Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014PC0707

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha a aisghairm

/* COM/2014/0707 final - 2014/0334 (COD) */

52014PC0707

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha a aisghairm /* COM/2014/0707 final - 2014/0334 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha, tá feidhm aige maidir le hallmhairí táirgí teicstíle de thionscnamh tríú tíortha, tíortha a bhfuil comhaontuithe déthaobhacha tugtha i gcrích ag an gComhphobal Eorpach leo, nó prótacail sínithe nó socruithe eile déanta aige leo.

Le blianta beaga anuas, níor choinnigh an tAontas Eorpach comhaontuithe déthaobhacha maidir le trádáil i dteicstílí ach leis an Rúis agus leis an tSeirbia. Tar éis aontachas na Rúise leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais leis an tSeirbia, níl an príomhchuspóir a thíodh ag Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ann a thuilleadh.

Thairis sin, úsáideadh Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 chun teorainneacha cainníochtúla a fhorchur ar tháirgí teicstílí áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne i rith tréimhse teoranta agus chun úsáid a bhaint as an sásra cosanta idirthréimhseach a bhaineann le táirgí ar leith le haghaidh na Síne ina dhiaidh sin. Chuaigh an sásra sin in éag an 11 Nollaig 2013.

Leis an togra seo, dá bhrí sin, déantar foráil maidir le Rialacháin (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle a aisghairm d'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a chur chun cinn.

2014/0334 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha a aisghairm

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Tháinig Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93[1] ón gComhairle i bhfeidhm an 9 Samhain 1993 agus bhí feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 1993.

(2)       An 22 Lúnasa 2012, rinne Cónaidhm na Rúise aontachas leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Mar thoradh air sin, bhí Poblacht na Seirbia ar an tír dheireanach a raibh comhaontú déthaobhach maidir le trádáil i dteicstílí ag an Aontas Eorpach léi.

(3)       An 29 Aibreán 2008 síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, ar thaobh amháin, agus Poblacht na Seirbia den pháirt eile[2]. Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2013. An 1 Feabhra 2010, tháinig an Comhaontú Eatramhach maidir le trádáil agus cúrsaí a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile[3] i bhfeidhm. Ó shin i leith, ní raibh feidhm ag Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 le Poblacht na Seirbia a thuilleadh.

(4)       Chuaigh Teideal I de Rialachán (CE) Uimh. 427/2003[4] in éag an 11 Nollaig 2013. Dá bhrí sin, tá an fhéidearthacht bearta cosanta a fhorchur tríd an sásra sin imithe in éag.

(5)       Sna himthosca a thuairiscítear in aithrisí 1-4, ba cheart Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 a aisghairm chun deimhneacht dhlíthiúil a chur chun cinn,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairm Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha (IO L 275, 08.11.1993, lch. 1).

[2]               An comhaontú cobhsaíochta agus comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstát de pháirt amháin, agus Poblacht na Seirbia den pháirt eile (IO L 278, 18.10.2013, lch. 16).

[3]               Comhaontú eatramhach ar thrádáil agus ar chúrsaí a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile (IO L 28, 30.1.2010, Lch. 2).

[4]               Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 ón gComhairle maidir le sásra cosanta idirthréimhseach atá sonrach ó thaobh an táirge d'allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 65, 8.3.2003, lch. 1).

Top