This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52014SC0119
COMMISSION STAFF WORKING DOCUMENT EXECUTIVE SUMMARY OF THE IMPACT ASSESSMENT Accompanying the document Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on personal protective equipment
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le trealamh cosanta pearsanta
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le trealamh cosanta pearsanta
/* SWD/2014/0119 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le trealamh cosanta pearsanta /* SWD/2014/0119 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN
CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ
TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le trealamh cosanta pearsanta Séanadh: Ní
dhéantar a cheangal leis an achoimre feidhmiúcháin seo ach na seirbhísí sin de
chuid an Choimisiúin a bhí bainteach le hullmhú na hachoimre agus tá sí gan
dochar d'fhoirm dheireanach aon chinnidh a dhéanfaidh an Coimisiún. 1. Sainiú Faidhbe In ainneoin go bhfuil ag éirí go maith le
feidhmiú Threoir 89/686/CEE, táthar den tuairim go forleathan i measc na
mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara go bhfuil roinnt feabhsúchán ag
teastáil. Níl aon athrú mór i gceist; áfach, mar thoradh ar thaithí maidir le
feidhmiú na Treorach, ar ionchur sa Chomhairliúchán Poiblí (2011) agus ar
thorthaí an Staidéir um Measúnú Tionchair (2010), caithfear dul i ngleic leis
na saincheisteanna a leanas: –
Treoir maidir le TCP a ailíniú leis an gCreat Nua Reachtach; –
Síneadh le cumhdach táirgí de chuid na Treorach
maidir le TCP; –
Roinnt cineálacha breise TCP le cur ar liosta na
dtáirgí faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta is déine; –
Athrú ar thrí cheanglas sláinte agus
sábháilteachta; –
Athrú ar na ceanglais don chomhad teicniúil,
bailíocht agus inneachar deimhnithe ar scrúdú cineáil an CE, agus Dearbhú
Comhréireachta an AE. Fadhb 1: An Treoir maidir le TCP
a ailíniú leis an gCreat Nua Reachtach Feictear cuid mhór de na fadhbanna ginearálta
arna sainaithint ag an gCreat Nua Reachtach i gcomhthéacs cur chun
feidhme na Treorach maidir le TCP (TCP atá curtha ar an margadh nach bhfuil go
leor leibhéal cosanta aige, fadhbanna a bhaineann le caighdeán na seirbhísí
arna soláthar ag roinnt comhlachtaí dá dtugtar fógra, taithí éagsúil sna
Ballstáit maidir le measúnú agus le faireachán ar chomhlachtaí dá dtugtar
fógra). Ní mór do roinnt monaróirí dul i ngleic le castacht an chreata dhlíthiúil
agus lena neamhréireachta in amanna. Is é atá i gceist leis an Treoir maidir le TCP
a ailíniú leis an gCreat Nua Reachtach, gealltanas polaitiiúl atá
leagtha síos in Airteagal 2 de Chinneadh Uimh. 768/2008 an Chreata Nua
Reachtaigh. Tá scrúdú déanta cheana sa Tuarascáil Measúnaithe
Tionchair ar an bPacáiste Ailínithe maidir leis na roghanna éagsúla a thugann
éifeacht do Chinneadh an Chreata Nua Reachtaigh. As siocair nach bhfuil na
roghanna go díreach mar an gcéanna, ní scrúdóidh an Tuarascáil Measúnaithe
Tionchair na gnéithe sin. Fadhb 2: Síneadh le cumhdach táirgí de
chuid na Treorach maidir le TCP Tá táirgí ar an
margadh a sholáthraíonn feidhmiú cosanta don úsáideoir agus atá oiriúnach do
shainmhíniú Threoir TCP ach nach gcumhdaíonn an Treoir seo iad. Dá dheasca sin,
níl na táirgí sin faoi réir na gceanglas sábháilteachta agus sláinte ó thaobh TCP
de agus, mar thoradh air sin, níl leibhéal cosanta na dtáirgí sin chomh hard is
atá leibhéal cosanta TCP. D’fhéadfadh an tomhaltóir a chreidiúint go bhfuil sé
á chosaint ar riosca áirithe nuair nach bhfuil sé sin fíor. Ní chuirtear san
áireamh sa Treoir táirgí a chosnaíonn ar an teas, ar an tais agus ar uisce arna
gceapadh le haghaidh úsáid phríobháidí. Cumhdaítear an cineálacha táirgí
sin agus úsáid phroifisiúnta acu, áfach. Tagann fadhbanna sábháilteachta
agus sláinte ó tháirgí atá lasmuigh den raon feidhme. Tá sé aitheanta ag na Ballstát
amháin go mbíonn 150 000 cás dó sa bhaile sa tír in aghaidh na bliana.
Baineann leath de na dónna sin leis na lámha. Cruthaíonn an
staid sin fadhbanna do na húdaráis um fhaireachas margaidh freisin. Níor chóir
an t‑idirdhealú idir údaráis phroifisiúnta agus phríobháideach a bheith
ábhartha chun táirgí (atá comhionann) a chur ar an margadh. Tarraingíonn údaráis
um fhaireachas margaidh anuas go rialta go bhfuil gá ann an staid sin a shárú. Fadhb 3: Roinnt cineálacha breise TCP le
cur ar liosta na dtáirgí faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta is
déine Sa Treoir déantar TCP a aicmiú ina thrí
chatagóir atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta éagsúla. Tá
liostaí in éineacht leis na sainmhínithe ar chatagóir I agus ar chatagóir III ina
dtugtar tuairisc ar an TCP arna chumhdach ag na catagóirí sin. Tá sé léirithe sa taithí a fuarthas go bhfuil TCP
atá i gcatagóir III de réir sainmhínithe, (i.e. TCP a cheaptar chun rioscaí
tromchúiseacha a chosaint), ar iarraidh i liosta an TCP atá faoi réir an nós
imeachta um measúnú comhréireachta is déine. Dá dheasca sin, ní bhíonn
iniúchtaí rialta ann ar an bpróiseas táirgthe don TCP seo. Dá bhrí sin, ní
sheiceáiltear cáilíocht an TCP féin arna táirgeadh i réimsí áirithe agus, go
hintuigthe, ní bhíonn an leibhéal céanna sábháilteachta ag an TCP sin. Seo a leanas na cineálacha TCP atá i gceist:
seaicéid tarrthála, TCP atá piléardhíonach agus sá-dhíonach agus TCP ar mhaithe
le cosaint ar ghearrtha mar thoradh ar shábha slabhacha láimhe, ar mhaithe le
cosaint ar ghearradh ardbhrú agus ar mhaithe le cosaint ar thorann. Fadhb 4: Athrú ar thrí ceanglas sláinte
agus sábháilteachta (BHSR) Léiríonn taithí ar a bheith ag déileáil leis
an BHSR go bhfuil trí cheanglas ann, eilimintí dofheidhmithe agus éiginnte: BHSR 3.1.3: ar mhaithe le cosaint ar chreathadh
meicniúil; BHSR 3.5: ar mhaithe le cosaint ar
éifeachtaí dochracha torainn; BHSR 3.9.1: ar mhaithe le cosaint ar
radaíocht neamhianúcháin. I gcás na bpointí sin, leagtar amach sa Treoir
ceanglais atá dofheidhmithe nó éiginnte don úsáideoir nó léiríodh nárbh fhéidir
é a chomhlíonadh. Bíonn aghaidh le tabhairt ag monaróirí ar cheanglais a
thuigtear nach bhfuil siad infheidhmithe. Téann sé sin i bhfeidhm ar na
húsáideoirí de bhrí nach bhfuil iomlán na faisnéise a bhaineann leis an TCP
acu, go bhféadfadh sé bheith neamhábhartha agus go bhféadfadh sé bheith ina
fhoinse fhéideartha éiginnteachta. Fadhb 5: Athrú ar na ceanglais don chomhad
teicniúil, bailíocht agus inneachar deimhnithe ar scrúdú cineáil an CE, agus
Dearbhú Comhréireachta an AE. Ní mór d’údaráis um fhaireachas margaidh dul i
ngleic le torthaí neamhleora na gceanglas a bhaineann leis na doiciméid
thuasluaite. Cuirtear bac ar gcuid oibre mar thoradh ar cheanglais
mhí-éifeachtacha nach bhfuil soiléir atá sa Treoir do na doiciméid sin, is cuma
má tá a gcaighdeán nó a n‑iomláine ríthábhachtach do mheasúnú ó thaobh
comhlíonadh an TCP de. Chomh maith leis sin, ní thuigeann na monaróirí a gcuid
freagrachtaí go soiléir. Ní chuireann cuid de na ceanglais do na doiciméid in
iúl an t‑athrú a thagann ar na caighdeáin chomhchuibhithe thar thréimhse
ama agus d’fhéadfadh sé leanúint ar aghaidh go dtí nach mbeadh an TCP i
gcomhréir leis an Treoir. Thairis sin, maíonn na húdaráis go mbíonn fadhbanna
ann na doiciméid ar gá leo a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar an TCP. Idirghabháil phoiblí is gá Tá gníomhaíocht an AE sa réimse seo bunaithe
ar Airteagal 114 den CFAE. Tá na gnéithe a dtugtar aghaidh orthu sa chomhthéacs
seo arna rialú ag an Treoir maidir le TCP cheana. Ní théann an reachtaíocht
seo, áfach, i ngleic leis na fadhbanna a aithnítear ar dhóigh éifeachtach. Is
léir ón staidéar a rinneadh agus ó chríocha na roghanna a scrúdaíodh go mbeidh
na fadhbanna ann fós mura ndéantar athbhreithniú ar an Treoir. 2. miondealú na coimhdeachta Is gá rialacha comhchoiteanna maidir le ceapadh
TCP agus an dóigh chun TCP a chur ar an margadh sa dóigh go bhfeidhmíonn an
margadh inmheánach ar dhóigh éifeachtach agus cheart chun saorghluaiseacht agus
cosaint sláinte agus sábháilteachta an úsáideora a áirithiú. D’fhéadfadh gníomhaíochtaí a dhéantar ar
leibhéal náisiúnta chun dul i ngleic leis na fadhbanna constaicí a chur ar
shaorghluaiseacht TCP. Ní mór d’aon leasú maidir le raon feidhme, le nósanna
imeachta nó le ceanglais a dhéanamh ar leibhéal an AE chun aon saobhadh i
margadh an AE a sheachaint. As siocair go bhfuil idirnáisiúnú trádála ag
méadú, tá líon na gcásanna trasteorann ag dul i méad. Is féidir gníomhaíocht
comhordaithe ar leibhéal AE na haidhmeanna a bhaint amach ar dhóigh níos fearr,
agus cuirfidh sí faireachas margaidh níos éifeachtaí ar fáil go háirithe. Dá
bhrí sin, tá sé níos oiriúnaí gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal AE. 3. Aidhmeanna Is iad aidhmeanna iomlána an tionscnaimh seo
sláinte agus sábháilteacht úsáideoirí TCP a chosaint níos fearr, cothrom
iomaíochta a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha agus timpeallacht rialála na
hEorpa maidir le TCP a shimpliú. Tá na haidhmeanna níos sainiúla agus na
haidhmeanna maidir le beartais i bhfeidhm le sonrú i gClár 1 thíos. Clár 1: Aidhmeanna sainiúla agus aidhmeanna
maidir le beartais i bhfeidhm GINEARÁLTA || SAINIÚIL || I BHFEIDHM Cosaint níos fearr ar shláinte agus ar shábháilteacht úsáideoirí TCP || Ardchaighdeán de tháirgí a chosnaíonn ar ardrioscaí a áirithiú, ardchaighdeán maidir lena bpróiseas táirgthe san áireamh Iontaofacht agus ardchaighdeán de ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta arna ndéanamh ag comhlachtaí dá dtugtar fógra a áirithiú Inrianaitheacht táirgí a áirithiú || Neamhréireachtaí i liosta na dtáirgí atá faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta is déine a dhíchur Critéir choitianta don mheasúnú a mhionsonrú, faireachán agus rialú NBanna a chur i bhfeidhm go cothrom ar fud an AE Cothrom iomaíochta a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha TCP || Comhsheasmhacht a áirithiú maidir le seirbhísí um measúnú comhréireachta arna ndéanamh ag comhlachtaí dá dtugtar fógra Sásraí agus bearta maidir le faireachas margaidh a fheabhsú || Ceanglais maidir le deimhnithe ar scrúdú cineáil an CE a shoiléiriú Ceanglais maidir le comhad teicniúil a shimpliú agus a shoiléiriú Dearbhú comhréireachta an AE in éineacht le gach táirge a éileamh Simpliú ar thimpeallacht rialála na hEorpa maidir le TCP || Feidhmiú comhsheasmhach den reachtaíocht a áirithiú Infheidhmitheacht na gceanglas a áirithiú || Raon feidhme na Treorach a shoiléiriú Na nósanna um measúnú comhréireachta infheidhme a shimpliú Na ceanglais atá leagtha amach in IARSCRÍBHINN II a shoiléiriú 4. Roghanna beartais Tá trí rogha beartais measta do gach fadhb
faoi seach, i.e. –
an rogha “gan aon rud a dhéanamh” mar rogha
bonnlíne; –
an rogha do “reachtaíocht bhog” mar chomhrogha
neamhreachtach a bhaineann le léirmhíniú lena n‑aontaítear go coitianta
maidir le cur chun feidhme na Treorach maidir le TCP; agus –
an rogha “reachtach” a chuir san áireamh athrú sa
téacs dleathach. Rinneadh miondealú ar leith ar gach réimse ina
bhfuil feabhsú ag teastáil maidir le tionchair na roghanna beartais thuas. 5. measúnú tionchair Léirigh an miondealú cineálach gurb é an rogha
reachtach, in ainneoin na bhfadhbanna uile, an rogha is fearr. As siocair gur
fadhbanna rialála iad gach fadhb a dtugtar tuairisc di, is é an rogha reachtach
an t‑aon rogha a mbeidh soiléiriú agus cinnteacht dhlíthiúil ag baint
leis. D’ainneoin go bhfuil níos mó costais ag baint leis an rogha reachtach i
gcomparáid leis an rogha na reachtaíochta boige, beidh ardsochair chomh maith
le hardchinnteacht dhlíthiúil ag baint leis an rogha reachtach. Níl an dáta cineálach atá ar fáil faoi TCP
agus faoi mhargadh an TCP cruinn agus mionsonrach go leor chun íomhá shoiléir a
fháil ar an margadh agus ar an mbaint atá ann idir TCP difriúil agus forálacha
reachtacha. Tá dhá staidéar coimisiúnaithe ag seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh
agus tá faisnéis bailithe acu chun an fhaisnéis chineálach is cuimsithí a
sholáthar. Tá an measúnú ar gach leasú atá beartaithe
bunaithe ar a chuid costas agus ar a chuid sochar – sochair shláinte san
áireamh, chomh maith le feabhsúcháin maidir le cinnteacht dhlíthiúil. Cuirtear in iúl sa mhír a
leanas torthaí an mhiondealaithe chuimsithigh de rogha reachtach gach faidhbe. Cumhdach táirgí Beidh tionchar dearfach ag an leasú ar chothroime san iomaíocht, as
siocair go mbeidh féindeimhniú éigeantach. Tionchar sóisialta: Buntáiste amháin a bhaineann leis an leasú go mbeidh níos mó
soiléireachta maidir le húsáid an TCP agus le hinneachar na n‑ábhar in
úsáid mar thoradh ar lipéadú na dtáirgí agus ar fhaisnéis an úsáideora. Beidh
leibhéal na faisnéise ginearálta arna sholáthar níos fearr. Tá monaróirí chomh
maith le húdaráis um fhaireachas margaidh ag súil le laghdú táirgí nach bhfuil
leibhéal sásúil cosanta idir 20 % agus 50 % bainte amach acu. Ní
raibh aon dáta ar fáil chun an tionchar a bhaineann le miotóga oighinn a chur
san áireamh mar TCP a mheas. Tá sé aitheanta ag
Ballstát amháin go mbíonn 150 000 cás dó sa bhaile sa tír in aghaidh na bliana.
Baineann leath de na dónna sin leis na lámha. Tionchar eacnamaíoch: Tá an tionchar maidir le comhlíonadh agus le costais riaracháin do
gach táirge an‑bheag. Is féidir a mheas go gcosnaíonn sé cúpla céad euro
do gach sraith TCP agus beidh tionchar an‑íseal ar chostas gach aonaid.
Leis an leibhéal is airde de chaighdeáin táirgthe a bhaint amach, ó thaobh
chosaint bhunúsach sláinte agus sábháilteachta de, tá costais táirgthe 10 %
nó 20 % níos airde ann le haghaidh cuid de na deighleoga i margadh iomlán
na lámhainní. Rachadh an costas méadaitheach sin i bhfeidhm den chuid is mó ar
na monaróirí sin nach gcomhlíonann na ceanglais bhunúsacha i láthair na huaire.
Is féidir táirgí nach bhfuil caighdeán sásúil cosanta acu a bheith ar an
margadh faoi láthair gan faisnéis a bheith ann maidir lena gcaighdeán, agus mar
thoradh air sin, tá lagú sa chothrom iomaíochta. De thairbhe an leasaithe, ba
cheart go mbeadh faisnéis mar sin inrianaithe sa todhchaí a dhéanfadh na
coinníollacha ó thaobh na hiomaíochta córa agus trédhearcaí de a fheabhsú. Measúnú
Comhréireachta Tionchar sóisialta: D’fhéadfadh an leasú bheith ina chabhair le feabhas a chur ar
chomhlíonadh na gcineálacha TCP thuasluaite trí fhaireachán bliantúil a
thabhairt isteach. Tugann sé sin tuilleadh cosanta ó thaobh caighdeán táirgí
de. Áirithíonn tástáil bhliantúil go bhfuil aonchineálacht maidir le táirgí
agus le táirgeacht ann agus go gcomhlíontar buncheanglais TCP agus caighdeáin
táirgí ábhartha. Laghdófar cionroinnt na dtáirgí nach bhfuil go leor leibhéal
cosanta acu. Braitheann cionroinnt an laghdaithe ar an gcineál TCP agus tá
difríocht ó 10 % go 50 % i gceist. Tionchar eacnamaíoch: Tá bunús na bhfreagróirí sa chomhairliúchán poiblí ag súil le
comhlíonadh agus costais riaracháin mheasartha nó nach mbeidh aon chostas
riaracháin ann. Tá roinnt freagróirí ag súil le costais níos airde. Is é an
tionchar is mó a bheadh i gceist go mbeadh gá le faireachán bliantúil a
dhéanamh den phróiseas táirgthe. Dá gcuirfí córas rialaithe cáilíochta chun
feidhme cheana, bheadh costas aonuaire ag baint leis an gcóras d’iniúchtaí i
gcatagóir III a leasú. Fairis sin, is féidir na costais
a bhaineann le TCP ábhartha a roinnt trí líon mór aonad a tháirgeadh, agus mar
sin de, ní bheadh mórán méadaithe i gcostais an t‑aonad i gceist. I measc
na dtionchar dearfach ar iomaíocht idirnáisiúnta, tá dreasacht ann chun
ardchaighdeán seasmhach maidir le cáilíocht táirgí agus aonchineálacht sa
phróiseas táirgthe a bhaint amach, a bhfuil monaróirí an AE i seasamh níos
fearr faoina coinne. Buncheanglais sláinte agus sábháilteachta
(BHSR) Is í an aidhm a bhaineann leis na trí athrú ar
an BHSR gnéithe a dhíchur ón Treoir nach gcuireann le sláinte agus le
sábháilteacht. Ar an iomlán, ba cheart go mbeadh na hathruithe ina dtionchar
dearfach de bhrí nach bhfuiltear ag súil le tionchair dhiúltacha ó thaobh
sláinte agus sábháilteachta de as siocair nach féidir a chruthú faoi láthair
nach gcomhlíontar na ceanglais sin agus, chomh maith leis sin, agus iad bainte
amach, beidh costais níos lú ann do tháirgeoirí agus do Chomhlachtaí ar tugadh
fógra dóibh a bhfuil sé de dhualgas orthu a chruthú go bhfuil siad á
gcomhlíonadh. Comhad teicniúil, dearbhú ar scrúdú cineáil
CE, Dearbhú Comhréireachta CE Tionchar sóisialta: Tuigeann páirtithe leasmhara go bhfuil an leasú atá beartaithe ina
bhuntáiste as siocair go gcabhróidh sé measúnú an TCP seo agus go méadóidh sé
éifeachtacht a gcuid oibre nó go laghdóidh sé an líon TCP nach bhfuil leibhéal
sásúil cosanta bainte amach aige trí mheasúnú níos minice ar TCP atá níos sine
a áirithiú. Ag brath ar an gcineál TCP, tá páirtithe leasmhara ag súil le
laghdú idir 1-25 % ar tháirgí nach bhfuil leibhéal sásúil cosanta acu. Tionchar eacnamaíoch: Ní bheidh mórán costas ag baint le leasuithe a chur chun feidhme ar an
gcomhad teicniúil as siocair go bhfuil rialú táirgthe inmheánach ag monaróirí
cheana agus go bhféadfaidís an doiciméad seo a sholáthar. Tá an leasú maidir
leis an Dearbhú Comhréireachta mar an gcéanna. Mar thoradh ar theorannú ama na ndeimhnithe
níor tugadh luacha na gcostas lena mbaineann sna hagallaimh. Chun teorainn a
chur le hualach breise na monaróirí maidir le hathdheimhniú a gcuid TCP,
soláthróidh an togra do nós imeachta “éadrom”. Beidh costas diomaibhseach ar
íosinneachar éigeantach an teastais de bhrí gur chóir go mbeadh an t‑inneachar
beagnach mar an gcéanna idir lámha ag na Comhlachtaí ar tugadh fógra dóibh. 6. comparáid idir roghanna Is é an toradh a bhí ar an gcomparáid idir
roghanna a bhí bunaithe ar thorthaí mheasúnú na roghanna go bhfuil an tionchar
dearfach is mó, in ainneoin na bhfadhbanna, ag an mbeart reachtach.
Chomhlíontar na haidhmeanna ar leith sa rogha reachtach a chuireann feabhas ar
shláinte agus sábháilteacht, ar chinnteacht dhlíthiúil, ar chomhsheasmhacht sna
ceanglais agus a chuireann an feabhas is fearr ar obair an fhaireachais
mhargaidh. 7. faireachán agus measúnú Chun faireachán agus
measúnú ar éifeachtacht na reachtaíochta ó thaobh TCP de a fheabhsú, beidh gá
le tuairisciú córasach laistigh de na sásraí comhair éagsúla atá ann cheana
maidir le timpistí lena mbaineann TCP. I ngach grúpa a bhaineann le TCP,
bunófar mír ar bhuanchlár cruinnithe, i gcomhar leis an gCoimisiún, chun
tuairisc a thabhairt ar TCP nach bhfuil leibhéal sásúil cosanta aige agus ar
thimpistí gaolmhara agus iarrfar ar Bhallstáit, ar Chomhlachtaí dá dtugtar
fógra agus ar pháirtithe leasmhara eile tuairisc a thabhairt. Gheofar aischothú breise ón gcomhoibriú nua nó
leathnaithe agus ó shásraí malartaithe eolais a sholáthraíonn an Rialachán maidir
leis an gCreat Nua Reachtach 765/2008 dóibh. Beidh neamhchomhlíonadh inbhraite freisin trí
ghearáin a sheoladh chuig an gCoimisiún. 8. rogha don ionstraim dlí Ar aon dul le beartas an Choimisiúin chun an
timpeallacht rialála a shimpliú, tá sé beartaithe an Treoir a athrú ina
Rialachán. Ní thagann úsáid Rialacháin salach ar
phrionsabal na coimhdeachta. Tá an reachtaíocht seo bunaithe ar Airteagal 114
den CFAE a bhfuil sé mar aidhm aici feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh
maidir le TCP a áirithiú. Chun an aidhm sin a bhaint amach, is treoir
chomhchuibhithe amach is amach í Treoir 89/686/CEE maidir le TCP. Níl cead ag
Ballstáit ceanglais bhreise nó níos déine a chur ina reachtaíocht náisiúnta
maidir le TCP a chur ar an margadh. Is mar geall ar úsáid Rialachán i réimse
reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh, i gcomhréir leis na tosaíochtaí atá
curtha in iúl ag na páirtithe leasmhara, gur féidir an riosca a bhaineann le
‘rórialáil’ a sheachaint. Ligeann sé do mhonaróirí bheith ag obair go díreach
le téacs an Rialacháin in ionad 28 ndlí trasuímh a aithint agus a scrúdú. Ar an mbonn sin, meastar gurb é an rogha a
bhaineann le Rialachán an réiteach is iomchuí do gach páirtí i gceist as
siocair go gciallaíonn sé go mbeidh cur chun feidhme níos tapa agus níos
soiléire den reachtaíocht bheartaithe ann agus go mbunóidh sé timpeallacht
rialála níos soiléire d’oibreoirí eacnamaíocha.