AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.6.2016
COM(2016) 434 final
2016/0198(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ina leagtar síos formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
COMHTHÉACS AN TOGRA
Is ó Ghníomhaíocht Chomhpháirteach (97/11/CGB) ón gComhairle, a glacadh i 1997, a eascraíonn dearadh an cheada cónaithe atá ann faoi láthair. In 2009 mheas na Ballstáit gur ghá dearadh nua a cheapadh do cheadanna cónaithe i ngeall ar bhrionnuithe díobh a bhí ní ba shofaisticiúla a bheith ag teacht ar an saol agus chinn siad gnéithe slándála ní ba nua-aimseartha a thabhairt isteach chun gnéithe slándála na gceadanna cónaithe a fheabhsú.
Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002, arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 380/2008, formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír. Ar an ábhar gur tugadh isteach gnéithe bithmhéadracha (íomhá den aghaidh agus méarloirg), éiríodh as an gcead cónaithe i bhfoirm greamáin a úsáid, agus ón 20 Bealtaine 2011 i leith cártaí amháin atá ceadaithe. Le linn na hidirbheartaíochta maidir le leasú 2008 ar an Rialachán lenar tugadh isteach gnéithe bithmhéadracha trí bhíthin slis éadadhaill a chur sa chead cónaithe, chuir roinnt de na Ballstáit in iúl gur mian leo slis tadhaill roghnach a chur ann freisin chun a n-úsáide náisiúnta féin ina gcuid ríomhsheirbhísí rialtais. Glacadh leis an moladh sin agus glacadh freisin le húsáid roghnach a bhaint as gnéithe slándála breise (náisiúnta).
Úsáidtear an cárta ceada cónaithe freisin in áit an cheada do thrácht teorann áitiúil agus in áit na gceadanna sonracha a eisíodh faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le himirce dhleathach.
Aonfhoirmeacht nó gnéithe slándála náisiúnta
Tá an Coimisiún i bhfabhar formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe, faoi mar atá ar an ngreamán víosa. D'fhágfadh sin go mbeadh an tsamhail (cárta) chéanna, an dearadh céanna agus na gnéithe slándála céanna i réim sna Ballstáit uile. Mar sin féin, nuair a cuireadh san áireamh na forbairtí teicniúla a baineadh amach i gcuid de na Ballstáit i réimse na ríomhsheirbhísí rialtais measadh gurbh iomchuí glacadh le slis tadhaill, thar mar a bhí beartaithe, ar chun críocha ríomhsheirbhísí rialtais í sna Ballstáit sin ar mhian leo na buntáistí céanna a bheith ag náisiúnaigh tríú tír agus atá ag a gcuid saoránach féin, cé gur tuigeadh go bhfágfadh sin an fhormáid a bheith 'neamh-aonfhoirmeach' go pointe áirithe, dá bhrí sin.
Sa chomhthéacs sin, cuireadh an abairt seo a leanas isteach faoi Iarscríbhinn I, 2(h) a ghabhann leis an Rialachán:
'Feadfaidh na Ballstáit gnéithe breise slándála náisiúnta a chur leis freisin, ar choinníoll go bhfuil siad sin áirithe sa liosta a bunaíodh faoi Airteagal 2(1)(f) den Rialachán seo agus ar choinníoll go gcloíonn siad leis an gcuma chomhchuibhithe atá ar na samhlacha seo a leanas agus nach laghdaítear éifeachtúlacht na ngnéithe slándála aonfhoirmeacha.'
Bunaíodh an liosta seo ina dhiaidh sin le Cinneadh C (2009) 3770 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2009. Liostaíodh ann gnéithe breise slándála a bhféadfadh na Ballstáit leas a bhaint astu dá mba rogha leo.
Ós rud é go bhféadfaí gnéithe breise slándála a roghnú agus a chur chun feidhme agus go bhféadfaí léirmhínithe éagsúla a bhaint as na sonraíochtaí teicniúla, ar sonraíochtaí iad nach bhfuil sonrach a ndóthain a thuilleadh i ngeall ar fhorbairtí teicniúla, ba mhór idir na ceadanna cónaithe a bhí in úsáid ó Bhallstát go chéile i dtaca lena gcáilíocht agus leis an gcuma atá orthu.
Tosaíodh ar dhearadh nua agus ar ghnéithe slándála nua a cheapadh in 2010 tráth a cuireadh ar bun foghrúpa de chuid an choiste a bunaíodh roimhe sin faoi Airteagal 6 den Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ('Coiste Airteagal 6'), chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo.
Ó thaobh an Choimisiúin de, deis a bhí sa 'tús nua' seo féachaint an bhféadfaí formáid aonfhoirmeach chomhchuibhithe a thabhairt isteach agus a áirithiú go raibh na ceadanna cónaithe uile chomh slán agus ab fhéidir. Chabhródh sin le gardaí teorann agus oifigigh eile ceadanna cónaithe a aithint ar an gcéad fhéachaint.
Mar sin féin, faoi mar a mhínítear thíos i bpointe 3, tháinig sé chun cinn le linn an chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara go gcuirfí costais an-mhór ar roinnt Ballstát dá mbeadh cur chuige lán-chomhchuibhithe ann. Ba é an comhréiteach ar thángthas air liosta a chur le chéile de na gnéithe breise slándála úrscothacha a d'fhéadfaí a chur leis an bhformáid aonfhoirmeach chomhchoiteann, dá mba mhian leo.
Ceann de na príomhchúiseanna atá leis an gcur chuige sin is ea nach mór an cárta a bheith déanta d'ábhar plaisteach (mar atá i gcás cártaí creidmheasa) faoi mar atá leagtha síos sna sonraíochtaí teicniúla a glacadh in 2009. Os a choinne sin, ní shainítear go cruinn sna sonraíochtaí teicniúla cén t-ábhar plaisteach is ceart a úsáid. Tá cineálacha éagsúla plaisteach le fáil ar an margadh, agus is í polacarbónáit is oiriúnaí orthu sin. Maidir le struchtúr na gcártaí uile, mar atá i láthair na huaire, tá siad déanta de shraitheanna éagsúla agus úsáidtear ábhair phlaisteacha éagsúla i gcomhair gach sraithe, cé gurb í polacarbónáit is mó a úsáidtear. Ina cheann sin, ní hionann na teicneolaíochtaí táirgthe a úsáidtear i gcomhair na n-ábhar plaisteach sonrach atá ar fáil i ngach Ballstát. Mar gheall ar an raon teicnící a úsáidtear chun na cártaí a tháirgeadh fágann sin nach féidir na gnéithe slándála uile atá molta a chuimsiú sna cártaí. Ós rud é gur cheart go mbeadh an cead cónaithe nua neodrach ó thaobh costais de ní raibh sé indéanta cur chuige lán-chomhchuibhithe a chur chun cinn a thuilleadh.
I gcás na mBallstát sin ar mhian leo úsáid a bhaint i gcónaí as gnéithe roghnacha slándála, bhí siad sásta a laghad díobh a úsáid agus ab fhéidir, agus a shonrú sna sonraíochtaí teicniúla cé na teicneolaíochtaí a d'úsáidfidís, agus cad iad ionad agus méid na ngnéithe sin. Tá siad sin le leagadh síos amach anseo i gcinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá feidhm ag Airteagal 79 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, pointe 2(a) de go sonrach, mar déantar foráil ann i ndáil le 'coinníollacha iontrála agus cónaithe agus caighdeáin maidir le Ballstáit d'eisiúint víosaí fadtéarmacha agus ceadanna cónaithe...' (sean-Airteagal 63(3)(a) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh).
Cén fáth nár moladh athmhúnlú?
I bprionsabal, ba cheart athmhúnlú a mholadh i gcás ina mbeadh an tríú leasú mór le déanamh.
Sa chás seo, tá cúiseanna ann, áfach, gan cloí leis an riail sin. Beidh feidhm ag na príomhleasuithe maidir leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún ina leagfar amach na sonraíochtaí teicniúla rúnda chun cead cónaithe nua a chur ar fáil. Níl aon athrú substainteach á dhéanamh ar théarma achtacháin an Rialacháin seo atá beartaithe; cuirfear Iarscríbhinn nua in ionad na hIarscríbhinne atá ann faoi láthair ina dtaispeánfar an dearadh nua. Is gá beart reachtach a dhéanamh gan mhoill chun an ceann is fearr a fháil ar lucht calaoise agus ní mór formáid an cheada cónaithe a bheith níos deacra lena cóipeáil. Ina theannta sin, ní bhainfeadh an pobal i gcoitinne ach leas teoranta as an Rialachán seo, murab ionann agus rialacháin eile i réimse an bheartais víosaí amhail an Rialachán maidir leis an gCód Víosaí.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
In Airteagal 79(2)(a) CFAE cumhachtaítear do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bearta a ghlacadh a bhaineann le 'caighdeáin maidir le Ballstáit d'eisiúint víosaí fadtéarmacha agus ceadanna cónaithe'.
Tá an togra seo laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos sna forálacha conarthacha sin agus ní dhéanann sé aon athrú ar raon feidhme reachtaíocht an Aontais.
Is é cuspóir an togra seo an fhormáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe a dhaingniú agus a fheabhsú tuilleadh i bhfianaise na bhforbairtí atá déanta ar nósanna lucht calaoise. Ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a bhaint amach go sásúil agus iad ag gníomhú astu féin toisc gur gá an fhormáid a bheith aonfhoirmeach agus is é an tAontas amháin is féidir gníomh de chuid an Aontais atá ann cheana a leasú.
•Comhréireacht
Dearbhaítear in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach rachaidh ábhar agus foirm bheart de chuid an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. Ní foláir foirm a roghnú le haghaidh an bhirt seo lenar féidir cuspóir an togra a bhaint amach agus a chur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir.
Leagadh síos i rialachán an fhormáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe chun a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm í ar an mbealach céanna sna Ballstáit ar fad. Leasú ar an rialachán sin atá sa togra seo agus, dá bhrí sin, ní mór é a bheith i bhfoirm Rialacháin. Maidir le hábhar an togra, tá sé teoranta d'fheabhsuithe ar an Rialachán atá ann cheana. Is éard is cuspóir dó imirce neamhrialta a chomhrac trí dhoiciméid a dhéanamh níos sláine ar an ngóchumadh agus an falsú. Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta.
3.TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara, saineolas a bhailiú agus a úsáid
Rinne foghrúpa Choiste Airteagal 6 doiciméad ceanglas a chur le chéile inar leagadh síos na feabhsuithe inmhianaithe a d'fhéadfaí a thabhairt isteach san fhormáid nua. Thoiligh na Ballstáit teagmháil a dhéanamh lena gcuid soláthraithe agus moltaí a chur le chéile. Thogh siad ansin a rogha dearadh agus a rogha gnéithe slándála comhchoiteanna féin a bhí le cur sa chead cónaithe nua. Áiríodh ina cheanglas é nár mhór an fhormáid nua a bheith neodrach ó thaobh costais de.
Le linn an phlé tháinig sé chun solais nach raibh na Ballstáit i bhfabhar doiciméad lán-chomhchuibhithe. Níorbh fholáir leo an liosta de ghnéithe breise slándála a bhí tugtha 'cothrom le dáta' a choinneáil, ar gnéithe iad a d'fhéadfaí a chur leis an bhformáid aonfhoirmeach chomhchoiteann, dá mba mhian leo. Toisc go raibh scéimeanna éagsúla táirgthe i bhfeidhm, níor mhian leis na Ballstáit a gcórais féin a athrú; ba é ba rogha leo ina ionad sin cloí leis an gcárta 'aonfhoirmeach' comhchoiteann a mbeadh caighdeán slándála níos fearr ann agus an liosta de ghnéithe roghnacha slándála (náisiúnta) a thabhairt cothrom le dáta. Ní raibh i gceist le 'aonfhoirmeacht' ach go mbeadh dearadh aonfhoirmeach air mar aon le roinnt gnéithe slándála caighdeánacha, agus a bhféadfaí gnéithe roghnacha slándála náisiúnta a chur leo.
I bhfianaise na n-impleachtaí do roinnt Ballstát ó thaobh costais de thángthas ar chomhréiteach. Ba é ab éigean a dhéanamh an fhéidearthacht a choimeád i dtaca le gnéithe roghnacha breise slándála ach a laghad ab fhéidir díobh a áireamh ar an liosta, ag brath ar an tionchar a bhíonn ag na gnéithe slándála sin ar chuma aonfhoirmeach an chárta, go sonrach ar a thosach. Ina theannta sin, shoiléireofaí na sonraíochtaí teicniúla (an t-ábhar agus na teicneolaíochtaí a bhí le húsáid, ionad na ngnéithe agus a méid, etc.) ionas nach bhféadfaí léirmhínithe éagsúla a bhaint astu a thuilleadh. Ba cheart, dá bharr sin, go ndéanfaí cuma an chárta a chomhchuibhiú, rud atá tábhachtach ar mhaithe leis an aonfhoirmeacht agus i dtreo go n-aithneoidh gardaí teorann é.
Leagfar amach an liosta cuimsitheach de ghnéithe roghnacha slándála san Iarscríbhinn ina mbeidh na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo. D'fhéadfadh sé, mar sin, nach ionann ar fad cúl an cheada cónaithe mar a léirítear é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus cúl an cheada iarbhír ag brath ar na gnéithe roghnacha a úsáidfidh na Ballstáit féin.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí do bhuiséad an Aontais Eorpaigh ag an leasú atá beartaithe.
5.EILIMINTÍ EILE
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Forálacha mionsonraithe
Tá an Rialachán leasaitheach bunaithe ar Airteagal 79(2)(a) CFAE, a cuireadh in ionad Airteagal 63(3)(a) CAE.
1. Rannpháirtíocht na Danmhairge
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.
2. Rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann
De réir na chéad mhíre d'Airteagal 4a de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis na conarthaí, beidh feidhm ag forálacha an Phrótacail sin freisin maidir le bearta arna moladh nó arna nglacadh de bhun Theideal V de Chuid III CFAE, lena leasaítear beart atá ina cheangal orthu cheana. Tá an Ríocht Aontaithe agus Éire faoi cheangal Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002, an Rialachán a ndéanfadh an togra seo leasú air. Tá feidhm ag forálacha Phrótacal Uimh. 21 dá réir sin. Dá bhrí sin, ní bheidh ceangal ar an Ríocht Aontaithe ná ar Éirinn bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin atá beartaithe (Airteagal 1 de Phrótacal Uimh. 21). Mar sin féin, féadfaidh siad, faoi Airteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21, fógra a thabhairt don Chomhairle laistigh de thrí mhí tar éis an togra a chur faoi bhráid na Comhairle gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an bhirt seo.
Beidh feidhm freisin ag Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 21, lena dtugtar de rogha don Ríocht Aontaithe agus d'Éirinn an beart a ghlacadh tar éis a ghlactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.
Chun na roghanna atá le déanamh ag Éirinn agus ag an Ríocht Aontaithe sna trí mhí tar éis an togra a ghlacadh a chur san áireamh, tá sé théacs a d'fhéadfaí a úsáid don aithris curtha ar fáil idir lúibíní cearnógacha. Roghnóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an ceann nó an péire acu a bheidh oiriúnach, ar bhonn na roghanna a dhéanann Éire agus an Ríocht Aontaithe sna trí mhí tar éis an togra a ghlacadh.
3. Acquis Schengen a fhorbairt i dtaca le comhaontuithe comhlachais
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002, is cuid é de acquis Schengen a bhfuil feidhm aige maidir leis an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis agus Lichtinstéin ar bhonn a gcomhaontuithe comhlachais féin. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an leasú atá beartaithe maidir leis na tíortha comhlachais sin chomh maith.
4. Téarmaí achtacháin
Airteagal 1
Leagtar amach san fhoráil sin go bhfuil Iarscríbhinn nua le cur in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002. Tá san Iarscríbhinn nua sin íomhá den chead cónaithe nua agus cur síos ginearálta air.
Airteagal 2
Déantar foráil maidir le hidirthréimhse sé mhí ionas go mbeidh na Ballstáit in ann seancheadanna cónaithe a úsáid go fóill agus an stoc atá ann cheana a ídiú.
Airteagal 3
I dtús báire, tá an ghnáthfhoráil ann maidir le teacht i bhfeidhm an Rialacháin.
Ansin, déantar foráil go dtabharfaidh na Ballstáit na ceadanna cónaithe nua isteach naoi mí tar éis don Choimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na sonraíochtaí teicniúla breise.
2016/0198 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ina leagtar síos formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 79(2)(a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír.
(2)I bhfianaise eachtraí tromchúiseacha góchumtha agus calaoise, is léir go bhfuil amhras tarraingthe ar an bhformáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe atá ann faoi láthair agus atá i gcúrsaíocht faoin leagan amach céanna ó 1997 i leith.
(3)Dá bhrí sin, ba cheart dearadh comhchoiteann nua do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír a cheapadh ina mbeidh gnéithe slándála níos nua-aimseartha chun go mbeidh an cead cónaithe níos sláine agus d'fhonn calaois a chosc.
(4)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an Rialachán seo a ghlacadh, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.
(5)[I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl na Ballstáit sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal orthu ná ní bheidh siad faoi réir a chur i bhfeidhm.]
(6)[I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.]
(7)[I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.]
(8)[I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an dá Bhallstát sin gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.]
(9)[I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe (, le litir an ...,) gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.]
(10)[I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn (, le litir an ...,) gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.]
(11)Is é atá sa Rialachán seo gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen, faoi seach, de réir bhrí Airteagal 3(1) d'Ionstraim Aontachais 2003, de réir bhrí Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2005 agus de réir bhrí Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2011.
(12)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle.
(13)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle.
(14)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle.
(15)Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse ionas go mbeidh na Ballstáit in ann seancheadanna cónaithe a úsáid go fóill agus an stoc atá ann cheana a ídiú.
(16)Ba cheart, mar sin, Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002.
Airteagal 2
Na ceadanna cónaithe a chomhlíonann na sonraíochtaí atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 is infheidhme go dtí an dáta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 3, féadfar iad a úsáid le haghaidh ceadanna cónaithe a eisítear go dtí sé mhí tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige dhá mhí dhéag tar éis na sonraíochtaí teicniúla breise dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 a ghlacadh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán