Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52015AG0014(02)

    Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 14/2015 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta maidir leis an idirlíon oscailte agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhís uilíoch agus cearta an úsáideora i dtaca le líonraí cumarsáide agus le seirbhísí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas

    IO C 365, 4.11.2015, p. 20–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    4.11.2015   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    20


    Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 14/2015 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta maidir leis an idirlíon oscailte agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhís uilíoch agus cearta an úsáideora i dtaca le líonraí cumarsáide agus le seirbhísí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas

    (2015/C 365/02)

    I.   RÉAMHRÁ

    1.

    Ghlac an Coimisiún a thogra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta maidir leis an margadh aonair Eorpach don chumarsáid leictreonach agus chun Ilchríoch Idirnasctha a bhaint amach (Togra an Mhargaidh Aonair Theileachumarsáide) an 11 Meán Fómhair 2013 agus Airteagal 114 CFAE mar bhunús dlí aige. Áirítear forálacha ar údarú aonair Eorpach do sholáthróirí cumarsáide leictreonaí, ar ionchuir Eorpacha (lena n-áirítear comhordú maidir leis an úsáid a bhaintear as speictrim raidió agus táirgí Eorpacha maidir le rochtain fíorúil), ar chearta comhchuibhithe na n-úsáideoirí deiridh, ar neodracht líonra, ar chumhachtaí na n-údarás náisiúnta rialála, ar fhánaíocht agus ar Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) ar phríomhghnéithe togra an Mhargaidh Aonair Theileachumarsáide.

    2.

    Vótáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir lena Thuairim an 21 Eanáir 2014 agus vótáil Coiste na Réigiún maidir lena Thuairim an 30-31 Eanáir 2014.

    3.

    Vótáil Parlaimint na hEorpa a rún reachtach ar an gcéad léamh an 3 Aibreán 2014 (1), agus ghlac sí 233 Leasú. Coimeádadh an chuid is mó de na gnéithe atá i dtogra an Mhargaidh Aonair Theileachumarsáide. Leasaigh Parlaimint na hEorpa na forálacha maidir le fánaíocht agus é mar chuspóir aici deireadh a chur le formhuirir fánaíochta faoi réir “clásal úsáide córa” faoi mhí na Nollag 2015. Leasaíodh forálacha maidir le neodracht líonra go suntasach chun go n-áireofar sainmhíniú ar neodracht líonra agus chun teorainn a chur leis an bhféidearthacht atá ann d’oibreoirí seirbhísí speisialaithe a chur ar fáil trína éileamh go mbeidh acmhainneacht líonra leordhóthanach ann leis na seirbhísí sin a chur ar fáil i dteannta seirbhísí rochtana idirlín. Níor coimeádadh táirgí mórdhíola comhchuibhithe Eorpacha maidir le rochtain ar leathanbhanda, agus leasaíodh cineál na ngnéithe do chosaint tomhaltóirí.

    Chuaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa i mbun caibidlíochta d’fhonn teacht ar chomhaontú luath ar an dara léamh. Thángthas ar thuiscint agus dianscrúdú á dhéanamh ar thogra an Mhargaidh Aonair Theileachumarsáide an plé a dhíriú ar dhá shaincheist lárnacha: fánaíocht agus neodracht líonra, lena n-áirítear cearta an tomhaltóra i ndáil le gach ceann de na saincheisteanna sin. Níor coimeádadh forálacha maidir le húdarú aonair AE, ionchuir Eorpacha (lena n-áirítear comhordú ar an speictrim raidió agus ar tháirgí Eorpacha maidir le rochtain fíorúil), ná maidir le BEREC.

    4.

    Tugadh an chaibidlíocht chun críche go rathúil an 30 Meitheamh 2015 agus tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú sealadach maidir le téacs comhréitigh.

    5.

    An 8 Iúil 2015, dhearbhaigh Coiste na mBuanionadaithe téacs comhréitigh thogra an Mhargaidh Aonair Theileachumarsáide, faoi mar a chomhaontaigh an dá institiúid é.

    6.

    An 16 Iúil 2015, sheol Cathaoirleach Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (ITRE) Pharlaimint na hEorpa litir chuig an Uachtaránacht inar luadh, i gcás go dtíolacfadh an Chomhairle a seasamh go foirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa mar a comhaontaíodh, faoi réir fíorúcháin dhlítheangeolaíoch, go molfaidh sé, in éineacht leis an Rapóirtéir, don Seisiún Iomlánach go nglacfaí seasamh na Comhairle gan aon leasú ar an dara léamh sa Pharlaimint.

    II.   CUSPÓIR

    7.

    Mar thoradh ar an gcaibidlíocht, is é is aidhm don Rialachán seo rialacha comhchoiteanna a bhunú lena áirithiú go gcaithfear go cothrom agus go neamh-idirdhealaitheach le trácht agus seirbhísí rochtana idirlín á gcur ar fáil agus chun cearta úsáideoirí deiridh a chosaint.

    8.

    I réimse na fánaíochta, leis an Rialachán seo bunaítear sásra nua maidir le praghsanna miondíola do sheirbhísí fánaíochta rialáilte ar fud an Aontais d’fhonn deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola gan margaí baile agus margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu a shaobhadh.

    III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

    A.   Faisnéis ghinearálta

    9.

    I ndiaidh an vóta sa chruinniú iomlánach, chuaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mbun caibidlíochta agus é d’aidhm leis an méid sin teacht ar chomhaontú ar an dara léamh ar bhonn an tseasaimh ón gComhairle ar an gcead léamh a d’fhéadfadh an Pharlaimint a fhormheas mar sin. Léirítear go hiomlán le téacs sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach ar thángthas air idir na comhreachtóirí.

    B.   Na príomh-shaincheisteanna

    10.

    Leagtar amach thíos príomhghnéithe an chomhréitigh ar tháinig Parlaimint na hEorpa air:

    a.   Fánaíocht

    11.

    Faoin gcomhréiteach sin, cuirfear deireadh le formhuirir fánaíochta miondíola san Aontas Eorpach amhail ón 15 Meitheamh 2017. Mar sin féin, sainítear dhá chás sa chomhréiteach ina n-údaraítear feidhmiú na bhformhuirear i gcónaí, faoi réir critéir shonracha.

    12.

    Ar an gcéad dul síos, beidh soláthróirí fánaíochta in ann “beartas maidir le húsáid chóir” a fheidhmiú le cosc a chur ar úsáid mhaslach nó aimhrialta a bhaint as na seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte. Féadfar formhuirear a fheidhmiú nuair a sáraítear an beartas maidir le húsáid chóir. Ní fhéadfaidh an formhuirear a bheith níos airde ná na huasmhuirir mhórdhíola. Faoin 15 Nollaig 2016, sainmhíneoidh an Coimisiún, i ngníomh cur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe i ndáil le beartas na húsáide córa a fheidhmiú.

    13.

    Ar an dara dul síos, d’fhonn inbhuanaitheacht na samhla maidir le muirir intíre a áirithiú, i gcúinsí sonracha agus eisceachtúla, i gcás nach mbeidh na soláthróirí fánaíochta in ann na costais fhoriomlána a bhaineann le seirbhísí fánaíochta rialáilte a chur ar fáil a aisghabháil ón ioncam foriomlán a fhaightear as seirbhísí mar sin a chur ar fáil, féadfaidh siad, faoi réir údarú ón údarás náisiúnta rialála, formhuirear a fheidhmiú, ach go díreach a mhéid agus a bheidh riachtanach leis na costais sin a aisghabháil.

    14.

    Braitheann díothú na bhformhuirear fánaíochta an 15 Meitheamh 2017 ar thogra reachtach a bheith glactha faoin dáta sin lena leasaítear na huasmhuirir mhórdhíola atá á rialáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 faoi láthair nó faoi réir réiteach eile a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a sainaithníodh ar an leibhéal mórdhíola. Ceanglófar ar an gCoimisiún, sula dtíolacfar togra reachtach mar sin, athbhreithniú a dhéanamh ar an margadh fánaíochta mórdhíola d’fhonn na bearta is gá a mheas chun gur féidir deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola.

    15.

    D’fhonn aistriú rianúil a áirithiú ó thaobh deireadh a chur leis na formhuirir fánaíochta, foráiltear d’idirthréimhse sa chomhréiteach, a thosóidh amhail ón 30 Aibreán 2016. Déanfar laghdú suntasach ar na formhuirir fánaíochta ón dáta sin ar aghaidh. Déanfar an formhuirear uasta a theorannú do na formhuirir uasta reatha mórdhíola a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ansin. I gcás glaonna a fhaightear, beidh meánráta ualaithe na rátaí uasta críochnaithe soghluaiste ar fud an Aontais mar an formhuirear uasta, a leagfaidh an Coimisiún amach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme faoi dheireadh 2015.

    b.   Neodracht Líonra

    16.

    Faoi na rialacha nua a bhaineann leis an Aontas uile atá ann lena áirithiú go gcaithfear go cothrom agus go neamh-idirdhealaitheach le trácht i ndáil le seirbhísí rochtana idirlín, ceanglófar ar sholáthróirí caitheamh go cothrom leis an trácht uile agus seirbhísí rochtana idirlín á gcur ar fáil acu, gan idirdhealú, srianadh ná cur isteach air, go neamhspleách ar an seoltóir, ar an bhfaighteoir, ar an ábhar ar a bhfuarthas rochtain nó a leithdháileadh, na feidhmchláir nó seirbhísí a úsáideadh nó a soláthraíodh, nó an trealamh teirminéil a úsáideadh. Féadfaidh siad bearta réasúnta tráchta a úsáid, ach caithfidh na bearta sin bheith trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, comhréireach agus ní fhéadfaidh siad bheith bunaithe ar chomaoineacha tráchtála. Níor cheart go ndéanfaí faireachán leis na bearta bainistithe tráchta ar an inneachar sonrach agus níor cheart go gcoimeádfaí iad níos faide ná mar is gá. Cuirfear toirmeasc ar bhearta a théann níos faide ná bainistiú réasúnta tráchta (mar shampla, blocáil nó scóigeadh) seachas i gcás líon teoranta cásanna a shainítear sa Rialachán.

    17.

    Ceadófar comhaontuithe ar sheirbhísí lena n-éilítear leibhéal sonrach cáilíochta, ar an gcoinníoll nach mbeidh na seirbhísí sin inúsáidte nó i gcás ina ndéantar iad a thairiscint in ionad seirbhís rochtana idirlín agus nach ndéanfar dochar leo d’infhaighteacht ná do cháilíocht ghinearálta na seirbhísí rochtana idirlín d’úsáideoirí deiridh.

    c.   Cearta na n-úsáideoirí deiridh

    18.

    Comhlánaítear na forálacha maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus maidir le fánaíocht a chosaint le forálacha na n-úsáideoirí deiridh, lena gcuirtear ar chumas na n-úsáideoirí deiridh go háirithe roghanna oilte a dhéanamh. Mar shampla, i ndáil le neodracht líonra, ba cheart do sholáthróirí seirbhísí rochtana idirlín na húsáideoirí deiridh a chur ar an eolas ar bhealach soiléir faoin gcaoi ina bhféadfaidh cleachtais bainistithe tráchta agus aon seirbhísí seachas seirbhísí rochtana idirlín tionchar a imirt ar cháilíocht na seirbhíse rochtana idirlín. Ba cheart do sholáthróirí na húsáideoirí deiridh a chur ar an eolas freisin faoin luas a bhíonn ar fáil de ghnáth agus faoi na leigheasanna i gcás neamh-chomhlíonta.

    19.

    I réimse na fánaíochta, d’fhonn ceart na gcustaiméirí seirbhísí fánaíochta a neartú, leagtar síos sa Rialachán na ceanglais thrédhearcachta maidir leis na coinníollacha sonracha taraife agus méide a mbeidh feidhm leo nuair a chuirfear deireadh leis na formhuirir fánaíochta. Go háirithe, caithfear custaiméirí a chur ar an eolas faoin mbeartas infheidhme maidir le húsáid chóir nó nuair a mbainfear amach na méideanna tomhaltais.

    IV.   CONCLÚID

    Léirítear go hiomlán le seasamh na Comhairle an comhréiteach a baineadh amach sa chaibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, le comhaontú ón gCoimisiún. Dearbhaítear an comhréiteach le litir a chuir Cathaoirleach an Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (ITRE) chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe an 16 Iúil 2015.


    (1)  Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Aibreán 2014 maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta maidir leis an margadh aonair Eorpach don chumarsáid leictreonach agus chun Ilchríoch Idirnasctha a bhaint amach, agus lena leasaítear Treoir 2002/20/CE, Treoir 2002/21/CE agus Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 (COM(2013)0627 - C7-0267/2013 - 2013/0309(COD))


    Top