiompar earraí agus paisinéirí d'iarnród agus de bhóthar
, tá díolúine, ó 1 Eanáir 2005 i leith, i ndáil le socruithe cuóta nó údarúcháin ag gach feithicil a shásaíonn na caighdeáin theicniúla a leagtar amach sa Treoir ón gComhairle 96/53/EC. Dá bhrí sin, is ceart a mheas go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 2888/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceadanna a dháileadh ar fheithiclí earraí troma agus iad ag taisteal san Eilvéis, go bhfuil sé imithe i léig.
(5)Tar éis aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine don Aontas an 1 Eanáir 2007, níl gá feasta le Rialachán Uimh. 685/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar nach gá do na Ballstáit sin údarú a fháil chun earraí a iompar de bhóthar ná chun an t-iompar comhcheangailte a chur chun cinn.
(6)A thoradh sin gur ceart Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 685/2001 agus(CE) Uimh. 2888/2000 a leasú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1101/89 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2888/2000 agus(CE) Uimh. 685/2001.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán