AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,2.2.2016
COM(2016) 39 final
2016/0023(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le mearcair, agus lena n
aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2016) 14 final}
{SWD(2016) 17 final}
{SWD(2016) 18 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
Comhthéacs Ginearálta – Forais don togra agus na cuspóirí a ghabhann leis
Shínigh an tAontas agus 26 Bhallstát Coinbhinsiún Idirnáisiúnta nua ar Mhearcair, a rinneadh a chaibidliú faoi choimirce UNEP. Tugtar "Coinbhinsiún Minamata" ("Coinbhinsiún Minamata" nó "an Coinbhinsiún" anseo feasta) de réir ainm an bhaile inar tharla an cás ba mheasa riamh de thruailliú mearcair idir 1950 agus 1960. Le síniú an Choinbhinsiúin deireadh rathúil le próiseas caibidlíochta ar éirigh go maith leis, a raibh cúig sheisiún de Choiste Caibidlíochta Idir-Rialtasach ina gcuid de. Tá sé geallta ag gach Ballstát go ndaingneoidh sé an Coinbhinsiún.
Déileáiltear sa Choinbhinsiún le saolré iomlán mearcair, ó mhianadóireacht phríomha mhearcair go láimhseáil dramhaíola mearcair, agus é mar aidhm aige sláinte an duine agus an chomhshaoil a chosaint ar astaíochtaí antrapagaineacha mearcair agus comhdhúile mearcair isteach san aeir, san uisce agus sa talamh. Go háirithe, leagtar srianta síos ann ar mhianadóireacht phríomha mearcair agus ar thrádáil idirnáisiúnta mearcair, cuirtear toirmeasc ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú réimse leathan de tháirgí ar cuireadh mearcair leo, foráiltear ann maidir le toirmisc nó coinníollacha oibriúcháin i gcás roinnt próiseas monaraithe ina núsáidtear mearcair, tá éileamh ann go ndíspreagfaí úsáidí nua mearcair i dtáirgí agus i bpróisis thionsclaíocha agus go ndéanfaí bearta chun astaíochtaí a laghdú ó mhianadóireacht óir cheardaíochta agus mhionscála ("MÓCMS anseo feasta) agus ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha, lena náirítear trí úsáid na dteicnící is fearr atá ar fáil agus tá eileamh ann go ndéanfaí stóráil eatramhach mearcair agus láimhseáil dramhaíola mearcair ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Tá cuid mhór de Choinbhinsiún Minamata cumhdaithee ag reachtaíocht an Aontais cheana féin. I Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 cuirtear toirmeasc onnmhairithe ar mhearcair agus ar roinnt comhdhúl mearcair, cáilíonn sé mearcair ó fhoinsí áirithe mar dhramhaíl agus bunaítear rialacha maidir le mearcair a stóráíl. Cuimsítear forálacha ad hoc ar mhearcair agus comhdhúile mearcair in ionstraimí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, lena náirítear Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ina leagtar síos, inter alia, córas fógartha a bhfuil feidhm aige maidir le hallmhairí mearcair agus Rialacháin (CE) 396/2005, 1907/2006, 1223/2009 agus Treoir 2006/66/CE agus Treoir 2011/65/AE, a dhéileálann le réimse táirgí ar cuireadh mearcair leo a chur ar mhargadh an Aontais agus a shocraíonn uasleibhéil d’ábhar mearcair. Ina theannta sin, tá Treoracha 2010/75/AE, 2012/18/AE, 2008/98/CE agus 1999/31/CE dírithe ar fhoinsí pointe agus astaíochtaí idirleata mearcair, comhdhúile mearcair agus dramhaíola mearcair isteach sa chomhshaol a rialú, a laghdú agus deireadh chur leo i gcás ina bhfuil malairtí saor ó mhearcair ann.
Tar éis an mheasúnaithe ar acquis an Aontais sainaithníodh líon teoranta bearnaí rialála nach mór a líonadh chun a áirithiú go mbeidh reachtaíocht an Aontais go hiomlán ar aon dul leis an gCoinbhinsiún. Tá sé d'aidhm ag an togra seo déileáil leis na bearnaí sin, a bhaineann leis na saincheisteanna seo a leanas:
allmhairiú mearcair;
onnmhairiú táirgí áirithe ar cuireadh mearcair leo;
úsáid mearcair i bpróisis monaraithe áirithe;
úsáidí nua do mhearcair i dtáirgí agus i bpróisis mhonaraithe;
úsáid mearcair i MÓCMS
úsáid mearcair i malgam fiaclóireachta.
Ar mhaithe le soiléire ó thaobh an dlí, ba cheart na hoibleagáidí a thagann chun cinn de thoradh an Choinbhinsiúin nach bhfuil trasuite i ndlí an Aontais fós a chuimsiú in aon acht dlí amháin.
Ba cheart go bhfeidhmeodh Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008, arb é an taon ghníomh dlí tiomnaithe de chuid an Aontais é maidir le mearcair go dtí seo, mar bhonn chuige sin. Fós féin, mar gheall ar nádúr agus mhéid na leasuithe riachtanacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 agus an ngá le comhsheasmhacht agus soiléire ó thaobh an dlí a hfheabhsú, ba cheart é a aisghairm leis an togra seo agus e a chur ina ionad agus na oibleagáidí substainteacha a bhí ann a chur sa togra nua cibé uair is gá sin fós.
Comhsheasmhacht le beartais eile agus cuspóirí an Aontais
Tá an tionscnamh seo i gcomhréir leis an Seachtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol a shocraíonn cuspóir fadtéarmach mar atá timpeallacht neamhthocsaineach agus a shonraíonn, don chuspóir sin, gur gá gníomh a ghlacadh chun a áirithiú go maolófar drochéifeachtaí móra ceimiceán ar shláinte an duine agus an chomhshaoil faoi 2020.
Tá cuspóirí an tionscnaimh seo i gcomhréir freisin le cuspóirí Eoraip 2020 ar fhás cliste, cuimsitheach agus inbhuanaithe, trí nuálaíocht a spreagadh ó thaobh fhorbairt táirgí saor ó mhearcair agus próisis mhonaraithe saor ó mhearcair. Trí dhaingniú an Choinbhinsiúin agus a theacht i bhfeidhm a chur chun cinn, cuirfidh an togra seo le cothrom iomaíochta a bhaint amach ar fud an domhain do phróisis thionsclaíocha ina núsáidtear mearcair agus comhdhúile mearcair nó ina nastaítear go neamhdheonach iad agus le haghaidh monarú agus trádáil táirgí ar cuireadh mearcair leo, ar an mbealach sin cothófar iomaíochas thionscal an Aontais, níos mó fós toisc go ndéantar aithris sa chuid is mó dá chuid forálacha ar acquis an Aontais.
Ina theannta sin, déantar an acquis a shimpliú agus a shoiléiriú nuair is féidir chun cur chun feidhme níos fearr a áirithiú.
2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR
Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara
Chuathas i gcomhairle le húdaráis agus le páirtithe leasmhara Ballstát laistigh de chreat dhá staidéir a rinne an Coimisiún, agus i gceardlann a reáchtáladh sa Bhruiséil an 7 Iúil 2014 ar foilsíodh iarratas ar fhaisnéis bhreise faoi shaincheisteanna sonracha ina diaidh. Cuireadh gach dréacht a fuarthas i scríbhinn ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Lena chois sin, foilsíodh comhairliúchán leathan ar líne ón 14 Lúnasa 2014 go dtí an 14 Samhain 2014 agus tugadh fógraíocht dó ar bhonn ceistneora ar leathanach gréasáin "Do Ghuthsa san Eoraip". Ba é cuspóir an tsuirbhé sin tuiscint níos fearr a fháil ar thuairimí páirtithe leasmhara poiblí agus Ballstát maidir le daingniú an Choinbhinsiúin agus saincheisteanna sonracha a bhaineann le trasuí agus daingniú an Choinbhinsiúin, go háirithe maidir le réimsí nach mór reachtaíocht an Aontais a chur ar aon dul leis an gCoinbhinsiún iontu. Ba iad na spriocghrúpaí: saoránaigh, údaráis phoiblí, eagraíochtaí taighde, an lucht acadúil, eagraíochtaí neamhbhrabúis/neamhrialtais, comhairleachtaí agus cuideachtaí príobháideacha agus a gcuid eagraíochtaí ionadaíocha. D'aontaigh an chuid is mó de na páirtithe leasmhara agus den phobal i gcoitinne gur cheart don Aontas Coinbhinsiún Minamata a dhaingniú. Tógadh saincheisteanna sonracha a d'ardaigh páirtithe leasmhara san áireamh agus an togra seo á ullmhú.
Torthaí an mheasúnaithe tionchair
Ba é an chonclúid a tháinig as an measúnú tionchair ("MT" anseo feasta) go mbainfidh an tAontas Eorpach tairbhí móra ó thaobh sláinte an duine agus an chomhshaoil as daingniú agus cur i bhfeidhm Choinbhinsiún Minamata, de thoradh go príomha ar an laghdú a bhfuiltear ag súil leis ar astaíochtaí mearcair de thionscnamh chríocha eile den domhan. Go háirithe:
Nuair a bheidh sé curtha chun feidhme, meastar go mbeidh tionchar dearfach mór ar an gcomhshaol ar fud an domhain agus san Aontas ag forálacha tábhachtacha an Choinbhinsiúin maidir le, inter alia, cur chun feidhme na dteicnící is fearr atá ar fáil ("TIFAF" anseo feasta) chun astaíochtaí ó mhonarchana tionsclaíocha móra a mhaolú, deireadh a chur de réir a chéile le mianadóireacht phríomha atá ar siúl faoi láthair in éineacht le toirmeasc ar mhianadóireacht phríomha nua nó bunú srianta ar MÓCMS. Is amhlaidh go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin beagnach críochnaithe san Aontas Eorpach nó go bhfuil siad rialaithe cheana féin. Leis sin, d'fhéadfadh an tAontas a chuspóirí a bhaint amach maidir le cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine, mar atá leagtha amach i Straitéis 2005 an Chomhphobail maidir le Mearcair (''an Straitéis'').
Tríd an Coinbhinsiún a chur chun feidhme, cuirfidh tríú tíortha caighdeáin chun feidhme atá cosúil leo siúd atá i bhfeidhm san Aontas faoi láthair ar chuid mhór gníomhaíochtaí tionsclaíocha. Cabhróidh sin le déileáil le buntáistí iomaíocha féideartha a mbaineann cuideachtaí i mBallstáit lasmuigh den Aontas atá faoi réir caighdeáin chomhshaoil nach bhfuil chomh dian sin (nó nach bhfuil faoi réir caighdeán ar bith) leas astu agus d'fhéadfadh go nosclófaí margaí nua do chuideachtaí de chuid an Aontais a bhfuil teicneolaíocht cohmhshaoil mar shainréimse acu. Mar shampla leiriúcháin, le forálacha an Choinbhinsiúin ar astaíochtaí mearcair ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha áirithe cuirfear cuid mhór saoráidí tionsclaíocha a astaíonn mearcair ar an scála domhanda faoi réir úsáid TIFAF atá curtha i bhfeidhm ag tionscal an Aontais cheana féin.
Scrúdaigh an MT roghanna beartais éagsúla chun déileáil leis na sé bhearna rialála atá liostaithe thuas agus a dhéanann difear do dhlí an Aontais Eorpaigh: rogha bhonnlíne a chomhfhreagraíonn do "Gan gníomh ar bith ón Aontas", agus dhá rogha éagsúla ar a laghad do gach ceann de na réimsí beartais ábhartha, i.e. rogha amháin atá comhdhéanta de na hoibleagáidí atá leagtha amach sa Choinbhinsiún a thrasuí agus rogha eile atá comhdhéanta de cheanglais a leagan síos a théann níos faide ná an Coinbhinsiún.
Maidir le húsáid malgaim fiaclóireachta, rinne an MT measúnú ar an ngá atá earta agus ar an tionchar is féidir a bheadh acu:
De réir Cinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún is dramhaíl ghuaiseach í dramhaíl mhalgaim ó chúram fiaclóra, mar sin tá sé faoi réir fhorálacha na CreatTreorach Dramhaíola. Bíonn astaíochtaí mearcair ó chaibinéid fiaclóra faoi réir reachtaíocht uisce an Aontais freisin. Tá mearcair ina shubstaint ghuaiseach tosaíochta de réir Iarscríbhinn X den ChreatTreoir Uisce agus mar sin ní mór scaoileadh na substainte sin isteach san uisce a laghdú go mór. Toisc gur úsáid i malgam an dara bealach úsáide is mó a bhaintear as mearcair san Aontas agus go bhfuil cumas truaillithe na húsáide sin measta bheith tuairim is 75t de mhearcair in aghaidh na bliana cumas truaillithe fadtéarmach na húsáide sin níos mó ná 1,000t, tá gá le bearta sonracha chun déileáil leis an bhfoinse sin.
Is é conclúid an MT, i bhfianaise na faisnéise eolaíochta atá ar fáil, nach mbeadh toirmeasc ar úsáid malgaim fiaclóireachta comhréireach toisc nach bhfuil rioscaí malgaim fiaclóireachta don tsláinte léirithe go soiléir agus go mbeadh costas toirmisc ard. Sa bhreis air sin, léiríonn an measúnú dhá bheart atá san áireamh i liosta na mbeart a mholtar sa Choinbhinsiún, agus ar cheart do Pháirtithe dhá cheann díobh ar a laghad a ghlacadh, a mbainfí tairbhí don chomhshaol agus don tsláinte astu ar chostas íseal i.e. úsáid malgaim fiaclóireachta a shrianadh dá fhoirm capsúil agus dea-chleachtais chomhshaoil i saoráidí fiaclóra a chur chun cinn. Tá bearta den sórt sin ar aon dul le Gníomh 4 den Straitéis Mhearcair a dearbhaíodh mar réimse tosaíochta le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta ag an athbhreithniú ar an Straitéis i 2010. Laghdóidís an méid a bhíonn fiaclóirí agus othair faoi lé astaíochtaí mearcair agus d'áiritheoidís go laghdófaí go mór scaoileadh mearcair isteach i gcórais séarachais agus sa timpeallacht as ionaid uirbeacha cóireála fuíolluisce. Sa bhreis air sin, táthar ag súil go gcruthófar poist nua i gcuideachtaí atá i mbun deighilteoirí malgaim a dhéanamh, a shuiteáil agus a chothabháil agus i gcuideachtaí arb é a sainchúram ná dramhaíl ina bhfuil mearcair a bhailiú agus a chóireáil.
Cé go gcáileodh an chuid is mó de na cuideachtaí atá i gceist mar mhicreafhiontair, ní bheadh tionchar díréireach ag na bearta atá molta toisc (1) mar gheall ar an gcineál gníomhaíochta ní bheidís san iomaíocht le gnóthais atá níos mó, (2) tá an costas cur chun feidhme an bhearta teoranta agus ní bheadh ach infheistíocht íseal ag teastáil, agus (3) meastar nach gcaillfear aon phoist san earnáil fiaclóireachta. Sa bhreis air sin, is dea-chleachtas iad na bearta sin a chuireann an Comhairle Fhiaclóirí na hEorpa chun cinn agus tá siad curtha chun feidhme ag formhór na bhfiaclóirí cheana féin. Mar sin féin, toisc go mbeadh roinnt ama ag teastáil ag cuideachtaí den sórt sin chun iad féin a chur in oiriúint do na hoibleagáidí atá leagtha amach sa Rialachán, tá an dáta comhlíontachta atá beartaithe do na bearta sin aon bhliain amháin níos déanaí ná an dáta le haghaidh na mbeart eile atá clúdaithe sa Rialachán seo. Sa deireadh ní chuirfí aon ualach breise ar fhiaclóirí a roghnaigh gan malgam fiaclóireachta a úsáid ag an gceangal malgam fiaclóireachta a úsáid i bhfoirm capsúil.
Maidir leis na bearnaí eile, seo a leanas an chonclúid a tháinig as an anailís a rinneadh sa MT:
Ní bheadh údar maith le srianta allmhairithe ar mhearcair: srianta trádála a rachadh níos faide ná ceanglais an Choinbhinsiúin, i.e. toirmeasc gan choinníoll a chur ar allmhairiú mearcair (seachas allmhairí mearcair a cheadú faoi choinníollacha áirithe a bhaineann leis an ionad tionscnaimh agus le foinse mearcair allmhairithe) toisc go mbeidís níos costasaí ar thionscal an Aontais agus nach mbeadh aon tairbhí móra don chomhshaol ag baint leo.
Ní bheadh údar maith le srianta onnmhairithe ar tháirgí áirithe a bhfuil mearcair curtha leo: srianta trádála a rachadh níos faide ná iad siúd atá bunaithe sa Choinbhinsiún, i.e. toirmeasc a chur ar onnmhairiú táirgí ar cuireadh mearcair leo faoi réir rialacha níos déine ón Aontas maidir lena nábhar mearcair ná iad siúd atá leagtha síos sa Choinbhinsiún (in áit toirmeasc a chur ar onnmhairí táirgí ar cuireadh mearcair leo) toisc nach dtiocfadh aon athrú ar ionchur agus scaoileadh mearcair sa chomhshaol agus, de thoradh an toirmisc sin, d'fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú ar astaíochtaí mearcair i dtríú tíortha.
Ní bheadh údar maith le srianta a chur ar úsáid mearcair i bpróisis mhonaraithe áirithe: dearbh-thoirmeasc a bhunú ar úsáid mearcair chun nó eatocsaíd nó meatocsaíd shóidiam nó photaisiam a tháirgeadh (seachas ceanglais a chuirfeadh teorainn le húsáid agus astaíochtaí mearcair mar a bhforáiltear maidir leo sa Choinbhinsiún) mar gheall ar an ngá atá le ceimiceáin áirithe a sholáthar do thionscal nach bhféadfaí a chruthú go bhfuil phróisis táirgthe saor ó mhearcair ar fáil dóibh.
Srianta a chur ar úsáid mearcair i bpróisis mhonaraithe agus i dtáirgí nua: ní dhéantar foráil sa Choinbhinsiún ach do bhearta a ghlacadh ag Páirtithe chun forbairt próiseas monaraithe nua ina núsáidtear mearcair agus táirgeadh táirgí nua ar cuireadh mearcair leo agus iad a chur ar an margadh a dhíspreagadh. Dá mbunófaí toirmeasc coinníollacha a bheadh infheidhme maidir leis na próisis agus na táirgí sin, bhainfí an toradh is fearr amach ó thaobh an chomhshaoil agus an gheilleagair toisc go mbeadh luach comhartha láidir aige agus ar an mbealach sin laghdófaí an baol go rachadh oibreoirí eacnamaíochta i mbun forbairt chostasach táirgí nó próisis den sórt sin ar cosúil go gcuirfí toirmeasc orthu ina dhiaidh sin.
Srian a chur ar úsáid mearcair i MÓCMS: ós í an taon Bhallstát í atá i gceist, tá bearta glactha ag an bhFrainc cheana féin chun toirmeasc a chur ar úsáid mearcair i MÓCMS, mar sin is leor don Aontas an oibleagáid a thrasuí go simplí chun plean gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt agus a athbhreithniú de réir an Choinbhinsiúin.
Ó thaobh an gheilleagair, tá an costas iomlán roghanna thuasluaite, a ainmníodh sa MT mar na roghanna tosaíoctha idir 13-135 milliún EUR/b, a léiríonn go príomha costais na mbeart a bhaineann le húsáid mearcair i bpróisis mhonaraithe agus i malgam fiacla.
3.GNÉITHE DLÍ AN TOGRA
Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe
Cé go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 comhionann leis an bpointe tosaigh don Togra seo, is iomchuí é a aisghairm agus Rialachán a chur ina ionad ar mhaithe le soiléire ó thaobh an dlí. Tá an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV.
Sonraíonn Airteagal 1 agus 2 ábhar an togra agus soláthraíonn siad sainmhínithe ar na téarmaí lárnacha a úsáidtear ann.
Cuireann Airteagal 3 a léitear i dteannta le hIarscríbhinn I toirmeasc ar onnmhairiú mearcair, roinnt comhdhúl mearcair agus meascáin mearcair le substaintí eile ón Aontas, ach amháin i dtaobh na gcomhdhúl mearcair siúd ar féidir a onnmhairiú fós má atá siad dírithe ar thaighde ar scála saotharlainne. Tá an toirmeasc sin bunaithe cheana féin ó mhí Mhárta 2011 de réir Airteagail 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 agus comhlánaíonn sé an toirmeasc dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 649/2012. Déanann sé Airteagal 3(6), de Choinbhinsiún Minamata a léitear i dteannta lena Airteagal 3(1) ((a) agus (b)), agus (2) (a) a thrasuí.
Cuireann Airteagal 4 toirmeasc ar allmhairiú mearcair isteach san Aontais nuair atá sé beartaithe le haghaidh MÓCMS agus cuireann sé toirmeasc coinníollach ar allmhairiú mearcair agus meascán isteach san Aontas nuair atá siad ceaptha le haghaidh úsáidí eile. Níl feidhm ag an toirmeasc sin maidir le hallmhairí mearcair agus meascán atá le diúscairt mar dhramhaíl sa deireadh, ná le hallmhairí mearcair ó thíortha atá ina bPáirtithe do Choinbhinsiún Minamata nuair a eascraíonn sé ó fhoinse mianadóireachta príomha atá ceadaithe fós faoi Airteagal 3(4) den Choinbhinsiún, le hallmhairí mearcair ó thíortha nach bhfuil ina bPáirtithe don Choinbhinsiún ar choinníoll nach neascróidh mearcair allmhairithe ó mhianadóireacht ná ón earnáil clór-alcaile agus go bhfuil cead scríofa tugtha le haghaidh allmhairiú. Chun críocha gníomhaíocht riaracháin a shruthlíniú agus ualach riaracháin méadaithe a chosc, sonraítear in Airteagal 4(3) go mbeidh na húdaráis inniúla náisiúnta atá ainmnithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 649/2012 i gceannas freisin ar an toirmeasc sin a chur chun feidhme agus a rialú.
Trasuíonn Airteagal 5 a léitear i dteannta le hIarscríbhinn II Airteagal 4(1) agus Iarscríbhinn A (Cuid I) de Choinbhinsiún Minamata. Cuireann sé toirmeasc, a dtiocfaidh tús leis an 1 Eanáir 2021, ar onnmhairiú, allmhairiú agus monarú réimse de tháirgí ar cuireadh mearcair leo. Tá feidhm ag Airteagal 5 mar chomhlánú d'fhorálacha acquis an Aontais Eorpaigh a bhunaíonn cheana féin srianta ar chur ar an margadh agus a leagann ceanglais níos déine ó thaobh, mar shampla, uasmhéid mearcair sna táirgí sin, mar atá leagtha síos, le cois ceanglais eile, i dTreoir 2006/66/CE agus tá feidhm aige gan dochar do na forálacha sin.
In Airteagal 6 foráiltear go bhféadfadh go nglacfaí Cinntí Cur Chun Feidhme an Choimisiúin a shonródh na foirmeacha trádála le húsáid ag údaráis Ballstát le hAirteagal 3 agus 4 a chur chun feidhme, mar chinneadh leantach tar éis na gCinntí a ghlacfaidh Comhdháil pháirtithe Choinbhinsiún Minamata ('CP') de réir Airteagal 3(12) den Choinbhinsiún.
Trasuíonn Airteagal 7 a léitear i dteannta le hAirteagal III Airteagal 5 (2 agus 3) agus Iarscríbhinn B den Choinbhinsiún. Cuireann sé toirmeasc ar úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair mar chatalaíoch le haghaidh táirgeadh aicéataildéid agus clóireitiléin ón 1 Eanáir 2019 ar aghaidh. Maidir le suiteálacha a tháirgeann eatocsaíd nó meatocsaíd shóidiam nó photaisiam agus úsáid á baint acu as próiseas atá bunaithe ar mhearcair, leagann sé srianta ar úsáid mearcair ó mhianadóireacht phríomha agus ar scaoileadh mearcair agus comhdhúile mearcair sa chomhshaol agus toirmeasc á chur, ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar aghaidh, ar aon mhéadú ar acmhainn táirgthe nó bunú nua suiteálacha. In Airteagal 7(3) foráiltear go bhféadfadh go nglacfaí Gníomhartha Tarmligthe an Choimisiúin mar bhealach le trasuí a dhéanamh ar Chinntí ó CP lena mbunaítear ceanglais maidir le stóráil eatramhach mearcair agus comhdhúl mearcair a bhfuil tacaíocht acu ón Aontas, rud a choimeádfadh feidhmiú an ghnáthnós imeachta reachtaíochta in éagmais sheasamh an Aontais i bhfách leis an gcinneadh ó CP atá i gceist nó dá gcuirfeadh an tAontas ina choinne.
Trasuíonn Airteagal 8 Airteagal 4(6 agus 7) agus 5(4 agus 9) den Choinbhinsiún. Cuireann sé toirmeasc ar mhonarú táirgí ar cuireadh mearcair leo nach raibh cumhdaithe ag aon úsáid aitheanta roimh chur chun feidhme an togra seo agus ar chur na dtáirgí sin ar an margadh agus ar chur chun feidhme próiseas monaraithe nach raibh ann roimh an dáta seo. Bunaíonn Airteagal 8(3 agus 4) sásra lena bhféadfaí táirgí nua den sórt sin ar cuireadh mearcair leo agus próisis mhonaraithe nua a ceadú fós trí bhíthin Gníomh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiúin a ghlacfaí ar bhonn measúnú ar a gcuid tairbhí ó thaobh an chomhshaoil agus shláinte an duine agus dá mbeadh saor ó mhearcair ar fáil a bheadh indéanta ó thaobh na teicniúlachta agus na heacnamaíochta.
De réir Airteagal 7 den Choinbhinsiún, déantar foráil in Airteagal 9 a léitear i dteannta le hIarscríbhinn IV nach mór do Bhallstáit céimeanna a thabhairt i gcás ina bhfuil MÓCMS ar siúl le húsáid agus astaíochtaí mearcair agus comhdhúl mearcair de thoradh gníomhaíocht den sórt sin a laghdú agus a deireadh a chur léi más féidir agus nach mór dóibh plean náisiúnta a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
Trasuíonn Airteagal 10 Airteagal 4(3) agus Iarscríbhinn A (Cuid II) de Choinbhinsiún Minamata. Tá ceanglas ann nach núsáidfear malgam fiaclóireachta ach i bhfoirm capsúil agus go gcuirfear deighilteoirí malgaim ar fáil do shaoráidí fiaclóireachta chun fuíll malgaim a bhfuil mearcair iontu a bhailiú, ón 1 Eanáir 2019 ar aghaidh. Tá éileamh ann ar Bhallstáit úsáid a bhaint as caighdeáin ábhartha de chuid EN, de réir an leagain is déanaí, lena náirítear EN ISO 138987, EN ISO 24234 agus EN 1641:2009 agus as aon chaighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta eile lena náirithítear leibhéal coibhéiseach coimeáid fuíll malgaim agus cáilíochta capsúl malgaim.
In Airteagal 11 déantar athrá ar Airteagal 2 de Rialachán (CE) 1102/2008 trína fhoráil go gcáilíonn mearcair nach núsáidtear a thuilleadh sa tionscal clór-alcaile nó a ghintear as glanadh gáis nádúrtha nó as mianadóireacht agus bruithniú miotal neamhfheiriúil nó a bhaintear as ór cionnabair mar dhramhaíl nach mór a dhiúscairt.
Tá Airteagal 12 bunaithe ar Airteagal 6 de Rialachán (CE) 1102/2008 agus foráiltear ann nach mór do ghníomhaíochtaí oibriúcháin na gcuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 faisnéis a chur ar fáil gach bliain d'údaráis inniúla náisiúnta maidir leis an méid mearcair a stóráiltear i ngach suiteáil atá i gceist go háirithe agus maidir leis an méid mearcair a sheoltar chuig saoráidí stórála sealadacha nó buana le haghaidh dramhaíl mearcair. Déantar foráil in Airteagal 12(2) nach mór faisnéis a thuairisciú leis an gcatagóir dramhaíola ábhartha agus na cóid NACE ábhartha a úsáid, mar a bunaíodh i Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002. Sonraítear in Airteagal 12(3) nach mór do shuiteálacha a dhéanann clór-alcaile agus úsáid á baint as cealla mearcair éirí as tuairisciú nuair a bheidh na cealla sin díchoimisiúnaithe de réir Chinneadh Cur chun Feidhme an Choimisiúin 2013/732/AE agus nuair a bheidh an dramhaíl mhearcair go léir aistrithe chuig saoráid stórála.
Foráiltear in Airteagal 13 gur féidir dramhaíl mearcair a stóráil go sealadach nó go buan i saoráidí stórála faoi thalamh agus a stóráil go sealadach i saoráidí os cionn talún, agus sonraítear ann, chuige sin, cé na ceanglais a bunaíodh i dTreoir 1999/31/CE ón gComhairle maidir le stóráil shealadach dramhaíola mearcair a bhfuil feidhm acu maidir le stóráil bhuan dramhaíola mearcair i saoráidí stórála faoin talamh.
In Airteagal 14 agus 20 leagtar síos na forálacha ar phionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an togra seo agus a theacht i bhfeidhm agus a dháta feidhme.
Le hAirteagal 15 trasuítear Airteagal 21 de Choinbhinsiún Minamata trí fhoráil d'oibleagáid ar na Ballstáit tuarascáil a ullmhú, a nuashonrú agus a fhoilsiú ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha go léir ar chur chun feidhme an togra, faisnéis nach mór a thuairisciú chun Airteagal 21 thuasluaite a chomhlíonadh, achoimre ar an bhfaisnéis a bailíodh faoi Airteagal 12 den togra seo ar dhramhaíl mhearcair ó fhoinsí móra agus faisnéis faoi na stoic aonair mhóra mearcair a d'fhéadfadh a bheith i gcríoch gach Ballstáit. Sonraítear san fhoráil seo nach mór an Coimisiún a chur ar a eolas faoi thuarascáil den sórt sin agus nuashonrú a thabhairt dóibh laistigh d'aon mhí amháin óna bhfoilsiú. Déantar foráil in Airteagal 15(2) maidir leis an gCoimisiún Gníomh Chur Chun Feidhme a ghlacadh lena mbunaítear ceistneoirí chun cabhrú le Ballstáit faisnéis ábhartha a thuairisciú don Choimisiún trína shonrú cén fhaisnéis bheacht nach mór a chur isteach, lena náirítear faisnéis faoi phríomhtháscairí feidhmíochta, faoi cén fhormáid agus cén uair.
In Airteagal 16 tuartar go bhféadfadh go nglacfadh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a leasódh Iarscríbhinn I go IV den togra seo chun Cinntí ábhartha arna nglacadh ag CP agus tacaíocht acu ón Aontas a thrasuí, agus ar an mbealach sin cur i bhfeidhm an ghnáthnós imeachta reachtúil a choimeád in éagmais sheasamh an Aontais i bhfách leis an gcinneadh ó CP atá i gceist nó i gcás ina gcuirfeadh an tAontas ina choinne.
Téacsanna caighdeánacha iad Airteagal 17 agus 18 maidir le feidhmiú an tarmligin arna thabhairt don Choimisiún faoi Airteagal 7(3) agus 16 do nós imeachta an Choiste mar bhealach le Gníomhartha Forfheidhmithe a ghlacadh faoi Airteagal 6, 8(4) agus 15(2).
Sonraítear in Airteagal 19 go gcuirfear Rialachán nua in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 agus go mbeidh sé aisghairthe faoin 1 Eanáir 2018, an dáta a thiocfaidh an togra seo i bhfeidhm agus go ndéanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 a fhorléiriú mar thagairtí don togra seo.
An bunús dlí
Amhail Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008, tá sé d'aidhm ag an togra seo an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint chun comhionannas a áirithiú ó thaobh a chuid gnéithe trádála (toirmeasc ar onnmhairiú agus allmhairiú a bhaineann le mearcair, comhdhúile mearcair agus táirgí ar cuireadh mearcair leo). Dá réir sin, tá bunús dlí dúbailte ag an togra, i.e. Airteagal 192(1) agus Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus rogha ionstraime
Is í is aidhm don togra seo prionsabail Choinbhinsiún Minamata nach bhfuil cumhdaithe fós ag ceanglais dlí an Aontais a thrashuí in acquis an Aontais chun a chur ar chumas an Aontais agus na mBallstát an Coinbhinsiún sin a dhaingniú agus a chur chun feidhme.
Chuige sin, tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa mhéid is nach dtagann an togra go hiomlán faoi inniúlacht eisiach an Aontais.
Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo a bhaint amach go leordhóthanach. Chun déileáil le ceist an truaillithe agus daoine a bheith faoi lé mearcair san Aontas, ní mór do gach Ballstát inter alia toirmeasc onnmhairithe a chur chun feidhme ar mhearcair agus ar chuid mhór comhdhúl mearcair agus ar tháirgí áirithe ar cuireadh mearcair leo chomh maith le toirmeasc allmhairithe coinníollach a bheadh infheidhme maidir le mearcair. Ní féidir bearta den sórt sin a bhaineann le trádáil a thrasuí agus a chur chun feidhme ach ar bhonn fhorálacha an Aontais toisc go dtagann bearta i réimse an chomhbheartais tráchtála laistigh d'inniúlacht eisiach an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 3(e) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Maidir le forálacha neamhthrádála an togra seo ar úsáid mearcair i bpróisis mhonaraithe a dhéantar cheana agus próisis nua agus i dtáirgí nua, ar rialú astaíochtaí mearcair isteach sa chomhshaol agus ar stóráil mearcair agus láimhseáil dramhaíola mearcair, baineann siad le catagóir na hinniúlachta roinnte idir an tAontas agus Ballstáit, i.e. cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine. Ós rud é, mar a sonraíodh thuas, go bhfuil cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine rialaithe go fairsing cheana féin ar leibhéal an Aontais, tá údar maith le gníomhaíocht ag an Aontas. Maidir le forálacha an Choinbhinsiúin ar MÓCMS, tugann an togra seo rogha den mheascán is fearr de bhearta don Bhallstáit atá i gceist chun na riachtanais ábhartha a bhaint amach.
Dá bhrí sin urramaítear leis an togra seo prionsabal na coimhdeachta.
Rialachán an ionstraim dlí atá roghnaithe toisc go leagtar síos forálacha sa togra ar thrádáil, mar shampla, agus táirgí ar cuireadh mearcair leo, ar gá iad a chur chun feidhme go comhionann ar fud an Aontais, agus a ndóthain solúbthachta á tabhairt do na Ballstáit maidir leis an rogha beart um chomhlíonadh forálacha ar phróisis mhonaraithe agus a gcur chun feidhme sonrach. Dá bhrí sin comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta.
4.AN IMPLEACHT BHUISÉADACH
Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an Togra reachtúil seo.
2016/0023 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le mearcair, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) agus Airteagal 207 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Substaint thar a bheith tocsaineach é an mearcair ar bagairt mhór dhomhanda é ar shláinte an duine, lena náirítear tríd an meitil-mearcair in acmhainní éisc agus bia mara, sna héiceachórais agus san fhiadhúlra. Mar gheall ar nádúr trasteorann an truailliú mearcair, tagann idir 40 % agus 80 % d'iomlán dheascadh an mhearcair san Aontas isteach Aontas ón taobh amuigh agus, mar sin, tá údar maith údar maith le gníomhaíocht ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal idirnáisiúnta.
(2)Tagann an chuid is mó d'astaíochtaí mearcair agus de na rioscaí go mbeifear faoina lé chun cinn mar thoradh ar ghníomhaíochtaí antrapaigineacha, lena náirítear mianadóireacht phríomha agus próiseáil mearcair, úsáid mearcair i dtáirgí, próisis thionsclaíocha agus mianadóireachta óir cheardaíochta agus mhionscála ("MÓCMS") agus astaíochtaí mearcair a eascraíonn go háirithe ó dhó guail agus láimhseáil dramhaíola mearcair.
(3)Leis an seachtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol a glacadh le Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an cuspóir fadtéarmach mar atá an timpeallacht a bheith neamhthocsaineach agus, chuige sin, sonraítear ann go dteastaíonn gníomh chun a áirithiú go maolófar drochéifeachtaí móra ceimiceán ar shláinte an duine agus an chomhshaoil faoi 2020.
(4)Tá sé mar aidhm ag an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus an gComhairle "Straitéis an Chomhphobail Maidir Le Mearcair" ("an Straitéis"), mar a athbhreithníodh in 2010, scaoileadh antrapaigineach mearcair domhanda chun an aeir, an uisce agus na talún a íoslaghdú agus, nuair is féidir, a chealú sa deireadh.
(5)Rinneadh dul chun cinn mór san Aontas le deich mbliana anuas i réimse an láimhseáil mearcair tar éis ghlacadh na Straitéise agus réimse leathan beart a bhaineann le hastaíochtaí mearcair, soláthar agus úsáid mearcair agus an téileamh air agus bainistiú bharrachas stoic mearcair.
(6)Socraítear sa Straitéis gur cheart caibidlíocht faoi ionstraim idirnáisiúnta a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí de agus cur i gcrích na hionstraime sin a bheith mar thosaíocht toisc nach bhféadann gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais amháin cosaint éifeachtach shaoránaigh an Aontais ar dhrochéifeachtaí mearcair don tsláinte a ráthú.
(7)Shínigh an tAontas agus 26 Bhallstát in Kumamoto an 11 Deireadh Fómhair 2013 Coinbhinsiún Minamata ar Mhearcair ("an Coinbhinsiún"). Mar sin tá sé geallta ag an Aontas agus ag a chuid Ballstát uile é a chur i gcrích, a thrasuí agus a chur chun feidhme.
(8)Má dhaingníonn an tAontas agus a chuid Ballstát tapa an Coinbhinsiúin go tapa, spreagfar úsáideoirí agus mórastaírí mearcair domhanda, a shínigh an Coinbhinsiún, chun é a dhaingniú agus a chur chun feidhme.
(9)Toisc go dtrasuíonn reachtaíocht an Aontais go leor oibleagáidí den Choinbhinsiún cheana, níor cheart an Rialachán seo a leagan síos ach forálacha a chomhlánaíonn acquis an Aontais agus a theastaíonn chun a áirithiú go bhfuil sé go hiomlán ar aon dul leis an gCoinbhinsiún agus, dá réir sin, chun cur ar chumas an Aontais agus a chuid Ballstát é a dhaingniú agus a chur chun feidhme.
(10)Ba cheart an cosc ar onnmhairiú mearcair atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlánú le srianta ar allmhairiú mearcair de réir fhoinse, úsáid bheartaithe agus ionad tionscnamh an mhearcair. Ba cheart do na húdaráis inniúla atá ainmnithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na feidhmeanna riaracháin a chomhlíonadh atá nasctha le cur chun feidhme na srianta sin.
(11)Ba cheart toirmeasc a chur ar onnmhairiú, allmhairiú agus monarú réimse táirgí ar cuireadh mearcair leo agus atá freagrach as cion mhór d'úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair san Aontas agus ar fud an domhain.
(12)Mar sin ba cheart bunús dlí dúbailte a bheith ag an Rialachán seo, Airteagal 192(1) agus 207 den CFAE, ós é an cuspóir atá leis an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint agus aonfhoirmeacht a áirithiú ó thaobh a chuid gnéithe trádála trid an toirmeasc ar onnmhairiú agus allmhairiú agus na srianta a bhaineann le mearcair, le comhdhúile mearcair agus le táirgí ar cuireadh mearcair leo.
(13)Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d'fhorálacha acquis infheidhme an Aontais lena leagtar síos ceanglais níos déine maidir leis na táirgí sin, lena náirítear ó thaobh a nuasmhéid mearcair.
(14)In éagmais na bpróiseas táirgthe ábhartha saor ó mhearcair a bheith ar fáil, ba cheart coinníollacha oibriúcháin a leagan síos do tháirgeadh eatocsaíd nó meatocsaíd shóidiam nó photaisiam lena mbaineann úsáid mearcair.
(15)Dá ndéanfaí táirgí nua a mbeadh mearcair curtha leo a mhonarú agus a chur ar an margadh agus dá mbunófaí próisis mhonaraithe nua a bheadh bunaithe ar mhearcair mhéadófaí úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair san Aontas. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a thoirmeasc mar sin ach amháin má chruthaíonn measúnú go mbeadh tairbhí móra don chomhshaol agus do shláinte an duine ag baint leis na bealaí úsáide sin agus nach mbeadh aon roghanna eile saor ón mearcair ar fáil a bheadh indéanta ó thaobh na teicniúlachta agus na heacnamaíochta de agus a mbeadh na tairbhí sin ag baint leo.
(16)Is í úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair i MÓCMS is cúis le cion mhór d'úsáid agus d'astaíochtaí mearcair ar fud an domhain, agus, dá bhrí sin, ba cheart í a rialáil.
(17)Ba cheart úsáid an mhalgaim fiaclóireachta i bhfoirm capsúil agus cur chun feidhme deighilteoirí malgaim a dhéanamh éigeantach chun fiaclóirí agus othair a chosaint ar bheith faoi lé mearcair agus chun a áirithiú nach scaoilfear an dramhaíl mearcair a thagann as isteach sa chomhshaol, ach go mbaileofar agus go ndéanfar bainistiú sábháilte dramhaíola uirthi. Mar gheall ar líon na ngealltanas as an earnáil fiaclóireachta a mbeadh tionchar ag an athrú sin orthu, is iomchuí go leor ama a thabhairt chun go mbeifear in ann dul in oiriúint don fhoráil nua.
(18)Ba cheart feidhm a bheith ag an gcuid is mó de na critéir a bunaíodh i dTreoir 1999/31/CE ón gComhairle um stóráil shealadach dramhaíl mearcair maidir le stóráil bhuan mearcair i saoráidí stórála faoin talamh. Ba cheart infheidhmeacht cuid de na critéir sin a bheith ag brath ar thréithe sonracha gach saoráide stórála faoin talamh, de réir mar a shocródh údaráis inniúla na mBallstát ar a bhfuil cúram chur chun feidhme Threoir 1999/31/CE.
(19)Chun reachtaíocht an Aontais a chur ar aon dul le Cinntí Chomhdháil Pháirtithe an Choinbhinsiúin a bhfuil tacaíocht acu ón Aontas, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 den CFAE a tharmligean don Choimisiún ó thaobh na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú agus an Rialachán a fhorlíonadh le ceanglais teicniúla maidir le stóráil eatramhach mearcair agus comhdhúile mearcair gan díobháil a dhéanamh don chomhshaol. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear comhairlúcháin le saineolaithe. Nuair a bheidh gníomhartha tarmligthe á nullmhú agus á gceapadh aige ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear doiciméid ábhartha chuig an gCoimisiún go comhuaineach, go tráthúil agus ar bhealach iomchuí.
(20)Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha i réim maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo maidir le táirgí agus próisis nua ina núsáidtear mearcair a thoirmeasc nó a cheadú agus maidir le hoibleagáidí tuairiscithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(21)Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos ar phionóis a bheadh infheidhme i gcás sáruithe ar na forálacha náisiúnta agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
(22)Mar gheall ar nádúr agus méid na leasuithe nach mór a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008/CE agus chun cinnteacht dlí, soiléire, trédhearcacht agus simpliú na reachtaíochta a fheabhsú, ba cheart Rialachán nua a chur in ionad an Rialacháin sin.
(23)Chun go leor ama a thabhairt do na húdaráis inniúla agus do na hoibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an Rialachán seo leo chun iad féin a chur in oiriúint don chóras nua arna leagan síos ag an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2018 ar aghaidh.
(24)Toisc nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin a áirithiú go ndéanfar sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar mhearcair ar ardleibhéal, trí bhíthin toirmisc ar tháirgí mearcair agus táirgí ar cuireadh mearcair leo, srianta ar úsáid mearcair i bpróisis mhonaraithe, i dtáirgí, i MÓCMS agus sa mhalgam fiaclóireachta agus trí bhíthin oibleagáidí a bhaineann le dramhaíl mearcair, a chomhlíonadh go sásúil ach gurb amhlaidh, seachas sin, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais mar gheall ar nádúr trasteorann an truaillithe mearcair agus nádúr na mbeart atá le glacadh, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil I
Forálacha Ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo bunaítear bearta agus coinníollacha a bhaineann le trádáil, monarú, úsáid agus stóráil eatramhach mearcair, comhdhúile mearcair, meascán, táirgí ar cuireadh mearcair leo agus bainistiú dramhaíola mearcair.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.ciallaíonn 'mearcair' mearcair miotalach (Hg, CAS RN 7439-97-6);
2.ciallaíonn táirge 'ar cuireadh mearcair leis' táirge nó cuid de tháirge a bhfuil mearcair ann agus/nó comhdhúile mearcair a cuireadh leis d'aon ghnó;
3.ciallaíonn 'dramhaíl mearcair' mearcair atá cáilithe mar dhramhaíl, de réir Airteagal 3(1), de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
4.ciallaíonn 'onnmhairiú' aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
onnmhairiú buan nó sealadach ceimiceáin a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 28(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
(b)ath-onnmhairiú ceimiceáin nach gcomhlíonann coinníollacha Airteagal 28(2) CFAE agus atá curtha faoi nós imeachta custaim seachas nós imeachta idirthurais eachtrach an Aontais maidir le gluaiseacht earraí trí chríoch chustaim an Aontais;
5.ciallaíonn "allmhairiú" ceimiceán a thabhairt isteach go fisiciúil chuig críoch chustaim an Aontais a chuirtear faoi nós imeachta custaim seachas nós imeachta idirthurais eachtrach an Aontais maidir le gluaiseacht earraí trí chríoch chustaim an Aontais;
6.ciallaíonn 'mianadóireacht phríomha mearcair' mianadóireacht inarb é an mearcair an príomhábhar atá á lorg.
Caibidil II
Srianta trádála agus monaraithe a bhaineann le mearcair, comhdhúile mearcair agus táirgí ar cuireadh mearcair leo
Airteagal 3
Srianta ar onnmhairiú
1.Toirmiscfear onnmhairiú mearcair agus comhdhúile mearcair agus meascáin atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fho-mhír maidir le honnmhairiú na gcomhdhúile mearcair atá liostaithe in Iarscríbhinn I le haghaidh taighde ar scála saotharlainne.
2.Toirmiscfear onnmhairiú meascán mearcair nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I chun críocha mearcair a aisghabháil.
Airteagal 4
Srianta ar allmhairiú
1.Toirmiscfear allmhairiú mearcair agus meascán atá liostaithe in Iarscríbhinn I le haghaidh bealaí úsáide eile seachas diúscairt mar dhramhaíl.
De mhaolú ar an gcéad fho-mhír, ceadófar allmhairiú in aon cheann de na cúinsí seo a leanas:
–- tá an tír onnmhairithe ina Pháirtí don Choinbhinsiún agus ní eascraíonn mearcair onnmhairithe ó mhianadóireacht phríomha mearcair mar atá leagtha amach in Airteagal 3(3) agus (4), den Choinbhinsiún sin;
–- thug an tír onnmhairithe nach bhfuil ina Páirtí don Choinbhinsiún deimhniú nach neascraíonn mearcair ó mhianadóireacht phríomha mearcair, agus nach neascraíonn sé ón tionscal clór-alcaile, agus thug an Ballstát allmhairithe cead scríofa é a allmhairiú.
2.Toirmiscfear allmhairiú mearcair lena úsáid i mianadóireacht óir ceardaíochta agus mionscála.
3.Comhlíonfaidh an túdarás inniúil nó na húdaráis inniúla atá ainmnithe de réir Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 na feidhmeanna riaracháin a thiocfaidh chun cinn de thoradh na gceanglas atá leagtha síos i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.
Airteagal 5
Onnmhairiú, allmhairiú agus monarú táirgí ar cuireadh mearcair leo
1.Gan dochar do shrianta níos déine atá leagtha amach i reachtaíocht infheidhme eile de chuid an Aontais, toirmiscfear onnmhairiú, allmhairiú agus monarú san Aontas a dhéanamh ar tháirgí ar cuireadh mearcair leo mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.
2.Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc atá leagtha síos in i mír 1 maidir na táirgí seo a leanas ar cuireadh mearcair leo:
–táirgí atá riachtanach le haghaidh úsáid feidhmeanna cosanta shibhialta agus feidhmeanna míleata;
–táirgí le haghaidh taighde, calabrú ionstraimíochta, nó ata ceaptha lena núsáid mar chaighdeán tagartha.
Airteagal 6
Foirmeacha le haghaidh Allmhairiú agus Onnmhairiú
Glacfaidh an Coimisiún cinntí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun na foirmeacha a shonrú a bheidh le húsáid chun críocha Airteagal 3 agus Airteagal 4 a chur chun feidhme.
Glacfar na cinntí cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
Caibidil III
Srianta ar úsáid agus stóráil mearcair agus comhdhúile mearcair
Airteagal 7
Gníomhartha tionsclaíocha
1.Toirmeasc ar úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair sna próisis monaraithe atá liostaithe i gCuid I d'Iarscríbhinn III ó na dátaí atá sonraithe inti ar aghaidh.
2.Ní cheadófar úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair sna próisis mhonaraithe atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn III ach faoi na coinníollacha atá leagtha amach inti.
3.Déanfar stóráil eatramhach mearcair agus comhdhúile mearcair ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagal 17 chun ceanglais a leagan amach le haghaidh stóráil eatramhach mearcair agus comhdhúile mearcair arna nglacadh ag na Páirtithe don Choinbhinsiún, sa chás inar thug an tAontas tacaíocht don Chinneadh atá i gceist.
Airteagal 8
Táirgí nua ar cuireadh mearcair leo agus próisis mhonaraithe nua
1.Beidh toirmeasc ar tháirgí ar cuireadh mearcair leo nach bhfuil cumhdaithe ag aon úsáid aitheanta roimh an 1 Eanáir 2018 a mhonarú agus a chur ar an margadh.
2. Beidh toirmeasc ar phróisis mhonaraíochta ina núsáidtear mearcair nach raibh ann roimh an 1 Eanáir 2018.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le próisis lena monaraítear agus/nó ina núsáidtear táirgí ar cuireadh mearcair leo mura gcumhdaítear iad faoi mhír 1.
3.De mhaolú ar mhír 1 agus mír 2, má bhíonn sé de rún ag oibreoir eacnamaíoch táirge nua ar cuireadh mearcair leis a mhonarú agus/nó a chur ar an margadh, tabharfaidh an toibreoir fógra d'údaráis inniúla an Bhallstáit atá i gceist agus cuirfidh sé an méid seo a leanas ar fáil dóibh:
–tuairisc theicniúil ar an táirge nó an bpróiseas atá i gceist;
–measúnú ar na rioscaí comhshaoil agus sláinte a bhaineann leis an táirge;
–míniú mionsonraithe ar an mbealach nach mór an táirge nó an próiseas sin a mhonarú, a úsáid agus a oibriú chun a áirithiú go ndéanfar sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar ardleibhéal.
4.Nuair a thabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra dó, fíoróidh an Coimisiún go háirithe ar cruthaíodh go mbeadh tairbhí móra don chomhshaol agus don tsláinte ag baint leis an táirge nua ar cuireadh mearcair leis nó leis an bpróiseas monaraithe nua agus nach bhfuil aon roghanna eile saor ó mhearcair a bheadh indéanta thaobh na teicniúlachta agus na heacnamaíochta de ar fáil.
Glacfaidh an Coimisiún cinntí, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun a shonrú an bhfuil an táirge ábhartha nua ar cuireadh mearcair leis nó an próiseas monaraithe nua ceadaithe.
Glacfar na cinntí cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
Airteagal 9
Mianadóireacht óir cheardaíochta agus mhionscála
Déanfaidh Ballstáit a bhfuil gníomhaíochtaí mianadóireachta agus próiseála óir ceardaíochta agus mionscála nach beag ar siúl ina chríoch féin na nithe seo a leanas:
–déanfaidh siad bearta chun laghdú a dhéanamh ar úsáid mearcair agus comhdhúl mearcair agus ar astaíochtaí agus scaoileadh mearcair isteach sa timpeallacht, ón mianadóireacht agus ón bpróiseáil nó chun deireadh a chur leis na hastaíochtaí agus an scaoileadh sin, más féidir;
–déanfaidh siad plean náisiúnta a fhorbairt agus a chur chur chun feidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.
Airteagal 10
Malgam fiaclóireachta
1.Ón 1 Eanáir 2019 ar aghaidh ní úsáidfear malgam fiaclóireachta ach i bhfoirm capsúil.
2.Ón 1 Eanáir 2019 ar aghaidh cuirfear deighilteoirí malgaim ar fáil do shaoráidí fiaclóra agus é mar aidhm míreanna malgaim a choimeád agus a bhailiú. Déanfar cothabháil ar na deighilteoirí sin de réir mar a bheidh ag teastáil chun leibhéal ard coinneála a áirithiú.
3.Maidir le capsúil agus deighilteoirí malgaim a chomhlíonann caighdeáin chomhchuibhithe EN nó caighdeáin náisiúnta eile a áirithíonn leibhéal coibhéiseach cáilíochta agus coinneála, glacfar leis go gcomhlíonann siad an ceanglas atá leagtha amach i mír 1 agus mír 2.
Caibidil IV
Dramhaíl mhearcair a stóráil agus a dhiúscairt
Airteagal 11
Dramhaíl mearcair
Gan dochar do Chinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún, measfar go bhfuil an méid seo a leanas ina dhramhaíl agus déanfar é a dhiúscairt gan sláinte an duine a chur i mbaol ná dochar a dhéanamh don chomhshaol i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE:
(a)mearcair nach núsáidtear a thuilleadh sa tionscal clór-alcaileach;
(b)mearcair a ghintear as glanadh gáis nádúrtha;
(c)mearcair a ghintear as oibríochtaí mianadóireachta agus bruithnithe miotail neamhfheiriúil;
(d)mearcair a asbhaintear as ór cionnabair san Aontas.
Airteagal 12
Tuairisciú ar dhramhaíl mearcair ó fhoinsí móra
1.Maidir leis na cuideachtaí atá ag oibriú sna hearnálacha tionscail dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 11, cuirfidh siad sonraí chuig údaráis inniúla na mBallstát atá i gceist maidir le méid iomlán na dramhaíola mearcair a atá stóráilte i ngach saoráid agus a cuireadh chuig saoráidí aonair buana nó sealadacha chomh maith le háit agus sonraí teagmhála na saoráidí sin, agus déanfaidh siad sin faoin 31 Bealtaine gach bliain.
2.Sloinnfear na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus úsáid á baint leis na cóid atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
3.Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a bunaíodh i mír 1 agus mír 2 a thuilleadh maidir le cuideachtaí a oibríonn suiteálacha clór-alcaile an bhliain tar éis do gach ceall mearcair bheith díchoimisiúnaithe i gcomhréir le Cinneadh Chur chun Feidhme 2013/732/AE ón gCoimisiúin agus nuair a bheidh an mearcair uile curtha i saoráidí bainistithe dramhaíola.
Airteagal 13
Dramhaíl mearcair a dhiúscairt
1.De mhaolú ar phointe (a) d'Airteagal 5(3) de Threoir 1999/31/CE, féadfar dramhaíl mearcair a stóráil ar cheann de na bealaí seo a leanas:
(a)go sealadach ar feadh aon bhliain amháin nó níos mó nó go buan i mianaigh salainn atá oiriúnaithe do dhiúscairt mearcair nó i bhfoirmíochtaí carraige crua go domhain faoi thalamh ina bhfuil leibhéal sábháilteachta agus leibhéal insrianaithe atá coibhéiseach leis an leibhéal atá sna mianaigh salainn;
(b)go sealadach i saoráidí os cionn talún atá tiomnaithe do stóráil shealadach mearcair agus feistithe lena haghaidh.
2.Na ceanglais shonracha maidir le stóráil shealadach dramhaíola mearcair, mar atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, II agus III do Threoir 1999/31/CE, beidh feidhm acu maidir leis na saoráidí stórála buana dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal faoi na coinníollacha seo a leanas atá leagtha síos sna hIarscríbhinní seo a leanas don Treoir sin:
(a)Beidh feidhm ag Iarscríbhinn I, Cuid 8 (céad, tríú agus cúigiú fleasc) agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 1999/31/CE;
(b)Ní bheidh feidhm ag Iarscríbhinn I, Cuid 8 (dara, ceathrú agus séú fleasc) agus Iarscríbhinn III, Cuid 6, a ghabhann le Treoir 1999/31/CE ach amháin i gcás ina mheasann údaráis inniúla na mBallstát atá i gceannas ar chur chun feidhme na Treorach sin gurb iomchuí sin.
Caibidil V
Pionóis agus tuairisciú
Airteagal 14
Pionóis
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin in iúl don Choimisiún faoin [xxx] agus cuirfidh siad aon leasú iardain a dhéanann difear dóibh in iúl dó gan mhoill.
Airteagal 15
Tuarascáil
1.Ullmhóidh, nuashonróidh agus foilseoidh Ballstáit tuarascáil ar líne ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:
(a)faisnéis a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;
(b)faisnéis a theastaíonn chun gur féidir leis an Aontas agus na Ballstáit an oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh a bunaíodh faoi Airteagal 21 de Choinbhinsiún Minamata;
(c)achoimre ar an bhfaisnéis a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 12;
(d)liosta de stoic aonair mearcair is mó ná 50 tonna méadrach, atá suite ina gcríoch agus, i gcás inar cuirteadh an Ballstát ar an eolas fúthu, liosta d'fhoinsí soláthar mearcair a ghineann stoic bhliantúla de mhearcair is mó ná 10 dtonna méadrach.
Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina dtuarascáil agus faoina gcuid nuashonruithe faoi cheann aon mhí tar éis a bhfoilsithe.
2.Glacfaidh an Coimisiún ceistneoirí iomchuí chun an fhaisnéis agus na táscairí feidhmíochta lárnacha a shonrú a bheidh le cur san áireamh sa tuarascáil dá bhfuil tagairt mír 1 chomh maith le formáid na tuarascála sin agus tráthanna a foilsithe agus a cuid nuashonruithe.
Féadfar na ceistneoirí sin a úsáid freisin chun tuairisciú a eagrú chun go gcuirfear ar chumas an Aontais tuarascáil aonair a chur ar fáil do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin a thíolacfar thar ceann an Aontais agus a chuid Ballstát.
Glacfaidh an Coimisiún cinntí, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun teimpléid na gceistneoirí sin a chur ar fáil agus chun uirlis tuairiscithe leictreonach a chur ar fáil do na Ballstáit.
Glacfar na cinntí cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
Caibidil VI
Cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme
Airteagal 16
Na hIarscríbhinní a leasú
Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní I, II, III agus IV chun Cinntí a thrasuí a ghlac Comhdháil na bPáirtithe don Choinbhinsiún, i gcás inar thacaigh an tAontas leis an gCinneadh atá i gceist.
Airteagal 17
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus 16 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse ama éiginnte ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus 16 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 7(3) agus Airteagal 16 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle faoi cheann tréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 18
Nós imeachta an Choiste
1.Chun foirmeacha a ghlacadh um allmhairiú agus onnmhairiú faoi Airteagal 6, chun cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 8(4), agus chun ceistneoirí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15(2) bheidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Caibidil VII
Forálacha deireanacha
Airteagal 19
Aisghairm
Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 a aisghairm leis seo.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán