This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0732
COMMUNICATION FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT pursuant to Article 294(6) of the Treaty on the Functioning of the European Union concerning the position of the Council on the adoption of the Regulation (EU) No .../2013 of the European Parliament and of the Council on the common organisation of the markets in fishery and aquaculture products, amending Council Regulations (EC) No 1184/2006 and (EC) No 1224/2009 and repealing Council Regulation (EC) No 104/2000
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialachán (AE) Uimh .../2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialachán (AE) Uimh .../2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle
/* COM/2013/0732 final - 2011/0194 (COD) */
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialachán (AE) Uimh .../2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle /* COM/2013/0732 final - 2011/0194 (COD) */
2011/0194 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh
Rialachán (AE) Uimh .../2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir
le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena
leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE)
Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000
ón gComhairle 1. Cúlra An dáta ar cuireadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (doiciméad COM(2011) 416 final – 2011/0194 COD): || 13 Iúil 2011 Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: || 28 Márta 2012 Dáta na tuairime ó Choiste na Réigiún: || 4 Bealtaine 2012 Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: || 12 Meán Fómhair 2012 An dáta a seoladh an togra leasaithe: || . An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle || 17 Deireadh Fómhair 2013 2. Cuspóir an togra ón
gCoimisiún Is é aidhm an
togra seo cur le cuspóirí an athchóirithe ar an gComhbheartas Iascaigh, agus go
háirithe le bainistiú inbhuanaithe acmhainní iascaigh agus dobharshaothraithe.
Tá sé beartaithe ag Comheagraíocht an Mhargaidh i dtáirgí Iascaigh agus
Dobharshaothraithe an reachtaíocht atá ann faoi láthair a shimpliú agus an
t-ualach riaracháin a laghdú, loighic idirghabhála nua a chur chun feidhme, ról
Eagraíochtaí Táirgeoirí a fheabhsú agus faisnéis níos fearr a thabhairt do
thomhaltóirí. 3. Tráchtaí maidir leis an
seasamh ón gComhairle 3.1. Barúlacha ginearálta faoin
seasamh ón gComhairle: Aontaíonn an
Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle, mar coinnítear príomheilimintí an
togra ón gCoimisiúin sa chomhaontú polaitiúil comhréitigh idir Parlaimint na
hEopra agus an Chomhairle, eadhon, 1.) reachtaíocht, nósanna imeachta agus
oibleagáidí maidir le tuairisciú a shimpliú, chomh maith leis an ualach
riaracháin ar oibreoirí, ar na húdaráis náisiúnta agus ar an gCoimisiún a
laghdú, 2.) sásraí aistarraingthe éisc a bhaint den mhargadh láithreach agus
sásra a thabhairt isteach maidir le cúnamh stórála aonair i gcomhair táirgí
iascaigh atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, 3.) cumhacht a thabhairt
d'eagraíochtaí táirgeoirí le gur féidir leo ról níos mó a ghlacadh i
gcomhphleanáil agus bainistiú gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe
chun beartas inbhuanaithe maidir le hiascach agus dobharshaothrú a bhaint
amach, lena n-áirítear deireadh a chur le hábhar muirí aischurtha. 3.2. Leasuithe a rinne Parlaimint
na hEorpa ar an gcéad léamh: Thug Parlaimint na hEorpa 146 leasú isteach a
bhain le gach cuid den togra ón gCoimisiún. Le linn comhráite tríthaobhacha
rinneadh athbhreithniú agus caibidlíocht ar na leasuithe ó Pharlaimint na
hEorpa. Rinneadh roinnt de na leasuithe sin a chomhtháthú ina n-iomlán leis an
seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh. Rinneadh amhlaidh i gcás leasuithe 1,
7, 30, 89, 104, 130, 131 agus 134, chomh maith leis an leasú a bhaineann le
trealamh iascaireachta. Maidir le formhór na leasuithe ó Pharlaimint
na hEorpa, déantar an seasamh ón gComhairle a leagan amach ar bhealach a
léiríonn brí an tseasaimh ón bParlaimint. Is amhlaidh a bhí i gcás leasuithe 2,
3, 23 27, 29, 32, 36, 38, 39, 74, 97, 111, 113, 128, 133, 135, 139. Leagfar
oibleagáid ar an gCoimisiún le leasú 123 tuarascáil féidearthachta a thíolacadh
maidir leis na roghanna le haghaidh scéime éicilipéadaithe. Faoi leasú 43 agus leasú 44 cuireadh deireadh
leis an mbeart maidir le táirgí arna gcur i dtír a dháileadh saor in aisce ag
Eagraíochtaí Táirgeoirí chun críocha daonchairdiúla nó carthanúla. 3.3. Forálacha nua a tugadh
isteach leis an seasamh ón gComhairle agus ón gCoimisiúin: Thug an Chomhairle forálacha nua isteach
maidir le feidhmiú Eagraíochtaí Táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe (Airteagal 18a
nua), an fhaisnéis shainordaitheach (Airteagal 42, pointí 2 go 5) agus an
t-ainmniú tráchtála (Airteagal 43, pointe 2 agus pointe 3). Fuair an Chomhairle réidh le hAirteagal 38
maidir leis an gcomhchiste. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na
hathruithe sin mar ní athraíonn siad príomhchuspóir an togra ón gCoimisiún. Mar
sin féin, is oth leis an gCoimisiún gur scriosadh 4 Airteagal lena
ndéantar foráil maidir le gníomhartha tairmligthe a chuirfeadh ar chumas an
Choimisúin freagairt go solúbtha do na staideanna ar an margadh atá ag athrú go
seasta agus níos mó sonraí teicniúla a chur sna rialacha atá le glacadh chun
níos mó beachtais a thabhairt don earnáil maidir leis na hoibleagáidí atá le
comhlíonadh acu (Airteagal 24 maidir leis na coinníollacha i dtaca le
heagraíochtaí táirgeoirí a shainaithint agus rialacha maidir le seiceálacha atá
le déanamh ag na Ballstáit, Airteagal 33 maidir le hábhar pleananna
táirgthe agus margaíochta, Airteagal 41 maidir le comhchaighdeáin
mhargaíochta a shainiú agus Airteagal 46 maidir le faisnéis
shainordaitheach do thomhaltóirí agus na híoschritéir maidir le faisnéis
dheonach a shainiú. Thug an Chomhairle Airteagal 53a nua
isteach chomh maith maidir le leanúint leis na rialacha atá ann faoi láthair
lena mbunaítear comhchaighdeáin mhargaíochta. Murab ann do ghníomhartha
tarmligthe maidir le sainmhíniú na gcaighdeán, tá an fhoráil seo oiriúnach chun
a shonrú go mbeidh feidhm i gcónaí ag na hachtanna atá i bhfeidhm faoi láthair. 3.4. Na fadhbanna a bhain le
glacadh an tseasaimh ar an gcéad léamh agus seasamh an Choimisiúin ina leith
sin: Agus bailchríoch á cur ar an gcaibidlíocht,
chuir na comhreachtóirí síneadh leis na cumhachtaí cur chun feidhme sa chaoi is
go gcumhdófar, faoi seach, foirm na n-iarratas ar aitheantas d'Eagraíochtaí
Táirgeoirí agus formáid agus struchtúr na bpleananna táirgthe agus margaíochta.
Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an síneadh sin ar an mbonn nach
ndéanann sé forlíonadh ar aon fhoráil sa ghníomh comhchinnteoireachta, ach mar
gheall air go ndéantar cur chun feidhme aoinfhoirmeach Chomheagraíocht an
Mhargaidh a éascú leis. Maidir le
hathchóiriú Chomheagraíocht an Mhargaidh, measann an Coimisiún go bhfuil deis
caillte chun an fhaisnéis a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí faoi tháirgí
iascaigh agus dobharshaotharaithe a fheabhsú tuilleadh trí dheireadh a chur
leis na forálacha maidir leis an "dáta na gabhála/buainte" agus na
ceanglais lipéadaithe i dtaca le táirgí leasaithe agus ullmhaithe (ainmniú tráchtála
agus tionscnamh). 4. Conclúid Is féidir leis an gCoimisiún aontú leis an
seasamh ón gComhairle arb ionann é agus an toradh ar an gcaibidlíocht le
Parlaimint na hEorpa. Mar sin féin, déanann an Coimisiún ráiteas maidir le
forálacha áirithe i dtaca le lipéadú, mar a leanas: Is oth leis an gCoimisún gur chuir an
comhaontú idir na comhreachtóirí deireadh leis an oibleagáid "dáta na
gabhála" agus "dáta na buainte" a léiriú i dtaca le táirgí
iascaigh agus dobharshaothraithe faoi seach, oibleagáid a bhí mar chuid den
togra ón gCoimisiún. Measann an Coimisiún go gcuireann na dátaí sin faisnéis
riachtanach ar fáil do thomhaltóirí. Is léir go mbainfeadh iascairí agus
feirmeoirí ar scála níos lú leas as dátaí na gabhála agus buainte a shonrú,
agus go gcuirfí gearrbhealaí dáileacháin do tháirgí iascaigh agus
dobharshaothraithe chun cinn leo. Is oth leis an gCoimisiún freisin gur chuir
na comhreachtóirí deireadh le cur i bhfeidhm ceanglas lipéadaithe áirithe
maidir le táirgí leasaithe agus ullmhaithe, i.e. ainm tráchtála, modh táirgthe
agus tionscnamh, a bhí mar chuid de thogra an Choimisiúin. Creideann an
Coimisiún go ndéanann na ceanglais sin freastal ar an éileamh ón bpobal ar
fhaisnéis maidir le hábhar táirgí leasaithe agus ullmhaithe, éileamh atá ag dul
i méid. Is ábhar riachtanach é seo chomh maith maidir le creidiúnacht agus
luach tháirgeadh an Aontais Ba mhaith leis an gCoimisiún a athdhearbhú
nach leagfadh na leasuithe ar lipéadú atá beartaithe ag an gCoimisiún ualach
díréireach ar an tionscal iascaigh mar cuireann siad leis na ceanglais
inrianaitheachta atá ann faoi láthair. Ní aontaíonn an Coimisiún leis an athrú atá
tugtha isteach ag na dlítheangeolaithe ar Airteagal 42(1)(e) de théacs an
chomhaontaithe pholaitiúil ar thángthas air sa phlé neamhfhoirmiúil
tríthaobhach an 8 Bealtaine 2013 maidir leis an togra ón gCoimisiún
le haghaidh Rialacháin maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus
dobharshaothraithe (Airteagal 35(1)(e) nua de dhoiciméad 12005/13). Is é
seasamh an Choimisiúin, mar a aontaíodh le linn an phlé tríthaobhaigh
neamhfhoirmiúil an 8 Bealtaine 2013, gur cheart an dáta
íosmharthanachta, gan aon cháilíocht bhreise, a shonrú ar mharcáil nó lipéadú
iomchuí ar gach táirge iascaigh agus dobharshaothraithe dá dtagraítear in Airteagal 42(1)
(Airteagal 35(1) nua de dhoiciméad 12005/13) a thairgtear lena ndíol don
tomhaltóir deiridh. Cruthófar éiginnteacht dhlíthiúil agus beidh an baol an
nach mbainfear an cuspóir amach trédhearcacht a fheabhsú do thomhaltóirí dá
dtabharfaí isteach na focail "más iomchuí" ag deireadh Airteagal 42(1)(e)
(Airteagal 35(1)(e) nua de dhoiciméad 12005/13).