EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014PC0304

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (códú)

/* COM/2014/0304 final - 2014/0159 (COD) */

52014PC0304

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (códú) /* COM/2014/0304 final - 2014/0159 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an‑bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe do na saoránaigh agus, dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans chun úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar orthu .

Ní féidir an aidhm sin a bhaint amach fad is atá líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shainaithint.

Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir agus trédhearcach.

2.           Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, ar an 1 Aibreán 1987[1], treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe.

3.           Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992)[2] agus cuireadh i bhfios an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith.

Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán le linn an códú á dhéanamh.

Ós rud é nach ceadmhach athruithe a dhéanamh ar shubstaint na n‑ionstraimí lena mbaineann an códúchán, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, trí chomhaontú idirinstitiúideach dar dáta an 20 Nollaig 1994, go bhféadfar nós imeachta luathaithe a úsáid chun ionstraimí códaithe a ghlacadh go mear.

4.           Is é is cuspóir don togra seo códú a dhéanamh ar Rialachán (CEE) 1692/73 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1973 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua[3]. Glacfaidh an Rialachán nua ionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann[4]; caomhnaítear go huile agus go hiomlán inneachar na ngníomhartha atá á gcódú agus, dá bhrí sin, ní dhéantar ach iad a thabhairt le chéile agus na leasuithe foirmiúla sin amháin a bhfuil gá leo don phróiseas códúcháin féin a dhéanamh.

5.           Rinneadh an togra códúcháin a tharraingt suas ar bhonn réamh‑chomhdhlúthú, in 22 teanga oifigiúil, ar Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 agus ar na hionstraimí lena leasaítear é. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán códaithe.

ê 1692/73 (oiriúnaithe)

2014/0159 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh Ö ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Õ , agus go háirithe Airteagal Ö 207(2) Õ de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[5],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

ê

(1)       Rinneadh Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 ón gComhairle[6] a leasú go suntasach roinnt uaireanta[7]. Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

ê 1692/73 aithris 1 (oiriúnaithe)

(2)       Siníodh comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua Ö ('an Comhaontú') Õ sa Bhruiséil an 14 Bealtaine 1973.

ê 1692/73 aithris 3

(3)       Is gá rialacha mionsonraithe chun na clásail chosanta agus na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear in Airteagail 22 go 27 den Chomhaontú a chur chun feidhme.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 3

(4)       Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta den Chomhaontú a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[8].

(5)       Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach a ghlacadh, i gcás ina n‑éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil,

ê 1692/73

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 3(1)

Airteagal 1

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go gcuirfear an cheist faoi bhráid an Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua, dá ngairtear 'an Comhaontú' anseo feasta, chun na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 22, Airteagal 24 agus 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú a dhéanamh. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na Ballstáit má chinneann sé an cheist a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.

ê 1692/73 (oiriúnaithe)

è1 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 3(2)

Airteagal 2

1. I gcás cleachtais a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 23 den Chomhaontú ag an Ö Aontas Õ , déanfaidh an Coimisiún cinneadh tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, an bhfuil an cleachtas ag luí leis an gComhaontú. è1 I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo. ç

2. I gcás cleachtais lena bhféadfaí bearta cosanta a chur i bhfeidhm maidir leis an Ö Aontas Õ ar bhonn Airteagal 23 den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil an cleachtas ag luí leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú. I gcás inar gá, ceapfaidh sé moltaí iomchuí.

Airteagal 3

I gcás cleachtais a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 25 den Chomhaontú ag an Ö Aontas Õ , beidh na nósanna imeachta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle[9] agus Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle[10] infheidhme.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 3(3)

Airteagal 4

1. Más rud é, de dheasca imthosca eisceachtúla, gur gá gníomhú láithreach maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear in Airteagal 27(3)(e) den Chomhaontú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo, nó i gcás práinne, i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Rialacháin seo.

2. I gcás ina n‑iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún gníomhú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh sin laistigh de thréimhse nach faide ná cúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.

ê 1692/73 (oiriúnaithe)

Airteagal 5

Is ar an gCoimisiún a bheidh an fhreagracht fógra ón Ö Aontas Õ a chur chuig an gComhchoiste mar a cheanglaítear le hAirteagal 27(2) den Chomhaontú.

ê 37/2014 Airteagal 1 agus Iarscríbhinn 3(5)

Airteagal 6

1. Déanfaidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle[11] cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 7

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a áireamh sa tuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme a chuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009.

ê

Airteagal 8

Déantar Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 a aisghairm.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

ê 1692/73

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa […],

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               COM(87) 868 miontuairiscí.

[2]               Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na Conclúidí.

[3]               Códú a cuireadh ar chlár reachtaíochta 2014.

[4]               Féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an togra seo.

[5]               IO C […], […], lch. […].

[6]               Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1973 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (IO L 171, 27.6.1973, lch. 103).

[7]               Féach Iarscríbhinn I.

[8]               Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

[9]               Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

[10]             Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

[11]             Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).

é

IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 ón gComhairle (IO L 171, 27.6.1973, lch. 103) || ||

|| Rialachán (CEE) Uimh. 641/90 ón gComhairle (IO L 74, 20.3.1990, lch. 5) ||

|| Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 18, 21.1.2014, lch. 1) || Iarscríbhinn, pointe 3 amháin

_____________

IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 || An Rialachán seo

Airteagail 1 go 4 || Airteagail 1 go 4

Airteagal 6 || Airteagal 5

Airteagal 7 || Airteagal 6

Airteagal 8 || Airteagal 7

- || Airteagal 8

- || Airteagal 9

- || Iarscríbhinn I

- || Iarscríbhinn II

_____________

Top