This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52014SC0117
COMMISSION STAFF WORKING DOCUMENT EXECUTIVE SUMMARY OF THE IMPACT ASSESSMENT Accompanying the document Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL relating to cableway installations designed to carry persons and repealing Directive 2000/9/EC relating to cableway installations designed to carry persons
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun daoine a iompar agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/9/CE maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun daoine a iompar
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun daoine a iompar agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/9/CE maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun daoine a iompar
/* SWD/2014/0117 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun daoine a iompar agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/9/CE maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun daoine a iompar /* SWD/2014/0117 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN
CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ
TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh
atá ceaptha chun daoine a iompar agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/9/CE
maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh atá ceaptha chun daoine a iompar Séanadh: Níl an
achoimre feidhmiúcháin seo de cheangal ach ar sheirbhísí an Choimisiúin atá
bainteach lena hullmhú agus ní réamhbhreith ar an bhfoirm dheiridh d'aon
chinneadh a ghlacfaidh an Coimisiún í. 1. AN FHADHB A SHAINIÚ Cé go nglactar
leis go ginearálta go bhfuil an treoir um Chábla-bhealaí tar éis na
príomhchuspóirí a bhí le baint amach a bhaint amach, léirítear leis an taithí a
bailíodh le 10 mbliana anuas agus an treoir á cur chun feidhme go bhfuil
gnéithe áirithe ann is féidir a fheabhsú. Bunaithe ar na sásraí aiseolais ó na
Ballstáit agus ó na páirtithe leasmhara earnálacha, sainaithníodh na fadhbanna
seo a leanas: Fadhb 1: Deacracht maidir le
suiteálacha áirithe a shainaithint go soiléir mar chábla-bhealaí Tá léirmhínithe agus cleachtais éagsúla i
measc na n-údarás freagracha san AE, i measc na monaróirí agus i measc na
gcomhlachtaí dá dtugtar fógra, go háirithe maidir le dhá chineál suiteálacha: - Suiteálacha chun críocha iompair agus
áineasa ag an am céanna: eisíonn an treoir um Chábla-bhealaí óna raon feidhme
“trealamh atá le húsáid i bpáirceanna aonaigh nó i bpáirceanna siamsaíochta,
chun críocha áineasa”. Tá trealamh de shaghas nua ar an margadh áfach atá
ceaptha chun críocha áineasa ach a fheidhmíonn mar mhodh iompair chomh maith. - Cáblaí beaga agus ardaitheoirí claonta: go
praiticiúil, is deacair idirdhealú idir na suiteálacha seo a dhéanamh, toisc go
dtagann na hardaitheoirí claonta faoi raon feidhme na Treorach um Ardaitheoirí
95/16/CE, agus tá cáblaí beaga faoi réir na Treorach um Chábla-bhealaí, agus dá
bhrí sin, tá ceanglais riachtanacha éagsúla á gcomhlíonadh acu. Tá costais bhreise tabhaithe ag monaróirí nó
ag oibreoirí de shuiteálacha áirithe mar gheall ar an riachtanas na suiteálacha
a mhodhnú go haisghníomhach agus iad a chuir i gcomhréir leis an treoir um
chábla-bhealaí. Tá cineálacha cur chuige éagsúla curtha i bhfeidhm ag na
húdaráis agus ag na comhlachtaí dá dtugtar fógra ar fud na hEorpa, agus an
toradh a bhí ar sin; caitheamh go héagsúil le monaróirí agus saobhadh margaidh. Fadhb 2: Idirdhealú
idir chomhpháirteanna sábháilteachta, idir fhochórais agus idir bhonneagair Tá an Treoir um Chábla-bhealaí bunaithe ar an
idirdhealú idir chomhpháirteanna sábháilteachta, idir fhochórais, idir
bhonneagair agus idir shuiteálacha; ach ní bhíodh idirdhealú den chineál sin
soiléir i gcónaí. Tá comhpháirteanna sábháilteachta agus
fochórais faoi réir na rialacha ar shaorghluaiseacht earraí agus chuige sin
cuirtear faoi réir nós imeachta um measúnú comhréireachta an Choimisiúin
Eorpaigh agus dearbhú comhréireachta an Choimisiúin Eorpaigh iad. Ar an taobh
eile de, leanann na suiteálacha de bheith faoi réim inniúlachta na mBallstát
agus i ndáil leis sin tá siad faoi réir córais údaraithe shonraigh. Ina
theannta sin, níl bonneagar faoi réir na saorghluaiseachta ach an oiread agus
d'fhéadfaí go mbeadh gá é a thástáil i níos mó ná Ballstát amháin. Fadhb 3: Nós imeachta
um measúnú comhréireachta d'fhochórais Ní dhéanann an Treoir um Chábla-bhealaí foráil
maidir le modúl sonrach um measúnú comhréireachta d'fhochórais. Ceanglaítear le
hIarscríbhinn VII ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra na fochórais a sheiceáil ach
ní thugtar aon treoir ar conas is cheart sin é a dhéanamh. Mar thoradh ar an
gcás sin, tá roinnt léirmhínithe agus cineálacha cur chun feidhme éagsúla den
mheasúnú comhréireachta ar na fochórais agus is féidir éiginnteacht dhlíthiúil
agus saobhadh margaidh bheith mar thoradh air sin. Fadhb 4: An Treoir um Chábla-bhealaí a
ailíniú leis an gCreat Reachtach Nua Titeann an ailíniú ar an
Treoir um Chábla-bhealaí leis an gCreat Reachtach Nua amach i gcomhthéacs an
tiomantais pholaitiúil atá leagtha síos in Airteagal 2 den Chinneadh ar an
gCreat Reachtach Nua. Chonacthas go leor de na fadhbanna
cothrománacha ginearálta atá sainaitheanta ag an gCreat Reachtach Nua i gcur
chun feidhme na Treorach um Chábla-bhealaí 2000/9/CE chomh maith. Sa phróiseas
comhairliúcháin, bhí formhór na bpáirtithe leasmhara i bhfabhar an ailínithe. An gá le hidirghabháil phoiblí Déantar na gnéithe ar a ndírítear i
gcomhthéacs an tionscnaimh sin a rialáil cheana leis an Treoir um
Chábla-bhealaí 2000/9/CE. Ní dhíríonn an reachtaíocht seo ar na fadhbanna atá
sainaitheanta i mbealach éifeachtach áfach. An príomhbhonn cirt atá leis an
ngníomhaíocht, deimhneacht dhlíthiúil agus ailíniú na Treorach um
Chábla-bhealaí leis an gCreat Reachtach Nua a áirithiú do na geallsealbhóirí
earnálacha. 2. Anailís na coimhdeachta Baineann an tionscnamh le feidhmiú cuí agus
éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí i réimse na suiteálacha
cábla-bhealaí atá ceaptha chun daoine a iompar. Tá gníomhaíocht an AE sa réimse
sin bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais
Eorpaigh. Coisceann gníomhaíocht ar leibhéal an AE rialacháin náisiúnta nua
agus éagsúla a thabhairt isteach, a mbeadh ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh
mar thoradh orthu. Má dhéantar beart ar leibhéal náisiúnta chun
dul i ngleic leis an bhfadhb, d'fhéadfaí bacainní a chruthú ar
shaorghluaiseacht táirgí a bhaineann le Cábla-bhealaí (comhpháirteanna
sábháilteachta agus fochórais). Caitheadh go míchothrom le hoibreoirí
eacnamaíocha cheana mar thoradh ar na cineálacha cur chuige éagsúla atá curtha
i bhfeidhm ag na húdaráis nó ag na comhlachtaí dá dtugtar fógra. 3. Cuspóirí Is é is príomhaidhm leis an tionscnamh,
feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, ag áirithiú leibhéal níos airde
sábháilteachta ag an am céanna, agus cothrom iomaíochta a bhaint amach le
haghaidh oibreoirí eacnamaíocha na gCábla-bhealaí. Is cuspóir tábhachtach eile
é an simpliú, trí roinnt príomhchoincheap agus sainithe atá sa téacs dlíthiúil
a shoiléiriú, rud a d'éascódh cur i bhfeidhm comhsheasmhach. Léirítear sa tábla seo a leanas cuspóirí
sonracha agus oibríochtúla thionscnamh an athbhreithnithe ar an Treoir um
Chábla-bhealaí maidir leis na cuspóirí ginearálta beartais mar atá léirithe
thuas. GINEARÁLTA || SONRACH || OIBRÍOCHTÚIL Sláinte agus sábháilteacht na n-úsáideoirí a chosaint níos fearr Cothrom iomaíochta a bhaint amach le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha na gCábla-bhealaí agus saorghluaiseacht earraí a áirithiú || Cur i bhfeidhm fónta agus aonfhoirmeach na Treorach um Chábla-bhealaí a áirithiú Reachtaíocht shoiléir agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach uirthi a áirithiú ar fud an AE Comhleanúnachas agus solúbthacht a áirithiú sna nósanna imeachta um measúnú comhréireachta le haghaidh gach táirge faoi raon feidhme na Treorach um Chábla-bhealaí An timpeallacht Eorpach rialála a shimpliú i réimse na suiteálacha cábla-bhealaí atá ceaptha chun daoine a iompar || Raon feidhme na Treorach, na sainithe agus na dteorainneacha le treoracha eile a shoiléiriú (mar a dhéantar sa Treoir um Ardaitheoirí 95/16/CE) An sainaithint ar agus an t-idirdhealú idir chomhpháirteanna sábháilteachta, idir fhochórais agus idir bhonneagar a shoiléiriú Tuilleadh comhsheasmhachta sna nósanna imeachta um measúnú comhréireachta d'fhochórais a sholáthar 4. Roghanna Beartais Rinneadh trí rogha beartais éagsúil a mheas,
i.e.: - an rogha “Gan beart a dhéanamh” mar rogha
bhunlíne; - an rogha “Reachtaíocht bhog” mar rogha
mhalartach neamhreachtach, is é sin ranna ábhartha den Treoirleabhar um Chur i
bhFeidhm a ghabhann leis an Treoir um Chábla-bhealaí a leasú; agus - an rogha “Beart reachtach”, is é sin codanna
sonracha de théacs dlíthiúil na Treorach um Chábla-bhealaí a leasú. Rinneadh an anailís ar iarmhairtí na roghanna
beartais thuas ar leithligh le haghaidh gach réimse sainaitheanta a d’fhéadfaí
a fheabhsú trí chur chuige céim ar chéim a chur i bhfeidhm. Rinneadh anailís
cáilíochta ar leithligh ar na roghanna beartais do gach fadhb, comhlánaithe le
faisnéis níos mionsonraithe a cuireadh ar fáil sa “Staidéar don Mheasúnú
Tionchair maidir leis an Athbhreithniú a Rinneadh ar Threoir 2000/9/CE maidir
le Suiteálacha Cábla-Bhealaí atá Ceaptha chun Daoine a Iompar”. 5. MEASÚNÚ TIONCHAR Sainaithníodh tuilleadh tionchar ábhartha sa
réimse eacnamaíoch. Sa réimse sóisialta, léirítear roinnt buntáistí ó thaobh
dearcaidh cháilíochtúil de. Ní mheastar go mbeidh tionchair ar an gcomhshaol. Tá an measúnú ar gach ceann de na hathruithe
atá beartaithe bunaithe ar na costais agus ar na buntáistí atá bainteach leo,
buntáistí a chuimsíonn feabhsuithe ar dheimhneacht dhlíthiúil agus cothrom
iomaíochta don tionscal. Tá measúnú déanta ar na tionchair
sóisialta a bhaineann le: ·
Sláinte agus sábháilteacht phoiblí ·
Fostaíocht agus margaí an tsaothair An tionchar sóisialta don chuid is mó,
buntáistí do shláinte agus do shábháilteacht úsáideoirí na suiteálacha
cábla-bhealaigh. Ceapadh na hathruithe a moladh chun cur i
bhfeidhm praiticiúil na Treorach a fheabhsú. Glactar leis go gcuidíonn sé le
leibhéal sábháilteachta feabhsaithe agus le cáilíocht na suiteálacha
cábla-bhealaigh má sholáthraítear deimhneacht dhlíthiúil agus nuair a
shonraítear oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha ar bhealach níos fearr,
tríd an ailíniú leis an gCreat Reachtach Nua. Mar thoradh ar sin, laghdófaí
dóchúlacht tionóiscí nó díobhálacha. Níorbh fhéidir na buntáistí a léiriú ó
thaobh dearcaidh chainníochtúil de áfach. Ní mheastar go mbeidh tionchar ag na roghanna
ar fhostaíocht san earnáil. Tá measúnú déanta ar na tionchair
eacnamaíochta maidir le: ·
Feidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh agus iomaíocht ·
Iomaíochas, trádáil agus sreafaí infheistíochta ·
Costais oibriúcháin agus iompar gnólachtaí /
fiontair bheaga agus mheánmhéide ·
Ualaí riaracháin ar ghnólachtaí ·
Údaráis phoiblí ·
Nuálaíocht agus taighde Maidir le soiléirithe i raon feidhme na
Treorach agus cur chun feidhme nós imeachta um measúnú comhréireachta shonraigh
d'fhochórais, níor cheart go mbeadh costais bhreise ann, toisc go soláthrófar
leis na hathruithe deimhneacht dhlíthiúil don chás atá ann faoi láthair.
Meastar go dtagann na táirgí céanna faoi raon feidhme na Treorach cheana féin
inniu; mar sin de, ní bheadh costais bhreise ach ar na monaróirí nár chuir an
Treoir um Chábla-bhealaí i bhfeidhm, go hearráideach. Sa chomhthéacs sin, is
fiú a thabhairt le fios go bhfuil costais ar tháirge a bhaineann leis an Treoir
um Chábla-bhealaí a chomhlíonadh níos airde ná táirge nach gá an comhlíonadh
seo a áirithiú ina leith. Ar an taobh eile, thiocfadh buntáistí chun cinn de
thairbhe soiléirithe ar raon feidhme agus ar nósanna imeachta um measúnú
comhréireachta do mhonaróirí, d'oibreoirí agus d'údaráis náisiúnta, mar thoradh
ar earráidí féideartha maidir le comhlíonadh, measúnú comhréireachta agus
deimhniúchán a sheachaint. 6. COMPARÁID IDIR NA ROGHANNA Roghnaítear roghanna tosaíochta ar bhonn
anailíse agus ar bhonn an mheasúnaithe ar na roghanna beartais ábhartha, ag cur
san áireamh tionchair eacnamaíocha agus an leibhéal níos airde buntáistí
sóisialta i dtéarmaí sláinte agus sábháilteachta úsáideoirí na suiteálacha
cábla-bhealaigh, trí fheabhsuithe i ndeimhneacht dhlíthiúil agus i gcur i
bhfeidhm na Treorach. Maidir leis na hathruithe a moladh, is rogha
tosaíochta é “Reachtaíocht bhog” a chur le chéile le “Bearta reachtacha”. Déantar measúnú ar gach tionchar i gcomhréir
leis an scála seo a leanas: ++ tionchar
dearfach suntasach + tionchar
dearfach beag 0 tionchar ar
bith / bunlíne - tionchar
diúltach beag -- tionchar
diúltach suntasach Tá na roghanna tosaíochta le haghaidh gach
athrú atá molta aibhsithe i ndath liath. || Éifeachtacht || Éifeachtúlacht Na costais/na sochair || Comhleanúnachas Raon Feidhme na Treorach: 1. Gan beart a dhéanamh (bunlíne) || 0 || 0 || 0 || 0 2. “Reachtaíocht bhog” (an Treoirleabhar um Chur i bhFeidhm a leasú) || + Cuirfear chun cinn cur i bhfeidhm fónta agus aonfhoirmeach na Treorach um Chábla-bhealaí ach ní bhfaighidh sé réidh leis na staideanna dlíthiúla doiléire go hiomlán. || 0 Níltear ag súil leis go mbeidh costais bhreise ann. Sonraíonn na soiléirithe an léirmhíniú ceart ar an dlí atá ann faoi láthair. || + Mheasfaí go mbeidh buntáistí ann má chloíonn ar a laghad roinnt de na monaróirí páirteacha le forálacha an Treoirleabhair um Chur i bhFeidhm. Is neamhchinnteacht ar leith a bhaineann leis an gcur chuige a bhunófaí ar an reachtaíocht bhog go bhfuil sé dírithe ar mhonaróirí ardaitheoirí den chuid is mó. || + Cuideoidh dul chun cinn i dtaca leis an Treoir um Chábla-bhealaí a chur chun feidhme go haonfhoirmeach le rialáil níos fearr agus leis an nGníomh um an Margadh Aonair, d'ainneoin an baol go dtiocfadh staideanna dlíthiúla doiléire chun cinn sa todhchaí. 3. Beart reachtach (an Treoir a leasú) || ++ Áiritheofar cur i bhfeidhm fónta, aonfhoirmeach agus comhsheasmhach na Treorach um Chábla-bhealaí tríd an mbeart reachtach don raon feidhme teoranta a chumhdaítear leis. || 0 Níor sainaithníodh costais bhreise. Mar atá sa rogha roimhe, is soiléiriú é ar cheanglas dlíthiúil atá ann cheana. || ++ Feabhas suntasach ar dheimhneacht dhlíthiúil do mhonaróirí. Seachnófar measúnú mícheart ar cad iad na ceanglais dhlíthiúla ar cheart a chomhlíonadh. || ++ Cuideoidh an staid dhlíthiúil shoiléir le rialáil níos fearr agus leis an nGníomh um an Margadh Aonair. Comhpháirteanna sábháilteachta, fochórais, bonneagair agus suiteálacha 1. Gan beart a dhéanamh (bunlíne) || 0 || 0 || 0 || 0 2. “Reachtaíocht bhog” (an Treoirleabhar um Chur i bhFeidhm a leasú) || + Sholáthródh reachtaíocht bhog treoir sholúbtha, rud a sheachnódh an iomarca forálacha rúracha gan iarraidh a d'fhéadfadh bheith mar thoradh ar réiteach reachtach sa chás seo. Is fearr a bhainfí amach na cuspóirí sonracha maidir le cur i bhfeidhm fónta agus aonfhoirmeach na Treorach um Chábla-bhealaí dá n-úsáidfí rogha na reachtaíochta boige. || 0 Níor sainaithníodh costais bhreise mar thoradh ar chur chuige a bhunófaí ar an reachtaíocht bhog || + Meastar go mbeidh buntáistí toisc go mbeidh uirlis ar fáil chun forálacha infheidhmithe a shoiléiriú do mhonaróirí, do chomhlachtaí dá dtugtar fógra agus do riaracháin phoiblí. Meastar go laghdófaí earráidí agus na costais a bhaineann leo in aicmiú na dtáirgí. || + Spreagfaidh an soiléiriú a sholáthrófar sa Treoirleabhar um Chur i bhFeidhm an reachtaíocht a chur i bhfeidhm ar bhonn comhthoiliúil, a rannchuideoidh go dearfach le rialáil níos fearr agus leis an nGníomh um an Margadh Aonair. Ní fhágfaidh sé go bhfaighfí réidh leis na staideanna dlíthiúla doiléire go hiomlán áfach. 3. Beart reachtach (an Treoir a leasú) || 0 I bprionsabal, sholáthródh beart reachtach cur i bhfeidhm níos fónta agus níos aonfhoirmí ar an Treoir um Chábla-bhealaí. Níor sholáthair an plé sa mheitheal agus sa phróiseas comhairliúcháin téacs soiléir dlíthiúil a sheachnódh tuilleadh léirmhínithe sa todhchaí áfach. || - - Tá baol a bhaineann le costais níos airde ag teacht ó rogha reachtach, maidir le nuálaíocht freisin. || 0 Níor sainaithníodh na buntáistí go soiléir, ach amháin má ghlactar leis go bhfeabhsódh téacs soiléir dlíthiúil, dá mbeadh ceann ar fáil, intuarthacht do mhonaróirí. || 0 Ag tógáil na ceisteanna a ardaíodh ar infhaighteacht réiteach reachtach fónta san áireamh, ní féidir a bheith cinnte go bhféadfaí an réiteach seo rannchuidiú go dearfach le rialáil níos fearr nó leis an nGníomh um an Margadh Aonair. Nós imeachta um measúnú comhréireachta d'fhochórais 1. Gan beart a dhéanamh (bunlíne) || 0 || 0 || 0 || 0 2. “Reachtaíocht bhog” (an Treoirleabhar um Chur i bhFeidhm a leasú) || + D'fhéadfadh an cur chun cinn de na modúil um measúnú comhréireachta sa Treoirleabhar um Chur i bhFeidhm cuidiú chun cuid den chomhchuibheas sa réimse sin a shroicheadh. Is beag an difear idir an cur chuige agus cúrsaí mar atá faoi láthair. Tá na modúil aitheanta go forleathan ach tá fadhbanna sainaitheanta ann go fóill. || 0 Tá nós imeachta um measúnú comhréireachta de dhíth cheana féin i láthair na huaire, mar sin de níor cheart go mbeadh costais bhreise shuntasacha ann. || 0 Ní féidir a bheith cinnte go mbeadh buntáistí mar thoradh ar an rogha seo. Níor fhág infhaighteacht na modúl i láthair na huaire go bhfuil an cás intuartha go hiomlán ag monaróirí. || 0 Níl na rannchuidithe le rialáil níos fearr agus leis an nGníomh um an Margadh Aonair soiléir toisc go meastar gur tionchar an-teoranta a bhíonn ag rogha na reachtaíochta boige. 3. Beart reachtach (an Treoir a leasú) || ++ Trí mhódúil a chur san áireamh le haghaidh measúnaithe comhréireachta faoin dlí, mar a dhéantar de ghnáth le haghaidh táirgí a thagann faoi reachtaíocht ina bhfuil cur chuige nua i gceist, áiritheofar go mbeidh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá á n-úsáid san AE comhsheasmhach. Comhlíonfar na cuspóirí sonracha go hiomlán. || 0 Tá nós imeachta um measúnú comhréireachta de dhíth cheana féin i láthair na huaire, mar sin de níor cheart go mbeadh costais bhreise shuntasacha ann. || ++ Bainfear feabhas suntasach ar dheimhneacht dhlíthiúil agus ar intuarthacht amach do mhonaróirí. || ++ Soláthraíonn an rogha sin staid dhlíthiúil shoiléir. Rannchuideoidh an rogha le rialáil níos fearr agus leis an nGníomh um an Margadh Aonair. Rogha ionstraime dlí I gcomhréir le beartas an Choimisiúin an
timpeallacht rialála a shimpliú, tá sé beartaithe Rialachán a dhéanamh den
Treoir. Forchuirtear leis an Treoir atá ann faoi láthair rialacha soiléire
agus mionsonraithe a bheidh infheidhme i go haonfhoirmeach ar fud an Aontais.
Dá bhrí sin, is féidir Rialachán a dhéanamh de go héasca. Seachnófar leis an
athrú sin na costais do na Ballstáit a bhaineann le Treoir a thrasuí. Ina theannta
sin, beifear in ann an reachtaíocht nua a chur i bhfeidhm níos tapúla agus
cuideoidh sé le hoibreoirí eacnamaíocha a gcuid gnó a dhéanamh, toisc nach
mbeidh orthu déileáil ach le hionstraim rialála amháin, in ionad 28 dlí
náisiúnta lena dtrasuítear Treoir. 7. Faireachán agus
Meastóireacht Leanfar leis an measúnú ar éifeachtacht na
reachtaíochta a bhunú ar an aiseolas a fhaightear trí na sásraí cumarsáide agus
comhair atá bunaithe cheana féin taobh istigh de chreat na Treorach um
Chábla-bhealaí, i.e.: – An Buanchoiste Comhairleach um
Chábla-bealaí (CSC) agus an Meitheal Saineolaithe um Chábla-bealaí (CWG) – An Grúpa um Chomhar Riaracháin
maidir le Faireachas Margaidh sna Ballstáit maidir le Cábla-bhealaí (Cableways
AdCo); – An Grúpa Earnála um Shuiteálacha
Cábla-bhealaigh (CSG) den Chomhordú Eorpach ar Chomhlachtaí dá dtugtar Fógra; – Coiste Teicniúil 242 um cheanglais
shábháilteachta d'iompar paisinéirí le téad den Choiste Eorpach um Chaighdeánú
(CEN/TC 242). Gheofar aiseolas sa bhreis ó na sásraí nua nó
fairsingithe maidir le comhar agus malartú faisnéise dá bhforáiltear leis an
Rialúchán maidir leis an gCreat Reachtach Nua 765/2008. Déanfar faireachán ar leibhéal na
comhlíontachta trí na táscairí seo a leanas: – líon na dtáirgí arna seiceáil; – líon na dtáirgí neamhchomhlíontacha
i measc siúd a seiceáladh; – an cineál neamhchomhlíonta a
thángthas air. Bunófar na táscairí forfheidhmithe ar
fhaisnéis arna soláthar ag na húdaráis um fhaireachas margaidh trí: – an córas RAPEX; – bunachar sonraí ginearálta arna
mbunú faoi Airteagal 23 den Rialúchán maidir leis an gCreat Reachtach Nua
765/2008 le haghaidh malartaithe faisnéise i measc na mBallstát ar
ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus ar tháirgí neamhchomhlíontacha
(ICSMS); – na nósanna imeachta um fhógra a
thabhairt maidir leis an gclásal cosanta. Beifear in ann an neamhchomhlíonadh a bhrath
chomh maith trí ghearáin a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. I comhréir leis an mbeartas maidir le “Rialáil
chliste”, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht an Rialacháin um
Chábla-bhealaí taobh istigh de thréimhse cúig bliana suas le huasmhéid deich
mbliana i ndiaidh dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin, ag bunú na faisnéise ar
aiseolas a gheofar ó na sásraí atá leagtha amach thuas.