Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52015PC0668

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le doiciméad taistil Eorpach chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais

COM/2015/0668 final - 2015/0306 (COD)

Strasbourg, 15.12.2015

COM(2015) 668 final

2015/0306(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le doiciméad taistil Eorpach chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 1 , leag an Coimisiún síos sraith beart agus tionscnamh atá ceaptha réitigh struchtúrtha a sholáthar chun gur fearr is féidir gach gné den imirce a bhainistiú. Is cuid ríthábhachtach de chur chuige cuimsitheach chun feidhmiú cuí bheartais imirce an Aontais Eorpaigh a áirithiú agus chun iontaoibh an phobail i gcóras imirce an Aontais náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le hiontráil, fanacht nó cónaí i mBallstát de chuid an Aontais, na náisiúnaigh sin a chur ar ais agus sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach.

Má mheadaítear an ráta ar a gcuirtear imircigh neamhrialta ar ais, beidh na Ballstát níos fearr in ann glacadh le himircigh a bhfuil cosaint de dhíth orthu dáiríre, agus is é sin is bonn agus taca le hiarrachtaí athnuaite an Aontais cosaint a thabhairt dóibh siúd a bhfuil cosaint de dhíth orthu, trí athshuíomh agus athlonnú mar shampla. Feidhmíonn beartas um fhilleadh atá inchreidte agus a chuirtear chun feidhme go héifeachtach agus beartas imirce níos oscailte as lámh a chéile.

Mar sin féin, níl córas an Aontais Eorpaigh chun imircigh neamhrialta a chur ar ais éifeachtach a dhóthain go fóill. Mar shampla, in 2014 níor cuireadh i bhfeidhm ach níos lú ná 40 % den líon iomlán cinntí um fhilleadh a d'eisigh na Ballstáit. Thíolaic an Coimisiún Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le filleadh 2 an 9 Meán Fómhair 2015 d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna bunúsacha leis sin, lena n-áirítear modhanna chun a chinntiú go nglactar níos forleithne leis an doiciméid taistil caighdeánach chun náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt.

Ar cheann de na príomhchonstaicí atá le duine a chur ar ais tá éagmais doiciméad taistil bailí arna n-eisiúint ag tír ceann scríbe an fhillí. I láthair na huaire, féadfaidh na Ballstáit doiciméad ionadach 3 a eisiúint do na náisiúnaigh triú tír sin atá ag fanacht go neamhdhleathach nach bhfuil doiciméad taistil bailí ina seilbh acu. Suítear leis an Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 doiciméad taistil caighdeánach chun náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt 4 ; is ar éigean, áfach, a aithníonn tríú tíortha é, i ngeall ar a ghnéithe agus a chaighdeáin slándála a bheith míshásúil, i measc rudaí eile.

Sonraíodh freisin i gconclúidí na Comhairle an 8 Deireadh Fómhair 2015 gur gá aghaidh a thabhairt ar an gceist seo, agus sna conclúidí sin gheall na Ballstáit go n-úsáidfí an doiciméad taistil caighdeánach níos rialta in oibríochtaí um fhilleadh. Leagadh béim i gconclúidí na Comhairle Eorpaí an 15 Deireadh Fómhair 2015 ar an ngá sin freisin.

Is é cuspóir an togra seo doiciméad taistil Eorpach tiomanta a shuíomh chun náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh a chur ar ais, agus bheadh sa doiciméad sin formáid aonfhoirmeach agus gnéithe feabhsaithe teicniúla agus slándála chun a áirithiú go nglacfadh níos mó tríú tíortha leis agus go n-úsáidfí níos minice doiciméad den chineál sin chun críche athiontrála. Ba cheart úsáid an doiciméid sin a chur chun cinn i gcomhaontuithe déthaobhacha agus i gcomhaontuithe an Aontais Eorpaigh maidir le hathiontráil, nó i gcomhaontuithe eile.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais seo

Forbairt is ea an togra seo ar an méid a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Filleadh i dtaobh bealaí a fhiosrú chun aitheantas tríú tíortha do laissez-passer an Aontais Eorpaigh a mhéadú. Ba cheart don doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh cuidiú chun na cuspóirí atá leagtha amach sa Chlár Oibre maidir leis an Imirce a chur i gcrích, éifeachtacht chóras an Aontais Eorpaigh chun imircigh neamhrialta a chur ar ais a mhéadú, go háirithe iad siúd nach bhfuil doiciméid taistil bhailí ina seilbh acu, agus an ráta um fhilleadh a mhéadú trína áirithiú go gcomhlíonann tríú tíortha a n-oibleagáid idirnáisiúnta a náisiúnaigh féin atá ag fanacht go neamhrialta san Eoraip a ghlacadh ar ais.

Comhlíonann an togra le haghaidh doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh forálacha na Treorach um Fhilleadh ina leagtar amach na caighdeáin choiteanna agus na nósanna imeachta coiteanna chun na náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais 5 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Le hAirteagal 79(2)(c) CFAE cumhachtaítear do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a ghlacadh i réimse na himirce neamhdhleathaí agus an chónaithe neamhúdaraithe, lena n-áirítear aistriú agus aisdúichiú daoine atá ina gcónaí gan údarú. Ar an ábhar sin, is é an tAirteagal seo an bunús dlí is iomchuí lena suítear doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh.

•Geoiméadracht athraitheach

I ndáil leis an ngeoiméadracht athraitheach, tá réim an togra seo inchomparáide le réim na Treorach um Fhilleadh.

De réir Airteagal 4 de Phrótacal 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis na Conarthaí, cinnfidh an Danmhairg, laistigh de thréimhse sé mhí i ndiaidh don Chomhairle cinneadh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí an togra seo, a chuireann le acquis Schengen, chun feidhme ina dlí náisiúnta.

Maidir leis an Ríocht Aontaithe agus Éire, tá tréith chroschineálach ag an Treoir um Fhilleadh, mar is léir in aithris (26) agus aithris (27). Fágann sin go bhfuil feidhm ag Prótacal 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis na Conarthaí, agus ag Prótacal 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gCeangal leis na conarthaí, maidir leis an togra seo. De bhun an dara Prótacal neamhSchengen sin, níl an Ríocht Aontaithe nó Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán ina cheangal orthu ná níl siad faoi réir a chur i bhfeidhm; féadfaidh siad, áfach, a chur in iúl don Chomhairle go dteastaíonn uathu a bheith rannpháirteach san ionstraim.

Ar bhonn na gcomhaontuithe ábhartha, faoina bhfuil comhlachas ag na tíortha sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, beidh an Rialachán atá beartaithe ina cheangal ar an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin.

•Coimhdeacht

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóir an togra seo, eadhon doiciméad taistil Eorpach a shuíomh chun náisiúnaigh tríú tír a chur ar ais ar a mbeidh gnéithe slándála feabhsaithe d’fhonn aitheantas an doiciméid seo ag tríú tíortha a fheabhsú, an cuspóir sin a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú astu féin. Is amhlaidh atá mar dá mbeadh doiciméid éagsúla taistil ag na Ballstáit éagsúla don fhilleadh, agus formáidí, caighdéain agus gnéithe slándála difriúla acu, chuirfeadh sé isteach ar aitheantas na ndoiciméad taistil sin i gcomhaontuithe an Aontais Eorpaigh le tríú tíortha maidir le hathiontráil, agus bheadh tionchar diúltach aige ar fhilleadh agus athiontráil éifeachtach náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach. Is é an tAontas Eorpach dá bhrí sin, is fearr is féidir cuspóir an togra seo a chur i gcrích.

•Comhréireacht

Ar an ábhar go gcomhchuibhíonn an Rialachán atá beartaithe formáid agus sonraíochtaí teicniúla doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh agus nach leasaíonn nó nach modhnaíonn sé na caighdeáin choiteanna agus na rialacha coiteanna maidir le filleadh arna leagan síos sa Treoir um Fhilleadh, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach.

Ina theannta sin, de bhrí go bhfuil gnéithe slándála ábhartha iontaofa leagtha amach cheana don fhoirm aonfhoirmeach chun an víosa a ghreamú ana heisiúint ag na Ballstáit chuig daoine a bhfuil doiciméid taistil ina seilbh acu nach n-aithníonn an Ballstát atá ag tarraingt suas na foirme 6 , úsáidtear na gnéithe 7 sin i gcás an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh. Fágann sin nach mbeidh costais bhreise ar na Ballstáit.

•An rogha ionstraime

D’fhonn gnéithe aonfhoirmeacha agus comhchuibhithe a shuíomh agus soiléireacht coincheap agus infheidhmeacht dhíreach an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh a áirithiú, is iomchuí an gníomh seo a ghlacadh i bhfoirm Rialacháin. Nuair is gá, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún na hathchóirithe teicniúla is gá a ghlacadh ar fhormáid an doiciméid taistil Eorpaigh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex-post / seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

Toisc gur de chineál neamhcheangailteach é, ní raibh an Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 maidir le doiciméad taistil caighdeánach chun náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt a ghlacadh faoi réir meastóireachta. Mar sin féin, léiríonn an plé rialta le hionadaithe na mBallstát agus tríú tíortha nach leor an ionstraim atá ann anois chun na caighdeáin slándála is gá a áirithiú chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais agus maidir le hathiontráil na náisiúnach tríú tír sin.

Le linn pléití rialta le saineolaithe na mBallstát, níor tháinig aon cheisteanna chun cinn i dtaca leis na gnéithe slándála is infheidhme maidir leis an bhfoirm aonfhoirmeach chun an víosa a ghreamú ana heisiúint ag na Ballstáit chuig daoine a bhfuil doiciméad taistil ina seilbh acu nach n-aithníonn an Ballstát atá ag tarraingt suas na foirme. Is iomchuí, ar an ábhar sin, na gnéithe slándála céanna a úsáid don doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh.

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle le saineolaithe na mBallstát i gcomhthéacs cruinnithe agus pléití maidir le filleadh agus athiontráil. Chuathas i gcomhairle leo freisin trí cheist ad-hoc Ghréasán Imirce na hEorpa arna sheoladh ar 14 Deireadh Fómhair 2011 8 . Tuigeadh as sin gur annamh a ghlacann údaráis tríú tír leis an doiciméad taistil caighdeánach chun náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt, i ngeall ar na droch-chaighdeáin slándála i measc rudaí eile.

•Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Tógann an togra ar thuairimí a chuir saineolaithe náisiúnta na mBallstát in iúl, saineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo le linn cruinnithe agus pléití maidir le filleadh agus athiontráil agus trí cheisteanna ó Ghréasán Imirce na hEorpa, mar a mhínítear thuas.

•Measúnú tionchair

In ngeall ar a phráinní agus atá sé beart a dhéanamh chun a chinntiú go gcuirtear daoine ar ais agus chun an ráta athiontrála a mhéadú, lena n-áirítear athiontráil na náisiúnach tríú tír sin atá ag fanacht go neamhdhleathach nach bhfuil doiciméad taistil bailí ina sheilbh acu, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Laghdódh an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh an t-ualach riaracháin agus maorlathach atá ar na Ballstáit agus ar riaracháin tríú tír, lena n-áirítear seirbhísí consalacha, agus chuideodh sé chun a áirithiú go ndéanfaí fad na nósanna imeachta riaracháin is gá chun filleadh agus athiontráil na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a laghdú.

Thairis sin, ní ghearrfaí aon chostais bhreise riaracháin ná airgeadais ar na Ballstáit de thoradh na ngnéithe slándála feabhsaithe is infheidhme cheana féin maidir leis an bhfoirm aonfhoirmeach chun an víosa a ghreamú ana heisiúint ag na Ballstáit chuig daoine a bhfuil doiciméad taistil ina seilbh acu nach n-aithníonn an Ballstát atá ag tarraingt suas na foirme, de thoradh na ngnéithe sin a chur i bhfeidhm ar an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh.

•Cearta bunúsacha

Urramaíonn an togra seo na cearta bunúsacha agus déanann sé de réir na bprionsabal a aithníonn Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an chosaint i gcás aistrithe, díbeartha agus eiseachadta dá bhforáiltear in Airteagal 19 den Chairt.

Ní dhéanann an togra seo ach formáid agus sonraíochtaí teicniúla an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais a shainiú, agus, dá bhrí sin, níl iarmhairtí suntasacha aige maidir le cearta bunúsacha náisiúnach tríú tír.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh tionchar ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

De bhrí go bhfuil an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh atá beartaithe ceaptha mar dhoiciméad aonúsáide amháin, agus de bhrí go leanann sé na sonraíochtaí teicniúla agus na gnéithe slándála a comhaontaíodh cheana féin i ndáil leis na foirmeacha aonfhoirmeacha chun an víosa a ghreamú ana heisiúint ag na Ballstáit chuig daoine a bhfuil doiciméid taistil ina seilbh acu nach n-aithníonn an Ballstát, is diomaibhseach iad na costais bhreise a bheadh ar na Ballstáit doiciméad den chineál sin a chur ar fáil agus a eisiúint le hais an status quo.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ba cheart a úsáidí agus a éifeachtaí agus atá an doiciméad taistil Eorpach a mheasúnú i gcomhthéacs na meastóireachta ar chomhaontuithe an Aontais Eorpaigh le tríú tíortha maidir le hathiontráil.

•Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá an togra ceaptha formáid agus sonraíochtaí teicniúla an doiciméid taistil Eorpaigh chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais a chomhchuibhiú, d’fhonn caighdeáin teicniúla agus slándála níos airde a áirithiú, go háirithe ó thaobh cosaintí ar an ngóchumadh agus an falsú. Chuideodh sé sin chun aitheantas an doiciméid seo ag tríú tíortha a éascú chun críche a bhaineann le filleadh agus athiontráil, go háirithe i gcomhthéacs socruithe athiontrála nó socruithe eile le tríú tíortha agus freisin i gcomhthéacs an chomhair le tríú tíortha a bhaineann le filleadh nach gcuimsítear faoi chomhaontuithe foirmiúla.

Chuirfeadh an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh leis an tsolúbthacht a bheadh ag údaráis tríú tír agus laghdódh sé an t-ualach riaracháin ar údaráis chonsalacha inniúla. Ar an gcaoi sin, choinneofaí na costais don doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh chomh íseal agus ab fhéidir. Trí na nósanna imeachta riaracháin um fhilleadh a luathú, chuideofaí an tréimhse a laghdú ina mbíonn na fillithe atá le cur ar ais ag feitheamh faoi choinneáil riaracháin.

D’fhéadfadh na Ballstáit cuimhneamh ar dhoiciméad taistil Eorpach um fhilleadh a eisiúint nuair a chruthaíonn doiciméad nach bhfuil bailí nó nach bhfuil bailí a thuilleadh don taisteal nó teastas nó cóip de na doiciméid sin, náisiúntacht an náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach faoi réir cinneadh um fhilleadh (m.sh pas atá imithe in éag, cárta aitheantais, laissez-passer tríú tír; cárta aitheantais míleata nó mara, ceadúnas tiomána; deimhniú náisiúntachta, teastas breithe nó pósta nó cineál éigin eile teastais ón gclár sibhialtach; faisnéis faoi chéannacht bainte as an gcóras faisnéise víosa). Thairis sin, d’fhéadfadh na Ballstáit cuimhneamh ar an doiciméad taistil Eorpach a eisiúint sa chás nach bhfuair an náisiúnach tríú tír, a bhfuil a náisiúntacht deimhnithe ag údaráis inniúla tríu tír, doiciméad bailí taistil taobh istigh de sprioc-am réasúnta.

Airteagal 1: leagtar amach ann ábhar an togra, mar atá formáid agus sonraíochtaí teicniúla an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh a shocrú.

Airteagal 2: tugtar sainmhíniú ar na príomhthéarmaí.

Airteagal 3: leagtar amach ann formáid, ábhar, teanga agus bailíocht an doiciméid taistil Eorpaigh um filleadh agus cumhachtaíonn sé don Choimisiún an fhormáid a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

Airteagal 4: sainítear ann sonraíochtaí teicniúla agus gnéithe slándála an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh, arb iad na sonraíochtaí teicniúla agus gnéithe slándála sin atá leagtha amach in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle agus nach bhfuil poiblí ar chúiseanna slándála.

Airteagal 5: leagtar amach ann na rialacha i ndáil le táillí i dtaca leis an doiciméad taistil Eorpaigh um fhilleadh a eisiúint, a bheidh saor in aisce don náisiúnach tríú tír.

Airteagal 6: leagtar síos ann na rialacha maidir leis an gCoimisiún cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE.

Airteagal 7: leagtar síos ann go ndéantar an Moladh reatha ón gComhairle maidir le doiciméad taistil caighdeánach chun náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

Airteagal 8: leagtar amach ann na rialacha maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm geografach an Rialacháin.

2015/0306 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le doiciméad taistil Eorpach chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 79(2)(c) de ach go háirithe,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is cuid ríthábhachtach de na hiarrachtaí atá á ndéanamh inchreidteacht agus feidhmiú cuí bheartais imirce an Aontais a áirithiú agus an imirce neamhrialta a laghdú agus a chosc é náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha maidir le hiontráil, fanacht nó cónaí sna Ballstáit a chur ar ais agus sin a dhéanamh agus na cearta bunúsacha, prionsabal an non-refoulement go háirithe, á nurramú ina n-iomláine, agus i gcomhréir le forálacha Threoir 2008/115/CE 9 .

(2)Is deacair d'údaráis náisiúnta na mBallstát náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil doiciméid taistil bhailí ina seilbh acu agus atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais.

(3)Ní mór an comhar le príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fheabhsú i dtaca le filleadh agus le hathiontráil d’fhonn na rátaí um fhilleadh, atá míshásúil, a fheabhsú.

(4)Ní ghlacann údaráis tríú tír go forleathan leis an doiciméad taistil caighdeánach reatha chun náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt, doiciméad arna shuíomh leis an Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 10 , i ngeall nach bhfuil na caighdeáin slándála leordhóthanach, i measc rudaí eile.

(5)Is gá, ar an ábhar sin, iallach a chur ar thríú tíortha laissez-passer Eorpach um fhilleadh feabhsaithe a ghlacadh mar dhoiciméad tagartha don phróiseas um fhilleadh.

(6)Ba cheart doiciméad taistil Eorpach níos sláine a chur ar fáil d'fhonn náisiúnaigh tríú tír a chur ar ais chun filleadh agus athiontráil náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a éascú. Ba cheart go mbeadh triú tíortha sásta aitheantas a thabhairt dó a bhuí leis na gnéithe slándála feabhsaithe. Ba cheart don chineál sin doiciméid cuidiú leis an bpróiseas um filleadh i gcomhthéacs comhaontuithe athiontrála nó socruithe eile le tríú tíortha, agus i gcomhthéacs an chomhair le tríú tíortha a bhaineann le filleadh nach gcuimsítear faoi chomhaontuithe foirmiúla

(7)Ba cheart do chomhaontuithe arna gcur i gcrích ag an Aontas le tríú tíortha maidir le hathiontráil aitheantas a lorg don doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh. Ba cheart do na Ballstáit aitheantas a lorg don doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh i gcomhaontuithe déthaobhacha agus i socruithe eile agus i gcomhthéacs an chomhair le tríú tíortha a bhaineann le filleadh nach gcuimsítear faoi chomhaontuithe foirmiúla

(8)Ba cheart don doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh cuidiú chun an t-ualach riaracháin agus maorlathach atá ar na Ballstáit agus ar riaracháin tríú tír a laghdú, lena n-áirítear seirbhísí consalacha, agus ba cheart dó cuidiú chun a áirithiú go ndéanfaí fad na nósanna imeachta riaracháin is gá chun filleadh agus athiontráil náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a laghdú.

(9)Níor cheart don Rialachán seo ach formáid agus sonraíochtaí teicniúla doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh a chomhchuibhiú agus níor cheart dó rialacha maidir le heisiúint doiciméid den chineál sin a chomhchuibhiú.

(10)Áirítear sna himthosca faoinar cheart do na Ballstáit doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh a eisiúint i gcás inarb é doiciméad nach bhfuil bailí nó nach bhfuil bailí a thuilleadh don taisteal, teastas ón gclár sibhialta, doiciméad oifigiúil eile nó cóip de sin, a chruthaíonn náisiúntacht an náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach faoi réir cinneadh um fhilleadh. Samplaí de dhoiciméid den chineál sin is ea pas atá imithe in éag, cárta aitheantais nó laissez-passer tríú tír; cárta aitheantais míleata nó mara, ceadúnas tiomána; deimhniú náisiúntachta, teastas breithe nó pósta ; faisnéis faoi chéannacht bainte as an gcóras faisnéise víosa. D’fhéadfadh na Ballstáit freisin an cineál sin doiciméid a eisiúint nuair nach bhfuil doiciméad bailí taistil faighte ag an náisiúnach tríú tír, a bhfuil a náisiúntacht deimhnithe ag údaráis inniúla tríú tír, taobh istigh de sprioc-am réasúnta.

(11)Ba cheart ábhar agus sonraíochtaí teicniúla an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh a chomhchuibhiú d’fhonn caighdeáin arda theicniúla agus slándála a áirithiú, go háirithe ó thaobh cosaintí ar an ngóchumadh agus an falsú. Ba cheart gnéithe slándála inaitheanta comhchuibhithe a bheith ag gabháil leis an doiciméad. Tá caighdeáin arda theicniúla agus slándála ann cheana féin agus leagadh síos iad de réir Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle 11 agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a chur i bhfeidhm maidir leis an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh.

(12)Chun gnéithe áirithe neamhriachtanacha den mhúnla le haghaidh doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh a leasú nó a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin chuí le linn na réamhoibre, agus é sin ar leibhéal na saineolaithe freisin.

(13)Áiritheoidh an Coimisiún, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(14)Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo, rachaidh na húdaráis inniúla i mbun a gcúraimí chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta, rialacháin nó forálacha riaracháin lena dtrasuítear Treoir 95/46/CE 12 .

(15)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na hionstraime seo agus níl an ionstraim seo ina ceangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a cur i bhfeidhm. Ós rud é go dtógann an Rialachán seo – sa mhéid is go bhfuil feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha iontrála i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 – ar acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, taobh istigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Rialachán seo an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(16)Sa mhéid is go bhfuil feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha iontrála i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle 14 ; dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Thairis sin i gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 3 agus 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(17)Sa mhéid is go bhfuil feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha iontrála i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 15 ; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl an Rialachán ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 3 agus d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a cur i bhfeidhm.

(18)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo – sa mhéid is go bhfuil feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha iontrála i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 – forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 16 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 17 .

(19)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo – sa mhéid is go bhfuil feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha iontrála i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 – forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Chomhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 18 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 19 .

(20)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo – sa mhéid is go bhfuil feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha iontrála i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 – forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach , an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 20 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 21 .

(21)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, de bharr éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(22)D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a shuíomh agus soiléireacht na gcoincheap a áirithiú is iomchuí an gníomh seo a ghlacadh i bhfoirm Rialacháin.

(23)Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus déanann sé de réir na bprionsabal a aithníonn Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an chosaint i gcás aistrithe, díbeartha nó eiseachadta dá bhforáiltear in Airteagal 19 den Chairt.

(24)Ba cheart Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 a aisghairm leis an Rialachán seo, agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Suítear leis an Rialachán seo formáid agus sonraíochtaí teicniúla doiciméid taistil Eorpaigh chun náisiúnaigh tríú tír a chur ar ais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ náisiúnaigh tríú tír mar atá sainmhínithe i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 ;

(2)ciallaíonn ‘filleadh’ filleadh mar atá sainmhínithe i bpointe 3 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(3)ciallaíonn ‘cinneadh um fhilleadh’ cinneadh maidir le filleadh mar atá sainmhínithe i bpointe 4 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE.

Airteagal 3

Doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh

1.Beidh formáid an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh de réir an mhúnla atá leagtha amach san Iarscríbhinn. Beidh ann an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an náisiúnach tríú tír:

(a)ainm, sloinne, dáta breithe, gnéas, náisiúntacht, comharthaí ar leith agus, más eol, an seoladh sa tríú tír a mbeidh an náisiúnach tríú tír ag filleadh uirthi;

(b)grianghraf;

(c)an t-údarás eisiúna, an dáta eisiúna agus an tréimhse bailíochta.

2.Beidh an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit a eisíonn an cinneadh um fhilleadh agus, nuair is iomchuí, aistreofar go Béarla agus go Fraincis é.

3.Beidh an doiciméad bailí le haghaidh turais singil chuig an tríú tír a mbeifear ag filleadh uirthi.

4.Nuair is gá, féadfar na doiciméid bhreise is gá chun náisiúnaigh tríú tír a chur ar ais a cheangal leis an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh.

5.Cumhachtófar don Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 d’fhonn formáid an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh a leasú.

Airteagal 4

Sonraíochtaí teicniúla

1.Is iad gnéithe slándála agus sonraíochtaí teicniúla an doiciméid taistil Eorpaigh um fhilleadh na gnéithe agus sonraíochtaí sin a leagfar síos agus Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle á chur i bhfeidhm.

2.Cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile sampla den doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh arna tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Táillí eisiúna

Eiseofar an doiciméad taistil Eorpach um fhilleadh saor in aisce don náisiúnach tríú tír.

Airteagal 6

An tarmligean a fheidhmiú

1.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [an dáta teacht i bhfeidhm].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó mas rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh said aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 7

Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad

Déantar an Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 maidir le doiciméad taistil caighdeánach chun náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) COM(2015) 240 final
(2) COM(2015) 453 final
(3) IO C 274, 19.9.1996, lch. 18.
(4) Ba cheart a thabhairt faoi deara go n-úsáidtear an téarma laissez-passer go minic chun tagairt a dhéanamh don doiciméad taistil ionadach um fhilleadh; moltar, áfach, gan an téarma sin a úsáid sa chomhthéacs seo toisc go bhféadfadh sé go ndéanfaí é a mheascadh leis an laissez-passer arna eisiúint ag an Aontas Eorpach ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1417/2013 ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos foirm an laissez-passer arna eisiúint ag an Aontas Eorpach (IO L 353, 28.12.2013, lch. 26 )
(5) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le formáid aonfhoirmeach le haghaidh foirmeacha chun an víosa a ghreamú arna heisiúint ag na Ballstáit chuig daoine a bhfuil doiciméid taistil ina seilbh acu nach n-aithníonn an Ballstát atá ag tarraingt suas na foirme (IO L 53, 23.2.2002 lch. 4).
(7) Cinneadh C(2010) 319 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2010 a thagann in ionad Cinneadh C(1996) 352 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 1996 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla breise le haghaidh formáid aonfhoirmeach víosaí (leagan comhdhlúite de Chinneadh C(1996) 352 agus a chinntí leasaitheacha C(2000) 4332 an 28 Nollaig 2000, C(2002) 2002 an 3 Meitheamh 2002 agus C(2009) 3769 an 20 Bealtaine 2009) (Is Iarscríbhinn faoi rún ag an Aontas Eorpach an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo)
(8) Is féidir breathnú ar thorthaí na ceiste ad-hoc sin ag an seoladh seo: http://ec.europa.eu/dgs/home-affairs/what-we-do/networks/european_migration_network/reports/docs/ad-hoc-queries/return/254_emn__ad-hoc_query_eu_laissez-passer_24august2010_wider_dissemination_en.pdf.
(9) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(10) Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 1994 maidir le doiciméad taistil caighdeánach chun náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt a ghlacadh (IO C 274, 19.6.1996, lch. 18).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le formáid aonfhoirmeach le haghaidh foirmeacha chun an víosa a ghreamú arna heisiúint ag na Ballstáit chuig daoine a bhfuil doiciméid taistil ina seilbh acu nach n-aithníonn an Ballstát atá ag tarraingt suas na foirme (IO L 53, 23.2.2002 lch. 4).
(12) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).
(14) Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
(15) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(16) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(17) IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.
(18) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(19) IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.
(20) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(21) IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.
(22) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
Top

An Bhruiséil,15.12.2015

COM(2015) 668 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis

an togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le doiciméad taistil Eorpach chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais


Top