Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0506

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród, i dtaca le sonraí faoi earraí, faoi phaisinéirí agus faoi thionóiscí a bhailiú

    COM/2016/0506 final - 2013/0297 (COD)

    An Bhruiséil,10.8.2016

    COM(2016) 506 final

    2013/0297(COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
    CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

    de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    maidir leis an

    seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród, i dtaca le sonraí faoi earraí, faoi phaisinéirí agus faoi thionóiscí a bhailiú

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


    2013/0297 (COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
    CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


    de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


    maidir leis an

    seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród, i dtaca le sonraí faoi earraí, faoi phaisinéirí agus faoi thionóiscí a bhailiú

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    1.Cúlra

    An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

    COM(2013) 611– 2013/297(COD)

    30 Lúnasa 2013

    Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:

    Neamhbhainteach

    Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

    11 Márta 2014

    An dáta a tíolacadh an togra leasaithe:

    Neamhbhainteach

    An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

    18 Iúil 2016

    2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

    Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún ná Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 1 a mhodhnú chun an creat reachtach atá ann faoi láthair maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le hiompar d’iarnród a thabhairt cothrom le dáta, a shimpliú agus a bharrfheabhsú agus chun é a ailíniú leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a mhéid a bhaineann le cumhachtaí tarmligthe agus le cumhachtaí cur chun feidhme.

    Leis an Rialachán atá beartaithe, thabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na sainmhínithe agus na tairseacha maidir le tuairisciú a oiriúnú, chun ábhar na nIarscríbhinní a leasú, agus chun an fhaisnéis atá le soláthar a shonrú.

    Lena chois sin, thabharfaí cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le sonrú na faisnéise atá le soláthar chun na tuarascálacha maidir le cáilíocht agus inchomparáideacht na dtorthaí a tháirgeadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 2 .

    3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

    3.1Tráchtanna ginearálta

    Tá an seasamh ón gComhairle, ar thaobh amháin, de réir an chomhaontaithe ar tháinig an Chomhairle, Coiste Iompair agus Turasóireachta Pharlaimint na hEorpa agus an Coimisiún air sa phlé trípháirteach an 24 Bealtaine 2016 agus, ar an taobh eile, de réir an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh nua maidir le Reachtóireacht Níos Fearr ar an 13 Aibreán 2016 3 .

    Teacht ar chomhthuiscint le Parlaimint na hEorpa maidir le roinnt na faisnéise idir Eurostat, an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid (ERA) 4 agus Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair (AS MOVE) trí Mheabhrán Comhthuisceana (MC) déthaobhach an tsaincheist ba mhó a chuir moill ar an gcomhad. 

    Thángthas ar chomhréiteach ar deireadh agus síníodh dhá mheabhrán, meabhrán amháin idir Eurostat agus AS MOVE agus meabhrán eile idir Eurostat agus ERA. Trí na meabhráin seo, tugadh an ráthaíocht do Pharlaimint na hEorpa go ndéanfar próiseáil ar na sonraí a d'iarr sí agus go gcuirfear ar fáil iad.

    Ní áirítear sa téacs aon tagairt shainráite do na meabhráin chomhthuisceana, ach tagraítear do “comhaontuithe comhair iomchuí maidir le gníomhaíochtaí staidrimh” i gceann de na haithrisí.

    Ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh an 18 Iúil 2016.

    Tá an seasamh ón gComhairle inghlactha don Choimisiún.

    3.2Tráchtanna maidir leis na leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa

    3.2.1.Leasuithe Pharlaimint na hEorpa atá san áireamh ina n-iomláine, i bpáirt nó i bprionsabal sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh

    Ghlac Parlaimint na hEorpa rún reachtach an 11 Márta 2014 inar moladh 23 leasú. Dhiúltaigh an Coimisiún don chuid is mó díobh, lena n-áirítear na hiarrataí ar athróga breise. Bhí Parlaimint na hEorpa den tuairim go háirithe gur cheart an bailiú sonraí a leathnú tuilleadh chun sonraí a bhaineann le bonneagar iarnróid a chur san áireamh, agus gur cheart go mbeadh athróga breise tomhais ann don staidreamh ar iompar paisinéirí, go háirithe i dtaca le naisc trasteorann ar mheas an Pharlaimint gur cheart iad a bheith ag croílár bheartas iompair an Aontais.

    3.2.2.Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa nach bhfuil san áireamh sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh

    Níor áiríodh sa seasamh ón gComhairle na príomhleasuithe a bhaineann le hathróga nua a chur leis an togra go sainráite.

    3.3Forálacha arna modhnú ag an seasamh ón gComhairle agus ón gCoimisiún

    Leis an aithris nua (3a), tugtar aghaidh ar an tsaincheist a bhaineann le tuilleadh sonraí a bhailiú sa chaoi gur féidir dúbailt oibre a sheachaint agus an úsáid is fearr a bhaint as an bhfaisnéis atá ann cheana. Sonraítear ann freisin gur “cheart comhaontuithe comhair iomchuí a bhunú maidir le gníomhaíochtaí staidrimh idir seirbhísí an Choimisiúin agus eintitis ábhartha, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta”.

    In Airteagal 3(2) tagraítear don chumhacht a thugtar don Choimisiún amháin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na sainmhínithe teicniúla atá ann cheana a oiriúnú agus sainmhínithe teicniúla nua a thabhairt isteach. Sonraítear ann freisin go n-áiritheoidh an Coimisiún, agus an chumhacht seo á feidhmiú aige, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Lena chois sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt cuí do na bearta dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais a bhaineann lena dtáirgeadh, dá dtagraítear in Airteagal 14(3) (c) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

    In ainneoin gur údar aiféala don Choimisiún an teorainn a chuirtear leis an gcumhachtú i gcomparáid leis an togra bunaidh, measann sé go bhfuil an fhoráil mar atá inghlactha mar sin féin de mheon theacht ar chomhaontú.

    Tugadh isteach dhá athrú bhreise:

    Cuireadh mír nua le hAirteagal 7 maidir le bearta cur chun feidhme atá le glacadh lena leagtar síos na socruithe maidir le scaipeadh na dtorthaí.

    Le hAirteagal nua 9 maidir le tuairisciú, foráiltear go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 faoin 31 Nollaig 2020, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin in ionad tuairisciú a dhéanamh aon uair amháin mar a shonraítear sa Rialachán atá ann faoi láthair.

    Tá an aithris chaighdeánach agus Airteagal 10 maidir le feidhmiú an tarmligin cumhachta i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    Tacaíonn an Coimisiún lena bhfuil thuas.

    4.Conclúid

    Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhréiteach ar thángthas air de bhrí go bhfuil sé an-chosúil leis an togra bunaidh ón gCoimisiún. Ina theannta sin, ní bheidh aon ualach breise ar tháirgeoirí sonraí dá bharr agus tá sé, dá bhrí sin, i gcomhréir leis an aidhm atá ann an creat reachtach atá ann faoi láthair maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le hiompar d’iarnród a shimpliú. Maidir le Rialachán (CE) Uimh 91/2003 a ailíniú le CFAE, in ainneoin roinnt srianta, fágann an comhréiteach go bhfuil cothromaíocht mhaith idir gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme. Sampla é an téacs den dóigh ar éirigh le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh nua maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    (1) Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d’iarnród (IO L 14, 21.1.2003, lch. 1).
    (2) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
    (3) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
    (4)
    Top