This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52014PC0358
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Regulation (EU, EURATOM) No 966/2012 on the financial rules applicable to the general budget of the Union
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais
/* COM/2014/0358 final - 2014/0180 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais /* COM/2014/0358 final - 2014/0180 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Tar éis Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar sholáthar poiblí
agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE[1]("an Treoir")
agus Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014
ar chonarthaí lamháltais a dhámhachtain[2]
a ghlacadh, ba cheart foráil a dhéanamh chun na rialacha atá sna Treoracha sin
a chur i bhfeidhm ar chonarthaí a thug na hinstitiúidí Eorpacha as a stuaim
féin. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Toisc nach ndéanann an togra seo ach na
treoracha nua maidir le soláthar poiblí agus conarthaí lamháltais a
dhámhachtain a chur chun feidhme, ní dhearnadh aon chomhairliúchán poiblí. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Na modhnuithe a rinneadh ar théacs an
Rialacháin Airgeadais, is féidir iad a aicmiú ina dtrí phríomhghrúpa. Tá an chéad sraith athruithe nasctha leis an
ailíniú leis an Treoir. Tugadh isteach forálacha nua, amhail comhairliúchán
margaidh, an chomhpháirtíocht nua nuála mar nós imeachta, comhlíonadh dlí
comhshaoil, sóisialta agus saothair a thabhairt isteach mar riachtanas lárnach,
meastóireacht critéar ach gan aon ord ar leith a bheith léi, modheolaíocht na
dámhachtana arna bunú ar an tairiscint is mó buntáistí eacnamaíocha. Ina
theannta sin, tugadh isteach lamháltais le haghaidh oibreacha agus seirbhísí
den chéad uair sa Rialacháin Airgeadais agus tá siad faoi réir na gcineálacha
céanna nósanna imeachta agus atá conarthaí poiblí. Baineann an dara grúpa athruithe leis na
hairteagail maidir le heisiamh. Déantar na forais i gcomhair eisiaimh a
shoiléiriú agus a ailíniú leis an Treoir mar aon leis an deis a bheith ag an
oibreoir eacnamaíoch ábhartha bearta feabhais a dhéanamh. Tá eisiamh scartha go
soiléir ó dhiúltú i gcás nós imeachta ar leith, chun mearbhall a sheachaint. Tá
córas aonair curtha ar bun le cur le cosaint leasanna airgeadais an Aontais,
rud a chuireann san áireamh an Bunachar Sonraí Lárnach maidir le heisiaimh atá ann
cheana féin. Is é is aidhm don chóras a áirithiú go mbraithfear agus go
gcoiscfear rioscaí go luath agus go bhfoilseofar faisnéis a bhaineann leis na
hoibreoirí eacnamaíocha a eisiadh. Tá painéal eisiaimh curtha ar bun chun
cinntí maidir le heisiamh a dhéanamh tar éis anailísiú an cháis agus ráthaíonn
sé ceart ar chosaint na n‑oibreoirí eacnamaíocha. Tá nasc ag an tríú grúpa athruithe leis an
téacs a shoiléiriú agus a shimpliú. Laistigh de theorainneacha na Treorach agus
faoi bhun na dtairseach ar a bhfuil feidhm ag an Treoir, déantar athbhreithniú
ar fhorálacha a bhaineann le soláthar d'fhonn comhsheasmhacht san fhoclóir a
úsáidtear ar fud an Teidil a áirithiú agus rialacha áirithe a shoiléiriú.
Baineann na soiléirithe agus na simplithe sin le bearta faisnéise agus
poiblíochta os cionn tairseach agus faoina mbun, ceanglais maidir le hoscailt
agus le meastóireacht, diúltú tairiscintí neamh-chomhlíontacha, ráthaíochtaí
bainc le haghaidh oibreacha agus seirbhísí casta conarthaí, an fhíric go
meastar institiúidí an Aontais a bheith ina n‑údaráis chonarthacha
cheannais de réir na Treorach, an tagairt do thairseacha Treorach is
infheidhme, nósanna imeachta leictreonacha agus soláthar a dhéanann institiúidí
a oscailt d'eagraíochtaí idirnáisiúnta. 2014/0180 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012
maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta
an Aontais TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE
AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de, i gcomhcheangal leis
an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go
háirithe Airteagal 106a de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí[3], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[4]
leagtar síos na rialacha maidir le bunú agus cur chun feidhme bhuiséad
ginearálta an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, tá rialacha maidir le soláthar
poiblí ann freisin. An 26 Feabhra 2014 glacadh Treoir 2014/24/AE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[5]
maidir le soláthar poiblí agus Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle[6]
maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain. Is gá, dá bhrí sin, Rialachán
(AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a chur in oiriúint chun go gcuirfear san
áireamh na Treoracha sin le haghaidh conarthaí arna ndámhachtain ag institiúidí
an Aontais as a stuaim féin. (2) Ba cheart roinnt sainmhínithe
a chur isteach, agus ba cheart soiléirithe teicniúla áirithe a dhéanamh chun a
áirithiú go bhfuil téarmaíocht an Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 966/2012
ag teacht le téarmaíocht Threoir 2014/24/AE agus Threoir 2014/23/AE. (3) Na bearta poiblíochta agus
faisnéise ex-ante agus ex-post is gá chun nós imeachta soláthair
a sheoladh, ba cheart iad a shoiléiriú maidir le conarthaí atá os cionn agus
faoi bhun na dtairseach atá leagtha amach i dTreoir 2014/24/AE. (4) Ba cheart liosta
uileghabhálach de nósanna imeachta soláthair uile institiúidí an Aontais, beag
beann ar an tairseach, a bheith i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. (5) I gcomhréir le Treoir 2014/24/AE,
ba cheart do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 comhairliúchán
margaidh a cheadú sula seolfaí nós imeachta um sholáthar. (6) Ba cheart córas aonair a
bhunú le cur le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, rud a chuirfeadh san
áireamh an Bunachar Sonraí Lárnach maidir le hEisiamh atá ann cheana féin. Ba
cheart é a bheith d'aidhm ag an gcóras rioscaí a bhrath go luath agus oibreoirí
eacnamaíochta eisiata a lárú. (7) Cé gurb é an Coimisiún atá
freagrach as feidhmiú an chórais luathbhraite agus eisiaimh, ba cheart
institiúidí agus comhlachtaí eile a bheith rannpháirteach go díreach chun
rioscaí a bhrath go luath. (8) Ba cheart na rialacha maidir
le heisiamh ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta um sholáthar a fheabhsú chun
cosaint leasanna airgeadais an Aontais a neartú. (9) Ba cheart painéal láraithe
nuachruthaithe, arna chur ar bun ag an gCoimisiún, an cinneadh a dhéanamh
oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair,
go háirithe, agus pionós airgeadais a fhorchur. Ba cheart é a bheith
comhdhéanta de phríomhghníomhairí an Choimisiúin agus na n‑institiúidí,
na gcomhlachtaí nó na n‑oifigí Aontais lena mbaineann. (10) I gcomhréir le Treoir 2014/24/AE,
ba cheart do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 liosta na
ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha atá ina bhforas i gcomhair eisiaimh a shonrú
go háirithe maidir le saothar leanaí nó foirmeacha eile gáinneála ar dhaoine. Ba cheart a shoiléiriú gur foras i gcomhair
eisiaimh é sárú tromchúiseach conartha. (11) Níor cheart an t‑oibreoir
eacnamaíoch a bheith faoi réir cinnidh eisiaimh nuair is féidir leis a
iontaofacht a léiriú trí bhearta feabhais a ghlacadh. Níor cheart feidhm a
bheith leis an deis sin i gcás na ngníomhaíochtaí coiriúla is tromchúisí. (12) Ba cheart don phainéal
nuachruthaithe an t‑oibreoir eacnamaíoch a eisiamh i gcás ina bhfuil
mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, calaois, éilliú, rannpháirtíocht in
eagraíocht choiriúil, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, cionta a
bhaineann le sceimhlitheoireacht, saothar leanaí nó cineálacha eile gáinneála
ar dhaoine, agus sárú tromchúiseach conartha ar bhonn na fianaise ann. (13) Ba cheart don phainéal ceart
ar chosaint atá ag na hoibreoirí eacnamaíocha a ráthú. I gcásanna ina bhfuil
calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile ann a dhéanfadh
difear do leas airgeadais an Aontais nach bhfuil fós faoi réir breithiúnais
deiridh, ba cheart é a chur ar chumas an phainéil an deis a tugadh don oibreoir
eacnamaíoch a chuid barúlacha a chur in iúl a iarchur. Níor cheart an t‑iarchur
sin a cheadú ach amháin i gcás ina bhfuil forais dhlisteanacha láidre ann i
gcomhair rúndacht an imscrúdaithe a chaomhnú. (14) Ba cheart don údarás
conarthach an t‑oibreoir eacnamaíoch a eisiamh freisin nuair a rinneadh
cinneadh riaracháin críochnaitheach nó nuair a tugadh breithiúnas
críochnaitheach ina leith i gcás ina bhfuil mí-iompair gairmiúil tromchúiseach,
neamhchomhlíonadh na n‑oibleagáidí ann a bhaineann le ranníocaíochtaí
slándála sóisialta nó le cánacha a íoc, calaois, éilliú, rannpháirtíocht in
eagraíocht choiriúil, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, cionta a
bhaineann le sceimhlitheoireacht, saothar leanaí nó cineálacha eile gáinneála
ar dhaoine. (15) Ba cheart na critéir maidir le
heisiamh a bheith scartha go soiléir ó na critéir as a dtiocfaidh diúltú
féideartha i gcás nós imeachta ar leith. (16) Aon eintiteas a bhfuil baint
aige le cur chun feidhme an bhuiséid, ba cheart dó faisnéis faoi oibreoir
eacnamaíoch a roinnt nuair a dhéanann siad cinneadh ar eisiamh faoina
bhfreagracht féin chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. (17) Ba cheart an ré eisiaimh a
bheith teoranta ó thaobh ama, i gcomhréir le Treoir 2014/24/AE. (18) Chun díspreagadh ar na
rialacha um eisiamh agus um pionós airgeadais a fheabhsú, ba cheart faisnéis a
bhaineann le hoibreoirí eacnamaíocha i gcás eisiaimh a fhoilsiú ar shuíomh
idirlín an Choimisiúin i gcomhréir le ceanglais chosanta sonraí a leagtar amach
i Rialachán Uimh. 45/2001of Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[7] agus i dTreoir 95/46/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[8].
(19) I gcomhréir le Treoir 2014/24/AE,
ba cheart Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 fíorú eisiaimh a cheadú,
na critéir roghnúcháin agus dámhachtana a chur i bhfeidhm, chomh maith le
comhlíonadh na ndoiciméad soláthair a fhíorú in aon ord. Mar thoradh air sin,
ba cheart an deis a bheith ann tairiscintí ar bhonn na gcritéar dámhachtana a
dhiúltú gan seiceáil roimh ré maidir le critéir eisiaimh nó roghnúcháin an
tairgeora chomhfhreagraigh. (20) Ba cheart dámhachtain na
gconarthaí a chur i gcrích ar bhonn na tairisceana is sochraí ó thaobh na
heacnamaíochta i gcomhréir le Treoir 2014/24/AE. (21) Ba cheart a shoiléiriú gur
cheart na tairiscintí go léir a oscailt agus a mheas le haghaidh aon nós
imeachta agus cibé acu ar ceapadh coiste oscailte nó meastóireachta ar leith nó
nár ceapadh. Ba cheart cinneadh dámhachtana a bheith ina thoradh ar
mheastóireacht i gcónaí. (22) Ós rud é nach gcuirtear
critéir i bhfeidhm in aon ord ar leith, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an
deis a bheith ag na tairgeoirí a chuir tairiscintí chomhlíontacha isteach agus
a diúltaíodh saintréithe agus buntáistí coibhneasta an tairgeora ar éirigh leis
a fháil má iarrann siad sin. (23) Ba cheart an deis a bheith ann
ráthaíochtaí conarthacha a éileamh i gcás oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí
casta d'fhonn comhlíonadh oibleagáidí suntasacha conarthacha a ráthú i
gcomhréir leis an gcleachtas is gnách sna hearnálacha sin chun cur chun feidhme
iomchuí an chonartha le linn a ré a áirithiú. (24) Is gá foráil a dhéanamh maidir
leis an deis a bheith ann comhlíonadh conartha a chur ar fionraí d'fhonn a
fháil amach ar tharla earráidí, mírialtachtaí nó calaois. (25) D'fhonn a chinneadh cé na
tairseacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí an
Aontais, is gá a shoiléiriú go bhfuil institiúidí an Aontais le meas mar
údaráis chonarthacha lárnacha mar atá sainmhínithe i dTreoir 2014/24/AE. (26) Is iomchuí tagairt a chur
isteach don dá thairseach is infheidhme maidir le saothair agus le soláthairtí
agus seirbhísí dá bhforáiltear i dTreoir 2014/24/AE. Ba cheart na
tairseacha sin a bheith infheidhme freisin maidir le conarthaí lamháltais ar
mhaithe le simpliú, chomh maith le bainistíocht fhónta airgeadais, agus
sainiúlachtaí riachtanais conarthacha institiúidí an Aontais á gcur san
áireamh. Dá bhrí sin, bheadh an nuashonrú ar na tairseacha sin dá bhforáiltear
i dTreoir 2014/24/AE infheidhme go díreach maidir le soláthar institiúidí
an Aontais. (27) Is gá coinníollacha chur i
bhfeidhm na tréimhse neamhghníomhaíochta a shoiléiriú. (28) Is gá a shoiléiriú cé na
hoibreoirí eacnamaíocha a mbeidh rochtain acu ar sholáthar institiúidí an
Aontais ag brath ar an áit a bhfuil siad bunaithe agus a fhoráil go sainráite
don deis a bheith ag eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin an rochtain sin a
bheith acu. (29) Ba cheart feidhm na bhforas
eisiaimh a leathnú chuig ionstraimí eile fhorghníomhú an bhuiséid, amhail
deontais, duaiseanna, ionstraimí airgeadais agus saineolaithe luach saothair
agus i gcás na bainistíochta indírí. (30) Ba cheart, dá bhrí sin,
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a leasú dá réir, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012
mar seo a leanas: (1)
Sa chéad fhomhír d'Airteagal 60(2), cuirtear
an méid seo a leanas in ionad phointe (d): "(d) rialacha agus nósanna imeachta iomchuí a
chur i bhfeidhm maidir le maoiniú as cistí an Aontais a chur ar fáil trí
sholáthar, deontais, duaiseanna agus ionstraimí airgeadais lena n‑áirítear
na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 108(5);"; (2)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Theideal II
de Chuid a Dó: "TEIDEAL V SOLÁTHAR POIBLÍ AGUS LAMHÁLTAIS"; (3)
I gCaibidil 1 de Theideal V de Chuid a hAon,
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 1, Roinn 2 agus Roinn 3: Roinn 1 Raon feidhme agus prionsabail dámhachtana Airteagal 101 Sainmhínithe chun críche an Teidil seo 1. Ciallaíonn 'soláthar' sealbhú trí chonradh ar
fhoirgnimh, oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí ag údarás conarthach amháin nó
níos mó ná sin ó oibreoirí eacnamaíocha a roghnaigh na húdaráis chonarthacha
sin. 2. Is conarthaí le haghaidh leasa airgid iad
conarthaí poiblí, a thugtar i gcrích i scríbhinn idir oibreoir eacnamaíoch
amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagal 117
agus Airteagal 190 ionas go ndéanfar, ar phraghas arna íoc ina iomláine nó
i bpáirt as an mbuiséad, sócmhainní sochorraithe nó dochorraithe a chur ar
fáil, oibreacha a chur i gcrích nó seirbhísí a sholáthar. Is é a bheidh i gconarthaí den sórt sin: (a) conarthaí tógála; (b) conarthaí soláthair; (c) conarthaí oibreacha; (d) conarthaí seirbhíse. 3. Ciallaíonn 'conradh lamháltais' conradh le
haghaidh leasa airgid a cuireadh i gcrích i scríbhinn idir oibreoir eacnamaíoch
amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagal 117
agus Airteagal 190, d'fhonn oibreacha a chur i gcrích nó bainistíocht
seirbhísí a chur de chúram ar oibreoir eacnamaíoch. Is é a bheidh sa luach
saothair an ceart chun leas a bhaint as na hoibreacha nó na seirbhísí amháin,
sin nó an ceart sin mar aon le híocaíocht. Is é a bheidh i gceist le lamháltas
oibreacha nó seirbhísí riosca a dhámhachtain riosca oibriúcháin a aistriú chuig
an lamháltóir chun maidir le leas a bhaint as na hoibreacha nó na seirbhísí
sin, a chuimsíonn riosca éilimh nó ar soláthair nó iad araon. Measfar gur ghlac
an lamháltóir riosca oibriúcháin i gcás, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, nach
ráthaítear go n‑aisíocfar é as na hinfheistíochtaí a rinneadh nó na
costais a tabhaíodh agus na hoibreacha nó na seirbhísí atá i gceist á n‑oibriú.
4. Ciallaíonn 'conradh' conradh poiblí nó conradh
lamháltais. 5. Ciallaíonn 'creatchonradh' conradh poiblí a
thugtar i gcrích idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás
conarthach amháin nó níos mó, arb é a chuspóir na téarmaí a bhunú lena rialófar
conarthaí a bheidh le dámhachtain le linn tréimhse áirithe, ag féachaint go
háirithe do phraghas agus, nuair is iomchuí, don mhéid atá beartaithe. 6. Ciallaíonn 'oibreoir eacnamaíoch' aon duine
nádúrtha nó dlítheanach nó eintiteas poiblí a thairgeann táirgí a sholáthar,
oibreacha a chur i gcrích nó seirbhísí a chur ar fáil. 7. Ciallaíonn 'Doiciméad soláthair' aon doiciméad
a chuir an t‑údarás conarthach ar fáil nó ar thagair sé dó chun cur síos
nó cinneadh a dhéanamh ar ghnéithe den nós imeachta lena n‑áirítear na
bearta poiblíochta a leagtar amach in Airteagal 103, sonraíochtaí
tairisceana nó doiciméad tuairisciúil, dréachtchonradh agus cuireadh chun
tairisceana. 8. Seachas i gcás Airteagal 106 go hAirteagal 108,
ní bheidh feidhm ag an Teideal seo maidir le deontais, nó maidir le conarthaí i
gcomhair cúnaimh theicniúil mar atá sainithe i gcomhréir le hAirteagal 125(8)
arna dtabhairt i gcrích le BEI nó leis an gCiste Eorpach Infheistíochta. 9. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha
mionsonraithe maidir le sainmhíniú agus le raon feidhme conarthaí soláthair,
lena n‑áirítear creatchonarthaí agus conarthaí sonracha. Airteagal 102 Prionsabail is infheidhme maidir le nósanna
imeachta soláthair agus conarthaí 1. Urramóidh na nósanna imeachta um sholáthar agus
na conarthaí uile prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa
comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe. 2. Cuirfear na conarthaí soláthair go léir amach
ar tairiscint ar an mbonn is leithne is féidir, ach amháin nuair a bheidh úsáid
á baint as an nós imeachta idirbheartaíochta dá dtagraítear i bpointe (d)
d'Airteagal 104(1). Ní fhéadfaidh na húdaráis chonarthacha na
creatchonarthaí a úsáid go míchuí ná ar bhealach arb é is cuspóir nó is
éifeacht dó an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh. Roinn 2 Poiblíocht Airteagal 103 Bearta poiblíochta 1. Maidir le nósanna imeachta atá cothrom le nó
níos mó ná na tairseacha faoi Airteagal 118(1) nó in Airteagal 190,
déanfaidh an t‑údarás conarthach an méid seo a leanas a fhoilsiú in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh: (a) fógra conartha maidir le nós imeachta a
sheoladh, ach amháin i gcás an nós imeachta faoi Airteagal 104(1)(d). (b) fógra dámhachtana conartha faoi thorthaí an
nós imeachta. 2. Déanfar nósanna imeachta a bhfuil a luach ná na
tairseacha a leagtar amach in Airteagal 118 nó in Airteagal 190 a
fhoilsiú le modhanna iomchuí. 3. Féadfar gan faisnéis áirithe faoi thabhairt
conarthaí a dhámhachtain amach más rud é go gcuirfeadh scaoileadh na faisnéise
sin bac ar fhorfheidhmiú an dlí, nó go mbeadh sé in aghaidh leas an phobail ar
shlí eile, go ndéanfadh sé dochar do leasanna dlisteanacha tráchtála oibreoirí
eacnamaíocha, nó dá bhféadfadh sé dochar a dhéanamh d’iomaíocht chóir idir na
hoibreoirí sin. 4. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha
mionsonraithe maidir le ceanglais i ndáil le fógraíocht conarthaí agus le
foilsiú fógraí. Roinn 3 Nósanna imeachta um sholáthar Airteagal 104 Nósanna imeachta um sholáthar 1. Nósanna imeachta soláthair maidir le conarthaí
lamháltais nó poiblí a dhámachtain, lena n‑áirítear creatchonarthaí,
beidh siad i gceann de na foirmeacha seo a leanas: (a) nós imeachta oscailte; (b) nós imeachta srianta lena n‑áirítear trí
chóras ceannaigh dinimiciúil; (c) comórtais um dhearadh; (d) nós imeachta idirbheartaíochta; (e) idirphlé iomaíoch; (f) Nós imeachta iomaíoch fara idirbheartaíocht; (g) comhpháirtíocht nuála; (h) nósanna imeachta lena mbaineann glao ar léiriú
spéise. 2. I gcás inar spéis le dhá institiúid nó níos mó,
le dhá ghníomhaireacht feidhmiúcháin nó níos mó nó le dhá chomhlacht nó níos mó
dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 conradh poiblí nó
creatchonradh, agus aon uair a d'fhéadfaí éifeachtúlacht a mhéadú, féadfaidh na
húdaráis chonarthacha ábhartha nós imeachta agus bainistiú an chonartha nó an
chreatchonartha iardain a chur i gcrích ar bhonn idirinstitiúideach faoi
cheannaireacht ceann de na húdaráis chonarthacha. Féadfaidh na comhlachtaí arna mbunú ag an
gComhairle faoin CBES de bhun Theideal V den CAE páirt a ghlacadh i nósanna
imeachta idirinstitiúideacha freisin. Ní fhéadfaidh téarmaí creatchonartha a bheith i
bhfeidhm ach amháin idir na húdaráis chonarthacha atá aitheanta chun na críche
seo ó seoladh an nós imeachta soláthair agus na hoibreoirí eacnamaíocha sin atá
ina bpáirtithe sa chreatchonradh. 3. I gcás inar gá conradh poiblí nó creatchonradh
chun gníomhaíocht chomhpháirteach a chur chun feidhme idir institiúid agus
údarás conarthach amháin nó níos mó ó Bhallstáit, féadfaidh an institiúid agus
na húdaráis chonarthacha, an nós imeachta soláthair a chur i gcrích i
gcomhpháirt le chéile, i gcásanna áirithe, atá le sonrú sna gníomhartha
tarmligthe a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo. Féadfar soláthar comhpháirteach a dhéanamh le
stáit CSTE, agus tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, má foráladh
go sonrach don deis sin i gconradh déthaobhach nó iltaobhach. 4. Ní fhéadfaidh an t‑údarás conarthach an
nós imeachta idirbheartaithe a úsáid ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sna
gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo. 5. Cumhachtófar ann Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha
mionsonraithe maidir leis na cineálacha nósanna imeachta soláthair, le córas
ceannaigh dinimiciúil, le conarthaí ar luach íseal agus le híocaíocht sonrasc. Airteagal 105 Nós imeachta a ullmhú 1. Sula seolfaidh sé nós imeachta, féadfaidh an t‑údarás
conarthach réamhchomhairliúchán margaidh a dhéanamh d'fhonn an soláthar a
ullmhú. 2. Sna doiciméid soláthair, déanfaidh an t‑údarás
conarthach ábhar an tsoláthair a aithint trí thuairisc a chur ar fáil ar a
riachtanais agus ar na saintréithe is gá do na hoibreacha, na soláthairtí nó na
seirbhísí a tá le ceannach agus sonróidh sé na critéir is infheidhme. Sonróidh
sí freisin cé na gnéithe a shainíonn na ceanglais íosta a bheidh le comhlíonadh
ag gach tairiscint. 3. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha
mionsonraithe i maidir le hábhar na ndoiciméad soláthair agus leis an
réamhchomhairliúchán margaidh. Airteagal 106 Critéir maidir le heisiamh 1. Déanfar oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó
rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair i gcásanna ina bhfuil na nithe seo
a leanas i gceist: (a) féimheacht, imeachtaí dócmhainneachta nó
imeachtaí foirceanta, sócmhainní atá á riaradh ag na cúirteanna nó an
leachtaitheoir, comhshocraíocht le creidiúnaithe, fionraí gníomhaíochtaí gnó,
nó aon chor atá cosúil leo a eascraíonn as nós imeachta comhchosúil dá
bhforáiltear i reachtaíocht nó rialacháin náisiúnta; (b) mí-iompar gairmiúil tromchúiseach ar bhonn na
fianaise mar a bhunófar í le cinneadh an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 108
nó le breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin; mura gcomhlíonfaidh siad a gcuid oibleagáidí
maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc nó cánacha a íoc i gcomhréir
le forálacha dlíthiúla na tíre ina bhfuil siad bunaithe nó i gcomhréir leis na
forálacha dlíthiúla atá i dtír an údaráis chonarthaigh nó i gcomhréir le
forálacha dlíthiúla na tíre ina bhfuil an conradh le comhlíonadh de réir mar a
bhunaigh breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin é; (d) calaois, éilliú, rannpháirtíocht in eagraíocht
choiriúil, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, cionta a bhaineann le
sceimhlitheoireacht, saothar leanaí nó cineálacha eile gáinneála ar dhaoine ar
bhonn na fianaise a chruthaigh an painéal dá dtagraítear in Airteagal 108
nó arna bunú le breithiúnas críochnaitheach; (e) sárú tromchúiseach conartha arna mhaoiniú ag
buiséad an Aontais tar éis cinnidh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108;
(f) neamhrialtacht ar bhonn na fianaise a
chruthaigh cinneadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108 nó le
breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin. 2. Déanfar an t‑oibreoir eacnamaíoch a
eisiamh i gcás ina mbeidh duine is comhalta de chomhlacht riaracháin,
bainistíochta nó maoirseachta de chuid an oibreora eacnamaíoch sin nó a bhfuil
cumhachtaí ionadaíochta, cinnte nó rialaithe aige agus é i staid atá liostaithe
i mír 1. 3. Ach amháin i gcás dá bhforáiltear i bpointe (d)
de mhír 1, féadfaidh an t‑údarás conarthach a chinneadh nach n‑eisiafar
an t‑oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann i gcás ina bhfuil sé tar éis
bearta feabhais a dhéanamh chun a iontaofacht a léiriú. Ar feadh ré teoranta agus go dtí go nglacfar na
bearta feabhais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an t‑údarás
conarthach a chinneadh nach n‑eisiafar an t‑oibreoir eacnamaíoch
lena mbaineann i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach d'fhonn leanúnachas na
seirbhíse a áirithiiú. Sa chás sin, déanfaidh sé údar cuí a thabhairt i leith a
chinnidh. 4. Ní bheidh feidhm ag pointí (a) de mhír 1 i
gcás ina gceannaítear soláthairtí ar théarmaí fíor-thairbheacha ó sholáthróir a
bhfuil a ghníomhaíochtaí gnó á bhfoirceannadh go cinntitheach aige ná ó na
leachtaitheoirí i nós imeachta féimheachta, trí shocrú le creidiúnaithe, nó trí
nós imeachta comhchosúil faoin dlí náisiúnta. 5. Dearbhóidh an t‑oibreoir eacnamaíoch nach
bhfuil sé i gceann de na cásanna eisiaimh a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo nó go bhfuil sé i gceann de na cásanna
dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an t‑oibreoir eacnamaíoch an
dearbhú céanna ar fáil d'eintiteas a mbeartaíonn sé brath ar a chumas. Féadfaidh an t‑údarás conarthach, áfach, staonadh ó
dheimhniú mar sin a éileamh i gcás conarthaí ar luach an‑íseal. 6. Aon uair a iarrfaidh an t‑údarás
conarthach sin, cuirfidh an t‑oibreoir eacnamaíoch fianaise chuí ar fáil
nach bhfuil sé i gceann de na cásanna eisiaimh a liostaítear i mír 1. Aon uair a bhfuil amhras ar an údarás conarthach
go bhfuil mír 2 á chomhlíonadh, cuirfidh an t‑oibreoir eacnamaíoch, arna
iarraidh sin air, faisnéis ar fáil faoi dhaoine atá ina mbaill dá chomhlacht
bainistíochta, riaracháin nó maoirseachta, nó ag a bhfuil cumhachtaí
ionadaíochta, cinnte nó rialaithe. Cuirfidh sé ar fáil sé freisin, arna
iarraidh sin, fianaise iomchuí nach bhfuil duine amháin nó níos mó de na daoine
i gceann de na cásanna eisiaimh a liostaítear i mír 1. 7. Féadfaidh an t‑údarás conarthach a fhíorú
freisin cé acu i staid eisiaimh a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo nó
i gceann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo atá
fochonraitheoir. 8. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 a bhaineann le
rialacha mionsonraithe maidir le sainmhíniú na staideanna eisiaimh, bearta
feabhais agus le dearbhú agus le fianaise nach bhfuil oibreoir eacnamaíoch i
gceann de na cásanna eisiaimh a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo. Airteagal 107 Diúltú i gcás nós imeachta áirithe 1. Ní dhámhfar conradh do nós imeachta áirithe
d'oibreoir eacnamaíoch sna cásanna seo a leanas: (a) má tá sé i gceann de na cásanna eisiaimh dá
dtagraítear in Airteagal 106(1) agus (2); (b) má rinne sé bréagléiriú ar an bhfaisnéis a
éilítear mar choinníoll le rannpháirtíocht sa nós imeachta; (c ) má bhí baint aige cheana le doiciméid
soláthair a ullmhú nuair a bhaineann sé sin le saobhadh iomaíochta nach féidir
a leigheas ar shlí eile. 2. Cumhachtófar
an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210
a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta chun saobhadh
iomaíochta a sheachaint agus ar dhearbhú agus ar fhianaise nach bhfuil oibreoir
eacnamaíoch i gceann de na cásanna eisiaimh a liostaítear i mír 1 den Airteagal
seo. Airteagal 108 An córas luath bhraith agus eisiaimh 1. Bunóidh agus
oibreoidh an Coimisiún córas chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
Cuimsíonn an córas luathbhraith na rioscaí a bhíonn ag bagairt ar leasanna
airgeadais an Aontais, eisiamh na n‑oibreoirí eacnamaíocha atá i gceann
de na cásanna eisiaimh a liostaítear in Airteagal 106(1) agus pionós
airgeadais a fhorchur ar oibreoir eacnamaíoch atá i gceann de na cásanna
eisiaimh a liostaítear i bpointí (b), (d), (e) agus (f) d'Airteagal 106(1)
. 2. Tá luathbhrath na rioscaí a bhíonn ag bagairt
ar leasanna airgeadais an Aontais bunaithe ar tharchur faisnéise ó aon cheann
de na daoine nó de na comhlachtaí seo a leanas: (a) OLAF i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle * i gcás ina léirítear le fiosrúchán
OLAF atá ar siúl go bhféadfadh sé bheith iomchuí bearta réamhchúraim a ghlacadh
chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; (b) oifigeach údarúcháin de chuid an Choimisiúin
nó gníomhaireachta feidhmiúcháin i gcás mí-iompair ghairmiúil thromchúisigh a
thoimhdeofar, mírialtachta, calaoise nó sáraithe thromchúisigh conartha; (c) institiúid, comhlacht nó oifig Eorpach eile i
gcás mí-iompair ghairmiúil thromchúisigh a thoimhdeofar, mírialtachta, calaoise
nó sáraithe thromchúisigh conartha; Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a),
(b) agus (c) den chéad fhomhír a tharchur gan mhoill trí chóras cuntasaíochta
an Choimisiúin chuig oifigigh údarúcháin an Choimisiúin agus a
ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin, gach institiúid, comhlacht agus oifig Eorpach
eile chun deis a thabhairt dóibh bearta sealadacha agus coisctheacha a ghlacadh
le linn chur chun feidhme an bhuiséid. Ní rachaidh na bearta sin níos faide ná
an méid atá á thuar i dtéarmaí agus coinníollacha na ndoiciméad soláthair. 3. Maidir leis na cáis dá dtagraítear i bpointí (b),
(d), (e) agus (f) d'Airteagal 106(1), bunóidh an Coimisiún painéal, arna
iarraidh sin d'oifigeach údarúcháin de chuid an Choimisiúin nó gníomhaireachta
feidhmiúcháin nó bunóidh sé painéal comhpháirteach arna iarraidh sin d'institiúid,
comhlacht nó oifig Eorpach eile. Cuirfidh an painéal, thar ceann an Choimisiúin
agus a ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin, institiúidí eile, comhlachtaí nó oifigí
Eorpacha, an nós imeachta seo a leanas i bhfeidhm: (a) déanfaidh an t‑iarratasóir an cás a
tharchur chuig an bpainéal maille leis an bhfaisnéis is gá agus an staid
eisiaimh; (b) cuirfidh an painéal fógra gan mhoill chuig an
oibreoir eacnamaíoch faoi na fíricí atá i gceist agus a réámhaicmiú sa dlí, a
d'fhéadfadh cáiliú mar staid eisiaimh a liostaítear in Airteagal 106(1)
agus/nó a bhféadfadh forchur pionóis airgeadais teacht astu; (c) i gcás ina bhfuil iarratas an oifigigh
údarúcháin bunaithe, inter alia, ar an bhfaisnéis a chuir OLAF ar fáil,
comhoibreoidh an Oifig leis an bpainéal i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013;
(d) Féadfaidh an painéal a chinneadh an t‑oibreoir
eacnamaíoch a eisiamh go sealadach ar feadh tréimhse suas le 6 mhí; (e) sula ndéanfaidh sé cinneadh sealadach nó
deiridh, tabharfaidh an painéal deis don oibreoir eacnamaíocha bharúlacha a
thíolacadh; (f) féadfaidh an painéal cinneadh um eisiamh a
ghlacadh, lena n‑áirítear maidir le ré feidhme an eisiata agus/nó
d'fhéadfadh sé pionós airgeadais a fhorchur ar bhonn na fianaise agus na
faisnéise a fuarthas, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh
aige; (g) Féadfaidh an painéal a
chinneadh a athbhreithniú le linn na tréimhse eisiaimh arna iarraidh sin ón
oibreoir eacnamaíoch eisiata i gcás ina ndearna an t‑oibreoir sin bearta
feabhais ar leor iad chun a iontaofacht a léiriú nó a soláthraíonn gnéithe nua
a léiríonn nach ann don staid eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 106(1)
a thuilleadh; (h) d'fhonn díspreagadh an phionóis eisiaimh nó
airgeadais a fheabhsú, foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis a bhaineann le
cinneadh an phainéil ar a shuíomh idirlín; (i) cuirfear cinneadh an phainéil in iúl don
oibreoir eacnamaíoch. Sna cásanna a leagtar amach i bpointí (d)
agus (f) d'Airteagal 106(1) féadfar an fógra dá dtagraítear i bpointe (b)
den chéad fhomhír den mhír seo agus an deis dá dtagraítear i bpointe (e) den
chéad fhomhír den mhír seo a chur siar go heisceachtúil i gcás ina bhfuil
forais dhlisteanacha láidre i gcomhair rúndacht an imscrúdaithe nó imeachtaí
breithiúnacha náisiúnta a chaomhnú. I gcásanna eisceachtúla, lena n‑áirítear i
gcásanna a bhaineann le daoine nádúrtha nó nuair is gá rúndacht an imscrúdaithe
nó an imeachta bhreithiúnaigh náisiúnta a chaomhnú, féadfaidh an painéal
cinneadh a dhéanamh gan an t‑eisiamh nó pionós airgeadais a fhoilsiú mar
atá leagtha amach i bpointe (h) den chéad fhomhír den mhír seo agus aird chuí
aige ar an gceart chun príobháideachta agus ar na cearta dá bhforáiltear i
Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. An t‑oibreoir eacnamaíoch a d'eisiaigh
cinneadh an phainéil nó atá faoi réir pionóis airgeadais, féadfaidh sé gearán a
chur chuig an Ombudsman Eorpach agus athbhreithniú breithiúnach a lorg. 4. Ní mhairfidh ré an eisiaimh níos mó ná aon
cheann de na tréimhsí seo a leanas: (a) an ré, más ann di, a leag síos an breithiúnas
críochnaitheach; (b) cúig bliana don chás dá dtagraítear i bpointe
(d) d'Airteagal 106(1). (c) trí bliana do na cásanna dá dtagraítear i bpointí (b),
(e) agus (f) d'Airteagal 106(1). Déanfar oibreoir eacnamaíoch a eisiamh chomh fada
is go bhfuil sé i gceann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)
agus(c) d'Airteagal 106(1). Ní bheidh feidhm leis an gcéad fhomhír den mhír
seo i gcás inar údaráis agus eintitis iad dá dtagraítear i mír 5 nach bhfuil
faoi réir Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle **
a chuireann an t‑eisiamh in iúl. 5. Déanfaidh údaráis na mBallstát agus na dtríú
tíortha mar aon leis an BCE, an BEI, an Ciste Eorpach Infheistíochta agus na
heintitis atá rannpháirteach i gcur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le
hAirteagail 58 agus 61, an méid seo a leanas: (a) faisnéis a chur chuig an gCoimisiúin gan
mhoill maidir le hoibreoirí eacnamaíocha, le haghaidh breithiúnais
chríochnaithigh nó cinntí riaracháin arna ndéanamh faoina bhfreagracht féin amháin,
atá i gceann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) nó (d)
d'Airteagal 106(1) lena n‑áirítear ré an eisiaimh; (b) a fhíorú an bhfuil eisiamh sa chóras agus é a
chur san áireamh agus conarthaí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid á
ndámhachtain. Mar chuid de na bearta dá
dtagraítear faoi phointe (c) d'Airteagal 60(1), féadfaidh an
Coimisiún oibreoir eacnamaíoch a eisiamh freisin agus/nó pionóis airgeadais a
ghearradh air faoi na coinníollacha atá leagtha síos i mír 3 den Airteagal seo. 6. Foilseoidh an Coimisiún
faisnéis a bhaineann le heisiamh na n‑oibreoirí eacnamaíocha, mar a
fuarthas ó na húdaráis dá dtagraítear i mír 5, ar a shuíomh idirlín.
Féadfaidh an Coimisiún eisiaimh a fuarthas ó fhoinsí eile a fhoilsiú. 7. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus
an Chomhairle ar an eolas gach bliain faoi líon iomlán na n‑eisiamh
leanúnach agus na gcinntí nua. 8. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir le rialacha
mionsonraithe faoi chóras an Aontais chun leasanna airgeadais an Aontais a
chosaint, lena n‑áirítear a nósanna imeachta caighdeánaithe agus na
sonraí atá faoi réir a bhfoilsithe, na teorainneacha ama don eisiamh, eagrú an
phainéil, ré an eisiaimh agus pionóis airgeadais. Airteagal 110 Conarthaí a dhámhachtain 1. Dámhfar conarthaí ar bhonn na gcritéar
dámhachtana ar choinníoll gur fhíoraigh an t‑údarás conarthach na
coinníollacha carnacha seo a leanas: (a) go gcomhlíonann an tairiscint na ceanglais
íosta a shonraítear sna doiciméid soláthair; (b) nach bhfuil an t‑iarrthóir nó an
tairgeoir eisiata faoi Airteagal 106 nó nár diúltaíodh iad faoi Airteagal 107; (c) go gcomhlíonann an t‑iarrthóir nó an
tairgeoir na critéir roghnúcháin a shonraítear sna doiciméid soláthair. 2. Bunóidh an t‑údarás conarthach
dámhachtain na gconarthaí ar an tairiscint is sochraí ó thaobh na
heacnamaíochta. 3. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir le sonrú na
gcritéar roghnúcháin, na gcritéar dámhachtana agus na tairisceana is sochraí ó
thaobh na heacnamaíochta. Thairis sin, cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh na ndoiciméad
ar cruthúnas iad ar acmhainn eacnamaíoch agus airgeadais agus i dtaobh na
fianaise ar acmhainn theicniúil agus ghairmiúil agus i dtaobh rialacha
mionsonraithe maidir le ceantanna leictreonacha agus maidir le tairiscintí atá
thar a bheith íseal. Airteagal 111 Taisceadh agus meastóireacht 1. Déanfar na socruithe maidir le tairiscintí a
chur isteach sa chaoi go n‑áiritheofar go mbeidh fíor-iomaíocht ann agus
go mbeidh ábhar na dtairiscintí rúnda go dtí go ndéanfar iad ar fad a oscailt
ag an am céanna. 2. Áiritheoidh an Coimisiún trí mhodhanna iomchuí
agus i gcur i bhfeidhm Airteagal 95a go bhféadfaidh táirgeoirí ábhar na
dtairiscintí agus aon fhianaise thacaíochta a chur isteach i bhformáid
leictreonach ("ríomhsholáthar"). Tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na
hEorpa agus chuig an gComhairle go rialta faoin dul chun cinn i gcur chun
feidhme na forála sin. 3. Má mheastar é a bheith iomchuí agus
comhréireach, féadfaidh an t‑údarás conarthach a cheangal ar thairgeoirí
ráthaíocht a chur isteach roimh ré chun a ráthú nach n‑aistarraingeofar
na tairiscintí a rinneadh. 4. Osclóidh an t‑údarás conarthach gach
iarratas ar rannpháirtíocht agus gach tairiscint. Diúltóidh sé na cinn seo a
leanas: (a)
iarratais ar rannpháirtíocht nach gcomhlíonann an
teorainn ama maidir lena bhfáil; (b)
tairiscintí nach gcomhlíonann an teorainn ama
maidir lena bhfáil nó a tháinig chuig an údarás conarthach agus iad ar oscailt
cheana féin. 5. Déanfaidh an t‑údarás conarthach
meastóireacht ar gach iarratas ar rannpháirtíocht nó tairiscintí nár diúltaíodh
le linn na réamhchéime atá leagtha síos i mír 4 ar bhonn na gcritéar a
shonraítear sna cáipéisí soláthair d'fhonn an conradh a dhámhachtain nó dul ar
aghaidh le ceant leictreonach. 6. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 faoi rialacha
mionsonraithe maidir leis na teorainneacha ama maidir le tairiscintí agus
iarratais ar rannpháirtíocht, rochtain ar dhoiciméid soláthair, na
teorainneacha ama maidir le faisnéis bhreise a sholáthar, na teorainneacha ama
i gcásanna práinneacha fairis na socruithe chun tairiscintí agus catalóga
leictreonacha a chur isteach. Ina theannta sin, cumhachtófar an Coimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir
leis an deis ráthaíocht tairisceana a iarraidh, oscailt agus meastóireacht
tairiscintí agus iarratais ar bheith rannpháirteach agus bunú coistí oscailte
agus meastóireachta. Airteagal 112 Teagmhálacha le linn an nós imeachta 1. Agus an nós imeachta soláthair ar siúl, ní mór
na coinníollacha a chomhlíonadh lena n‑áiritheofar trédhearcacht agus cóir
chomhionann sa teagmháil ar fad idir an t‑údarás conarthach agus na
hiarrthóirí nó na tairgeoirí. Tar éis na teorann ama maidir le tairiscintí a
fháil, ní bheidh athruithe ar na doiciméid soláthair nó athruithe substaintiúla
ar théarmaí na tairisceana a cuireadh isteach mar thoradh ar na teagmhálacha
sin, ach amháin i gcás ina gceadaíonn nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 104(1)
é sin go sonrach. 2. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha
mionsonraithe maidir le cealú an nós imeachta soláthair. Airteagal 113 Cinneadh na dámhachtana agus faisnéis faoi na
hiarrthóirí agus na tairgeoirí 1. Cinnfidh an t‑oifigeach údarúcháin atá
freagrach cé dó a bhfuil an conradh le tabhairt, i gcomhréir leis na critéir
roghnúcháin agus dámhachtana a bheidh sonraithe sna cáipéisí soláthair. 2. Cuirfidh an t‑údarás conarthach na forais
ar a ndearnadh an cinneadh in iúl do na hiarrthóirí nó do na tairgeoirí ar fad
ar diúltaíodh a n‑iarratas, chomh maith le fad na tréimhse
neamhghníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 118(2). Maidir le conarthaí sainiúla a dhámhachtain, faoi
creatchonradh lena ngabhann athoscailt na hiomaíochta, cuirfidh an t‑údarás
conarthach toradh na meastóireachta in iúl do na tairgeoirí. 3. Cuirfidh an t‑údarás conarthach gach
tairgeoir nach bhfuil i staid eisiaimh, a bhfuil a thairiscint ag teacht leis
na doiciméid soláthair agus a chuireann iarraidh isteach i scríbhinn, ar an
eolas faoi aon cheann díobh seo a leanas: (a) saintréithe agus buntáistí coibhneasta na
tairisceana ar éirigh léi agus ainm an tairgeora ar dámhadh an conradh dó, ach
amháin i gcás conartha ar leith faoi chreatchonradh lena ngabhann athoscailt na
hiomaíochta; (b) dul chun cinn na caibidlíochta agus an idirphlé
le tairgeoirí. Féadfaidh údarás conarthach/eintiteas conarthach
gan faisnéis a thabhairt amach más rud é go gcuirfeadh scaoileadh na faisnéise
sin bac ar fhorfheidhmiú an dlí, go mbeadh sé in aghaidh leas an phobail ar
bhealach eile, go ndéanfadh sé dochar do leasanna dlisteanacha tráchtála
oibreoirí eacnamaíocha, cibé acu poiblí nó príobháideach, nó dá mba rud é go
bhféadfadh sé dochar a dhéanamh d’iomaíocht chóir idir na hoibreoirí sin. 4. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha
mionsonraithe maidir leis an tuarascáil meastóireachta, cinneadh na dámhachtana
agus faisnéis a thabhairt d'iarratasóirí. Airteagal 114 An nós imeachta soláthair a chur ar ceal Féadfaidh an t‑údarás conarthach, sula
ndéanfar an conradh a shíniú, an soláthar a thréigean nó an nós imeachta a chur
ar ceal gan na hiarrthóirí ná na tairgeoirí a bheith i dteideal aon chúiteamh a
éileamh. Tabharfar údar cuí i leith an chinnidh agus
tarraingeofar aird na n‑iarrthóirí nó na dtairgeoirí air a luaithe is
féidir. __________________ Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013
maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise
(OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999
ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1). ** Treoir 2014/24/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar
poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/EC (IO L 94,
28.03.2014, lch. 65).“; (4)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad caibidil 1
de Theideal V de Chuid a hAon, Roinn 4: "Roinn 4 Feidhmíocht an chonartha, ráthaíochtaí agus na
bearta ceartaitheacha Airteagal 114a Feidhmíocht an chonartha agus modhnuithe air 1. Ní féidir tús a chur le feidhmíocht an
chonartha sula síneofar an conradh. 2. Ní fhéadfaidh an t‑údarás conarthach
conradh nó creatchonradh a mhodhnú go suntasach gan nós imeachta soláthair ach
amháin sna cásanna dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de
bhun an Rialacháin seo agus ar an gcoinníoll nach n‑athróidh an modhnú
substaintiúil ábhar an chonartha nó an chreatchonartha. 3. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha
mionsonraithe maidir le conarthaí a shíniú agus a mhodhnú. Airteagal 115 Ráthaíochtaí 1. Seachas i gcás conarthaí ar luach íseal,
féadfaidh an t‑údarás conarthach, má mheasann sé gurb iomchuí agus gur
comhréireach é de réir an cháis agus faoi réir anailíse riosca, a cheangal ar
chonraitheoirí ráthaíocht a thaisceadh chun aon cheann de nithe seo a leanas a
dhéanamh: (a) teorainn a chur leis na rioscaí airgeadais a
bhaineann le réamh-mhaoiniú a íoc. (b) a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí
suntasacha conarthacha i gcás oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí casta; (c) feidhmíocht iomlán an chonartha i ndiaidh
íocaíocht an iarmhéid a áirithiú. 2. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha
mionsonraithe, lena n‑áirítear critéir maidir le hainilís riosca, ar na
ráthaíochtaí a éilítear ó chonraitheoirí. Airteagal 116 Earráidí substaintiúla, neamhrialtachtaí nó
calaois 1. I gcás ina gcruthófar go raibh earráidí móra,
mírialtachtaí nó calaois sa nós imeachta, déanfaidh an t‑údarás
conarthach an nós imeachta a chur ar fionraí agus féadfaidh sé aon bhearta is
gá a ghlacadh, lena n‑áirítear an nós imeachta a chur ar ceal. 2. I gcás ina gcruthófar, tar éis an conradh a
shíniú, go raibh earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois i nós imeachta nó i
bhfeidhmíocht an chonartha, féadfaidh an t‑údarás conarthach feidhmíocht
an chonartha a chur ar fionraí nó, i gcás inarb iomchuí, an conradh a
fhoirceannadh. Is féidir feidhmíocht conarthaí a chur ar fionraí
freisin d'fhonn a fhíorú ar tharla earráidí substaintiúla a thoimhdeofar,
mírialtachtaí nó calaois. I gcás ina bhféadfar na hearráidí, na
mírialtachtaí nó an chalaois sin a chur i leith an chonraitheora, féadfaidh an t‑údarás
conarthach diúltú na híocaíochtaí a íoc agus, ina theannta sin, méideanna a
íocadh cheana go míchuí a ghnóthú, i gcomhréir lena thromchúisí atá na n‑earráidí,
na mírialtachtaí nó na calaoise. 3. Feidhmeoidh OLAF na cumhachtaí a thugtar don
Choimisiún le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996
maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an
gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne
na calaoise agus neamhrialtachtaí eile(1) chun cigireachtaí agus
seiceálacha ar an láthair a dhéanamh sna Ballstáit agus, i gcomhréir leis na
comhaontuithe comhair agus na comhaontuithe um chúnamh frithpháirteach atá i
bhfeidhm, i dtríú tíortha agus in áitribh eagraíochtaí idirnáisiúnta. 4. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha
mionsonraithe maidir le fionraí conartha i gcás earráidí móra, mírialtachtaí nó
calaoise agus earráid shubstaintiúil nó neamhrialtacht a shainmhíniú. __________________ (5)
(1) IO L 292, 15.11.1996, lch. 2 Leasaítear Airteagal 117
agus Airteagal 118 mar seo a leanas: “Airteagal 117 An t‑údarás conarthach 1. Measfar gur údaráis chonarthacha iad na
hinstitiúidí lárnacha de réir bhrí phointe (2) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE
i gcás conarthaí arna ndámhachtain as a stuaim féin. Tarmligfidh siad, i
gcomhréir le hAirteagal 65, na cumhachtaí is gá chun feidhm an údaráis
chonarthaigh a chur i gcrích. 2. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha
mionsonraithe maidir le feidhm údaráis chonarthaigh a tharmligean. Airteagal 118 Tairseacha is infheidhme agus tréimhse
neamhghníomhaíochta 1. Chun conarthaí poiblí agus lamháltais a
dhámhachtain, déanfaidh an t‑údarás conarthach na tairseacha a leagtar
síos i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE
a chur san áireamh agus nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 104(1)
den Rialachán seo á roghnú aige. Cinnfidh na tairseacha sin na socruithe maidir
le foilsiú a leagtar amach i míreanna (1) agus (2) d'Airteagal 103
den Rialachán seo. 2. Faoi réir eisceachtaí agus coinníollacha atá
sonraithe sna gníomhartha tarmligthe arna glacadh de bhun an Rialacháin seo, ní
shíneoidh an t‑údarás conarthach, i gcás na gconarthaí atá os cionn na
dtairseach arna leagan amach i mír 1, an conradh ná an creatchonradh leis
an tairgeoir a n‑éireoidh leis go dtí go mbeidh tréimhse
neamhghníomhaíochta caite. 3. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha
mionsonraithe maidir le conarthaí leithleacha agus conarthaí lena ngabhann
crannadh, meastachán a dhéanamh ar luach conarthaí áirithe, agus an tréimhse
neamhghníomhaíochta roimh shíniú an chonartha."; (6)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 119
agus Airteagal 120: “Airteagal 119 Rialacha maidir le rochtain ar sholáthar Beidh rannpháirtíocht sna nósanna imeachta um
thairiscintí ar oscailt ar choinníollacha comhionanna do na daoine go léir,
idir dhaoine nádúrtha agus dhaoine dlítheanacha, a thagann faoi raon feidhme na
gConarthaí agus do na daoine go léir, idir dhaoine nádúrtha agus dhaoine
dlítheanacha, i dtríú tír a bhfuil comhaontú speisialta acu leis an Aontas i
réimse an tsoláthair phoiblí faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa
chomhaontú sin. Beidh sé ar oscailt d'eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe
maidir leis an bhfianaise atá le soláthair i ndáil le rochtain ar sholáthar. Airteagal 120 Rialacha soláthair na hEagraíochta Trádála
Domhanda I gcás ina mbeidh feidhm ag an gComhaontú
Iltaobhach maidir le Soláthair Rialtais a tugadh i gcrích laistigh den
Eagraíocht Trádála Domhanda, beidh an nós imeachta um sholáthar ar oscailt
freisin d'oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe sna Stáit a dhaingnigh an
comhaontú sin, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú sin."; (7)
in Airteagal 131, cuirtear an méid seo a
leanas in ionad mhír 4: "4. Beidh feidhm ag míreanna 1, 2, 3 agus 6
d'Airteagal 106 agus ag Airteagal 107 agus ag Airteagal 108
maidir le hiarratasóirí deontais. Dearbhóidh iarratasóirí nach bhfuil siad i
gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 106(1) agus Airteagal 107
nó go bhfuil siad i gceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 106(3).
Beidh feidhm ag Airteagal 108 freisin maidir le tairbhithe."; (8)
in Airteagal 131, scriostar mír 5; (9)
in Airteagal 131, cuirtear an méid seo a
leanas in ionad mhír 6: "6. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh na rialacha
mionsonraithe maidir leis na socruithe i leith iarratas deontais, fianaise nach
dtagann siad faoi chás eisiaimh, iarratasóirí gan pearsantacht dhlíthiúil,
daoine dlíthiúla lena bhfoirmítear iarratasóir amháin, pionós airgeadais agus
riaracháin, critéar incháilitheachta agus deontas ar luach íseal. (10)
i mír 2 d'Airteagal 138, cuirtear an méid seo
a leanas in ionad an tríú fomhír: "Leagfar síos i rialacha an chomórtais, ar a
laghad, na coinníollacha le bheith rannpháirteach, lena n‑áirítear na
critéir eisiaimh dá bhforáiltear i míreanna (1), (2) agus (3) d'Airteagal 106
agus in Airteagal 107, critéir na dámhachtana, méid na duaise agus na
socruithe íocaíochta agus pionóis airgeadais a ghearradh."; (11)
In Airteagal 139, cuirtear isteach an mhír
5 a seo a leanas: “5a. Ní dheonófar aon tacaíocht airgeadais i leith
feithiclí infheistíochta tiomnaithe, le hidirghabhálaithe airgeadais agus le
faighteoirí deiridh atá i gceann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a),
(b) agus (d) d'Airteagal 106(1) agus i bpointí (b) agus (c) d'Airteagal 107(1).
"; (12)
in Airteagal 183, cuirtear an méid seo a
leanas in ionad mhír 4: "4. Agus é rannpháirteach i nósanna imeachta
deontais nó soláthair i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní bheidh an
ACT faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 106, i
bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 107(1), in Airteagal 108
agus Airteagal 131(4) maidir le forálacha d'eisiamh agus do phionóis i
ndáil le soláthar agus deontais. (13)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 190
agus Airteagal 191: “Airteagal 190 Gníomhaíocht sheachtrach maidir le soláthar 1. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha
mionsonraithe i ndáil le gníomhaíocht sheachtrach maidir le soláthar. 2. Forálacha Chaibidil 1 de Theideal V de
Chuid a hAon a bhaineann leis na forálacha ginearálta maidir le soláthar, beidh
siad infheidhme maidir le conarthaí a chumhdaítear leis an Teideal seo
faoi réir na bhforálacha speisialta a bhaineann le tairseacha agus na socruithe
maidir le conarthaí seachtracha a thabhairt a leagfar síos sna gníomhartha
tarmligthe de bhun an Rialacháin seo. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 117-120
maidir leis an soláthar atá leagtha amach sa Chaibidil seo. Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na
nithe seo a leanas: (a) soláthar i gcás nach ndéanann an Coimisiún
conarthaí a thabhairt as a stuaim féin; (b) soláthar a dhéanann eintitis nó daoine a
gcuirtear de chúram orthu de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1) i
gcás ina bhforáiltear dó sin sa chomhaontú maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 189.
3. Leagfar amach na nósanna imeachta soláthair sna
comhaontuithe maoinithe dá bhforáiltear in Airteagal 189. 4. Ní bheidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo
maidir le gníomhaíochtaí faoi bhunghníomhartha earnáilsonracha a bhaineann le
cabhair um bainistiú géarchéime, le hoibríochtaí cosanta sibhialta agus le
hoibríochtaí cabhrach daonnúla. Airteagal 191 Rialacha maidir le rochtain ar sholáthar 1. Beidh rannpháirtíocht sna nósanna imeachta
maidir le thairiscintí oscailte, ar théarmaí comhionanna, do na daoine go léir
atá faoi réim na gConarthaí agus do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile i
gcomhréir leis na forálacha sonracha sna bunionstraimí a rialaíonn an earnáil
comhair atá i dtrácht. Beidh sé ar oscailt d'eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin. 2. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 54(2),
féadfar a chinneadh, in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí tugtha ina
leith ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach leo, go ligfear do náisiúnaigh
tríú tíortha seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 tairiscint a chur
isteach ar chonarthaí. 3. I gcás ina mbeidh feidhm ag comhaontú ar
leathnú an mhargaidh i ndáil le soláthar earraí nó seirbhísí ar páirtí dó an
tAontas, beidh na conarthaí soláthair arna maoiniú ón mbuiséad oscailte do
náisiúnaigh tríú tíortha seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 agus i
mír 2, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú sin. 4. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha
mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta um thairiscintí. (14)
Cuirtear an mhír seo a leanas isteach in Airteagal 204.
"Beidh saineolaithe faoi réir mhíreanna 1, 3
agus 5 d'Airteagal 106, an chéad fhomhír d'Airteagal 106(6), Airteagal 106(7),
agus Airteagail 107 agus 108.". Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach
Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear
Treoir2004/18/CE (IO L 94, 28.03.2014, lch. 65). [2] Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a
dhámhachtain (IO L 94, 28.03.2014, lch. 1). [3] IO C , , lch. . [4] Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012
maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta
an Aontais agus lena n‑aisghairtear Rialachán ón gComhairle (CE, Euratom)
Uimh. 1605/2002 (IO L 298. 26.10.2012, lch. 1). [5] Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear
Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.03.2014, lch. 65). [6] Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a
dhamhachtain (IO L 94, 28.03.2014, lch. 1). [7] Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair
a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag
comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin
(IO L 8, 12.1.2001, lch. 1). [8] Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a
chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht
sonraí den sórt sin (IO L 281, 23/11/1995, lch. 31).