Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013SC0289

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2013/36/AE agus 2009/110/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE agus Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta le cárta

    /* SWD/2013/0289 final */

    52013SC0289

    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2013/36/AE agus 2009/110/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE agus Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta le cárta /* SWD/2013/0289 final */


    1. Réamhrá

    Tá ríomhíocaíochtaí slána éifeachtacha iomaíocha nuálacha ríthábhachtach má tá tomhaltóirí, ceannaithe agus cuideachtaí chun leas iomlán a bhaint as an Margadh Aonair agus de réir mar atá an domhan ag dul níos faide ná trádáil fhisiciúil i dtreo na ríomhthráchtála. Rinneadh dul chun cinn agus comhtháthú suntasach ar íocaíochtaí miondíola san AE leis an acquis reachtach reatha maidir le híocaíochtaí. Tá réimsí tábhachtacha de mhargadh na n-íocaíochtaí – íocaíochtaí le cárta, ar an idirlíon agus ar fhóin phóca – ilroinnte thar theorainneacha náisiúnta fós áfach. Léirigh na forbairtí is déanaí sna margaí sin freisin go bhfuil bearnaí agus neamhréireachtaí rialála áirithe ann fós sa chreat dlíthiúil reatha le haghaidh íocaíochtaí.

    2. Sainiú na faidhbe

    2.1. Fadhbanna

    Tá dul chun cinn suntasach bainte amach leis an gcreat dlí a bunaíodh leis an Treoir um Sheirbhísí Íocaíochta 2007/64/CE (TSÍ)[1] cheana féin maidir le comhtháthú foriomlán ar an margadh íocaíochtaí miondíola Eorpach. Tá roinnt fadhbanna sonracha dea‑shainithe ann fós i réimsí na n-íocaíochtaí le cárta, ar an idirlíon agus ar fhóin phóca áfach. Tá dhá chatagóir cúiseanna taobh thiar de na fadhbanna seo: ar an gcéad dul síos, i roinnt réimsí, níl an margadh ag feidhmiú go barrmhaith; ar an dara dul síos, tá roinnt bearnaí agus easnaimh a bhaineann leis na forálacha dlí reatha.

    2.1.1. Ilroinnt an mhargaidh

    Tá caighdeánú agus idir-inoibritheacht theicniúil ríthábhachtach i dtimpeallacht íocaíochtaí atá bunaithe ar líonraí. D'fhonn an raon idir íocóirí, íocaithe agus a gcuid soláthraithe seirbhíse íocaíochta (SSÍnna) a bharrmhéadú, tá gá le hidir-inoibritheacht idir scéimeanna difriúla bunaithe ar chaighdeáin choiteanna. Baineann easpa caighdeánaithe agus idir-inoibritheachta idir réitigh dhifriúla, i ngnéithe áirithe agus go feadh méide difriúla, le híocaíochtaí le cárta, ar an idirlíon agus ar fhóin phóca, go háirithe ar leibhéal trasteorann. Is measa na fadhbanna seo, a chuireann teorainn le hiomaíocht freisin, de thoradh socruithe laga rialachais sa mhargadh íocaíochtaí miondíola Eorpach.

    2.1.2. Iomaíocht neamhéifeachtach

    I réimse na gcártaí íocaíochta tá roinnt rialacha agus cleachtas sriantach gnó ann a bhfuil saobhadh ar an iomaíocht mar thoradh orthu.

    Ar an gcéad dul síos, cruthaíonn comhaontuithe comhchoiteanna idir bainc eisiúna cártaí agus bainc fála ó thaobh córais na gcártaí íocaíochta maidir le táillí idirbhainc, ar a dtugtar Táillí Idirmhalartaithe (TInna), cruthaíonn siad roinnt fadhbanna ó thaobh iomaíochta agus comhtháthú an mhargaidh de. Bíonn aisiomaíocht ann i ngeall ar TInna, rud a fhágann go mbíonn brú suas seachas síos ar na praghsanna a ghearrtar ar cheannaithe agus ar thomhaltóirí. Lena chois sin, is bacainn roimh chomhtháthú an mhargaidh iad na leibhéil an‑éagsúla TInna idir Ballstáit agus an chaoi a gcuirtear TInna i bhfeidhm thar tíortha trí dhreasachtaí a bhaint ó cheannaithe seirbhísí de chuid soláthraithe thar lear a úsáid.

    Chomh maith leis sin, cuireann rialacha scéimeanna cártaí áirithe teorainn le rogha agus cumas na gceannaithe a dhiúltaíonn d'ionstraimí costasacha íocaíochta nó treoraíonn siad tomhaltóirí i dtreo modhanna íocaíochta níos saoire.

    2.1.3. Cleachtais éagsúla idir Bhallstáit ó thaobh muirir a ghearradh

    Ceapadh formhuirir (muirir ar ionstraim shonrach íocaíochta a úsáid) ar dtús mar shásra stiúrtha do cheannaithe chun tomhaltóirí a threorú i dtreo ionstraimí íocaíochta níos saoire nó níos éifeachtaí. Ní raibh na torthaí orthu a rabhthas ag súil leo, áfach. Faoi láthair, ceadaíonn an leathchuid de Bhallstáit an AE formhuirir a ghearradh agus tá cosc air sna Ballstáit eile. Fágann seo go bhfuil mearbhall suntasach agus dochar do thomhaltóirí sa chomhthéacs r-thráchtála.

    2.1.4. Folús dlíthiúil i gcás soláthraithe seirbhíse íocaíochta idirlín áirithe

    Ó ghlacadh an TSÍ in 2007, tá seirbhísí nua tagtha chun cinn i réimse na n-íocaíochtaí idirlín, amhail soláthraithe tríú páirtí (STPanna) a sholáthraíonn túsú íocaíochtaí bunaithe ar bhaincéireacht ar líne. Is rogha mhalartach mharthanach ar chártaí atá sna seirbhísí seo le haghaidh íocaíochtaí ar an idirlíon toisc gurb iondúil go mbíonn siad níos saoire do cheannaithe agus go bhfuil rochtain orthu ag an líon mór tomhaltóirí nach bhfuil cártaí creidmheasa acu. Ardaíodh raon leathan cúiseanna imní áfach toisc go bhfuil rochtain ag tríú páirtithe ar fhaisnéis aitheantais bhaincéireachta ar líne tomhaltóirí agus toisc nach bhfuil na seirbhísí nua seo cumhdaithe ag an gcreat dlí atá ann faoi láthair.

    2.1.5. Bearnaí sa raon feidhme agus cur i bhfeidhm neamh-chomhsheasmhach an TSÍ

    Tá léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an-éagsúil ar an dlí seo i mBallstáit dhifriúla i ngeall ar dhíolúintí áirithe sa TSÍ. Is cosúil go bhfuil critéir diolúine TSÍ ró-ghinearálta nó as dáta i ndáil le forbairtí an mhargaidh agus tá léirmhínithe difriúla ag Ballstáit orthu. Baineann sé seo go háirithe le díolúintí TSÍ le haghaidh gníomhairí tráchtála, líonraí teoranta, idirbhearta íocaíochta arna dtúsú agus gléas teileachumarsáide agus soláthraithe neamhspleácha ATManna. Bíonn bearnaí ann freisin i raon feidhme an TSÍ i leith íocaíochtaí lena bhfuil céim amháin den idirbheart lonnaithe lasmuigh den LEE agus i leith íocaíochtaí in airgeadraí nach airgeadraí an AE iad.

    2.2. Iarmhairtí

    Tá iarmhairtí ag na fadhbanna a sainaithníodh ar thomhaltóirí, ar cheannaithe, ar sholáthraithe nua íocaíochta agus ar an margadh ina iomláine.

    2.2.1. Neamhchothrom iomaíochta idir sholáthraithe seirbhíse / institiúidí íocaíochta

    Tá leas dílsithe acu siúd atá sa mhargadh cheana féin – go háirithe bainc agus scéimeanna cártaí – fáltais ó íocaíochtaí le cártaí, agus ó TInna thar rud ar bith eile, a mhéadú, nó a chosaint ar a laghad. Dá thoradh sin, bíonn deacrachtaí tromchúiseacha ag soláthraithe seirbhíse a chuireann réitigh íocaíochta lena mbaineann TI níos ísle, nó réitigh íocaíochta gan TI, dul isteach sa mhargadh.

    Lena chois sin, cuireann bearnaí maidir le caighdeánú agus idir-inoibritheacht cosc ar iomaíocht ina measc siúd atá sa mhargadh cheana féin agus cruthaíonn siad bacainn eile roimh dhul isteach sa mhargadh do SSÍnna nua nuálaíocha.

    2.2.2. Drochthionchair ar Úsáideoirí Seirbhísí Íocaíochta (tomhaltóirí, ceannaithe)

    Treoraíonn bainc tomhaltóirí i dtreo cártaí costasacha a úsáid, amhail cártaí préimhe. I gcás nach féidir leo cártaí den sórt sin a dhiúltú ná táille a ghearradh ar thomhaltóirí go díreach as a n-úsáid, cuireann ceannaithe na costais seo ar aghaidh chuig na tomhaltóirí uile trí bhíthin praghsanna níos airde ar na hearraí agus seirbhísí atá á soláthar acu. Déanann seo dochar don tsochaí. Ar an lámh eile, seans go mbeadh ar a lán ceannaithe atá níos lú íocaíochtaí le cárta a dhiúltú i ngeall ar na táillí arda a ghearrann lucht fála cártaí orthu (táillí a bhfuil TI ina phríomh‑chomhpháirt dóibh).

    2.2.3. Leibhéal íseal gníomhaíochta trasteorann

    I ngeall ar easpa idir-inoibritheachta, go háirithe i gcás cártaí dochair nó íocaíochtaí bunaithe ar bhaincéireacht ar líne, bíonn tomhaltóirí teoranta do chártaí creidmheasa costasacha den chuid is mó agus iad ag ceannach ar líne ó thír eile. Is dócha gur sin cuid den chúis ar ordaigh 34 % de thomhaltóirí san AE earraí nó seirbhísí thar an idirlíon go náisiúnta in 2011, ach nár ordaigh ach 10 % acu táirgí ar bhonn trasteorann.[2]

    I gcás ceannaithe, is minic a bhíonn an rogha maidir le soláthraí seirbhísí a fháil teoranta dóibh siúd atá ann cheana féin sa mhargadh baile. Bíonn sé deacair ar chuideachtaí móra miondíola Eorpacha fiú leas a bhaint as seirbhísí de chuid lucht fála atá lonnaithe i mBallstát eile. Fágann sin go gcailleann ceannaithe amach ar dheiseanna barainneachtaí scála a bhaint amach agus oibríochtaí a shruthlíniú.

    2.2.4. Nuálaíocht scaipthe agus faoi bhac

    I ngeall ar dhifríochtaí teicniúla idir fhormáidí agus chineálacha bonneagair íocaíochtaí náisiúnta, bíonn a gcás gnó srianta don mhargadh náisiúnta ag iontrálaithe nua sa mhargadh nó ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá ann cheana ar mian leo tosú ar sheirbhísí nuálacha a thairiscint. Cuireann seo teorainn leis an bhféidearthacht coigiltí a scálú, i dtéarmaí laghduithe costais agus fáltais fhéideartha araon, agus dá bhrí sin níl dreasachtaí ann d'infheistíochtaí nuathionscanta. Ag ceann cúrsa, d’fhéadfadh sé go bhfágfaí nuálaíocht taobh thiar san Eoraip i gcomparáid le réigiúin eile, amhail SAM nó an Áise / Aigéan Ciúin, má bhíonn timpeallacht ilroinnte feadh teorainneacha náisiúnta ann.

    3. An cás ar son gníomhaíochta ag an AE

    Margadh comhtháite a bheith san AE le haghaidh margaidh ríomh-íocaíochtaí miondíola, rannchuidíonn sé leis an aidhm arna cuimsiú in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ina sainordaítear margadh inmheánach a bheith ann. Ar na leasanna a bhaineann le comhtháthú na margadh tá breis iomaíochta idir SSÍnna agus tuilleadh roghanna, nuálaíochta agus slándála d’úsáideoirí seirbhísí íocaíochta, go háirithe tomhaltóirí.

    I ngeall ar a bhfuil i gceist leis, tá cur chuige ar fud an Chomhphobail de dhíth chun margadh comhtháite íocaíochtaí, bunaithe ar líonraí a théann thar theorainneacha náisiúnta, a bhaint amach, toisc gur gá do na prionsabail, rialacha, próisis agus caighdeáin is infheidhme a bheith comhsheasmhach sna Ballstáit uile d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus cothrom iomaíochta a bhaint amach do gach rannpháirtí sa mhargadh. Luíonn idirghabháil fhéideartha ar leibhéal an AE le prionsabal na coimhdeachta mar sin.

    4. Cuspóirí beartais

    Tá dhá chuspóir uileghabhálacha ghinearálta ag baint leis na réimsí fadhbanna a sainaithníodh. Is é an chéad cheann acu cothrom iomaíochta a chruthú idir gach catagóir de sholáthraithe seirbhísí, agus uaidh sin méadaítear líon na roghanna, éifeachtúlacht, trédhearcacht agus slándáil na n-íocaíochtaí miondíola. Is é an dara cuspóir soláthar seirbhísí nuálacha um íocaíochtaí le cárta, ar an idirlín agus ar fhóin phóca a éascú thar teorainneacha trí Mhargadh Aonair a áirithiú do gach íocaíocht mhiondíola. Eascraíonn sé chuspóir shonracha ón dá chuspóir sin:

    - dul i ngleic le bearnaí maidir le caighdeánú agus idir-inoibritheacht le haghaidh íocaíochtaí le cárta, ar an idirlíon agus ar fhóin phóca;

    - deireadh a chur le bacainní roimh iomaíocht, go háirithe i leith íocaíochtaí le cártaí agus ar an idirlíon;

    - cleachtais um ghearradh táillí agus stiúrtha a ailíniú le haghaidh seirbhísí íocaíochta ar fud an AE;

    - a áirithiú go mbeidh cineálacha seirbhísí íocaíochta atá ag teacht chun cinn cumhdaithe ag an gcreat rialála;

    - a áirithiú go gcuirfear an creat rialála (TSÍ) i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na mBallstát;

    - leasanna tomhaltóirí a chosaint tríd an gcosaint rialála a leathnú go cainéil nua íocaíochta agus seirbhísí nuálacha íocaíochta.

    5. Roghanna beartais

    Sainaithníodh roinnt roghanna beartais. Tá achoimre ar na roghanna sin sa tábla thíos (tá na roghanna a coinníodh aibhsithe). Sa Mheasúnú Tionchair féin tá tuairisc níos mionsonraithe ar bhearta féideartha eile a théann i ngleic le fadhbanna lena mbaineann tosaíocht níos ísle nó lena ndéantar a áirithiú go mbeidh na príomhroghanna beartais éifeachtach go hiomlán gan tionchar suntasach a bheith acu per se (bearta coimhdeacha agus mionchoigeartaithe).

    Ilroinnt an mhargaidh

    Socruithe laga rialachais

    1: Gan athrú beartais

    2: Comhlacht féinrialála arna bhunú ag rannpháirtithe sa mhargadh

    3: Comhlacht foirmiúil bunaithe ar ghníomh dlíthiúil na gcomhreachtóirí

    Bearnaí caighdeánaithe agus idir-inoibritheachta

    1: Gan athrú beartais

    2: Caighdeánú a threorú chun cinn trí chreat um rialachas íocaíochtaí (íocaíochtaí le cárta)

    3: Eagraíocht Eorpach um Chaighdeánú a shainordú (íocaíochtaí móibíleacha)

    4: Ceanglais éigeantacha theicniúla a bhunú trí reachtaíocht

    Iomaíocht neamhéifeachtach i réimsí áirithe na n-íocaíochtaí le cárta agus ar an idirlíon

    Táillí idirmhalartaithe (TInna)

    1: Gan athrú beartais

    2: Fáil trasteorann a cheadú agus leibhéal na dtáillí idirmhalartaithe trasteorann a rialáil

    3: Sainordú go socróidh Ballstáit TInna inmheánacha bunaithe ar mhodheolaíocht choiteann

    4: Leibhéal TInna coiteanna a shocrú ar fud an AE, bunaithe ar uasteorainn

    5: Díolúintí do chártaí tráchtála agus do chartaí arna n-eisiúint agus scéimeanna tríú páirtí

    6: Rialáil ar Mhuirir Seirbhísí Ceannaí

    Rialacha sriantacha gnó

    1: Gan athrú beartais

    2: An Riail 'Glacadh le Gach Cárta' a bhaint go deonach ag scéimeanna cártaí

    3: (Cuid den) Riail 'Glacadh le Gach Cárta' a Thoirmeasc

    Cleachtais éagsúla idir Bhallstáit ó thaobh muirir a ghearradh

    1: Gan athrú beartais

    2: Formhuirearú a urchosc i ngach Ballstát

    3: Formhuirearú a cheadú i ngach Ballstát

    4: Ceangal a leagan ar cheannaithe modh íocaíochta amháin ar a laghad a úsáidtear go forleathan a thairiscint i gcónaí gan aon fhormhuirear

    5: Cosc ar fhormhuirearú le haghaidh ionstraimí íocaíochta rialáilte TI

    Folús dlíthiúil i gcás soláthraithe áirithe seirbhíse íocaíochta

    Rochtain ar fhaisnéis maidir le fáil ar chistí do scéimeanna nua cártaí agus do sholáthraithe tríú páirtí (STPanna) eile

    1: Gan athrú beartais

    2: Coinníollacha rochtana a shainiú, cearta agus oibleagáidí STPanna a shainiú, an leithdháileadh dliteanais a shoiléiriú

    3: Cead a thabhairt do STPanna rochtain a fháil ar an bhfaisnéis trí chomhaontú conarthach leis an mbanc lena mbaineann an cuntas

    Bearnaí sa raon feidhme agus cur i bhfeidhm neamh-chomhsheasmhach an TSÍ

    Raon feidhme diúltach an TSÍ

    1: Gan athrú beartais

    2: Díolúintí TSÍ a thabhairt cothrom le dáta agus a shoiléiriú (gníomhairí tráchtála agus líonraí teoranta)

    3: Díolúintí a scriosadh (íocaíochtaí arna dtúsú ar mhodhanna teileachumarsáide agus UMBanna (Uathmheaisíní Bainc) neamhspleácha)

    4: Ceangal a leagan ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta a bhaineann úsáid as an tseirbhís imréiteach ó údaráis inniúla a iarraidh

    Idirbhearta le céim amháin lasmuigh den LEE agus íocaíochtaí le hairgeadraí nach airgeadraí an AE iad

    1: Gan athrú beartais

    2: Síneadh iomlán chun gach idirbheart le céim amháin agus gach airgeadra a chuimsiú

    3: Síneadh roghnaíoch ar rialacha áirithe TSÍ chuig idirbhearta le céim amháin agus chuig gach airgeadra

    Tá comhdhearcadh i measc geallsealbhóirí maidir le (1) na leasanna a d’fhéadfadh teacht ó leibhéal oiriúnach a bhaint amach ó thaobh caighdeánú teicniúil de, agus idir-inoibritheacht i réimse na n-íocaíochtaí le cártaí, ar an idirlíon agus ar fhóin phóca dá bharr; 2) an gá a bhaineann le rialacha soiléire a bheith ann maidir le MIFanna (Táillí Idirmhalartaithe Ilbhliantúla) agus rialacha eile gnó d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus cothrom iomaíochta a áirithiú i margadh na gcártaí[3]; (3) an tábhacht a bhaineann le seirbhísí túsaithe íocaíochtaí arna dtairiscint ag STPanna a chumhdach sa chreat rialála; (4) an gá atá le cleachtais um threorú a chomhchuibhiú, go háirithe fomhuirearú; (5) raon feidhme an TSÍ a leathnú agus a shoiléiriú.

    6. Tionchair

    Tá sé mar aidhm ag na roghanna beartais atá molta:

    - ilroinnt an mhargaidh a laghdú trí iarrachtaí um chaighdeánú agus trí shocruithe nua rialachais;

    - dul i ngleic le bacainní roimh iomaíocht i réimse na n-íocaíochtaí le cárta, go háirithe trí TInna a rialáil, deireadh a chur le rialacha sriantacha gnó agus rochtain ar an margadh a fheabhsú;

    - na féidearthachtaí atá ag ceannaithe formhuirir a ghearradh, na féidearthachtaí sin a theorannú do na hionstraimí atá fágtha lasmuigh de raon feidhme an rialacháin TI;

    - creat dlí a sholáthar i ndáil le rochtain ag STPanna ar fhaisnéis maidir le cistí;

    - bearnaí rialála agus neamh-chomhsheasmhachtaí sa TSÍ a laghdú go mór.

    An tsaincheist a sainaithníodh || An Rogha a Mholtar || Tionchar Eacnamaíoch ar leibhéal an AE

    Rialachas agus caighdeánú

    Socruithe rialachais || Trí bhíthin comhlachta fhoirmiúil (An Chomhairle Eorpach um Íocaíochtaí Miondíola) || Rannpháirtíocht níos fearr i measc geallsealbhóirí. Imeallchostais i gceist leis.

    Caighdeánú ar íocaíochtaí le cárta || Trí bhíthin creata rialachais íocaíochtaí (faoin gCreat Eorpach um Íocaíochtaí Miondíola) || Rannchuidíonn sé le margadh cártaí atá comhtháite go hiomlán. Tairbhí measta de 4 billiún in aghaidh na bliana, do ghnólachtaí agus tomhaltóirí go príomha.

    Caighdeánú ar íocaíochtaí ar fhóin phóca || Trí bhíthin na hEagraíochta Eorpaí um Chaighdeánú || Treoraíonn sé líon na n-idirbheart le híocaíochtaí ar fhóin phóca. Meastachán: 68 % níos mó idirbheart má dhéantar caighdeánú.

    Táillí idirmhalartaithe (d'íocaíochtaí le cárta)

    Rialachán TInna (Céim 1) || Uasteorainn a leagan ar TInna trasteorann (dochar agus sochar) agus rogha TI a cheadú d'idirbhearta trasteorann (trí fháil trasteorann, féach thíos) || Coigiltí oibríochtúla do cheannaithe móra.  Measta ag EUR 3 billiún in aghaidh na bliana.

    Rialachán TInna (Céim 2) || Uasteorainn ar TInna i gcás cártaí dochair agus cártaí creidmheasa ag 0.2 % agus  0.3 % ar a mhéad de luach an idirbhirt faoi seach || Coigiltí oibríochtúla do gach ceannaí a ghlacann le cártaí. Measta ag EUR 6 billiún in aghaidh na bliana. D’fhéadfaí go gcuirfí cuid díobh sin ar aghaidh chuig tomhaltóirí.

    Táillí idirmhalartaithe – príomhbhearta cliathánacha

    Fáil trasteorann || Bacainní arna leagan síos ag scéimeanna cártaí agus dlíthe roimh fháil trasteorann a bhaint || Coigiltí oibríochtúla do cheannaithe móra measta ag cuid de EUR 3 billiún in aghaidh na bliana (má thacaítear leis le rialachán maidir le TInna trasteorann)

    Rialacha sriantacha gnó || Toirmeasc a chur ar (chuid den) Riail 'Glac le Gach Cárta' agus ar (chuid den) Riail maidir le Neamh-idirdhealú || Coigiltí oibríochtúla do gach ceannaí a ghlacann le cártaí. Measta ag EUR 0.6 – 1.7 billiún in aghaidh na bliana ar a mhéad, suas le EUR 0.5 billiún faoi na huasteorainneacha atá molta. D’fhéadfaí go gcuirfí cuid díobh sin ar aghaidh chuig tomhaltóirí.

    Cleachtais éagsúla maidir le muirir a ghearradh idir Ballstáit || Cosc ar fhormhuirearú le haghaidh ionstraimí íocaíochta le TI rialáilte || Coigiltí do thomhaltóirí suas le EUR 731 milliún in aghaidh na bliana

    Bearna sa raon feidhme agus cur i bhfeidhm neamh-chomhsheasmhach an TSÍ

    Rochtain ar fhaisnéis maidir le hinfhaighteacht cistí do STPanna || Coinníollacha don rochtain ar fhaisnéis maidir le hinfhaighteacht cistí a shainiú, cearta agus oibleagáidí STPanna a shainiú, an leithdháileadh dliteanais a shoiléiriú || Coigiltí do cheannaithe má chuirtear seirbhísí STPanna in ionad cártaí creidmheasa in idirbhearta idirlín measta ag EUR 0.9 – 3.5 billiún in aghaidh na bliana. Táillí i bhfad níos lú d’aon chóras nua cártaí (15-75 %). Réiteach nua um íocaíochta ar líne do thomhaltóirí, lena n-áirítear tomhaltóirí nach bhfuil cártaí creidmheasa acu.

    Raon feidhme diúltach (díolúintí) || Athshainiú ar an raon feidhme do ghníomhairí tráchtála agus líonraí teoranta; cuir idirbhearta arna dtúsú le TF / le fóin phóca agus UMBanna neamhspleácha san áireamh sa raon feidhme; Ceangal imréiteach ó údaráis inniúla do na seirbhísí lena mbaineann díolúine || Costas do SSÍnna ábhartha measta ag EUR 128 – 193 milliún (aonuaire). Níl na tairbhí inchainníochtúil, ach ina measc tá cosaint fheabhsaithe do thomhaltóirí, leibhéal slándála íocaíochtaí méadaithe agus cothrom iomaíochta.

    Raon feidhme dearfach (idirbhearta aonchéime agus le hairgeadraí nach airgeadraí an AE iad) || Leathnú roghnaíoch (Teideal III agus IV) ar raon feidhme TSÍ go hidirbhearta aonchéime agus le hairgeadraí nach airgeadraí an AE iad || Imeallchostais i gceist leis. Tairbhí TSÍ leathnaithe go hidirbhearta íocaíochta le luach iomlán measta de EUR 60 billiún in aghaidh na bliana do 32 milliún Úsáideoirí Seirbhíse Íocaíochta (PSU).

    Tionchair ar gheallsealbhóirí

    Anuas ar na tairbhí díreacha eacnamaíocha a luaitear thuas:

    Is é an tairbhe is mó do thomhaltóirí go bhfuil méadú ar rogha na modhanna íocaíochta, go háirithe trí sheirbhísí STPanna agus íocaíochtaí ar fhóin phóca; rialacha neartaithe um chosaint tomhaltóirí agus rannpháirtíocht níos láidre i rialachas na n-íocaíochtaí miondíola.

    Tugtar saoirse do cheannaithe maidir le glacadh le modhanna íocaíochta (tar éis an cumas a fháil cártaí costasacha a dhiúltú); baineann siad leas as tuilleadh caighdeánaithe (m.sh. trí chuíchóiriú ar theirminéil chun cártaí a léamh) agus an fhéidearthacht fáil thar theorainneacha / go lárnach.

    Iontrálaithe nua ar thaobh an tsoláthair: Baineann siad cothrom iomaíochta agus rochtain ar an margadh amach (m.sh. STPanna agus scéimeanna nua cártaí); baineann siad leas ón rialachán TI.

    SSÍnna agus scéimeanna cártaí atá ann cheana féin:  déanfaidh laghdú féideartha ar fháltais tríd an rialachán TI difear do bhainc agus do scéimeanna cártaí; beidh iomaíocht níos láidre acu ó iontrálaithe nua. Is dócha go mbeidh tairbhí ann dóibh sa mheántéarma agus go fadtéarmach trína thuilleadh caighdeánaithe agus líon íocaíochtaí le cárta i bhfad níos airde ná mar atá anois ann (toisc go dtosódh go leor ceannaithe eile, go háirithe cinn bheaga, ag glacadh le cártaí).

    7. Ionstraimí rialála atá beartaithe

    Is féidir dul i ngleic lena lán de na roghanna beartais atá molta trí athbhreithniú ar an TSÍ. Baineann sé seo go háirithe leis na réimsí arna gcumhdach ag an TSÍ sa lá atá inniu ann, m.sh. rochtain ag STPanna ar an margadh, formhuirearú agus rialacha le haghaidh institiúidí íocaíochta. Rachfaí i ngleic le bearta eile, go háirithe rialáil ar TInna agus bearta coimhdeacha, le Rialachán tiomnaithe.

    D’fhéadfaí dul i ngleic le roinnt de na bearta a ndéantar cur síos orthu thuas le modhanna neamhreachtacha, mar shampla trí rannpháirtíocht na nEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú.

    [1]           http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2007:319:0001:0036:GA:PDF

    [2]           http://epp.eurostat.ec.europa.eu/portal/page/portal/information_society/data/main_tables

    [3]           Go háirithe i bhfianaise go leor imeachtaí iomaíochta.

    Top