This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52014PC0006
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on a European network of Employment Services, workers' access to mobility services and the further integration of labour markets
IARSCRÍBHINN Comhchritéir maidir le húdarás a thabhairt d’eagraíochtaí gníomhú mar pháirtnéirí de chuid EURES a ghabhann leis an doiciméad RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta, rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaiseachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair
IARSCRÍBHINN Comhchritéir maidir le húdarás a thabhairt d’eagraíochtaí gníomhú mar pháirtnéirí de chuid EURES a ghabhann leis an doiciméad RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta, rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaiseachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair
/* COM/2014/06 final - 2014/0002 (COD) */
IARSCRÍBHINN Comhchritéir maidir le húdarás a thabhairt d’eagraíochtaí gníomhú mar pháirtnéirí de chuid EURES a ghabhann leis an doiciméad RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta, rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaiseachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair /* COM/2014/06 final */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1. Raon feidhme an togra Tá faoin togra seo le haghaidh Rialacháin
rochtain oibrithe ar sheirbhísí tacaíochta do shoghluaisteacht lucht saothair
laistigh den AE a fheabhsú, agus sa tslí sin tacú le soghluaisteacht chothrom
agus rochtain ar dheiseanna fostaíochta a mhéadú ar fud an Aontais. Tagann sé in ionad na bhforálacha maidir le
malartú faisnéise faoi fholúntais, iarratais ar phost agus CVanna ar fud na
mBallstát ("imréiteach") le fáil faoi láthair i gCaibidil II
agus in Airteagal 38 de Rialachán 492/2011[1]
agus tá sé bunaithe ar Airteagal 46 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais
('an Conradh'). Athbhunaíonn sé freisin líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta,
ar a dtugtar EURES, a mbeidh de chuspóir aige cúnamh a chur ar fáil le cuardach
poist agus le hearcaíocht ar fud na mBallstát. Tá líonra den chineál céanna
gníomhach inniu ar bhonn Chinnidh ón gCoimisiún arna ghlacadh in 2012[2]. Dá bhrí sin, nuair a
ghlacfar an Rialachán seo, aisghairfidh an Coimisiún an Cinneadh thuasluaite
maidir le feidhmiú líonra EURES atá ann faoi láthair. Cuireann Airteagal 45 den Chonradh
saoirse gluaiseachta d'oibrithe laistigh den Aontas faoi urrús agus in Airteagal 46
leagtar amach na bearta chun an tsaoirse sin a thabhairt i gcrích, go háirithe
trí dhlúthchomhar idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta ('SPFanna') a áirithiú.
Thug an Coimisiún togra isteach le déanaí freisin chun líonra SPFanna a bhunú[3] le comhar agus foghlaim
fhrithpháirteach a neartú bunaithe ar Airteagal 149 den Chonradh. Pléifidh
an líonra sin le raon cuspóirí agus tionscnamh níos leithne trí bhíthin
dreasachtaí agus is comhlánú ar an togra seo é. 1.2. Réasúnaíocht don togra Tá saoirse gluaiseachta ar cheann de cheithre
shaoirse bhunúsacha an Aontais Eorpaigh agus is gné lárnach de shaoránacht an
AE í. Cumhdaítear le hAirteagal 45 den CFAE ceart shaoránaigh an AE bogadh
go dtí Ballstát eile chun críocha oibre. Gineann soghluaisteacht buntáistí sóisialta
agus eacnamaíocha. Leathnóidh méadú soghluaisteachta lucht saothair laistigh
den AE deiseanna fostaíochta d'oibrithe agus cuideoidh sé le fostóirí folúntais
a líonadh níos fearr agus níos tapa. Cuireann sé sin le margadh saothair
Eorpach a fhorbairt a bhfuil leibhéal ard fostaíochta aige (Airteagal 9
den CFAE). Tá soghluaisteacht lucht saothair laistigh den
AE réasúnta íseal i gcomparáid le méid an mhargaidh saothair agus dhaonra
gníomhach an AE. Tá soghluaisteacht bhliantúil laistigh den AE27, mar a bhíodh,
ag 0.29 %, faoi bhun rátaí na hAstráile (1.5 % idir 8 stát) agus
Stáit Aontaithe Mheiriceá (2.4 % idir 50 stát)[4]. Níl ach timpeall 7.5
milliún de lucht saothair na hEorpa de thart ar 241 milliún (i.e. 3.1 %)
atá gníomhach go heacnamaíoch i mBallstát eile[5].
Faoi láthair tá rátaí arda dífhostaíochta i roinnt Ballstát fad atá líon ard folúntas
i mBallstáit eile. Tháinig méadú suntasach ar líon na n‑oibrithe
a léiríonn "rúin daingne" (i.e.: cion na ndaoine a bhfuil fúthu dul
ar imirce sa 12 atá rompu) bogadh thar lear chun dul ag obair[6]. Léiríonn clárúcháin le
EURES go bhfuil méadú ar líon na ndaoine atá ag lorg poist thar theorainneacha
náisiúnta. Mhéadaigh líon na gcuardaitheoirí poist atá cláraithe ar thairseach
EURES ó 175,000 go 1,200,000 idir 2007 agus Nollaig 2013 gan méadú
comhfhreagrach ar shoghluaisteacht ó phost go chéile. Sa lá atá inniu ann ní bhogann ach thart ar
700,000 duine sa bhliain ar an meán le dul ag obair i mBallstát eile[7], ach san aon am
léiríonn eachtarshuímh bunaithe ar na suirbhéanna gur mhaith le thart ar 2.9
milliún saoránach den AE bogadh sna 12 mhí rompu[8].
Cumas soghluaisteachta suntasach agus dúshlán do líonra
EURES is ea é sin. Is iomaí fáth nár úsáideadh acmhainneacht na
soghluaisteachta lucht saothair laistigh den AE agus nach gcomhlíonann
saoránaigh a n‑intinn a bheith ina n‑oibrithe soghluaiste. Léiríonn
suirbhéanna[9]
gurb iad na deacrachtaí praiticiúla is coitianta a mbíonn súil leo nó a
mbuailtear leo easpa eolais ar an teanga ábhartha agus deacrachtaí chun post a
fháil. Is féidir leis an AE cuidiú leis an dara ceann trí fheasacht a ardú faoi
dheiseanna fostaíochta ar fud an Aontais agus seirbhísí tacaíochta cuí a
fhorbairt d'fhonn earcú laistigh den AE a spreagadh. Beidh sé sin de chúram ar
líonra treisithe EURES. Cé go raibh feidhmiú líonra EURES faoi réir
roinnt athruithe ar thionscnamh an Choimisiúin trína Chinneadh in 2012,
Caibidil II de Rialachán 492/2011, níor leasaíodh an creat rialála Eorpach
sin do mhalartú imréiteach agus faisnéise idir na Ballstáit maidir le soghluaisteacht
lucht saothair laistigh den AE ó 1992 i leith. Is gá athbhreithniú cuimsitheach a thugann
aitheantas do phatrúin nua soghluaisteachta, ceanglas feabhsaithe maidir le
soghluaisteacht chothrom, athruithe ar an teicneolaíocht chun sonraí faoi
fholúntais a chomhroinnt, úsáid a bhaint as raon cainéal earcaíochta ag lucht
cuardaigh fostaíochta agus ag fostóirí agus ról méadaitheach do bhróicéirí eile
sa mhargadh saothair leis na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) chun
seirbhísí earcaíochta a chur ar fáil. Faoi shoghluaisteacht chothrom tuigtear
soghluaisteacht a tharlaíonn ar bhonn deonach agus a bhfuil meas aici ar dhlí
an tsaothair agus ar chaighdeáin saothair chomh maith le cearta na n‑oibrithe
laistigh den Aontas. Aithníonn conclúidí an 28 agus 29 Meitheamh,
2012 ón gComhairle Eorpach maidir leis an gComhshocrú le haghaidh Fáis agus
Post an phráinn pholaitiúil chun soghluaisteacht saothair laistigh den AE a
fheabhsú i gcomhthéacs na rátaí dífhostaíochta arda: "Ba cheart
tairseach EURES a fhorbairt mar fhíoruirlis Eorpach do lonnú agus d'earcaíocht
(…)". I gconclúidí na Comhairle Eorpaí an 13 agus an 14 Nollaig 2012
maidir leis an Suirbhé Bliantúil ar Fhás agus fostaíocht don aos óg 2013
iarradh ar an gCoimisiún rialachán nua maidir le EURES a mholadh. Ina Thuarascáil ar Shaoránacht an AE 2013[10] gheall an Coimisiún
tionscnamh a chur ar aghaidh in 2013 chun EURES a nuachóiriú le cur le ról agus
tionchar na seirbhísí fostaíochta ar an leibhéal náisiúnta agus feabhas a chur
ar chomhordú soghluaisteachta lucht saothair san AE (beart 2). Tá
nuachóiriú EURES san áireamh freisin sa Teachtaireacht ón gCoimisiún
"Saorghluaiseacht shaoránaigh an AE agus a dteaghlaigh: Cúig bheart chun
difríocht a dhéanamh"[11]
an 25 Samhain 2013 mar chuid de na bearta arb é is aidhm dóibh cabhrú leis na
húdaráis áitiúla rialacha an AE maidir le saorghluaiseacht ar chur i bhfeidhm
go praiticiúil (beart 5). I gcomhréir leis an iarraidh i gconclúidí na
Comhairle Eorpaí thuas an 28 agus an 29 Meitheamh 2012, leathnófar líonra
EURES freisin de réir a chéile le printíseachtaí agus cúrsaí oiliúna a chur san
áireamh. Tá fostaíocht trí earcú daoine óga laistigh den AE ag fáil tacaíochta
ó Do Chéad Phost EURES. Nascann an scéim sin cúnamh cuardaigh poist
saincheaptha le tacaíocht airgeadais i leith caiteachas taistil le haghaidh
agallaimh poist, socrú etc. Tá ar intinn ag an gCoimisiún leanúint ar aghaidh
ag tacú le scéimeanna den sórt sin. Chomh maith leis sin, ba cheart go neartódh
togra le haghaidh Rialacháin cumas na seirbhísí fostaíochta comhpháirtíochtaí a
fhorbairt chun níos mó earcaíochta laistigh den AE do dhaoine óga a chruthú. Chun
comhleanúnchas le tionscnaimh leanúnacha ar leibhéal an AE a áirithiú, amhail
an Chomhghuaillíocht Mhór um Poist Dhigiteacha agus an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí, iarrtar ar
líonra EURES freisin forbairt na dtionscnamh sin a chur chun cinn go gníomhach. 1.3. Easnaimh i líonra EURES I
gcomhréir leis an bPacáiste Fostaíochta[12], ghlac
an Coimisiún Cinneadh in 2012 chun líonra EURES a nuachóiriú agus a threisiú[13]. Tagann an Cinneadh in ionad Chinneadh an Choimisiúin 2003[14] agus é mar aidhm aige dreasachtaí a chruthú do ghíomhaíochtaí
meaitseála, socrúcháin agus earcaíochta laistigh de líonra EURES atá ann faoi
láthair, inter alia Seirbhísí Fostaíochta Príobháideacha, a oscailt
chomh fada is féidir, gan modhnú ar an bhunús dlí (Rialachán 492/2011). Tháinig
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/733/AE ón gCoimisiún i bhfeidhm an 1 Eanáir
2014. Léiríonn fianaise gur chabhraigh líonra EURES,
a bhfuil thart ar 900 comhairleoir agus ardán coiteann aige chun folúntais Eorpacha
a imréiteach ‑ tairseach EURES ‑ le go leor de lucht cuardaigh
fostaíochta agus fostóirí chun deiseanna soghluaisteachta a bhaint amach. Iad
siúd a tharraingíonn an ionstraim sin chucu agus atá in ann a cuid seirbhísí a
úsáid, is mór a meas uirthi de ghnáth. Ach is léir nach leor feistiú na hionstraime,
mar a fheidhmíonn sí inniu, le tuilleadh patrún cothrom soghluaisteachta a
spreagadh mar chuid de na réitigh le haghaidh na míchothromaíochtaí ar mhargadh
saothair na hEorpa, go háirithe i bhfianaise líon lucht saothair an AE agus
cineál an dúshláin sa staid eacnamaíoch atá ann faoi láthair. Aithníodh na
heasnaimh seo a leanas maidir le hoibriú líonra EURES: –
Líon neamhiomlán folúntas agus CVanna inrochtana ar
leibhéal an AE le haghaidh na mBallstát ar fad (trédhearcacht na margaí
saothair); –
Cumas teoranta meaitseála thairseach EURES a
thugann folúntais agus CVanna le chéile ag leibhéal an AE, mar gheall ar an
méid teoranta idir‑inoibritheachta brí atá sna sonraí a thagann ó chórais
folúntas náisiúnta (acmhainneacht uathoibrithe meaitseála); –
Rochtain mhíchothrom ar sheirbhísí EURES ar fud an
AE agus gan lucht cuardaigh fostaíochta agus fostóirí ag fáil na faisnéise go
léir is gá maidir le EURES ná tairiscint le haghaidh tuilleadh cúnaimh ag an
gcéad chéim earcaíochta (príomhshruthú); –
Cumas teoranta chun cabhrú le meaitseáil,
earcaíocht agus socrúcháin don lucht cuardaigh fostaíochta agus do na fostóirí
sin a chuir spéis i soghluaisteacht lucht saothair laistigh den AE, lena n‑áirítear
i rochtain ar bhearta idirghníomhacha faoin margadh saothair agus eolas agus
comhairle maidir le slándáil shóisialta (seirbhísí tacaíochta); –
Malartú faisnéise idir na Ballstáit a bheith mí‑éifeachtach
maidir le ganntanas agus barrachas lucht saothair, rud a chuireann isteach ar chomhar
praiticiúil níos spriocdhírithe i líonra EURES (malartú faisnéise agus comhar). 1.4. Cuspóirí an togra Is é is cuspóir ginearálta líonra EURES a
fhágáil ina ionstraim éifeachtach d'aon chuardaitheoir poist nó fostóir a
bhfuil suim acu i soghluaisteacht lucht saothair laistigh den AE. Téann
cuspóirí sonracha an togra i ngleic leis na heasnaimh thuas mar seo a leanas: –
soláthar folúntas atá beagnach iomlán a bhaint
amach ar thairseach EURES, agus rochtain mheandrach ar na folúntais chéanna ag
cuardaitheoirí poist ar fud na hEorpa, i gcomhcheangal le líon fairsing CVanna
atá ar fáil ónar féidir le fostóirí cláraithe daoine a earcú; –
a chur ar chumas thairseach EURES meaitseáil
uathoibrithe mhaith a dhéanamh idir folúntais agus CVanna ar fud na mBallstát,
lena n‑áirítear aistriúcháin go teangacha uile an AE agus tuiscint ar
scileanna, inniúlachtaí, gairmeacha beatha agus cáilíochtaí a bhaintear amach
ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal earnálach. –
faisnéis bhunúsach a chur ar fáil faoi líonra EURES
ar fud an Aontais d'aon chuardaitheoir poist nó fostóir atá ag lorg seirbhísí
cliant le haghaidh earcaíochta agus rochtain ar líonra EURES a thairiscint go
seasta d'aon duine a bhfuil suim acu ann; –
cuidiú le haon duine den sórt sin a bhfuil suim acu
i meaitseáil, socrúcháin agus earcaíocht trí líonra EURES; –
tacú le feidhmiú líonra EURES trí mhalartú
faisnéise maidir le ganntanas agus barrachas lucht saothair náisiúnta agus
comhordú na mbeart ar fud na mBallstát. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR 2.1. Comhairliúchán leis na
Ballstáit Ba é an pointe tosaigh do Chinneadh 2012 an
mheastóireacht ar líonra EURES in 2010[15].
I gcomhthéacs an ullmhúcháin i dtreo Chinneadh 2012, eagraíodh seisiúin
chomhairliúcháin leis na Ballstáit maidir leis na heasnaimh atá ann faoi
láthair agus treoshuíomh a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo do líonra EURES.
Chuathas i gcomhairle go foirmiúil leis an gCoiste Comhairleach ar 'Shaoirse
Gluaiseachta Oibrithe' faoin dréacht‑Chinneadh i bhFómhar na bliana 2012.
Tríd is tríd cuireadh fáilte roimh phríomhaidhm an Chinnidh, seirbhísí EURES a
atreorú ó eolas agus treoir ghinearálta i dtreo níos mó meaitseála, socrúchán
agus earcaíochta. Thacaigh na Ballstáit ar fad leis an smaoineamh timthriall
cláreagraithe agus comhtháscairí ar ghníomhaíochtaí EURES le trédhearcacht
maidir le feidhmíocht a mhéadú, malartú faisnéise a fheabhsú agus comhordú na mbeart
a fheabhsú. Ó shin i leith shoiléirigh na Ballstáit aonair
i gcruinnithe saineolaithe a seasaimh maidir le raon feidhme na mbeart
féideartha cur chun feidhme i bhfianaise na gcleachtas agus na srianta
náisiúnta. Mar thoradh ar na cruinnithe sin, aontaíodh ar an gcur chuige i
dtreo oscailt an líonra do sholáthraithe seirbhíse eile seachas na SPFanna a
choigeartú le níos mó ama agus saoirse a thabhairt do na Ballstáit faoin tslí
chun comhpháirtíochtaí a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta. 2.2. Comhairliúchán le cleachtóirí Ag tógáil ar na comhairliúcháin thuas ar
líonra EURES i gcoitinne, cuireadh ceistneoirí amach in 2013 chun athbhreithniú
a dhéanamh ar chleachtais maidir leis an rochtain ar fholúntais ar an leibhéal
náisiúnta, ar an rochtain do lucht cuardaigh fostaíochta agus d'fhostóirí ar
líonra EURES, agus eagrú meaitseála, socrúchán agus gníomhaíochtaí earcaíochta
ar fud líonra EURES. Deimhníonn na freagraí ar na ceistneoirí na heasnaimh a
d'aithin an Coimisiún, mar léiríonn siad éagsúlacht mhór sna Ballstáit ar (a)
cé na folúntais a bhíonn faoi réir imréiteach na hEorpa (trédhearcacht na
margaí saothair), (b) a seasamh tosaigh meaitseáil uathoibrithe a chumasú, (c)
an chaoi le rochtain a fháil ar líonra EURES go praiticiúil (príomhshruthú)
agus (d) soláthar iarbhír na seirbhísí tacaíochta. 2.3. Measúnú
tionchair I gcomhréir lena bheartas maidir le rialáil
níos fearr, rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais chun
dul i ngleic leis na heasnaimh a aithníodh. Ba iad na roghanna éagsúla beartas (1) an status
quo a choinneáil, (2) Rialachán 492/2011 a leasú maidir le cumhachtaí an
Choimisiúin i leith chur chun feidhme a fhorálacha, (3) Rialachán nua a
thabhairt isteach a mbeadh forálacha nua ar fad ag gabháil leis agus (4)
Rialachán nua a thabhairt isteach ina mbeadh sainordú ar leith ón gCoimisiúin
le cur leis an gcomhar idir seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha.
Rinneadh anailís ar gach rogha i gcomparáid leis an gcuspóir ginearálta líonra
EURES a fhágáil ina ionstraim éifeachtach d'aon chuardaitheoir poist nó fostóir
a bhfuil suim acu i soghluaisteacht lucht saothair laistigh den AE. Léirigh an measúnú tionchair go dtarraingeodh
an chéad rogha moill ar an athchóiriú a seoladh le Cinneadh na bliana 2012.
Chuirfeadh an dara rogha ar chumas an Choimisiún na bearta iomchuí a thabhairt
chun cinn agus leanúint leis an bpróiseas i dtreo ionstraim níos éifeachtaí,
ach, i bhfianaise na srianta i roinnt Ballstát, ní raibh súil leis go
mbainfeadh sé amach toradh inmhianaithe an Chinnidh gan athruithe i Rialachán
492/2011 féin. Ní réiteodh an dara rogha go hiomlán na heasnaimh ar mheaitseáil
uathoibrithe, príomhshruthú, seirbhísí tacaíochta agus malartú faisnéise agus
comhar. Dá bhrí sin, is é an rogha is fearr ionstraim neamhspleách ina
gcomhcheanglaítear forálacha an dá ionstraim agus a théann i ngleic leis na
heasnaimh go léir a chur in ionad Rialachán 492/2011 agus Chinneadh 2012. Laistigh
den rogha sin, fuarthas réidh le roinnt roghanna ar leith toisc nach raibh siad
comhréireach leis na cuspóirí sonracha. An ceathrú rogha, a chuirfeadh le rogha
3 sainordú don Choimisiún comhpháirtíochtaí le seirbhísí nua fostaíochta a
bhunú go huathrialach ar mhaithe le leas líonra EURES ina iomláine, measadh go
rachadh sí thar a bhfuil riachtanach ag an gcéim seo. Thug an Bord um Measúnú Tionchair ('BMT')
tuairim faoin dréacht‑mheasúnú tionchair an 5 [Nollaig] 2013. Tá
tuairim an BMT chomh maith leis an Measúnú Tionchair deiridh agus a achoimre
feidhmiúcháin á bhfoilsiú in éineacht leis an togra seo. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Bunús dlí Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 46 den
CFAE, ar an mbonn dlíthiúil céanna le Rialachán (AE) Uimh. 492/2011, a
cheadaíonn Rialacháin nó Treoracha a ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta
reachtach. 3.2. Prionsabail na coimhdeachta
agus na comhréireachta Tá dlúthbhaint ag cuspóirí an Rialacháin atá
beartaithe leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 3(3) CAE,
faoinar bhunaigh an tAontas Eorpach margadh inmheánach bunaithe ar gheilleagar
sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar, atá dírithe ar lánfhostaíocht
agus dul chun cinn sóisialta, Airteagal 9 den CFAE, leibhéal ard
fostaíochta a chur chun cinn, ráthaíocht ar chosaint shóisialta leormhaith agus
Airteagal 45 den CFAE ("an ceart glacadh le tairiscintí fostaíochta a
rinneadh iarbhír (...) laistigh de chríoch na mBallstát chuige sin" ). Tá dlúthbhaint ag na bearta sonracha aonair sa
togra seo lena chéile. Treisíonn siad a chéile agus le chéile ba cheart go
bhfágfaidís líonra EURES ina rogha ionstraime thosaíochta d'aon chuardaitheoir
poist nó fostóir a bhfuil suim acu i soghluaisteacht lucht saothair laistigh
den AE. Sa mhéid gur leathnú ar na hoibleagáidí trédhearcachta atá ann faoi
láthair atá i gceist leis na bearta sin, lena mbeifear in ann meaitseáil
uathoibrithe a dhéanamh, lena n‑áiritheofar rochtain chomhionann ar fud an
Aontais ar líonra EURES, lena saineofar seirbhísí tacaíochta praiticiúla ar
bhealach níos soiléire agus lena leathnófar na socruithe malartaithe faisnéise
atá ann faoi láthair, meastar gur freagra cuimsitheach ach cothrom iad ar na
heasnaimh éagsúla atá sa chreat reatha le haghaidh comhair. Is leor na bearta
sin freisin i bhfianaise staid na ndaoine dífhostaithe ar na margaí saothair,
ar riachtanais lucht cuardaigh fostaíochta ("rúin dhaingne") agus an
dul chun cinn (teicneolaíoch) ar na margaí folúntas agus earcaíochta. Tá bonn cirt le gach beart aonair per se
mar bheart a thugann saoirse gluaiseachta d'oibrithe a aithnítear faoi Airteagal 46
den Chonradh. Tá d'aidhm ag gach beart "an dlúthchomhar idir na seirbhisí
fostaíochta náisiúnta" (Airteagal 46 (a) den CFAE) a fheabhsú agus/nó
"an t‑innealra iomchuí" a athdhearadh chun folúntais a
thabhairt le chéile le hiarratais ar phoist (Airteagal 46 (d) den CFAE). Toisc go bhfuil imréiteach folúntas, iarratas
ar phost agus CVanna thar theorainneacha agus an socrúchán oibrithe mar thoradh
air sin bunaithe ar an tuiscint gurb ann do chreat comhchoiteann do chomhar
idir eagraíochtaí i mBallstáit éagsúla, ní féidir leis na Ballstáit ina n‑aonar
cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, tá gá le
bearta ar leibhéal an AE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta,
ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a
bhaint amach. Ar son na trédhearcachta, ní chuirfidh na Ballstáit ar fáil ar
thairseach EURES ach na folúntais agus CVanna sin atá ar fáil cheana féin ar
bhonn náisiúnta. Bainfear meaitseáil uathoibrithe amach ag baint úsáide as
uirlisí idir‑inoibritheachta simplí agus ní trí chóras coiteann aicmithe
a fhorchur lena úsáid ag an leibhéal náisiúnta. Féadfar príomhshruthú, i.e.
seirbhísí EURES a chomhtháthú i ngníomhaíocht dheasca tosaigh na seirbhísí
fostaíochta, a bhaint amach trí fhaisnéis chaighdeánach (ar líne agus/nó
páipéar), agus ní thagann sé i gceist ach sna cásanna ina ndéantar teagmháil
dhíreach tar éis iarrata sainráite ó dhaoine aonair sna spriocghrúpaí (i.e. i
gcás iarrata ar sheirbhísí cliant i dteannta seirbhísí fostaíochta). Is féidir
seirbhísí tacaíochta a sheachadadh ar an leibhéal náisiúnta trí réimse roghanna
agus bealaí agus is féidir a ndéine agus a raon feidhme a oiriúnú de réir
staide aonair lucht cuardaigh fostaíochta agus fostóirí. Roinnfidh na Ballstáit
faisnéis náisiúnta ar bhealach níos córasaí maidir le ganntanas agus barrachas lucht
saothair agus beartais lena mbaineann, ach tá an cinneadh maidir leis na
beartais sin lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Ní bheidh aon tionchar buiséadach ar leith ar
bhuiséad an AE mar thoradh ar an togra seo. Aon ghníomhaíochtaí a bheidh le
déanamh ag an gCoimisiún Eorpach do líonra EURES agus a mbeidh gá le hacmhainní
daonna agus/nó airgeadais dá dtoradh, beidh siad faoi raon feidhme an
Rialacháin lena mbunaítear an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta
("EaSI") (2014‑2020)[16]
agus cumhdófar iad i leithdháileadh buiséid bliantúil an chláir seo. Don tréimhse 2014‑2020, íocfaidh clár
seo an AE as bearta cothrománacha amhail tairseach EURES, an clár oiliúna
comónta, scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe amhail Do Chéad Phost EURES
agus forbairt an chórais aicmithe Eorpaigh do scileanna/inniúlachtaí,
cáilíochtaí agus gairmeacha (ESCO). Don tréimhse chéanna, tá gníomhaíochtaí sna
Ballstáit maidir le soghluaisteacht lucht saothair laistigh den AE incháilithe
faoin Chiste Sóisialta na hEorpa. 5. ACHOIMRE MHIONSONRAITHE AR
AN TOGRA 5.1. Caibidil I – forálacha
ginearálta Sainíonn an chaibidil seo ábhar an togra (Airteagal 1)
agus a phríomhchoincheapa (Airteagal 2). Comhtháthaíonn an togra in aon chreat amháin
forálacha Chaibidil II agus Airteagal 38 de Rialachán 492/2011 agus
Cinneadh ón gCoimisiún 733/2012/AE maidir le líonra EURES. Déantar tagairt d'oibrithe agus fostóirí mar
na spriocghrúpaí ar fud an togra. Sainítear oibrithe agus tagairt á déanamh do
na cearta a thugtar do shaoránaigh faoi Airteagal 45 den CFAE. Chun críche
na bhforálacha, saoránaigh is ea iad atá ag lorg poist agus a bhfuil an ceart
acu gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe, agus an ghníomhaíocht sin a
shaothrú i gcríoch Ballstáit eile. Mar sin féin, d'fhéadfadh siad a bheith ina
náisiúnaigh tríú tíre chomh maith a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil i mBallstát
agus a bhfuil an ceart acu bheith ag obair, ar choinníoll go bhféadfaidh siad
bogadh chuig Ballstát eile. Cuimsíonn an togra freisin na catagóirí sin
saoránach nuair a bhíonn siad ag lorg printíseachta nó deiseanna ar chúrsa
oiliúna obairbhunaithe a bhaineann le conradh fostaíochta. Chun aghaidh a
thabhairt ar an iarratas ón gComhairle Eorpach an 28‑29 Meitheamh 2012,
tá cuid de bhaill líonra EURES ag iniúchadh na bhféidearthachtaí cheana féin ar
bhonn neamhfhoirmiúil chun raon feidhme líonra EURES a leathnú chun printíseachtaí
agus cúrsaí oiliúna a chur san áireamh. Tosófar treoirthionscadal le linn 2014
lena gceadófar do na Ballstáit tairiscintí agus iarratais a chomhroinnt ar bhonn
deonach. Ba cheart í a bheidh mar aidhm malartú faisnéise, tairiscintí agus
iarratas sa réimse sin a fhorbairt de réir a chéile agus dul níos faide ná
staideanna arna gcumhdach i gconradh fostaíochta. 5.2. Caibidil II ‑
líonra EURES a bhunú Sa Chaibidil seo athbhunaítear líonra EURES (Airteagal 3).
Leagann sé síos a chomhdhéanamh (Airteagal 4(1)) agus róil agus
freagrachtaí faoi seach a ) an Choimisiúin (An Oifig Eorpach um Chomhordú, Airteagal 6)
b) na gcomhlachtaí a d'ainmnigh na Ballstáit chun an Rialachán seo a chur i
bhfeidhm (na hOifigí Náisiúnta um Chomhordú, Airteagal 7) agus c) na n‑eagraíochtaí
atá rannpháirteach i líonra EURES mar sholáthraithe seirbhíse (Comhpháirtithe
EURES, Airteagal 9). Toisc gur líonra de chúnamh frithpháirteach é seo, roinneann
na heagraíochtaí uile freagrachtaí comhpháirteacha ( Airteagal 4(2)). Rannchuideoidh líonra EURES le cuspóirí
beartais leathana (Airteagal 5). Mar ionstraim a éascaíonn soghluaisteacht
lucht saothair laistigh den AE, tá sí ar cheann amháin i measc go leor réiteach
agus beartas a chothaíonn leibhéal ard fostaíochta. Bunaíonn Airteagal 8 an creat a n‑údaróidh
Ballstáit aonair eagraíochtaí le dul ar líonra EURES mar Chomhpháirtithe EURES
ar a bhonn, faoi réir na n‑íoschritéar comhchoiteann atá leagtha amach
san Iarscríbhinn (Airteagal 8(4)) a chur i bhfeidhm. Is í an fhoráil seo
an príomh‑mhodh chun ballraíocht líonra EURES a mhéadú faoin togra seo. Is í is aidhm di sásraí solúbtha a bhunú a
chuirfidh ar chumas na mBallstát (de réir a chéile) an oiread eagraíochtaí a
chur i líonra EURES a mheastar a bheith úsáideach chun cuspóirí líonra EURES a
chur chun cinn: –
An gcéad dul síos, ní dhéantar eagraíocht is
iarratasóir a shainmhíniú, ionas go bhféadfaí rochtain a dheonú do raon leathan
eagraíochtaí ábhartha, lena n‑áirítear seirbhísí fostaíochta san earnáil
phríobháideach nó sa tríú hearnáil, eagraíochtaí fostóirí, ceardchumainn,
cumainn lucht tráchtála agus eagraíochtaí neamh‑rialtais atá ag tacú le
hoibrithe imirceacha. D'fhéadfadh na heagraíochtaí sin uile cur go fóinteach le
soghluaisteacht lucht saothair laistigh den AE a chothú ar bhealach amháin nó
ar bhealach eile. –
Ar an dara dul síos, toisc go bhféadfadh roinnt de
na heagraíochtaí a bheith faoi réir srianta sonracha ina sainordú, stádas
dlíthiúil nó cumas riaracháin, cuirtear ar a gcumas a roghnú gan a bheith
rannpháirteach ach i gcodanna áirithe de ghníomhaíochtaí líonra EURES (Airteagal 9(1)). –
Ar an tríú dul síos, is féidir leis na
heagraíochtaí sin a bheith ina gComhpháirtithe EURES i gcomhar le heagraíochtaí
eile (Airteagal 8(6)). Ceadaíonn an creat sin go leor solúbthachta chun
comhpháirtíochtaí a thógáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar an dóigh sin
d'fhorbairt de réir a chéile ar sholáthar for‑rochtana agus seirbhís
fhairsing gheografach agus téamach ar an leibhéal náisiúnta a bheidh ar
cóimhéid leis na patrúin agus na riachtanais soghluaisteachta. Le hAirteagal 8(3) tugtar isteach ceart
do sheirbhísí fostaíochta iarratas a dhéanamh. Ní féidir an ceart seo a
fheidhmiú ach amháin sa tír ina bhfuil na seirbhísí fostaíochta lena mbaineann
ag feidhmiú go dleathach (prionsabal an chríochachais). Cé go leanfaidh na
Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) ar aghaidh agus ról suntasach acu i
líonra EURES (Airteagal 10), fágfar athbhreithniú na n‑iarratas ó
chineálacha eile seirbhísí fostaíochta faoin mBallstát aonair. Féadfaidh
Ballstát critéir bhreise orthu sin a leagtar síos san Iarscríbhinn a thabhairt
isteach má mheastar go bhfuil gá leo (Airteagal 8(5)). Le hAirteagal 11 tugtar isteach comhlacht
rialaithe amháin chun comhar praiticiúil idir an Coimisiún agus na Ballstáit a
éascú don Rialachán seo. 5.3. Caibidil III ‑
Trédhearcacht Sa chaibidil seo tugtar isteach na bearta
sonracha maidir le trédhearcacht agus meaitseáil uathoibrithe: –
chun soláthar folúntas atá beagnach iomlán a bhaint
amach ar thairseach EURES, agus rochtain láithreach ar na folúntais chéanna ag
cuardaitheoirí poist ar fud na hEorpa, i gcomhcheangal le líon fairsing CVanna
atá ar fáil ónar féidir le fostóirí cláraithe daoine a earcú
(Airteagail 14, 15 agus 17); –
ionas gur féidir le tairseach EURES meaitseáil
uathoibrithe mhaith a dhéanamh idir folúntais agus CVanna ar fud na mBallstát,
lena n‑áirítear aistriúcháin go teangacha uile an AE agus tuiscint ar
scileanna, inniúlachtaí, gairmeacha beatha agus cáilíochtaí a bhaintear amach
ar an leibhéal náisiúnta (Airteagal 16). Tá na forálacha sa chaibidil seo i bhfabhar go
sonrach prionsabal na trédhearcachta a shíneadh amach chuig eagraíochtaí
seachas na SPFanna, i bprionsabal trí rannpháirtíocht dheonach Chomhpháirtithe
EURES i líonra EURES. Anuas air sin, iarrtar ar na SPFanna comhpháirtíochtaí a
fhorbairt le haon eagraíochtaí ábhartha eile maidir le prionsabal na rochtana
éasca ar thairseach EURES (Airteagal 15(2)) agus aistriú faisnéise ar an
leibhéal náisiúnta a éascú trí mhol náisiúnta a chruthú (Airteagal 15(5)).
Soláthar folúntas atá beagnach iomlán Faoi láthair, ní chuireann gach Ballstát na
folúntais uile a fhoilsítear agus a chuirtear ar fáil ar an leibhéal náisiúnta
ar fáil do thairseach EURES. Faoi Airteagal 14(1), mír (a) cuirfear
de cheangal ar na Ballstáit na folúntais uile a fhoilsíonn siad go náisiúnta a
chur ar fáil do thairseach EURES agus leis sin, dá bhrí sin, déantar raon
feidhme Airteagal 13 de Rialachán 492/2011 a fhairsingiú. Ar an gcéad dul síos, ciallaíonn sé sin deireadh
a chur le haon teorainneacha ginearálta riaracháin i dtaca leis an aistriú
folúntas chuig tairseach EURES go dtí seo, amhail na teorainneacha sin a
bhaineann le cineál agus fad an chonartha nó aidhmeanna earcaíochta na
bhfostóirí (Airteagal 14(2)). Ar an dara dul síos, is é atá i gceist leis a
chur leis an líon folúntas atá ann cheana na folúntais (a) atá ar fáil leis na
SPFanna ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach, ach nach gcomhroinntear go
lárnach ná a chuirtear ar fáil do thairseach EURES go dtí seo; (b) ó thríú
páirtithe, amhail seirbhísí príobháideacha fostaíochta, i gcás ina gcuirtear
iad sin ar fáil do na SPFanna ar bhonn na gcomhaontuithe náisiúnta atá ann
cheana agus (c) ó Chomhpháirtithe EURES. Nuair a áirítear na forbairtí teicneolaíocha i
dtaca le ransaíocht ghréasáin a tharla le ríghairid, líon teoranta na mBallstát
a bhaineann úsáid as uirlisí den chineál sin agus údair imní maidir le cosaint
sonraí a d'fhéadfadh a bheith ann, níl sé beartaithe a chur de cheangal ar na
Ballstáit aon sonraí a fhaightear i gcomhar le ransaitheoirí gréasáin i
gcomhréir leis an dlí náisiúnta a chur ar fáil do thairseach EURES faoi
láthair. Líon fairsing iarratas ar phost agus CVanna Faoi láthair, ní dhéantar aon mhalartú
leictreonach uathoibrithe ar CVanna ná faisnéis eile faoi phróifílí
cuardaitheoirí poist ar an leibhéal Eorpach, in ainneoin an leagain amach in Airteagal 13
de Rialachán 492/2011. Faoi Airteagal 14(1)(b) cuirfear de cheangal
ar na Ballstáit iarratais ar phost agus CVanna atá ar fáil go náisiúnta a chur
ar fáil do thairseach EURES amach anseo, ar choinníoll go bhfuil a thoiliú
tugtha ag an duine go ndéanfaí amhlaidh. Cumhdófar sa mhéid sin aistriú na sonraí chuig
tairseach EURES, sonraí arna gcur ar fáil ag cuardaitheoirí poist, (a) go
díreach do na SPFanna, (b) do na SPFanna mar thoradh ar aon chomhaontuithe nó
socruithe maidir le comhroinnt sonraí idir na SPFanna agus seirbhísí
fostaíochta eile agus (c) do Chomhpháirtithe EURES. Ar an gcaoi sin d'fhéadfadh
fostóirí atá cláraithe ar thairseach EURES rochtain dhíreach a fháil ar líon
níos fairsinge CVanna. Tacú le sásraí le haghaidh rochtana ar líne
do chuardaitheoirí poist agus fostóirí Ionas
go mbeidh sé níos éasca ar chuardaitheoirí poist agus fostóirí iarratais ar
phost, CVanna agus folúntais a chomhroinnt thar theorainneacha, tugtar dhá
oibleagáid isteach: (a) Faoi Airteagal 15 cuirtear de cheangal ar na
SPFanna agus Comhpháirtithe EURES eile feabhas a chur ar rochtain ar thairseach
EURES maidir leis na tairseacha cuardaigh poist a láimhseálann siad, agus (b)
in Airteagal 17 foráiltear nach mór do na SPFanna agus Comhpháirtithe
EURES eile atá ag clárú a gcuid sonraí, cúnamh leordhóthanach a thabhairt do
chuardaitheoirí poist agus fostóirí dá mba mhian leo clárú ar thairseach EURES
freisin. Meaitseáil uathoibrithe Tá an Coimisiún Eorpach i mbun forbartha ar
chóras aicmithe Eorpach i dtaca le scileanna, inniúlachtaí, cáilíochtaí agus
gairmeacha beatha. Cé gurb é an chéad fheidhm a bheidh leis feidhmiú mar
inneall meaitseála uathoibrithe bunaithe ar scileanna do thairseach EURES,
beifear in ann idir‑inoibritheacht iomlán a dhéanamh ar shonraí idir
thairseacha náisiúnta cuardaigh poist ar fud na hEorpa. Go teicniúil, ní gá córais aicmithe a
chomhchuibhiú chun idir‑inoibritheacht a bhaint amach chun críche
meaitseála uathoibrithe. Chun sásra iomchuí a thabhairt isteach i ndlí an
Aontais ionas gur féidir leis na Ballstáit uile meaitseáil uathoibrithe thar
theorainneacha a fhorbairt sna tairseacha náisiúnta cuardaigh poist, ní
fhoráiltear in Airteagal 16 ach go gcuirfidh na Ballstáit fardal tosaigh
le chéile chun gach córas aicmithe a chur i gcomparáid leis an gcóras aicmithe
Eorpach sin. In Airteagal 16(3) socraítear spriocdháta do na Ballstáit
uile agus tar éis an dáta sin bheadh na sonraí ar fad arna gcomhroinnt idir‑inoibritheach,
ar choinníoll go n‑úsáidtear caighdeáin theicniúla agus teimpléid (Airteagal 16(5)). Freagrachtaí maidir le cáilíocht na sonraí Tá an fhreagracht maidir le cáilíocht an
fholúntais, cruinneas na faisnéise a chuirtear ar fáil agus comhlíonadh an dlí
náisiúnta agus na gcaighdeán náisiúnta ar an eagraíocht a chuireann an
fhaisnéis sin ar fáil do thairseach EURES. Chun úsáideoirí na tairsí a chur ar
an eolas faoin bhfreagracht sin, tá séanadh comhfhreagrach ón gCoimisiún ar an
tairseach. In Airteagal 14 déantar tagairt i mír 4 don ghá atá le dlí
agus caighdeáin náisiúnta den chineál sin, agus i mír 5 leagtar síos
prionsabal an chomhair agus an mhalartaithe i dtaca le faisnéis sa réimse sin
agus foráiltear i mír 6 nach mór a bheith in ann foinse na sonraí folúntas
a rianú (chuig an eagraíocht a chuireann na sonraí sin ar fáil). 5.4. Caibidil IV ‑
Seirbhísí tacaíochta Sa chaibidil seo tugtar isteach na bearta sonracha
maidir le príomhshruthú agus seirbhísí tacaíochta: –
chun faisnéis bhunúsach a chur ar fáil ar líonra
EURES ar fud an Aontais d'aon chuardaitheoir poist nó fostóir atá ag lorg
seirbhísí cliant le haghaidh earcaíochta agus rochtain ar líonra EURES a thairiscint
go seasta d'aon duine a bhfuil suim aige ann (Airteagal 19 agus Airteagal 20(1));
–
chun cúnamh a thabhairt d'aon duine den chineál sin
a bhfuil suim aige i meaitseáil, i socrúchán agus in earcaíocht trí líonra
EURES (Airteagail 20(2)‑(4), 21 go 23). Tá na forálacha sa chaibidil seo i bhfabhar go
sonrach cur leis na seirbhísí tacaíochta a thugann eagraíochtaí seachas na
SPFanna, i bprionsabal trí rannpháirtíocht dheonach Chomhpháirtithe EURES i
líonra EURES. Anuas air sin, iarrtar ar na SPFanna comhpháirtíochtaí a
fhorbairt chun pacáiste seirbhíse soiléir a chur chun cinn chun i measc na
bhfostóirí maidir le soghluaisteacht lucht saothair laistigh den AE (Airteagal 21(4)).
Na
prionsabail Urramaítear i mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 18
na prionsabail nach mór do na Ballstáit rochtain éifeachtach ar líonra EURES
ina gcríoch a áirithiú agus cur chuige comhordaithe i leith seirbhísí
tacaíochta a fhorbairt, agus aird acu ar a bhfreagracht as an gcóras údarúcháin
do Chomhpháirtithe EURES, feidhmiú rianúil na hOifige Náisiúnta um Chomhordú
agus ról na SPFanna maidir le freastal ar leas an phobail sa réimse sin. In Airteagal 18(3)
sainaithnítear na roghanna atá ar fáil don soláthar seirbhíse i gcríoch gach
Ballstáit. Cumhdaíonn Airteagal 18(5) an prionsabal
nach mór seirbhísí tacaíochta d'oibrithe a bheith saor in aisce, ach i gcás an
chuid is mó de na seirbhísí tacaíochta d'fhostóirí féadfar táillí a ghearradh i
gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta (Airteagal 18(6)). Príomhshruthú
Foráiltear in Airteagal 19 agus Airteagal 20(1)
faoi seach (a) nach mór gach oibrí agus fostóir atá ag clárú do sheirbhísí
cliant le seirbhís fostaíochta san AE an bhunfhaisnéis is gá faoin méid is féidir
le EURES a dhéanamh dó a fháil agus (b) nach mór gach oibrí a bhfuil suim aige
ann a chur ar an eolas go honnghníomhach faoi "thairiscint EURES"
chun tuilleadh cúnaimh a fháil. Seirbhísí
Tacaíochta Faoin gcleachtas atá ann faoi láthair, iarrtar
ar eagraíochtaí atá i líonra EURES seirbhísí faisnéise, comhairleoireacht agus
comhairle a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist agus fostóirí mar seo a
leanas: –
(...) cúnamh agus comhairle a thabhairt do
chuardaitheoirí poist a bhfuil suim acu obair thar lear faoi fholúntais
oiriúnacha agus cúnamh agus comhairle a thabhairt chun iarratais agus CVanna, i
gcomhréir leis an bhformáid chaighdeánaithe Eorpach do CVanna, a tharraingt
suas. Tabharfar an deis do chuardaitheoirí poist a CVanna a chlárú i mbunachar
sonraí EURES; –
(...) faisnéis agus seirbhísí earcaíochta a chur ar
fáil d'fhostóirí ar mian leo daoine a earcú ó thíortha eile, lena n‑áirítear
comhairle agus cúnamh chun próifíl na n‑iarrthóirí a d'fhéadfadh teacht
chun cinn a shonrú. Cuirfidh siad bunachar sonraí CVanna EURES chun cinn mar
uirlis chun rochtain a thabhairt d'fhostóirí ar líon iarrthóirí a bhfuil suim
acu obair thar lear. I gCinneadh 2012, iarradh ar na Ballstáit
aird níos mó a dhíriú ar mheaitseáil, socrúchán agus earcaíocht. Chun cur le cur chun feidhme níos
comhsheasmhaí laistigh de líonra EURES, ba cheart go sonrófaí i ndlí an AE na
seirbhísí tacaíochta atá le cur ar fáil do na cuardaitheoirí poist agus
fostóirí sin a bhfuil suim acu cúnamh a fháil i dtaca le soghluaisteacht lucht
saothair laistigh den AE. Cumhdaíonn Airteagail 20‑23 an raon iomlán
seirbhísí; ó fhaisnéis agus treoir bhunúsach, go dtí cúnamh níos pearsanta,
lena n‑áirítear i dtaca le slándáil shóisialta, agus cúnamh iar‑earcaíochta.
Seirbhísí
tacaíochta sonracha Bíonn ceisteanna sonracha le réiteach ag
oibrithe teorann maidir le slándáil shóisialta, cáin agus árachas agus, dá bhrí
sin, bíonn cúnamh sonrach de dhíth orthu. Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann
struchtúir a bhunú maidir le comhar agus seirbhísí i réigiúin trasteorann agus
i gcás ina ndéanann siad amhlaidh, ní mór a áireamh sna seirbhísí tacaíochta
d'oibrithe teorann a) ilréitigh i dtaca le cumarsáid faoi fholúntais, iarratais
ar phost agus CVanna (Airteagal 15(6)); b) faisnéis bhunúsach
spriocdhírithe (Airteagal 19(2)) agus c) i dtaca le slándáil shóisialta,
rochtain chomhtháite ar líne (Airteagal 23(2)) agus cúnamh agus tarchur
chuig na húdaráis inniúla (Airteagal 23(3)). Is foirm shonrach amháin de na struchtúir
tacaíochta sin comhpháirtíochtaí trasteorann. Faoi threoir SPFanna na
mBallstát, féadfaidh siad na seirbhísí poiblí fostaíochta, fostóirí agus
eagraíochtaí ceardchumainn, na húdaráis áitiúla agus institiúidí eile a bhíonn
ag plé le fadhbanna fostaíochta agus gairmoiliúna sna réigiúin teorann a
thabhairt le chéile, i gcnuasaigh comhpháirtíochta éagsúla, de réir riachtanais
mhargadh an tsaothair sna réigiúin trasteorann. Is éard atá i réigiúin
trasteorann atá i dteideal struchtúir tacaíochta shonraigh ceantair fostaíochta
ina bhfuil leibhéil shuntasacha comaitéireachta trasteorann nó ina bhfuil sé
soiléir go bhféadfadh a leithéid tarlú. Rochtain neamh‑idirdhealaitheach ar
Bheartais Ghníomhacha Mhargadh an tSaothair In Airteagal 24 leagtar síos an
prionsabal nach mbeidh aon idirdhealú ann maidir le rochtain ar Bheartais
Ghníomhacha Mhargadh an tSaothair idir náisiúnaigh a ghluaiseann laistigh de
chríoch a dtíre féin agus náisiúnaigh a bhogann go Ballstáit eile
(cothromaíocht i gcás soghluaisteachta amach). Is é sin comhthoradh Airteagal 5
de Rialachán 492/2011, ina bhforáiltear go bhfaighidh oibrithe a lorgaíonn
fostaíocht i mBallstát an cúnamh céanna a thugtar do náisiúnaigh an Bhallstáit
sin (cothromaíocht i gcás soghluaisteachta amach). 5.5. Caibidil V ‑ An
gaol le beartais soghluaisteachta Sa chaibidil seo tugtar isteach an beart
sonrach seo a leanas: –
tacú le feidhmiú líonra EURES trí mhalartú
faisnéise maidir le ganntanas agus barrachas lucht saothair náisiúnta agus
comhordú na mbeart ar fud na mBallstát. (Airteagail 25 go 30). Tá na forálacha sa chaibidil seo i bhfabhar go
sonrach cur le bailiú agus athbhreithniú na faisnéise, na sonraí agus na
dtáscairí ag eagraíochtaí seachas na SPFanna, trí rannpháirtíocht Chomhpháirtithe
EURES i líonra EURES. Cuspóir iomlán an mhalartaithe faisnéise
agus an tuairiscithe Is é cuspóir iomlán na caibidle seo na
socruithe atá ann cheana a neartú chun faisnéis a chomhroinnt i líonra EURES i
gcás ina dtéann sí chun leas cháilíocht na gcomhthorthaí nithiúla nó chun leas
chomhordú na mbeartas idir na Ballstáit. Gníomhaíochtaí a bhaineann le malartú
faisnéise In Airteagal 25 glactar foráil arna
haontú faoi chuimsiú na caibidlíochta i dtaca le Clár an AE um Athrú Sóisialta
agus um Nuálaíocht Shóisialta. Ba cheart an méid sin a bheith ina chúnamh chun
an obair a bhaineann le hanailísiú sonraí i ndáil le sreabhadh agus patrúin soghluaisteachta
a chomhtháthú le hobair líonra EURES. Ós rud é go bhfuil an fhoráil sin níos
oiriúnaí sa Rialachán maidir le EURES tá sé beartaithe an tAirteagal comhfhreagrach
i gClár an AE um Athrú Sóisialta agus um Nuálaíocht Shóisialta a aisghairm
(féach Airteagal 35). Faoi Airteagal 26 tugtar isteach
oibleagáid ar na Ballstáit faisnéis mhargadh an tsaothair atá ábhartha maidir
le soghluaisteacht lucht saothair laistigh den AE a chomhroinnt. Leis sin beidh
na Ballstáit in ann na bearta laistigh de líonra EURES a nascadh leis an tuiscint
níos leithne ar bheartais soghluaisteachta. Is é is aidhm d'Airteagal 27 na
heagraíochtaí uile laistigh de líonra EURES, i.e. na hOifigí um Chomhordú, na SPFanna
agus Comhpháirtithe EURES eile, a spreagadh le faisnéis atá ar fáil maidir leis
an gcás sa Bhallstát aonair a d'fhéadfadh a bheith úsáideach d'oibrithe a
bhfuil suim acu i soghluaisteacht lucht saothair laistigh den AE a chomhroinnt
go hoscailte agus go honnghníomhach. Go dtí seo, ní bhailíonn ach na hOifigí um
Chomhordú an fhaisnéis sin agus cuireann siad ar thairseach EURES ina dhiaidh
sin í. Rachaidh cur chuige níos cuimsithí ón mbun aníos chun an cineál sin
faisnéise a bhailiú chun leasa oibrithe. D'fhéadfaí an toradh a chomhdhlúthú i
dteimpléid arna gcomhaontú (Airteagal 27(3)). In Airteagal 28 glactar an cur chuige maidir
le cláreagrú ó Chinneadh 2012. Trí fhaisnéis a chomhroinnt maidir le
gníomhaíochtaí atá beartaithe, acmhainní agus faireachán i measc Oifigí
Náisiúnta um Chomhordú ba cheart go dtreiseofaí éifeachtacht líonra iomlán EURES.
D'fhéadfadh sé go neartófaí sineirgí agus forbairt comhthionscadal sonrach
earcaíochta. Gníomhaíochtaí a bhaineann le tuairisciú Le hAirteagal 29 bunaítear bealaí chun
toradh líonra EURES a thomhas. Is é is aidhm d'Airteagal 30 leanúint
leis an gcur chuige a bunaíodh in Airteagal 17 de Rialachán 492/2011
tuairisc a thabhairt gach dhá bhliain i dtaca le cur chun feidhme
Chaibidil II den Rialachán. 5.6. Caibidil VI ‑
Forálacha críochnaitheacha Déantar é a shoiléiriú in Airteagal 31
nach mór gach beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le
dlí an AE maidir le cosaint sonraí pearsanta agus na bearta náisiúnta cur chun
feidhme comhfhreagracha. Ós rud é gurb é an Coimisiún, ina ról mar Oifig
Eorpach um Chomhordú, ceann de na gníomhaithe, ní mór Rialachán 45/2001 a
chomhlíonadh freisin. Déantar foráil in Airteagal 32 maidir le
meastóireacht ex post ar thabhairt isteach an Rialacháin seo. Is forálacha caighdeánacha iad Airteagal 33
agus Airteagal 34 i reachtaíocht thánaisteach an AE a bhaineann le cur i
bhfeidhm Airteagal 290 agus Airteagal 291 den CFAE. Sainaithnítear in Airteagal 35 na
forálacha atá le haisghairm. Leagtar béim in Airteagal 36 ar
shocruithe idirthréimhseacha a bheith ann i gcomhréir le conarthaí aontachais.
Tá an fhoráil sin infheidhme maidir leis an gCróit. 2014/0002 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le líonra Eorpach Seirbhísí
Fostaíochta, rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú
breise ar mhargaí saothair (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 46 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialach na hEorpa[17], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[18], Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Saoirse bhunúsach atá ag
saoránaigh an Aontais agus crann taca don mhargadh inmheánach san Aontas í
saorghluaiseacht lucht saothair atá cumhdaithe in Airteagal 45 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ('an Conradh'). Cuirtear lena cur
chun feidhme trí bhíthin dhlí an Aontais arb é is aidhm dó feidhmiú iomlán na
gceart a thugtar do shaoránaigh an Aontais agus dá muintir a urramú. (2) Is gné lárnach í
saorghluaiseacht lucht saothair i ndáil le margadh saothair an Aontais atá níos
cuimsithí a fhorbairt ionas gur féidir le hoibrithe gluaiseacht ó cheantair ina
bhfuil ráta ard dífhostaíochta go dtí ceantair ina bhfuil ganntanas lucht
saothair. Bíonn sí ina cúnamh freisin chun na scileanna cearta a aimsiú
d'fholúntais agus dul i ngleic le bacainní i margadh an tsaothair. (3) Le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 492/2011
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir
le saoirse gluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (téacs códaithe)[19] bunaíodh sásraí le
haghaidh imréitigh agus malartú faisnéise agus tá forálacha leagtha síos i gCinneadh
Cur Chun Feidhme 2012/733/AE ón gCoimisiún an
26 Samhain 2012 maidir le feidhmiú líonra dar teideal EURES
(Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta) i gcomhréir leis an Rialachán sin. Is gá
athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat reachtach sin chun patrúin nua
soghluaisteachta, ceanglais fheabhsaithe maidir le soghluaisteacht chothrom,
athruithe ar an teicneolaíocht chun sonraí faoi fholúntais a chomhroinnt, úsáid
bealaí éagsúla earcaíochta ag lucht cuardaigh fostaíochta agus ag fostóirí agus
ról méadaitheach bróicéirí eile sa mhargadh saothair a léiriú le taobh na
Seirbhísí Poiblí Fostaíochta ('SPFanna') i dtaca le seirbhísí earcaíochta a
chur ar fáil. (4) D'fhonn cabhrú leis na
hoibrithe a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu an ceart sin a fheidhmiú
go héifeachtach, tá cúnamh i gcomhréir leis an Rialachán atá ann faoi láthair
ar fáil d'aon náisiúnach de chuid an Aontais a bhfuil an ceart aige a bheith
ina dhuine fostaithe agus dá mhuintir, i gcomhréir le hAirteagal 45 den
Chonradh. Tabharfaidh na Ballstáit an rochtain chéanna d'aon náisiúnach de
chuid tríú tír agus an chothromaíocht chéanna dó, de réir dhlí an Aontais nó an
dlí náisiúnta, a thugtar dá náisiúnaigh féin sa réimse sin. (5) Mar gheall ar an
idirspleáchas idir na margaí saothair atá ag dul i méid tá gá le comhar
neartaithe idir sheirbhísí fostaíochta chun saoirse gluaiseachta a bhaint amach
do gach oibrí trí shoghluaisteacht dheonach chothrom laistigh den Aontas i
gcomhréir le hAirteagal 46(a) den Chonradh agus, dá bhrí sin, ba cheart
creat comhchoiteann le haghaidh comhair a bhunú idir na Ballstáit agus an
Coimisiún maidir le soghluaisteacht lucht saothair laistigh den Aontas. Faoin
gcreat sin ba cheart folúntais ar fud an Aontais a thabhairt le chéile agus a
bheith in ann cur isteach ar na folúntais sin ('imréiteach'), soláthar
seirbhísí tacaíochta lena mbaineann d'oibrithe agus fostóirí a shainiú agus
foráil a dhéanamh maidir le cur chuige comhchoiteann chun faisnéis is gá a
chomhroinnt chun an comhar sin a éascú. (6) Sa ‘Chomhshocrú le haghaidh
Fáis agus Post’, d'iarr an Chomhairle Eorpach go mbreathnófaí ar líonra EURES a
fhairsingiú go dtí printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna; is féidir
printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna a chumhdach faoin Rialachán seo, ar
choinníoll go mbreathnaítear ar na daoine lena mbaineann mar oibrithe de réir
na gceart a thugtar do shaoránaigh faoi Airteagal 45 den Chonradh. Is gá
malartú oiriúnach i dtaca le faisnéis ghinearálta faoi shoghluaisteacht do
phrintíseachtaí agus tréimhsí oiliúna laistigh den Aontas a thabhairt isteach
agus ba cheart cúnamh leordhóthanach do na hiarrthóirí ar na folúntais sin a
fhorbairt, bunaithe ar shásra le haghaidh imréitigh tairiscintí, a luaithe a
mheastar imréiteach den chineál sin a bheith indéanta i gcomhréir leis na
caighdeáin iomchuí agus aird chuí ar inniúlachtaí na mBallstát. (7) Tá gá le cur i bhfeidhm níos
comhleanúnaí ar fud an Aontais i dtaca le himréiteach, seirbhísí tacaíochta
agus malartú faisnéise faoi shoghluaisteacht lucht saothair laistigh den
Aontas. Dá bhrí sin, ní mór líonra EURES a bhunú mar chuid lárnach den chreat
comhchoiteann le haghaidh comhair idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Ba
cheart róil agus freagrachtaí na n‑eagraíochtaí éagsúla atá
rannpháirteach sa líonra, amhail an Coimisiún Eorpach ('an Oifig Eorpach um
Chomhordú'), na comhlachtaí arna n‑ainmniú ag na Ballstáit chun bearta a
dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta ('na hOifigí Náisiúnta um Chomhordú') agus na
heagraíochtaí a chabhraíonn le cuardaitheoirí poist agus fostóirí
('Comhpháirtithe EURES'), a chinneadh. (8) Dhéanfaí an comhar
trasnáisiúnta agus trasteorann agus an tacaíocht do gach eagraíocht atá ag
oibriú d'EURES sna Ballstáit a éascú le struchtúr ar leibhéal an Aontais ('an
Oifig Eorpach um Chomhordú') faoinar cheart faisnéis, gníomhaíochtaí oiliúna,
uirlisí agus treoir atá coiteann a thabhairt. Ba cheart an struchtúr a bheith
freagrach as an 'tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile'
(tairseach EURES), an t‑ardán coiteann TF, a fhorbairt. Chun an obair a
threorú, ba cheart cláir oibre ilbhliantúla a fhorbairt i gcomhar leis na
Ballstáit. (9) Ba cheart do na Ballstáit
Oifigí um Chomhordú a bhunú ar an leibhéal náisiúnta chun tacaíocht ghinearálta
agus cúnamh ginearálta a thabhairt do gach eagraíocht ina gcríoch atá ag oibriú
d'EURES agus tacú leis an gcomhar lena gcontrapháirteanna sna Ballstáit eile
agus leis an Oifig Eorpach um Chomhordú. Go háirithe, ba cheart an cúram a
bheith ar na hOifigí um Chomhordú sin déileáil le gearáin agus fadhbanna maidir
le folúntais, agus ba cheart dóibh ceisteanna faoi chomhlíonadh a fhíorú i
dtaca le soghluaisteacht lucht saothair atá deonach agus cothrom laistigh den
Aontas. (10) Cuireann rannpháirtíocht na
gcomhpháirtithe sóisialta i líonra EURES go háirithe leis an anailís ar
bhacainní ar an tsoghluaisteacht chomh maith le cur chun cinn soghluaisteachta
lucht saothair atá deonach agus cothrom laistigh den Aontas, lena n‑áirítear
i réigiúin trasteorann. Dá bhrí sin, ba cheart d’ionadaithe comhpháirtithe
sóisialta ar leibhéal an Aontais a bheith rannpháirteach i struchtúr rialachais
líonra EURES ar an iomlán, agus féadfaidh eagraíochtaí fostóirí agus
ceardchumainn náisiúnta iarratas a dhéanamh a bheith ina gComhpháirtí de chuid
EURES. (11) Ba cheart comhdhéanamh líonra
EURES i dtaca le heagraíochtaí eile seachas na heagraíochtaí thuasluaite a
bheith solúbtha chun oiriúnú d'fhorbairtí atá ag athrú ar an margadh do
sheirbhísí earcaíochta. Tugann teacht chun cinn seirbhísí fostaíochta éagsúla i
dteannta ról athmhúnlaithe na SPFanna a bhaineann le seirbhísí náisiúnta
earcaíochta le fios gó bhfuil gá le hiarracht chomhbheartaithe ó na Ballstáit
agus ón gCoimisiún Eorpach chun líonra EURES a fhairsingiú mar phríomhuirlis an
Aontais a chuireann seirbhísí earcaíochta ar fáil laistigh den Aontas. (12) Tá sochair shóisialta,
eacnamaíocha agus airgeadais ag baint le ballraíocht níos leithne líonra EURES.
Cuirtear feabhas ar an éifeachtúlacht i soláthar seirbhísí trí
chomhpháirtíochtaí a éascú, comhlántacht a fheabhsú agus feabhsuithe ar
cháilíocht. Méadaítear scair an mhargaidh atá ag líonra EURES freisin sa chaoi
go gcuireann baill nua folúntais, iarratais ar phost agus curriculum vitae ('CVanna')
ar fáil. Le comhar trasnáisiúnta agus trasteorann, atá ina ghné lárnach
d’oibriú líonra EURES, d’fhéadfaí foirmeacha nuálacha foghlama agus comhair
idir sheirbhísí fostaíochta a ghiniúint, lena n‑áirítear i dtaca le
caighdeáin cáilíochta d’fholúntais agus seirbhísí tacaíochta. Dá bhrí sin,
chuirfí le hábharthacht líonra EURES mar cheann de phríomhuirlisí an Aontais
atá ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún Eorpach chun tacú le bearta
nithiúla i dtreo ardleibhéil fostaíochta laistigh den Aontas. (13) I gcomhréir lena n‑inniúlachtaí
maidir le heagrú na margaí saothair, ba cheart do na Ballstáit féin a bheith
freagrach as rannpháirtíocht eagraíochtaí a údarú mar chomhpháirtithe EURES do
líonra EURES, gach ceann acu freagrach as a gcríoch féin. Ba cheart na
húdaruithe a bheith faoi réir íoschritéar comhchoiteann agus sraith teoranta
rialacha bunúsacha maidir leis an bpróiseas údarúcháin, chun trédhearcacht agus
comhdheiseanna nuair atáthar ag dul isteach i líonra EURES a áirithiú, gan
dochar don tsolúbthacht is gá chun na samhlacha agus foirmeacha éagsúla
náisiúnta comhair idir na seirbhísí poiblí fostaíochta agus gníomhaithe eile sa
mhargadh saothair sna Ballstáit a chur san áireamh. (14) Ceann de chuspóirí líonra
EURES tacú le soghluaisteacht lucht saothair chothrom laistigh den Aontas agus,
dá bhrí sin, ba cheart go n‑áireofaí sna híoschritéir chomhchoiteanna le
haghaidh eagraíochtaí a údarú dul isteach sa líonra an ceanglas go dtiomnaíonn
na heagraíochtaí sin aird iomlán a thabhairt ar chaighdeáin saothair agus
ceanglais dhlíthiúla is infheidhme. (15) Chun cothromaíocht cheart idir
feidhmiú reatha líonra EURES, atá bunaithe ar chomhar fadtéarmach i measc
SPFanna, agus an cuspóir a bhaineann le líonra EURES a fhairsingiú go dtí
eagraíochtaí nua, ba cheart forálacha a dhéanamh chun suíomh sonrach na SPFanna
i líonra EURES a shainaithint. Ba cheart idirthréimhse a thabhairt isteach agus
ina diaidh bheadh rannpháirtíocht na SPFanna faoi réir chur i bhfeidhm iomlán
na n‑íoschritéar comhchoiteann freisin. Ba cheart do na Ballstáit a
áirithiú go gcomhlíonann na SPFanna na híoschritéir chomhchoiteanna agus na
hoibleagáidí faoin Rialachán. (16) Chun faisnéis iontaofa,
cothrom le dáta a thabhairt d’oibrithe agus fostóirí faoi na gnéithe éagsúla de
shoghluaisteacht lucht saothair laistigh den Aontas, ba cheart líonra EURES
oibriú i gcomhar le comhlachtaí, seirbhísí agus líonraí de chuid an Aontais a
éascaíonn soghluaisteacht agus a chuireann saoránaigh ar an eolas faoina
gcearta faoi dhlí an Aontais, amhail an tairseach phost, Tairseach Eorpach na
hÓige agus SOLVIT, na heagraíochtaí atá freagrach as cáilíochtaí gairmiúla a
aithint agus na comhlachtaí atá freagrach as cothromaíocht d’oibrithe a chur
chun cinn, anailís agus faireachán a dhéanamh uirthi agus tacú léi, arna n‑ainmniú
i gcomhréir le Treoir ../2013 (AE) ó [Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le bearta lena n‑éascaítear na cearta arna dtabhairt d’oibrithe a
fheidhmiú i gcomhthéacs saoirse gluaiseachta d'oibrithe]. (17) I dtaca leis an gceart chun
saoirse gluaiseachta is gá na modhanna a bhunú chun tacú le himréiteach, is é
sin le rá, folúntais, iarratais ar phost agus CVanna a mhalartú, ionas go
mbeidh rochtain iomlán ag idir oibrithe agus fhostóirí ar an margadh saothair i
gcomhréir le hAirteagal 46(d) den Chonradh agus, dá bhrí sin, ba cheart
ardán coiteann TF a bhunú ar leibhéal an Aontais agus ba cheart don Choimisiún
a bheith ina bhun. Má urramaítear an ceart sin tabharfar de chumhacht
d’oibrithe rochtain a fháil ar na deiseanna fostaíochta uile ar fud an Aontais.
(18) Maidir leis an ardán coiteann
TF, lena dtugtar folúntais le chéile agus an deis chun cur isteach ar na
folúntais sin, trína féidir le cuardaitheoirí poist agus fostóirí sonraí a
mheaitseáil go huathoibríoch de réir critéar agus leibhéal éagsúil, ba cheart
go ndéanfaí éascaíocht leis ar chothromaíocht a bhaint amach ar mhargaí
saothair an Aontais rud a chruthódh leibhéal ard fostaíochta agus a bheadh ina
chúnamh chun bagairtí tromchúiseacha ar an gcaighdeán maireachtála agus na
leibhéil fostaíochta sna réigiúin agus tionscail éagsúla a sheachaint. (19) Tá an fhreagracht dhlíthiúil
maidir le cáilíocht intreach agus theicniúil na faisnéise arna cur ar fáil don
ardán coiteann TF, go háirithe i dtaca le sonraí folúntas, ar na heagraíochtaí
a chuireann an fhaisnéis ar fáil i gcomhréir le dlí na mBallstát agus/nó
laistigh de na caighdeáin arna leagan síos ag na Ballstáit. Ba cheart don
Choimisiún comhar a éascú ionas gur féidir aon chalaois nó mí‑úsáid a
bhaineann le malartú faisnéise ar an leibhéal Eorpach a bhrath go luath. (20) Tá córas coiteann aicmithe i
dtaca le scileanna, inniúlachtaí, cáilíochtaí agus gairmeacha beatha ar cheann
de na huirlisí is tábhachtaí lenar féidir iarratais ar phost a dhéanamh ar líne
san Aontas agus, dá bhrí sin, is gá comhar a fhorbairt idir na Ballstáit agus
an Coimisiún Eorpach chun idir‑inoibritheacht agus meaitseáil
uathoibrithe fhóinteach thar theorainneacha a bhaint amach, lena n‑áirítear
na córais choiteanna aicmithe a chur i gcomparáid leis na córais náisiúnta
aicmithe. Ba cheart formáidí agus uirlisí Eorpacha bunaithe eile le haghaidh
inchomparáideacht agus trédhearcacht scileanna agus cáilíochtaí, amhail an
Creat Eorpach um Cháilíochtaí agus an creat aonair le haghaidh trédhearcacht
cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass) a úsáid sa chomhthéacs sin. (21) Ba cheart cur chuige
comhchoiteann i leith na seirbhísí a chuireann na heagraíochtaí atá
rannpháirteach i líonra EURES ar fáil (‘seirbhísí tacaíochta’) a bhunú agus ba
cheart prionsabal na cothromaíochta d’oibrithe agus fostóirí a lorgaíonn cúnamh
maidir le soghluaisteacht lucht saothair laistigh den Aontas, is cuma cén áit a
bhfuil siad san Aontas, a urramú a mhéad is féidir agus, dá bhrí sin, ba cheart
prionsabail agus rialacha a bhunú maidir le seirbhísí tacaíochta a bheith ar
fáil i gcríoch na mBallstát aonair. Cumhdaítear sa chur chuige comhchoiteann
sin freisin printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna a mbreathnaítear orthu mar
obair. (22) Téann rogha níos leithne agus
níos cuimsithí de chúnamh maidir le deiseanna gluaisteachta lucht saothair
laistigh den Aontas chun leasa oibrithe, agus tá sí riachtanach chun
acmhainneacht líonra EURES a fheabhsú chun tacaíocht a thabhairt d’oibrithe trína
saol oibre uile, lena n‑urramaítear a n‑aistrithe agus a
ngairmeacha beatha. (23) Beidh na seirbhísí tacaíochta
ina gcúnamh chun na bacainní a bhíonn ar chuardaitheoirí poist agus a gcearta
oibrithe faoi dhlí an Aontais á bhfeidhmiú acu a laghdú agus chomh maith leis
chun na deiseanna fostaíochta a thapú ar bhealach níos éifeachtúla ionas gur
féidir leo cur lena n‑ionchais fostaíochta. (24) Rachadh tuiscint dhomhain ar
an éileamh ar shaothar i dtaobh gairmeacha beatha, earnálacha agus riachtanas
fostóirí chun leas an chirt chun saorghluaiseachta oibrithe laistigh den Aontas
agus, dá bhrí sin, ba cheart cúnamh ar cháilíocht mhaith d'fhostóirí, go
háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, a chur san áireamh sna seirbhísí tacaíochta.
Má bhíonn dlúthchaidreamh oibre idir seirbhísí fostaíochta agus fostóirí beidh
méadú ar líon na bhfolúntas a thagann chun cinn agus ar mheaitseáil iarrthóirí
oiriúnacha le post, urramófar bealaí do chuardaitheoirí poist, go háirithe iad
siúd i ngrúpaí leochaileacha, agus beidh feabhas ar fhaisnéis mhargadh an
tsaothair. (25) Ba cheart na seirbhísí
tacaíochta atá le fáil i ngach Ballstát a shainiú ar bhonn an chomhdhearcaidh
atá ag teacht chun cinn i leith dhea‑chleachtais na mBallstát le haghaidh
faisnéise, comhairleoireachta agus comhairle do chuardaitheoirí poist agus
fostóirí. (26) Tá seirbhísí tacaíochta
d'oibrithe ceangailte le feidhmiú a saoirse gluaiseachta bunúsaí mar oibrithe
faoi dhlí an Aontais agus ba cheart iad a bheith saor in aisce. Mar sin féin,
d'fhéadfadh seirbhísí tacaíochta d'fhostóirí a bheith faoi réir táille, i
gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta. (27) Ba cheart aird ar leith a
thabhairt ar thacú le soghluaisteacht sna réigiúin trasteorann agus seirbhísí a
chur ar fáil d'oibrithe teorann a bhfuil cónaí orthu i mBallstát amháin agus
atá ag obair i mBallstát eile agus a mbíonn orthu dul i ngleic le cleachtais
náisiúnta agus córais dlí éagsúla agus a thagann ar bhacainní sonracha
riaracháin, dlíthiúla nó cánach ar shoghluaisteacht. Féadfaidh na Ballstáit an
cinneadh a dhéanamh struchtúir shonracha tacaíochta a bhunú chun an cineál soghluaisteachta
sin a éascú; ba cheart aghaidh a thabhairt leis na struchtúir sin ar na
riachtanais shonracha i ndáil le faisnéis, treoir, meaitseáil trasteorann idir
an t‑éileamh ar shaothar agus an soláthar saothair agus na socrúcháin dá
bharr. (28) Is réamhchoinníollacha le
haghaidh soghluaisteachta lucht saothair laistigh den Aontas trédhearcacht
margaí saothair agus acmhainní leordhóthanacha meaitseála. Is féidir cothromaíocht
níos fearr idir soláthar saothair agus éileamh ar shaothar a bhaint amach trí
chóras éifeachtúil ar leibhéal an Aontais le haghaidh malartú faisnéise maidir
le ganntanas agus barrachas lucht saothair náisiúnta agus earnála; ba cheart
córas mar sin a bhunú idir na Ballstáit agus an Coimisiún Eorpach agus é a
úsáid mar bhonn do na Ballstáit chun a mbeartais soghluaisteachta a fhorbairt
agus taca a chur faoin gcomhar praiticiúil laistigh de líonra EURES. (29) Tá dlúthbhaint idir saoirse
gluaiseachta d’oibrithe agus leibhéil arda fostaíochta agus, dá bhrí sin, ní
mór do na Ballstáit beartais soghluaisteachta a fhorbairt chun tacú le feidhmiú
níos fearr na margaí saothair san Aontas. Ba cheart breathnú ar bheartais soghluaisteachta
na mBallstát mar chuid lárnach dá mbeartais shóisialta agus fostaíochta. (30) Ba cheart timthriall
cláreagraithe a bhunú chun tacú le comhordú na mbeart i dtaca le soghluaisteacht
laistigh den Aontas. Chun críche éifeachtachta, ba cheart aird a thabhairt i
gcláreagrú phleananna gníomhaíochta na mBallstát ar shonraí faoi shreabhadh
agus patrúin soghluaisteachta, anailísiú sonraí ar ghanntanas agus barrachas
saothair atá ann cheana agus atá tuartha, agus taithí agus cleachtais
earcaíochta faoi líonra EURES; ba cheart a chuimsiú ann athbhreithniú ar na
hacmhainní agus na huirlisí atá ann cheana atá le fáil ag eagraíochtaí sa
Bhallstát chun soghluaisteacht lucht saothair laistigh den AE a éascú. (31) Trí dhréachtphleananna
gníomhaíochta faoin timthriall cláreagraithe a chomhroinnt i measc na mBallstát
ba cheart na hOifigí Náisiúnta um Chomhordú, agus iad ag gníomhú thar ceann na
mBallstát, i dteannta na hOifige Eorpaí um Chomhordú, a bheith in ann acmhainní
líonra EURES a dhíriú ar bhearta agus tionscadail iomchuí, agus, dá bhrí sin, forbairt
líonra EURES a stiúradh mar uirlis atá dírithe níos mó ar thoradh a bhaint
amach agus a thugann aird ar riachtanais oibrithe de réir dhinimicí na margaí
saothair. (32) D'fhonn faisnéis
leordhóthanach a fháil chun torthaí líonra EURES a thomhas, ba cheart táscairí
coiteanna a bhunú. Ba cheart na táscairí sin a bheith ina gcúnamh ag
eagraíochtaí atá rannpháirteach i líonra EURES chun a dtorthaí a shainaithint
agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis na cuspóirí
atá leagtha síos do líonra EURES ina iomláine, lena n‑áirítear a bhfuil
déanta aige le haghaidh cur chun feidhme straitéise comhordaithe don
fhostaíocht i gcomhréir le hAirteagal 145 den Chonradh. (33) I gcás ina mbíonn próiseáil
sonraí pearsanta i gceist leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ní
mór iad a dhéanamh i gcomhréir le dlí an AE maidir le cosaint sonraí pearsanta[20] chomh maith leis na
bearta náisiúnta cur chun feidhme. (34) Leis an Rialachán seo,
urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh
go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dá dtagraítear
in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. (35) Ós rud nach féidir leis na
Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo – eadhon creat comhchoiteann le haghaidh
comhair idir na Ballstáit a bhunú chun folúntais a thabhairt le chéile agus a
bheith in ann cur isteach ar na folúntais sin agus chun éascaíocht a dhéanamh
ar chothromaíocht a bhaint amach idir soláthar agus éileamh sa mhargadh
fostaíochta – a bhaint amach go leordhóthanach, agus, dá bhrí sin, de bharr
scála agus éifeacht an bhirt, gur féidir é a bhaint amach níos fearr ar
leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le
prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den
Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar
atá leagtha amach in Airteagal 5 sin, ní théann an Rialachán seo thar a
bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. (36) Ba cheart an chumhacht chun
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún
chun a áirithiú gur féidir na hoibleagáidí arna bhforchur ar na Ballstáit
maidir le húdarú eagraíochtaí chun dul isteach i líonra EURES mar
Chomhpháirtithe EURES agus maidir le soláthar táscairí coiteanna i dtaca le
feidhmiú na n‑eagraíochtaí sin a leasú i bhfianaise na taithí a fuarthas
lena gcur i bhfeidhm nó chun riachtanais atá ag teacht chun cinn ar an margadh
saothair a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go ndéanfaidh an
Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear
ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go
ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go
hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (37) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha le haghaidh chur chun feidhme na gcaighdeán teicniúil agus na
bhformáidí is infheidhme maidir le himréiteach agus meaitseáil uathoibrithe a
áirithiú chomh maith leis na samhlacha agus nósanna imeachta chun faisnéis a
chomhroinnt idir na Ballstáit, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a
thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir
le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha
agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag
na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 1
Ábhar 1. Is é is aidhm don Rialachán
seo éascaíocht a dhéanamh ar fheidhmiú na saoirse gluaiseachta d’oibrithe
laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 45 den CFAE, trí chreat
comhchoiteann le aghaidh comhair idir na Ballstáit agus an Coimisiún a bhunú. 2. Chun críche na chéad mhíre,
déantar foráil sa Rialachán seo maidir le cuspóirí, prionsabail agus rialacha i
ndáil le (a)
comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún i dtaca
le sonraí a chomhroinnt maidir le folúntais, iarratais ar phost agus CVanna
agus i dtaca le socrúcháin oibrithe i bpoist a bhíonn mar thoradh orthu; (b)
bearta ó na Ballstáit agus bearta a dhéantar
eatarthu chun éascaíocht a dhéanamh ar chothromaíocht a bhaint amach idir
soláthar agus éileamh i margadh saothair an Aontais, d’fhonn leibhéal ard
fostaíochta a chur chun cinn; (c)
feidhmiú líonra Eorpaigh seirbhísí fostaíochta idir
na Ballstáit agus an Coimisiún; (d)
seirbhísí tacaíochta soghluaisteachta lena
mbaineann atá le cur ar fáil d’oibrithe agus fostóirí. Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag
na sainmhínithe seo a leanas: (a)
is iad na “seirbhísí poiblí fostaíochta”
eagraíochtaí na mBallstát, mar chuid d’aireachtaí ábhartha, comhlachtaí poiblí
nó corparáidí a thagann faoin dlí poiblí, atá freagrach as beartais ghníomhacha
mhargadh an tsaothair a chur chun feidhme agus seirbhísí fostaíochta chun leas
an phobail a chur ar fáil; (b)
ciallaíonn “seirbhísí fostaíochta” aon duine
dlítheanach nó nádúrtha, atá ag oibriú go dleathach i mBallstát, a chuireann
seirbhísí ar fáil do chuardaitheoirí poist chun fostaíocht a fháil agus d’fhostóirí
chun oibrithe a earcú; (c)
ciallaíonn “folúntas” aon tairiscint fostaíochta,
lena n‑áirítear printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna a mbreathnaítear
orthu mar obair; (d)
ciallaíonn “imréiteach” an malartú faisnéise agus
an phróiseáil ar fholúntais, iarratais ar phost agus CVanna; (e)
ciallaíonn “ardán coiteann TF” an bonneagar TF agus
ardáin lena mbaineann arna mbunú ar an leibhéal Eorpach chun críche imréitigh; (f)
ciallaíonn “socrúchán” a dhéanann seirbhísí
fostaíochta oibrí le fostóir nó “earcú” oibrí d’fhostóir an soláthar seirbhísí
chun idirghabháil a dhéanamh idir soláthar agus éileamh d’fhonn folúntas a
líonadh; (g)
ciallaíonn “oibrí teorann” aon oibrí a bhíonn ag
gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe i mBallstát agus atá ag cur faoi
i mBallstát eile a bhfilleann sé air gach lá nó uair sa tseachtain ar a laghad
de ghnáth. CAIBIDIL II
LÍONRA EURES A BHUNÚ Airteagal 3
Bunú Bunaítear líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta
('líonra EURES') leis an Rialachán seo. Airteagal 4
Comhdhéanamh, róil agus comhfhreagrachtaí 1. Tá líonra EURES comhdhéanta
de na catagóirí eagraíochtaí seo a leanas: (a)
An Coimisiún Eorpach, atá freagrach as cabhair a
thabhairt do líonra EURES a chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh, tríd an 'Oifig
Eorpach um Chomhordú'; (b)
Baill EURES, na comhlachtaí arna gceapadh ag an
mBallstát atá freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm sa Bhallstát sin,
i.e. na 'hOifigí Náisiúnta um Chomhordú'; (c)
Comhpháirtithe EURES, na heagraíochtaí atá
údaraithe ag na Ballstáit chun tacaíocht le himréiteach a sholáthar ar an leibhéal
náisiúnta, réigiúnach agus/nó áitiúil agus/nó seirbhísí tacaíochta a sholáthar
d'oibrithe agus d'fhostóirí. 2. I gcomhréir lena róil agus
freagrachtaí faoi seach, déanann gach eagraíocht atá rannpháirteach i líonra
EURES na deiseanna a chuireann soghluaisteacht lucht saothair san Aontas ar
fáil a chur chun cinn go gníomhach agus i ndlúthchomhar lena chéile, agus tá sé
mar aidhm acu bealaí agus modhanna lena mbainfidh oibrithe agus fostóirí
tairbhe as na deiseanna sin a fheabhsú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach,
náisiúnta agus Eorpach. Airteagal 5
Cuspóirí Rannchuidíonn líonra EURES leis na cuspóirí seo a leanas: (a)
feidhmiú na gceart arna mbronnadh faoi Airteagal 45
den CFAE agus faoi fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse gluaiseachta
d’oibrithe laistigh den Aontas[21]
a éascú; (b)
cur chun feidhme na straitéise
comhordaithe fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 145 den CFAE; (c)
feidhmiú agus comhtháthú níos fearr ar na margaí saothair
san Aontas; (d)
méadú ar shoghluaisteacht gheografach agus
ghairmiúil ar bhonn deonach cothrom san Aontas; (e)
cuimsiú sóisialta agus comhtháthú na ndaoine atá
eisiata ón margadh saothair. Airteagal 6
Freagrachtaí na hOifige Eorpaí um Chomhordú 1. Glacann an Oifig Eorpach um
Chomhordú chuici féin na nithe seo a leanas, go háirithe, a sholáthar: (a)
creat comhleanúnach a cheapadh agus tacaíocht
chothrománach a sholáthar chun leasa líonra EURES, lena n‑áirítear: (i) tairseach Eorpach um shoghluaisteacht ó phost
go chéile, 'tairseach EURES', agus seirbhísí TF gaolmhara, a oibriú agus a
fhorbairt, lena n‑áirítear córais agus nósanna imeachta chun malartú a
dhéanamh ar fholúntais, iarratais ar phost, CVanna agus doiciméid tacaíochta
amhail pasanna scileanna agus a leithéidí, agus faisnéis eile, i gcomhar le seirbhísí
nó líonraí faisnéise nó comhairleacha, agus tionscnaimh ábhartha eile, an
Aontais; (ii) gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide; (iii) clár oiliúna coiteann d'fhoireann EURES; (iv) líonrú, malartú dea‑chleachtais agus
foghlaim fhrithpháirteach a éascú laistigh de líonra EURES; (b)
anailís ar shoghluaisteacht gheografach agus
ghairmiúil; (c)
creat oiriúnach um chomhar agus imréiteach a
fhorbairt laistigh den Aontas maidir le printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna, i
gcomhréir leis an Rialachán seo; (d)
faireachán agus meastóireacht ar ghníomhaíochtaí
EURES agus ar a fheidhmíocht fostaíochta, i gcomhar le Baill EURES. 2. Déantar a chláir oibre
ilbhliantúla a tharraingt suas i gcomhairliúchán le Grúpa um Chomhordú EURES dá
dtagraítear in Airteagal 11. Airteagal 7
Freagrachtaí na nOifigí Náisiúnta um Chomhordú 1. Beidh gach Oifig Náisiúnta um
Chomhordú freagrach as: (a)
comhar leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit
eile maidir leis an imréiteach laistigh den chreat atá leagtha amach i
gCaibidil III; (b)
obair a eagrú do EURES sa Bhallstát, lena n‑áirítear
seirbhísí tacaíochta a sholáthar i gcomhréir le Caibidil IV; (c)
comhordú bhearta an Bhallstáit lena mbaineann agus
le Ballstáit eile i gcomhréir le Caibidil V. 2. Is é an Oifig Náisiúnta um
Chomhordú freisin a eagraíonn cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tacaíochta
cothrománacha arna soláthar ag an Oifig Eorpach um Chomhordú ar an leibhéal
náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 6, i ndlúthchomhar leis an Oifig
Eorpach um Chomhordú agus le hOifigí Náisiúnta um Chomhordú eile nuair is
iomchuí. Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí tacaíochta cothrománacha, go
háirithe: (a)
chun críche foilsithe, lena n‑áirítear ar
thairseach EURES, bailiú agus fíorú na faisnéise maidir le Comhpháirtithe EURES
atá ag oibriú óna chríoch náisiúnta, a gcuid gníomhaíochtaí agus raon feidhme
na seirbhísí tacaíochta arna soláthar acu d'oibrithe agus d'fhostóirí; (b)
soláthar na ngníomhaíochtaí réamhoiliúna a
bhaineann le gníomhaíochtaí EURES, roghnú na foirne a bheidh rannpháirteach sa
chlár oiliúna coiteann agus i ngníomhaíochtaí foghlama frithpháirteacha; (c)
bailiú agus anailísiú ar na sonraí a bhaineann le hAirteagal 28
agus le hAirteagal 29. 3. Chun críche foilsithe, lena n‑áirítear
ar thairseach EURES, déanann an Oifig Náisiúnta um Chomhordú, chun tairbhe
oibrithe agus fostóirí, an fhaisnéis agus an treoir atá ar fáil ar an leibhéal
náisiúnta maidir leis na nithe seo a leanas a fhíorú, a thabhairt cothrom le
dáta go rialta agus a scaipeadh go tráthúil: (a)
dálaí maireachtála agus oibre; (b)
nósanna imeachta riaracháin i ndáil le fostaíocht; (c)
na rialacha is infheidhme maidir le hoibrithe; (d)
printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna; (e)
más infheidhme, cás na n‑oibrithe teorann, go
háirithe i réigiúin thrasteorann. Más iomchuí, féadfaidh an Oifig Náisiúnta um
Chomhordú an fhaisnéis a fhíorú agus a scaipeadh i gcomhar le seirbhísí agus
líonraí faisnéise agus comhairleacha eile agus le comhlachtaí náisiúnta ar an
leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 5
de Threoir 2013/.../AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir
le bearta lena n‑éascaítear feidhmiú na gceart arna mbronnadh ar oibrithe
i gcomhthéacs shaoirse gluaiseachta d'oibrithe.[22] 4. Cuireann an Oifig Náisiúnta
um Chomhordú tacaíocht ghinearálta ar fáil do na heagraíochtaí atá
rannpháirteach i líonra EURES laistigh dá críoch féin i dtaca le comhoibriú
lena gcontrapháirtithe EURES i mBallstáit eile. Cuimsíonn sé sin tacaíocht má
dhéantar gearán a bhaineann le folúntais agus earcaíocht EURES, chomh maith le
comhar leis na húdaráis phoiblí amhail cigireachtaí saothair. 5. Cuireann an Oifig Náisiúnta
um Chomhordú comhoibriú le geallsealbhóirí chun cinn, geallsealbhóirí amhail
seirbhísí gairmthreorach, ollscoileanna, ionaid tráchtála agus eagraíochtaí atá
rannpháirteach i scéimeanna printíseachtaí agus i dtréimhsí oiliúna. 6. Áirithíonn gach Ballstát go
bhfaighidh a Oifig Náisiúnta um Chomhordú féin an fhoireann agus na hacmhainní
eile atá riachtanach chun a cúraimí mar a shainítear iad faoin Rialachán seo a
dhéanamh. 7. Beidh comhordaitheoir
náisiúnta, a bheidh ina bhall den ghrúpa um Chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 11,
i gceannas ar an Oifig Náisiúnta um Chomhordú. Airteagal 8
Údarú Chomhpháirtithe EURES 1. Bunóidh gach Ballstát córas
chun Comhpháirtithe EURES a údarú le bheith rannpháirteach i líonra EURES agus
chun faireachán a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí agus go gcomhlíonann siad
dlíthe náisiúnta agus dlíthe an Aontais agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm
acu. Beidh an córas seo trédhearcach, comhréireach agus déanfaidh sé
prionsabail na córa comhionainne, chomh maith le próiseas cuí dlí, a urramú
d'eagraíochtaí is iarratasóirí. 2. Cuirfidh na Ballstáit an
Oifig Eorpach um Chomhordú ar an eolas maidir leis na córais náisiúnta atá
curtha ar bun acu agus maidir le Comhpháirtithe EURES ar thug siad údarú dóibh
a bheith rannpháirteach i líonra EURES. 3. Féadfaidh aon sheirbhís
fostaíochta atá ag oibriú go dleathach i mBallstát iarraidh a bheith
rannpháirteach i líonra EURES sa Bhallstát sin mar Chomhpháirtí EURES, faoi
réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa Rialachán seo agus faoi réir an
chórais arna bhunú ag an mBallstát sin. 4. Déantar Comhpháirtithe EURES
a údarú le bheith rannpháirteach i líonra EURES i gcomhréir leis na
híoschritéir chomhchoiteanna atá leagtha síos san Iarscríbhinn. 5. Tá na híoschritéir chomhchoiteanna
gan dochar do chritéir nó ceanglais bhreise a chuirfidh an Ballstát i bhfeidhm
a mheasann an Ballstát a bheith riachtanach ar mhaithe leis na rialacha is
infheidhme maidir le gníomhaíochtaí na seirbhísí fostaíochta a chur i bhfeidhm
i gceart agus ar mhaithe le bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar bheartais an
mhargaidh saothair ar a chríoch náisiúnta. D'fhonn trédhearcacht a áirithiú, tá
critéir agus ceanglais den sórt sin ina chuid lárnach den chóras dá dtagraítear
i mír 1. 6. Féadfaidh Comhpháirtithe
EURES dul i mbun rannpháirtíochta le Comhpháirtithe EURES eile nó le
heagraíochtaí eile le go gcomhlíonfaidh siad na critéir atá san Iarscríbhinn le
chéile. I gcásanna den sórt sin, is coinníoll bhreise den rannpháirtíocht i
líonra EURES í go leanfaidh comhpháirtíocht oiriúnach ar aghaidh. 7. D'fhonn an Iarscríbhinn a
leasú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33. 8. Féadfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléad a ghlacadh don tuairisc ar an
gcóras náisiúnta agus do na nósanna imeachta maidir le faisnéis faoi na córais
náisiúnta a chomhroinnt idir na Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun
feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá
dtagraítear in Airteagal 34(2). Airteagal 9
Freagrachtaí Chomhpháirtithe EURES 1. Féadfaidh eagraíochtaí is
iarratasóirí roghnú a bheith rannpháirteach i líonra EURES i gcomhréir leis na
roghanna seo a leanas: (a)
le rannchuidiú le líon na bhfolúntas i gcomhréir le
hAirteagal 14(1), mír (a); (b)
le rannchuidiú le líon na n‑iarratas ar phost
agus na CVanna i gcomhréir le hAirteagal 14(1), mír (b); (c)
le seirbhísí tacaíochta a sholáthar d'oibrithe agus
d'fhostóirí i gcomhréir le Caibidil IV nó (d)
meascán de phointí (a) go (c). 2. Ainmneoidh Comhpháirtithe
EURES pointe teagmhála amháin nó níos mó, amhail oifigí socrúcháin agus
earcaíochta, ionaid ghlaonna, uirlisí féinfhreastail agus a leithéidí, áit is
féidir le hoibrithe agus fostóirí tacaíocht a fháil le himréiteach agus/nó
rochtain a fháil ar sheirbhísí tacaíochta i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Féadfaidh na pointí teagmhála a bheith bunaithe freisin ar chláir um malartú
foirne nó ar oifigigh idirchaidrimh a chur ar iasacht, nó féadfaidh
gníomhaireachtaí coiteanna socrúcháin a bheith rannpháirteach iontu. 3. Cuirfidh na pointí teagmhála
raon feidhme na seirbhísí tacaíochta arna soláthar d'oibrithe agus d'fhostóirí
in iúl go soiléir. 4. Féadfaidh na Ballstáit a chur
de cheangal ar Chomhpháirtithe EURES rannchuidiú leis na nithe seo a leanas: (a)
feidhmiú an mhoil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 15(5)
trí tháille a ghearradh nó i bhfoirm eile; (b)
malartú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 26
agus in Airteagal 27; (c)
an timthriall cláreagraithe dá dtagraítear in Airteagal 28; (d)
bailiú sonraí i gcomhréir le hAirteagal 29. Déanfaidh na Ballstáit
cinneadh maidir leis na rialacha mionsonraithe a bhaineann leis an rannchuidiú
sin sna córais náisiúnta atá acu bunaithe ar phrionsabal na comhréireachta, ag
cur san áireamh gnéithe amhail cumas Comhpháirtí EURES ó thaobh riaracháin de
agus méid a rannpháirtíochta i líonra EURES dá dtagraítear i mír 1. Airteagal 10
Ról na seirbhísí poiblí fostaíochta 1. Féadfaidh na Ballstáit
cúraimí nó gníomhaíochtaí ginearálta a shannadh ar a seirbhísí poiblí
fostaíochta a bhaineann le heagrú na hoibre faoin Rialachán seo, amhail
forbairt agus riar na gcóras náisiúnta le haghaidh Comhpháirtithe EURES a údarú
nó ullmhú agus scaipeadh na bunfhaisnéise dá dtagraítear in Airteagal 20. 2. Féadfaidh na Ballstáit
soláthar na seirbhísí tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 21 go hAirteagal 23
a chur ar iontaoibh a seirbhísí poiblí fostaíochta, ar choinníoll go mbeidh na
seirbhísí sin rannpháirteach i líonra EURES, bíodh sin mar Chomhpháirtí EURES
arna údarú de bhun Airteagal 8 agus na hIarscríbhinne a ghabhann leis an
Rialachán seo nó mar Chomhpháirtí EURES bunaithe ar an díolúine i mír 3. 3. Ar feadh tréimhse uasta de
chúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh na Ballstáit
na seirbhísí poiblí fostaíochta sin a bhí ina gcuid de líonra EURES i gcomhréir
leis Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/733/AE ón gCoimisiún agus/nó, más iomchuí,
Cinneadh 2003/8/CE ón gCoimisiún thráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a
dhíolmhú ó athbhreithniú ar chur i bhfeidhm Airteagal 8 agus na
hIarscríbhinne a ghabhann leis an Rialachán seo. Cuirfidh na Ballstáit an
Coimisiún ar an eolas maidir leis na díolúintí a dheonaítear. Airteagal 11
An Grúpa um Chomhordú 1. Tá an Grúpa um Chomhordú
comhdhéanta d'ionadaithe ón Oifig Eorpach um Chomhordú agus ó na hOifigí
Náisiúnta um Chomhordú. 2. Tacaíonn an Grúpa um
Chomhordú le cur chun feidhme an Rialacháin seo trí fhaisnéis a mhalartú agus
treoir a fhorbairt. Cabhraíonn sé go háirithe chun na dréacht‑chaighdeáin
theicniúla agus na dréachtfhormáidí dá dtagraítear in Airteagal 14(8) agus
in Airteagal 16(5) a ullmhú. 3. Eagraíonn an Oifig Eorpach um
Chomhordú obair an Ghrúpa um Chomhordú agus tá sí ina cathaoirleach ar na
cruinnithe. Tugann sí cuireadh d'ionadaithe na gcomhpháirtithe
sóisialta ar leibhéal an Aontais freastal ar na cruinnithe. Airteagal 12
Céannacht choiteann agus an Trádmharc 1. Úsáidtear an t‑ainm
EURES go heisiach i ndáil le gníomhaíochtaí laistigh de líonra EURES i
gcomhréir leis an Rialachán seo. Léireofar é le lógó caighdeánach agus beidh
scéim dearaidh ghrafaigh shainithe aige, arna ghlacadh ag an Oifig Eorpach um
Chomhordú. 2. Tá marc seirbhíse EURES,
maille leis an lógó atá ina shaintréith air, cláraithe mar Thrádmharc
Comhphobail leis an Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach agus
úsáidfidh gach eagraíocht atá rannpháirteach i líonra EURES dá dtagraítear in Airteagal 3
é ina gcuid gníomhaíochtaí uile a bhaineann le líonra EURES agus leis an
Rialachán seo d'fhonn céannacht choiteann amhairc a áirithiú. 3. Áiritheoidh eagraíochtaí atá
rannpháirteach i líonra EURES go bhfuil an fhaisnéis agus an t‑ábhar
fógraíochta a chuireann siad ar fáil ag teacht le gníomhaíochtaí foriomlána
cumarsáide líonra EURES agus leis an bhfaisnéis a thagann ón Oifig Eorpach um
Chomhordú. 4. Is ag an Oifig Eorpach um
Chomhordú amháin atá an t‑údarás cead a thabhairt do thríú páirtithe lógó
EURES a úsáid, agus cuirfidh sí na heagraíochtaí lena mbaineann ar an eolas
faoin méid sin dá réir. 5. Cuireann eagraíochtaí atá
rannpháirteach i líonra EURES an Oifig Eorpach um Chomhordú ar an eolas gan
mhoill maidir le haon mí‑úsáid a bhainfidh tríú páirtithe nó tríú tíortha
as an lógó. Airteagal 13
Comhar 1. Éascaíonn an Oifig Eorpach um
Chomhordú comhoibriú líonra EURES le seirbhísí agus líonraí faisnéise agus
comhairleacha eile an Aontais. 2. Comhoibreoidh na hOifigí
Náisiúnta um Chomhordú leis na seirbhísí agus líonraí dá dtagraítear i mír 1 ar
leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus an Aontais d'fhonn sineirgí a
bhaint amach agus forluí a sheachaint agus, más iomchuí, beidh baint ag
Comhpháirtithe EURES leis an gcomhoibriú sin. 3. Déanfaidh na Ballstáit
iarracht réitigh a fhorbairt ag baint úsáide as ionad ilfhreastail don
chumarsáid le hoibrithe agus le fostóirí maidir le gníomhaíochtaí coiteanna
líonra EURES agus leis na seirbhísí agus líonraí sin. CAIBIDIL III
ARDÁN COITEANN TF Airteagal 14
Eagrú an ardáin choitinn TF 1. Chun tairiscintí fostaíochta
agus iarratais ar fhostaíocht a thabhairt le chéile, foilseoidh gach Ballstát
an méid seo a leanas ar thairseach EURES: (a)
gach folúntas atá ar fáil lena seirbhísí poiblí
fostaíochta chomh maith leo sin arna soláthar ag a Chomhpháirtithe EURES; (b)
gach iarratas ar phost agus gach CV atá ar fáil
lena seirbhísí poiblí fostaíochta chomh maith leo sin arna soláthar ag a
Chomhpháirtithe EURES, ar an gcoinníoll gur thoiligh na hoibrithe lena
mbaineann go mbeadh an fhaisnéis le feiceáil ar thairseach EURES freisin faoi
na téarmaí atá sainithe i mír 3. 2. Agus sonraí maidir le
folúntais á bhfoilsiú ag na Ballstáit ar thairseach EURES: (a)
ní dhéanfaidh siad aon idirdhealú i dtaca le cineál
agus fad na gconarthaí ná i dtaca le rúin na bhfostóirí ó thaobh earcaíochta
de; (b)
féadfaidh siad folúntais a eisiamh nach bhfuil
oscailte ach do shaoránaigh ó thír ar leith mar gheall ar an gcineál folúntais
atá i gceist nó de bhun rialacha náisiúnta. 3. Beidh toiliú na n‑oibrithe
dá dtagraítear i mír 1(b) sainráite, soiléir, tugtha faoi shaoirse, sonrach
agus feasach. Beidh oibrithe in ann a dtoiliú a tharraingt siar agus scriosadh
nó modhnú aon chuid de na sonraí, nó na sonraí uile, a éileamh tráth ar bith. Beidh
oibrithe in ann rogha a dhéanamh idir cúpla roghanna difriúla chun rochtain ar
a gcuid sonraí nó ar airíonna áirithe díobh a shrianadh. 4. Beidh na sásraí agus na
caighdeáin is gá i bhfeidhm ag na Ballstáit chun buncháilíocht agus cáilíocht
theicniúil na sonraí maidir le folúntais agus CVanna a áirithiú. 5. Malartóidh siad faisnéis
maidir leis na sásraí agus caighdeáin dá dtagraítear i mír 4, agus maidir le
caighdeáin i dtaca le slándáil sonraí agus cosaint sonraí chomh maith. Rachaidh
siad i gcomhar lena chéile agus leis an Oifig Eorpach um Chomhordú, go háirithe
i ndáil le gearáin agus folúntais a mheastar gan a bheith i gcomhréir leis na
caighdeáin is infheidhme faoin dlí náisiúnta. 6. Áiritheoidh siad go mbeifear
in ann na foinsí a rianú, ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na
sonraí. 7. Le go mbeifear in ann
tairiscintí fostaíochta a mheaitseáil le hiarratais ar fhostaíocht, cuirfidh
gach Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ag baint úsáide as
córas aonfhoirmeach. 8. Glacfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin agus na formáidí teicniúla
is gá d'fhonn an córas aonfhoirmeach dá dtagraítear i mír 7 a bhaint amach.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós
imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3). Airteagal 15
Rochtain ar an ardán coiteann TF ar an leibhéal náisiúnta 1. Áiritheoidh na seirbhísí
poiblí fostaíochta go bhfuil tairseach EURES nasctha le, le feiceáil go soiléir
agus inchuardaithe go héasca trí gach tairseach cuardaigh poist atá á bainistiú
acu, bíodh na tairseacha sin ar leibhéal lárnach, réigiúnach nó áitiúil. 2. Déanfaidh na seirbhísí poiblí
fostaíocht iarracht theacht ar chomhaontuithe le seirbhísí eile fostaíochta atá
ag oibriú ar chríoch an Bhallstáit sin d'fhonn a áirithiú go gcuirfear an
prionsabal dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm freisin maidir le huirlisí
cuardaigh poist ar líne arna mbainistiú acu. 3. Áiritheoidh na Ballstáit i
gcás na n‑uirlisí inmheánacha do chás‑oibrithe arna mbainistiú ag
na seirbhísí poiblí fostaíochta go mbeidh gach folúntas, iarratas ar phost agus
CV a fhoilseofar ar thairseach EURES ar fáil ar an leibhéal céanna le haon
sonraí náisiúnta sna huirlisí sin. 4. Cuirfidh Comhpháirtithe EURES
lena mbaineann na prionsabail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 i bhfeidhm
freisin i gcomhréir leis an rogha a dhéanfaidh na heagraíochtaí sin faoi Airteagal 9(1).
5. Cuirfidh na Ballstáit mol
náisiúnta i bhfeidhm lena mbeifear ábalta faisnéis a aistriú chuig tairseach
EURES maidir le folúntais, iarratais ar phost agus CVanna arna gcur ar fáil ag
aon eagraíocht atá toilteanach an fhaisnéis sin a chomhroinnt ar thairseach
EURES freisin. 6. Déanfaidh na Ballstáit
iarracht réitigh a fhorbairt ag baint úsáide as ionad ilfhreastail don
chumarsáid le hoibrithe agus fostóirí teorann sna réigiúin thrasteorann sin ina
measann na Ballstáit lena mbaineann le chéile gur gá struchtúir shonracha
comhair agus seirbhísí a bhunú. Airteagal 16
Meaitseáil uathoibríoch tríd an ardán coiteann TF 1. Forbróidh an Coimisiún córas
aicmithe Eorpach i dtaca le scileanna, inniúlachtaí, cáilíochtaí agus
gairmeacha beatha. Éascaíonn an uirlis seo iarratais ar line ar phost thar
theorainneacha don Aontas Eorpach ar fad trí meaitseáil post a dhéanamh,
ganntanas scileanna a shainaithint, cáilíochtaí a aithint agus gairmthreoir a
sholáthar ar thairseach EURES. 2. Rachaidh na Ballstáit agus an
Coimisiún i gcomhar lena chéile agus leis an gCoimisiún Eorpach ó thaobh idir‑inoibritheachta
de idir na córais náisiúnta agus an córas aicmithe dá dtagraítear i mír 1. 3. Chuige sin, faoin 1.1.2017,
bunóidh gach Ballstát fardal tosaigh chun a chórais aicmithe náisiúnta,
réigiúnacha agus earnálacha a chur i gcomparáid leis an gcóras aicmithe dá dtagraítear
i mír 1 agus, tar éis tús a chur le húsáid an fhardail, tabharfar cothrom le
dáta go rialta é le cabhair ó ríomhchlár a chuirfidh an Oifig Eorpach um
Chomhordú ar fáil, le go mbeidh sé cothrom le dáta ó thaobh dul chun cinn sna
seirbhísí earcaíochta. 4. Cuireann an Coimisiún
tacaíocht theicniúil ar fáil do na Ballstáit a roghnaíonn an córas aicmithe dá
dtagraítear i mír 1 a chur in ionad a gcóras aicmithe náisiúnta féin. 5. Glacfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin agus formáidí teicniúla is
gá chun an córas aicmithe dá dtagraítear i mír 1 a oibriú. Déanfar na
gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3). Airteagal 17
Sásraí a éascaíonn rochtain d'oibrithe agus d'fhostóirí 1. Áiritheoidh na seirbhísí
poiblí fostaíochta gur féidir leis na hoibrithe atá ag baint úsáide as a gcuid
seirbhísí, trí iarratais ar phost agus/nó CVanna a chur ar fáil leo, rogha a
dhéanamh go dtabharfaidh na seirbhísí fostaíochta sin cúnamh do na hoibrithe
sin clárú ar thairseach EURES, ag baint úsáide as an mol náisiúnta dá
dtagraítear in Airteagal 15(5). 2. Bunóidh na seirbhísí poiblí
fostaíochta sásra den sórt céanna chun éascaíocht a dhéanamh ar chlárú mar fhostóir
ar thairseach EURES do na fostóirí sin a bhaineann úsáid as a gcuid seirbhísí
chun folúntais a fhoilsiú ar an leibhéal náisiúnta, bíodh sin go díreach trína
gcuid tairseach cuardaigh poist nó trí ardáin eile a dtacaíonn na Ballstáit
leo. 3. Cuirfidh Comhpháirtithe EURES
lena mbaineann na prionsabail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 i bhfeidhm
freisin i gcomhréir leis an rogha a dhéanfaidh na heagraíochtaí sin faoi Airteagal 9(1). 4. Beidh rochtain ag oibrithe
agus ag fostóirí ar fhaisnéis ghinearálta maidir le conas, cén uair agus cén
áit is féidir leo na sonraí lena mbaineann a thabhairt cothrom le dáta, a leasú
agus a tharraingt siar. CAIBIDIL IV
SEIRBHÍSÍ TACAÍOCHTA Airteagal 18
Na prionsabail 1. Áiritheoidh na Ballstáit go
mbeidh oibrithe agus fostóirí in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí tacaíochta
ar an leibhéal náisiúnta 2. Tacóidh na Ballstáit le
forbairt ar chur chuige comhordaithe ar an leibhéal náisiúnta maidir le
seirbhísí den sórt sin. 3. Trí Chomhpháirtithe EURES,
áiritheoidh na Ballstáit soláthar na seirbhísí tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 20
go hAirteagal 23: (a)
ag na seirbhísí poiblí fostaíochta de chuid an
Bhallstáit lena mbaineann iad féin, i gcomhréir le hAirteagal 10; (b)
ag eagraíochtaí atá ag gníomhú faoi fhreagracht sheirbhísí
poiblí fostaíochta an Bhallstáit lena mbaineann, ar bhonn tarmligthe,
seachfhoinsithe nó comhaontuithe sonracha arna síniú leis na seirbhísí poiblí
fostaíochta sin nó comhlachtaí eile maidir leis na seirbhísí arna soláthar ag
na heagraíochtaí sin; (c)
trí Chomhpháirtí EURES amháin nó níos mó nó (d)
le meascán de phointe (a) go pointe (c). 4. I ngach Ballstát, is iad na
heagraíochtaí dá dtagraítear i mír 3(a) nó mír 3(b) ar a laghad a
chuirfidh na seirbhísí tacaíochta dá dtagraítear in Airteagail 20 go 23 ar
fáil. 5. Tá seirbhísí tacaíochta
d'oibrithe mar atá leagtha amach in Airteagail 20, 22 agus 23 agus an cúnamh
leis an gclárú ar thairseach EURES dá dtagraítear in Airteagal 17(1) saor
in aisce. 6. Féadfar táille a ghearradh ar
sheirbhísí tacaíochta d'fhostóirí dá dtagraítear in Airteagal 21 agus Airteagal 22
agus ar an gcúnamh leis an gclárú ar thairseach EURES dá dtagraítear in Airteagal 17(2).
I dtaca le haon táille a ghearrfar, ní fhéadfar idirdhealú a dhéanamh idir na
táillí arna ngearradh ar sheirbhísí EURES agus na táillí is infheidhme maidir
le seirbhísí inchomparáide eile arna soláthar ag an eagraíocht lena mbaineann. 7. Cuirfidh Comhpháirtithe EURES
lena mbaineann in iúl go soiléir d'oibrithe agus d'fhostóirí an raon seirbhísí
tacaíochta a sholáthraíonn siad, cén áit agus conas is féidir rochtain a fháil
ar na seirbhísí sin agus na coinníollacha faoina gcuirtear rochtain ar fáil, ag
baint úsáide as a modhanna scaipthe faisnéise. Foilseofar an fhaisnéis sin ar
thairseach EURES. Airteagal 19
Rochtain ar fhaisnéis bhunúsach 1. Áiritheoidh na Ballstáit go
bhfaighidh gach oibrí agus gach fostóir a iarrfaidh seirbhísí cliant ó
sheirbhísí fostaíochta faisnéis bhunúsach maidir leis an tacaíocht soghluaisteachta
atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta nó go mbeidh siad ar an eolas faoin
bhfaisnéis sin. (a)
San fhaisnéis sin, cuirfear ar a shúile dóibh ar a
laghad go bhfuil tairseach EURES agus líonra EURES ann, chomh maith le sonraí
teagmhála Comhpháirtithe ábhartha EURES ar an leibhéal náisiúnta, faisnéis maidir
leis na modhanna earcaíochta a úsáideann siad (ríomhsheirbhísí, seirbhísí
pearsanaithe, suíomh na bpointí teagmhála) agus na hipearnaisc ábhartha. (b)
Beidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis agus cuirfear
i láthair í ar bhealach atá éasca le léamh. 2. Déanfaidh na Ballstáit
faisnéis shonrach a fhorbairt d'oibrithe teorann sna réigiúin thrasteorann sin
ina measann na Ballstáit lena mbaineann le chéile gur gá struchtúir shonracha
comhair agus seirbhísí a bhunú. 3. Tacaíonn an Oifig Eorpach um
Chomhordú le forbairt na faisnéise bunúsaí faoin Airteagal seo agus cabhraíonn
sí leis na Ballstáit a áirithiú go gcumhdófar a ndóthain teangacha. Airteagal 20
Seirbhísí tacaíochta d'oibrithe 1. Tairgeann Comhpháirtithe
EURES lena mbaineann deis do gach oibrí atá ag cuardach fostaíochta rochtain a
fháil ar na seirbhísí atá sainithe san Airteagal seo go gníomhach. Más iomchuí,
déantar an tairiscint sin an athuair le linn an phróisis cuardaigh poist. 2. Má tá oibrithe ag iarraidh
tuilleadh cúnaimh a fháil, cuireann Comhpháirtithe EURES faisnéis agus treoir
maidir le deiseanna aonair fostaíochta ar fáil agus tairgeann siad na seirbhísí
seo a leanas dóibh, go háirithe: (a)
faisnéis a sholáthar maidir le dálaí maireachtála
agus oibre nó tagairtí d'fhaisnéis den sórt sin; (b)
faisnéis a sholáthar maidir le bearta gníomhacha
mhargadh an tsaothair agus rochtain ar bhearta den sórt sin; (c)
má iarrtar sin, cúnamh a thabhairt maidir le
hiarratais ar phost agus CVanna a scríobh d'fhonn comhréireacht leis na
caighdeáin theicniúla agus na formáidí teicniúla Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 14(8)
agus in Airteagal 16(5) a áirithiú; (d)
más gá, cúnamh a thabhairt le hiarratais ar phost
den sórt sin a uaslódáil agus maidir le tairseacha cuardaigh poist ábhartha
náisiúnta agus tairseach EURES; (e)
más iomchuí, seirbhís leantach maidir le socrúchán
féideartha laistigh den AE a chur san áireamh mar chuid den phlean
gníomhaíochta aonair; (f)
más iomchuí, an cás a chur faoi bhráid Comhpháirtí EURES
eile. 3. Má tá oibrithe ag iarraidh
tuilleadh cúnaimh a fháil agus má tá dóchúlacht réasúnta ann socrúchán laistigh
den AE a fháil, cuireann Comhpháirtithe EURES lena mbaineann tuilleadh cúnaimh i
dtaca leis an gcuardach poist ar fáil, a chuimsíonn seirbhísí amhail folúntais
oiriúnacha a roghnú, cúnamh le hiarratais ar phost agus CVanna a scríobh agus
aistriúcháin a sholáthar agus/nó soiléiriú a fháil maidir le folúntais
shonracha i mBallstáit eile. 4. Nuair a earcaítear oibrí i
mBallstát eile mar thoradh ar na seirbhísí arna soláthar i gcomhréir leis an Airteagal
seo, soláthróidh Comhpháirtithe EURES lena mbaineann sonraí teagmhála na n‑eagraíochtaí
sa Bhallstát atá ina cheann scríbe don duine lena mbaineann, eagraíochtaí a
bheidh in ann cúnamh iar‑earcaíochta a thairiscint. Airteagal 21
Seirbhísí tacaíochta d'fhostóirí 1. Tabharfaidh Comhpháirtithe
EURES lena mbaineann faisnéis agus treoir d'fhostóirí atá ag iarraidh oibrithe
ó Bhallstáit eile a earcú agus tairgfidh siad na seirbhísí seo a leanas dóibh
go háirithe: (a)
faisnéis a sholáthar maidir leis na rialacha sonracha
is infheidhme agus na hoibrithe sin á bhfostú; (b)
úsáid líonra EURES agus bhunachair sonraí na CVanna
ar thairseach EURES a úsáid mar uirlis a chabhróidh chun folúntais a líonadh; (c)
faisnéis agus treoir a sholáthar maidir le gnéithe
a d'fhéadfadh earcú oibrithe a éascú agus maidir le conas tacú le comhtháthú na
n‑oibrithe; (d)
má iarrtar sin, faisnéis agus treoir a sholáthar
maidir le ceanglais post aonair a scríobh d'fholúntas a bheidh intuigthe ag pobal
Eorpach; (e)
má iarrtar sin, cúnamh a thabhairt maidir leis an
bhfolúntas a scríobh i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla agus na formáidí
teicniúla Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 14(8) agus in Airteagal 16(5)
a áirithiú; (f)
más gá, cúnamh a thabhairt maidir le clárú mar
fhostóir ar thairseach EURES; (g)
más iomchuí, an cás a chur faoi bhráid Comhpháirtí EURES
eile. 2. Má tá fostóirí ag iarraidh
tuilleadh cúnaimh a fháil agus má tá dóchúlacht réasúnta ann socrúchán laistigh
den AE ar fáil, cuireann Comhpháirtithe EURES lena mbaineann tuilleadh cúnamh
ar fáil, a chuimsíonn seirbhísí amhail iarrthóirí oiriúnacha a réamhroghnú agus
cúnamh le haistriúcháin a sholáthar agus/nó soiléiriú a fháil maidir le
hiarratais shonracha ar phost. 3. Nuair a earcaítear oibrí ó
Bhallstát eile mar thoradh ar na seirbhísí arna soláthar i gcomhréir leis an Airteagal
seo, soláthróidh Comhpháirtithe EURES lena mbaineann sonraí teagmhála na n‑eagraíochtaí
a bheidh in ann cúnamh a thairiscint maidir le comhtháthú na n‑oibrithe
nua‑earcaithe ó Bhallstáit eile. 4. Déanfaidh na seirbhísí poiblí
fostaíochta iarracht theacht ar chomhaontuithe le seirbhísí fostaíochta eile
atá ag oibriú ar chríoch an Bhallstáit sin: (a)
chun clárú fostóirí ar líonra EURES a chur chun
chinn ar bhonn comhpháirteach ar chríoch an Bhallstáit sin agus úsáid an ardáin
choitinn um imréiteach Eorpach a chur chun cinn i measc fostóirí freisin; (b)
faisnéis agus dea‑chleachtais maidir le
seirbhísí tacaíochta a chomhroinnt i measc fostóirí atá ag iarraidh oibrithe a
earcú ó Bhallstáit eile. Airteagal 22
Cúnamh iar‑earcaíochta 1. Soláthróidh Comhpháirtithe
EURES lena mbaineann, má iarrann oibrithe nó fostóirí é, faisnéis ghinearálta
maidir le cúnamh iar‑earcaíochta agus maidir le cén áit is féidir teacht
ar chúnamh iar‑earcaíochta, amhail oiliúint maidir le cumarsáid idirchultúrtha,
cúrsaí teanga agus tacaíocht le comhtháthú. 2. De mhaolú ar Airteagal 18(5),
féadfaidh Comhpháirtithe EURES táille a ghearradh ar oibrithe as an gcúnamh dá
dtagraítear i mír 1. Airteagal 23
Rochtain éascaithe ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí maidir le slándáil
shóisialta 1. Áiritheoidh na Ballstáit go
ndéanfar comhordú idir na seirbhísí tacaíochta faoin Rialachán seo agus na
seirbhísí i dtaca le slándáil shóisialta arna soláthar ag na húdaráis inniúla. 2. Chun críche mhír 1, tacóidh na
Ballstáit leis an bhforbairt ar rochtain chomhtháite ar líne mar fhoinse
tosaigh faisnéise d'oibrithe, d'oibrithe teorann agus d'fhostóirí. 3. Soláthróidh Comhpháirtithe
EURES lena mbaineann faisnéis ghinearálta do na hoibrithe, oibrithe teorann
agus fostóirí a iarrfaidh faisnéis den sórt sin maidir leis na cearta a
bhaineann le slándáil shóisialta agus glacfaidh siad chucu féin na hiarrataí ar
fhaisnéis shonrach a chur faoi bhráid na n‑údarás inniúil agus, más
infheidhme, faoi bhráid eagraíochtaí eile a thacaíonn le hoibrithe i bhfeidhmiú
a gceart chun saoirse gluaiseachta. Airteagal 24
Rochtain ar bhearta náisiúnta mhargadh an tsaothair Ní chuirfidh Ballstát srian ar an rochtain ar
bhearta náisiúnta mhargadh an tsaothair gan de chúis a bheith leis an srianadh
sin ach go bhfuil oibrí ag iarraidh cúnaimh chun fostaíocht a fháil ar chríoch
Ballstáit eile. CAIBIDIL V
AN GAOL LE BEARTAIS SOGHLUAISTEACHTA Airteagal 25
Malartú faisnéise maidir le sreabhadh agus patrúin soghluaisteachta Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit
faireachán ar shreabhadh agus patrúin soghluaisteachta lucht saothair san
Aontas ar bhonn staitisticí Eurostat agus na sonraí náisiúnta atá ar fáil. Airteagal 26
Malartú faisnéise idir na Ballstáit 1. Déanfaidh gach Ballstát
faisnéis a bhailiú agus a anailísiú, go háirithe, maidir le: (a)
ganntanas agus barrachas lucht saothair ar mhargaí
saothair náisiúnta agus earnálacha agus a mhéad is féidir dul i ngleic leo le soghluaisteacht
lucht saothair; (b)
gníomhaíochtaí EURES ar an leibhéal náisiúnta; (c)
seasamh líonra EURES ar mhargadh na seirbhísí
earcaíochta ar an leibhéal náisiúnta ina iomláine. 2. Tá na hOifigí Náisiúnta um
Chomhordú freagrach as faisnéis a chomhroinnt laistigh de líonra EURES agus as
rannchuidiú leis an gcomh‑anailísiú. 3. Agus malartú faisnéise agus
an comh‑anailísiú á gcur san áireamh acu, forbróidh na Ballstáit beartais
soghluaisteachta mar chuid lárnach dá mbeartais fostaíochta. Cuireann na
beartais soghluaisteachta seo creat ar fáil a mbainfidh na Ballstáit úsáid as
chun an cláreagrú dá dtagraítear in Airteagal 28 a thabhairt i gcrích. 4. Bunaíonn an Oifig Eorpach um
Chomhordú nósanna imeachta agus déanann sí socruithe praiticiúla d'fhonn
malartú faisnéise a éascú i measc na nOifigí Náisiúnta um Chomhordú chomh maith
le forbairt na comhanailíse a éascú. Airteagal 27
Malartú faisnéise a ghabhann le seirbhísí tacaíochta 1. Déanfaidh gach eagraíocht atá
rannpháirteach i líonra EURES dá dtagraítear in Airteagal 4 faisnéis a
chomhroinnt agus a mhalartú maidir le dálaí maireachtála agus oibre agus
nósanna imeachta riaracháin sna Ballstáit chomh maith leis na rialacha is
infheidhme maidir le hoibrithe ó Bhallstáit eile, sa chaoi go mbeidh treoir ar
fáil d'oibrithe agus d'fhostóirí. 2. Déanann siad faisnéis a
chomhroinnt agus a mhalartú freisin faoin gcás mar atá sna Ballstáit a
thabharfaidh treoir d'oibrithe teorann. 3. Glacfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na samhlacha agus na nósanna imeachta
chun an fhaisnéis seo a mhalartú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a
ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
Airteagal 28
Cláreagrú 1. I ngach Ballstát, déanfaidh
an Oifig Náisiúnta um Chomhordú clár oibre a tharraingt suas gach bliain do na
heagraíochtaí atá rannpháirteach i lionra EURES ar chríoch an Bhallstáit sin. 2. Sa chlár oibre sin, sonrófar:
(a)
Na príomhghníomhaíochtaí atá le déanamh i gcomhréir
leis an Rialachán seo; (b)
Na hacmhainní daonna agus airgeadais foriomlán arna
leithdháileadh chun é a chur chun feidhme; (c)
Na socruithe maidir le faireachán agus
meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe. 3. Déanfaidh na hOifigí
Náisiúnta um Chomhordú agus an Oifig Eorpach um Chomhordú athbhreithniú le
chéile ar na dréachtchláir oibre sula gcuirfear bailchríoch leo. 4. Rachfar i gcomhairle le
hionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais atá
rannpháirteach i nGrúpa um Chomhordú EURES maidir leis na dréachtchláir oibre. 5. Bunóidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na teimpléid agus na nósanna imeachta is
gá don chláreagrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 34(2).
Airteagal 29
Bailiú sonraí agus táscairí 1. Áiritheoidh na Ballstáit go
bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun sonraí a thairgeadh agus a bhailiú
maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir
lena na catagóirí seo a leanas de tháscairí coiteanna: (a)
faisnéis agus treoir arna soláthar ag Lionra EURES,
bunaithe ar líon na dteagmhálacha a bhíonn ag baill foirne EURES le hoibrithe
agus fostóirí; (b)
socrúcháin agus earcaíocht a eascraíonn ó
ghníomhaíochtaí EURES, bunaithe ar líon na bhfolúntas, na n‑iarratas ar
phost, na CVanna arna láimhseáil agus arna bpróiseáil ag baill foirne EURES
agus ar líon na n‑oibrithe arna n‑earcú i mBallstát eile dá réir; (c)
torthaí maidir le sástacht custaiméirí le líonra
EURES, a gheofar freisin ó shuirbhéanna; 2. Tá an Oifig Eorpach um
Chomhordú freagrach as sonraí a bhailiú faoi thairseach EURES agus as forbairt
an chomhair maidir leis an imréiteach faoin Rialachán seo. 3. Cumhachtófar don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá
dtagraítear in Airteagal 33 d'fhonn forbairt breise a dhéanamh ar na
táscairí coiteanna. Airteagal 30
Tuarascálacha cur chun feidhme Agus an fhaisnéis arna bhailiú dá dtagraítear
sa Chaibidil seo a chur san áireamh, cuirfidh an Coimisiún Eorpach tuarascáil
faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste na Réigiún agus
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa gach re bliain maidir le soghluaisteacht
lucht saothair laistigh den Aontas agus maidir leis na seirbhísí arna soláthar
d'oibrithe chun éascaíocht a dhéanamh ar fheidhmiú na saoirse gluaiseachta i
gcomhréir le hAirteagal 46 den CFAE. CAIBIDL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 31
Sonraí pearsanta a chosaint Is gá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán
seo a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a
chosaint, go háirithe Treoir 95/46/CE maidir le daoine aonair a chosaint i
ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den
sórt sin[23]
agus na bearta náisiúnta cur chun feidhme a ghabhann leo, chomh maith le agus
Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le daoine aonair a chosaint
i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag
comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[24]. Airteagal 32
Meastóireacht ex post Cuirfidh an Coimisiún Eorpach meastóireacht ex
post faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste na Réigiún
agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le feidhmiú agus
iarmhairtí an Rialacháin seo cúig bliana tar éis a theacht i bhfeidhm. Féadfaidh tograí reachtacha lena leasaítear an
Rialachán seo a bheith ag gabháil leis an tuarascáil. Airteagal 33
An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na
gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don
Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Tabharfar tarmligean na
cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 29 don
Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ó dháta theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo nó ó dháta ar bith eile arna shocrú ag an reachtóir. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8
agus in Airteagal 29 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun
cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe
sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a
shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha
tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus
don Chomhairle ina leith an tráth céanna. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8 agus Airteagal 29 i bhfeidhm
ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an
gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a
thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar
éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar
an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na
Comhairle. Airteagal 34
Nós imeachta coiste 1. Beidh Coiste 'EURES' arna
bhunú leis an Rialachán seo de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste
sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéantar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéantar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 35
Aisghairmeacha 1. Aisghairtear leis seo na forálacha
seo a leanas atá sonraithe sna gníomhartha thíosluaite: (a)
Caibidil II agus Airteagal 38 de
Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse gluaiseachta d’oibrithe laistigh den
Aontas; (b)
Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1296/
2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir
le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta
("EaSI") agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena
mbunaítear an tSaoráid Mhicreamhaoiniúcháin Eorpach um Fhostaíocht agus um
Chuimsiú Sóisialta. 2. Forléireofar tagairtí a
dhéantar do na gníomhartha aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo. Airteagal 36
Cur i bhfeidhm Beidh feidhm ag an Rialachán maidir
leis na Ballstáit agus lena gcuid náisiúnach, ach sin gan dochar d'Airteagal 2
agus Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011. Airteagal 37
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a
fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] IOAE, 27.5.2011, L 141, lch.1 [2] Cinneadh 2003/8/CE an 23 Nollaig a chuireann chun
feidhme Rialachán (CEE) 1612/68 maidir le faomhadh folúntas agus iarratas ar
fhostaíocht (IO L5, 10.1.2003, lch 16), a aisghaireadh le Cinneadh chur chun
feidhme ón gCoimisiún 2012/733/AE an 26 Samhain 2012 a chuireann chun feidhme
Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 (IOAE L328, 28.11.2012, lch.21). Tiocfaidh
an cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2014. [3] COM (2013) 430 [4] OECD Economic
Surveys: European Union (Suirbhéanna Eacnamaíocha ECFE: An tAontas Eorpach),
Márta 2012 nó http://www.oecd‑ilibrary.org/economics/oecd‑economic‑surveys‑european‑union‑2012_eco_surveys‑eur‑2012‑en [5] Ní áiríonn an figiúr sin oibrithe a bhfuil cónaí orthu i
mBallstát amháin agus ag cur fúthu i mBallstát eile (oibrithe trasteorann). [6] Staid Fostaíochta agus Sóisialta an AE, athbhreithniú
ráithiúil, Meitheamh 2013, ag baint úsáide as sonraí vótaíochta Gallup World [7] An ráta bliantúil 0.29 % a chur i bhfeidhm ar an
lucht saothair iomlán (241 milliún) [8] Sonraí vótaíocht Gallup World a chur i bhfeidhm ar an
sciar daoine a bhfuil fúthu bogadh laistigh den 12 mhí atá le teacht,
1.2 % in 2011 agus 2012, ar an lucht saothair iomlán (241 milliún) [9] Eorabharaiméadar speisialta 337: Soghluaisteacht
mhargaidh saothair agus gheografach (2009) [10] COM (2013) 269 final [11] COM (2013) 837 final [12] COM (2012) 173 final [13] IO L 328,
28.11.2012, lch. 21. [14] IO L 5,
10.1.2003, lch. 16. [15] COM (2010) 731 final [16] Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an
Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta ("EaSI")
agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear an
tSaoráid Mhicreamhaoiniúcháin Eorpach um Fhostaíocht agus um Chuimsiú
Sóisialta, IO L347, 20.12.2013, lch. 238. [17] IO C , , Lch. . [18] IO C , , Lch. . [19] IOAE, 27.5.2011, L141, lch. 1 [20] Go háirithe Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine
aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le
saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31) agus
Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le
próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus
maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001,
lch. 1). [21] IOAE, 27.5.2011, L141/1 [22] COM (2013) 236 final [23] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. [24] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1. IARSCRÍBHINN
1.
Seachadadh seirbhíse
1.
Sásraí leordhóthanacha a bheith ann lena sheiceáil
agus a áirithiú go n‑uarramófar go hiomlán na caighdéain saothair agus na
ceanglais dlí is infheidhme, lena n‑áirítear an dlí is infheidhme maidir
le sonraí a chosaint agus ceanglais agus caighdeáin maidir le cáilíocht sonraí
i ndáil le folúntais. 2.
Ábaltacht atá léirithe ar sheirbhísí a chur ar fáil
maidir le himréiteach agus/nó seirbhísí tacaíochta dá dtagraítear sa Rialachán
seo, más cuí de réir na rogha a rinne an eagraíocht 3.
Ábaltacht ar sheirbhísí a chur ar fáil trí
shaoráidí ilchainéalúcháin, agus rochtain a bheith ann ar shuíomh gréasáin de
chuid na heagraíochta ar a laghad 4.
Ábaltacht ar oibrithe agus fostóirí a chur i
dteagmháil le Pairtnéirí eile de chuid EURES agus/nó comhaltaí ag a bhfuil
saineolas ar shaorghluaiseacht d'oibrithe 5.
Dearbhú go gcloífear leis an bpriosabal go mbeidh
seirbhís EURES ar fáil saor in aisce ag oibrithe
2.
Páirt a ghlacadh i líonra EURES
1.
Ábaltacht ar a áirithiú go seachadfar sonraí go
tráthúil iontaofa 2.
Gealltanas go gcloífear leis na caighdeáin
teicniúla agus leis na formáidí d'imréiteach agus do mhalartú faisnéise atá sa
Rialachán seo. 3.
Ábaltacht ar fhaisnéis a sholáthar don Oifig
Náisiúnta um chomhordú ar sheachadadh agus ar fheidhmiú na seirbhíse i
gcomhreir leis an Rialachán seo agus gealltanas sin a dhéanamh. 4.
Acmhainní daonna cuí a bheith ann i bhfianaise an
tsainordaithe institiúidigh atá an eagraíocht a iarraidh mar Phairtnéir de
chuid EURES nó gealltanas go bhfaighfear iad. 5.
Gealltaanas go n‑áiritheofar ardchaighdeáin
maidir le foireann agus go gclárófar an fhoireann don chomhchlár oiliúna.