This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0520
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL establishing uniform rules and a uniform procedure for the resolution of credit institutions and certain investment firms in the framework of a Single Resolution Mechanism and a Single Bank Resolution Fund and amending Regulation (EU) No 1093/2010 of the European Parliament and of the Council
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Aonair Réitigh agus Ciste Aonair Réitigh Banc agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Aonair Réitigh agus Ciste Aonair Réitigh Banc agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
/* COM/2013/0520 final - 2013/0253 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Aonair Réitigh agus Ciste Aonair Réitigh Banc agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle /* COM/2013/0520 final - 2013/0253 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Mar atá luaite sa Teachtaireacht ón gCoimisiún
chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle 'Treochlár um Aontas
Baincéireachta'[1],
sa Teachtaireacht ón gCoimisiún 'Treoirphlean d’Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta
a bheidh Domhain agus Fíor lena dTosófar ar Dhíospóireacht Eorpach'[2] agus i dtuarascáil na gCeithre
Uachtarán 'I dtreo fíoraontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta'[3] in 2012, tá creat airgeadais
chomhtháite ina cuid dhílis de na bearta beartais le haghaidh an Eoraip a chur
ar ais ar bhealach an téarnaimh agus an fháis eacnamaíoch. Tá dul chun cinn i dtreo Aontais
Bhaincéireachta fíor‑riachtanach chun cobhsaíocht agus fás airgeadais a
áirithiú i limistéar an euro agus ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Is céim
riachtanach í an ilroinnt airgeadais agus an neamhchinnteacht airgeadais atá
ann faoi láthair a shárú, coinníollacha cistithe a éascú i gcás stát agus banc
atá i mbaol agus an nasc idir an dá ní a bhriseadh, agus gníomhaíocht
bhaincéireachta trasteorann a athlainseáil sa mhargadh inmheánach chun tairbhe
Ballstát, idir iad siúd atá laistigh de limistéar an euro agus iad siúd atá
lasmuigh de. Dá bhrí sin, agus an creat rialála is infheidhme maidir leis na 28 ball
den mhargadh inmheánach (leabhar rialacha aonair) mar dhúshraith aige,
roghnaigh an Coimisiún Eorpach cur chuige cuimsitheach a chur i bhfeidhm agus
mhol sé Treochlár um Aontas Baincéireachta ina bhfuil ionstraimí agus céimeanna
éagsúla, is féidir a bheidh ar fáil ag na Ballstáit uile, ach, ar scor ar bith,
ina n‑áirítear na 18 mBallstát atá laistigh de limistéar an euro faoi
láthair. I Márta 2013, gheall an Chomhairle Eorpach an
tAontas Baincéireachta a chomhlánú de réir na gcéimeanna seo a leanas. Ar an
gcéad dul síos, ba cheart tosaíocht a thabhairt do chríochnú na nósanna
imeachta reachtacha le haghaidh Sásra Aonair Maoirseachta (SMA) a chur ar bun
lena dtabharfar cumhachtaí don Bhanc Ceannais Eorpach chun maoirseacht a
dhéanamh ar bhainc limistéar an euro[4].
Ar an dara dul síos, ba cheart teacht ar aontú le linn mhíonna an tsamhraidh
maidir le conas is féidir bainc a athchaipitliú go díreach leis an Sásra
Cobhsaíochta Eorpach (SCE), tar éis bhunú an SMA agus athbhreithniú ar chláir
chomhordaithe banc lena n‑áirítear an sainmhíniú ar 'shócmhainní
leagáide'. Mar an gcéanna le linn shamhradh 2013, ba cheart teacht ar aontú
maidir le tograí an Choimisiúin le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an [ ] lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach
institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ('Treoir [ ] ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [ ]' anseo feasta[5]). Ar deireadh, ba cheart
tosaíocht a thabhairt do scrúdú a dhéanamh ar an togra le haghaidh Sásra Aonair
Réitigh (SAR) ón gCoimisiún maille le socruithe tacaíochta a bheidh cuí agus
éifeachtach d'fhonn iad a ghlacadh le linn an timthrialla pharlaimintigh
reatha. Mar a socraíodh, cumhdóidh an tAontas
Baincéireachta Ballstáit limistéar an euro uile agus na Ballstáit nach bhfuil i
limistéar an euro ar rogha leo teacht isteach ann. An leabhar rialacha aonair
ceanglas stuamachta[6]
agus na rialacha maidir le réiteach banc céanna is infheidhme ar fud na hEorpa,
beidh feidhm acu laistigh den Aontas Baincéireachta agus sna Ballstáit eile ar
fad. Caomhnófar sláine an mhargaidh inmheánaigh ar an dóigh sin. Tiocfaidh
méadú ar mhuinín agus ar dheiseanna fáis ar fud an mhargaidh inmheánaigh mar
gheall ar an bhfeabhsú a bheidh ar an gcobhsaíocht airgeadais de thoradh an
Aontais Bhaincéireachta. Bainfidh na Ballstáit uile tairbhe as cur chun feidhme
rialacha stuamachta agus réitigh a dhéanfar go lárnach agus go haonfhoirmeach
san Ballstáit ar rannpháirtithe iad san Aontas Baincéireachta iad. Má sháraítear an ilroinnt airgeadais atá ina bhac ar ghníomhaíocht
eacnamaíoch faoi láthair, is fusa, de thoradh an chur chun feidhme sin, a
áireofar iomaíocht chothrom maidir le saorfheidhmiú saoirsí bunúsacha agus a
cuirfear bacainní ar na saoirsí sin as an tslí, ní amháin sna Ballstáit ar
rannpháirtithe iad, ach ar fud an mhargaidh inmheánaigh. 1.1. Sásra Réitigh Aonair agus
socruithe maoiniúcháin ina bpríomheilimintí de chuid an Aontais Bhaincéireachta Leis an gcomhaontú luath ar Shásra Réitigh
Aonair in Aibreán 2012, ar thángthas air faoi cheann seacht mí tar éis an togra
ón gCoimisiún i Meán Fómhair 2012, leagadh síos an dúshraith le haghaidh
Aontais Bhaincéireacht a bheidh ina cuid dhílis d’Aontas Eacnamaíoch agus
Airgeadaíochta. Tiocfaidh muinín as sláinte banc ar ais de
bharr daingniú ar mhaoirseacht laistigh den Sásra Maoirseachta Aonair. Glacfaidh an BCE an fhreagracht deiridh as maoirseacht a dhéanamh ar
bhainc uile limistéar an euro in 2014. I dtéarmaí
praiticiúla, is é an BCE a dhéanfaidh maoirseacht dhíreach ar na bainc is mó
agus is mó gníomhaíocht idirnáisiúnta agus beidh an rogha aige 'glaoch ar'
mhaoirseacht dhíreach do na bainc eile, cé gur údaráis náisiúnta a bheidh
freagrach as maoirseacht laethúil ar na bainc nach bhfuil chomh mór sin. Agus an Sásra Maoirseachta Aonair mar
dhúshraith aige, chun inbhuanaitheacht na margaí baincéireachta a chur ar bun
sna Ballstáit ar rannpháirtithe sa Sásra Maoirseachta Aonair iad, ní mór don AE
Sásra Aonair Réitigh a chur ar bun chun bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a
láimhseáil. Ní féidir an riosca go mbeidh dianfhadhb leachtachta nó
sócmhainneachta ag banc a chur as an áireamh go hiomlán choíche. Dá bhrí sin, is gá creat a leagan amach lenar féidir le húdaráis na
bainc a athstruchtúrú ó bhonn agus, san am céanna, na rioscaí an‑suntasach
maidir le cobhsaíocht eacnamaíoch agus costais a thagann as iad leachtú go mí‑ordúil
faoi dhlíthe náisiúnta sócmhainneachta a sheachaint agus deireadh a chur leis
an ngá an próiseas a mhaoiniú as acmhainní poiblí. Nuair a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus
an Chomhairle an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, socrófar
leis na rialacha maidir le conas a athstruchtófar bainc de chuid an AE ag a
bhfuil deacrachtaí airgeadais tromchúiseacha, conas a chothabhálfar feidhmeanna
atá lárnach don fhíorgheilleagar, agus conas a leithdháilfear caillteanais agus
costais ar scairshealbhóirí, ar chreidiúnaithe agus ar thaisceoirí gan árachas.
Leithdháilfear caillteanais agus díluachálfar éilimh
scairshealbhóirí, fochreidiúnaithe agus creidiúnaithe sinsearacha le
hathshnámhú, ar príomhionstraim é sa Treoir Réitigh. Ní
ligfear caillteanais ar thaisceoirí faoi bhun EUR 100 000 ar aon nós,
ó tá a n‑éilimh cosanta ag Scéimeanna Ráthaithe Taiscí náisiúnta. Tá an Treoir ag brath ar líonra d'údaráis
náisiúnta agus de chistí réitigh chun bainc a réiteach. Cé gur céim mhór chun
tosaigh é sin maidir leis an difear idir chineálacha éagsúla cur chuige
náisiúnta a íoslaghdú agus maidir le sláine an mhargaidh inmheánaigh a
chosaint, ní leor é i gcás na mBallstát sin a bhfuil an mhaoirseacht ar
institiúidí creidmheasa laistigh den Sásra Maoirseachta Aonair comhroinnte
eatarthu. Mar a dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach, san Aontas Baincéireachta is
gá an t‑aon leibhéal amháin údaráis a bheith i mbun maoirseachta ar
bhainc agus réitigh banc. Ina éagmais sin, féadfaidh
teannais teacht chun cinn idir an maoirseoir (an BCE) agus údaráis náisiúnta
réitigh maidir le conas bainc anásta a láimhseáil, agus d’fhéadfadh ionchais
mhargaidh bheith ann fós maidir le Ballstáit a bheith in ann nó gan bheith in
ann clistí banc a láimhseáil ar leibhéal naisiúnta, rud a d’athneartódh lúbanna
aischothaithe idir stáit agus bainc ar fud an mhargaidh inmheánaigh. I gcomparáid le líonra d’údaráis réitigh,
bainfidh na Ballstáit, na cáiníocóirí, na bainc agus an chobhsaíocht airgeadais
ar fud an AE príomhshochair as Sásra Aonair Réitigh ina bhfuil comhlacht
cinnteoireachta lárnach agus Ciste Aonair Réitigh Banc: ·
áiritheofar le cinnteoireacht lárnach láidir go
ndéanfar cinntí réitigh ar fud na mBallstáit ar rannpháirtithe iad go
héifeachtach agus go gasta, nach mbeidh gníomhaíocht neamh‑chomhordaithe
ann, go n‑íoslaghdófar drochthionchair ar chobhsaíocht airgeadais agus go
gcuirfear teorainn leis an ngá atá an tacaíocht airgeadais a fháil; ·
agus linn láraithe saineolais agus taithí ar
réiteach banc ann, beifear in ann bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a láimhseáil
ar dhóigh níos córasaí agus níos éifeachtaí ná mar a dhéanfadh údaráis
náisiúnta a bhfuil níos lú acmhainní agus taithí acu; ·
le Ciste Aonair Réitigh Banc, beifear in ann
acmhainní suntasacha a chomhthiomsú ó ranníocaíochtaí bainc agus, dá bhrí sin,
cáiníocóirí a chosaint ar dhóigh níos éifeachtúla ná mar a dhéanfadh cistí
náisiúnta, agus, san am céanna, cothrom iomaíochta a chur ar fáil do bhainc ar
fud na mBallstát ar rannpháirtithe iad. Le Ciste Aonair, ní bheidh fadhbanna
comhordaithe ann a thagann chun cinn agus cistí naisiúnta á n‑imlonnú
agus tabharfar cuidiú mór stad a chur le bainc a bheith ag brath ar acmhainn
creidmheasa stáit. Ní mór an Sásra Aonair Réitigh a chruthú
laistigh de chreat dlí institiúideach an AE. Sna Conclúidí ón gComhairle
Eorpach an 14 Nollaig 2012 tá an ráiteas seo 'beidh próiseas comhlánaithe
an AEA bunaithe ar chreat dlí institiúideach an AE'. Cé go raibh gá le uirlisí
idir‑rialtasacha ad hoc a imlonnú lasmuigh de chreat an AE chun
dul i ngleic le dálaí margaí eisceachtúla agus le fadhbanna rialachais i
struchtúr bunaidh an AEA, tá baol ann go mbainfidh an t‑imlonnú sin an
bonn den ghné dhaonlathach de chinnteoireacht an AE agus de chomhsheasmhacht
chóras dlí an AE. Dá bhrí sin, is gá an SAR a chruthú laistigh de chreat dlí
agus institiúideach an AE, mar a rinneadh i gcás an SMA, an AEA a thabhairt
chun críche i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach agus, i
gcomhthéacs níos leithne, is gá sin a dhéanamh chun ord daonlathach
institiúideach an AE a chosaint. 1.2. An t‑aistriú go hAontas
Baincéireachta Tá an Sásra Aonair Maoirseachta le teacht i
bhfeidhm i lár 2014. Ba cheart go dtosódh an Sásra Aonair
Réitigh ar oibríochtaí in Eanáir 2015, nuair a bheidh Treoir [ ] lena
soláthrófar an leabhar rialacha a mbeidh réiteach banc ar fud an mhargaidh
inmheánaigh faoina réir le teacht i bhfeidhm[7]. Chuirfeadh an SAR na rialacha den Rialachán seo atá i gcomhréir le
rialacha Threoir [ ] le haghaidh Ballstát ar rannpháirtithe iad san
Aontas Baincéireachta i bhfeidhm tar éis sin, agus chuirfeadh údaráis náisiúnta
rialacha Threoir [ ] i bhfeidhm ar na stáit lasmuigh den Aontas. Ar aon nós, beidh feidhm ag na rialacha
státchabhrach maidir le comhroinnt ualaigh má bhaineann bearta réitigh le
tacaíocht ó rialtas. Chun an chomhroinnt ualaigh a dhéanfaidh scairshealbhóirí
agus creidiúnaithe sóisearacha, bheadh an SAR ina ann rialacha a chur i
bhfeidhm, ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar aghaidh, a cheadódh
díluacháil scaireanna agus fofhiachas a mhéad is gá chun na rialacha
státchabhrach a chur i bhfeidhm. Sa bhreis air sin, féadfaidh na Ballstáit
cinneadh a dheanamh rialacha nua a bheidh leagtha amach i dTreoir [ ]
a chur chun feidhme ina ndlí náisiúnta, roimh spriocam aistriú na treorach sin.
Ar aon nós, caomhnófar inniúlachtaí státchabhrach an Choimisiún sna cásanna
réitigh uile a bhaineann le cúnamh a aicmítear mar státchabhair. Is amhlaidh, a mhéad nach ionann úsáid an Chiste Aonair Réitigh Banc ag
an SAR agus státchabhair de bhun na gcritéar sonrach atá leagtha síos sa
Chonradh, go mbeidh feidhm ag na rialacha sin fós, ar mhodh analaí, chun a
áirithiú, i gcás ina n‑úsáidtear an Ciste Réitigh, go mbeidh na rialacha
céanna i bhfeidhm ar a idirghabháil agus a bheadh dá n‑úsáidfeadh na
húdaráis náisiúnta réitigh socruithe náisiúnta airgeadais. Ar an leibhéal Eorpach, cuirtear próiseas seo
an chóineasaithe chun cinn, ar thaobh amháin, le treoracha stáit
athbhreithnithe maidir le tacaíocht do bhainc agus, ar an taobh eile, leis an
gcomhaontú maidir le conas is féidir leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach bainc
anásta a athchaipitliú. Cuireann na treoracha
athbhreithnithe maidir le státchabhair ceanglais níos déine i bhfeidhm maidir
le comhroinnt ualaigh i gcás scairshealbhóirí agus creidiúnaithe sóisearacha in
aon Bhallstát a thugann tacaíocht phoiblí dá bhainc . Chuirfeadh sin a bheag nó
a mhór i gcoinne na ilroinnte leantaí ar an margadh inmheánach de réir a láidre
atá an stát agus sócmhainní leagáide a bheith ann nó as. Lena
linn sin, shonrófaí le treoracha an SCE cé na cásanna, faoi réir rialacha
státchabhrach, ina mbeadh Ballstáit nárbh fhéidir leo tacaíocht phoiblí a
sholáthar do na bainc in ann iasachtaí a fháil, nó, dá mba ghá, conas ab
fhéidir bainc a athchaipitliú leis an SCE. 2. BUNRÉASÚNAÍOCHT MAIDIR LE SÁSRA AONAIR
RÉITIGH Chuir an Coimisiún san áireamh an anailís a
rinneadh sa Mheasúnú Tionchair a rinneadh maidir leis an togra le haghaidh
Threoir [ ] a ghlacadh ina ndearnadh measúnú ar ghnéithe oibríochtúla
agus dlíthiúla a bhaineann le bunú Sásra Aonair Réitigh (SAR). Rinneadh anailís bhreise ar na tréithe atá
beataithe a bheidh ag an SAR ar bhonn na faisnéise is déanaí atá sa Mheasúnú
Tionchair. Maidir leis an SAR a bheith in ann cinntí
éifeachtacha a chur ar fáil, tá fad ama ríthábhachtach ar dhá chúis mhóra: ex-ante,
chun creidiúnacht an SAR nuabhunaithe a fheabhsú mar uirlis fhreagrúil, a
chuideoidh na foinsí neamhchinnteachta san margaí a íoslaghdú; agus, i gcás ina dtiocfadh réiteach i bhfeidhm, chun go caomhnóidh an
SAR luach na sócmhainní is féidir a mheilt mar gheall ar mhoilleanna sa
phróiseas réitigh nach gá a bheith ann. Chun líonra údarás
náisiúnta a bheith ann, bheadh gá le ham nós imeachta breise do gach
breithniúchán maidir le hinstitiúidí trasteorann. Ach, má
tá an SAR i bhfeidhm, is lú an t‑am a chaithfear, ós rud é go mbeidh
comhroinnt ar fhreagrachtaí ann idir leibhéal lárnach cinnteoireachta agus
údaráis chur chun feidhme áitiúla. Ar an leibhéal
náisiúnta, is lú an t‑am a theastóidh ná ar an leibhéal lárnach chun an
saineolas uile a thiomsú chun cur chun feidhme a bhainistiú, mar gur dlí
náisiúnta an dlí is infheidhme; ar an leibhéal lárnach, is féidir mais
chriticiúil níos mó a bheith ann chun an acmhainn dhaonna shaineolach is fearr
a mhealladh agus a fhorbairt níos tapa. Maidir leis an SAR a bheith in ann cinntí
éifeachtacha a chur ar fáil, cuideoidh leibhéal lárnach cinnteoireachta na
costais a íoslaghdú ar an dá chúis gur féidir buntáistí móra a bhaint amach
leis maidir le barainneachtaí scála thar líonra agus go mbeadh sé ina
bhunchuidiú agus an cinneadh réitigh á dhéanamh infheidhmithe agus barrmhaith. Ó thaobh struchtúir de, má tá córas ann nach sáraítear leis an
sainordú atá ag údaráis náisiúnta maidir leis an gcostas ar a mBallstát féin a íoslaghdú,
ní bheidh seachtrachtaí trasteorann curtha san áireamh ann. Tá na Ballstáit ag
smaoineamh ar shásra comhroinnte ualaigh le haghaidh caiteachais leasa
fhoriomlána sna cásanna sin ó thosaigh an ghéarchéim[8]. Is fearr a oireann sásra
aonair réitigh ná líonra d'infheidhmitheacht aistrithe ualaigh a ráthú agus is
coinníoll riachtanach é sin le feidhmiú comhaontaithe comhroinnte ualaigh.
Ráthófar leis freisin infheidhmitheacht sheachtrach an bheartais maidir le
réiteach barrmhaith, lenar féidir aontú ar riail chomhroinnte ualaigh ex-ante
lena leithdháilfear na costais réitigh de réir critéar atá cothrom agus
cothromúil. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Bunús dlí Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 114
den CFAE, lenar féidir bearta a ghlacadh le haghaidh forálacha náisiúnta atá
dírithe ar bhunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chomhfhogasú. Tá an togra dírithe ar shláine an mhargaidh
inmheánaigh a chaomhnú agus ar a fheidhmiú a fheabhsú. Má tá tacar aonair de
rialacha réitigh ann a chuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach maille le
rochtain ar chiste aonair réitigh Eorpach a bheith ag údarás lárnach, tabharfar
ar ais feidhmiú ordúil mhargaí baincéireachta an Aontais, cuirfear bacainní ar
chearta bunúsacha a fheidhmiú as an tslí, seachnófar mórshaobhadh iomaíochta
sna Ballstáit siúd ar a laghad a bhfuil maoirseacht ar institiúidí creidmheasa
ar an leibhéal Eorpach ar comhroinnt acu. Cé go dtabharfar ardleibhéal comhchuibhiúcháin
isteach le Treoir [ ], fágann sí go mbeidh réimse solúbthachta ag na
Ballstáit, rud is ionann agus a rá gur féidir go mbeidh ilroinnt áirithe sa
mhargadh inmheánach fós. Chun an fhadhb sin a sheachaint,
foráiltear leis an SAR go mbeidh struchtúr cinnteoireachta comhtháite ann lena
gcuirfear réiteach faoin SAR i gcomhréir le maoirseacht faoin SMA chun deireadh
a chur leis an míbhuntáiste iomaíochta faoina mbíonn bainc sna Ballstáit ar
rannpháirtithe iad sa SMA i gcomparáid le bainc sna Ballstáit nach
rannpháirtithe iad sa SMA ó nach bhfuil córas lárnach ann chun bainc a bhfuil ag
cliseadh orthu a láimhseáil. Chun a airithiú go mbeidh
lánmhuinín ag na Ballstáit ar rannpháirtithe iad as cáilíocht agus as
neamhchlaontacht an phróisis réitigh banc, go háirithe maidir le himpleachtaí
eacnamaíocha áitiúla, ullmhóidh Bord Aonair Réitigh cinntí réitigh go lárnach
agus déanfaidh sé faireachán orthu go lárnach chun a áirithiú go mbeidh cur
chuige comhleanúnach agus aonfhoirmeach ann agus is é an Coimisiún a
thionscnóidh an próiseas. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh freisin maidir le
creat na n‑uirlisí réitigh a chuirfear i bhfeidhm maidir leis an
eintiteas lena mbaineann agus maidir leis an gCiste a úsáid chun tacú leis an
mbeart réitigh. Sa bhreis air sin, chun tacú leis an bpróiseas
réitigh agus chun a éifeachtacht a fheabhsú, bunaítear leis an Rialachán atá
beartaithe Ciste Aonair Réitigh Banc. Tá an Rialachán atá
beartaithe infheidhmithe go díreach sna Ballstáit uile, ach beidh feidhm aige
ar na heintitis uile a bheidh faoi mhaoirseacht an SMA. An leabhar rialacha aonair arna bhunú ag Rialachán (AE)
Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh
2013 maidir le ceanglais stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar
ghnólachtaí infheistíochta[9],
Treoir 2013/36/AE an 26 Meitheamh 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus
maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí
infheistíochta[10]
agus Treoir [ ], beidh feidhm acu ar na Ballstáit ar rannpháirtithe
iad ar an dóigh chéanna a bhfuil feidhm acu ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 den CFAE
an bunús dlí cuí. 3.2. Coimhdeacht Faoi phrionsabal na coimhdeachta atá leagtha
amach in Airteagal 5.3 den CAE, níor cheart don Aontas gníomhú i réimsí nach
dtagann faoina fhreagracht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéad nach
féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go
leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus
áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta
arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais. Gníomhaíocht ar leibhéal Eorpach amháin is
féidir a áirithiú go réiteofar bainc a bhfuil ag cliseadh orthu ar dhóigh a
mbeidh an méid is lú éifeachtaí iarmhairte aici agus ar dhóigh chomhsheasmhach
de bhun tacar aonair rialacha. Beidh barainneachtaí scála suntasacha i gceist
leis an SAR freisin, agus seachnófar na seachtrachtaí diúltacha a d’fhéadfadh
teacht chun cinn as cinntí a dhéantar ar bhonn náisiúnta amháin. Is féidir go
mbeidh difir shuntasacha idir cinntí réitigh a ghlacfar ar leibhéal náisiúnta,
agus faoi réir sonraíochtaí áitiúla agus srianta maoiniúcháin, an bonn de
chobhsaíocht agus de shláine an mhargaidh inmheánaigh. Cé go n‑áireofar le bunú Sásra Aonair
Maoirseachta cothrom iomaíochta i maoirseacht ar bhainc agus go laghdófar leis
an baol go staonfar, áiritheofar leis an SAR, i gcás ina gclisfear ar bhanc,
gur féidir athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcostas is ísle, go gcaithfear le
creidiúnaithe go cothrom agus go comhionann agus gur féidir maoiniú a imlonnú
san úsáid is táirgiúla dó ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, ba chuí go mbeartódh an tAontas
an ghníomhaíocht reachtach is gá chun an socrú réitigh sin a bhunú do bhainc
atá faoi mhaoirseacht an SMA. Rialachán
is ea an ionstraim dhlí is cuí chun nach mbeidh neamhréitigh ann maidir le
haistriú náisiúnta agus chun a áirithiú go mbeidh sásra institiúideach
aontaithe agus cothrom iomaíochta ann do na bainc eile sna Ballstáit ar
rannpháirtithe iad. 3.3. Comhréireacht Faoi phrionsabal na comhréireachta, níor
cheart ábhar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais a bheith os cionn an méid is
gá chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. San Aontas Baincéireachta, is gá an t‑aon
leibhéal amháin údaráis maoirseacht ar bhainc agus réiteach banc a fheidhmiú. Mura ndéanfar sin, is féidir go dtiocfaidh
teannais idir an maoirseoir Eorpach agus na húdaráis náisiúnta réitigh maidir
le conas costais banc anásta a láimhseáil agus a chumhdach. B’fhéidir go mbainfeadh na teannais sin an bonn
d’éifeacht maoirseachta agus réitigh araon agus go saobhfadh siad iomaíocht
idir na Ballstáit. Tharraing an ghéarchéim a tharla le déanaí
aird ar an ngá atá ann le gníomhaíocht atá tapa agus cinntitheach ag a bhfuil
tacaíocht ó shocruithe maoiniúcháin ar leibhéal Eorpach chun nach mbeidh
tionchar díréireach ar an bhfíorgheilleagar ag réiteach banc a dhéantar ar
leibhéal náisiúnta, agus chun neamhchinnteacht a mhaolú agus scaoill bhanc agus
éifeachtaí gabhála laistigh den mhargadh inmheánach a chosc. D'áiritheofaí le Sásra Aonair Réitigh go gcuirfí
na rialacha céanna i bhfeidhm ar an dóigh chéanna ar aon bhanc a bhfuil ag clis
air i mBallstát ar rannpháirtí é. Dá
mbeadh maoiniú cúltaca leordhóthanach ann, mhaolófaí an méid a éiríonn
fadhbanna i mbainc aonair ina gcúis ar a gcailltear muinín i gcóras
baincéireachta uile an Bhallstáit nó i gcóras baincéireachta Ballstát eile a
mheasann na margaí baoil den chineál céanna a bheith ag baint leo. Mar gheall ar an deimhneacht dhlithiúil
bhreise, na dreasachtaí maidir leis an Aontas Baincéireachta a bheith ailínithe
mar is ceart agus na sochair eacnamaíocha atá le gníomhaíocht réitigh a bheith
lárnach agus aonfhoirmeach, comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta
agus ní dhéanann sé níos mó ná mar is gá chun na cuspóirí a bhaint amach. Urramaíonn an Rialachán seo na cearta
bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail atá aitheanta i gCairt um Chearta
Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, eadhon an ceart sonraí pearsanta a bheith
cosanta, an ceart gnóthas a chur ar bun, an ceart leigheas éifeachtach agus
triail chóir a fháil, agus ní mór é a chur chun feidhme i gcomhréir leis na
cearta agus na prionsabail sin. 4. léirmhíniú mionsonraithe ar an
togra 4.1. Sásra Aonair Réitigh 4.1.1. Prionsabail, struchtúr agus
raon feidhme Ní mór struchtúir chinnteoireachta a bheith
leis an Sásra Aonair Réitigh, struchtúir atá fónta ó thaobh dlí de, agus
éifeachtach in am na géarchéime. Ní
mór do chinnteoireacht cinntí Eorpacha a áirithiú, ach baint a bheith ag na
Ballstáit léi agus tábhacht réitigh banc do gheilleagair náisiúnta a bheith
aitheanta inti. Cuirfidh an Sásra Aonair Réitigh i bhfeidhm an
Leabhar Rialacha aonair maidir le réiteach banc atá leagtha amach sa Treoir
maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc i ndáil le bainc anásta sna Ballstáit
ar rannpháirtithe iad sa sásra seo. Is
éard a bheidh sa Sásra Aonair Réitigh, rialacha agus nósanna imeachta
aonfhoirmeacha a bheidh le cur i bhfeidhm ag an mBord Aonair Réitigh ('an
Bord') maille leis an gCoimisiún agus údaráis réitigh na mBallstáit ar
rannpháirtithe iad. Ní bheidh an Coimisiún Eorpach rannpháirteach
sa SAR ach a mhéad is gá chun cúraimí sonracha a dhéanamh dá bhforáiltear sa
Rialachán seo agus maidir le scrúdú státchabhrach faoin gConradh nó chun críche
cur chun feidhme, de réir analaí, na gcritéar arna socrú le haghaidh
Airteagal 107 den CFAE a chur chun feidhme. Os a choinne sin, ní leanann an Sásra Aonair
Réitigh cur chuige difreáilte an tSásra Maoirseachta Aonair le haghaidh
cineálacha éagsúla banc mar gheall ar thréithe an phróisis réitigh. Ní hionann agus cúram leantach na maoirseachta
laethúla, níl ach líon áirithe banc ann ar dócha go gclisfidh orthu agus go
mbeidh siad faoi réiteach ag tráth áirithe ar bith. Lena chois sin, tá raon feidhme cuimsitheach do Shásra Aonair Réitigh
go hiomlán comhsheasmhach leis an loighic ar féidir leis an BCE, dá réir,
maoirseacht dhíreach a ghlacadh ar aon bhanc i gcás fadhbanna, an cás inar
féidir go ndéanfar é a réiteach san áireamh. Ar deireadh, léirigh an ghéarchéim nach iad na bainc mhóra
idirnáisiúnta amháin a bhfuil creat réitigh ar an leibhéal Eorpach de dhíth
orthu. Chomh maith leis sin, dá
mbeadh údaráis réitigh difreáilte ann le haghaidh méideanna éagsúla banc,
bheadh maoiniú agus socruithe tacaíochta difreáilte ann a d'fhéadfadh naisc
idir stáit agus bainc a dhaingniú agus iomaíocht a shaobhadh. 4.1.2. Prionsabal beart SAR Chun a áirithiú go mbeidh próiseas réitigh ann
a bheidh oibiachtúil agus cothrom, tá toirmeasc ar aon leithcheal a dhéanfadh
an Coimisiún, an Bord nó na húdaráis náisiúnta réitigh ar bhainc, ar a
dtaisceoirí, ar a gcreidiúnaithe nó ar a scairshealbhóirí ar bhonn
náisiúntachta nó áite gnó. Tá líon
prionsabal ina dtreoir ag réiteach grúpaí trasteorann chun a áirithiú go
gcaithfear go cothrom le heintitis éagsúla an ghrúpa, chun go gcuirfear san
áireamh go cuí leasanna na mBallstát a bhaineann leis an réiteach, chun nach
mbeidh an costas a chuirfear ar na creidiúnaithe níos mó ná mar a bheadh sé de
réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. I
gcás nach bhfuil ach codanna de ghrúpa faoi réiteach, tá an togra dírithe ar a
áirithiú nach mbeidh drochthionchar ag an bpróiseas réitigh ar eintitis an
ghrúpa nach bhfuil faoi réiteach. Mar
phrionsabal, is ar an athshnámhú agus ar an earnáil bhaincéireachta a bheidh an
costas réitigh. Dá bhrí sin,
áirithíonn an togra gurb iad an Coimisiún, an Bord agus na húdaráis náisiúnta
réitigh a chinnfidh ar shocruithe maoiniúcháin réitigh sa dóigh is go n‑íoslaghdófar
tacaíocht phoiblí urghnách. 4.1.3. Idirghníomhaíocht le rialú
státchabhrach an Choimisiúin Laistigh den SAR, chaomhnófaí rialú
státchabhrach an Choimisiúin i ngach cás. Ciallaíonn sin gur cheart, tar éis don BCE a chur in iúl don Choimisiún
agus don Bhord go bhfuil ag cliseadh nó gur dócha go gclisfidh ar bhanc nó ar
ghrúpa, an nós imeachta réitigh laistigh den SAR a reáchtáil go comhuaineach
leis an nós imeachta státchabhrach, más infheidhme, ionas gur cheart cuireadh a
thabhairt don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann na bearta atá
beartaithe a chur in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 108 den
CFAE. Chun sin a dhéanamh, is gá
comhar leantach agus malartú leantach faisnéise a bhunú idir an Bord agus an
Coimisiún le haghaidh an nós imeachta státchabhrach a chur i gcrích. Lena chois sin, ba é an cinneadh ón gCoimisiún
faoi réir rialacha státchabhrach an réamhchoinníoll leis an gCoimisiún cinneadh
a ghlacadh banc a chur faoi réiteach. I gcás nach bhfuil aon státchabhair á úsáid ag an gCiste faoi láthair,
ba cheart na critéir a socraíodh le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 107
den CFAE a chur i bhfeidhm, de réir analaí, mar réamhchoinníoll le glacadh
cinnidh banc a chur faoi réiteach, ionas go gcaomhnófar sláine an mhargaidh
inmheánaigh idir Ballstáit ar rannpháirtithe iad agus Ballstáit nach iad. 4.1.4. Struchtúr maidir le cúraimí
agus cinnteoireacht Cumhdaíonn an Sásra Aonair Réitigh na
príomhchúraimí réitigh uile is gá chun bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a
réiteach. Ar na cúraimí sin tá, inter
alia, an t‑údarú oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm maidir leis
an gceanglas pleananna réitigh a dhréachtú, pleananna réitigh a tharraingt
suas, pleananna réitigh a athbhreithniú, inréititheacht banc a mheasúnú,
cinneadh a dhéanamh banc a chur faoi réiteach, cumhachtaí réitigh a fheidhmiú
maidir le hinstitiúid faoi réiteach agus scéimeanna réitigh a chur chun
feidhme. Lena chois sin, cumhdaíonn
an SAR cinntí maidir le maoiniú réitigh a úsáid. Áirithíonn an dóigh a bhfuil an SAR curtha le
chéile go mbeidh a struchtúir chinnteoireachta fónta ó thaobh an dlí de, le
linn géarchéime féin. Ceapadh iad
chun a áirithiú go mbeidh cinntí Eorpach agus go mbeidh baint ag Ballstáit leo
i bhfianaise a thábhachtaí atá réiteach banc do gheilleagair náisiúnta. Ar struchtúir chinnteoireachta an tSásra
Aonair Réitigh, tá an Bord Aonair Réitigh, údaráis náisiúnta réitigh na
mBallstát ar rannpháirtithe iad agus an Coimisiún Eorpach.
Beidh cúraimí an SAR comhroinnte idir an Bord Aonair
Réitigh agus na húdaráis náisiúnta réitigh. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún
Eorpach, mar institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh, sa chás seo, ar bhonn
molta ón mBord Réitigh nó ar a thionscnamh féin, réiteach bainc a thionscnamh,
chun a áirithiú go mbeidh an Sásra Aonair Réitigh éifeachtach agus cuntasach. Má thionscnaíonn an Coimisiún nós imeachta
réitigh, cinnteoidh sé freisin creat na n‑uirlisí réitigh a chuirfear i
bhfeidhm i ngach cás agus úsáid an Chiste. Dhéanfadh an Bord Aonair Réitigh na cinntí eile uile faoin Rialachán
SAR agus chuirfeadh sé iad ar aghaidh chuig na húdaráis náisiúnta réitigh chun
a bhfeidhmithe ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán SAR agus
Treoir [ ]. Dhéanfadh an Bord faireachán ar an bhfeidhmiú a dhéanfadh
na húdaráis náisiúnta réitigh ar a chinntí ar an leibhéal náisiúnta agus, mura
gcomhlíonfadh údarás náisiúnta réitigh a chinneadh, d'fhéadfadh sé a chinneadh
a chur ar aghaidh go díreach chuig na bainc. 4.1.5. An próiseas cinnteoireachta De bhun an Leabhair Rialacha atá leagtha amach
i dTreoir [ ] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [ ],
chuirfí banc faoi réiteach nuair a bheadh ag cliseadh air nó nuair ba dhócha go
gclisfeadh air, murarbh fhéidir cliseadh a sheachaint le haon socrú san earnáil
phríobháideach, agus nuair a bheadh réiteach le leas an phobal mar go bhfuil an
banc sistéamach sa mhéid is go ndéanfadh a chliseadh dochar don chobhsaíocht
airgeadais. Is é is cuspóir do
réiteach, a áirithiú go leanfar d'fheidhmeanna criticiúla an bhainc,
cobhsaíocht airgeadais a chosaint, an méid a bhfuiltear ag brath ar airgead na
gcáiníocóirí a íoslaghdú, agus taisceoirí a chosaint. Cuirfear tús le réiteach tar éis próisis lena
n‑áireofar go ndéanfar cinneadh a bhfuil údar leis agus atá neamhchlaonta
maidir le haon bhanc a bhfuil ag cliseadh air. –
cuirfidh an BCE, mar mhaoirseoir banc, in iúl don
Choimisiún, don Bhord Réitigh agus do na húdaráis agus do na haireachtaí
náisiúnta is ábhartha go bhfuil ag cliseadh ar bhanc; –
déanfaidh an Bord Réitigh a mheas an bhfuil bagairt
shistéamach ann gan aon réiteach earnála príobháidí a bheith ann; –
más amhlaidh, molfaidh an Bord Réitigh don
Choimisiún réiteach a thionscnamh; –
cinnfidh an Coimisiún ar réiteach a thionscnamh
agus léireoidh sé don Bhord Réitigh cén creat atá le húsáid le haghaidh na
huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus le haghaidh an Ciste a úsáid chun tacú
leis an mbeart réitigh. Glacfaidh an
Bord Réitigh, le cinneadh a chuirfear ar aghaidh chuig na húdaráis náisiúnta
réitigh, scéim réitigh lena leagfar amach na huirlisí, na bearta agus na bearta
maoiniúcháin maidir le réiteach agus lena n‑ordaítear treoir do na
húdaráis náisiúnta réitigh na bearta réitigh a fheidhmiú; –
feidhmeoidh na húdaráis náisiúnta réitigh na bearta
réitigh arna gcinneadh ag an mBord de réir an dlí náisiúnta. Mura gcomhlíonfaidh na húdaráis náisiúnta réitigh
cinntí an Bhoird, beidh sé de chumhacht ag an mBord gabháil in ionad na n‑údarás
náisiúnta réitigh agus cinntí áirithe maidir leis na bearta réitigh a chur i
bhfeidhm a chur ar aghaidh go díreach chuig na bainc. 4.1.6. Cuntasacht agus buiséad Beidh gach comhpháirt aonair den Sásra Aonair
Réitigh neamhspleách maidir lena cúraimí a dhéanamh agus beidh sí faoi réir
forálacha diana cuntasachta chun a áirithiú go n‑úsáidfidh sí a
cumhachtaí ar dhóigh a bheidh ceart agus neamhchlaonta, laistigh de
theorainneacha arna socrú ag an Rialachán seo agus ag Treoir [ ]. Dá bhrí sin, beidh an Bord Réitigh freagrach go
díreach ó thaobh cuntasachta de do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle
maidir le haon chinntí arna nglacadh ar bhonn an togra seo. Cuirfear Parlaimintí náisiúnta na mBallstát is
rannpháirtithe iad ar an eolas freisin faoi ghníomhaíochtaí an Bhoird réitigh. Beidh ar an mBord freagairt d’aon bharúlacha nó
d’aon cheisteanna a chuirfidh Parlaimintí náisiúnta na mBallstát is
rannpháirtithe iad air. Ní cuid de
bhuiséad an Aontais buiséad an SAR, a bhfuil an ciste aonair réitigh ina chuid
de. Is le ranníocaíochtaí ón earnáil
bhaincéireachta a mhaoineofar caillteanas a bhaineann le cúraimí an SAR, le
bainistiú agus le húsáid an Chiste . 4.1.7. An caidreamh le Ballstáit nach
rannpháirtithe iad Le Treoir [ ], bunaítear coláistí
réitigh i measc údarás náisiúnta réitigh chun grúpaí baincéireachta a
láimhseáil, lena n‑áirithítear go mbeidh údaráis réitigh na mBallstát
uile ina n‑oibríonn an banc ar dhóigh atá cuí agus cothrom. Beidh ról idirghabhála ag an Údarás
Baincéireachta Eorpach (ÚBE) i gcás ina mbeidh easaontú idir údarás náisiúnta
réitigh bhaile agus údarás náisiúnta réitigh aíochta maidir le pleananna
réitigh a ullmhú agus maidir leis an réiteach féin. Laistigh den chomhthéacs SAR, i gcás eintiteas agus grúpa atá bunaithe
laistigh de na Ballstáit ar rannpháirtithe iad sa SAR amháin, ionadóidh an SAR
na coláistí réitigh dá bhforáiltear i dTreoir [ ] lena mbunaítear
creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí
infheistíochta. Ina ionad sin, beidh
ionadaithe ó údaráis náisiúnta réitigh rannpháirteach sa Bhord réitigh. I gcás banc atá bunaithe i mBallstáit nach
rannpháirtithe iad de réir bhrí an Rialachán SMA, beidh feidhm iomlán ag
Treoir [ ] fós. Mar an
gcéanna, beidh an idirghníomhaíocht idir an SAR agus údaráis náisiúnta réitigh
i mBallstáit nach rannpháirtithe iad go hiomlán faoi réir Threoir []. Beidh feidhm iomlán freisin ag forálacha maidir
leis an idirghníomhaíocht idir chistí réitigh éagsúla (frithpháirtiú agus
iasachtaíocht agus iasachtú atá deonach agus comhchoiteann) idir an Ciste
Aonair Réitigh agus cistí náisiúnta réitigh Ballstát nach rannpháirtithe iad. Soiléirítear leis an togra freisin go mbeidh
feidhm iomlán ag ról an ÚBE dá bhforáiltear i dTreoir [ ] agus an
Rialachán ÚBE, lena n‑áirítear a chumhachtaí idirghabhála, ar an mBord
Réitigh. Sa bhreis air sin, cuirtear cás na mbanc atá
bunaithe i mBallstáit nach rannpháirtithe iad sa SAR san áireamh sa togra ar
thrí dhóigh. Ar an gcéad dul síos, tá an prionsabal nach
ndéanfaidh aon chomhpháirteanna de SAR leithcheal ar institiúidí creidmheasa,
ar shealbhóirí taiscí, ar infheisteoirí nó ar chreidiúnaithe eile ar bhonn a
náisiúntachta ná a n‑áite gnó leagtha síos sa togra. Ar an dara dul síos, foráiltear sa togra, i
gcás ina bhfuil institiúidí atá bunaithe i mBallstát ar rannpháirtí é agus i
mBallstát nach rannpháirtí é, go n‑ionadóidh an Bord údaráis náisiúnta
réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad san coláistí réitigh dá bhforáiltear
faoi Threoir [ ]. Ar an tríú dul
síos, beidh an rogha i gcónaí ag Ballstáit nach rannpháirtithe iad dul isteach
sa SMA agus, ar an dóigh sin, a áirithiú freisin go mbeidh na bainc atá
bunaithe laistigh dá gcríoch faoi réir an SAR. 4.1.8. An Bhaint le
Treoir [ ] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [ ]
lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus
gnólachtaí infheistíochta Laistigh den Sásra Aonair Réitigh, beidh
feidhm ag an Leabhar Rialacha atá leagtha amach i dTreoir [ ] lena
mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus
gnólachtaí infheistíochta ar Bhallstáit ar rannpháirtithe iad ar an dóigh a
bhfuil feidhm aige laistigh den mhargadh inmheánach ar fad. Ní mó sin a dhéanamh a dhéanamh, ach amháin i
gcás ina ngabhann nósanna imeachta nó forálacha ina n‑ionad dá
bhforáiltear sa Rialachán seo forálacha ábhartha Threoir [ ]
(forálacha maidir le coláistí trasteorann, mar shampla, a ngabhann an
chinnteoireacht laistigh den SAR ina n‑ionad). Tá forálacha áirithe curtha isteach sa togra
SAR atá comhthreomhar le Treoir [ ], ó nach mór don Bhord Réitigh
agus don Choimisiún a mbearta a bhunú go díreach ar dhlí infheidhme an Aontais. I bhforálacha eile de chuid an togra seo, tá
crostagairtí don togra ón gCoimisiún maidir le Treoir [ ]. Is féidir gur leasaíodh cuid de na forálacha sin
leis an tuarascáil a vótáil coiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta
Pharlaimint na hEorpa a ghlacadh mí Bealtaine agus le cur chuige ginearálta na
Comhairle an 26 Meitheamh. Ní mór an
Rialachán SAR a bheith go hiomlán i gcomhréir i ndeireadh thiar leis an
gcomhaontú maidir le Treoir [ ] a cuireadh i gcrích idir Parlaimint
na hEorpa agus an Chomhairle. Tagraíonn
an togra sin do chur chuige ginearálta na Comhairle, ina cháil mar an doiciméad
is déanaí a bhfuil fáil air. Ós rud é
go bhfuil an chaibidlíocht ar siúl idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle
fós agus nach bhfuil an Treoir tugtha chun críche fós, is é an cuspóir atá ag an gCoimisiún, na forálacha substaintiúla sin a
ionadú le toradh deiridh na caibidlíochta idir na comhreachtóirí ar
Threoir [ ]. I gcás gnéithe áirithe atá cumhdaithe cheana
ag Treoir [ ], tá gá le hailíniú breise chun go bhfeidhmeoidh SAR in
éineacht le Ciste Aonair Réitigh Banc. Ar an gcéad dul síos, ba cheart tosaíocht na n‑éileamh a
chomhchuibhiú go hiomlán le haghaidh réitigh, ar bhonn phrionsabal na
tosaíochta taisceora. Tá sé
beartaithe in Airteagal 15 tosaíocht na‑éileamh i réiteach a
chomhchuibhiú, ar bhonn phrionsabal na tosaíochta taisceora. Measann an Coimisiún gur gá an comhchuibhiú sin i
gcás na n‑eintiteas uile atá faoi réir Threoir [ ], chun a
áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ann laistigh den mhargadh inmheánach. Ar an dara dul síos, laistigh de SAR, ní mór
creat teann a bheith ann le haghaidh aon solúbthachta maidir le hathshnámhú
agus an tsolúbthacht sin a bheith faoi réir na gcoinníollacha céanna do na
bainc uile. Dá bhrí sin, in
Airteagal 24 den togra tá creat teann breise, ar bhonn chur chuige
ginearálta na Comhairle an 26 Meitheamh 2013, agus tá úsáid aon mhaoluithe dá
bhforáiltear i dTreoir [ ] curtha as an áireamh sa chomhthéacs sin
(go háirithe maidir le ríomh na tairsí le haghaidh athshnámhaithe). 4.2. An Bord Réitigh 4.2.1. Rialachas Chun a áirithiú
go mbeidh próiseas cinnteoireachta éifeachtach agus cuntasach maidir le
réiteach ann, foráiltear i struchtúr agus i rialacha oibríochta an Bhoird
Réitigh do bhaint chuí a bheith ag na Ballstáit uile a mbaineann an próiseas go
díreach leo. Is iad a bheidh ar an
mBord sin, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin,
na hionadaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún agus ag an BCE agus na baill arna
gceapadh ag gach Ballstát ar rannpháirtí é thar cheann na n‑údarás
náisiúnta réitigh. Tiocfaidh an Bord,
agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina chathaoirleach air, le chéile agus oibreoidh
sé in dhá sheisiún: seisiún
feidhmiúcháin agus seisiún iomlánach. D’fhéadfaí cuireadh a thabhairt do bhreathnadóirí freastal ar
chruinnithe an Bhoird. Le linn a sheisiúin iomlánaigh, dhéanamh an
Bord gach cinneadh de chineál ginearálta. Le linn a sheisiúin feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord cinntí maidir le
heintitis aonair nó grúpaí baincéireachta. Beidh raon na gcinntí sin idir pleanáil réitigh agus cumhachtaí
luath-idirghabhála, ar thaobh amháin, agus scéimeanna réitigh, lena n‑áirítear
an Ciste a úsáid chun an próiseas réitigh a mhaoiniú agus treoir a thabhairt
don réiteach náisiúnta maidir le conas na cinntí réitigh a chur chun feidhme,
ar an taobh eile. Le linn a sheisiúin feidhmiúchán, is iad a
bheidh ar an mBord, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas‑Stiúrthóir
Feidhmiúcháin, na hionadaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún agus ag an BCE. De réir na mbanc nó na ngrúpaí a bheidh le
réiteach i ngach cás, le linn a sheisiúin feidhmiúcháin, ar a bharr sin,
comhghairfidh an Bord baill arna cheapadh ag na húdaráis náisiúnta réitigh
ábhartha chomh maith leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas Stiúrthóir
Feidhmiúcháin agus na hionadaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún agus ag an
BCE. Dá bhrí sin, i gcás ina ndéanfar
réiteach ar ghrúpaí baincéireachta trasteorann, an ball arna cheapadh ag an
mBallstát ina bhfuil an t‑údarás réitigh ar leibhéal grúpa suite agus na
baill arna gceapadh ag na Ballstáit ina bhfuil fochuideachtaí nó eintitis atá
cumhdaithe ag maoirseacht chomhdhlúite bunaithe, beidh an dá cheann acu
rannpháirteach sna cruinnithe agus sa phróiseas cinnteoireachta. Sna rialacha vótála is infheidhme maidir leis an
mBord, tá an gá atá ann leas na mBallstát uile lena mbaineann cinneadh réitigh
curtha san áireamh. Ní bheidh
cumhacht crosta ag aon rannpháirtí sa chinnteoireacht. Os a choinne sin, ós rud é go bhfuil sé de
cheannas ag na Ballstáit an úsáid a bhaintear as an mbuiséad náisiúnta a
chinneadh iad féin, foráiltear go sainráite sa togra nach bhféadfaidh SAR a
cheangal ar na Ballstáit go soláthróidh siad tacaíocht phoiblí urghnách d’aon
eintitis faoi réiteach. Lena chois
sin, chun go gcuirfear aon impleachtaí fioscacha ar na Ballstáit san áireamh go
hiomlán, féadfaidh na baill arna gceapadh ag na húdaráis náisiúnta réitigh
ábhartha aon chinnteoireacht bhreise amháin a iarraidh le linn sheisiún
feidhmiúcháin an Bhoird le haghaidh na himpleachtaí sin is féidir a bheith ann
a phlé. 4.2.2. Cumhachtaí Láróidh an Bord Réitigh an fhaisnéis atá ag an
BCE agus ag na húdaráis náisiúnta réitigh ar fhóntacht airgeadais banc atá
faoina ndlínse. I gcomparáid le líonra d’údaráis náisiúnta a oibríonn laistigh
de shainorduithe náisiúnta, is féidir measúnú níos fearr a dhéanamh ar na
himthosca arbh fhéidir go mbeadh gá banc a chur faoi réiteach agus iarmhairtí
trasteorann a sheachaint mar gheall orthu leis sin. Beidh cumhachtaí ag an mBord Réitigh a
chinneadh cathain ba cheart a mholadh don Choimisiún banc nó grúpa a chur faoi
réiteach. Tar éis don Choimisiún a chinneadh gur comhlíonadh na coinníollacha
agus an banc a chur faoi réiteach, cinnfidh an Bord laistigh den chreat arna
bhunú ag an gCoimisiún, mionsonraí na n‑uirlisí réitigh atá le cur i
bhfeidhm agus conas acmhainní an Chiste a leithdháileadh. Leis na cumhachtaí
sin, féadfaidh an Bord Réitigh na huirlisí, na rialacha agus an nósanna
imeachta réitigh a roghnú agus a chur chun feidhme go haonfhoirmeach. Go
háirithe, i gcás ina bhfuil bainc ag oibriú thar theorainneacha, fágfaidh sin
go gcuirfear deireadh leis na difríochtaí atá faoi láthair i rialacha agus i
gcur chuige na mBallstát agus leis na drochthionchar a imríonn siad ar
fheidhmiú mhargaí baincéireachta an Aontais. Ós rud é go mbeidh an fhreagracht dhíreach sin
ag an mBord Réitigh, áiritheofar go gcaithfear go cothrom leis na bainc ar fud
na mBallstát ar rannpháirtithe iad, go mbeidh cur chun feidhme an Leabhair
Rialacha aonair maidir le réiteach banc intuartha agus go mbeidh muinín as. Méadóidh sin an deimhneacht dhlithiúil agus is fearr a chaomhnóidh sé
luach sócmhainní airgeadais trí chur isteach nach gá ar shreabhadh cistí a
sheachaint. Áiritheoidh sé freisin go n‑úsáidfear sócmhainní na
hinstitiúide a bhfuil ag cliseadh uirthi de réir na dóighe is táirgiúla ar a n‑íoslaghdófar
caillteanais creidiúnaithe ar fud na mBallstáit ar rannpháirtithe iad, agus ní
de réir na n‑ábhar is cúram do na Ballstáit aonair. Áiritheoidh an Bord Réitigh go gcuirfidh na
húdaráis náisiúnta réitigh na cinntí réitigh chun feidhme go dílis, de réir an
dlí náisiúnta. Chun na críche sin, beidh sé de chumhacht ag an mBord
maoirseacht agus measúnú a dhéanamh ar an dóigh a ndéanann na húdaráis
náisiúnta réitigh cur chun feidhme trí bheith in ann, más gá, faisnéis a fháil
go díreach ó na bainc nó imscrúduithe nó cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh.
I gcás nach gcuirfidh údarás náisiúnta réitigh cinneadh réitigh de réir na
scéime réitigh comhaontaithe, beidh sé de chumhacht ag an mBord cinntí áirithe
a dhíriú go díreach ar an mbanc lena mbaineann agus a éileamh ar an mbanc sin
go ndéanfaidh sé an beart is gá chun an cinneadh réitigh a chur chun feidhme. 4.2.3. Comhar Eorpach agus comhar
idirnáisiúnta Chun a chúraimí a dhéanamh, oibreoidh an Bord
Réitigh i gcomhar leis an BCE agus leis na húdaráis eile ar tugadh de chumhacht
dóibh maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa laistigh den SMA, agus
le húdaráis eile ar cuid iad den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais.
Oibreoidh an Bord Réitigh i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta réitigh
freisin, ó tá ról lárnach acu in ullmhú agus i gcur chun feidhme beart réitigh. Ós rud é nach laistigh den Aontas amháin a
oibríonn mórán institiúidí creidmheasa, ach go hidirnáisiúnta freisin, ag an
mBord Réitigh amháin a bheidh an chumhacht comhaontuithe neamhcheangailteacha a
chur i gcrích le húdaráis tríú tíortha thar cheann údarás náisiúnta na
mBallstát ar rannpháirtithe iad. 4.3. An Ciste Réitigh do Bhainc
Aonair 4.3.1. Prionsabail, bunú agus misin Is é an prionsabal is bun do ghníomhaíocht an
Bhoird gur ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe na hinstitiúide faoi
réiteach ar dtús a bheidh aon chaillteanais, aon chostais nó aon speansais eile
a bhaineann le húsáid na n‑uirlisí réitigh, agus ag deireadh thiar, más
gá, ar an tionscal airgeadais. Os a choinne sin, fiú dá leithdháilfí an costas
le hinstitiúid a athstruchtúrú ar a n‑acmhainní inmheánacha, bheadh gá le
sásra lenarbh fhéidir leis an institiúid (bíodh sé ina foirm bhunaidh, le banc
droichid, nó mar mheán bainistithe sócmhainní – drochbhanc) leanúint de bheith
ag oibriú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach ciste réitigh
banc a bhunú chun a áirithiú go mbeidh na bearta réitigh éifeachtach, bearta
amhail maoiniú gearrthéarmach a sholáthar d’institiúid faoi réiteach nó
ráthaíochtaí a sholáthar do cheannaithe ionchasacha institiúide faoi réiteach. Is é is príomhchuspóir don Chiste Aonair
Réitigh cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, agus ní caillteanais a chomhghabháil
ná caipiteal a sholáthar d'institiúid faoi réiteach. Níor cheart a mheas gur ciste
tarrthála é an Ciste. Os a choinne sin, is féidir go mbeidh cásanna
eisceachtúla ann nárbh fhéidir, tar éis na hacmhainní inmheánacha a ídiú go
leor (8 % ar a laghad de dhliteanais agus de chistí dílse na hinstitiúide
faoi réiteach), an príomhchuspóir a bhaint amach gan ligean don chiste na
caillteanais sin a chomhghabháil nó an caipiteal a sholáthar. Is sna cásanna
sin amháin ab fhéidir don Chiste bheith ina shocrú tacaíochta ag acmhainní
príobháideacha. Is é is príomhúdar do Chiste Aonair Réitigh a chruthú,
go gcuireann, i margaí airgeadais comhtháite, aon tacaíocht airgeadais a
thugtar chun banc a réiteach feabhas ar chobhsaíocht airgeadais agus sláinte
banc eile, ní amháin sa Bhallstát lena mbaineann, ach i mBallstáit eile
freisin. Ó bhaineann bainc ar fud na mBallstát ar rannpháirtithe iad tairbhe as
an tacaíocht sin go hindíreach, níor cheart ranníocaíochtaí le haghaidh an
tacaíocht a mhaoiniú a theorannú do bhainc in aon Ballstát amháin. Maidir le héifeachtacht, ó bheidh sé ar chumas
an Chiste na hacmhainní ó bhainc limistéar an euro a thiomsú, beidh maolán níos
éifeachtaí ann i gcoinne géarchéimeanna baincéireachta ina gcomhdhlúitear
caillteanais go neamhshiméadrach i roinnt Ballstát agus, i dtaca leis sin de,
feidhmeoidh an Ciste mar shásra árachais ar fud limistéar an euro. Léirigh an ghéarchéim a bhí ann le déanaí gur tháinig caillteanais
chun cinn go difreáilte de réir an Bhallstáit. Ós dócha go mbeidh comhdhlús níos mó
caillteanas a thiocfaidh as turraingí i dtionscal na baincéireachta amach anseo
i roinnt Ballstát ag pointe áirithe ama, is éifeachtaí a bheidh comhshásra
socraithe tacaíochta ná socruithe tacaíochta príobháideacha a dhéanfaí ar bhonn
aonair, agus na turraingí sin á gcomhghabháil le ranníocaíochtaí ex-ante
agus, i gcásanna fíoranáis, le ranníocaíochtaí ex‑post ó thionscal
baincéireachta i limistéar an euro ar fad. Dá bhrí sin,
trí acmhainní a thiomsú ar an leibhéal Eorpach, soláthróidh an Ciste 'cumas
scaoilte' níos mó agus méadóidh sé athléimneacht an chórais baincéireachta. San
am céanna, má spréitear na ranníocaíochtaí ex-post urghnácha go cothrom
thar bhainc sna Ballstáit rannpháirteacha uile, laghdófar leibhéal na
ranníocaíochtaí sin in aghaidh an bhainc, rud a theorannóidh aon éifeacht
chomh-thimthriallach a bheadh ag na ranníocaíochtaí sin. Lena chois sin, má tá sásra ann i gcás ina
leathann comhghabháil caillteanas thar theorainneacha náisiúnta, is féidir leis
fáinne fí an idirspleáchais idir an ghéarchéim baincéireachta i mBallstát
áirithe agus staid fhioscach an stáit a bhriseadh. Ar an dóigh sin, mhaolófaí
an t‑ualach reatha ar roinnt Ballstát dá mbeadh Sásra Aonair Réitigh ann
ó bhí tús na géarchéime airgeadais ann. Ar a bharr sin, beidh Sásra Aonair Réitigh ar
féidir leis cistí a thiomsú ón tionscal baincéireachta ar fud na mBallstát ar
rannpháirtithe iad ag brath ar bhonn ranníocaíochtaí níos mó agus, dá bhrí sin,
beidh bonn clú níos mó faoi lena bhféadfaidh an Bord, más gá, níos mó iasachtaí
a fháil ar an margadh ag praghas níos ísle. Má tá cumas
níos mó ann maoiniú a fháil go seachtrach ar an margadh, beidh laghdú ar an
méid is gá don Chiste brath ar chistí poiblí sna cásanna is mó caillteanas, rud
neartódh arís an nasc idir stáit agus bainc a bhriseadh agus a chuideodh
cáiníocóirí a chosaint ar chostais an réitigh. Ar deireadh, tá gá le ciste aonair chun
dreasachtaí ar fud institiúidí an Aontais Bhaincéireachta a ailíniú mar is
ceart. Dá mba mhór, go háirithe i gcás grúpaí baincéireachta trasteorann, an
acmhainn le haghaidh costais an réitigh os cionn na gcostas a chomhghabh na
scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a sholáthar le cistí náisiúnta, ní ar an
Sásra Aonair Réitigh amháin a chuirfí bac, ach ar an Sásra Maoirseachta Aonair
chomh maith. Chun Sásra Aonair Réitigh a bhunú, is gá go
mbeidh rochtain thapa agus éifeachtach ag an mBord Réitigh. Cruthófar leis an gCiste sraith phríobháideach
sheachtrach lenar féidir maoiniú meántéarmach agus fadtéarmach a sholáthar nó
úsáid airgid phoiblí a sheachaint nó a íoslaghdú agus bainc á réiteach. Lena chois sin, méadófar leis éifeachtacht an
phróisis réitigh trí fadhbanna comhordúcháin a thagann chun cinn agus cistí
náisiúnta a chosc, go háirithe i gcás grúpaí trasteorann. 4.3.2. An Ciste a Mhaoiniú Chun a áirithiú go mbeidh go leor maoiniúcháin
ann, nach mbeidh comh-thimthriallacht córas íoc‑mar‑a‑úsáidtear
ann agus go n‑íoslaghdófar an gá le tacaíocht airgeadais sheachtrach a
iarraidh, teastaíonn acmhainní atá ar fáil gan dua ar an gCiste. Chun na críche
sin, ba leor spriocmhéid don Chiste 1 % ar a laghad de thaiscí cumhdaithe
i gcóras baincéireachta na mBallstát rannpháirteach chun réiteach ordúil a
áirithiú sa ghéarchéim amach anseo fad is go n‑athshnámhófar na
creidiúnaithe go dtí 8 % ar a laghad de dhliteanais iomlána agus de chistí
dílse na hinstitiúide faoi réiteach. Ar bhonn shonraí 2011 i ndáil le bainc agus
meastacháin ar mhéid na dtaiscí cumhdaithe i seilbh banc i limistéar an euro,
bheadh an spriocleibhéal 1 % don Chiste Aonair Réitigh tuairim is
EURO 55 billiún. Beidh an spriocmhéid don Chiste i ndearbhmhéideanna (euro)
dinimiciúil fós agus méadóidh sé go huathoibríoch má thagann borradh faoin
tionscal baincéireachta. Tuartar go mbeidh tréimhse eatramhach 10
mbliana ann sula mbainfidh an Ciste a spriocleibhéal iomlán amach. D’fhéadfaí
síneadh a chur leis go dtí 14 bliana má dhéantar eisíocaíochtaí os cionn
leathchuid spriocmhéid an Chiste as an gCiste. Mura
ndéanfaí aon eisíocaíochtaí as an gCiste le linn na céime tosaigh tiomsúcháin,
ranníocfadh an tionscal baincéireachta tuairim is aon deichiú cuid den
spriocmhéid nó, i ndearbhthéarmaí, tuairim is EUR 5.5. Tar éis na chéad chéime, a dtiomsófar an Ciste
lena linn, beidh ar na bainc ranníocaíochtaí breise a dhéanamh má thagann
borradh faoina mbonn ranníocaíochtaí nó má dhéantar eisíocaíochtaí as an
gCiste. Má éiríonn an acmhainn airgeadais de chuid an
Chiste níos ísle ná leathchuid dá spriocmhéid, beidh ar na bainc íos‑ranníocaíocht
bhliantúil a thabhairt arb ionann í agus aon chúigiú cuid ar a laghad de
dhliteanais iomlána (seachas caipiteal rialála agus taiscí cumhdaithe) na mbanc
uile sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad sa Sásra Aonair Réitigh. Ríomhfar na ranníocaíochtaí i gcomhréir leis
an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc ar bhonn dhliteanais an
bhainc seachas cistí dílse agus taiscí cumhdaithe, agus coigeartófar iad de
réir a bpróifíle riosca. Ciallaíonn sin go mbeidh
ranníocaíochtaí an‑íseal le déanamh ag bainc a mhaoinítear beagnach le
taiscí amháin. Ranníocfaidh na bainc sin isteach i scéimeanna ráthaithe taiscí
náisiúnta, ar ndóigh. Foráiltear do ráthaíochtaí chun nach
gcruthóidh tobhach ranníocaíochtaí fadhbanna maidir le cobhsaíocht airgeadais
in institiúidí sláintiúla, i.e. díolmhú sealadach ón oibleagáid ranníocaíochtaí
ex‑post a íoc. I gcás nach leor ranníocaíochtaí ex‑ante
agus nach féidir rochtain ar na ranníocaíochtaí ex‑post
láithreach, is féidir go mbeidh gá le maoiniú breise cúltaca, go háirithe le
linn na céime eatramhaí, chun a áirithiú go mbeidh feidhmeanna córasacha na
mbanc/an bhainc leanúnach ar feadh an phróisis athstruchúraithe. Féadfar leis
an gCiste iasachtaí nó cineálacha eile tacaíochta a fháil ó institiúidí
airgeadais nó ó thríú páirtithe eile más gá chun réiteach a mhaoiniú (acmhainní
poiblí san áireamh). Is í an institiúid faoi réiteach féin a aisíocfaidh an
tacaíocht sin i bprionsabal. Ach, murar féidir sin, foráiltear sa Rialachán go
leithdháilfear na caillteanais ar na bainc uile atá faoi réir an tsásra le
ranníocaíochtaí ex‑post. Áiritheofar leis sin go mbeidh aon úsáid
a bhainfear as acmhainní poiblí neodrach sa mheántéarma. Chun nach gcruthófar míbhuntáiste do na
Ballstáit a mbeidh ciste réitigh curtha ar bun acu nuair a thiocfaidh an togra
seo i bhfeidhm, fágann an Rialachán faoi na Ballstáit lena mbaineann a
chinneadh cén dóigh a n‑úsáidfear na cistí réitigh a bheidh ann chun
oibleagáidí a mbanc faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. 4.3.3. Ról scéimeanna ráthaithe
taiscí i gcomhthéacs réitigh I gcás ina réitófar banc, ranníocfaidh an
scéim ráthaithe taiscí náisiúnta lena bhfuil an banc cleamhnaithe, go dtí méid
na dtaiscí cumhdaithe, as méid na gcaillteanas a bheadh le hiompar aige dá
bhfoirceannfaí é de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.
Is ról é sin dá bhforáiltear go hiomlán cheana le Treoir [ ]. Ar a bharr sin, ní dhéanann an SAR difear do
Scéimeanna Cosanta Institiúideacha na do shásraí eile inghrúpa lena maoinítear
sásraí tacaíochta arna gcur ar bun ag grúpaí áirithe d'institiúidí creidmheasa.
Ní idirghabhfaidh an SAR ach i gcás ina dteipfidh ar na
réitigh sin ón earnáil phríobháideach cliseadh bainc a láimhseáil. 4.3.4. Ról an Chiste i réiteach
grúpaí lena mbaineann institiúidí lasmuigh den SAR Chun críche réitigh grúpaí ina bhfuil
institiúidí nach bhfuil faoi réir an SAR, freagróidh an ranníocaíocht as an
gCiste leis na codanna sin den ghrúpa atá faoi réir an SAR, agus cumhdóidh na
socruithe náisiúnta airgeadais lasmuigh den SAR an méid atá fágtha. Chun an maoiniú réitigh a neartú ar fud an
mhargaidh inmheánaigh, ceadaítear leis an togra don Chiste iasacht a fháil ó
shocruithe eile um maoiniú réitigh, nó iasachtaí a thabhairt dóibh, ar bhonn
deonach. Ar an dóigh sin, is féidir leis an gCiste
eisíocaíochtaí móra a iompar nach bhfuil cumhdaithe ag ranníocaíochtaí ex‑ante
ná ex‑post. Tacóidh sé freisin le socruithe
um maoiniú réitigh i mBallstáit lasmuigh den SAR. 4.3.5. Socruithe náisiúnta um maoiniú
réitigh a ionadú De réir mar a
ionadóidh an Ciste socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh na mBallstát ar
rannpháirtithe ann iad, féadfaidh na Ballstáit a mbeidh socruithe náisiúnta um
maoiniú réitigh bunaithe acu tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo
cinneadh a dhéanamh maidir leis na socruithe sin a úsáid de réir a ndlí
náisiúnta. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh na Ballstáit
a chinneadh go ndéanfadh na socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh sin na
ranníocaíochtaí atá dlite don Chiste thar cheann a mbanc go dtí go mbeidh na
socruithe sin ídithe go hiomlán. 5. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Maoineofar an Bord Réitigh go hiomlán as
ranníocaíochtaí ó na hinstitiúidí airgeadais. Os a choinne
sin, beidh roinnt mionimpleachtaí ann maidir le buiséad an Aontais le linn
chéim thosaigh an Bhoird. Tá na
mionsonraí ina leith sin leagtha amach sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis
seo. 2013/0253 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus
nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus
gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Aonair Réitigh agus Ciste
Aonair Réitigh Banc agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais
Eorpach[11], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[12], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Tá sé ríthábhachtach margadh
inmheánach comhtháite níos fearr do sheirbhísí baincéireachta a bheith ann
d'fhonn téarnamh eacnamaíoch san Aontas a sporadh. Mar sin féin, léiríonn an
ghéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch atá ann faoi láthair go bhfuil feidhmiú
an mhargaidh inmheánaigh faoi bhagairt agus go bhfuil ag méadú ar an mbaol go
mbeidh ilroinnt airgeadais ann. Níl margaí idirbhainc chomh leachtach agus a
bhí, agus tá ag laghdú ar ghníomhaíochtaí trasteorann i ngeall ar eagla na
héifeachta gabhála, agus i ngeall ar easpa muiníne i gcórais bhaincéireachta
náisiúnta eile agus i gcumas na mBallstát tacú le bainc. (2) Toisc na ndifríochtaí idir
rialacha na mBallstát maidir le réiteach agus a gcuid cleachtas riaracháin agus
toisc gan aon chóras aontaithe cinnteoireachta a bheith ann ar leibhéal an
Aontais maidir le réiteach banc trasteorann, tá ag géarú ar an easpa muiníne
sin agus ar an éagobhsaíocht sa mhargadh, ráite nach bhfuil cinnteacht ná
intuarthacht ann maidir lena mbeidh mar thoradh ar chliseadh bainc. D'fhéadfadh
saobhadh na hiomaíochta, agus i ndeireadh thiar thall, baint na mbonn ón
margadh inmheánach teacht as cinntí maidir le réiteach a bheith á ndéanamh ar
an leibhéal náisiúnta amháin. (3) Go háirithe, na cleachtais
éagsúla atá ag na Ballstáit ó thaobh na caoi a gcaitheann siad le creidiúnaithe
banc agus ó thaobh bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a tharrtháil, imríonn siad
tionchar ar an riosca creidmheasa, ar an tsláine airgeadais agus ar an
tsócmhainneacht a mheastar a bheith ag baint lena gcuid mbanc. Lagaíonn sin an
mhuinín atá ag an bpobal in earnáil na baincéireachta agus cuireann sé bac le
feidhmiú shaoirse na bunaíochta agus saorsholáthair sheirbhísí laistigh den
mhargadh inmheánach ós rud é gur ísle a bheadh costais mhaoiniúcháin mura
mbeadh cleachtas sin na mBallstát. (4) D'fhéadfadh difríochtaí idir
rialacha náisiúnta na mBallstát maidir le réiteach agus a gcuid cleachtas
riaracháin costais níos airde iasachtaíochta a chur ar bhainc agus ar chustaiméirí,
agus sin i ngeall ar a n‑áit bhunaíochta amháin, beag beann ar a
bhfíoracmhainn creidmheasa. Ina theannta sin, is airde na rátaí iasaíochta a
ghearrtar ar chustaiméirí banc i roinnt Ballstát ná na rátaí a ghearrtar ar
chustaiméirí banc i mBallstáit eile, beag beann ar a n‑acmhainn
creidmheasa. (5) A fhad is de chineál
náisiúnta a bheidh rialacha, cleachtais agus cineálacha cur chuige réitigh ó
thaobh comhroinnte ualaigh, agus a fhad a bheidh na hacmhainní airgeadais a
theastaíonn chun réiteach a mhaoiniú á dtiomsú agus á gcaitheamh ar an leibhéal
náisiúnta, leanfaidh an margadh inmheánach de bheith ilroinnte. Ina theannta
sin, tá dreasachtaí tréana ag maoirseoirí náisiúnta an tionchar a d'fhéadfadh a
bheith ag géarchéimeanna baincéireachta ar an ngeilleagar náisiúnta a mhaolú
trí ghníomhú go haontaobhach chun oibríochtaí baincéireachta a imfhálú, mar
shampla trí aistrithe agus iasachtaí laistigh de ghrúpaí a theorannú, nó trí
cheanglais leachtachta agus chaipitil níos airde a fhorchur ar fhochuideachtaí
de chuid máthairghnóthais ina ndlínse a bhféadfadh a bheith ag cliseadh orthu.
Cuireann sin srian ar ghníomhaíochtaí trasteorann banc agus dá thoradh sin
cuirtear bacainní le feidhmiú saoirsí bunúsacha agus saobhtar an iomaíocht sa
mhargadh inmheánach. (6) Tá comhchuibhiú éigin déanta
le Treoir [ ] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[13] ar na rialacha náisiúnta
maidir le réiteach agus tá foráil déanta aige freisin maidir le comhar idir
údaráis réitigh agus iad ag plé le cliseadh banc trasteorann. Mar sin féin, níl
an comhchuibhiú sin a ndéantar foráil maidir leis le Treoir [ ] iomlán ná níl
an próiseas cinnteoireachta láraithe. Go bunúsach, déantar foráil le Treoir [ ]
maidir le huirlisí comhchoiteanna réitigh agus cumhachtaí a chur ar fáil
d'údaráis náisiúnta gach Ballstáit, ach fágtar faoi na húdaráis náisiúnta cur i
bhfeidhm na n‑uirlisí agus úsáid socruithe náisiúnta um maoiniú chun tacú
le nósanna imeacht réitigh. Ní chuireann Treoir [ ] cosc ar na Ballstáit cinntí
a dhéanamh ar bhonn leithligh agus ar bhealach a d'fhéadfadh a bheith
neamhréireach maidir le réiteach grúpa trasteorann a d'fhéadfadh difear a
dhéanamh do chostais iomláin réitigh. Ina theannta sin, ós rud é go ndéanann an
Treoir sin foráil maidir le socruithe náisiúnta um maoiniú, ní leor an laghdú a
dhéanann sí ar spleáchas na mbanc ar thacaíocht ó na buiséid náisiúnta ná ní
chuireann sí cosc ar chineálacha éagsúla cur chuige a bheith ag na Ballstáit i
leith úsáid na socruithe um maoiniú. (7) Chun an margadh inmheánach do
sheirbhísí airgeadais a chur i gcrích, tá se ríthábhacht a áirithiú go mbeidh
cinntí maidir le réiteach banc a bhfuil ag cliseadh orthu laistigh den Aontas éifeachtach
aonfhoirmeach, lena n‑áirítear cinntí maidir le maoiniú a thiomsaítear ar
leibhéal an Aontais. Laistigh den mhargadh inmheánach, d'fhéadfadh cliseadh
roinnt banc i mBallstát amháin cur as do chobhsaíocht mhargaí airgeadais uile
an Aontais. Maidir le rialacha réitigh atá éifeachtach aonfhoirmeach agus
coinníollacha comhionanna réitigh a áirithiú i ngach mBallstát, ní le leas na
mBallstát ina mbíonn na bainc ag feidhmiú amháin é sin, is le leas gach
Ballstáit é toisc gur dóigh é leis an iomaíochas a chaomhnú agus le feabhas a
chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Tá dlúthnasc ag córais
bhaincéireachta le chéile sa mhargadh inmheánach, arae is grupaí idirnáisiúnta
iad grúpaí bainc, agus is sócmhainní eachtracha céatadán ard dá gcuid
sócmhainní. De cheal sásra aonair réitigh, ba mhóide an drochéifeacht
shistéamach a bheadh ag géarchéimeanna baincéireachta i mBallstáit atá
páirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) ná i mBallstáit nach bhfuil
páirteach ann. Méadóidh bhunú an tSásra Aonair Réitigh ar chobhsaíocht bhainc
na mBallstát atá páirteach ann agus cuirfidh sé cosc ar leathnú géarchéimeanna
chuig tíortha nach bhfuil páirteach ann, agus ar an dóigh sin éascófar feidhmiú
an mhargaidh inmheánaigh ina iomláine. (8) I ndiaidh bhunú an tsásra
maoirseachta aonair le Rialachán (AE) Uimh. .../...[14], faoina ndéanann an Banc
Ceannais Eorpach maoirsiú lárnach ar bhainc sna Ballstáit ar rannpháirtithe sa
sásra sin iad, tá míréir ann idir an mhaoirseacht a dhéanann an tAontas ar na
bainc sin agus ar an gcaoi a gcaitear leo ar an leibhéal náisiúnta sna nósanna
imeachta réitigh de bhun Threoir [ ]. (9) Bíonn bainc sna Ballstáit
nach bhfuil sa SMA ag tairbhiú ar an leibhéal náisiúnta de shocruithe
maoirseachta, réitigh agus tacaíochta airgeadais atá ag teacht le chéile, ach
os a choinne sin bíonn bainc sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad san SMA faoi
réir shocruithe an Aontais i gcás maoirseachta agus socruithe náisiúnta a fhad
a bhaineann le réiteach agus socruithe tacaíochta airgeadais. Fágann an mhíréir
sin go bhfuil na bainc sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad sa SMA faoi
mhíbhuntáiste san iomaíocht i gcomparáid le bainc i mBallstáit eile. Ó tharla
go ndéantar maoirseacht agus réiteach ar dhá leibhéal éagsúla laistigh den SMA,
ní bheadh idirghabháil agus réiteach i leith banc sna Ballstáit ar
rannpháirtithe iad san SMA chomh gasta, chomh comhleanúnach ná chomh héifeachtach
céanna agus a bheadh sé i gcás banc i mBallstáit nach bhfuil páirteach ann.
Bíonn drochimpleachtaí aige sin do chostais mhaoiniúcháin na mbanc sin agus
tagann míbhuntáiste san iomaíocht as, rud a dhéanann díobháil do na Ballstáit
ina bhfeidhmíonn na bainc sin agus do fheidhmiú ginearálta an mhargaidh
inmheánaigh. Dá bhrí sin, d'fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú, tá
ríthábhacht ag baint le sásra réitigh lárnaithe don uile bhanc a fheidhmíonn
sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad san SMA. (10) Ba cheart comhroinnt na
bhfreagrachtaí réitigh idir an leibhéal náisiúnta agus leibhéal an Aontais a
chur ar aon dul le comhroinnt na bhfreagrachtaí maoirseachta idir an dá
leibhéal sin. A fhad a bheidh maoirseacht á déanamh ar an leibhéal náisiúnta i
mBallstát, ba cheart go leanfadh an Ballstát sin de bheith freagrach as
iarmhairtí aon chliste bainc. Dá bhrí sin, níor cheart go gcumhdódh an sásra
réitigh aonair ach bainc agus institiúidí airgeadais atá bunaithe i mBallstáit
ar rannpháirtithe iad san SMA agus atá faoi réir mhaoirseacht an BCE faoi
chuimsiú an SMA. Bainc atá bunaithe sna Ballstáit nach rannpháirtithe iad san
SMA, níor cheart iad a bheith faoi réir an tsásra réitigh aonair. Dá dtiocfadh
na Ballstáit sin faoi réir an tsásra réitigh aonair, bheadh na dreasachtaí
contráilte acu. Go háirithe, d'fhéadfadh sé go n‑éireodh maoirseoirí sna
Ballstáit sin níos boige i leith na mbanc ina ndlínse féin ráite nach orthusan
a thitfeadh iomlán an riosca airgeadais a bhainfeadh le cliseadh. Dá bhrí sin,
d'fhonn comhthreomhaireacht leis an SMA a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith
ag an sásra aonair réitigh maidir le gach Ballstát ar rannpháirtí é san SMA.
Gach uair a thagann Ballstát isteach san SMA, ba cheart go dtiocfadh sé faoi
réir an tsásra réitigh aonair go huathoibríoch. Meastar go gcumhdóidh an sásra
réitigh aonair an margadh inmheánach ina iomláine i ndeireadh thiar thall. (11) Tá ríthábhacht ag baint le
ciste aonair réitigh Eorpach (an 'Ciste' anseo feasta) arae ní fheidhmeodh
sásra réitigh aonair i gceart dá uireasa. Da mbeadh córais dhifriúla
maoiniúcháin náisiúnta ann chuirfí as do chur i bhfeidhm rialacha
aonfhoirmeacha maidir le réiteach banc sa mhargadh inmheánach. Ba cheart an
Ciste a bheith ina chuidiú cleachtas aonfhoirmeach riaracháin a áirithiú ó thaobh
réiteach a mhaoiniú agus ó thaobh cosc a chur ar theacht chun cinn bacainní le
feidhmiú saoirsí bunúsacha agus ar chur as riocht na hiomaíochta sa mhargadh
inmheánach i ngeall ar chleachtais éagsúla náisiúnta. Ba cheart go maoineodh na
bainc an Ciste go díreach agus ba cheart é a chomhthiomsú ar leibhéal an
Aontais sa chaoi is go bhféadfar na hacmhainní réitigh a leithdháileadh ar
bhealach oibiachtúil ar na Ballstáit agus ar an dóigh sin an chobhsaíocht
airgeadais a mhéadú agus srian a chur leis an nasc idir an suíomh fioscach a
mheastar a bheith ag Ballstáit aonair agus costais mhaoiniúcháin banc agus
gnólachtaí a fheidhmíonn sna Ballstáit sin. (12) Is gá, dá bhrí sin, bearta a
ghlacadh chun sásra aonair réitigh a chruthú do gach Ballstát ar rannpháirtí
iad san SMA ionas go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go réidh cobhsaí. (13) Níl ach aon dóigh amháin le
féachaint chuige go mbeidh na rialacha maidir le réiteach banc atá leagtha
amach i dTreoir [ ] á gcur i bhfeidhm go lárnach ag údarás aonair réitigh de
chuid an Aontais sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad, agus is é sin na rialacha
a rialaíonn bunú agus feidhmiú sásra réitigh aonair a bheith infheidhme go
díreach sna Ballstáit ionas nach mbainfear cialla éagsúla astu sna Ballstáit
éagsúla. Rachadh sé sin ar sochar don mhargadh inmheánach ina iomláine mar go
mbeadh sé ina chuidiú an iomaíocht chóir a áirithiú agus cosc a chur ar
bhacainní le saorfheidhmiú saoirsí bunúsacha ní amháin sna Ballstáit ar
rannpháirtithe iad ach sa mhargadh inmheánach ina iomláine. (14) Amhail raon feidhme Rialachán
(AE) Uimh. .../... ón gComhairle, ba cheart go gcumhdódh sásra aonair
réitigh gach institiúid chreidmheasa atá bunaithe sa Bhallstát ar rannpháirtí
é. Mar sin féin, ba cheart go bhféadfaí, faoi chuimsiú an tsásra aonair
réitigh, aon institiúid chreidmheasa de chuid Ballstáit rannpháirtigh a
réiteach go díreach d'fhonn míréireachtaí laistigh den mhargadh inmheánach a
sheachaint ó thaobh na caoi a ndéileáiltear, le linn próiseis réitigh, le
hinstitiúidí agus creidiúnaithe a bhfuil ag cliseadh orthu. A mhéid a bheidh
máthairghnóthais, gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí airgeadais ag
teacht faoi mhaoirseacht chomhdhlúite an BCE, ba cheart iad a theacht faoi raon
feidhme an tsásra aonair réitigh. Cé nach é an BCE amháin a bheidh ag déanamh
maoirseachta ar na hinstitiúidí sin, is é an t‑aon mhaoirseoir amháin é a
mbeidh osamharc aige ar an riosca a bhfuil grúpa, agus, go hindíreach, baill an
ghrúpa, nochta orthu. Dá ndéanfaí eintitis atá faoi réir mhaoirseacht chomhdhlúite
an BCE a eisiamh ó raon feidhme an tsásra réitigh aonair, ní fhéadfaí pleanáil
a dhéanamh i leith réiteach grúpaí baincéireachta ná straitéis um réiteach
grúpa a ghlacadh, agus d'fhágfaí gur lú an éifeachtacht a bheadh ag aon chinntí
maidir le réiteach. (15) Laistigh den sásra réitigh
aonair, ba cheart cinntí a ghlacadh ar an leibhéal is oiriúnaí is féidir é. (16) Is é an BCE, ina cháil mar
mhaoirseoir laistigh den SMA, ar fearr is féidir leis a mheas an bhfuil ag
cliseadh ar institiúid chreidmheasa agus an bhfuil aon dóchúlacht réasúnta ann
go ndéanfadh aon ghníomh de chineál eile ag an earnáil phríobháideach nó aon
ghníomh maoirseachta eile cosc a chur lena cliseadh faoi cheann tréimhse
réasúnta ama. Ar fhógra a fháil dó ón BCE, ba cheart don Bhord moladh a
dhéanamh don Choimisiún. Ráite gur gá na leasanna éagsúla atá i dtreis a
chothromú, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh cé acu a chuirfidh sé
nó nach gcuirfidh sé institiúid faoi réiteach, agus ina theannta sin ba cheart
dó cinneadh ar chreat réitigh soiléir mionsonraithe lena leagfaí síos na
gníomhartha réitigh a bheadh le déanamh ag an mBord. Laistigh den chreat sin,
ba cheart don Bhord cinneadh ar scéim réitigh agus treoir a thabhairt do na
húdaráis náisiúnta réitigh maidir leis na huirlisí réitigh agus na cumhachtaí a
bheadh le fheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta. (17) Ba cheart an chumhacht cinntí
a dhéanamh a thabhairt don Bhord, go háirithe a fhad a bhaineann le réiteach a
phleanáil, inréiteacht a mheasúnú, baic le hinréiteacht a bhaint agus
gníomhartha réitigh a ullmhú. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta réitigh cúnamh
a thabhairt don Bhord réiteach a phleanáil agus cinntí maidir le réiteach a
ullmhú. Lena chois sin, ós rud é go mbíonn cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta i
gceist le feidhmiú cumhachtaí réitigh, ba cheart cur chun feidhme cinntí maidir
le réiteach a bheith de chúram ar na húdaráis náisiúnta réitigh. (18) Chun go bhfeidhmeoidh an
margadh inmheánach go réidh, tá sé ríthábhacht feidhm a bheith ag na rialacha
céanna maidir le gach beart réitigh, is cuma cé acu bearta iad a dhéanann
údaráis náisiúnta réitigh faoi Threoir [ ] nó bearta a dhéantar faoi chuimsiú
an tsásra réitigh aonair. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na bearta sin faoi Airteagal 107
CFAE. Nuair nach mbíonn státchabhair de bhun Airteagal 107(1) CFAE i
gceist le socruithe um maoiniú réitigh, ba cheart don Choimisiún, d'fhonn
cothroime iomaíochta a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach, measúnú a
dhéanamh ar na bearta sin ar analach Airteagal 107 CFAE. Mura bhfuil gá le
fógra faoi Airteagal 108 CFAE toisc nach bhfuil aon státchabhair de bhun Airteagal 107
CFAE i gceist leis an úsáid atá beartaithe a bhaint as an gCiste ag an mBord,
ba cheart don Choimisiún, d'fhonn sláine an mhargaidh inmheánaigh idir
Ballstáit ar rannpháirtithe iad agus Ballstáit nach rannpháirtithe iad a
áirithiú, na rialacha ábhartha maidir le státchabhair faoi Airteagal 107
CFAE a chur i bhfeidhm ar análach agus iad ag measúnú na húsáide atá beartaithe
a bhaint as an gCiste. Ní chinnfidh an Bord ar scéim réitigh go mbeidh sé
áirithe ag an gCoimisiún, ar análach na rialacha maidir le státchabhair, go
bhfuil úsáid an Chiste ag cloí leis na rialacha céanna is infheidhme i leith
idirghabháil a dhéanamh le socruithe náisiúnta um maoiniú. (19) D'fhonn a áirithiú go mbeidh
an próiseas cinnteoireachta le linn réitigh go pras éifeachtúil, ba cheart
gníomhaireacht ar leith de chuid an Aontais a bheith sa Bhord, gníomhaireacht a
mbeadh struchtúr ar leith aici a bheadh in oiriúint dá gcuid cúraimí agus nach
mbeadh ar aon mhúnla le gníomhaireachtaí eile an Aontais. Ba cheart gach leas
ábhartha sna próisis réitigh a chur san áireamh agus comhdhéanamh an Bhoird á
cheapadh. Ba cheart go bhfeidhmeodh an Bord i seisiúin feidhmiúcháin agus i
séisiúin iomlánacha. Sa seisiún feidhmiúcháin dó, ba cheart é a bheith
comhdhéanta de Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin,
agus ionadaithe de chuid an Choimisiúin agus de chuid an BCE. I bhfianaise
mhisin an Bhoird, ba cheart gurbh í an Chomhairle, ar bhonn molta ón gCoimisiún
agus i ndiaidh don Pharlaimint a tuairim a chur uaithi, a cheapfadh an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Stiúrthóir Leas‑Fheidhmiúcháin. Agus
réiteach bainc nó grúpaí banc atá bunaithe laistigh d'aon Bhallstát ar
rannpháirtí é á phlé aige, ba cheart don Bhord, sa seisiún feidhmiúcháin dó,
fios a chur ar an mball arna cheapadh ag an mBallstát lena mbaineann a dhéanann
ionadaíocht dá údarás náisiúnta réitigh agus ról a thabhairt dó sa phróiseas
cinnteoireachta. Agus grúpa trasteorann á phlé, ba cheart fios a chur freisin
ar na baill arna gceapadh ag an mBallstát baile agus ag gach Ballstát aíochta
lena mbaineann a dhéanann ionadaíocht ar na húdaráis náisiúnta réitigh ábhartha
agus ról a thabhairt dóibh i bpróiseas cinnteoireachta sheisiúin feidhmiúcháin
an Bhoird. Mar sin féin, ba cheart gurb ionann tionchar d'údaráis bhaile agus
d'údaráis aíochta ar an gcinneadh, agus dá bhrí sin níor cheart ach an t‑aon
vóta amháin in éineacht a bheith ag údaráis óstacha. Féadfar iarraidh ar
bhreathnadóirí, lena n‑áirítear ionadaí den Sásra Eorpach um
Chobhsaíocht, freastal ar chruinnithe den Bhord freisin. (20) I bhfianaise mhisin an Bhoird
agus spriocanna an réitigh, ar cheann acu cosaint cistí poiblí, ba cheart
feidhmiú an Bhoird a mhaoiniú le ranníocaíochtaí instititiúidí na mBallstát ar
rannpháirtithe iad. (21) Nuair is ábhartha, ba cheart
don Bhord agus don Choimisiún áit na n‑údarás náisiúnta réitigh arna n‑aimniú
faoi Threoir [ ] a ghlacadh a fhad a bhaineann le gach gné den phróiseas
cinnteoireachta maidir le réiteach. Ba cheart go leanfadh na húdaráis náisiúnta
réitigh arna n‑ainmniú faoi Threoir [ ] de bheith ag déanamh
gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme scéimeanna réitigh atá glactha
ag an mBord. D'fhonn an trédhearcacht agus rialú daonlathach a áirithiú agus
d'fhonn cearta na n‑institiúidí Eorpacha a chosaint, ba cheart an Bord a
bheith inchuntais chun Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle as aon chinntí a
dhéanann sé ar bhonn an togra seo. Ar na cúiseanna céanna sin, eadhaon an trédhearcacht
agus an rialú daonlathach, ba cheart cearta áirithe a bheith ag parlaimintí
náisiúnta faisnéis a fháil faoi ghníomhaíochtaí an Bhoird agus dul i mbun
dialóige leis. (22) I gcás ina ndéantar foráil le
Treoir [ ] maidir leis an bhféidearthacht a bheith ag na húdaráis náisiúnta
réitigh oibleagáidí simplithe nó tarscaoiltí a chur i bhfeidhm maidir leis an
gceanglas pleananna réitigh a dhréachtú, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le
nós imeachta trína bhféadfadh an Bord úsáid oibleagáidí simplithe den sórt sin
a údarú. (23) D'fhonn a áirithiú go mbeidh
cur chuige aonfhoirmeach ann i leith institiúidí agus grúpaí ba cheart cumhacht
a thabhairt don Bhord pleananna réitigh a dhréachtú d'institiúidí agus do
ghrúpaí. Ba cheart don Bhord measúnú a dhéanamh ar inréiteacht institiúidí
agus grúpaí, agus bearta a ghlacadh chun baic le hinréiteacht a bhaint, más ann
dóibh. Ba cheart go gcuirfeadh an Bord ceanglas ar na húdaráis náisiúnta
réitigh na bearta oiriúnacha sin a chur i bhfeidhm chun baic le hinréiteacht a
bhaint féachaint comhleanúnachas agus inréiteacht na n‑institiúidí lena
mbaineann a áirithiú. (24) Cuid riachtanach de réiteach
éifeachtach a dhéanamh is ea pleanáil réitigh. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh
sé de chumhacht ag an mBord a cheangal go ndéanfar athruithe ar struchtúr agus
ar eagrú institiúidí nó grúpaí d'fhonn baic phraiticiúla le húsáid uirlisí
réitigh a bhaint agus inréiteacht na n‑eintiteas lena mbaineann a
áirithiú. Ó tharla go bhféadfadh tábhacht shistéamach a bheith ag gach
institiúid, tá sé ríthábhachtach, d'fhonn cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, go
bhféadfaidh na húdaráis aon institiúid a réiteach. D'fhonn urraim a thabhairt
don cheart chun gnó a sheoladh atá leagtha síos le hAirteagal 16 den
Chairt um Chearta Bunúsacha, ba cheart discréid an Bhoird a bheith teoranta dá
bhfuil riachtanach le simpliú a dhéanamh ar struchtúr agus ar oibríochtaí na
hinstitiúide ar mhaithe lena dhéanamh níos inréitithe, agus ar mhaithe leis sin
amháin. Ina theannta sin, ba cheart aon bhearta a fhorchuirtear chuige sin a
bheith comhchuí le dlí an Aontais. Níor cheart aon bheart a bheith
idirdhealaitheach, go díreach ná go hindíreach, ar fhoras a bhaineann le
náisiúntacht, agus ba cheart pobal-leas sáraitheach na cobhsaíochta airgeadais
a bheith d'údar leo. D'fhonn a cinneadh an ar mhaithe le leas coiteann an
phobail a rinneadh beart, ba cheart go bhféadfadh an Bord, ag gníomhú dó ar son
leas coiteann an phobail, na cuspóirí réitigh a bhaint amach gan baic a bheith air
ó thaobh úsáid na n‑uirlisí réitigh ná a chumais na cumhachtaí a tugadh
dó a fheidhmiú. Ina theannta sin, níor cheart aon bheart dul thar an méid is lú
a bhfuil gá leis chun na cuspóirí a bhaint amach. (25) Ba cheart an sásra aonair
réitigh a thógáil ar chreat Threoir [ ] agus ar chreat an tsásra maoirseachta
aonair. Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Bhord idirghabháil
a dhéanamh ag céim luath i gcás ina bhfuil staid airgeadais nó sócmhainneacht
institiúide ag meathlú. Beidh an fhaisnéis a gheobhaidh an Bord ó na húdaráis
náisiúnta réitigh nó ón BCE ag an gcéim sin ríthábhacht ó thaobh cinneadh ar an
mbeart a d'fhéadfadh sé a dhéanamh d'fhonn réiteach na hinstitiúide lena
mbaineann a ullmhú. (26) D'fhonn a áirithiú go ndéanfar
beart réitigh nuair is gá, ba cheart don Bhord, i gcomhar leis an údarás
inniúil ábhartha nó leis an BCE, géarfhaireachán a dhéanamh ar staid na n‑institiúidí
lena mbaineann agus ar an gcaoi a bhfuil na hinstitiúidí sin ag comhlíonadh aon
bhirt luath‑idirghabhála a rinneadh ina leith. (27) D'fhonn cur isteach ar an
margadh airgeadais agus ar an ngeilleagar a laghdú a oiread is féidir é, ba
cheart an próiseas réitigh a chur i gcrích laistigh d'achar gearr ama. Ba
cheart rochtain a bheith ag an gCoimisiún, ó thús deireadh an phróisis réitigh,
ar aon fhaisnéis a measann sé gá a bheith léi chun cinneadh eolasach a dhéanamh
sa phróiseas réitigh. I gcás ina gcinneann an Coimisiún ar institiúid a chur
faoi réiteach, ba cheart don Choimisiún scéim réitigh a ghlacadh láithreach
lena leagfar síos sonraí na n‑uirlisí réitigh agus na cumhachtaí atá le
húsáid, agus aon socruithe um maoiniú atá le húsáid. (28) Dá ndéanfaí institiúid a
mbeadh ag cliseadh uirthi a leachtú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta
d'fhéadfaí an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol, d'fhéadfaí cur as do
sholáthar seirbhísí riachtanacha, agus d'fhéadfaí difear a dhéanamh do chosaint
taisceoirí. Sa chás sin is le leas an phobail é uirlisí réitigh a úsáid. Dá
bhrí sin, ba cheart a bheith de chuspóir ag réiteach a dhéanamh leanúnachas
seirbhísí riachtanacha a áirithiú, cobhsaíocht an chórais airgeadais a
chaomhnú, baol morálta a laghdú trí spleáchas ar an tacaíocht airgeadais poiblí
a thugtar d'institiúidí a bhfuil ag cliseadh orthu a laghdú a oiread is féidir
é, agus taisceoirí a chosaint. (29) Mar sin féin, ba cheart
cuimhneamh ar institiúid dhócmhainneach a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí
dócmhainneachta sula ndéantar cinneadh í a choinneáil ag dul mar ghnóthas
leantach. Ba cheart institiúid dhócmhainneach a choinneáil ag dul mar ghnóthas
leantach chun críche na cobhsaíochta airgeadais, agus a oiread úsáide is féidir
é á baint as cistí príobháideacha chuige sin. D'fhéadfaí sin a dhéanamh trína dhíol nó trína chumasc le ceannaitheoir
de chuid na hearnála príobháidí, nó trí bhíthin dliteanais na hinstitiúide a
dhíluacháil nó a cuid fiachais a chomhshó ina cothromas chun athchaipitliú a
dhéanamh. (30) Agus cumhachtaí réitigh á
bhfeidhmiú aige, ba cheart don Choimisiún agus don Bhord deimhin a dhéanamh de
go n‑iompróidh scarshealbhóirí agus creidiúnaithe cuid chuí de na
caillteanais, go n‑athrófar an lucht bainstíochta, agus go laghdófar
costais réitigh na hinstitiúide a oiread is fhéidir é, agus go gcaithfear ar an
dóigh chéanna le creidiúnaithe uile institiúide dócmhainní ar creidiúnaithe den
aicme chéanna iad. (31) Ba cheart na srianta ar
chearta scarshealbhóirí agus creidiúnaithe a bheith i gcomhréir le hAirteagal 52
den Chairt um Chearta Bunúsacha. Dá bhrí sin, níor cheart na huirlisí réitigh a
chur i bhfeidhm ach maidir leis na hinstitiúidí sin a bhfuil ag cliseadh orthu
nó is dóigh a mhainneoidh, agus nuair is gá sin chun cuspóir na cobhsaíochta
airgeadais a bhaint amach ar son an leasa choitinn. Go háirithe, ba cheart na
huirlísí réitigh a úsáid i gcás nach féidir an institiúid a fhoirceannadh de
réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta gan an córas airgeadais a dhíchobhsú agus i
gcás ina bhfuil gá leis na bearta d'fhonn aistriú gasta agus leanúnachas
feidhmeanna a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a áirithiú agus i gcás
nach bhfuil aon dóchúlacht réasúnach ann go dtiocfar ar réiteach eile
príobháideach, lena n‑áirítear na scarshealbhóirí atá ann cheana nó aon
tríú páirtí an caipiteal a mheadú ar shlí a d'fhágfadh go bhféadfaí
inmharthanacht na hinstitiúide a athbhunú. (32) Níor cheart cur isteach ar
cheart maoine a bheith díréireach. Dá thoradh sin, níor cheart gur mhó na
caillteanais a thabhódh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe ná na caillteanais
a thabhóidís dá ndéanfaí an institiúid a fhoirceannadh tráth déanta an chinnidh
maidir le réiteach. I gcás páirtaistriú sócmhainní institiúide atá faoi
réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig institiúid idirlinne, ba
cheart an chuid iarmharach den institiúid atá faoi réiteach a fhoirceannadh de
réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. D'fhonn scairshealbhóirí agus
creidiúnaithe na hinstitiúide atá ann cheana a chosaint le linn na nósanna
imeachta réitigh, ba cheart go mbeidís i dteideal a fháil mar íocaíocht a n‑éileamh
méid nach lú ná an méid a mheastar a gheobhaidís ar ais dá ndéanfaí an institiúid
ina hiomláine a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. (33) D'fhonn ceart scairshealbhóirí
a chosaint agus féachaint chuige nach bhfaighidh creidiúnaithe níos lú ná a
gheobhaidís de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart oibleagáidí
soiléire a leagan síos maidir le luacháil sócmhainní agus dliteanais na
hinstitiúide agus ba cheart leordhóthain ama a thabhairt chun a mheasúnú cén
chaoi a gcaithfí leo dá ndéanfaí an institiúid a scor de réir gnáthimeachtaí
dócmhainneachta. Ba cheart go bhféadfaí tús a chur leis an measúnú sin go luath
i gcéim na hidirghabhála. Sula ndéantar aon bheart réitigh, ba cheart
meastachán a dhéanamh ar luach iomlán shócmhainní agus dliteanais na
hinstitiúide agus measúnú ar an gcaoi a gcaithfí le scairshealbhóirí de réir
gnáthimeachtaí dócmhainneachta. (34) Tá sé tábhachtach caillteanais
a shainaithint nuair a chliseann ar institiúid. Is éard ba cheart a bheith ina
threoir rialaithe ag an luacháil ar shócmhainní agus dliteanais institiúidí a
bhfuil ag cliseadh uirthi a luach margaidh tráth a úsáidtear na huirlísí
réitigh, nuair atá na margaí ag feidhmiú i gceart. Nuair nach bhfuil na margaí
mífheidhmiúil amach is amach, is de réir luach fadtéarmach eacnamaíoch na
sócmhainní agus na ndliteanas, agus údar tugtha leis sin an luach sin, ba
cheart an luacháil a dhéanamh. Ba cheart go bhféadfadh an Bord, ar chúiseanna
práinne, luacháil ghasta shealadach a dhéanamh ar shócmhainní agus dliteanais
institiúide a bhfuil ag cliseadh uirthi, agus ba cheart feidhm a bheith ag an
luacháil sin nó go ndéantar luacháil neamhspleách. (35) D'fhonn a áirithiú go
leanfaidh an nós imeachta réitigh de bheith oibiachtúil agus cinnte, is gá an t‑ord
a leagan síos inar cheart éilimh neamhurraithe creidiúnaithe ar institiúid atá
faoi réiteach a díluacháil nó a chomhshó. D'fhonn srian a chur leis an mbaol go
dtabhóidh creidiúnaithe caillteanais is mó ná na caillteanais a thabhóidís dá
ndéanfaí an institiúid a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta,
ba cheart an t‑ord sin a bheith infheidhme i ngnáthimeachtaí
dócmhainneachta agus sa phróiseas díluachála nó comhshó arna dhéanamh mar chuid
de réiteach. D'éascódh sin praghsáil fiachais. (36) Ba cheart don Choimisiún creat
an bhirt réitigh a bheadh le déanamh de réir chúinsí an cháis a chur ar fáil
agus ba cheart go bhféadfadh sé na huirlisí réitigh uile ba ghá a úsáid a
ainmniú. Faoi chuimsiú an chreata shoiléir bheaicht sin, ba cheart don Bhord
cinneadh ar mhionsonraí na scéime réitigh. Ar na huirlisí réitigh ábhartha ba
cheart a bheith an uirlis díolacháin ghnó, an uirlis institiúide idirlinne, an
uirlis athshnámhaithe, an uirlis deighilte sócmhainní, uirlisí a ndéantar
foráil maidir leo le Treoir [ ]. Ba cheart go bhfágfadh an creat go bhféadfaí a
mheas an bhfuil na coinníollacha maidir le díluacháil agus comhshó na n‑ionstraimí
caipitil á gcomhlíonadh. (37) Ba cheart go bhfágfadh an
uirlis díolacháin ghnó go bhféadfaí an institiúid nó codanna dá gnó a dhíol le
ceannaitheoir amháin nó níos mó gan toiliú na scairshealbhóirí. (38) Ba cheart go bhfágfadh an
uirlis deighilte sócmhainní go bhféadfadh na húdaráis sócmhainní
tearcfheidhmíochta nó lagaithe a aistriú chuig meán eile. Níor cheart an uirlis
sin a úsáid ach amháin in éineacht le huirlisí eile ionas nach mbeidh buntáiste
míchuí san iomaíocht ag an institiúid a bhfuil ag cliseadh uirthi. (39) Ba cheart go n‑íoslaghdódh
córas éifeachtach réitigh na costais a iompraíonn an cáiníocóir de thoradh
réiteach institiúide a bhfuil ag cliseadh uirthi. Ina theannta sin, ba cheart
go n‑áiritheodh an córas go bhféadfaí fiú amháin institiúidí móra a
bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a réiteach gan an chobhsaíocht
airgeadais a chur i mbaol. Baineann an uirlis athshnámhaithe an cuspóir sin
amach trína áirithiú go dtiocfaidh caillteanais iomchuí ar scairshealbhóirí
agus creidiúnaithe agus go n‑iompróidh siad sciar iomchuí de na costais
sin. Chuige sin, ba cheart cumhachtaí díluachála reachtacha a bheith ina gcuid
den chreat réitigh mar rogha bhreise is féidir a úsáid in éineacht le huirlisí
eile réitigh, mar atá molta ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais. (40) D'fhonn a áirithiú go mbeidh
an tsolúbhthacht is gá ann chun caillteanais a leithdháileadh ar chreidiúnaithe
i gcineálacha éagsúla cásanna, is iomchuí a bheith in ann an uirlis athshnámhaithe
a úsáid i gcás inarb é an cuspóir atáthar ag iarraidh a bhaint amach an
institiúid a bhfuil ag cliseadh uirthi a réiteach mar ghnóthas leantach má tá
fíorsheans ann go bhféadfar inmharthanacht na hinstitiúide a athbhunú, agus
chomh leis sin i gcás ina ndéantar seirbhísí a bhfuil tábhacht shistéamach ag
baint leo a aistriú go hinstitiúid idirlinne agus go scoireann cuid iarmharach
na hinstitiúide de bheith ag feidhmiú go bhfoirceanntar í. (41) I gcás ina n‑úsáidtear
uirlis athshnámhaithe chun caipitil na hinstitiúide a bhfuil ag cliseadh uirthi
a athbhunú d'fhonn é a chur ar a cumas a bheith ag feidhmiú mar ghnóthas
leantach, ba cheart a bheith ag gabháil le haon réiteach trí bhíthin athshnámhú
athrú an luchta bainistíochta agus ina dhiaidh sin athstruchtúrú na
hinstitiúide agus a cuid gníomhaíochtaí ar dhóigh a leigheasfar na cúiseanna
lena cliseadh. Ba cheart t‑athstruchtúrú a bhaint amach trí phlean
atheagrucháin ghnó a chur i bhfeidhm. (42) Níl sé iomchuí an uirlis
athshnámhaithe a chur i bhfeidhm maidir le héilimh atá urraithe,
comhthaobhaithe nó ráthaithe ar bhealach eile. Mar sin féin, d'fhonn a chinntiú
go mbeidh an uirlis athshnámhaithe éifeachtach agus go mbainfidh sé amach a
cuid cuspóirí, ba cheart go bhféadfaí í a chur i bhfeidhm maidir lena oiread
cineálacha dliteanas neamhurraithe de chuid institiúide a bhfuil ag cliseadh
uirthi agus is féidir é. Mar sin féin, is iomchuí cineálacha áirithe dliteanas
neamhurraithe a eisiamh ó raon feidhme na huirlise athshnámhaithe. Ar
chúiseanna a bhaineann le beartas poiblí agus réiteach éifeachtach, níor cheart
feidhm a bheith ag an uirlis athshnámhaithe maidir leis na taiscí sin atá faoi
chosaint ag Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15], ná dliteanais fostaithe de
chuid na hinstitiúide a bhfuil ag teip uirthi, ná éilimh thráchtála a bhaineann
le hearraí agus seirbhísí a theastaíonn le haghaidh fheidhmiú leathúil na
hinstitiúide. (43) Taisceoirí a bhfuil taiscí acu
atá faoi ráthaíocht ag scéim ráthaithe taiscí, níor cheart an uirlis
athshnámhaithe a chur i bhfeidhm maidir leo. Is amhlaidh, áfach, atá an scéim
ráthaithe taiscí ina cuidiú an próiseas réitigh a mhaoiniú, suas go dtí an méid
a chaithfeadh sí na taisceoirí a shlánú. Chinnteodh feidhmiú na gcumhachtaí
athshnámhaithe go mbeadh rochtain i gcónaí ag taisceoirí ar a gcuid taiscí,
agus is é sin an phríomhchúis ar bunaíodh na scéimeanna ráthaithe taiscí. Mura
ndéanfaí foráil maidir le feidhmiú na scéimeanna sin sna cásanna sin bheadh
buntáiste eagothrom ag creidiúnaithe a bheadh faoi réir fheidhmiú na
gcumhachtaí ag an údarás réitigh. (44) D'fhonn comhroinnt ualaigh
idir scairshealbhóirí agus creidiúnaithe sóisearacha a chur i bhfeidhm, mar a
cheanglaítear leis na rialacha maidir le Státchabhair, d'fhéadfadh feidhm a
bheith ag an sásra aonair réitigh, ar analach, nuair a thiocfaidh an Rialachán
seo i bhfeidhm, maidir leis an uirlis athshnámhaithe. (45) Ionas nach gcuirfidh
institiúidí struchtúr ar a gcuid dliteanas a bhacfadh éifeachtacht na huirlise
athshnámhaithe, ba cheart go bhféadfadh an Bord a shuíomh go bhfuil ag na
hinstitiúidí, agus é sloinnte mar chéatadán de dhliteanais iomlána na
hinstitiúide, méid comhiomlán de chistí dílse, d'fhofhiachas, agus de
dhliteanais shinsearacha atá faoi réir na huirlise athshnámhaithe, nach cistí
dílse iad chun críche Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle[16]
ná chun críche Threoir 2013/36/AE an 26 Meitheamh 2013 ó Pharlaimint
na hEorpa [17]agus
ón gComhairle, ar nithe iad sin ba cheart a bheith ag na hinstitiúidí i gcónaí. (46) Is i bhfianaise chúinsí an
cháis i gceist ba cheart an modh is fearr réitigh a roghnú, agus chuige sin ba
cheart gach uirlis réitigh dá bhforáiltear le Treoir [ ] a chur ar fáil. (47) Le Treoir [ ] tugtar d'údaráis
náisiúnta réitigh an chumhacht ionstraimí caipitil a dhíluacháil agus a
chomhshó, de bhrí go bhféadfadh na coinníollacha maidir le díluacháil agus
comhshó ionstraimí capitil a bheith mar an gcéanna leis na coinníollacha
réitigh agus sa chás sin tá measúnú le déanamh féachaint an bhfuil díluacháil
agus comhshó na n‑ionstraimí caipitil leordhóthanach ann féin le sláine
airgeadais an eintitis lena mbaineann a athbhunú nó an gá beart réitigh a
dhéanamh freisin. De ghnáth úsáidfear an chumhacht sin mar chuid de réiteach.
Ba cheart go nglacfadh an Coimisiún áit na n‑údarás réitigh a fhad a
bhaineann leis an bhfeidhm seo freisin, agus dá bhrí sin ba cheart a thabhairt
de chumhacht dó measúnú a dhéanamh ar cé acu atá na coinníollacha maidir le
dílucháil agus comhshó na n‑ionstraimí caipitil á gcomhlíonadh nó nach
bhfuil agus cinneadh a dhéanamh maidir le heintiteas a chur faoi réiteach, má
tá na ceanglais maidir le réiteach á gcomhlíonadh freisin. (48) Ba cheart éifeachtacht agus
aonfhoirmeacht beart réitigh a áirithiú sna Ballstáit uile ar rannpháirtithe
iad. Chuige sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Bhord, i gcásanna
eisceachtúla agus i gcás nach bhfuil curtha i bhfeidhm nó nach bhfuil curtha i
bhfeidhm go leordhóthanach ag údarás náisiúnta réitigh cinneadh ón mBord maidir
le cearta, sócmhainní nó dliteanais de chuid institiúide faoi réiteach a
aistriú chuig duine eile nó cinneadh uaidh ag ceangal comhshó ionstraimí
fiachais ina bhfuil téarma conarthach i leith comhshó a dhéanamh i gcúinsí
áirithe. Aon bheart a dhéanfadh údaráis náisiúnta réitigh a chuirfeadh srian ar
fheidhmiú chumhachtaí nó feidhmeanna an Bhoird nó a dhéanfadh difear dóibh, ba
cheart iad a eisiamh. (49) D'fhonn feabhas a chur ar
éifeachtacht an tsásra aonair réitigh, ba cheart don Bhord oibriú i
ndlúthchomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach i ngach uile chás. Nuair is
iomchuí, ba cheart don Bhord oibriú i gcomhar freisin leis an Údarás Eorpach um
Urrúis agus Margaí, leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus
leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach, agus leis na húdaráis eile ar cuid
den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais iad. Ina theannta sin, ba cheart
don Bhord oibriú i ndlúthchomhar leis an BCE agus le húdaráis eile a bhfuil sé
de chumhacht acu maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa laistigh den
sásra maoirseachta aonair, go háirithe i gcás grúpaí atá faoi réir mhaoirseacht
an BCE. D'fhonn an próiseas réitigh bainc a bhfuil ag cliseadh uirthi a
bhainistiú go héifeachtach, ba cheart don Bhord oibriú i gcomhar leis na húdaráis
náisiúnta réitigh i ngach céim den phróiseas réitigh. Dá bhrí sin, is gá oibriú
i gcomhar leis na húdaráis sin ní amháin ní amháin nuair atá cinntí réitigh an
Bhoird á gcur chun feidhme, ach ina theannta sin roimh ghlacadh aon chinneadh
maidir le réiteach, le linn chéim phleanáil an réitigh nó le linn céim na luath‑idirghabhála. (50) Ó tharla go bhfuil an Bord
ceaptha áit údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad a
ghlacadh a fhad a bhaineann le cinntí maidir le réiteach, ba cheart go nglacfadh
an Bord áit na n‑údarás sin a fhad a bhaineann le comhar le Ballstáit
nach rannpháirtithe iad ó thaobh feidhmeanna réitigh freisin. Go háirithe, ba
cheart don Bhord ionadaíocht a dhéanamh d'údarás uile na mBallstát ar
rannpháirtithe iad sna coláistí réitigh, lena n‑áirítear údaráis de chuid
Ballstát nach rannpháirtithe iad. (51) Ó tharla go mbíonn go leor
institiúidí ag feidhmiú ní amháin san Aontas, ach go hidirnáisiúnta freisin, ní
mór do shásra réitigh, le bheith éifeachtach, prionsabail i leith comhair le
húdaráis ábhartha tríú tíortha a leagan amach. Aon tacaíocht a thugtar
d'údaráis tríú tíortha, is i gcomréir leis an gcreat dlí dá bhforáiltear le hAirteagal 88
de Threoir [ ] ba cheart í a thabhairt. Chun na críche sin, ó tharla gur cheart
an Bord a bheith ar an aon údarás a mbeadh sé de chumhacht aige bainc a bhfuil
ag cliseadh orthu a réiteach sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad, ba cheart a
thabhairt de chumhacht don Bhord, agus dó-san amhain, comhaontais
neamhcheangailteacha comhair le húdaráis sin na dtríú tíortha, thar ceann
údaráis náisiúnta na mBallstát ar rannpháirtithe iad. (52) D'fhonn a cuid cúraimí a
dhéanamh go héifeachtach, ba cheart cumhachtaí iomchuí imscrúdaithe a bheith ag
an mBord. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht aige gach faisnéis is gá a
iarraidh go díreach, nó trí údaráis náisiúnta réitigh, agus imscrúduithe agus
cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, nuair is iomchuí i gcomhar leis na
húdaráis náisiúnta inniúla. A fhad a bhaineann le réiteach a dhéanamh,
d'fhéadfadh an Bord dul i mbun cigireachtaí ar an láthair chun faireachán
éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme ag údaráis náisiúnta agus d'fhonn a
chinntiú ar bhonn faisnéis lánchruinn a dhéanfaidh an Coimisiún agus an Bord a
gcuid cinntí. (53) D'fhonn a chinntiú go mbeidh
rochtain ag an mBord ar gach faisnéis ábhartha, níor cheart go bhféadfadh na
fostaithe dul in iontaoibh rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil chun cosc a
chur ar nochtadh faisnéise don Bhord. (54) D'fhonn a chinntiú go n‑urramófar
cinntí arna nglacadh faoi chuimsiú chreat an tsásra aonair réitigh, ba cheart
smachtbhannaí comhréireacha athchomhairleacha a fhorchur i gcás sárú. Ba cheart
an bord a bheith i dteideal treoir a thabhairt d'údaráis náisiúnta réitigh
fíneálacha nó íocaíochtaí píonóis thréimhsiúla a fhorchur ar ghóthais as gan na
hoibleagáidí a thagann as a gcuid cinntí a chomhlíonadh. D'fhonn cleachtais
fhorfheidhmiúcháin atá comhleanúnach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú,
ba cheart an Bord a bheith i dteideal treoirlínte a eisiúint chuig údaráis
náisiúnta réitigh maidir le cur i bhfeidhm fíneálacha agus íocaíochtaí píonóis. (55) I gcás ina sáraíonn údarás
náisiúnta réitigh rialacha an tsásra aonair réitigh trí gan na cumhachtaí a
úsáid arna dtabhairt dó de réir dlí náisiúnta chun treoir ón mBord a chur chun
feidhme, féadfaidh an Ballstáit lena mbaineann a bheith faoi dhliteanas aon
damáiste a dhéantar do dhaoine aonair a chúiteamh, lena n‑áirítear, nuair
is infheidhme, maidir leis an eintiteas nó maidir leis an ngrúpa faoi réiteach,
nó aon damáiste a dhéantar do chreidiúnaí nó d'aon chuid den eintiteas nó den
ghrúpa sin in aon Bhallstát, i gcomhréir leis an gcásdlí sin. (56) Ba cheart rialacha iomchuí a
leagan síos lena rialófar buiséad an Bhoird, ullmhú an bhuiséid, glacadh rialacha
inmheánacha lena sonrófar an nós imeachta i ndáil lena bhuiséad a bhunú agus a
chur chun feidhme, agus iniúchadh inmheánach agus seachtrach na gcuntas. (57) Tá imthosca ann ina
bhféadfaidh éifeachtúlacht na n‑uirlisí réitigh arna gcur i bhfeidhm a
bheith ag brath ar mhaoiniú gearrthéarmach a bheith ar fáil don institiúid nó
d'institiúid idirlinne, ar ráthaíochtaí a thabhairt do cheannaitheoirí
ionchasacha, nó ar sholáthar caipitil d'institiúid idirlinne. Tá sé
tábhachtach, dá bhrí sin, ciste a bhunú chun a áirithiú nach n‑úsáidtear
cistí poiblí chun na gcríoch sin. (58) Ní mór a áirithiú go bhfuil
iomlán an Chiste ar fáil chun institiúidí a bhfuil ag cliseadh orthu a
réiteach. Dá bhrí sin, níor cheart an Ciste a úsáid chun críche eile seachas
cur chun feidhme éifeachtúil uirlisí agus cumhachtaí réitigh. Ina theannta sin,
níor cheart é a úsáid ach i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail
réitigh is infheidhme. Dá réir sin, ba cheart don Bhord a áirithiú gurb iad
scairshealbhóirí agus creidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach a íocann i
dtús báire aon chaillteanais, costais nó aon speansais eile a thabhaítear i
dtaobh úsáid na n‑uirlisí réitigh. Níor cheart don Chiste na
caillteanais, costais ná speansais eile a íoc ach i gcás ina bhfuil na hacmhainní
ó scairshealbhóirí agus ó chreidiúnaithe ídithe. (59) Go ginearálta, ba cheart
ranníocaíochtaí a bhailiú ón tionscal airgeadais roimh aon oibríocht réitigh
agus neamhspleách ar aon oibríocht réitigh. Nuair nach leor réamh‑mhaoiniú
chun na caillteanais ná na costais arna dtabhú le húsáid an Chiste a chumhdach,
ba cheart ranníocaíochtaí breise a thiomsú chun an costas nó caillteanas breise
a iompar. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an Ciste in ann iasachtaí nó
cineálacha eile tacaíochta a fháil faoi chonradh ó institiúidí airgeadais nó ó
thríú páirtithe eile i gcás nach leor na cistí atá ar fáil dó chun na
caillteanais, na costais agus na speanais eile arna dtabhú le húsáid an Chiste
a chumhdach, agus i gcás nach bhfuil rochtain láithreach ar na ranníocaíochtaí
urghnácha ex post. (60) Chun mais chriticiúil a bhaint
amach agus chun éifeachtaí comh‑thimthriallacha a sheachaint, a thiocfadh
chun cinn dá mbeadh ar an gCiste a bheith ag brath ar ranníocaíochtaí ex post
amháin le linn géarchéime sistéamaí, ní foláir acmhainní airgeadais an Chiste
atá ar fáil ex ante a bheith ar spriocleibhéal áirithe. (61) Ba cheart tréimhse iomchuí a
shocrú chun an spriocleibhéal maoiniúcháin a bhaint amach don Chiste. Mar sin
féin, ba cheart go mbeadh an Bord in ann tréimhse na ranníocaíochta a
choigeartú chun eisíocaíochtaí suntasacha arna ndéanamh as an gCiste a chur san
áireamh. (62) I gcás ina bhfuil socruithe
náisiúnta um maoiniú réitigh bunaithe cheana féin ag na Ballstáit ar
rannpháirtithe iad, ba cheart dóibh a bheith in ann foráil a dhéanamh go n‑úsáidfidh
na socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil
dóibh, arna mbailiú ó institiúidí roimhe sin trí bhíthin ranníocaíochtaí ex
ante, chun institiúidí a chúiteamh i leith na ranníocaíochtaí ex ante is ceart
do na hinstitiúidí sin a íoc isteach sa Chiste. Ba cheart an aisíocaíocht sin a
bheith gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát de réir Threoir 94/18/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18]. (63) D'fhonn a áirithiú go ndéantar
ríomh cothrom ar ranníocaíochtaí agus chun dreasachtaí a sholáthar le hoibriú
de réir samhla lena mbaineann níos lú riosca, ba cheart a áireamh i
ranníocaíochtaí leis an gCiste an méid riosca a thabhaíonn institiúidí
creidmheasa. (64) D'fhonn a áirithiú go
roinntear costais réitigh go cuí idir scéimeanna ráthaithe taiscí agus an
Ciste, féadfaidh an scéim ráthaithe taiscí a bhfuil institiúid faoi réiteach
cleamhnaithe léi a bheith faoi dhliteanas, suas le méid na dtaiscí cumhdaithe,
i ndáil le méid na gcaillteanas a mbeadh uirthi a íoc dá ndéanfaí an institiúid
a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. (65) D'fhonn luach na méideanna atá
sa Chiste a chosaint, ba cheart na méideanna sin a infheistiú i sócmhainní atá
sábháilte a ndóthain, éagsúlaithe agus leachtach. (66) Ba cheart a thabhairt de
chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
CFAE d'fhonn an cineál ranníocaíochta leis an gCiste a chinneadh, cad chuige na
ranníocaíochtaí, an bealach ina ríomhtar méid na ranníocaíochtaí agus an
bealach ina bhfuil siad le híoc; rialacha maidir le clárú, cuntasaíocht,
tuairisciú agus eile a shonrú chun a áirithiú go n‑íoctar ranníocaíochtaí
ina n‑iomláine agus go tráthúil; an córas ranníocaíochtaí a chinneadh
d’institiúidí atá údaraithe oibriú tar éis don Chiste a spriocleibhéal a bhaint
amach; na critéir a chinneadh i ndáil leis na ranníocaíochtaí a dhéanamh i
dtráthchodanna de réir a chéile; na himthosca a chinneadh faoinar féidir
ranníocaíochtaí a dhéanamh roimh ré; na critéir lena mbunaítear na
ranníocaíochtaí bliantúla a chinneadh; na bearta a chinneadh lena sonrófar na
himthosca agus na rialacha mionsonraithe faoinar féidir institiúid a dhíolmhú i
bpáirt nó ina hiomláine ó ranníocaíochtaí ex post, agus na bearta chun na
cúinsí agus na rialacha mionsonraithe a shonrú faoinar féidir institiúid a
dhíolmhú i bpáirt nó ina hiomláine ó ranníocaíochtaí ex post. (67) D'fhonn rúndacht obair an
Bhoird a chaomhnú, ba cheart a bhaill, foireann an Bhoird, lena n‑áirítear
an fhoireann a mhalartaítear leis na Ballstáit ar rannpháirtithe iad, nó a
thugtar ar iasacht dóibh chun críche dualgais réitigh a thabhairt i gcrích, a
bheith faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, fiú tar éis deireadh a
theacht lena ndualgais. Chun críche na cúraimí arna dtabhairt dó a thabhairt i
gcrích, ba cheart an Bord a údarú, faoi réir coinníollacha áirithe, faisnéis a
mhalartú le húdaráis agus comhlachtaí náisiúnta nó de chuid an Aontais. (68) D'fhonn a áirithiú go ndéantar
ionadaíocht ar an mBord sa Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais, ba cheart
Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a leasú chun an Bord a áirithiú i
gcoincheap na n‑údarás inniúil arna bhunú leis an Rialachán sin. Tá an
comhshamhlú sin idir an Bord agus na húdaráis inniúil de bhun Rialachán Uimh. 1093/2010
ag teacht leis na feidhmeanna atá sannta don BCE de bhun Airteagal 25 de
Rialachán Uimh. 1093/2010 cuidiú le forbairt agus comhordú pleananna
téarnaimh agus réitigh, agus páirt ghníomhach a ghlacadh iontu, agus díriú ar
réiteach na n‑institiúidí a bhfuil ag cliseadh orthu, go háirithe grúpaí
trasteorann, a éascú. (69) Go dtí go mbeidh an Bord
lánoibríochtúil, ba cheart don Choimisiún bheith freagrach as na hoibríochtaí
tosaigh lena n‑áirítear na ranníocaíochtaí a bhailiú is gá chun speansais
riaracháin a chumhdach, agus stiúrthóir feidhmiúcháin eatramhach a ainmniú chun
na híocaíochtaí ar fad is gá a údarú thar ceann an Bhoird. (70) Urramaíonn an Rialachán seo na
cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta
Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, eadhon an ceart chun maoine, sonraí pearsanta a
chosaint, an ceart chun gnóthas a chur ar bun, an ceart chun leigheas
éifeachtach agus triail chóir a fháil, agus ní mór é a chur chun feidhme i
gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin. (71) Ós rud é nach féidir cuspóirí
an Rialacháin seo, eadhon creat aonair Eorpach atá éifeachtúil agus éifeachtach
a bhunú chun institiúidí creidmheasa a réiteach, agus a áirithiú go gcuirtear
na rialacha maidir le réiteach i bhfeidhm ar bhonn comhsheasmhach, a bhaint
amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr is féidir, dá
bhrí sin, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas
bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha
amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le
prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an
Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: CUID I
FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 1
Ábhar Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha
aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach chun na heintitis dá dtagraítear
in Airteagal 2 a réiteach, ar eintitis iad atá bunaithe sna Ballstáit ar
rannpháirtithe iad dá dtagraítear in Airteagal 4. Cuirfidh an Coimisiún i gcomhar le Bord agus
údaráis réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad na rialacha aonfhoirmeacha
agus an nós imeachta aonfhoirmeach sin i bhfeidhm faoi chuimsiú sásra aonair réitigh
arna bhunú leis an Rialachán seo. Tacóidh ciste aonair réitigh banc (an 'Ciste'
anseo feasta) leis an sásra aonair réitigh. Airteagal 2
Raon feidhme Beidh feidhm ag an Rialachán maidir leis na
heintitis seo a leanas: (a)
institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit
ar rannpháirtithe iad; (b)
máthairghnóthais atá bunaithe i gceann amháin de na
Ballstáit rannpháirteacha, lena n‑áirítear cuideachtaí sealbhaíochta
airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha nuair atá siad
faoi réir maoirseachta comhdhlúite arna déanamh ag an mBanc Ceannais Eorpach i
gcomhréir le hAirteagal 4(1)(i) de Rialachán (AE) Uimh. [] lena
dtugtar cúraimí sonracha don BCE maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht
stuamachta ar institiúidí creidmheasa; (c)
gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí
airgeadais atá bunaithe i mBallstáit ar rannpháirtithe iad nuair atá siad
cumhdaithe ag maoirseacht chomhdhlúite an mháthairghnóthais arna déanamh ag an
BCE i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(i) de Rialachán (AE) Uimh. [] ón gComhairle. Airteagal 3
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe atá leagtha síos in Airteagal 2 de Threoir [ ]
agus in Airteagal 3 de Threoir 2013/36/AE an 26 Meitheamh 2013 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[19].
Ina theannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (1)
ciallaíonn 'údarás náisiúnta inniúil' aon údarás
náisiúnta inniúil mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE)
Uimh. [ ] ón gComhairle; (2)
ciallaíonn 'údarás náisiúnta réitigh' údarás arna
ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir [ ] ; (3)
ciallaíonn 'beart réitigh' uirlis réitigh a chur i
bhfeidhm maidir le hinstitiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2,
nó cumhacht réitigh amháin nó níos mó a fheidhmiú ina leith; (4)
ciallaíonn 'taiscí cumhdaithe' taiscí atá ráthaithe
faoi scéimeanna ráthaithe taiscí de réir dlí náisiúnta i gcomhréir le
Treoir 94/19/CE agus suas leis an leibhéal cumhdaigh dá bhforáiltear in Airteagal 7
de Threoir 94/19/CE; (5)
ciallaíonn 'taiscí incháilithe' taiscí mar atá
sainmhínithe in Airteagal 1 de Threoir 94/19/CE nach n‑eisiatar ó
chosaint de réir Airteagal 2 den Treoir sin, is cuma cén méid atá iontu; (6)
ciallaíonn 'údarás réitigh ar leibhéal grúpa'
údarás náisiúnta réitigh an Bhallstáit ar rannpháirtí é agus ina bhfuil an
institiúid, nó an máthairghnóthas atá faoi réir maoirseachta comhdhlúite
bunaithe; (7)
ciallaíonn 'institiúid chreidmheasa' institiúid
chreidmheasa mar atá sainmhínithe i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de
Rialachán 575/2013[20]; (8)
ciallaíonn 'gnólacht infheistíochta' gnólacht
infheistíochta mar atá sainmhínithe i bpointe (2) d'Airteagal 4(1) de
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus atá faoi réir cheanglas an chaipitil
tosaigh atá sonraithe in Airteagal 9 den Rialachán sin; (9)
ciallaíonn 'institiúid airgeadais' institiúid
airgeadais mar atá sainmhínithe i bpointe (26) d'Airteagal 4(1) de
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; (10)
ciallaíonn 'máthairghnóthas' máthairghnóthas mar
atá sainmhínithe i bpointe (15) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013,
lena n‑áirítear institiúid, cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó
cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha; (11)
ciallaíonn 'institiúid faoi réiteach' eintiteas dá
dtagraítear in Airteagal 2 a ndéantar beart réitigh ina leith; (12)
ciallaíonn 'institiúid' institiúid chreidmheasa, nó
gnólacht infheistíochta atá cumhdaithe faoi mhaoirseacht chomhdhlúite i
gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 2; (13)
ciallaíonn 'grúpa' máthairghnóthas agus a
fhochuideachtaí, arb eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 iad; (14)
ciallaíonn 'fochuideachtaí' fochuideachta mar atá
sainmhínithe i bpointe (16) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; (15)
ciallaíonn 'uirlis díolacháin ghnó' ionstraimí
úinéireachta, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais institiúide a chomhlíonann na
coinníollacha maidir le réiteach a aistriú chuig ceannaitheoir nach institiúid
idirlinne é; (16)
ciallaíonn 'uirlis institiúide idirlinne'
sócmhainní, cearta nó dliteanais institiúide a chomhlíonann na coinníollacha
maidir le réiteach a aistriú chuig institiúid idirlinne; (17)
ciallaíonn 'uirlis deighilte sócmhainní' sócmhainní
agus cearta institiúide a chomhlíonann na coinníollacha maidir le réiteach a
aistriú chuig meán bainistíochta sócmhainní; (18)
ciallaíonn 'uirlis athshnámhaithe' cumhachtaí
díluachála agus comhshó dliteanas institiúide a chomhlíonann na coinníollacha
maidir le réiteach; (19)
ciallaíonn 'acmhainní airgeadais atá ar fáil' an t‑airgead
tirim, na taiscí, na sócmhainní agus na gealltanais íocaíochta neamh‑inchúlghairthe
atá ar fáil don Chiste chun na gcríoch atá liostaithe faoi Airteagal 74; (20)
ciallaíonn 'spriocleibhéal maoiniúcháin' méid na n‑acmhainní
airgeadais atá ar fáil a bheidh le baint amach de réir Airteagal 68. Airteagal 4
Ballstáit ar rannpháirtithe iad Ballstát ar rannpháirtí é is ea Ballstát a
bhfuil an euro mar airgeadra aige nó Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra
aige ach a bhfuil dlúthchomhar bunaithe aige i gcomhréir le hAirteagal 7
de Rialachán (AE) Uimh. [ ] ón gComhairle. Airteagal 5
Gaol le Treoir [ ] agus an dlí náisiúnta is infheidhme 1. I gcás ina bhfeidhmíonn an
Coimisiún nó an Bord, de bhua an Rialacháin seo, cúraimí nó cumhachtaí atá le
feidhmiú, de réir Threoir [ ] ag údarás náisiúnta réitigh Ballstáit ar
rannpháirtí é, measfar, d'fhonn an Rialachán seo agus Treoir [ ] a chur i
bhfeidhm, gurb é an Bord an t‑údarás náisiúnta réitigh ábhartha nó, i
gcás réitigh grúpa trasteorann, an t‑údarás náisiúnta ábhartha réitigh ar
leibhéal grúpa. 2. Feidhmeoidh an Bord, nuair
atá sé ag feidhmiú mar údarás náisiúnta réitigh, faoi údarú an Choimisiúin, nuair
is ábhartha. 3. Faoi réir fhorálacha an
Rialacháin seo, feidhmeoidh údaráis náisiúnta réitigh an Bhallstáit ar
rannpháirtí é ar bhonn fhorálacha ábhartha an dlí náisiúnta, agus i gcomhréir
leis na forálacha sin, mar atá comhchuibhithe le Treoir [ ]. Airteagal 6
Prionsabail ghinearálta 1. Ní dhéanfaidh aon bheart,
togra nó beartas de chuid an Bhoird, an Choimisiúin ná údaráis náisiúnta
réitigh idirdhealú i gcoinne na n‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2,
i gcoinne sealbhóirí taiscí, infheisteoirí ná creidiúnaithe eile atá bunaithe
san Aontas, ar bhonn a náisiúntachta nó a n‑áite gnó. 2. Agus é ag déanamh cinntí nó i
mbun beart a dhéanamh, a d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar níos mó ná
Ballstát rannpháirteach amháin, agus go háirithe agus é ag déanamh cinntí a
bhaineann le grúpaí atá bunaithe in dhá Bhallstát rannpháirteacha nó níos mó,
tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na fachtóirí seo a leanas ar fad: (a)
leasanna na mBallstát ar rannpháirtithe iad ina n‑oibríonn
grúpa agus go háirithe tionchar aon chinnidh nó birt nó neamhbhirt i ndáil leis
an gcobhsaíocht airgeadais, an geilleagar, an scéim ráthaithe taiscí nó an
scéim cúitimh d'infheisteoirí in aon cheann de na Ballstáit sin; (b)
cuspóir leasanna na mBallstát éagsúil atá bainteach
a chomhardú agus dochar éagothrom do leasanna an Bhallstáit ar rannpháirtí é a
sheachaint nó cosaint éagothrom na leasanna sin a sheachaint; (c)
an gá atá le tionchar diúltach a sheachaint i gcás
codanna eile de ghrúpa ar ball de eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2
é, agus atá faoi réir réitigh; (d)
an gá atá le méadú díréireach ar na costais arna
bhforchur i leith creidiúnaithe na n‑eintiteas sin dá dtagraítear in Airteagal 2
a sheachaint, sa mhéad go mbeadh an méadú sin níos mó ná an méadú a bheadh
tabhaithe acu dá mbeadh na heintitis sin faoi réir gnáthimeachtaí
dócmhainneachta; (e)
na cinntí atá le déanamh de réir Airteagal 107
CFAE agus dá dtagraítear in Airteagal 16(10). 3. Déanfaidh an Coimisiún na
tosca dá dtagraítear i mír 2 a chomhardú leis na cuspóirí réitigh dá
dtagraítear in Airteagal 12 de réir mar is iomchuí ag féachaint do chineál
agus imthosca gach cáis. 4. Ní cheanglóidh aon chinneadh
de chuid an Bhoird ná an Choimisiúin ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais
phoiblí urghnách a sholáthar. CUID II
FORÁLACHA SONRACHA TEIDEAL I Feidhmeanna faoi chuimsiú an tSásra Aonair Réitigh agus rialacha nós
imeachta Caibidil 1 Pleanáil
réitigh Airteagal 7
Pleananna réitigh 1. Déanfaidh an Bord pleananna
réitigh a tharraingt suas do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2
agus do ghrúpaí. 2. Chun críocha mhír 1,
agus gan dochar do Chaibidil 5 den Teideal seo, cuirfidh na húdaráis
náisiúnta réitigh ar aghaidh chuig an mBord an fhaisnéis ar fad is gá chun na
pleananna réitigh a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, mar a fuair siad
an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 12(1) de
Threoir [ ]. 3. Leagfar amach sa phlean
réitigh roghanna chun na huirlisí réitigh agus na cumhachtaí réitigh dá
dtagraítear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir leis na heintitis dá
dtagraítear in Airteagal 2. 4. Déanfar foráil sa phlean
réitigh maidir leis na bearta réitigh a fhéadfaidh an Coimisiún agus an Bord a
dhéanamh i gcás ina gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2
nó grúpa na coinníollacha maidir le réiteach. Tabharfar aird sa phlean réitigh
ar raon cásanna lena n‑áirítear go bhféadfadh cliseadh a bheith
neamhghnách nó go bhféadfadh sé tarlú tráth éagobhsaíochta airgeadais níos
leithne nó tráth teagmhas sistéamach. Ní thoimhdeofar sa phlean réitigh go bhfuil
aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas úsáid an Chiste a
bhunaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo. 5. Beidh na nithe seo a leanas
ar fad sa phlean réitigh: (a)
achoimre ar phríomheilimintí an phlean; (b)
achoimre ar na hathruithe ábhartha ar an institiúid
a tharla tar éis an fhaisnéis is déanaí faoin réiteach a bheith comhdaithe; (c)
léiriú ar conas a d’fhéadfaí feidhmeanna criticiúla
agus croílínte gnó a dheighilt go dlíthiúil agus go heacnamaíoch, a mhéid is
gá, ó fheidhmeanna eile chun leanúnachas a áirithiú i gcás chliseadh na
hinstitiúide; (d)
meastachán ar an tréimhse ama chun gach gné
ábhartha den phlean a fhorfheidhmiú; (e)
tuairisc mhionsonraithe ar an measúnú ar
inréiteacht arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8; (f)
tuairisc ar aon bhearta is gá de bhun Airteagal 8(5)
chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht arna sainaithint mar thoradh
ar an measúnú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8 nó chun deireadh a
chur leo; (g)
tuairisc ar na próisis chun an luach agus an
indíoltacht a chinneadh i ndáil le feidhmeanna criticiúla, croílínte gnó agus
sócmhainní na hinstitiúide; (h)
tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe chun a
áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a éilítear de bhun Airteagal 8 cothrom le
dáta agus ar fáil do na húdaráis réitigh an t‑am ar fad; (i)
míniú ón údarás réitigh maidir le conas a
d’fhéadfaí na roghanna réitigh a mhaoiniú gan aon toimhdiú i ndáil le tacaíocht
airgeadais phoiblí urghnách; (j)
tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí réitigh
éagsúla a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm de réir na gcásanna éagsúla a
d’fhéadfadh a bheith ann; (k)
tuairisc ar idirthuilleamaíochtaí criticiúla; (l)
anailís ar thionchar an phlean ar institiúidí eile
laistigh den ghrúpa; (m)
tuairisc ar roghanna chun rochtain ar íocaíochtaí
agus seirbhísí imréitigh agus bonneagair eile a chaomhnú; (n)
plean chun cumarsáid a dhéanamh leis na meáin agus
leis an bpobal; (o)
an t‑íoscheanglas maidir le cistí dílse agus
dliteanais inghlactha a cheanglaítear de bhun Airteagal 10 agus sprioc‑am
chun an leibhéal sin a bhaint amach, más infheidhme; (p)
más infheidhme, an t‑íoscheanglas maidir le
cistí dílse agus uirlisí athshnámhaithe conarthacha de bhun Airteagal 10,
agus sprioc‑am chun an leibhéal sin a bhaint amach, más infheidhme; (q)
tuairisc ar oibríochtaí agus córais riachtanacha
chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochta na hinstitiúide a choinneáil; (r)
tuairisc ar an tionchar a bheadh ag cur chun
feidhme an phlean ar fhostaithe, lena n‑áirítear measúnú ar aon chostais
lena mbaineann. 6. I bpleananna réitigh grúpa
beidh plean maidir le réiteach an ghrúpa ina iomláine agus sainaithneoidh siad
bearta le haghaidh réiteach na máthairghnóthas agus na bhfochuideachtaí atá mar
chuid den ghrúpa. 7. Déanfaidh an Bord na
pleananna réitigh a tharraingt suas i gcomhar leis an maoirseoir nó leis an
maoirseoir comhdhlúthaithe agus le húdaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ar
rannpháirtithe iad agus ina bhfuil na heintitis bunaithe. 8. Féadfaidh an Bord a cheangal
ar údaráis náisiúnta réitigh réamhdhréachtaí de phleananna réitigh a ullmhú
agus a cheangal ar an údarás réitigh ar leibhéal grúpa réamhdhréacht de phlean
réitigh grúpa a ullmhú. 9. Déanfar athbhreithniú ar
phleananna réitigh, agus más iomchuí tabharfar cothrom le dáta iad, go
bliantúil ar a laghad agus tar éis aon athruithe ar struchtúr dlíthiúil nó
eagraíochtúil na hinstitiúide nó ar a gnó nó a staid airgeadais a d’fhéadfadh
éifeacht ábhartha a bheith acu nó athrú a éileamh ar an bplean. Airteagal 8
Measúnú ar inréiteacht 1. Agus an Bord ag dréachtú
pleananna réitigh i gcomhréir le hAirteagal 7, tar éis dul i gcomhairle
leis an údarás inniúil, lena n‑áirítear an BCE, agus údaráis réitigh na
mBallstát rannpháirteacha ina bhfuil brainsí tábhachtacha lonnaithe, a mhéid
atá sé ábhartha don bhrainse tábhachtach sin, déanfaidh an Bord measúnú ar a
mhéid is féidir institiúidí agus grúpaí a réiteach gan toimhdiú i ndáil le
tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a bheith ann seachas úsáid an Chiste a
bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 64. 2. Agus plean réitigh á
dhréachtú aige do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, déanfaidh an
Bord measúnú ar a mhéid is féidir eintiteas den sórt sin a réiteach i gcomhréir
leis an Rialachán seo. Measfar gur féidir eintiteas a réiteach má tá sé
indéanta agus inchreidte ag an údarás réitigh é a leachtú de réir
gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó é a réiteach trí na huirlisí agus cumhachtaí
réitigh éagsúla a chur i bhfeidhm air gan iarmhairtí díobhálacha suntasacha a
bheith ann do chórais airgeadais, lena n‑áirítear imthosca ina bhfuil
éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais shistéamacha, an Bhallstáit
ina bhfuil an t‑eintiteas suite, nó na mBallstát eile, nó an Aontais ann
agus d’fhonn a áirithiú go leanfar d’fheidhmeanna criticiúla a dhéanann an t‑eintiteas. 3. Agus an Bord ag dréachtú
pleananna réitigh do ghrúpaí, déanfaidh sé measúnú ar a mhéid is féidir grúpaí
a réiteach i gcomhréir leis an Rialachán seo. Measfar gur féidir grúpa a
réiteach má tá sé indéanta agus inchreidte ag na húdaráis réitigh grúpeintitis
a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó grúpeintitis a
réiteach trí na huirlisí agus cumhachtaí réitigh a chur i bhfeidhm maidir le
grúpeintitis gan iarmhairtí díobhálacha suntasacha a bheith ann do chórais
airgeadais, lena n‑áirítear imthosca ina bhfuil éagobhsaíocht airgeadais
níos leithne nó teagmhais shistéamacha, na mBallstát ina bhfuil eintitis ar
cuid de ghrúpa iad suite, nó na mBallstát eile, nó an Aontais ann agus d’fhonn
a áirithiú go leanfar d’fheidhmeanna criticiúla a dhéanann na heintitis sin,
mar gur féidir iad a dheighilt go héasca agus go tráthúil nó ar bhealach eile. 4. Chun críche an mheasúnaithe,
scrúdóidh an Bord na hábhair atá sonraithe i Roinn C den Iarscríbhinn de
Threoir [ ] ar a laghad. 5. Más rud é, de bhun
measúnaithe ar inréiteacht eintitis nó grúpa arna dhéanamh i gcomhréir le mír 2
agus mír 3, agus tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, lena n‑áirítear
an BCE, go gcinnfidh an Bord go bhféadfadh baic shuntasacha a bheith ann ar
inréiteacht an eintitis nó an ghrúpa sin, ullmhóidh an Bord tuarascáil, i
gcomhairle leis na húdaráis inniúla, agus díreoidh sé í ar an institiúid nó
máthairghnóthas atá i mbun anailíse ar na baic shuntasacha ar chur i bhfeidhm
éifeachtach na n‑uirlisí réitigh agus feidhmiú na gcumhachtaí réitigh.
Molfar sa tuarascáil sin freisin aon bhearta is gá nó is iomchuí, dar leis an
mBord, chun deireadh a chur leis na baic sin i gcomhréir le mír 8. 6. Tabharfar fógra faoin
tuarascáil don eintiteas nó máthairghnóthas lena mbaineann, do na húdaráis
inniúla agus d’údaráis réitigh na mBallstát rannpháirteacha ina bhfuil brainsí
tábhachtacha lonnaithe. Ag gabháil leis an tuarascáil sin beidh cúiseanna leis
an measúnú nó cinneadh lena mbaineann agus léireofar conas a chomhlíonann an
measúnú nó cinneadh sin an ceanglas maidir le cur i bhfeidhm comhréireach atá leagtha
amach in Airteagal 6. 7. Laistigh de cheithre mhí tar
éis an tuarascáil a fháil, féadfaidh an t‑eintiteas nó máthairghnóthas
barúlacha a chur isteach agus bearta malartacha a mholadh don Bhord chun na
baic atá sainaitheanta sa tuarascáil a réiteach. Cuirfidh an Bord aon bheart a
mholann an t‑eintiteas nó máthairghnóthas in iúl do na húdaráis inniúla
agus d’údaráis réitigh na mBallstát rannpháirteacha ina bhfuil brainsí
tábhachtacha lonnaithe. 8. Mura gcuirfear deireadh leis
na baic ar inréiteacht trí na bearta a mholann an t‑eintiteas nó
máthairghnóthas lena mbaineann, déanfaidh an Bord cinneadh, tar éis dul i
gcomhairle leis an údarás inniúil agus, más iomchuí, leis an údarás
macrastuamachta, ina léireofar nach leor na bearta atá molta le deireadh éifeachtach
a chur leis na baic ar inréiteacht, agus ina dtabharfar treoir do na húdaráis
náisiúnta réitigh a cheangal ar an institiúid, an máthairghnóthas, nó aon
fhochuideachta de chuid an ghrúpa lena mbaineann, aon bhearta atá liostaithe i
mír 9 a dhéanamh, bunaithe ar na critéir seo a leanas: (a)
éifeachtacht an bhirt chun deireadh a chur leis na
baic ar inréiteacht; (b)
an gá atá le tionchar diúltach ar chobhsaíocht
airgeadais sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad a sheachaint; (c)
an gá tionchar ar an institiúid nó ar an ngrúpa
lena mbaineann a sheachaint, rud a rachadh thar a bhfuil riachtanach chun
deireadh a chur leis an mbac ar inréiteacht nó a bheadh díréireach. 9. Chun críche mhír 8,
tabharfaidh an Bord treoir do na húdaráis náisiúnta réitigh aon cheann de na
bearta seo a leanas a dhéanamh: (a)
a cheangal ar an eintiteas comhaontuithe seirbhíse
a tharraingt suas (laistigh de ghrúpaí nó le tríú páirtithe) chun soláthar
feidhmeanna criticiúla a áirithiú; (b)
a cheangal ar an eintiteas a neamhchosaintí uasta
aonair agus comhiomlána a theorannú; (c)
ceanglais faisnéise shonracha nó rialta atá
ábhartha chun críocha réitigh a fhorchur; (d)
a cheangal ar an eintiteas sócmhainní sonracha a
dhífheistiú; (e)
a cheangal ar an eintiteas gníomhaíochtaí sonracha
atá ann cheana nó atá beartaithe a theorannú nó a stopadh; (f)
forbairt línte gnó nua nó línte gnó atá ann cheana
nó díol táirgí nua nó táirgí atá ann cheana a shrianadh nó a chosc; (g)
athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochta an
eintitis nó aon eintitis atá i ngrúpa, atá á rialú aige go díreach nó go
hindíreach, a cheangal chun castacht a laghdú lena áirithiú go bhféadfar na
feidhmeanna criticiúla a dheighilt go dlíthiúil agus go hoibríochtúil ó
fheidhmeanna eile trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm; (h)
a cheangal ar eintiteas máthairchuideachta
shealbhaíochta airgeadais a bhunú i mBallstát nó máthairchuideachta
shealbhaíochta airgeadais a bhunú ar leibhéal an Aontais; (i)
a cheangal ar eintiteas dliteanais inghlactha a
eisiúint chun ceanglais Airteagal 10 a chomhlíonadh; (j)
a cheangal ar eintiteas iarracht a dhéanamh aon
dliteanas inghlactha, ionstraim bhreise Leibhéal 1 nó ionstraim
Leibhéal 2 atá eisithe aige a chaibidliú an athuair, d’fhonn a áirithiú go
mbeadh éifeacht le cinneadh an Choimisiúin an dliteanas nó an ionstraim sin a
dhíluacháil nó a chomhshó faoi dhlí na dlínse a rialaíonn an dliteanas nó an
ionstraim sin. 10. Déanfaidh na húdaráis
náisiúnta réitigh treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 26. Airteagal 9
Oibleagáidí simplithe agus tarscaoiltí 1. Féadfaidh an Bord, ar a
thionscnamh féin nó ar thogra ó údarás náisiúnta réitigh, oibleagáidí simplithe
a chur i bhfeidhm maidir le dréachtú na bpleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagal 7,
nó an oibleagáid maidir le dréachtú na bpleananna sin a tharscoileadh. 2. Féadfaidh údaráis náisiúnta
réitigh a mholadh don Bhord oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm nó an
oibleagáid maidir le pleananna réitigh a dhréachtú a tharscaoileadh i gcás
institiúidí nó grúpaí sonracha. Tabharfar cúiseanna réasúnaithe leis an togra sin
agus beidh an doiciméadacht ábhartha ar fad ag gabháil leis. 3. Tar éis dó togra a fháil de
bhun mhír 1, nó agus é ag gníomhú ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Bord
measúnú ar na hinstitiúidí nó ar an ngrúpa lena mbaineann. Le linn an measúnú
sin a dhéanamh, tabharfar aird ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag
cliseadh na hinstitiúide nó an ghrúpa ar mhargaí airgeadais, ar institiúidí
eile, nó ar choinníollacha maidir le maoiniú, de dheasca an chineáil ghnó atá
ar siúl aige nó aici, na méide atá ann nó inti nó na hidircheangailteachta le
hinstitiúidí eile nó leis an gcóras airgeadais i gcoitinne. 4. Déanfaidh an Bord measúnú ar
chur i bhfeidhm leanúnach na dtarscaoiltí ar bhonn bliantúil ar a laghad agus
ón dáta a thugtar an tarscaoileadh nó tar éis athrú ar struchtúr dlíthiúil nó
eagraíochtúil, nó ar staideanna gnó nó airgeadais na hinstitiúide nó an ghrúpa
lena mbaineann. Ní thabharfaidh an Bord tarscaoiltí d’institiúid i gcásanna ina
bhfuil ceann amháin nó níos mó d’fhochuideachtaí nó de bhrainsí tábhachtacha ag
an institiúid sin i mBallstát eile nó i dtríú tír. Ní chuirfidh an Bord oibleagáidí simplithe i
bhfeidhm ná ní tharscaoilfidh sé an oibleagáid maidir le pleananna réitigh a
dhréachtú a thuilleadh murab ann a thuilleadh d’aon cheann de na himthosca
faoinar cuireadh bonn cirt leo. I gcás ina measann an t‑údarás náisiúnta
réitigh, a mhol an oibleagáid shimplithe a chur i bhfeidhm nó tarscaoileadh a
thabhairt i gcomhréir le mír 1, nach mór an cinneadh maidir le hoibleagáid
shimplithe a chur i bhfeidhm nó tarscaoileadh a thabhairt a tharraingt siar,
cuirfidh sé togra faoi bhráid an Bhoird chun na críche sin. Sa chás sin,
déanfaidh an Bord cinneadh maidir leis an tarraingt siar atá beartaithe agus
cuirfidh sé an bonn cirt leis an tarraingt siar a thug an t‑údarás
náisiúnta réitigh, i bhfianaise na n‑eilimintí atá leagtha amach i mír 3,
san áireamh go hiomlán. 5. Féadfaidh an Bord, i
gcomhréir le mír 3 agus mír 4, maidir leis an oibleagáid i ndáil le
pleananna téarnaimh a dhréachtú, tarscaoileadh a thabhairt d’institiúidí aonair
atá cleamhnaithe le comhlacht lárnach i gcomhréir le hAirteagal 21 de
Threoir 2013/36/AE agus atá díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó cheanglais
stuamachta sa dlí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 2(5) de
Threoir 2013/36/AE. Sa chás sin, is ar bhonn comhdhlúite maidir leis an
gcomhlacht lárnach a bheidh feidhm ag an oibleagáid i ndáil leis an bplean
réitigh a dhréachtú. 6. Féadfaidh an Bord, i dtaca le
cur i bhfeidhm na hoibleagáide i ndáil le pleananna réitigh a dhréachtú,
tarscaoileadh a thabhairt d’institiúidí ar cuid de scéim chosanta
institiúideach iad i gcomhréir le hAirteagal 113(7) de Rialachán (AE)
Uimh. 575/2013. Agus cinneadh á dhéanamh aige tarscaoileadh a thabhairt
d’institiúid ar cuid de scéim chosanta institiúideach í, déanfaidh an Bord a
mheas cé chomh dhóichí atá sé go mbeidh an scéim cosanta institiúideach in ann
freastal ar na héilimh chomhuaineacha a bheidh ar an scéim maidir lena baill. 7. Cuirfidh an Bord an ÚBE ar an
eolas faoi mar atá míreanna 1, 4 agus 5 curtha i bhfeidhm aige. Airteagal 10
An t‑íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais inghlactha 1. Cinnfidh an Bord, i
gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n‑áirítear an BCE, an t‑íoscheanglas
maidir le cistí dílse agus dliteanais inghlactha, dá dtagraítear i mír 2,
faoi réir cumhachtaí díluachála agus comhshó, a mbeidh ar na hinstitiúidí agus
na máthairghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2 a chomhlíonadh. 2. Déanfar an t‑íoscheanglas
a ríomh mar mhéid na gcistí dílse agus na ndliteanas inghlactha arna sloinneadh
mar chéatadán d'iomlán na ndliteanas agus na gcistí dílse, gan dliteanais a
thagann as díorthaigh a áireamh, atá ag na hinstitiúidí agus na
máthairghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2. 3. Déanfar an cinneadh dá
dtagraítear i mír 1 ar bhonn na gcritéar seo a leanas: (a)
an gá a áirithiú gur féidir an institiúid agus
máthairghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 2 a réiteach trí na huirlisí
réitigh a chur i bhfeidhm lena n‑áirítear, más iomchuí, an uirlis
athshnámhaithe, ar dhóigh a chomhlíonann na cuspóirí réitigh; (b)
an gá a áirithiú, i gcásanna iomchuí, go bhfuil
dliteanais inghlactha leordhóthanacha ag an institiúid agus an máthairghnóthas
dá dtagraítear in Airteagal 2 chun a áirithiú, dá gcuirfí an uirlis
athshnámhaithe i bhfeidhm, go bhféadfaí caillteanais a iompar agus cóimheas
Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide agus an mháthairghnóthais dá
dtagraítear in Airteagal 2 a athbhunú ar leibhéal is gá ionas gur féidir
leis nó léi leanúint de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh agus
leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí dá bhfuil sé nó sí údaraithe faoi
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus muinín leordhóthanach an mhargaidh as
an institiúid agus máthairghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 2 a
choinneáil; (c)
an gá a áirithiú, má réamh‑mheastar sa phlean
réitigh go bhféadfadh sé nach mbeadh aicmí áirithe de dhliteanais inghlactha
san áireamh san athshnámhú faoi Airteagal 24(5), nó go ndéanfaí aicmí
áirithe de dhliteanais inghlactha a aistriú go hiomlán chuig faighteoir faoi
pháirtaistriú, go bhfuil dliteanais inghlactha leordhóthanacha eile ag an
institiúid agus máthairghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 2 chun a
áirithiú go bhféadfaí caillteanais a iompar agus go bhféadfaí cóimheas
Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide agus an mháthairghnóthais dá
dtagraítear in Airteagal 2 a athbhunú ar leibhéal is gá ionas gur féidir
leis nó léi leanúint de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh agus
leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí dá bhfuil sé nó sí údaraithe faoi
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; (d)
méid, samhail ghnó agus próifíl riosca na
hinstitiúide agus an mháthairghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2, lena
n‑áirítear a cistí dílse nó a chistí dílse; (e)
a mhéid a d’fhéadfadh an Scéim Ráthaithe Taiscí
rannchuidiú le maoiniú réitigh i gcomhréir le hAirteagal 73; (f)
a mhéid tionchair dhíobhálaigh a bheadh ag cliseadh
na hinstitiúide agus an mháthairghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2 ar
chobhsaíocht airgeadais, lena n‑áirítear, de dheasca a
hidircheangailteachta le hinstitiúidí eile, nó leis an gcuid eile den chóras
airgeadais toisc na héifeachta gabhála ar institiúidí eile. Sonrófar sa chinneadh sin an t‑íoscheanglas
a mbeidh ar na hinstitiúidí a chomhlíonadh ar bhonn aonair, agus a mbeidh ar
mháthairghnóthais a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite. Féadfaidh an Bord a
chinneadh an t‑íoscheanglas a tharscaoileadh ar bhonn comhdhlúite don
mháthairghnóthas ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha
amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 39(4ca) de
Threoir [ ]. Féadfaidh an Bord a chinneadh tarscaoileadh maidir leis
an íoscheanglas a thabhairt ar bhonn comhdhlúite d’fhochuideachta ar choinníoll
go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 39(4d)
de Threoir [ ]. 4. Sa chinneadh dá dtagraítear i
mír 1 d’fhéadfaí foráil a dhéanamh go ndéanfar an t‑íoscheanglas i
ndáil le cistí dílse agus dliteanais inghlactha a chomhlíonadh go páirteach, ar
bhonn comhdhlúite nó ar bhonn aonair, trí uirlis athshnámhaithe chonarthach. 5. Chun cáiliú mar uirlis
athshnámhaithe chonarthach faoi mhír 4, ní mór don Bhord a bheith sásta: (a)
go bhfuil téarma conarthach san uirlis ar an
gcoinníoll, i gcás ina gcinneann an Coimisiún an uirlis athshnámhaithe a chur i
bhfeidhm maidir leis an institiúid sin, go ndíluachálfar an uirlis nó go
gcomhshófar í a mhéid is gá sula ndíluachálfar nó sula gcomhshófar dliteanais
inghlactha eile; agus (b)
go bhfuil an uirlis faoi réir comhaontaithe,
gealltanais nó forála atá fo‑ordaithe agus ceangailteach agus faoina
bhfuil sí rangaithe, i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta, faoi bhun dliteanas
inghlactha eile agus nach féidir í a aisíoc go dtí go socraítear na dliteanais
inghlactha eile atá gan íoc an tráth sin. 6. Déanfaidh an Bord aon
chinneadh dá dtagraítear faoi mhír 1 le linn dó pleananna réitigh a fhorbairt
agus a chothabháil de bhun Airteagal 7. 7. Díreoidh an Bord a chinneadh
ar na húdaráis náisiúnta réitigh. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta réitigh
treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 26.
Cuirfidh an Bord ceangal ar na húdaráis náisiúnta réitigh a fhíorú agus a
áirithiú go gcoinneoidh na hinstitiúidí agus na máthairghnóthais an t‑íoscheanglas
dá bhforáiltear i mír 1. 8. Cuirfidh an Bord an BCE agus
an ÚBE ar an eolas faoin íoscheanglas atá cinnte aige do gach institiúid agus
máthairghnóthas faoi mhír 1. Caibidil 2 Luath‑idirghabháil Airteagal 11
Luath‑idirghabháil 1. Cuirfidh an BCE nó údaráis
inniúla na mBallstát ar rannpháirtithe iad an Bord ar an eolas faoi aon bheart
a cheanglaíonn siad ar institiúid nó ar ghrúpa a dhéanamh nó a dhéanann siad
féin de bhun Airteagal 13b de Rialachán (AE) Uimh. [ ] ón
gComhairle, de bhun Airteagal 23(1) nó Airteagal 24 de
Threoir [ ], nó de bhun Airteagal 104 de
Threoir 2013/36/AE. Tabharfaidh an Bord fógra don Choimisiún faoi aon
fhaisnéis atá faighte aige de bhun na chéad fhomhíre. 2. Ón dáta tar éis an fhaisnéis
dá dtagraítear i mír 1 a fháil, agus gan dochar do chumhachtaí an BCE agus
na n‑údarás inniúil i gcomhréir le dlí eile an Aontais, féadfaidh an Bord
ullmhú do réiteach na hinstitiúide nó an ghrúpa lena mbaineann. Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh an Bord
dlúthfhaireachán, i gcomhar leis an BCE agus leis an údarás inniúil ábhartha,
ar choinníollacha na hinstitiúide nó an mháthairghnóthais, agus ar chomhlíonadh
aon bhirt luath‑idirghabhála a bhfuil ceangal orthu a dhéanamh. 3. Beidh sé de chumhacht ag an
mBord: (a)
an fhaisnéis ar fad is gá chun ullmhú do réiteach
na hinstitiúide nó an ghrúpa a cheangal i gcomhréir le Caibidil 5 den
Teideal seo; (b)
luacháil a dhéanamh ar shócmhainní agus dliteanais
na hinstitiúide nó an ghrúpa i gcomhréir le hAirteagal 17; (c)
dul i dteagmháil le ceannaitheoirí ionchasacha chun
ullmhú do réiteach na hinstitiúide nó an ghrúpa, nó a cheangal ar an institiúid,
ar an máthairghnóthas, nó ar an údarás náisiúnta réitigh a dhéanamh amhlaidh,
faoi réir chomhlíonadh na gceanglas maidir le rúndacht a leagtar síos leis an
Rialachán seo agus le hAirteagal 76 de Threoir [ ]; (d)
a cheangal ar an údarás náisiúnta réitigh ábhartha
réamhscéim réitigh a dhréachtú don institiúid nó grúpa lena mbaineann. 4. Má bheartaíonn an BCE nó
údaráis inniúla na mBallstát ar rannpháirtithe iad aon bheart breise faoi Airteagal 13b
de Rialachán (AE) Uimh. [ ] ón gComhairle nó faoi Airteagal 23
nó Airteagal 24 de Threoir [ ] nó faoi Airteagal 104 de
Threoir 2013/36/AE a fhorchur ar institiúid nó ar ghrúpa roimh an chéad
bheart ar tugadh fógra don Bhord ina leith a bheith comhlíonta ag an institiúid
nó grúpa, rachaidh siad i gcomhairle leis an mBord, roimh aon bheart breise den
sórt sin a fhorchur ar an institiúid nó grúpa lena mbaineann. 5. Déanfaidh an BCE nó an t‑údarás
inniúil, agus an Bord a áirithiú go mbeidh an beart breise dá dtagraítear i mír 4
agus aon bheart ón mBord a bhfuil d’aidhm leis réiteach a ullmhú faoi
mhír 2 comhsheamhach. Caibidil 3 Réiteach Airteagal 12
Cuspóirí réitigh 1. Agus iad ag gníomhú faoin nós
imeachta réitigh dá dtagraítear in Airteagal 16, tabharfaidh an Coimisiún
agus an Bord aird, i ndáil lena bhfreagrachtaí faoi seach, ar na cuspóirí
réitigh, agus roghnóidh siad na huirlisí agus na cumhachtaí is fearr, dar leo
féin, lenar féidir na cuspóirí atá ábhartha maidir le himthosca an cháis a
bhaint amach. 2. Is iad seo a leanas na
cuspóirí réitigh dá dtagraítear i mír 1: (a)
leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú; (b)
éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar chobhsaíocht
airgeadais a sheachaint, lena n‑áirítear éifeacht ghabhála a sheachaint,
agus smacht an mhargaidh a choinneáil; (c)
cistí poiblí a chosaint tríd an méid a bhítear ag
brath ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú; (d)
taisceoirí atá cumhdaithe faoi
Threoir 94/19/CE agus infheisteoirí atá cumhdaithe faoi
Threoir 97/9/CE[21]
a chosaint. Agus iad ag gabháil do na cuspóirí thuas,
féachfaidh an Coimisiún agus an Bord le díluacháil neamhriachtanach a
sheachaint agus an costas a bhaineann le réiteach a íoslaghdú. 3. Caithfidh an Coimisiún go
cothrom leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2 de réir mar is iomchuí i
ndáil le cineál agus imthosca gach cáis ar leith. Airteagal 13
Prionsabail ghinearálta lena rialaítear réiteach 1. Agus iad ag gníomhú faoin nós
imeachta réitigh dá dtagraítear in Airteagal 16, déanfaidh an Coimisiún
agus an Bord na bearta ar fad is iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar an beart
réitigh i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas: (a)
gurb iad scairshealbhóirí na hinstitiúide faoi
réiteach a iompróidh na chéad chaillteanais; (b)
gurb iad creidiúnaithe na hinstitiúide faoi
réiteach a iompróidh na caillteanais a bheidh ann i ndiaidh na scairshealbhóirí
i gcomhréir le hord tosaíochta a n‑éileamh de bhun Airteagal 15; (c)
go gcuirfear bainistíocht na hinstitiúide faoi
réiteach faoi bhainistíocht eile, seachas sna cásanna sin ina meastar, de réir
mar is iomchuí i ndáil leis na himthosca, é a bheith riachtanach an
bhainistíocht a choinneáil, ina hiomláine nó go páirteach, chun na cuspóirí
réitigh a bhaint amach; (d)
i gcomhréir leis an bpróiseas dlí cuí, go mbeidh
daoine aonair agus eintitis freagrach as cliseadh na hinstitiúide faoi réiteach
a mhéid a bhaineann sé lena bhfreagracht faoin dlí náisiúnta; (e)
go gcaithfear go cothrom le creidiúnaithe ón aicme
chéanna; (f)
nach dtabhóidh aon chreidiúnaí caillteanais níos mó
ná na caillteanais a thabhófaí dá bhfoirceannfaí an t‑eintiteas dá
dtagraítear in Airteagal 2 de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. 2. I gcás inar eintiteas atá i
ngrúpa í an institiúid, cuirfidh an Coimisiún, más infheidhme, agus an Bord
uirlisí réitigh i bhfeidhm agus feidhmeoidh siad cumhachtaí réitigh ar dhóigh
ina n‑íoslaghdaítear an tionchar ar eintitis eile atá sa ghrúpa agus ar
an ngrúpa ina iomláine agus ina n‑íoslaghdaítear an tionchar díobhálach
ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas agus go háirithe sna Ballstáit ina bhfuil
an grúpa ag oibriú. 3. I gcás ina gcuirtear an
uirlis díolacháin ghnó, an uirlis institiúide idirlinne nó an uirlis deighilte
sócmhainní i bhfeidhm maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2,
measfar an t‑eintiteas sin a bheith faoi réir imeachtaí féimheachta nó
imeachtaí analógacha dócmhainneachta chun críocha Airteagal 5(1) de
Threoir 2001/23/CE[22]. Airteagal 14
Institiúidí airgeadais agus máthairghnóthais a réiteach 1. Déanfaidh an Coimisiún beart
réitigh maidir le hinstitiúid airgeadais, i gcás ina gcomhlíontar na
coinníollacha atá sonraithe in Airteagal 16(2) i ndáil leis an institiúid
airgeadais agus i ndáil leis an máthairghnóthas. 2. Déanfaidh an Coimisiún beart
réitigh maidir le máthairghnóthas dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2,
i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá sonraithe in Airteagal 16(2)
i ndáil leis an máthairghnóthas sin agus i ndáil le ceann amháin nó níos mó
d’fhochuideachtaí ar institiúidí iad. 3. De mhaolú ar mhír 2 agus
d’ainneoin go bhféadfadh sé nach gcomhlíonfadh máthairghnóthas na coinníollacha
a leagtar síos in Airteagal 16(2), féadfaidh an Coimisiún beart réitigh a
dhéanamh i ndáil leis an máthairghnóthas sin i gcás ina gcomhlíonann
fochuideachta amháin nó níos mó ar institiúidí iad na coinníollacha a leagtar
síos in Airteagal 16(2) agus i gcás inar gá beart a dhéanamh i ndáil leis
an máthairghnóthas sin maidir le réiteach fochuideachta amháin nó níos mó ar
institiúidí iad nó maidir le réiteach an ghrúpa ina iomláine. Airteagal 15
Ord tosaíochta na n‑éileamh Le linn an uirlis athshnámhaithe a chur i
bhfeidhm maidir le hinstitiúid faoi réiteach, agus gan dochar do na dliteanais
nach bhfuil san áireamh san uirlis athshnámhaithe faoi Airteagal 24(3),
déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoina cumhachtaí díluachála agus comhshó ar
éilimh, agus feidhmeoidh an Bord agus údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ar
rannpháirtithe iad na cumhachtaí sin, de réir oird tosaíochta atá droim ar ais
ar an ord seo a leanas maidir le gnáthimeachtaí dócmhainneachta: (a)
éilimh a bhaineann le taiscí incháilithe agus
éilimh ó scéimeanna ráthaithe taiscí; (b)
éilimh neamhthosaíochta gan urrús; (c)
éilimh fho‑ordaithe seachas na héilimh sin
atá luaite i bpointí (d) go (f); (d)
éilimh ó fheidhmeannaigh shinsearacha agus ó
stiúrthóirí; (e)
éilimh a bhaineann le hionstraimí breise
Leibhéal 1 agus ionstraimí Leibhéal 2; (f)
éilimh a bhaineann le hionstraimí Ghnáthchothromas
Leibhéal 1; ag tosú ar phointe (f) agus ag críochnú
ar phointe (a). Airteagal 16
Nós imeachta réitigh 1. I gcás ina measann an BCE nó
údarás náisiúnta réitigh go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i
bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 comhlíonta maidir le
heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, cuirfidh sé an measúnú sin in
iúl don Choimisiún agus don Bhord gan mhoill. 2. Tar éis dó teachtaireacht a
fháil de bhun mhír 1, nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Bord measúnú
ar chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas: (a)
tá ag cliseadh ar an eintiteas nó is dócha go
gclisfear air; (b)
ag féachaint don uainiú agus d’imthosca ábhartha
eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bheart malartach ón earnáil
phríobháideach ná aon bheart malartach maoirseachta (lena n‑áirítear
bearta luath‑idirghabhála nó díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil i
gcomhréir le hAirteagal 14), a dhéanfaí i ndáil leis an eintiteas, cosc ar
chliseadh an eintitis laistigh de thréimhse réasúnach; (c)
is gá beart réitigh ar mhaithe le leas an phobail
de bhun mhír 4. 3. Chun críocha phointe (a)
de mhír 2, meastar go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas nó gur dócha go
gclisfear air in aon cheann de na himthosca seo a leanas: (a)
tá na ceanglais chun leanúint d’údarú á sárú ag an
eintiteas nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh go
sáróidh an t‑eintiteas na ceanglais sin amach anseo, ar dhóigh ina mbeadh
bonn cirt le tarraingt siar an údaraithe ag an BCE nó ag an údarás inniúil lena
n‑áirítear de dheasca caillteanais a bheith tabhaithe ag an eintiteas nó
gur dócha go dtabhóidh an t‑eintiteas caillteanais a ídeoidh a chistí
dílse ar fad nó cuid shuntasach díobh, ach gan a bheith teoranta don chúis sin
amháin; (b)
tá sócmhainní an eintitis níos lú ná dliteanais an
eintitis nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb
amhlaidh a bheidh sé amach anseo; (c)
níl an t‑eintiteas in ann na fiacha atá air a
íoc de réir mar a bhíonn siad dlite nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a
chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé amach anseo; (d)
tá gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ach
amháin, chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas agus
cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, go bhfuil an tacaíocht airgeadais phoiblí
urghnách sin in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas: (i) ráthaíocht Stáit chun tacaíocht a
thabhairt do shaoráidí leachtachta arna gcur ar fáil ag bainc cheannais de réir
choinníollacha na mbanc ceannais; (ii) ráthaíocht Stáit maidir le dliteanais
nua‑eisithe; (iii) instealladh cistí dílse nó ceannach
ionstraimí caipitil ar phraghsanna agus ar théarmaí nach dtugann buntáiste don
eintiteas, i gcás nach ann do na himthosca atá leagtha amach i bpointí (a), (b)
agus (c) de mhír 2 ná do na himthosca atá leagtha amach in Airteagal 14
tráth a thugtar an tacaíocht phoiblí. I ngach ceann de na cásanna atá luaite i
bpointí (i), (ii) agus (iii) beidh an ráthaíocht nó na bearta
coibhéiseacha dá dtagraítear iontu teoranta d’eintitis shócmhainneacha agus
beidh siad faoi réir formheasa faoi na rialacha maidir le Státchabhair. Beidh
na bearta sin de chineál réamhchúramach agus sealadach agus beidh siad
comhréireach chun iarmhairtí an tsuaite thromchúisigh a leigheas agus ní
úsáidfear iad chun caillteanais atá tabhaithe ag an eintiteas, nó ar dócha é go
dtabhófar iad amach anseo, a chúiteamh. 4. Chun críocha phointe (c)
de mhír 2, caithfear le beart réitigh mar a chaithfí le beart atá ar
mhaithe le leas an phobail má bhaintear amach leis ceann amháin nó níos mó de
na cuspóirí réitigh mar atá sonraithe in Airteagal 12 agus é comhréireach
leo agus más rud é nach gcomhlíonfaí na cuspóirí réitigh sin ar an gcaoi
chéanna dá ndéanfaí an t‑eintiteas a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí
dócmhainneachta. 5. Má chomhlíontar na
coinníollacha ar fad a leagtar síos i mír 2, molfaidh an Bord don
Choimisiún an t‑eintiteas a chur faoi réiteach. Beidh an méid seo a
leanas ar a laghad sa mholadh: (a)
an moladh an t‑eintiteas a chur faoi
réiteach; (b)
an creat maidir leis na huirlisí réitigh dá
dtagraítear in Airteagal 19(3); (c)
an creat maidir le húsáid an Chiste chun tacaíocht
a thabhairt don bheart réitigh i gcomhréir le hAirteagal 71. 6. Ag féachaint do phráinn na n‑imthosca
sa chás, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, ar a thionscnamh féin nó tar éis dó
an teachtaireacht dá dtagraítear i mír 1 nó an moladh ón mBord dá
dtagraítear i mír 5, más ann dóibh, a chur san áireamh, i dtaca le cibé
acu an t‑eintiteas a chur faoi réiteach nó gan é a chur faoi réiteach,
agus i dtaca leis an gcreat maidir leis na huirlisí réitigh a chuirfear i
bhfeidhm i ndáil leis an eintiteas lena mbaineann agus i ndáil le húsáid an
Chiste chun tacaíocht a thabhairt don bheart réitigh. Féadfaidh an Coimisiún,
ar a thionscnamh féin, cinneadh a dhéanamh eintiteas a chur faoi réiteach má
chomhlíontar na coinníollacha ar fad dá dtagraítear i mír 2. 7. Cuirfear cinneadh an
Choimisiúin in iúl don Bhord. Má dhéanann an Coimisiún cinneadh gan an t‑eintiteas
a chur faoi réiteach, toisc nach bhfuil an coinníoll atá leagtha síos i mír 2(c)
comhlíonta, déanfar an t‑eintiteas lena mbaineann a fhoirceannadh i
gcomhréir leis an dlí náisiúnta dócmhainneachta. 8. Faoi chuimsiú an chreata arna
shocrú leis an gcinneadh ón gCoimisiún, déanfaidh an Bord cinneadh faoin scéim
réitigh dá dtagraítear in Airteagal 20 agus áiritheoidh sé go ndéanfaidh
na húdaráis náisiúnta réitigh an beart réitigh is gá chun an scéim réitigh a
chur i gcrích. Cuirfear cinneadh an Bhoird in iúl do na húdaráis náisiúnta
réitigh ábhartha agus tabharfar treoir ann do na húdaráis sin, a dhéanfaidh na
bearta ar fad is gá chun cinneadh an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le
hAirteagal 26, trí aon cheann de na cumhachtaí réitigh dá bhforáiltear i
dTreoir [ ], go háirithe na cumhachtaí sin in Airteagail 56 go
64 den Treoir sin [ ], a fheidhmiú. Más ann do Státchabhair, ní
fhéadfaidh an Bord cinneadh a dhéanamh ach tar éis cinneadh a bheith déanta ag
an gCoimisiún faoin Státchabhair sin. 9. Tar éis teachtaireacht a
fháil de bhun mhír 1, nó ar a thionscnamh féin, má mheasann an Bord gur
Státchabhair de bhun Airteagal 107(1) CFAE a d’fhéadfadh a bheith i
mbearta réitigh, tabharfaidh sé cuireadh do na Ballstáit ar rannpháirtithe iad
nó do na Ballstáit i gceist fógra a thabhairt láithreach don Choimisiún faoi na
bearta atá beartaithe faoi Airteagal 108(3) CFAE. 10. A mhéid a bhaineann an beart
réitigh mar atá beartaithe ag an mBord le húsáid an Chiste agus nach mbaineann
sé le Státchabhair a thabhairt de bhun Airteagal 107(1) CFAE, déanfaidh an
Coimisiún na critéir, a bunaíodh chun Airteagal 107 CFAE a chur i
bhfeidhm, a chur i bhfeidhm go comhthreomhar de réir analaí. 11. Beidh an chumhacht ag an
gCoimisiún aon fhaisnéis a mheasann sé a bheith ábhartha chun a chúraimí a
chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus, más infheidhme, faoi Airteagal 107
CFAE, a fháil ón mBord. Beidh an chumhacht ag an mBord, i gcomhréir le
Caibidil 5 den Teideal seo, aon fhaisnéis is gá le gur féidir leis beart
réitigh a ullmhú agus cinneadh a dhéanamh faoi, lena n‑áirítear faisnéis
atá cothrom le dáta agus faisnéis fhorlíontach a thugtar sna pleananna réitigh,
a fháil ó aon duine. 12. Beidh an chumhacht ag an mBord
a mholadh don Choimisiún an creat a leasú maidir leis na huirlisí réitigh agus
maidir le húsáid an Chiste i ndáil le heintiteas a chuirtear faoi réiteach. Airteagal 17
Luacháil 1. Roimh don Bhord beart réitigh
a dhéanamh nó an chumhacht a fheidhmiú chun ionstraimí caipitil a dhíluacháil
nó a chomhshó, áiritheoidh sé go ndéanfaidh duine atá neamhspleách ar aon
údarás poiblí, lena n‑áirítear an Bord, an t‑údarás réitigh, agus
an t‑eintiteas lena mbaineann, luacháil chothrom agus réalaíoch ar
shócmhainní agus dliteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2. 2. Faoi réir mhír 13, más
rud é go gcomhlíontar na ceanglais ar fad atá leagtha síos i míreanna 3 go
14, measfar an luacháil a bheith cinntitheach. 3. I gcás nach féidir luacháil
neamhspleách a dhéanamh de réir mhír 1, féadfaidh an Bord luacháil
shealadach a dhéanamh ar shócmhainní agus dliteanais an eintitis dá dtagraítear
in Airteagal 2, i gcomhréir le forálacha mhír 9. 4. Is é an cuspóir a bheidh leis
an luacháil measúnú a dhéanamh ar an luach atá ar shócmhainní agus dliteanais
an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhfuil ag cliseadh air nó ar
dócha go gclisfear air. 5. Beidh na cuspóirí seo a
leanas leis an luacháil: (a)
í a chur san áireamh chun a chinneadh an bhfuil na
coinníollacha maidir le réiteach nó na coinníollacha maidir le díluacháil nó
comhshó na n‑ionstraimí caipitil comhlíonta; (b)
i gcás ina bhfuil na coinníollacha maidir le
réiteach comhlíonta, í a chur san áireamh sa chinneadh faoin mbeart réitigh
iomchuí atá le déanamh i ndáil leis an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2; (c)
nuair a chuirfear an chumhacht chun ionstraimí
caipitil a dhíluacháil nó a chomhshó i bhfeidhm, í a chur san áireamh sa
chinneadh faoi mhéid an chealaithe nó an chaolaithe i dtaca le scaireanna nó
ionstraimí eile úinéireachta, agus méid na díluachála nó an chomhshó i dtaca le
hionstraimí caipitil ábhartha; (d)
nuair a chuirfear an uirlis athshnámhaithe i
bhfeidhm, í a chur san áireamh sa chinneadh faoi mhéid na díluachála nó an
chomhshó i dtaca le dliteanais inghlactha; (e)
nuair a chuirfear an uirlis institiúide idirlinne
nó an uirlis deighilte sócmhainní i bhfeidhm, í a chur san áireamh sa chinneadh
faoi na sócmhainní, cearta, dliteanais nó scaireanna nó ionstraimí úinéireachta
eile atá le haistriú agus sa chinneadh faoi luach aon chomaoine atá le híoc
leis an institiúid faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, le húinéirí na
scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile; (f)
nuair a chuirfear an uirlis díolacháin ghnó i
bhfeidhm, í a chur san áireamh sa chinneadh faoi na sócmhainní, cearta,
dliteanais nó scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile atá le haistriú agus
fógra a thabhairt faoi thuiscint an Bhoird ar céard is téarmaí tráchtála ann
chun críocha Airteagal 21(2)(b); (g)
i ngach cás, a áirithiú go n‑aithneofar go
hiomlán aon chaillteanais ar shócmhainní an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2
an tráth a chuirfear na huirlisí réitigh i bhfeidhm nó an tráth a fheidhmeofar
an chumhacht chun ionstraimí caipitil a dhíluacháil nó a chomhshó. 6. Más infheidhme, beidh an
luacháil bunaithe ar thoimhdí stuama, lena n‑áirítear i ndáil le rátaí
mainneachtana agus an déine a bhaineann le caillteanais. Ní thoimhdeofar sa
luacháil aon soláthar de thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a d’fhéadfadh a
bheith ann amach anseo don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 ón
tráth a dhéanfar beart réitigh nó a fheidhmeofar an chumhacht chun ionstraimí
caipitil a dhíluacháil nó a chomhshó. Anuas air sin, más rud é go gcuirfear aon
uirlis réitigh i bhfeidhm, cuirfear san áireamh sa luacháil: (a)
go bhféadfaidh an Bord aon chostais réasúnacha a
thabhaítear mar is ceart ón institiúid faoi réiteach a ghnóthú; (b)
go bhféadfaidh an Ciste ús nó táillí a ghearradh i
leith aon iasachtaí nó ráthaíochtaí a thugtar don institiúid faoi réiteach, i
gcomhréir le hAirteagal 71. 7. Déanfar an luacháil a
fhorlíonadh leis an bhfaisnéis seo a leanas mar atá i leabhair chuntasaíochta
agus i dtaifid an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2: (a)
clár comhardaithe cothrom le dáta agus tuarascáil
ar staid airgeadais an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2; (b)
anailís agus meastachán ar luach cuntasaíochta na
sócmhainní; (c)
liosta na ndliteanas atá gan íoc atá i leabhair
agus i dtaifid an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, le tásc ar na
creidiúintí faoi seach agus tosaíocht na n‑éileamh dá dtagraítear in Airteagal 15; (d)
liosta na sócmhainní atá ag an eintiteas dá
dtagraítear in Airteagal 2 thar ceann na dtríú páirtithe a bhfuil cearta
úinéireachta acu i ndáil leis na sócmhainní sin. 8. Más iomchuí, chun cúiseanna
réasúnaithe a thabhairt leis na cinntí dá dtagraítear i bpointe (e) agus i
bpointe (f) de mhír 5, féadfar an fhaisnéis i bpointe (b) de
mhír 7 a fhorlíonadh le hanailís agus meastachán ar an luach atá ar
shócmhainní agus dliteanais an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 ar
bhonn luacha margaidh. 9. Tabharfar le fios sa luacháil
miondealú na gcreidiúnaithe in aicmí i gcomhréir le tosaíocht na n‑éileamh
dá dtagraítear in Airteagal 15 agus meastachán ar conas a bheadh súil
caitheamh le gach aicme scairshealbhóirí agus creidiúnaithe, dá ndéanfaí an t‑eintiteas
dá dtagraítear in Airteagal 2 a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí
dócmhainneachta. 10. I gcás nach féidir, de dheasca
na práinne in imthosca an cháis, na ceanglais i mír 6 agus mír 8 a
chomhlíonadh, nó i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2, déanfar luacháil
shealadach. Comhlíonfaidh an luacháil shealadach na ceanglais i mír 4
agus, a mhéid is indéanta go réasúnach de réir imthosca an cháis, na ceanglais
i míreanna 1, 7 agus 9. Áireofar sa luacháil shealadach dá dtagraítear sa
chéad fhomhír maolán i leith caillteanas breise, agus bonn cirt iomchuí ag
gabháil leis. 11. Measfar gur luacháil
shealadach aon luacháil nach gcomhlíonann na ceanglais ar fad atá leagtha síos
san Airteagal seo go dtí go mbeidh luacháil a chomhlíonann go hiomlán na
ceanglais ar fad atá leagtha amach san Airteagal seo curtha i gcrích ag duine
neamhspleách. Déanfar an luacháil chinntitheach ex post a luaithe is indéanta. Beidh na cuspóirí seo a leanas leis an luacháil
chinntitheach ex post: (a)
a áirithiú go mbeidh aon chaillteanais ar
shócmhainní an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 aitheanta go hiomlán
i leabhair chuntasaíochta an eintitis sin; (b)
réasúnú a chur ar fáil maidir le cinneadh éilimh
creidiúnaithe a aisiompú nó luach na comaoine íoctha a mhéadú, i gcomhréir le mír 12. 12. I gcás ina mbeidh meastachán
na luachála cinntithí ex post ar ghlanluach sócmhainní an eintitis dá dtagraítear
in Airteagal 2 níos airde ná meastachán na luachála sealadaí ar ghlanluach
sócmhainní an eintitis sin, féadfaidh an Bord a iarraidh ar an údarás náisiúnta
réitigh: (a)
a chumhacht a fheidhmiú chun an luach atá ar éilimh
na gcreidiúnaithe atá díluacháilte faoin uirlis athshnámhaithe a mhéadú; (b)
treoir a thabhairt d’institiúid idirlinne nó do
mheán bainistíochta sócmhainní íocaíocht bhreise comaoine i ndáil leis na
sócmhainní, cearta agus dliteanais a dhéanamh leis an eintiteas dá dtagraítear
in Airteagal 2 atá faoi réiteach, nó de réir mar a bheidh, i ndáil leis na
scaireanna nó ionstraimí úinéireachta a dhéanamh le húinéirí na scaireanna nó
ionstraimí eile úinéireachta. 13. De mhaolú ar mhír 1,
luacháil shealadach arna déanamh i gcomhréir le mír 10 agus mír 11,
beidh sí ina bhunús bailí don Bhord chun bearta réitigh a dhéanamh nó chun
cumhacht díluachála nó comhshó na n‑ionstraimí caipitil a fheidhmiú. 14. Ní bheidh aon éifeacht
dhlíthiúil leis an luacháil agus céim nós imeachta a bheidh inti chun ullmhú
don mholadh ón mBord uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó cumhacht réitigh a
fheidhmiú. 15. Comhlíonfaidh an luacháil na
gníomhartha tarmligthe freisin maidir leis na himthosca ina bhfuil an duine
neamhspleách, an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an luach atá ar
shócmhainní agus dliteanais an eintitis, agus an mhodheolaíocht chun maolán a
ríomh agus a chur san áireamh maidir le caillteanais bhreise sa luacháil
shealadach arna glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(7) de
Threoir [ ]. 16. Tar éis éifeacht a bheith leis
an mbeart réitigh, áiritheoidh an Bord go ndéanfaidh duine neamhspleách
luacháil chun a mheas an gcaithfí níos fearr le scairshealbhóirí agus
creidiúnaithe dá rachadh an institiúid faoi réiteach i mbun gnáthimeachtaí
dócmhainneachta. Beidh an luacháil sin ar leithligh ón luacháil arna déanamh
faoi mhíreanna (1) go (14). 17. Leis an luacháil dá
dtagraítear i mír 16 cinnfear: (a)
an chaoi a gcaithfí leis na scairshealbhóirí agus
creidiúnaithe dá rachadh an t‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2,
agus é faoi nós imeachta réitigh, agus a bhfuil an páirtaistriú, díluacháil nó
comhshó déanta ina leith, i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta láithreach bonn
sula ndearnadh an t‑aistriú, an díluacháil nó an comhshó; (b)
an chaoi ar caitheadh dáiríre leis na
scairshealbhóirí agus creidiúnaithe i ndáil le réiteach an eintitis dá
dtagraítear in Airteagal 2 faoin nós imeachta réitigh; (c)
an bhfuil nó nach bhfuil aon difríocht ann idir an
chaoi a gcaitear leo dá dtagraítear i bpointe (a) agus an chaoi a gcaitear
leo dá dtagraítear i bpointe (b). 18. Maidir leis an luacháil dá
tagraítear i mír 16: (a)
glacfar leis go rachadh an t‑eintiteas dá
dtagraítear in Airteagal 2 faoin nós imeachta réitigh, a bhfuil an
páirtaistriú, díluacháil nó comhshó déanta ina leith, i mbun gnáthimeachtaí
dócmhainneachta láithreach bonn sula gcuirfí an beart réitigh i bhfeidhm; (b)
glacfar leis nach ndearnadh an páirtaistriú/na
páirtaistrithe i ndáil le cearta, sócmhainní nó dliteanais, ná an díluacháil ná
an comhshó; (c)
ní thabharfar aird ar aon soláthar de thacaíocht
airgeadais phoiblí urghnách don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2
faoin nós imeachta réitigh. Airteagal 18
Ionstraimí caipitil a dhíluacháil agus a chomhshó 1. Cuirfidh an BCE, údarás
inniúil nó údarás réitigh, mar atá ainmnithe ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 51(1)(ba)
agus (bb), agus Airteagal 54 de Threoir [ ], an Bord ar an eolas
faoi mar a mheasann siad a bhfuil na coinníollacha seo a leanas comhlíonta
maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó grúpa atá bunaithe i
mBallstát ar rannpháirtí é: (a)
nach mbeidh an t‑eintiteas inmharthana a
thuilleadh mura ndíluachálfar na hionstraimí caipitil nó mura gcomhshófar iad
ina gcothromas; (b)
nach bhfuil tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách
de dhíth ar an eintiteas nó grúpa, seachas in aon cheann de na himthosca atá
leagtha amach i bpointe (d)(iii) d’Airteagal 16(3). 2. Chun críocha mhír 1, ní
mheasfar eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó grúpa a bheith
inmharthana a thuilleadh ach amháin má chomhlíontar an dá choinníoll seo a
leanas: (a)
go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas nó grúpa nó
gur dócha go gclisfear air; (b)
ag féachaint don uainiú agus d’imthosca ábhartha
eile, nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bheart, lena n‑áirítear
beart malartach ón earnáil phríobháideach nó beart malartach maoirseachta (lena
n‑áirítear bearta luath‑idirghabhála), seachas díluacháil nó
comhshó ionstraimí caipitil, ina aonar nó i gcomhcheangal le beart réitigh,
cosc ar chliseadh an eintitis nó an ghrúpa sin laistigh de thréimhse réasúnach. 3. Chun críocha phointe (a)
de mhír 1, measfar go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas sin nó gur dócha
go gclisfear air i gcás ina dtarlaíonn ceann amháin nó níos mó de na himthosca
atá leagtha amach in Airteagal 16(3): 4. Chun críocha phointe (a)
de mhír 2, measfar go bhfuil ag cliseadh ar ghrúpa nó gur dócha go
gclisfear air i gcás ina bhfuil an grúpa ag sárú na gceanglas stuamachta
comhdhlúite nó go bhfuil eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin
gcinneadh go sáróidh an grúpa na ceanglais sin amach anseo, ar dhóigh ina
mbeadh bonn cirt le beart ón údarás inniúil de dheasca caillteanais a bheith
tabhaithe ag an ngrúpa nó gur dócha go dtabhóidh an grúpa caillteanais a
ídeoidh a chistí dílse ar fad nó cuid shuntasach díobh, ach gan é a bheith
teoranta don chúis sin amháin. 5. Deimhneoidh an Coimisiún, tar
éis dó moladh a fháil ón mBord nó ar a thionscnamh féin, go gcomhlíonfar na
coinníollacha dá dtagraítear i mír 1. Cinnfidh an Coimisiún an ndéanfar na
cumhachtaí chun ionstraimí caipitil a dhíluacháil nó a chomhshó a fheidhmiú ina
n‑aonar nó, de réir an nós imeachta faoi Airteagal 16(4) go (7), i
gcomhcheangal le beart réitigh. 6. I gcás ina gcinneann an
Coimisiún go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta,
ach nach bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach i gcomhréir le hAirteagal 16(2)
comhlíonta, tabharfaidh an Bord, tar éis dó cinneadh a fháil ón gCoimisiún,
treoir do na húdaráis náisiúnta réitigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó a
fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 51 agus Airteagal 52 de
Threoir [ ]. 7. I gcás ina bhfuil na
coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta, agus na coinníollacha dá
dtagraítear in Airteagal 16(2) comhlíonta freisin, beidh feidhm ag an nós
imeachta atá leagtha amach in Airteagal 16(4) go (7). 8. Áiritheoidh an Bord go
bhfeidhmeoidh na húdaráis náisiúnta réitigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó
ar mhodh a thabharfaidh na torthaí seo a leanas: (a)
go ndéanfar Gnáthchothromas Leibhéal 1 a
laghdú ar dtús i gcomhréir leis na caillteanais agus de réir a acmhainneachta; (b)
go ndíluachálfar príomhshuim na n‑ionstraimí
caipitil ábhartha nó go gcomhshófar iad in ionstraimí Ghnáthchothromas
Leibhéal 1 nó an dá rud, a mhéid is gá agus de réir acmhainneacht na n‑ionstraimí
caipitil ábhartha. 9. Déanfaidh na húdaráis
náisiúnta réitigh na treoracha ón mBord a chur chun feidhme agus feidhmeoidh
siad díluacháil nó comhshó na n‑ionstraimí caipitil i gcomhréir le hAirteagal 26. Airteagal 19
Na prionsabail ghinearálta maidir le huirlisí réitigh 1. I gcás ina gcinneann an Bord
uirlis réitigh a chur i bhfeidhm maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2,
agus ina mbeadh de thoradh ar an mbeart réitigh sin go mbeadh caillteanais le
hiompar ag creidiúnaithe nó go ndéanfaí a n‑éilimh a chomhshó, déanfaidh
an Bord an chumhacht faoi Airteagal 18 a fheidhmiú láithreach bonn roimh
chur i bhfeidhm na huirlise réitigh nó go comhuaineach léi. 2. Is iad seo a leanas na
huirlisí réitigh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 16(5): (a)
an uirlis díolacháin ghnó; (b)
an uirlis institiúide idirlinne; (c)
an uirlis deighilte sócmhainní; (d)
an uirlis athshnámhaithe. 3. Le linn don Bhord an moladh
dá dtagraítear in Airteagal 16(5) a ghlacadh, déanfaidh sé na tosca seo a
leanas a mheas: (a)
sócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide faoi
réiteach ar bhonn na luachála de bhun Airteagal 17; (b)
staid leachtachta na hinstitiúide faoi réiteach; (c)
indíoltacht luach saincheadúnais na hinstitiúide
faoi réiteach i bhfianaise dhálaí iomaíocha agus eacnamaíocha an mhargaidh; (d)
an méid ama atá ar fáil. 4. Faoi réir mhír 5,
féadfar na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ina n‑aonar nó le chéile,
ach amháin i gcás na huirlise deighilte sócmhainní mar nach féidir í a chur i
bhfeidhm ach amháin i dteannta uirlise réitigh eile. Airteagal 20
Scéim réitigh I gcomhréir le cinntí an Choimisiúin maidir
leis an gcreat réitigh faoi Airteagal 16(6) agus le haon chinneadh maidir
le Státchabhair, más infheidhme de réir analaí, is é a leagfar síos leis an
scéim réitigh arna glacadh ag an mBord faoi Airteagal 16(8) mionsonraí na n‑uirlisí
réitigh atá le cur i bhfeidhm maidir leis an institiúid faoi réiteach i dtaca
leis na bearta dá dtagraítear in Airteagail 21(2), 22(2), 23(2) agus 24(1)
ar a laghad agus cinnfear na méideanna agus na cuspóirí sonracha maidir le
húsáid an Chiste. Le linn an phróisis réitigh, féadfaidh an
Bord an scéim réitigh a leasú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is
iomchuí i bhfianaise na n‑imthosca sa chás agus faoi chuimsiú an chreata
réitigh arna chinneadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 16(6). Airteagal 21
An uirlis díolacháin ghnó 1. Faoi chuimsiú an chreata arna
chinneadh ag an gCoimisiún, is éard a bheidh san uirlis díolacháin ghnó aistriú
aon cheann de na nithe seo a leanas chuig ceannaitheoir nach institiúid
idirlinne é: (a)
na scaireanna nó ionstraimí eile úinéireachta atá
ag institiúid faoi réiteach; nó (b)
na sócmhainní, cearta nó dliteanais uile nó atá
sonraithe atá ag institiúid faoi réiteach. 2. Maidir leis an uirlis
díolacháin ghnó, bunófar leis an scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 16(8)
an méid seo a leanas go háirithe: (a)
na hionstraimí, sócmhainní, cearta agus dliteanais
atá le haistriú ag an údarás náisiúnta réitigh i gcomhréir le hAirteagal 32(1)
agus (7) go (11) de Threoir [ ]; (b)
na téarmaí tráchtála, ag féachaint do na himthosca
agus do na costais arna dtabhú sa phróiseas réitigh, agus is de bhun an
phróisis sin a dhéanfaidh an t‑údarás náisiúnta réitigh an t‑aistriú
i gcomhréir le hAirteagal 32(2) go (4) de Threoir [ ]; (c)
an bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh an t‑údarás
náisiúnta réitigh na cumhachtaí aistrithe a fheidhmiú níos mó ná uair amháin i
gcomhréir le hAirteagal 32(5) agus (6) de Threoir [ ]; (d)
na socruithe maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh an t‑údarás
náisiúnta réitigh an t‑eintiteas sin nó na hionstraimí, sócmhainní, cearta
agus dliteanais sin a mhargú i gcomhréir le hAirteagal 33(1) agus (2) de
Threoir [ ]; (e)
an dóchúlacht go mbainfidh comhlíonadh na gceanglas
margaíochta ag an údarás náisiúnta réitigh an bonn de na cuspóirí réitigh i
gcomhréir le mír 3. 3. Cuirfidh an Bord an uirlis
díolacháin ghnó i bhfeidhm gan na ceanglais mhargaíochta faoi phointe (e)
de mhír 2 a chomhlíonadh má chinneann sé gur dócha go mbainfeadh
comhlíonadh na gceanglas sin an bonn de cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí
réitigh agus go háirithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: (a)
go measann sé go bhfuil baol ábhartha ann don
chobhsaíocht airgeadais de bharr chliseadh na hinstitiúide faoi réiteach nó an
cliseadh a d'fhéadfadh a bheith uirthi nó arna ghéarú ag an gcliseadh sin; (b)
go measann sé gur dócha go mbainfeadh comhlíonadh
na gceanglas sin an bonn d'éifeachtacht na huirlise díolacháin gnó dul i ngleic
leis an mbaol sin nó chun an cuspóir réitigh atá sonraithe i bpointe (b)
d'Airteagal 12(2) a bhaint amach. Airteagal 22
An uirlis institiúide idirlinne 1. Faoi chuimsiú an chreata arna
chinneadh ag an gCoimisiún, is éard a bheidh san uirlis institiúide idirlinne
aistriú aon cheann de na nithe seo a leanas chuig institiúid idirlinne: (a)
na scaireanna nó ionstraimí eile úinéireachta arna n‑eisiúint
ag institiúid amháin nó níos mó atá faoi réiteach; (b)
aon sócmhainní, aon chearta nó aon dliteanais nó na
nithe sin uile atá ag institiúid amháin nó níos mó atá faoi réiteach. 2. Maidir leis an uirlis
institiúide idirlinne, bunófar leis an scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 20
an méid seo a leanas go háirithe: (a)
na hionstraimí, sócmhainní, cearta agus dliteanais
atá le haistriú chuig institiúid idirlinne ag an údarás náisiúnta réitigh i
gcomhréir le hAirteagal 34(1) go (9) de Threoir [ ]; (b)
na socruithe faoina ndéanfaidh an t‑údarás
náisiúnta réitigh an institiúid idirlinne a bhunú, a oibriú agus a
fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 35(1) go (3) agus (5) go (8) de
Threoir [ ]; (c)
na socruithe maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh an t‑údarás
náisiúnta réitigh an institiúid idirlinne nó a sócmhainní nó a dliteanais a
mhargú i gcomhréir le hAirteagal 35(4) de Threoir [ ]. 3. Áiritheoidh an Bord nach mó
luach iomlán na ndliteanas arna n‑aistriú ag an údarás náisiúnta réitigh
chuig an institiúid idirlinne ná luach iomlán na gceart agus na sócmhainní arna
n‑aistriú ón institiúid faoi réiteach nó arna gcur ar fáil ó fhoinsí
eile. Airteagal 23
An uirlis deighilte sócmhainní 1. Faoi chuimsiú an chreata arna
chinneadh ag an gCoimisiún, is éard a bheidh san uirlis deighilte sócmhainní
aistriú na sócmhainní, na gceart nó na ndliteanas atá ag institiúid faoi
réiteach chuig meán bainistíochta sócmhainní. Eintiteas dlíthiúil a bheidh sa mheán
bainistíochta sócmhainní a chomhlíonann na ceanglais seo ar fad a leanas: (a)
tá sé faoi úinéireacht iomlán nó faoi
pháirtúinéireacht nó tá sé faoi rialú údaráis phoiblí amháin nó níos mó, ina
bhféadfadh an t‑údarás réitigh nó an socrú um maoiniú réitigh a bheith
san áireamh; (b)
cruthaíodh é chun na sócmhainní, cearta agus dliteanais
ar fad nó cuid acu atá ag institiúid amháin nó níos mó atá faoi réiteach nó
institiúid idirlinne a fháil. 2. Maidir leis an uirlis
deighilte sócmhainní, bunófar leis an scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 20
an méid seo a leanas go háirithe: (a)
na hionstraimí, sócmhainní, cearta agus dliteanais
atá le haistriú ag an údarás náisiúnta réitigh chuig meán bainistíochta
sócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 36(1) go (4) agus (6) go (10) de
Threoir [ ]; (b)
an chomaoin a gheofar nuair a aistreoidh an t‑údarás
náisiúnta réitigh na sócmhainní chuig an meán bainistíochta sócmhainní, i
gcomhréir leis na prionsabail a bhunaítear in Airteagal 17. Ní chuireann
an fhoráil seo cosc ar luach ainmniúil ná luach diúltach a bheith ag an
gcomaoin. Airteagal 24
An uirlis athshnámhaithe. 1. Féadfar an uirlis
athshnámhaithe a chur i bhfeidhm maidir le haon cheann de na cuspóirí seo a
leanas: (a)
le haghaidh athchaipitliú eintitis dá dtagraítear
in Airteagal 2 agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le réiteach a
mhéid is leor chun cumas an eintitis a athbhunú le go bhféadfaidh sé na
coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh agus leanúint de na
gníomhaíochtaí dá bhfuil sé údaraithe faoi Threoir 2013/36/AE nó
Treoir 2004/39/CE; (b)
chun príomhshuim éileamh nó ionstraimí fiachais a
aistríodh chuig institiúid idirlinne a laghdú nó a chomhshó ina cothromas,
d'fhonn caipiteal a chur ar fáil don institiúid idirlinne sin. Faoi chuimsiú an chreata arna chinneadh ag an
gCoimisiún maidir leis an uirlis athshnámhaithe, bunófar leis an scéim réitigh
an méid seo a leanas go háirithe: (a)
an méid comhiomlán faoi nach mór dliteanais
inghlactha a laghdú nó a chomhshó, i gcomhréir le mír 6; (b)
na dliteanais a fhéadfar a chur as an áireamh i
gcomhréir le míreanna 5 go 13; (c)
na cuspóirí leis an bplean atheagrúcháin ghnó agus
an t‑ábhar ba cheart a bheith ann ar a laghad i gcomhréir le mír 16. 2. Ní fhéadfar an uirlis
athshnámhaithe a chur i bhfeidhm chun na críche dá dtagraítear i
bpointe (a) de mhír 1 ach amháin má tá ionchas réalaíoch ann le cur i
bhfeidhm na huirlise sin, i gcomhar leis na bearta arna gcur chun feidhme i
gcomhréir leis an bplean atheagrúcháin ghnó a cheanglaítear le mír 16,
anuas ar na cuspóirí réitigh ábhartha a bhaint amach, go n‑athbhunófar
sláine airgeadais agus inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide lena
mbaineann. Mura gcomhlíonfar an coinníoll atá leagtha amach
sa chéad fhomhír, beidh feidhm ag aon cheann de na huirlisí réitigh dá
dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 2 d’Airteagal 19,
agus ag an uirlis athshnámhaithe dá dtagraítear i bpointe (d) de
mhír 2 d’Airteagal 19, de réir mar is iomchuí. 3. Ní bheidh na dliteanais seo a
leanas faoi réir díluachála agus comhshó: (a)
taiscí cumhdaithe; (b)
dliteanais urraithe lena n‑áirítear bannaí
faoi chumhdach; (c)
aon dliteanas a eascraíonn de bhua sócmhainní nó
airgead cliaint a bheith i seilbh an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2,
nó de bhua caidrimh mhuinínigh idir an t‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2,
mar mhuiníneach, agus duine eile, mar thairbhí, ar choinníoll go bhfuil an
cliant nó an tairbhí sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta nó shibhialta is
infheidhme; (d)
dliteanais i leith institiúidí, gan eintitis atá
mar chuid den ghrúpa céanna a áireamh, a bhfuil aibíocht tosaigh níos lú ná
seacht lá acu; (e)
dliteanais a eascraíonn as a bheith rannpháirteach
i gcóras atá ainmnithe de réir Threoir 98/26/CE[23] a bhfuil aibíocht níos lú na
seacht lá fágtha iontu; (f)
dliteanas i leith aon cheann díobh seo a leanas: (i) fostaí, maidir le tuarastal fabhraithe,
sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, amach ó chomhpháirt
athraitheach an luacha saothair nach bhfuil faoi riail an dlí ná faoi réir
comhaontaithe chómhargála; (ii) creidiúnaí tráchtála nó trádála de
bharr earraí nó seirbhísí atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú laethúil oibríochtaí
na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) nó (d) d’Airteagal 1,
lena n‑áirítear seirbhísí TF, fóntais, cíos agus seirbhísiú agus
cothabháil an áitribh, a bheith á gcur ar fáil aige don institiúid nó don
eintiteas sin; (iii) údaráis chánach agus údaráis slándála
sóisialta, ar choinníoll go bhfuil tosaíocht ag na dliteanais sin faoin dlí
dócmhainneachta nó faoin dlí sibhialta is infheidhme. 4. Ní chuirfidh raon feidhme na
huirlise athshnámhaithe atá leagtha amach i mír 3 bac, nuair is iomchuí,
ar fheidhmiú na gcumhachtaí athshnámhaithe maidir le haon chuid de dhliteanas
urraithe nó de dhliteanas ar gealladh comhthaobhacht ina leith a sháraíonn
luach na sócmhainní, an ghealltáin, an liain nó na comhthaobhachta lena bhfuil
sé urraithe. Féadfar bannaí faoi chumhdach de réir bhrí Airteagal 52(4) de
Threoir 2009/65/CE[24]
a dhíolmhú ón bhforáil seo. 5. In imthosca eisceachtúla,
féadfar dliteanais áirithe a eisiamh nó a pháirteisiamh ó fheidhmiú na
gcumhachtaí díluachála agus comhshó in aon cheann de na cásanna seo a leanas: (a)
I gcás nach féidir an dliteanas sin a athshnámhú
laistigh de thréimhse réasúnta ainneoin iarrachtaí ionraice an údaráis réitigh;
nó (b)
I gcás ina bhfuil géarghá leis an eisiamh agus go
bhfuil sé comhréireach le gur féidir leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla
agus na gcroílínte gnó a áirithiú ar shlí a fhágann gur féidir leis an
institiúid faoi réiteach leanúint d’oibríochtaí, de sheirbhísí agus
d’idirbhearta tábhachtacha; nó (c)
I gcás ina bhfuil géarghá leis an eisiamh agus go
bhfuil sé comhréireach le nach gcuirfear le héifeacht ghabhála fhorleathan a
chuirfeadh isteach go mór ar fheidhmiú na margaí airgeadais ar shlí a
d’fhéadfaí suaitheadh tromchúiseach a chruthú i ngeilleagar Ballstáit nó i
ngeilleagar an Aontais; nó (d)
I gcás ina mbeadh cur i bhfeidhm na huirlise
athshnámhaithe maidir leis na dliteanais sin ina chúis le díluacháil sa chaoi
is go mbeadh na caillteanais arna n‑iompar ag creidiúnaithe eile níos
airde ná a bheadh siad mura gcuirfí na dliteanais sin san áireamh san
athshnámhú. I gcás ina ndéantar dliteanas inghlactha nó aicme
de dhliteanais inghlactha a eisiamh, nó a pháirteisiamh, féadfar leibhéal na
díluachála nó an chomhshó a chuirfear i bhfeidhm maidir le dliteanais
inghlactha eile a ardú chun eisiaimh den sórt sin a chur san áireamh, ar
choinníoll go gcomhlíonann leibhéal na díluachála nó an chomhshó a chuirfear i
bhfeidhm maidir le dliteanais inghlactha eile an prionsabal atá leagtha síos i
bpointe (f) d’Airteagal 13(1). 6. I gcás nach ndearnadh
dliteanas inghlactha nó aicme de dhliteanais inghlactha atá eisiata nó
páirteisiata, de bhun mhír 5, agus na caillteanais a bheadh le hiompar ag na
dliteanais sin, a thabhairt ar aghaidh go hiomlán chuig creidiúnaithe eile,
féadfar ranníocaíocht ón gCiste a dhéanamh leis an institiúid faoi réiteach: (a)
chun aon chaillteanais nach bhfuil ionsúite ag
dliteanais inghlactha a chumhdach agus glanluach sócmhainní na hinstitiúide
faoi réiteach a chur ar ais go neamhní i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1; (b)
chun scaireanna nó ionstraimí úinéireachta nó
ionstraimí caipitil eile san institiúid faoi réiteach a cheannach, chun an
institiúid a athchaipitliú i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1. 7. Féadfaidh an Ciste
ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 6 a dhéanamh freisin, ar an gcoinníoll go
gcomhlíonann an ranníocaíocht sin na critéir seo a leanas: (a)
go ndearna scairshealbhóirí agus sealbhóirí
ionstraimí úinéireachta eile, sealbhóirí ionstraimí caipitil ábhartha agus
sealbhóirí dliteanas inghlactha eile ranníocaíocht trí dhíluacháil, trí chomhshó
nó ar shlí eile le hionsúchán caillteanais agus le hathchaipitliú,
ranníocaíocht a bheidh cothrom le méid nach lú ná 8% d’iomlán na ndliteanas,
lena n‑áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, arna tomhas
tráth an bhirt réitigh i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 17;
(b)
nach sáraíonn an ranníocaíocht ón gCiste 5%
d’iomlán na ndliteanas, lena n‑áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi
réiteach, arna tomhas tráth an bhirt réitigh i gcomhréir leis an luacháil dá
bhforáiltear in Airteagal 17. 8. Féadfar an ranníocaíocht ón
gCiste a mhaoiniú mar seo a leanas: (a)
an méid atá ar fáil ag an gCiste nár tiomsaíodh trí
ranníocaíochtaí ó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 i gcomhréir le hAirteagal 66; (b)
an méid is féidir a thiomsú trí ranníocaíochtaí ex
post i gcomhréir le hAirteagal 67 laistigh de thréimhse trí bliana; agus (c)
mura leor na méideanna dá dtagraítear i bpointí (a)
agus (b), méideanna arna dtiomsú ó fhoinsí eile maoinithe i gcomhréir le hAirteagal 69. 9. In imthosca eisceachtúla,
féadfar maoiniú breise a lorg ó fhoinsí eile maoinithe sa chás: (a)
go bhfuil an teorainn 5% atá sonraithe i bpointe
(b) de mhír 7 sroichte; agus (b)
go ndearnadh gach dliteanas neamhthosaíochta gan
urrús, amach ó thaiscí inghlactha, a dhíluacháil nó a chomhshó ina iomláine. 10. Mar rogha mhalartach nó mar
rogha bhreise, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha i bpointe (a) agus
pointe (b) de mhír 7, féadfar ranníocaíocht a dhéanamh ó na hacmhainní a
tiomsaíodh trí ranníocaíochtaí ex ante i gcomhréir le hAirteagal 66 agus
nár úsáideadh fós. 11. Chun críocha an Rialacháin
seo, ní bheidh feidhm ag fomhír 5 d’Airteagal 38 (3cab) de Threoir [
]. 12. Le linn an cinneadh dá
dtagraítear i mír 5 a dhéanamh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na tosca seo
a leanas: (a)
an prionsabal gurb iad scairshealbhóirí i dtosach,
agus creidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach ina dhiaidh sin, i gcoitinne,
ba cheart na caillteanais a iompar in ord tosaíochta; (b)
an leibhéal d’acmhainneacht ionsúcháin caillteanais
a d’fhágfaí san institiúid faoi réiteach dá ndéanfaí an dliteanas nó an aicme
de dhliteanais a eisiamh; (c)
an gá dóthain acmhainní a bheith ann i gcónaí do
mhaoiniú an réitigh. 13. Déanfaidh an Bord measúnú ar
na pointí seo a leanas bunaithe ar luacháil a chomhlíonann ceanglais Airteagal 17; (a)
an méid comhiomlán faoi nach mór dliteanais
inghlactha a dhíluacháil lena áirithiú go bhfuil glanluach sócmhainní na
hinstitiúide faoi réiteach cothrom le neamhní; (b)
i gcás inarb iomchuí, an méid comhiomlán faoi nach
mór dliteanais inghlactha a chomhshó ina scaireanna d’fhonn cóimheas
Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide faoi réiteach nó na hinstitiúide
idirlinne a athbhunú. A luaithe a dhéanfar cinneadh faoi chur i bhfeidhm
na huirlise athshnámhaithe chun na críche dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír
1, déanfar a leagan síos sa mheasúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír an méid
faoinar gá dliteanais inghlactha a chomhshó a bhunú le gur féidir cóimheas
Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide faoi réiteach, nó nuair is
infheidhme, na hinstitiúide idirlinne, a athbhunú, agus, á dhéanamh sin,
cuirfear aon ranníocaíocht caipitil ón gciste réitigh de bhun phointe (d) d’Airteagal 71(1)
san áireamh, agus le go mbeidh dhóthain muiníne ag an margadh as an institiúid
faoi réiteach nó as an institiúid idirlinne agus le go mbeidh sí in ann
leanúint ar aghaidh de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh agus na
gníomhaíochtaí a bhfuil sí údaraithe a dhéanamh faoi Threoir 2013/36/AE nó
Treoir 2004/39/CE a chur i gcrích. 14. Féadfar na heisiaimh faoi mhír
5 a chur i bhfeidhm chun dliteanas a eisiamh go hiomlán ó dhíluacháil nó chun
méid na díluachála a chuirfear i bhfeidhm maidir leis an dliteanas sin a
theorannú. 15. Comhlíonfaidh na cumhachtaí
díluachála agus comhshó na ceanglais maidir le tosaíocht na n‑éileamh atá
leagtha amach in Airteagal 15. 16. Déanfaidh an t‑údarás
náisiúnta réitigh an plean atheagrúcháin ghnó a fuarthas, tar éis chur i
bhfeidhm na huirlise athshnámhaithe, ón riarthóir a ceapadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1)
de Threoir [ ] a chur ar aghaidh láithreach chuig an mBord. Faoi cheann 2 sheachtain ón dáta ar cuireadh an
plean atheagrúcháin ghnó isteach, déanfaidh an t‑údarás réitigh an
measúnú a rinne sé ar an bplean a thabhairt don Bhord. Faoi cheann 1 mhí ón
dáta ar cuireadh an plean atheagrúcháin ghnó isteach, déanfaidh an Bord a mheas
cé chomh dóchúil atá sé go ndéanfadh an plean, dá gcuirfí chun feidhme é,
inmharthanacht fhadtéarmach an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a
athbhunú. Tabharfar an measúnú chun críche i gcomhaontú leis an údarás inniúil. I gcás ina bhfuil an Bord sásta go mbainfí amach
an cuspóir sin leis an bplean, tabharfaidh sé cead don údarás náisiúnta réitigh
an plean a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 47(5) de Threoir [ ]. I
gcás nach bhfuil an Bord sásta go mbainfí amach an cuspóir sin leis an bplean,
tabharfaidh sé treoir don údarás náisiúnta réitigh fógra a thabhairt don
riarthóir faoi na cúiseanna imní atá air agus iarrfaidh sé ar an riarthóir an
plean a leasú ar chaoi a dtabharfar aghaidh ar na cúiseanna imní sin i
gcomhréir le hAirteagal 47(6) de Threoir [ ]. Déanfar an méid sin i
gcomhaontú leis an údarás inniúil. Déanfaidh an t‑údarás náisiúnta réitigh an
plean leasaithe a chur ar aghaidh chuig an mBord. Tabharfaidh an Bord treoir
don údarás náisiúnta réitigh fógra a thabhairt don riarthóir faoi cheann
seachtaine maidir lena bhfuil nó nach bhfuil sé sásta go dtugann an plean
leasaithe aghaidh ar na cúiseanna imní a tugadh le fios san fhógra nó lena
bhfuil nó nach bhfuil leasú breise ag teastáil. Airteagal 25
Faireachán arna dhéanamh ag an mBord 1. Déanfaidh an Bord faireachán
géar ar an gcaoi a gcuireann na húdaráis náisiúnta réitigh an scéim réitigh
chun feidhme. Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis náisiúnta réitigh an
méid seo a leanas: (a)
comhoibreoidh siad leis an mBord agus cuideoidh
siad leis chun a dhualgais faireacháin a fheidhmiú; (b)
go tráthrialta mar a bheidh leagtha síos ag an
mBord, cuirfidh siad faisnéis chruinn iontaofa iomlán ar fáil maidir le
feidhmiú na scéime réitigh, cur i bhfeidhm na n‑uirlisí réitigh agus
feidhmiú na gcumhachtaí réitigh, a d’fhéadfadh an Bord a iarraidh, lena n‑áirítear
an méid seo a leanas: (i) oibriú agus staid airgeadais na
hinstitiúide faoi réiteach, na hinstitiúide idirlinne agus an mheáin
bhainistíochta sócmhainní; (ii) an chaoi a gcaithfí leis na
scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe dá ndéanfaí an institiúid a leachtú de
réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta; (iii) aon imeachtaí cúirte atá ar siúl maidir
le leachtú sócmhainní institiúide ar chlis uirthi, maidir le hagóidí in aghaidh
an chinnidh maidir le réiteach agus in aghaidh na díluachála nó a bhaineann le
hiarratais ar chúiteamh arna gcur isteach ag scairshealbhóirí nó ag
creidiúnaithe; (iv) faisnéis faoi mheasúnóirí, riarthóirí,
cuntasóirí, dlíodóirí agus aon ghairmithe eile a ceapadh, a cuireadh as oifig
nó a hionadaíodh a mbeadh gá ag an údarás náisiúnta réitigh léi, agus faoi
fheidhmiú a gcuid dualgas; (v) aon ábhar eile a bhfhéadfadh an Bord
tagairt a dhéanamh dó; (vi) an méid agus an tslí a fheidhmíonn na
húdaráis náisiúnta réitigh na cumhachtaí atá liostaithe i gCaibidil V de
Threoir [ ]; (vii) inmharthanacht eacnamaíoch,
féidearthacht agus cur chun feidhme an phlean atheagrúcháin ghnó dá
bhforáiltear in Airteagal 24(16). Déanfaidh na húdaráis náisiúnta réitigh tuarascáil
deiridh ar fheidhmiú na scéime réitigh a chur chuig an mBord. 2. I bhfianaise na faisnéise a
chuirfear ar fáil, féadfaidh an Bord treoracha a thabhairt do na húdaráis
náisiúnta réitigh maidir le haon ghné d’fheidhmiú na scéime réitigh, agus go
háirithe na gnéithe sin dá dtagraítear in Airteagal 20 agus maidir le
feidhmiú na gcumhachtaí réitigh. 3. I gcás ina bhfuil gá leis sin
d’fhonn na cuspóirí réitigh a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó
moladh a fháil ón mBord nó ar a thionscnamh féin, an cinneadh a rinne sé maidir
leis an gcreat réitigh a athbhreithniú agus na leasuithe cuí a ghlacadh. Airteagal 26
Cinntí maidir le réiteach a chur chun feidhme 1. Déanfaidh na húdaráis
náisiúnta réitigh gach beart is gá leis an gcinneadh maidir le réiteach dá
dtagraítear in Airteagal 16(8) a chur chun feidhme, go háirithe trí smacht
a fheidhmiú ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, trí na bearta
is gá a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 64 den Treoir sin [ ]
agus trína áirithiú go gcomhlíonfar na cosaintí dá bhforáiltear i dTreoir
[ ]. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta réitigh gach cinneadh a chuireann an
Bord faoina mbráid a chur chun feidhme. Chun na gcríoch sin, bainfidh siad leas as na
cumhachtaí atá acu faoin dlí náisiúnta lenar trasuíodh Treoir [ ] agus i
gcomhréir leis na coinníollacha atá leatha síos sa dlí náisiúnta. Cuirfidh na
húdaráis náisiúnta réitigh an Bord ar an eolas go hiomlán faoi fheidhmiú na
gcumhachtaí sin. Aon bheart a dhéanfaidh siad, comhlíonfaidh sé an cinneadh dá
dtagraítear in Airteagal 16(8). 1. I gcás nach bhfuil cinneadh
dá dtagraítear in Airteagal 16 curtha i bhfeidhm ag údarás náisiúnta
réitigh, nó má chuir sé i bhfeidhm é ar chaoi nach bhfágann go mbainfear na
cuspóirí réitigh faoin Rialachán seo amach, beidh sé de chumhacht ag an mBord
ordú a thabhairt d’institiúid faoi réiteach: (a)
cearta sonracha, sócmhainní sonracha nó dliteanais
shonracha institiúide faoi réiteach a aistriú chuig duine eile; (b)
comhshó ionstraimí fiachais ina bhfuil téarma
conarthach maidir le comhshó sna himthosca dá bhforáiltear in Airteagal 18
a iarraidh. 2. Déanfaidh an institiúid faoi
réiteach aon chinneadh a dhéantar de bhun mhír 2 a chomhlíonadh. Beidh
forlámhas ag na cinntí sin ar aon chinneadh arna ghlacadh roimhe sin ag na
húdaráis náisiúnta maidir leis an ábhar céanna. 3. Aon bheart a dhéanfaidh na
húdaráis inniúla maidir le saincheisteanna atá faoi réir cinnidh de bhun mhír
2, beidh sé i gcomhréir leis na cinntí sin. Caibidil 4 Comhar Airteagal 27
Oibleagáid an chomhair 4. Cuirfidh an Bord an Coimisiún
ar an eolas maidir le haon bheart a dhéanfaidh sé chun ullmhú i gcomhair
réiteach. Maidir le haon fhaisnéis a gheobhaidh an Bord, beidh comhaltaí an
Choimisiúin agus foireann an Choimisiúin faoi réir an cheanglais maidir le
rúndacht ghairmiúil atá leagtha síos in Airteagal 79. 5. Agus a bhfreagrachtaí faoi
seach faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, oibreoidh an Bord, an Coimisiún, an
BCE agus na húdaráis náisiúnta inniúla agus na húdaráis réitigh i ndlúthchomhar
le chéile. Soláthróidh an BCE agus na húdaráis náisiúnta inniúla an fhaisnéis
uile is gá lena gcuid cúraimí a fheidhmiú don Bhord agus don Choimisiún. 6. Agus a bhfreagrachtaí faoi
seach faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, oibreoidh an Bord, an Coimisiún, an
BCE agus na húdaráis náisiúnta inniúla agus na húdaráis réitigh i ndlúthchomhar
le chéile le linn céimeanna na pleanála réitigh, na luath‑idirghabhála
agus an réitigh de bhun Airteagail 7 go 26. Soláthróidh an BCE agus na
húdaráis náisiúnta inniúla an fhaisnéis uile is gá lena gcuid cúraimí a
fheidhmiú don Bhord agus don Choimisiún. 7. Chun críocha an Rialacháin
seo, i gcás ina n‑iarrfaidh an BCE ar ionadaí den Bhord a bheith
páirteach i mBord Maoirseachta an BCE a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 19
de Rialachán (AE) Uimh. [] ón gComhairle, ceapfaidh an Bord ionadaí. 8. Chun críocha an Rialacháin
seo, ceapfaidh an Bord ionadaí a bheidh páirteach i gCoiste Réitigh an Údaráis
Bhaincéireachta Eorpaigh a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 113 de
Threoir [ ]. 9. Oibreoidh an Bord i
ndlúthchomhar leis an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais Eorpach (SaorCAE)
agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), go háirithe i gcás inar dheonaigh nó
inar dóchúil go ndeonóidh an SaorCAE nó an SCE cúnamh airgeadais díreach nó
indíreach d'eintitis atá bunaithe i mBallstáit ar rannpháirtí é, go háirithe
sna himthosca urghnácha sin dá dtagraítear in Airteagal 24(9). 10. Tabharfaidh an Bord agus an
BCE meabhrán comhthuisceana i gcrích ina mbeidh tuairisc ar théarmaí ginearálta
a n‑oibre i gcomhar le chéile faoi mhír 2. Athbhreithneofar an meabhrán
sin go tráthrialta agus déanfar í a fhoilsiú faoi réir láimhseáil iomchuí na
faisnéise rúnda ann. Airteagal 28
Malartú faisnéise laistigh den Sásra Aonair Réitigh 1. Beidh an Bord agus na
húdaráis náisiúnta réitigh araon faoi réir dualgais comhar ionraic a dhéanamh
agus faoi réir oibleagáid faisnéis a mhalartú. 2. Tabharfaidh an Bord aon
fhaisnéis don Choimisiún is ábhartha lena chúraimí faoin Rialachán seo agus,
más infheidhme, faoi Airteagal 107 den CFAE a chomhlíonadh. Airteagal 29
Comhar laistigh den Sásra Aonair Réitigh agus cóireáil grúpaí Míreanna 4, 5, 6 agus 15 d'Airteagal 12
agus Airteagal 80 go hAirteagal 83 de Threoir [ ], ní bheidh feidhm
acu maidir le caidreamh idir údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ar
rannpháirtithe iad. Beidh feidhm ag na forálacha ábhartha den Rialachán seo ina
ionad sin. Airteagal 30
Comhar le Ballstáit nach rannpháirtithe iad I gcás ina bhfuil i ngrúpa eintitis atá
bunaithe i mBallstáit ar rannpháirtithe iad agus i mBallstáit nach
rannpháirtithe iad chomh maith, gan dochar d'aon fhormheas ag an gCoimisiún atá
ina cheangal de réir an Rialacháin seo, déanfaidh an Bord ionadaíocht thar
ceann údarás náisiúnta réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad, chun oibriú
i gcomhar le Ballstáit nach rannpháirtithe iad i gcomhréir le hAirteagail 7,
8, 11, 12, 15, 50, 80, 83 de Threoir [ ]. Airteagal 31
Comhar le húdaráis tríú tíortha Is iad an Coimisiún agus an Bord amháin
laistigh dá bhfreagrachtaí féin a mbeidh an fhreagracht orthu, thar ceann
údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad, na socruithe
comhair neamhcheangailteacha dá dtagraítear in Airteagal 88(4) de Threoir
[ ] a thabhairt i gcrích agus tabharfaidh siad fógra dóibh i gcomhréir le mír 6
den Airteagal sin. Caibidil 5 Cumhachtaí
imscrúdaithe Airteagal 32
Iarrataí ar fhaisnéis 1. Chun na cúraimí dá
dtagraítear in Airteagail 7, 8, 11, 16 agus 17 a dhéanamh, féadfaidh an
bord, go díreach nó trí na húdaráis náisiúnta réitigh, ceangal a chur ar na
daoine dlítheanacha nó nádúrtha seo a leanas an fhaisnéis uile a sholáthar is
gá chun na cúraimí a thugtar dó faoin Rialachán seo a chomhlíonadh (a)
na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2; (b)
fostaithe na n‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2; (c)
tríú páirtithe ar eisfhoinsigh na heintitis dá
dtagraítear in Airteagal 2 feidhmeanna nó gníomhaíochtaí chucu. 2. Déanfaidh na heintitis dá
dtagraítear in Airteagal 2 agus aon duine dá dtagraítear i bpointe (b) de
mhír 1 an fhaisnéis a iarrtar de bhonn mhír 1 a sholáthar. Ní bheidh na
heintitis ná na daoine sin díolmhaithe ón dualgas faisnéis a sholáthar de
dhroim forálacha maidir le rúndacht ghairmiúil. Ní mheasfar gur sárú ar
rúndacht ghairmiúil an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar. 3. I gcás ina bhfaighidh an Bord
faisnéis go díreach ó na heintitis agus ó na daoine sin, cuirfidh sé an
fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis náisiúnta réitigh lena mbaineann. 4. Beidh an Bord in ann a fháil
ar bhonn leanúnach aon fhaisnéis maidir le caipiteal, leachtacht, sócmhainní
agus dócmhainní i dtaobh aon institiúide atá faoi réir a chumhachtaí réitigh,
ar faisnéis í atá ábhartha chun críoch réitigh. 5. Féadfaidh an Bord, na
húdaráis inniúla agus na húdaráis náisiúnta réitigh meabhrán comhthuisceana a
tharraingt suas ina mbeidh nós imeachta le faisnéis a mhalartú. 6. Oibreoidh údaráis inniúla,
lena n‑áirítear an BCE más ábhartha, agus údaráis náisiúnta réitigh i
gcomhar leis an mBord chun a fhíorú an bhfuil cuid den fhaisnéis a iarrtar nó í
ar fad ar fáil cheana. I gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil,
tabharfaidh údaráis náisiúnta, lena n‑áirítear an BCE más ábhartha, nó
údaráis náisiúnta réitigh an fhaisnéis sin don Bhord. Airteagal 33
Imscrúduithe ginearálta 1. Chun na cúraimí dá
dtagraítear in Airteagail 7, 8, 11, 16 agus 17 a fheidhmiú, agus faoi réir
aon choinníollacha eile atá leagtha amach i ndlí ábhartha an Aontais, féadfaidh
an Bord na himscrúduithe riachtanacha ar fad a dhéanamh ar aon duine dá
dtagraítear in Airteagal 32(1) atá bunaithe nó lonnaithe i mBallstát ar
rannpháirtí é. Chuige sin, beidh sé de cheart ag an mBord an méid
seo a leanas a dhéanamh: (a)
a cheangal go gcuirfí doiciméid faoina bhráid; (b)
leabhair chuntais agus taifid na ndaoine dá
dtagraítear in Airteagal 32(1) a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de na
leabhair agus de na taifid sin nó sleachta a thógáil astu; (c)
mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó dhuine ar
bith dá dtagraítear in Airteagal 32(1) nó óna ionadaí nó óna fhoireann; (d)
agallamh a chur ar aon duine eile a thoilíonn go
gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe; 2. Beidh na daoine dá
dtagraítear in Airteagal 32(1) faoi réir imscrúduithe arna seoladh ar
bhonn cinnidh ón mBord. I gcás ina gcuirfidh duine bac ar imscrúdú,
déanfaidh údaráis náisiúnta réitigh an Bhallstáit ar rannpháirtí é agus ina
bhfuil an áitreabh i gceist an cúnamh riachtanach a thabhairt, lena n‑áirítear
rochtain an Bhoird ar áitreabh gnó na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 32(1),
i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ionas gur féidir na cearta réamhráite a
fheidhmiú. Airteagal 34
Cigireachtaí ar an láthair 1. Chun na cúraimí dá
dtagraítear in Airteagail 7, 8, 11, 16 agus 17 a fheidhmiú, agus faoi réir
coinníollacha eile atá leagtha amach i ndlí ábhartha an Aontais, féadfaidh an
Bord, faoi réir fógra a thabhairt roimh ré do na húdaráis náisiúnta réitigh
lena mbaineann, na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar áitreabh
gnó na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 32(1). Féadfaidh
an Bord an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré
do na daoine dlítheanacha sin más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a
dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil. 2. Féadfaidh oifigigh an Bhoird
agus na daoine eile a údaróidh sé chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh
dul isteach in áitreabh gnó ar bith agus ar thalamh ar bith de chuid na ndaoine
dlítheanacha atá faoi réir an chinnidh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh an Bord
de bhonn Airteagal 32(2) agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in
Airteagal 32(1) acu. 3. Beidh na daoine dlítheanacha
dá dtagraítear in Airteagal 32(1) faoi réir cigireachtaí ar an láthair ar
bhonn cinnidh ón mBord. 4. Déanfaidh oifigigh agus
daoine tionlacain eile atá údaraithe nó ceaptha ag údaráis náisiúnta réitigh na
mBallstát ina bhfuil an chigireacht le déanamh, faoi mhaoirseacht agus faoi
chomhordú an Bhoird, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na
daoine eile atá údaraithe ag an mBord. Chuige sin, teachtfaidh siad na
cumhachtaí a leagtar amach i mír 2. Beidh sé de cheart ag oifigigh de
chuid údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát lena mbaineann ar rannpháirithe
iad páirt a ghlacadh sna cigireachtaí ar an láthair. 5. I gcás ina gcinnfidh oifigigh
an Bhoird agus daoine tionlacain eile atá údaraithe nó ceaptha ag an mBord go
bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireachta a ordaíodh de bhonn mhír 1,
tabharfaidh údaráis náisiúnta réitigh an Bhallstáit lena mbaineann ar
rannpháirtí é an cúnamh is gá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. A mhéid is gá i
gcomhair na cigireachta, beidh séalú aon áitreabh gnó agus leabhar cuntais nó
taifead ar áireamh sa chúnamh sin. I gcás nach bhfuil an chumhacht sin ar fáil
do na húdaráis náisiúnta réitigh lena mbaineann, úsáidfidh sé a chumhachtaí
chun an cúnamh is gá a iarraidh ar údaráis náisiúnta réitigh eile. Airteagal 35
Údarú ag údarás breithiúnach 1. Más rud é, maidir le
cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) agus (2) nó
maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear in Airteagal 34(5), go gceanglaítear
údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta, déanfar
iarratas ar an údarú sin. 2. I gcás ina ndéantar iarratas
ar údarú amhail dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t‑údarás
breithiúnach náisiúnta rialú i dtaobh an bhfuil cinneadh an Bhoird barántúil
agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach
ag féachaint d'ábhar na cigireachta. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh
chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t‑údarás breithiúnach
náisiúnta a iarraidh ar an mBord mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe
maidir leis na forais atá ag an mBord drochamhras a bheith air go ndearnadh
sárú ar na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 26 agus maidir le
tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál
na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní
dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an
ngá atá leis an gcigireacht ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar
chomhad an Bhoird a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh an Bhoird
faoi réir a athbhreithnithe ach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Caibidil 6 Cumhachtaí
smachtbhannaí Airteagal 36
Fíneálacha 1. I gcás ina gcinnfidh an Bord
go ndearna eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 ceann de na sáruithe dá
dtagraítear i mír 2 d'aon turas nó go faillíoch, ordóidh an Bord don
údarás náisiúnta réitigh lena mbaineann fíneáil a chur ar an eintiteas ábhartha
dá dtagraítear in Airteagal 2 i gcomhréir le Treoir [ ]. Measfar go ndearna ceann de na heintitis sin sárú
d'aon turas más ann d'imthosca oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an t‑eintiteas
nó a lucht bainistíochta sinsearaí d'aon turas chun an sárú a dhéanamh. 2. Féadfar na fíneálacha a chur
ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 as na sáruithe seo a leanas: (a)
Mura dtabharfaidh siad an fhaisnéis a iarrtar i
gcomhréir le hAirteagal 32; (b)
Mura ngéillfidh siad d'imscrúdú ginearálta i
gcomhréir le hAirteagal 33 nó do chigireacht ar an láthair agus mura
dtabharfaidh siad an fhaisnéis a iarrtar i gcomhréir le hAirteagal 32; (c)
Mura ndéanfaidh siad ranníocaíocht leis an gCiste i
gcomhréir le hAirteagal 66 nó le hAirteagal 67; (d)
Mura gcloífidh siad le cinneadh a dhéanfaidh an
Bord ina leith de bhonn Airteagal 24. 3. Foilseoidh na húdaráis
náisiúnta réitigh aon fhíneálacha a fhorchuirfear de bhonn mhír 1. I gcás ina
ndéanfadh a foilsiú dochar díréireach do na páirtithe lena mbaineann,
foilseoidh na húdaráis náisiúnta réitigh na smachtbhannaí gan chéannacht na
bpáirtithe a nochtadh. 4. Déanfaidh an Bord, d'fhonn
cleachtais forfheidhmithe a bhunú a bheidh comhleanúnach, éifeachtúil agus
éifeachtach, agus lena n‑áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i
bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go comhleanúnach, treoirlínte a eisiúint maidir
le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla pionóis a chur i bhfeidhm
atá dírithe ar na húdaráis náisiúnta réitigh. Airteagal 37
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla 1. Ordóidh an Bord don údarás
náisiúnta réitigh lena mbaineann íocaíocht phionósach thréimshiúil a fhorchur
maidir leis an eintiteas ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 2 i
gcomhréir le Treoir [ ] chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (a)
iallach a chur ar institiúid chreidmheasa cloí le
cinneadh a glacadh faoi Airteagal 32; (b)
iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 32(1)
faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh trí chinneadh de bhonn an Airteagail sin; (c)
iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 33(1)
géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta
nó aon ábhar eile a iarrtar a thabhairt ar láimh agus faisnéis eile a iomlánú
agus a cheartú a thugtar in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh de bhun an Airteagail
sin; (d)
iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 34(1)
géilleadh do chigireacht ar an láthair a ordaíodh trí chinneadh de bhonn an Airteagail
sin. 2. Beidh íocaíocht phionósach
thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Fochuirfear an íocaíocht phionósach
thréimshiúil ar bhonn laethúil go dtí go gcloífidh an institiúid chreaidmheasa
nó an duine lena mbaineann leis na cinntí ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a)
go pointe (d) de mhír 1. 3. Féadfaidh íocaíocht
phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí. CUID III
AN CREAT INSTITIÚIDEACH TEIDEAL I An Bord Airteagal 38
Stádas dlíthiúil 1. Bunaítear leis seo Bord
Aonair Réitigh. Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh a bheidh sa Bhord
agus beidh struchtúr sonrach aige i gcomhréir lena chúraimí. Beidh pearsantacht
dhlítheanach aige. 2. Beidh ag an mBord i ngach
Ballstát an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil do dhaoine
dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh an Bord, go háirithe, maoin
shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh
sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla. 3. Feidhmeoidh a Stiúrthóir
Feidhmiúcháin thar ceann an Bhoird. Airteagal 39
Comhdhéanamh 1. Is iad a bheidh ar an mBord: (a)
Stiúrthóir Feidhmiúcháin; (b)
an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin; (c)
comhalta a cheapfaidh an Coimisiún; (d)
comhalta a cheapfaidh an BCE; (e)
comhalta a cheapfaidh gach Ballstát rannpháirteach,
a fheidhmeoidh thar ceann an údaráis náisiúnta réitigh. 2. Cúig bliana a bheidh i
dtréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, an Leas‑Stiúrthóra
Feidhmiúcháin agus na gcomhaltaí den Bhord a cheapfaidh an Coimisiún agus an
BCE. Faoi réir Airteagal 53(6), ní bheidh an tréimhse sin in‑athnuaite. 3. Is éard a bheidh i struchtúr
riaracháin agus bainistíochta an Bhoird: (a)
seisiún iomlánach den Bhord a fheidhmeoidh na
cúraimí atá leagtha amach in Airteagal 47; (b)
seisiún feidhmiúcháin den Bhord a fheidhmeoidh na
cúraimí atá leagtha amach in Airteagal 51; (c)
Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí
atá leagtha amach in Airteagal 53. Airteagal 40
Dlí an Aontais a chomhlíonadh Gníomhóidh an Bord de réir dhlí an Aontais, go
háirithe maidir le cinntí an Choimisiúin de bhonn an Rialacháin seo. Airteagal 41
Cuntasacht 1. Beidh an Bord cuntasach do
Pharlaimint na hEorpa, don Chomairle agus don Choimisiún maidir le cur chun
feidhme an Rialacháin seo, i gcomhréir le mír 2 go mír 8. 2. Cuirfidh an Bord tuarascáil
faoi Bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus Chúirt
Iniúchóirí na hEorpa gach bliain maidir le feidhmiú na gcúraimí a thugtar dó
faoin Rialachán seo. 3. Tíolacfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin an tuarascáil sin go poiblí do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle. 4. Arna iarraidh ó Pharlaimint
na hEorpa, glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt in éisteacht maidir le
feidhmiú a chúraimí réitigh ag na coistí inniúla de chuid na Parlaiminte. 5. Féadfaidh an Chomhairle, arna
iarraidh ag an gComhairle, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a éisteacht maidir le
feidhmiú na gcúraimí réitigh. 6. Tabharfaidh an Bord freagra ó
bhéal nó i scríbhinn, i gcomhréir lena nósanna imeachta féin, ar cheisteanna a
chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle air i láthair ionadaithe ó aon
Bhallstáit rannpháirteacha nach bhfuil an Euro mar airgeadra acu. 7. Arna iarraidh, déanfaidh an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin pléití rúnda ó bhéal agus i seomra iata le
Cathaoirleach agus Leas‑Chathaoirleach an choiste inniúil de Pharlaimint
na hEorpa i gcás inar gá na pléití sin chun cumhachtaí Parlaimint na hEorpa a
fheidhmiú faoin gConradh. Tabharfar comhaontú i gcrích idir
Parlaimint na hEorpa agus an Bord maidir leis na rialacha mionsonraithe a
bhaineann leis na pléití sin a eagrú, d'fhonn rúndacht iomlán a áirithiú i
gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta atá curtha ar an BCE mar údarás
inniúil faoin dlí ábhartha de chuid an Aontais. 8. Le linn aon imscrúduithe a
dhéanfaidh an Pharlaimint, oibreoidh an Bord i gcomhar leis an bParlaimint,
faoi réir an CFAE. Tabharfaidh an Bord agus an Pharlaimint socruithe iomchuí i
gcrích maidir leis na rialacha mionsonraithe praiticiúla a bhaineann le
feidhmiú na cuntasachta daonlathaí agus le maoirseacht ar fheidhmiú na gcúraimí
atá tugtha don Bhord faoin Rialachán seo. Cumhdóidh na socruithe sin, inter
alia, rochtain ar fhaisnéis, comhar in imscrúduithe agus faisnéis faoi nós
imeachta roghnúcháin an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Airteagal 42
Na parlaimintí náisiúnta 1. De thoradh na gcúraimí
sonrach atá ag an mBord, féadfaidh parlaimintí náisiúnta na mBallstát
rannpháirteacha, trína nósanna imeachta féin, iarraidh ar an mBord freagra a
thabhairt i scríbhinn ar aon bharúlacha nó ar aon cheisteanna a chuirfidh siad
faoi bhráid an Bhoird maidir le feidhmeanna an Bhoird faoin Rialacháin seo. 2. Féadfaidh parlaimint
náisiúnta Ballstáit rannpháirtigh iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt
a ghlacadh i malartú tuairimí faoi réiteach institiúidí creadmheasa sa
Bhallstát sin le hionadaí de chuid an údaráis náisiúnta réitigh. 3. Beidh an Rialachán seo gan
dochar do chuntasacht údarás náisiúnta réitigh do pharlaimintí náisiúnta i
gcomhréir le dlí náisiúnta maidir le feidhmiú cúraimí nach bhfuil tugtha don
Bhord ná don Choimisiún faoin Rialachán seo. Airteagal 43
Neamhspleáchas 1. Agus na cúraimí atá tugtha dó
faoin Rialachán seo á gcur i gcrích acu, gníomhóidh an Bord agus na húdaráis
náisiúnta réitigh go neamhspleách agus ar son an leasa choitinn. 2. Gníomhóidh comhaltaí an
Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 40(2) go neamhspleách agus go
hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine agus ní lorgóidh siad ná ní
ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon
rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile. Airteagal 44
Suíomh Is sa Bhruiséil, sa Bheilg a bheidh suíomh an
Bhoird. TEIDEAL II Seisiún Iomlánach an Bhoird Airteagal 45
Rannpháirtíocht i seisiúin iomlánacha Beidh comhaltaí uile an Bhoird rannpháirteach
i séisiúin iomlánacha. Airteagal 46
Cúraimí 1. Déanfaidh an Bord an méid seo
a leanas ina sheisiún iomlánach: (a)
faoin 30 Samhain gach bliain, clár oibre
bliantúil an Bhoird a ghlacadh don chéad bhliain eile i gcomhréir le hAirteagal 49(1),
bunaithe ar dhréacht a chuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar aghaidh agus é
a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún,
agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach mar eolas; (b)
buiséad bliantúil an Bhoird a ghlacadh i gcomhréir
le hAirteagal 59(2); (c)
cinneadh a dhéanamh maidir leis an iasachtaíocht
dheonach idir socruithe um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 68, maidir le
frithpháirtiú socruithe náisiúnta um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 72
agus maidir le hiasachtú do scéim ráthaithe taiscí i gcomhréir le hAirteagal 73; (d)
tuarascáil gníomhaíochta bhliantúil a ghlacadh
maidir leis na gníomhaíochtaí de chuid an Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 42.
Beidh mínithe mionsonraithe sa tuarascáil sin ar chur chun feidhme an bhuiséid; (e)
na rialacha airgeadais is infeidhme maidir leis an
mBord i gcomhréir le hAirteagal 61 a ghlacadh; (f)
straitéis frithchalaoise a ghlacadh, atá i
gcomhréir leis na rioscaí calaoise ag cur san áireamh chostais agus thairbhí na
mbeart atá le cur chun feidhme; (g)
rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa i
ndáil lena chomhaltaí a chosc agus a bhainistiú; (h)
a rialacha nós imeachta a ghlacadh; (i)
i gcomhréir le mír 2, maidir le foireann an
bhoird, na cumhachtaí a fheidhmiú atá tugtha don Údarás Ceapúcháin ag na
Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile ar an
Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche[25] ("cumhachtaí an údaráis
cheapacháin"); (j)
na rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh le
héifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Coinníollacha Fostaíochta
Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne; (k)
Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na
Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a mbeidh
neamhspleáchas feidhmeach aige agus a chuid dualgas á ndéanamh aige; (l)
a áirithiú go ndéanfar a dhóthain oibre leantaí ar
chinntí agus ar mholtaí a eascróidh ó thuarascálacha iniúchóireachtaí agus ó
mheastóireachtaí, inmheánacha nó seachtracha, agus ó imscrúduithe an Oifig
Eorpach Frith-chalaoise (OLAF); (m)
na cinntí uile a ghlacadh maidir le bunú struchtúir
inmheánacha an Bhoird agus, más gá, maidir lena gcoigeartú. 2. Ina sheisiún iomlánach,
glacfaidh an Bord, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne,
cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6
de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena dtarmligfear na
cumhachtaí údaráis cheapúcháin ábhartha chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus
lena saineofar na coinníollacha faoinar féidir tarmligean na gcumhachtaí a chur
ar fionraí. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údaraithe na cumhachtaí sin a
fhotharmligean. I gcás inar gá in imthosca fíoreisceachtúla,
féadfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach dó, trí bhíthin cinnidh, tarmligean
chumhachtaí an údaráis cheapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na
cumhachtaí sin atá fotharmligthe aigesean a chur ar fionraí agus iad a
fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball
foirne seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Airteagal 47
Cruinniú sheisiún iomlánach an Bhoird 1. Comórfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin cruinnithe sheisiún iomlánach an Bhoird. 2. Reáchtálfaidh an Bord ina
sheisiún iomlánach dhá ghnáthchruinniú in aghaidh na bliana ar a laghad. Ina
theannta sin, beidh cruinniú ann ar thionscnamh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin,
arna iarraidh sin don Choimisiún, nó arna iarraidh sin d'aon trian dá chomhalta
ar a laghad. 3. Féadfaidh an Bord ina
sheisiún iomlánach iarraidh ar bhreathadnóirí freastal ar chruinnithe ar bhonn ad
hoc. 4. Forálfaidh an Bord maidir le
rúnaíocht sheisiún iomlánach an Bhoird. Airteagal 48
An próiseas cinnteoireachta 1. Déanfaidh an Bord, ina
sheisiún iomlánach dó, a chuid cinntí trí thromlach simplí dá chomhaltaí.
Déanfar na cinntí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 47(1), áfach,
trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí. 2. Glacfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin páirt sa vótáil. 3. Glacfaidh an Bord a rialacha
nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad. Leagfar síos sna rialacha nós
imeachta socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na himthosca ina
bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile agus na rialacha a
rialaíonn córaim san áireamh, más iomchuí. TEIDEAL III Seisiún Feidhmiúcháin an Bhoird Airteagal 49
Rannpháirtíocht sna seisiúin feidhmiúcháin 1. Faoi réir mhír 2 agus
mhír 3, glacfaidh na comhaltaí den Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 40(1)(a)
go (d) páirt i seisiúin feidhmiúcháin an Bhoird. 2. Agus eintiteas dá dtagraítear
in Airteagal 2 nó grúpa eintiteas nach bhfuil bunaithe ach in aon
Bhallstát rannpháirteach amháin á mbreithniú, glacfaidh an comhalta a cheap an
Ballstát sin páirt sa bhreithniú agus sa phróiseas cinnteoireachta i gcomhréir
le hAirteagal 52(1) agus (3). 3. Agus grúpa trasteorann á
bhreithniú, glacfaidh an comhalta a cheap an Ballstát ina bhfuil lonnaithe an t‑údarás
réitigh ar leibhéal grúpa, chomh maith leis na comhaltaí a cheap na Ballstáit
ina bhfuil bunaithe fochuideachta nó eintiteas atá cumhdaithe ag maoirseacht
chomhdhlúite, páirt sa bhreithniú agus sa phróiseas cinnteoireachta i gcomhréir
le hAirteagal 52(2) agus (3). Airteagal 50
Cúraimí 1. Beidh seisiún feidhmiúcháin
den Bhord de chúnamh ag an mBord ina sheisiún iomlánach. 2. Déanfaidh an Bord an méid seo
a leanas ina sheisiún feidhmiúcháin: (a)
cinntí a ullmhú a ghlacfaidh an Bord ina sheisiún
iomlánach; (b)
gach cinneadh a dhéanamh chun an Rialachán seo a
chur chun feidhme. Áirítear leis sin: (i) aon fhaisnéis ábhartha a thabhairt don
Choimisiún, a luaithe is féidir, a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin measúnú
agus cinneadh réasúnaithe a dhéanamh de bhonn Airteagal 16(6); (ii) cinneadh maidir le cuid II de bhuiséad
an Bhoird, ar cuid í a bhaineann leis an gCiste. 3. Más gá, de dheasca práinne,
féadfaidh an Bord ina sheisiún feidhmiúcháin dó cinntí sealadacha áirithe a
dhéanamh thar ceann an Bhoird ina sheisiún iomlánach, go háirithe maidir le
hábhair a bhaineann le bainistíocht riaracháin, lena n‑áirítear ábhair
bhuiséadacha. 4. Cruinneofar an Bord ina
sheisiún feidhmiúcháin ar thionscamh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin nó arna
iarraidh sin dá chomhaltaí. 5. Déanfaidh an Bord ina
sheisiún iomlánach dó rialacha nós imeachta an Bhord ina sheisiún feidhmiúcháin
a leagan síos. Airteagal 51
Cinnteoireacht 1. Agus eintiteas nó grúpa
eintiteas nach bhfuil bunaithe ach in aon Bhallstát rannpháirteach amháin á
mbreithniú, déanfaidh an Bord a chinntí ina sheisiúin feidhmiúcháin trí
thromlach simplí dá chomhaltaí rannpháirteacha. Is ag an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais. 2. Agus grúpa trasteorann á
bhreithniú, déanfaidh an Bord a chinntí ina sheisiúin feidhmiúcháin trí
thromlach simplí dá chomhaltaí rannpháirteacha. Beidh aon vóta amháin ag gach
comhalta den Bhord dá dtagraítear in Airteagal 40(2) agus ag an gcomhalta
a cheap an Ballstát ina bhfuil lonnaithe an t‑údarás réitigh ar leibhéal
grúpa. Beidh ag na comhaltaí rannpháirteacha eile ceart vótala arb ionann é
agus aon vóta amháin roinnte ar líon na n‑údarás náisiúnta réitigh de
chuid na mBallstát ina bhfuil bunaithe fochuideachta nó eintiteas atá
cumhdaithe ag maoirseacht chomhdhlúite. Is ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a
bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais. 3. Go dtí go mbainfear amach an
spriocleibhéal maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65, beidh comhalta
a cheap Ballstát in ann a éileamh ar an mBord breithniú a dhéanamh uair amháin
eile i gcás ina gcuirfidh an cinneadh atá faoi chaibidil isteach ar
fhreagrachtaí fioscacha an Bhallstáit sin. 4. Déanfaidh an Bord ina
sheisiún feidhmiúcháin dó na rialacha nós imeachta dá sheisiúin feidhmiúcháin a
ghlacadh agus a phoibliú. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chomórfaidh
cruinnithe an Bhoird ina sheisiún feidhmiúcháin ar a thionscamh féin nó arna
iarraidh sin do dhá chomhalta, agus is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh
mar chathaoirleach orthu. Féadfaidh an Bord iarraidh ar bhreathnadóirí freastal
ar a sheisiúin feidhmiúcháin ar bhonn ad hoc. TEIDEAL IV STIÚRTHÓIR FEIDHMIÚCHÁIN AGUS LEAS‑STIÚRTHÓIR
FEIDHMIÚCHÁIN Airteagal 52
Ceapachán agus cúraimí 1. Beidh Stiúrthóir
Feidhmiúcháin lánaimseartha, nach sealbhóidh aon oifigí ar na húdaráis
náisiúnta inniúla, i gceannas ar an mBord. 2. Beidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas: (a)
obair an Bhoird a ullmhú, ina sheisiúin iomlánach
agus feidhmiúcháin, agus a chruinnithe a thionól agus bheith ina chathaoirleach
orthu; (b)
gach gnó foirne; (c)
gnóthaí riaracháin ó lá go lá; (d)
buiséad an Bhoird a chur chun feidhme, i gcomhréir
le hAirteagal 59(3). (e)
bainistiú an Bhoird; (f)
Clár oibre bliantúil an Bhoird a chur chun feidhme; (g)
ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréacht‑tuarascáil
gach bliain agus beidh roinn ann a bhaineann le gníomhaíochtaí réitigh agus
beidh roinn ann a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus riaracháin. 3. Beidh Leas‑Stiúrthóir
Feidhmiúcháin de chúnamh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Comhlíonfaidh an Leas‑Stiúrthóir
Feidhmiúcháin feidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin nuair atá sé as láthair. 4. Ceapfar an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn fiúntais, scileanna,
eolais ar cúrsaí baincéireachta agus airgeadais, agus ar bhonn taithí ábhartha
a bhaineann le maoirseacht airgeadais agus le rialáil airgeadais. 5. Tar éis dó an Bord a
éisteacht ina sheisiún iomlán, molfaidh an Coimisiún liosta iarrthóirí don
Chomhairle as a gceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Leas‑Stiúrthóir
Feidhmiúcháin. Ceapfaidh an Chomhairle an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Leas‑Stiúrthóir
Feidhmiúcháin tar éis Parlaimint na hEorpa a éisteacht. 6. De mhaolú ar Airteagal 40(2),
is trí bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chéad Leas‑Stiúrthóra
Fheidhmiúcháin arna cheapadh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; is
féidir an téarma sin a athnuachan uair amháin ar feadh tréimhse cúig bliana.
Fanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Leas‑Stiúrthóir
Feidhmiúcháin i seilbh a n‑oifigí go dtí go gceapfar a gcomharbaí. 7. Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin nó an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar síníodh a théarma
oifige, páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na
tréimhse foriomláine. 8. Mura gcomhlíonann an
Stiúrthóir nó an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin na coinníollacha a
cheanglaítear d’fheidhmiú a gcuid dualgas nó má tá sé ciontach i mí‑iompar
tromchúiseach, féadfaidh an Pharlaimint, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis
Parlaimint na hEorpa a éisteacht, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó an Leas‑Stiúrthóir
Feidhmiúcháin a chur as oifig. Airteagal 53
Neamhspleáchas 1. Feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin
agus an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin a gcuid cúraimí i gcomhréir le
cinntí an Choimisiúin agus an Bhoird. Agus iad ag glacadh páirte sna caibidlíochtaí agus
sna próisis chinnteoireachta laistigh den Bhord, ní lorgóidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin ná an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoir ó chomhlachtaí
nó institiúidí an Aontais agus ní ghlacfaidh siad le treoir uatha ach oiread,
ina ionad sin cuirfidh siad a mbarúlacha féin in iúl agus vótálfaidh siad go
neamhspleách. Sna caibidlíochtaí agus sna próisis chinnteoireachta sin ní
bheidh an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi údarás an Stiúrthóra
Fheidhmiúcháin. 2. Ní dhéanfaidh na Ballstáit,
ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin ná ar an Leas‑ Stiúrthóir Feidhmiúcháin i
gcomhlíonadh a chúraimí. 3. I gcomhréir leis na
Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 78(6), tar éis don
Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin éirí as
an tseirbhís, leanfaidh sé de bheith faoi cheangal ag an dualgas chun é féin a
iompar go hionraic agus go discréideach maidir le ceapacháin nó sochair
áirithe. TEIDEAL V FORÁLACHA AIRGEADAIS Caibidil 1 Forálacha
ginearálta Airteagal 54
Acmhainní Beidh an Bord freagrach as na hacmhainní airgeadais
agus daonna is gá a thiomnú d'fheidhmiú na gcúraimí a bhronntar air tríd an
Rialachán seo. Airteagal 55
Buiséad 1. Déanfar meastacháin ar ioncam
iomlán agus ar chaiteachas iomlán an Bhoird a ullmhú le haghaidh gach bliana
airgeadais, a fhreagraíonn don bhliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad
an Bhoird. 2. Beidh buiséad an Bhoird
comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais. 3. Beidh an buiséad déanta de
dhá chuid: Cuid I do riarachán an Bhoird agus Cuid II don Chiste. Airteagal 56
Cuid I den bhuiséad ar riaradh an Bhoird 4. Is éard a bheidh sna hioncaim
i gCuid I den bhuiséad na ranníocaíochtaí bliantúla is gá leis an gcaiteachas
riaracháin a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a). 5. Áireofar ar a laghad sa
chaiteachas i gCuid I den bhuiséad, costais foirne, luach saothair, costais
riaracháin, costais bhonneagair, costais a bhaineann le hoiliúint ghairmiúil
agus costais oibríochtúla. Airteagal 57
Cuid II den bhuiséad ar an gCiste 1. Is éard a bheidh in ioncaim
Chuid II den bhuiséad, go háirithe, an méid seo a leanas: (a)
ranníocaíochtaí arna n‑íoc ag institiúidí
bunaithe sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad i gcomhréir le hAirteagal 62
cé is moite den ranníocaíocht bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(a); (b)
iasachtaí arna bhfáil ó shocruithe eile um maoiniú
réitigh i mBallstáit nach rannpháirithe iad i gcomhréir le hAirteagal 68(1); (c)
iasachtaí arna bhfáil ó institiúidí airgeadais nó ó
aon tríú páirtithe eile i gcomhréir le hAirteagal 69; (d)
toradh ar infheistiú na méideanna arna sealbhú sa
Chiste i gcomhréir le hAirteagal 70. 2. Is éard a bheidh i
gcaiteachas Chuid II den bhuiséad: (a)
costais chun na críocha a léirítear in Airteagal 71; (b)
infheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 70; (c)
iasachtaí arna bhfáil ó shocruithe eile um maoiniú
réitigh i mBallstáit nach rannpháirtithe iad i gcomhréir le hAirteagal 68(1); (d)
ús arna íoc ar iasachtaí arna bhfáil ó institiúidí
airgeadais nó ó aon tríú páirtithe eile i gcomhréir le hAirteagal 69. Airteagal 58
An Buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme 1. Faoin 15 Feabhra gach
bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin meastachán ar ioncam agus
caiteachas an Bhoird don bhliain ina dhiaidh sin a tharraingt suas agus a chur
chuig an mBord, ina sheisiún iomlánach, lena fhormheas, tráth nach déanaí ná 31 Márta
gach bliain. 2. Glacfaidh seisiún iomlánach
an Bhoird buiséad an Bhoird ar bhonn an ráitis ar meastacháin. I gcás inar gá,
coigeartófar é dá réir. 3. Cuirfidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin buiséad an Bhoird chun feidhme. Airteagal 59
Iniúchadh agus rialú 1. Bunófar feidhm
iniúchóireachta inmheánaí laistigh den Bhord, le feidhmiú i gcomhlíonadh na
gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha. Is é an t‑iniúchóir inmheánach, arna
cheapadh ag an mBord, a bheidh freagrach dó le hoibriú cuí chórais agus nósanna
imeachta cur chun feidhme buiséid an Bhoird a fhíorú. 2. Tabharfaidh an iniúchóir
inmheánach comhairle don Bhord maidir le déileáil le rioscaí, trí thuairimí
neamhspleácha ar cháilíocht córas bainistíochta agus rialaithe a eisiúint agus
trí mholtaí chun na coinníollacha maidir le cur chun feidhme oibríochtaí a
eisiúint agus trí bhainistíocht fhónta airgeadais a chur chun cinn. 3. Is ar an mBord a bheidh an
fhreagracht córais agus nósanna imeachta rialaithe inmheánacha a chur ar bun ar
oiriúnach iad chun a chúraimí a chur i gcrích. Airteagal 60
Tíolacadh cuntas agus tarscaoileadh 1. Feidhmeoidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin mar oifigeach údarúcháin. 2. Faoin 1 Márta den
bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, cuirfidh Oifigeach Cuntasaíochta an Bhoird
cuntais shealadacha chuig an gCúirt Iniúchóirí. 3. Faoin 31 Márta gach
bliain tarchuirfidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, cuntais chuntais
sealadach an Bhoird don bhliain roimhe sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an
gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. 4. Tar éis dó barúlacha na
Cúirte Iniúchóirí ar chuntais shealadacha an Bhoird a fháil, déanfaidh an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais chríochnaitheacha an Bhoird faoina fhreagracht
a tharraingt suas agus a chur chuig an mBord ina sheisiún iomlánach, lena
bhformheas. 5. Déanfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin, faoin 1 Iúil tar éis gach bliana airgeadais, na cuntais
chríochnaitheacha a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig
an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. 6. Tabharfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig
an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair. 7. Foilseofar na cuntais
chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain
an bhliain ina dhiadh sin. 8. Ina sheisiún iomlánach,
tabharfaidh an Bord urscaoileadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i ndáil leis an
mbuiséad a chur chun feidhme. 9. Déanfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin aon fhaisnéis a éilítear i ndáil le cuntais an Bhoird, a chur
faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin don Pharlaimint. Airteagal 61
Rialacha airgeadais Déanfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle
le Cúirt Iniúchóirí an Aontais agus leis an gCoimisiún, forálacha airgeadais
inmheánacha a ghlacadh, ina sonraítear, go háirithe, an nós imeachta chun a
bhuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme. A mhéid is comhoiriúnach le cineál áirithe an
Bhoird, beidh na forálacha airgeadais bunaithe ar an Rialachán maidir le creat
airgeadais a glacadh do chomhlachtaí arna mbunú faoin CFAE i gcomhréir le hAirteagal 208
de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha
airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais[26]. Airteagal 62
Ranníocaíochtaí 1. Ranníocfaidh eintitis dá
dtagraítear in Airteagal 2 le buiséad an Bhoird i gcomhréir leis an
Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe maidir le ranníocaíochtaí arna
nglacadh de bhun mhír 5. Beidh an méid seo a leanas sna ranníocaíochtaí: (a)
na ranníocaíochtaí bliantúla is gá chun an
caiteachas riaracháin a chumhdach; (b)
na ranníocaíochtaí ex ante bliantúla is gá le
spriocleibhéal maoiniúcháin an Chiste a shonraítear in Airteagal 65 a
bhaint amach, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 66; agus (c)
ranníocaíochtaí ex-post urghnácha, arna ríomh i
gcomhréir le hAirteagal 67. 2. Socrófar méideanna na
ranníocaíochtaí ag leibhéal áirithe lena áirithiú gur leor an t‑ioncam
ina leith i bprionsabal chun go mbeidh buiséad an Bhoird comhardaithe gach
bliain agus gur leor é do mhisin an Chiste. 3. Cinnfidh an Bord, i gcomhréir
leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 5, na ranníocaíochtaí arna
ndlí ag gach eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 i gcinneadh arna
ndíriú ar an eintiteas lena mbaineann. Cuirfidh an Bord rialacha nós imeachta,
tuairiscithe agus eile i bhfeidhm lena –áiritheofar go n‑íocfar na
ranníocaíochtaí go hiomlán agus in am. 4. Ní úsáidfear na méideanna
arna dtiomsú i gcomhréir le míreanna 1-3 ach amháin chun críocha an Rialacháin
seo. 5. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le ranníocaíochtaí i
gcomhréir le hAirteagal 82 chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (a)
na cineálacha ranníocaíochtaí agus na hábhair a
bhfuil na ranníocaíochtaí dlite ina leith, an modh ina ríomhtar méid na
ranníocaíochtaí agus ina n‑íoctar iad a chinneadh; (b)
rialacha maidir le clárú, cuntasaíocht, tuairisciú
agus eile dá dtagraítear i mír 3 a shonrú a bhfuil gá leo chun a áirithiú
go n‑íocfar ranníocaíochtaí go hiomlán agus in am; (c)
an córas ranníocaíochtaí a chinneadh d’institiúidí
atá údaraithe oibriú tar éis don Chiste a spriocleibhéal a bhaint amach; (d)
na ranníocaíochtaí bliantúla is gá le caiteachas
riaracháin an Bhoird a chumhdach, sula dtiocfaidh sé chun a bheith oibríochtúil,
a chinneadh Airteagal 63
Bearta frith‑chalaoise 1. Chun an comhrac in aghaidh na
calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a éascú faoi
Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999, laistigh de sé mhí ón lá a thiocfaidh
an Bord chun bheith oibríochtúil, aontóidh sé do Chomhaontú Idirinstitiúideach
an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna
ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé
forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile an Bhoird a úsáideann
an teimpléid atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú
sin 2. Beidh sé de chumhacht ag
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an
láthair, ar na tairbhithe, conraitheoirí agus fo-chonraitheoirí a fuair cistí
de chuid an Aontais ón mBord. 3. Féadfaidh OLAF imscrúduithe a
dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí
d’fhonn a shuíomh ar tharla calaois, éilliú nó gníomhaíocht neamhdhleathach
eile maidir le conradh arna maoiniú ag an mBord i gcomhréir le forálacha agus
nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999
agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. Uimh. 2185/96, a dhéanfadh difear
do leasa airgeadais an Aontais Caibidil 2 An Ciste Aonair
Réitigh Banc ROINN 1 BUNREACHT AN CHISTE Airteagal 64
Forálacha ginearálta 1. Bunaítear an Ciste Aonair
Réitigh Banc leis seo. 2. Ní úsáidfidh an Bord an Ciste
ach amháin chun críche cur chun feidhme éifeachtúil na n‑uirlisí réitigh
agus cumhachtaí a shonraítear i gCuid II, Teideal I a áirithiú agus i gcomhréir
le cuspóirí réitigh agus leis na prionsabail a rialaíonn réiteach a leagtar
amach in Airteagal 12 agus in Airteagal 13. Ní beidh buiséad an AE
faoi dhliteanas i leith chostais nó chaillteanais an Chiste i gcás ar bith. 3. Beidh an Bord ina úinéir ar
an gCiste. Airteagal 65
Spriocleibhéal maoiniúcháin 1. I dtréimhse nach faide ná 10
mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, sroichfidh na hacmhainní
airgeadais atá ar fáil don Chiste 1 % de mhéid thaiscí na n‑institiúidí
creidmheasa uile arna n‑údarú sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad arna
ráthú faoi Threoir 94/19/CE. 2. I rith na tréimhse tosaigh dá
dtagraítear i mír 1, déanfar ranníocaíochtaí leis an gCiste arna ríomh i
gcomhréir le hAirteagal 66, agus arna dtiomsú i gcomhréir le hAirteagal 62
a leathnú amach thar am chomh réidh agus is féidir go dtí go mbainfear an
spriocleibhéal amach mura rud é, ag brath ar na himthosca, gur féidir iad a
réamhíoc i bhfianaise coinníollacha fabhracha margaidh nó riachtanas maoinithe. 3. Féadfaidh an Bord an tréimhse
tosaigh a fhadú go huastréimhse ceithre bliana i gcás ina ndéanann an Ciste
eisíocaíochtaí carntha níos mó ná 0.5 % den méid iomlán dá dtagraítear i mír 1. 4. Más rud é, tar éis na
tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 1, go laghdaítear na hacmhainní
airgeadais atá ar fáil faoi bhun an spriocmhéid a shonraítear i mír 1,
ranníocaíochtaí arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 66, tiomsófar iad go
dtí go sroichfear an spriocleibhéal. I gcás inarb ionann na hacmhainní
airgeadais atá ar fáil agus níos lú ná leath an spriocleibhéil, ní bheidh na
ranníocaíochtaí bliantúla níos lú ná aon cheathrú den spriocleibhéal. 5. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82
chun an méid seo a leanas a shonrú: (a)
critéir maidir leis na ranníocaíochtaí leis an
gCiste a ríomhtar faoi mhír 2 a leathnú go réidh thar am; (b)
dálaí faoina bhféadfar ranníocaíochtaí a réamhíoc
faoi mhír 2; (c)
critéir lena gcinnfear an líon blianta is féidir a
chur leis an tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 1, faoi mhír 3; (d)
critéir maidir leis na ranníocaíochtaí bliantúla dá
bhforáiltear i mír 4 a bhunú. Airteagal 66
Ranníocaíochtaí ex ante 1. Tiomsófar ranníocaíocht
aonair gach institiúide gach bliain ar a laghad agus ríomhfar é pro-rata le
méid a dliteanas cé is moite de chistí dílse agus taiscí faoi chumhdach, i
ndáil leis na dliteanais iomlána, cé is moite de chistí dílse agus táiscí faoi
chumhdach, na n‑institiúidí uile arna n‑údarú i gcríocha na
mBallstát ar rannpháirtithe iad. Coigeartófar í i gcomhréir le próifíl riosca gach
institiúide, i gcomhréir leis na critéir atá sonraithe sna gníomhartha
tarmligthe dá dtagraíter in Airteagal 94(7) de Threoir [ ]. 2. Ar na hacmhainní airgeadais
atá ar fáil atá le cur san áireamh chun an spriocleibhéal maoiniúcháin a
shonraítear in Airteagal 65 a bhaint amach, féadfar a áireamh gealltanais
íocaíochta atá cumhdaithe go hiomlán le comhthaobhacht de shócmhainní
ísealriosca gan bac ó aon chearta tríú páirtí atá ar shaordhiúscairt agus
sannta lena húsáid go heisiach ag an mBord chun críocha a shonraítear in Airteagal 71(1).
Ní rachaidh cion na ngealltanas íocaíochta neamh‑inchúlghairthe seo thar
30 % de méid iomlán na ranníocaíochtaí arna dtiomsú i gcomhréir le mír 1. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82
chun an méid seo a leanas a shonrú: (a)
an modh ríofa do ranníocaíochtaí aonair dá
dtagraítear i mír 1; (b)
cailíocht na comhthaobhachta atá mar chúltaca leis
na gealltanais íocaíochta i mír 2; (c)
na critéir maidir le ríomh chion na ngealltanas
íocaíochta dá dtagraítear i mír 2. Airteagal 67
Ranníocaíochtaí ex post urghnácha 1. I gcás nach leor na
hacmhainní airgeadais atá ar fáil leis na caillteanais, na costais nó na
costais eile arna dtabhú trí úsáid an Chiste a chumhdach, tiomsóidh an Bord i
gcomhréir le hAirteagal 62 ranníocaíochtaí ex-post urghnácha ó institiúidí
arna n‑údarú i gcríocha Ballstát ar rannpháirtithe iad, leis na costais
bhreise a chumhdach. Leithdháilfear na ranníocaíochtaí urghnácha sin idir
institiúidí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 66. 2. Féadfaidh an Bord institiúid
a dhíolmhú go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir leis na gníomhartha
tarmligthe dá dtagraítear i mír 3, ón oibleagáid ranníocaíochtaí ex‑post
a íoc i gcomhréir le mír 1 más rud é go ndéanfadh suim na n‑íocaíochtaí
dá dtagraítear in Airteagal 66 agus i mír 1 den Airteagal seo socrú
éileamh creidiúnaithe eile ina haghaidh a chur i gcontúirt. Ní thabharfar an
díolmhú sin ar feadh tréimhse níos faide ná 6 mhí ach is féidir é a athnuachan
arna iarraidh sin don institiúid. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82
leis na himthosca agus na coinníollach faoinar féidir eintiteas dá dtagraítear
in Airteagal 2 a dhíolmhú go hiomlán nó go páirteach ó ranníocaíochtaí
ex-post faoi mhír 2. Airteagal 68
Iasachtaíocht dheonach idir socruithe um maoiniú 1. Féadfaidh an Bord iarraidh a
dhéanamh iasacht a fháil don chiste ó na socruithe eile uile um maoiniú réitigh
laistigh de Bhallstáit nach rannpháirtithe iad, sna cásanna seo a leanas: (a)
ní leor na méideanna arna dtiomsú faoi Airteagal 66
leis na caillteanais, na costais ná na speansais eile arna dtabhú trí úsáid an
Chiste a chumhdach; (b)
níl rochtain láithreach ar na ranníocaíochtaí
ex-post urghnácha dá bhforáiltear in Airteagal 67; agus (c)
níl rochtain láithreach ar na hacmhainní maoinithe
malartacha dá bhforáiltear in Airteagal 69 ar théarmaí réasúnta. 2. Cinnfidh na socruithe um
maoiniú réitigh sin a leithéid d’iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 97 de
Threoir [ ]. Beidh na coinníollacha iasachtaíochta faoi réir pointí (a), (b)
agus (c) d’Airteagal 97(3) den Treoir sin [ ]. Airteagal 69
Acmhainní maoiniúcháin malartacha 1. Féadfaidh an Bord conrú
d’iasachtaíochaí an Chiste nó d’fhoirmeacha eile tacaíochta ó institiúidí
airgeadais nó ó thríú páirtithe eile, i gcás nach bhfuil rochtain láithreach ar
na méideanna arna dtiomsú i gcomhréir le hAirteagal 66 agus Airteagal 67
nó i gcás nach leor iad chun na costais arna dtabhú trí úsáid an Chiste a
chumhdach. 2. Déanfar an iasachtaíocht nó
cineálacha eile tacaíochta dá dtagraítear i mír 1 a aisíoc go hiomlán i
gcomhréir le hAirteagal 62 laistigh de thréimhse aibíochta na hiasachta. 3. Is é an Bord féin seachas
buiséad an Aontais ná na Ballstáit ar rannpháirtithe iad a íocfaidh as aon
costais arna dtabhú trí iasachtaíochtaí arna sonrú i mír 1. ROINN 2 riar an chiste Airteagal 70
Infheistíochtaí 1. Riarfaidh an Bord an Ciste
agus féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún cúraimí áirithe a chomhlíonadh
maidir le riar an Chiste. 2. Is chun sochair an Chiste
amháin na méideanna a fhaightear ó institiúid faoi réiteach nó ó institiúid
idirlinne, na húis agus aon tuilleamh eile. 3. Infheisteoidh an Bord na
méideanna atá i seilbh an Chiste in oibleagáidí na mBallstát ar rannpháirtithe
iad, nó eagraíochtaí idir-rialtasacha, nó i sócmhainní fíorleachtacha ar
ardcháilíocht creidmheasa. Ba cheart éagsúlú geografach dóthanach a dhéanamh ar
infheistíochtaí. Is chun sochair an Chiste an toradh ar na hinfheistíochtaí
sin. 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le rialacha mionsonraithe
le haghaidh riar an Chiste, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in
Airteagal 82. ROINN 3 úsáid an chiste Airteagal 71
Misean an Chiste 1. Laistigh den chreat a chinn
an Coimisiún, agus na huirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm maidir le hAirteagal 2,
féadfaidh an Bord an Ciste a úsáid chun na críocha seo a leanas: (a)
sócmhainní nó dliteanais na hinstitiúide faoi
réiteach, a fochuideachtaí, institiúide idirlinne nó meán bainistíochta
sócmhainní a ráthú; (b)
iasachtaí a thabhairt don institiúid faoi réiteach,
a fochuideachtaí, institiúid idirlinne nó meán bainistíochta sócmhainní; (c)
sócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach a
cheannach; (d)
caipiteal a ranníoc le hinstitiúid idirlinne nó le
meán bainistíochta sócmhainní; (e)
cúiteamh a íoc le scairshealbhóirí nó le
creidiúnaithe más rud é, tar éis meastóireachta de bhun Airteagal 17(5),
go bhfuair siad níos lú, mar íocaíocht ar a gcreidmheasanna ná mar a
gheobhaidís, tar éis luachála de bhun Airteagal 17(16), i gcás foirceanta
faoi ghnáthimeachtaí dóchmhainneachta; (f)
ranníocaíocht a dhéanamh leis an institiúid faoi
réiteach in áit na ranníocaíochta a bhainfí amach trí chreidiúnaithe áirithe a
dhíluacháil, nuair a chuirtear an uirlis athsnámhaithe i bhfeidhm agus nuair a
chinneann an t‑údarás réitigh creidiúnaithe áirithe a eisiamh ó scóip an
athshnámhaithe i gcomhreir le hAirteagal 24(3); (g)
aon teaglaim de na bearta dá dtagraítear i bpointí
(a) go (f) a dhéanamh. 2. Féadfar an Ciste a úsáid le
bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) a dhéanamh freisin i ndáil leis an
gceannaitheoir i gcomhthéacs na huirlise díolacháin gnó. 3. Ní úsáidfear an Ciste go
díreach le caillteanais institiúide nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2
a iompar nó le hinstitiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a
athchaipitliú. I gcás ina gcuirtear cuid de chaillteanais institiúide nó
eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 ar aghaidh chuig an gCiste mar
thoradh indíreach ón socrú um maoiniú réitigh a úsáid chun na críocha mhír 1,
beidh feidhm ag na prionsabail a rialaíonn úsáid an tsocraithe um maoiniú
réitigh a leagtar amach in Airteagal 24. 4. Ní fhéadfaidh an Bord an
caipiteal a ranníocfar leis i gcomhréir le pointí (f) de mhír 1 a shealbhú ar
feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana. Airteagal 72
Socruithe náisiúnta um maoiniú a fhrithpháirtiú i gcás réitigh grúpa
a bhaineann le hinstitiúidí i mBallstáit nach rannpháirtithe iad I gcás réitigh grúpa a bhaineann le
hinstitiúidí arna n‑údarú i Ballstát amháin ar rannpháirtí é nó níos mó
ar thaobh amháin, agus institiúidí arna n‑údarú i mBallstát amháin nach
rannpháirtí é nó níos mó ar an taobh eile, ranníocfaidh an Ciste le maoiniú an
réitigh ghrúpa i gcomhréir le forálacha arna leagan síos in Airteagal 98
de Threoir [ ] . Airteagal 73
Scéimeanna Ráthaithe Taiscí a úsáid i gcomhthéacs réitigh 1. Áiritheoidh Ballstáit ar
rannpháirtithe iad, nuair a dhéanann an Bord bearta réitigh, agus ar an
gcoinníoll go n‑áiritheofar trí na bearta sin go leanfaidh taisceoirí de
rochtain a fháil ar a dtaiscí, áiritheoidh siad go mbeidh an scéim ráthaithe
taiscí a bhfuil an institiúid cleamhnaithe léi faoi dhliteanas i leith na
méideanna arna sonrú in Airteagal 99(1) agus (4) de Threoir [ ]. 2. Beidh cinneadh an méid atá
dlite le híoc ag an scéim ráthaithe taiscí i gcomhréir le mír 1 i
gcomhlíonadh na gcoinníollacha a bhunaítear in Airteagal 17. 3. Sula gcinnfidh an Bord, i
gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, an méid atá dlite le híoc ag an
scéim ráthaithe taiscí i gcomhlíonadh na gcoinníollacha arna mbunú in Airteagal 39(3)(d)
de Threoir [ ], rachaidh sé i gcomhairle leis an scéim ráthaithe taiscí lena
mbaineann, agus lánaird á tabhairt ar phráinn an ghnó. 4. I gcás nach leor acmhainní
scéime ráthaithe taiscí leis na híocaíochtaí atá le híoc le taisceoirí a
chumhdach, agus nach bhfuil acmhainní eile ar fáil láithreach ón mBallstát
ábhartha ar rannpháirtí é, féadfaidh an Ciste na hacmhainní is gá a thabhairt
ar iasacht don scéim ráthaithe taiscí ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na
coinníollacha uile faoi Airteagal 10 de Threoir 94/19/CE. TEIDEAL VI forálacha eile Airteagal 74
Pribhléidí agus díolúintí Beidh feidhm ag an bPrótacal (Uimh. 7) ar
Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh
ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an mBord agus lena fhoireann. Airteagal 75
Teangacha 1. Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1
ón gComhairle[27]
maidir leis an mBord 2. Déanfaidh an Bord
Bainistíochta cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga an Bhoird. 3. Féadfaidh an Bord a chinneadh
cén teanga oifigiúil a bheidh le húsáid agus doiciméid á gcur chuig institiúidí
agus comhlachtaí an Aontais. 4. Féadfaidh an Bord comhaontú
le gach údarás náisiúnta réitigh faoin teanga nó teangacha ina ndréachtófar na
doiciméid atá le cur chuig na húdaráis náisiúnta réitigh nó uathu. 5. Soláthróidh Lárionad Aistriúcháin
Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh i ndáil
le feidhmiú an Bhoird. Airteagal 76
Foireann an Bhoird 1. Beidh feidhm ag na Rialacháin
Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna
nglacadh i gcomhaontú idir institiúidí an Aontais lena dtugtar éifeacht do na
Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile,
maidir le foireann an Bhoird, lena n‑áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin
agus an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin. 2. Glacfaidh an Bord i
gcomhaontú leis an gCoimisiún, na rialacha iomchuí cur chun feidhme le
héifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha
Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na
Rialacháin Foirne. Airteagal 77
Malartú foirne 1. Féadfaidh an Bord úsáid a
bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó baill foirne eile nach bhfuil
fostaithe ag an mBord. 2. Ina sheisiún iomlánach
glacfaidh an Bord cinntí iomchuí lena leagfar síos rialacha maidir le malartú
foirne agus iad a bheith ar iasacht ó údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ar
rannpháirtithe iad. 3. Féadfaidh an Bord foirne
réitigh inmheánacha a bhunú ar a mbeidh baill foirne ó na húdaráis náisiúnta
réitigh ó na Ballstáit ar rannpháirtithe iad. Airteagal 78
Dliteanas an Bhoird 1. Rialófar dliteanas conarthach
an Bhoird tríd an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht. 2. Beidh dlínse ag Cúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le breithiúnas a thabhairt de bhun aon
chlásal eadrána atá i gconradh arna chur i gcrích ag an mBord. 3. I gcás dliteanais
neamhchonarthaigh, déanfaidh an Bord, i gcomhréir leis na prionsabail
ghinearálta is coiteann do dhlíthe maidir le dliteanas údarás poiblí na
mBallstát, aon damáiste arb é féin nó arb é a fhoireann is cúis leis i
bhfeidhmiú a gcuid dualgas a shlánú, go háirithe ina bhfeidhmeanna réitigh,
lena n‑áirítear gníomhartha agus neamhghníomhartha ag tacú le nósanna
imeachta réitigh eachtracha. 4. Cúiteoidh an Bord d’údarás
náisiúnta réitigh na damáistí as ar chiontaigh cúirt náisiúnta é, nó ar gheall
sé, i gcomhaontú leis an mBord, a íoc i gcomhréir le socraíocht chairdiúil, ar
thoradh iad ar ghníomh nó neamhghníomh a rinne an t‑údarás náisiúnta
réitigh sin le linn réitigh ar bith faoin Rialachán seo, mura rud é gur sárú
dhlí an Aontais, an Rialacháin seo, Cinnidh ón gCoimisiún nó Cinnidh ón mBord é
an gníomh nó an neamhghníomh sin, nó gur earráid bhreithiúnais shoiléir agus
thromchúiseach a bhí ann. 5. Beidh dlínse ag Cúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid a bhaineann le míreanna 3
agus 4. Cuirfear urchosc le himeachtaí in ábhair a thagann as dliteanas
neamhchonarthach tar éis tréimhse cúig bliana ó tharla an teagmhas is siocair
leis. 6. Rialófar dliteanas pearsanta
a fhoirne i leith an Bhoird leis na forálacha atá leagtha síos sna Rialacháin
Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo. Airteagal 79
Rúndacht ghairmiúil agus malartú faisnéise 1. Beidh comhaltaí an Bhoird,
baill foirne an Bhoird agus baill foirne arna malartú le Ballstáit ar
rannpháirtithe nó arna bhfáil ar iasacht acu, atá i mbun dualgas réitigh, fiú
nuair atá deireadh lena ndualgais, beidh siad faoi réir na gceanglas maidir le
rúndacht ghairmiúil de bhun Airteagal 339 CFAE agus na forálacha ábhartha
i reachtaíocht an Aontais, fiú nuair atá deireadh lena ndualgais. 2. Áiritheoidh an Bord go mbeidh
daoine aonair a sholáthraíonn seirbhís ar bith, go díreach nó go hindíreach, go
buan nó anois is arís, a bhaineann le comhlíonadh a dhualgas faoi réir ceanglas
coibhéiseach maidir le rúndacht ghairmiúil. 3. Chun críocha na gcúraimí arna
mbronnadh air leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, údarófar an Bord, laistigh
de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha atá leagtha amach i ndlí
ábhartha an Aontais, faisnéis a mhalartú le húdaráis agus comhlachtaí náisiúnta
nó Eorpacha i gcásanna ina gceadaíonn dlí ábhartha an Aontais d’údaráis inniúla
náisiúnta faisnéis a nochtadh leis na heintitis sin nó i gcás ina ndéanann
Ballstáit foráil maidir lena a leithéid de nochtadh faoi dhlí ábhartha an
Aontais. Airteagal 80
Trédhearcacht 1. Beidh feidhm ag Rialachán
(CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[28] maidir le doiciméid atá i
seilbh an Bhoird. 2. Glacfaidh an Bord, laistigh
de shé mhí ó dháta a chéad chruinnithe, na rialacha mionsonraithe maidir le
Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm. 3. Féadfaidh na cinntí a
dhéanfaidh an tÚdarás faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001
a bheith ina n‑ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n‑ábhar
caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tar éis achomhairc
chuig an mBord Achomhairc, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na
coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus Airteagal 263 CFAE
faoi seach. 4. Beidh próiseáil sonraí
pearsanta ag an mBord faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[29].
Beidh próiseáil sonraí pearsanta ag na húdaráis náisiúnta réitigh faoi réir
Rialachán (CE) Uimh. 95/46 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[30]. Airteagal 81
Rialacha slándála maidir faisnéis aicmithe agus faisnéis neamhaicmithe íogair a
chosaint Déanfaidh an Bord prionsabail slándála atá i
rialacha slándála an Choimisiúin maidir le Faisnéis Aicmithe Aontais Eorpaigh
(FRAE) agus faisnéis neamhaicmithe íogair a chosaint a chur i bhfeidhm, mar atá
leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC,
Euratom. Agus na prionsabail slándála á gcur i bhfeidhm áireofar forálacha
maidir le malartú, próiseáil agus stóráil na faisnéise sin a chur i bhfeidhm. CUID IV
CUMHACHTAÍ FORGHNÍOMHAITHE AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 82
An tarmligean a fheidhmiú 1. Tabharfar an chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a
leagtar síos san Airteagal seo. 2. Tabharfar an tarmligean
cumhachta ar feadh tréimhse neamhchinntithe ama ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 88. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 62(5)
65(5), 66(3), 67(3), agus 70(4) a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh
chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá
sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an
chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a
shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha
tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint
na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 62(5), 65(5), 66(3) 67(3), agus
70(4) i bhfeidhm ach amháin i gcás nach ndearna Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón uair a tugadh
fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an ngníomh sin
nó i gcás, roimh dhul in éag na tréimhse sin, gur chuir Parlaimint na hEorpa
agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid i
gcoinne an ghnímh. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh
Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 83
Athbhreithniú 1. Faoin 31 Nollaig 2016,
agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar
chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina gcuirfear béim ar leith ar fhaireachán
a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann d’fheidhmiú rianúil an
mhargaidh inmheánaigh. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar an méid seo a leanas: (a)
feidhmiú an SAR agus tionchar a ghníomhaíochtaí
réitigh ar leasa an Aontais ina iomlán agus ar chomhleanúnachas agus iontaobh
an mhargaidh aonair i seirbhísí airgeadais, lena n‑áirítear a thionchar
féideartha ar struchtúir na gcóras baincéireachta náisiúnta laistigh den
Aontas, agus maidir le héifeachtacht comhair agus socruithe comhroinnte
faisnéis laistigh den SAR, idir an SAR agus an SMA agus idir an SAR agus na
húdaráis náisiúnta réitigh agus údaráis inniúla náisiúnta Ballstát nach
rannpháirtithe iad. (b)
éifeachtacht socruithe neamhspleáchais agus
cuntasachta; (c)
an idirghníomhaíocht idir an Bord agus an tÚdarás
Baincéireachta Eorpach; (d)
an idirghníomhaíocht idir an Bord agus údaráis
náisiúnta réitigh na mBallstát nach rannpháirtithe iad agus éifeachtaí an SAR
ar na Ballstáit sin. 2. Cuirfear an tuarascáil ar
aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Déanfaidh an
Coimisiún na tograí a ghabhann léi, mar is iomchuí. Airteagal 84
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1093/2010
mar a leanas: 1. Cuirtear an méid seo a
leanas in ionad phointe (2) in Airteagal 4: “(2) ciallaíonn "údaráis inniúla": (i) údaráis inniúla mar atá sainmhínithe i
bpointe 40 d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2007/64/CE agus dá
dtagraítear i dTreoir 2009/110/CE; (ii) maidir le Treoir 2002/65/CE agus Treoir
2005/60/CE, na húdaráis atá inniúil lena áirithiú go gcomhlíonann institiúidí
creidmheasa agus airgeadais ceanglais na dTreoracha sin; (iii) maidir le scéimeanna rathaithe taiscí,
ciallaíonn sé comhlachtaí a riarann scéimeanna ráthaithe taiscí de bhun Threoir
94/19/CE, nó i gcás ina bhfuil oibriú na scéime ráthaithe taiscí á riar ag
cuideachta phríobháideach, ciallaíonn sé an t‑údarás poiblí a dhéanann
maoirseacht ar na scéimeanna sin, de bhun na Treorach sin; agus (iv) maidir le hAirteagail 62(5), 65(5),
66(3), 67(4) agus 70(4), údaráis réitigh mar atá sainmhínithe in Airteagal 3
den Treoir sin agus ag an mBord Aonair Réitigh arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. …/…ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. 2. In Airteagal 25,
cuirtear isteach an mír seo a leanas: “1a. Féadfaidh an tÚdarás athbhreithnithe
piaraí ar an malartú faisnéise agus ar chomhghníomhaíochtaí an Bhoird dá
dtagraítear sa Rialachán maidir le Sásra Réitigh Aonair agus ar
chomhghníomhaíochtaí údarás náisiúnta réitigh Ballstát nach rannpháirtithe iad
sa Sásra Réitigh Aonair a eagrú agus a chur i gcrích i réiteach grúpaí
trasteorann, chun éifeachtacht agus comhsheasmhacht torthaí a threisiú. Chun na
críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú agus
comparáid oibiachtúil a dhéanamh. 3. In Airteagal 40(6),
cuirtear isteach an tríú fomhír seo a leanas: “Chun gníomhú laistigh de raon feidhme Airteagail 62(5),
65(5), 66(3), 67(4) agus 70(4), beidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bhoird
Aonair Réitigh ina bhreathnadóir don Bhord Stiúrthóirí.” Airteagal 85
Socruithe náisiúnta um maoiniu réitigh a ionadú Ó dháta an iarratais dá dtagraítear sa dara
fomhír d’Airteagal 88, glacfar leis an gCiste mar shocrú um maoiniú
réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad faoi Theideal VII de Threoir [ ]. Airteagal 86
Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus coinníollacha oibriúcháin 1. Déanfar na socruithe is gá
maidir le cóiríocht atá le soláthar don Bhord sa Bhallstát aíochta agus na
saoráidí atá le cur ar fáil ag an mBallstát sin mar aon le rialacha sonracha is
infheidhme sa Bhallstát aíochta maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin,
comhaltaí an Bhoird ina sheisiún iomlánach, foireann an Bhoird agus baill dá
dteaghlaigh, a leagan síos i gComhaontú maidir le Ceanncheathrú idir an Bord
agus an Ballstát aíochta, arna chur i gcrích tar éis formheas an Bhoird a fháil
ina sheisiún iomlánach agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis don
Rialachán seo teacht i bhfeidhm. 2. Soláthróidh Ballstát aíochta
an Bhoird na coinníollacha is fearr is féidir lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an
Bord mar is cuí, lena n‑áirítear scolaíocht ilteangach atá dírithe ar an
Eoraip agus naisc iompair iomchuí. Airteagal 87
Tús ghníomhaíochtaí an Bhoird 1. Beidh an Bord lánoibríochtúil
faoin 1 Eanáir 2015. 2. Beidh an Coimisiún freagrach
as bunú agus oibriú tosaigh an Bhoird go dtí go mbeidh an cumas oibríochtúil ag
an mBord a bhuiséad féin a chur chun feidhme. Chun na críche sin: (a)
go dtí go dtéann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun
a dhualgas tar éis don Chomhairle é a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 53,
féadfaidh an Coimisiún oifigeach ón gCoimisiún a ainmniú mar Stiúrthóir
Feidhmiúcháin eatramhach agus na dualgais a shanntar don Stiúrthoir
Feidhmiúcháin a chomhlíonadh; (b)
de mhaolú ó Airteagal 47(1)(i) agus go dtí go
nglacfar cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 47(2), feidhmeoidh an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach cumhachtaí an údaráis cheapacháin; (c)
Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a thairiscint don
Bhord, go háirithe trí oifigigh ón gCoimisiún a chur ar iasacht chun
gníomhaíochtaí na gníomhaireachta a dhéanamh faoi chúram an Stiúrthóra
Feidhmiúcháin nó an Leas‑Stiúrthóra Feidhmiúcháin; (d)
baileoidh an Coimisiún na ranníocaíochtaí bliantúla
dá dtagraítear in Airteagal 62(5)(d) thar ceann an Bhoird. 3. Féadfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin na híocaíochtaí uile arna gcumhdach ag leithreasuithe arna n‑iontráil
i mbuiséad an Bhoird a údarú agus féadfaidh sé conarthaí a chur i gcrích, lena n‑áirítear
conarthaí foirne. Airteagal 88
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an
bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ag Airteagail 7 go 23 agus Airteagail 25
go 38 amhail ón 1 Eanáir 2015. Beidh feidhm ag Airteagal 24 amhail ón 1 Eanáir 2018. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí 1.5. Foras
an togra/tionscnaimh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais
ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.2. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí 3.2.3. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál
riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht don
chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó
thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle lena mbunaítear Sásra Aonair Réitigh agus Ciste Aonair Réitigh Banc 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[31] Margadh Inmheánach – Margaí airgeadais 1.3. An cineál togra/tionscnaimh þ Baineann an togra/tionscnamh le beart
nua ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua
a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[32] ¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar
bheart atá ann cheana ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a
atreoraíodh i dtreo birt nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe ·
An margadh inmheánach a neartú do sheirbhísí
baincéireachta, ach cothrom iomaíochta a áirithiú ag an céanna. ·
Gan baint de chobhsaíocht airgeadais ná den mhuinín
as na bainc, leanúnachas na mbunseirbhísí airgeadais a áirithiú agus leathadh
na bhfadhbanna (éifeacht ghabhála) a sheachaint. ·
Na caillteanais don tsochaí ina hiomláine a
íoslaghdú agus, go háirithe i gcás an cháiníocóra, taisceoirí a chosaint agus
an baol mórálta a laghdú. 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann I bhfianaise na gcuspóirí ginearálta thuas, beidh
gá na sainchuspóirí seo a leanas a bhaint amach: Ullmhúchán agus cosaint: ·
cur le cé chomh hullamh agus atá na maoirseoirí
agus na bainc do ghéarchéimeanna agus ·
inréiteacht na mbanc uile a áirithiú. Luath‑idirghabháil: ·
na socruithe luath‑idirghabhála do
mhaoirseoirí banc a fheabhsú. Réiteach banc: ·
réiteach na mbanc sin atá faoi réir sásra
maoirseachta aonair a áirithiú go tráthúil agus go láidir; ·
deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do
gheallsealbhóirí réitigh bainc. Maoiniú: ·
ciste aonair réitigh banc a chruthú, le
caillteanais nach bhfuil siméadrach ar bhonn geografach a iompar go
héifeachtach i gcóras baincéireachta an Aontais; ·
a áirithiú go mbeidh réiteach na mbanc sin a bhfuil
ag cliseadh orthu cumhdaithe go hiomlán ag ranníocaíochtaí institiúidí
airgeadais, tar éis do na geallsealbhóirí agus creidiúnaithe a bheith
athshnámhaithe. 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis ·
An lúb aischothaithe dhiúltach idir na stáit
cheannasacha agus a mbainc a bhriseadh. ·
Dálaí cothroma agus rochtain chothrom ar mhaoiniú ó
na bainc a chur ar fáil do gach gnólacht san aontas baincéireachta ina
iomláine. ·
Na caillteanais a bhíonn ar thaisceoirí, ar
rialtais agus ar cháiníocóirí a iompar de bharr téarnamh agus réiteach bainc
mhóir a bhfuil tábhacht shistéamach leis a laghdú. 1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh
agus tionchar ·
Raonta difríochta fadtéarmacha na mbannaí rialtais
idir Ballstáit. ·
Líon na mbanc atá ag dul trí réiteach. ·
An costas a bhaineann le réitigh bainc, íocaíochtaí
ón gciste aonair réitigh san áireamh. ·
Athruithe ar an méid den fhiachas atá in‑athshnámhaithe
sna bainc. 1.5. Foras an togra/tionscnaimh 1.5.1. Na ceanglais is gá a
chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Mar atá luaite i dTreoirphlean an Choimisiúin
d’Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a bheidh Domhain agus Fíor agus i
dtuarascáil na gCeithre Uachtarán in 2012, tá creat airgeadais comhtháite nó
“Aontas Baincéireachta” ina chuid dhílis de na bearta beartais le haghaidh an
Eoraip a chur ar ais ar bhealach an téarnaimh agus an fháis eacnamaíoch. De
bharr easpa comhordaithe sa chaoi a bhfuil na Ballstáit éagsúla ag tabhairt
aird ar chliseadh na mbanc, tá an margadh inmheánach níos ilroinnte anois i
dtaobh iasachtú agus maoiniú. Dá thoradh sin, bheadh an comhbheartas
airgeadaíochta níos laige agus dhéanfadh imfhálú dochar don iasachtú a dhéantar
le gnólachtaí agus le tomhaltóirí. Déanann an cás sin dochar go háirithe do limistéar
an euro. Ceal spáis le huirlisí airgeadaíochta a úsáid chun aghaidh a thabhairt
ar laigí in earnáil na baincéireachta, tá nasc diúltach aischothaithe fós ann
idir na bainc agus na stáit de bharr an tábhacht a bhaineann le hacmhainní
fioscacha náisiúnta chun cliseadh na mbanc a bhainistiú. Gnólachtaí a meastar
nach bhfuil ach cumas íslithe iontu teacht i gcabhair ar bhainc anásta ina
gcríoch, tá siad go mór faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht. Thairis sin, mar a
tharla le linn na géarchéime, is féidir le fadhbanna a bhíonn ag Ballstáit
áirithe i limistéar an euro leathadh go gasta de bharr amhrais agus naisc
airgeadais chuig Ballstáit eile a bhfuil na margaí den tuairim fúthu go bhfuil
siad neamhchosanta ar rioscaí den chineál céanna. I gconclúidí na Comhairle Eorpaí i Nollaig 2012
dearbhaíodh “I gcomhthéacs ina n‑aistreofar an mhaoirseacht ar na bainc
chuig sásra aonair maoirseachta ar bhealach éifeachtach, beidh gá le sásra
aonair réitigh a mbeidh na cumhachtaí riachtanacha aige chun a áirithiú go
bhféadfar aon bhanc sna Ballstáit rannpháirteacha a réiteach leis na huirlisí
iomchuí”. Tá dul chun cinn ionsar Aontas Baincéireachta fíor‑riachtanach
chun cobhsaíocht agus fás airgeadais a áirithiú i limistéar an euro. Dá bhrí
sin, agus an creat rialála is infheidhme maidir leis na 28 ball den mhargadh
inmheánach (leabhar rialacha aonair) mar dhúshraith aige, roghnaigh an
Coimisiún Eorpach cur chuige cuimsitheach a chur i bhfeidhm agus mhol sé
Treochlár um Aontas Baincéireachta ina bhfuil ionstraimí agus céimeanna
éagsúla, is féidir a bheidh ar fáil ag na Ballstáit uile, ach, ar scor ar bith,
ina n‑áirítear na 17 mBallstát atá laistigh de limistéar an euro faoi
láthair. Sa chéad chéim den phróiseas, is é sin an Sásra
Maoirseachta Aonair (SMA) le haghaidh na mbanc i limistéar an euro agus le
haghaidh na mbanc sin i mBallstáit eile ar mian leo ballraíocht a ghlacadh sa
limistéar, tabharfar de chumhacht don BCE cúraimí tábhachtacha maoirseachta a
fheidhmiú maidir leis na bainc sin. Gné thábhachtach eile den Aontas Baincéireachta,
is é sin an togra le haghaidh Treorach lena mbunaítear creat do théarnamh agus
réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (an Treoir
maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc) a glacadh in 2012, tá sé á phlé ag
na reachtóirí éagsúla faoi láthair. Is é a bhunófar leis an Treoir maidir le
Téarnamh agus Réiteach na mBanc na rialacha maidir leis an tslí a gcuirfear
réiteach i gcrích ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus tabharfar cumhachtaí
agus nósanna imeachta do na húdaráis náisiúnta réitigh le go bhféadfaidh siad
bainc a réiteach. I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí, is é
a bheidh ag teastáil chun margaí baincéireachta an Aontais a chomhtháthú sásra
réitigh do limistéar uile an euro le déileáil le bainc anásta agus leis an
mbaol go mbeadh éifeacht ghabhála ann a bhainistiú le gur féidir cobhsaíocht
airgeadais limistéar an euro a chosaint ar mhaithe leis an margadh inmheánach ina
iomláine. I gcomhréir le Treoirphlean an Choimisiúin in
2012, is é an cuspóir fadtéarmach atá againn Aontas Baincéireachta a chruthú do
na bainc i ngach Ballstát. Maoirseacht dhíreach an BCE, an sásra aonair réitigh
banc agus scéimeanna ráthaithe taiscí atá éifeachtach agus stóinseach i ngach
Ballstát, beidh siad ríthábhachtach le nach mbainfear den mhuinín atá ag an
bpobal as cobhsaíocht inbhuanaithe an Aontais. 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Faoi phrionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach
in Airteagal 5.3 den CAE, níor cheart don Aontas gníomhú i réimsí nach
dtagann faoina inniúlacht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéad nach
féidir leis na Ballstáit cuspóirí an bhirt arna bheartú a ghnóthú go
leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal láir nó ar leibhéal réigiúnach agus
áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí an bhirt arna
bheartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais. Beart ar an leibhéal Eorpach an t‑aon bheart
lena n‑áiritheofar go ndéanfar bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a
réiteach ar dhóigh neamh‑idirdhealaitheach agus de bhun foirne aonair
rialacha le gur féidir feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus
an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. Ainneoin an chomhtháthaithe dhlúith atá
déanta in earnáil baincéireachta an Aontais, tá difríochtaí suntasacha fós ann
idir na cinntí maidir le réiteach a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta, rud a
d’fhéadfadh baol doghlactha a chruthú don chobhsaíocht airgeadais. De bharr an airgeadra aonair, tá géarghá le córas
amháin maoirseachta agus réitigh le haghaidh bhainc limistéar an euro le go
seachnófar ilroinnt scriosach an gheilleagair. Beidh Sásra Aonair
Réitigh i bhfad níos éifeachtaí ná gréasán d’údaráis náisiúnta réitigh, go háirithe
do ghrúpaí baincéireachta trasteorann a bhfuil luas agus comhordú
ríthábhachtach dóibh leis na costais a laghdú agus an mhuinín a thabhairt ar
ais. Beidh barainneachtaí scála suntasacha i gceist freisin, agus seachnófar na
seachtrachtaí diúltacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn as cinntí a dhéantar ar
bhonn náisiúnta amháin. 1.5.3. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Sa chéad chéim den phróiseas, is é sin an Sásra
Maoirseachta Aonair (SMA) le haghaidh na mbanc i limistéar an euro agus le
haghaidh na mbanc sin i mBallstáit eile ar mian leo ballraíocht a ghlacadh sa
limistéar, tabharfar de chumhacht don BCE cúraimí tábhachtacha maoirseachta a
fheidhmiú maidir leis na bainc sin. Gné thábhachtach eile den Aontas Baincéireachta,
is é sin an togra le haghaidh Treorach lena mbunaítear creat do théarnamh agus
réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (an Treoir
maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc) a glacadh in 2012, tá sé á phlé ag na
reachtóirí éagsúla faoi láthair. Is é a bhunófar leis an Treoir maidir le
Téarnamh agus Réiteach na mBanc na rialacha maidir leis an tslí a gcuirfear
réiteach i gcrích ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus tabharfar cumhachtaí
agus nósanna imeachta do na húdaráis náisiúnta réitigh le go bhféadfaidh siad
bainc a réiteach. I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí, is é
a bheidh ag teastáil chun margaí baincéireachta an Aontais a chomhtháthú sásra
réitigh do limistéar uile an euro le déileáil le bainc anásta agus leis an
mbaol go mbeadh éifeacht ghabhála ann a bhainistiú le gur féidir cobhsaíocht
airgeadais limistéar an euro a chosaint ar mhaithe leis an margadh inmheánach
ina iomláine. I gcomhréir le Treoirphlean an Choimisiúin in
2012, is é an cuspóir fadtéarmach atá againn Aontas Baincéireachta a chruthú do
na bainc i ngach Ballstát. Maoirseacht dhíreach an BCE, an sásra aonair réitigh
banc agus scéimeanna ráthaithe taiscí atá éifeachtach agus stóinseach i ngach
Ballstát, beidh siad ríthábhachtach le nach mbainfear den mhuinín atá ag an
bpobal as cobhsaíocht inbhuanaithe an Aontais. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse teoranta · ¨ Togra/tionscnamh
a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB · ¨ Tionchar
airgeadais ó BBBB go BBBB þ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse neamhtheoranta · Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2014 go deireadh
2014, · cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[33] ¨ Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún –
¨ ag a ranna, lena n‑áirítear an fhoireann atá i dtoscaireachtaí
an Aontais; –
þ ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; ¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht indíreach trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad; –
¨ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí); –
¨an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta; –
þ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209
den Rialachán Airgeadais; –
¨ comhlachtaí dlí poiblí; –
¨ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean
seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha
airgeadais ar fáil; –
¨ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de
chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus
a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais; –
¨ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme
sa CBES de bhun Theideal V den CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh
ábhartha. –
I gcás ina sonraítear níos mó ná modh
bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil. Nótaí 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe De réir Airteagal 47 den Rialachán, tá de
cheangal ar an mBord bheith cuntasach do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle
agus don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus, i measc
nithe eile, tuarascáil ar fheidhmiú na gcúraimí a tugadh dó faoin Rialachán seo
a chur gach bliain chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Ní chruthódh an togra aon rioscaí nua maidir le
húsáid dhlíthiúil, thíosach, éifeachtúil agus éifeachtach na línte buiséid. Ba chóir don lucht bainistíochta inmheánach riosca
aird a thabhairt, mar sin féin, ar an nádúr sonrach a bhaineann le sásra
maoinithe an Bhoird. Murab ionann agus a lán comhlachtaí eile a bhunaigh na
Comhphobail, is institiúidí airgeadais amháin a mhaoineoidh na seirbhísí a
chuirfidh an Bord ar fáil. Chomh maith leis sin, beidh an Bord freagrach as
bainistiú an Chiste Aonair Réitigh Banc a áirithiú. Chuige sin, beidh gá
nósanna imeachta rialaithe inmheánacha a fhorbairt agus a leagan síos. 2.2.2. Faisnéis maidir leis an gcóras
rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm Ba cheart don chreat agus do na rialacha maidir le
rialú inmheánach a bheith ag luí leis an gcur chuige atá i bhfeidhm ag údaráis
eile a bhunaigh an Coimisiún, cé is moite de bhainistiú an Chiste Aonair
Réitigh Banc, a mbeidh rialacha sonracha de dhíth maidir leis. 2.2.3. Meastachán ar chostais agus ar
shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear
ag súil leis Beidh an rialú inmheánach ina dhlúthchuid de
nósanna imeachta an Bhoird i dtaobh chomhlíonadh a dhualgais agus chur chun
feidhme na gcúraimí a tugadh dó. Ní bheidh na costais ar na nósanna imeachta
sin níos airde ná na sochair a thugann siad maidir le hearráidí ábhartha a
sheachaint. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Chun críocha calaois,
éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, beidh feidhm gan
srian maidir leis an mBord ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999
maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise
(OLAF). Aontóidh an Bord do Chomhaontú Idirinstitiúideach
an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais
Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe
inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus
glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach bonn maidir le foireann uile an
Bhoird. Maidir leis na cinntí maidir le maoiniú agus na
comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn astu, sonrófar
go sainráite iontu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar
an láthair a dhéanamh, más gá, ar thairbhithe an airgid arna eisíoc ag an mBord
agus, chomh maith leis sin, ar dhaoine den fhoireann atá freagrach as an
airgead sin a leithdháileadh. Is in Airteagail 58-63 den Rialachán lena
mbunaítear an Bord a leagtar amach na forálacha maidir le cur chun feidhme agus
rialú bhuiséad an Bhoird agus na rialacha airgeadais is infheidhme. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH Tugann an anailís thíos meastachán ar an gcostas
iomlán a chuirfidh an togra seo ar an mBord agus ar a fhoireann riaracháin (an
Bord anseo feasta) agus ar an gCoimisiún. Is institiúidí airgeadais a thagann faoi scáth an
tSásra Réitigh Eorpaigh a mhaoineoidh costais an Bhoird ina n‑iomláine.
Tá tuairim is 6,000 banc i limistéar an euro a íocfaidh, sa bhreis ar an
ranníocaíocht bhliantúil leis an gCiste Aonair Réitigh Banc, pro rata seasta
den mhéid sin chun an costas a bhaineann le buiséad an Bhoird a ghlanadh go
hiomlán. Déanfar an ráta ranníocaíochta agus buiséad an Bhoird a fhormheas gach
bliain. Déanfar an ráta ranníocaíochta leis an mBord a choigeartú gach bliain
le go mbeidh buiséad an Bhoird ar comhardú. Cuirfidh an Bord cúraimí i gcrích maidir le
réiteach na mbanc a ullmhú agus a fheidhmiú agus maidir leis na ranníocaíochtaí
leis an gCiste Réitigh Banc agus riar an Chiste sin. Maidir le réiteach bainc a
ullmhú, déanfaidh an Bord pleananna réitigh a tharraingt suas nó a
athbhreithniú, glacfaidh sé páirt i gcoláistí um réiteach trasteorann agus
ullmhóidh sé an réiteach ansin. I gcás líon mór institiúidí agus grúpaí, beidh
ar an mBord pleananna réitigh a tharraingt suas, i gcomhar leis an maoirseoir
(comhdhlúthaithe) agus na húdaráis náisiúnta réitigh, maidir leis na bearta
réitigh is féidir a dhéanamh nuair a chomhlíonfar na coinníollacha maidir le
réiteach, agus na pleananna a athbhreithniú go bliantúil ar a laghad agus,
nuair is iomchuí, iad a thabhairt cothrom le dáta. Beidh ar an mBord
inréiteacht na n‑institiúidí agus na ngrúpaí a mheasúnú freisin agus aon
bhac substainteach a d’fhéadfadh a bheith ar an inréiteacht sin a fhiosrú. Beidh ar na húdaráis náisiúnta réitigh pleananna
réitigh a tharraingt suas freisin do na heintitis agus na grúpaí eile, agus
beidh ar an mBord na pleananna sin a athbhreithniú. I gcás ina bhfuil údaráis
atá bunaithe i mBallstáit nach rannpháirtithe iad sa ghrúpa, is é an Bord a
dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát sin ar
rannpháirtithe iad den choláiste um réiteach. Bunaítear na coláistí um réiteach
lena áirithiú go mbeidh comhar agus comhordú ann idir na húdaráis ábhartha agus
cuireann siad cúraimí i gcrích, inter alia, maidir le forbairt na bpleananna
réitigh, measúnú ar inréiteacht agus an réiteach féin. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún eintiteas
áirithe a chur faoi réiteach, déanfaidh an Bord faireachán ar fheidhmiú an
réitigh, agus déanfaidh sé measúnú freisin ar fhéidearthacht phlean
atheagrúcháin ghnó an eintitis sin. Maidir leis an gCiste, beidh ar an mBord
ranníocaíochtaí bliantúla a ghearradh ar bheagnach 6,000 institiúid, beidh air
a áirithiú go bhfuil an ráta ranníocaíochta i mbainc ar leith socraithe i
gceart, gur íocadh na ranníocaíochtaí in am agus go ndéantar suimeanna gan íoc
a ghnóthú go héifeachtach. Chuige sin, déanfaidh an Bord iniúchadh ar thaifid
na mbanc. Beidh ar an mBord na cistí a riaradh freisin. Bheadh an méid le
bailiú agus le riaradh níos airde ná leath de bhuiséad bliantúil an Aontais.
Beidh ar an mBord cistí a riaradh freisin sa chaoi is nach mbeadh riosca ard ag
baint leis agus go bhféadfaí, más gá, na hacmhainní a chur ar fáil go tapa do
réiteach airgeadais. Ciallaíonn sé sin go mbeadh gá le straitéis fhónta
fhadtéarmach infheistíochta ina gcuirfí tíreolas agus aibíocht na n‑infheistíochtaí
san áireamh i measc nithe eile. Dar ndóigh, bheadh ar fheidhmeanna foirne an
Bhoird tacú leis na feidhmeanna líne sin, lena n‑áirítear teicneolaíocht
faisnéise agus cumarsáide. Na príomhthoimhdí An struchtúr foirne agus costais atá réamh‑mheasta
don Bhord: ·
Tá súil go mbeidh an líon iomlán foirne ag an mBord
faoi dheireadh na chéad bhliana, rud a chiallaíonn go mbeidh gá an fhoireann
iomlán a earcú le linn na chéad bhliana: meastar gur 50% an tionchar ar an
mbuiséad sa chéad bhliain agus 100% ón dara bliain ar aghaidh. ·
Ceal dóthain údarás náisiúnta réitigh atá
seanbhunaithe san Eoraip, rinneadh meastachán ar riachtanais acmhainní daonna
an Bhoird trí chúraimí an Bhoird a thargarmharcáil leis na cúraimí atá ar an Federal
Deposit Insurance Corporation (FDIC) sna Stáit Aontaithe – féach tábla 1
thíos. ·
Maidir leis na taiscí cumhdaithe agus an sprioc atá
ann ó thaobh mhéid na gcistí réitigh de, tá na méideanna sin inchomparáide idir
na Stáit Aontaithe agus limistéar an euro, ach tá méid na sócmhainní bainc a
thig faoi sásra réitigh i bhfad níos airde i limistéar an euro ná mar atá sna
Stáit Aontaithe. ·
Maidir leis na forchostais, rinneadh comparáid leis
na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha (ESAnna). Ós rud é go raibh an méid a
caitheadh ar fhorchostais níos airde sna ESAnna ná an méid a fuarthas ón
tagarmharcáil le FDIC, úsáideadh an méid a fuarthas ón tagarmharcáil, sin
coibhneas níos coimeádaí 11.5% Tá toimhdí eile agus míniúcháin ón tagarmharcáil
le FDIC le fáil i dtábla 1 thíos. Sa bhliain 2012, bhí 7,476 duine fostaithe i
gcoibhéis lánaimseartha (FTE) in FDIC. ·
Tá sainordú níos leithne ag FDIC i gcomparáid leis
an mBord, rud a fhágann nár cuireadh ach na ranna ábhartha in FDIC san áireamh
sa tagarmharcáil. ·
De réir na tagarmharcála, meastar gur 309 fostaí an
líon foirne a theastóidh. Ba cheart a mheabhrú freisin gur ar bhonn neamhbhuan
atá 21% de na fostaithe in FDIC. Má ghlactar leis an toimhde is coimeádaí nach
mbeadh ach foireann bhuan ag obair in FDIC i dtréimhse gan ghéarchéim,
thiocfadh laghdú 75 fostaí ar mhéid an Bhoird go 244 fostaí i dtréimhse gan
ghéarchéim. Is tábhachtach a áirithiú, dá bhrí sin, go mbeadh a dhóthain
solúbtachta ag an mBord le foireann bhreise a earcú ar conradh nó an t‑ualach
oibre a chur amach ag soláthraithe seachtracha. ·
Moltar an miondealú seo ar an bhfoireann: · 80% TA (68% AD agus 12% AST); · 10% END; · 10% CA. ·
Cuirfear Rialachán Foirne an AE i bhfeidhm, rud a
thuigtear ó na rátaí in aghaidh an duine: · meánchostas bliantúil TA: EUR 131,000; · meánchostas bliantúil END: EUR 78,000; · meánchostas bliantúil CA: EUR 70,000. Sa bhreis ar an tuarastal féin, tá costais
indíreacha san áireamh ann, m.sh. costais foirgnimh, oiliúna, TF agus bonnegair
shóisialta leighis. ·
Ós rud é nach bhfuil eolas fós cén áit a bheidh an
Bord suite, úsáideadh comhéifeacht choigeartaithe tuarastail 1. Dá lonnófaí an
Bord in áit eile gach seans go mbeadh gá na costais sin a mheas arís. ·
Rinneadh an caiteachas eile foirne, riaracháin agus
oibriúcháin a réamh‑mheas bunaithe ar thagarmháil le struchtúr costais
reatha na ESAnna. ·
Tá súil gur caiteachas oibriúcháin a bheidh i 25%
de chostais iomlána an Bhoird, go mór mór maidir le córais faisnéise a
fhorbairt agus a chothabháil, agus caidreamh agus cultúr na comh‑mhaoirseachta
a chur chun cinn i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta réitigh i bhfianaise an
tSásra Réitigh Eorpaigh, le go mbeidh caidreamh dlúth agus éifeachtach idir an
Bord agus na húdaráis náisiúnta réitigh atá páirteach i gcur chun feidhme na
gcinntí maidir le réiteach. ·
Tá achoimre i dtábla 2 thíos ar struchtúr costais
réamh‑mheasta an Bhoird. Tábla 1. Meastachán ar an bhfoireann a theastóidh
ón mBord i bhfianaise struchtúr foirne an Federal Deposit Insurance
Corporation sna Stáit Aontaithe || FDIC1 || AN BORD Saintréithe Líon na mbanc || 7,1812 || 6,0083 Iomlán sócmhainní || $14,451 (bn, 2012) || €29,994 (bn, 2011) Iomlán taiscí cumhdaithe || $6,027 (bn, Márta 2013) || €5,514 (bn, 2011) Sprioc do mhéid an chiste || $81 (bn) || €55 (bn) Institiúidí anásta 2008-2012 || 465 || 904 Foireann Líon iomlán fostaithe (fte, 2012: % sa cheanncheathrú) || 7,476 (28.6%) || (g) Fostaithe ‘Réiteach agus Glacadóireacht’ (fte, 2012) || 1,428 || 82 (meastachán)5 (h) Fostaithe ‘Airgeadas’ (fte, 2012) || 176 || 88 (meastachán)6 (i) Fostaithe ‘Institiúidí casta’ (fte, 2012) || 148 || 74 (meastachán)7 (j) Fostaithe ‘Rannóg dlí’ (fte, 2012 / % den líon iomlána) || 716 / 9.6% || 30 / 9.6% (meastachán)8 (k) Líon iomlán fostaithe sna rannóga ábhartha (fte, 2012) (suim a, b, c, d) || 2,468 || 274 (l) Fostaithe i seirbhísí don fhoireann (TF, cumarsáid srl.) (líon/% den líon iomlán) || 863 / 11.5% || 35 / 11,5% (meastachán) (m) Líon iomlán fostaithe an Bhoird (suim e agus f) || || 309 (meastachán) (n) Fostaithe neamhbhuana (% den líon iomlán fostaithe, 2012) || 21%9 || 21% (o) Líon iomlán fostaithe buana an Bhoird || || 244 (meastachán) 1 Foinse: www.fdic.gov. 2 Líon ball sa Deposit Insurance Fund, 2012. 3 Líon na n‑institiúidí creidmheasa in AE-17 in Eanáir 2013. Foinse: BCE. 4 Foinse: Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin: ‘Facts and figures on State aid in the EU Member States, 2012 Update’. Tá líon na n‑institiúidí anásta i limistéar an euro níos airde ná sin i ndáiríre, mar nár cuireadh institiúidí ar chlis orthu ach nár bhfuair Státchabhair san áireamh. 5 Meastar go mbeidh lámh ag 20% de na fostaithe i réiteach agus 80% de na fostaithe i nglacadóireacht. Ní bheadh baint ag an mBord ach le réiteach. Bunaithe ar an athdháileadh foirne idir leibhéal láir agus leibhéal réigiúnach FDIC, glactar leis go mbeidh 28.6% de na fostaithe a bhfuil lámh acu i réiteach ag obair ar leibhéal an Bhoird agus 71.4% ar an leibhéal náisiúnta. Is toimhde coimeádach go leor atá ann ós rud é go bhfuil foráil sa togra go bhfanfaidh gach cúram a bhaineann le réiteach ag leibhéal na Bhoird agus nach ndéanfar ar an leibhéal náisiúnta ach cur chun feidhme na gcinntí maidir le réiteach agus déanfaidh leibhéal an Bhoird faireachán ar an gcur chun feidhme sin. 6 Cuirtear cúraimí airgeadais FDIC i gcrích ar an leibhéal láir. Ní dhéantar an deighilt sin i dtiomsú ranníocaíochtaí agus i riaradh an chiste amháin, ach i ngníomhaíochtaí níos ginearálta freisin, m.sh. rialú, oibríochtaí airgeadais agus pleanáil airgeadais. Ar an gcúis sin, glactar leis go mbeadh 50% de líon na bhfostaithe i rannóg airgeadais FDIC ag teastáil ag leibhéal láir an Bhoird chun na ranníocaíochtaí agus an ciste a riaradh. 7 Freagracht ar an mBord is ea réiteach a phleanáil do bhainc mhóra limistéar an euro. Is féidir leis an mBord a iarraidh ar na húdaráis náisiúnta réamhdhréachtaí de phleananna réitigh a chur ar fáil. Chuige sin, glactar leis go mbeidh 50% de na fostaithe ag obair ar leibhéal láir an Bhoird. 8 Ní hamháin go bhfuil lámh ag rannóg dlí FDIC i réiteach, i nglacadóireacht agus i riaradh an chiste, ach tá ról maoirseachta aici freisin. Ar an ábhar sin, baintear leas as an gcoibhneas idir líon na bhfostaithe sa rannóg dlí agus líon iomlán na bhfostaithe chun an líon fostaithe a mbeidh gá ag an mBord leis a mheas. 9 Tá an céatadán d’fhostaithe neamhbhuan bunaithe ar líon iomlán fostaithe FDIC, amach ó na daoine atá fostaithe sa rannóg ‘Réiteach agus Glacadóireacht’, atá fostaithe ar an leibhéal réigiúnach den chuid is mó. Tábla 2. Struchtúr costais réamh‑mheasta
an Bhoird de réir 309 fostaí Figiúirí sna milliúin EUR || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || || || || || || || Costais foirne (tuarastail, liúntais agus costais ghaolmhara m.sh. costais foirgnimh agus troscáin agus costais TF san áireamh) || 18 || 37 || 38 || 38 || 39 || 40 || 41 Costais eile acmhainní daonna (earcaíocht, misin, costais foirne seachtraí (gníomhairí sealadacha, soláthraithe seirbhísí seachtracha srl.)) || 3 || 3 || 3 || 3 || 3 || 3 || 3 Foriomlán acmhainní daonna agus costais ghaolmhara || 22 || 40 || 41 || 42 || 43 || 43 || 44 || || || || || || || Caiteachas riaracháin (teileachumarsáid, faisnéis agus foilsiú, costais chruinnithe agus eile) || 3 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 Foriomlán caiteachais riaracháin || 3 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 || || || || || || || Caiteachas eile (rialachas, tionscadail TF, idirchaidreamh le húdaráis ábhartha Eorpacha agus i dtríú tíortha, comhthionscadail agus ceardlanna le húdaráis náisiúnta réitigh agus comhlachtaí eile, srl.) || || || || || || || Foriomlán caiteachais eile || 8 || 16 || 16 || 16 || 16 || 17 || 17 || || || || || || || Caiteachas iomlán || 33 || 61 || 62 || 63 || 64 || 65 || 66 Ciste Aonair Réitigh Banc: ·
Tá an sprioc atá ann do mhéid an Chiste Aonair
Réitigh Banc socraithe ag 1% de na taiscí atá cumhdaithe i gcóras baincéireachta
na mBallstát ar rannpháirtithe iad. I bhfianaise shonraí na bliana 2011 maidir
le bainc, EUR 55 billiún an méid a bheadh réamh‑mheasta mar sprioc don
chiste. ·
Déanfaidh na bainc ar rannpháirtithe iad a
ranníocaíocht (a bheidh coigeartaithe de réir riosca) a íoc leis an gCiste
Aonair Réitigh Banc laistigh de thréimhse deich mbliana. Ba cheart go mbeadh
iomlán bliantúil na gcistí réitigh cothrom le timpeall EUR 5.5 billiún, dá bhrí
sin, gan tuairisceáin agus eis‑sreafaí a d’fhéadfadh a bheith ann a chur
san áireamh. ·
I ndearbhmhéideanna, is iad na bainc is mó a
dhéanfaidh an ranníocaíocht is mó leis an gCiste Aonair Réitigh Banc. Gan
próifíl riosca na mbanc a chur san áireamh, is é a léiríonn meastacháin
sheirbhísí an Choimisiúin bunaithe ar shonraí 2011 gur ó 17 de na bainc is mó
san Eoraip a gheofar timpeall 40% d’iomlán na ranníocaíochtaí leis na gCiste. ·
Maidir le riaradh an Chiste, ba cheart a mheabhrú
nár cuireadh san áireamh sa mheastachán ar chostais an Bhoird ach na
himpleachtaí a bhaineann le hacmhainní daonna. Glactar leis go ndéanfar na
costais eile, m.sh. costais infheistíochta, a asbhaint ón gCiste. Tionchar airgeadais ar leibhéal an
Choimisiúin: ·
Meastar go mbeidh gá le 15 phost shealadacha ar
leibhéal an Choimisiúin sa chéad bhliain (2014) chun an Bord a bhunú agus chun
díriú ar chéim thosaigh (6 mhí nó mar sin) an Bhoird. Beidh saineolas ag na
fostaithe sin ar shaincheisteanna acmhainní daonna, cúrsaí buiséid agus cúrsaí
riaracháin eile a bhaineann le bunú an Bhoird agus glactar leis gur sa
Bhruiséil a bheidh siad. D’fhéadfadh an measúnú airgeadais atá thíos athrú ag
brath ar an suíomh a roghnófar don Bhord. ·
Ón mbliain 2015, meastar go mbeadh gá b’fhéidir le
10 bpost laistigh den Choimisiún chun na cúraimí a tugadh don Bhord faoin Rialachán
a chur i gcrích, go háirithe cinntí maidir le réiteach a ullmhú. Beidh an rogha
sin faoi réir cinnidh faoin nós imeachta buiséadach bliantúil. 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar Meastar go mbeidh gá le 15 phost ar leibhéal an
Choimisiúin sa chéad bhliain (2014) chun an Bord a bhunú agus chun díriú ar
chéim thosaigh an Bhoird. Ón mbliain 2015, meastar go mbeidh gá le 10 bpost
laistigh den Choimisiún chun na cúraimí a tugadh don Bhord faoin Rialachán a
chur i gcrích, go háirithe cinntí maidir le réiteach a ullmhú. 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR
milliúin (go dtí an tríú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Uimhir || […][Ceannteideal………...……………………………………………………………….] DG: <…….> || || || Bliain N[34] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (2) || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1a) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (2a) || || || || || || || || Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach[35] || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || || TOTAL appropriations for DG <….> || Gealltanais || =1+1a +3 || || || || || || || || Íocaíochtaí || =2+2a +3 || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL <….> den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || || || || || || || || Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || || Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || 5 || Caiteachas Riaracháin EUR
milliúin (go dtí an tríú deachúil) || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN Coimisiún || Acmhainní daonna || 1.965 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 9.825 Caiteachas riaracháin eile – costais misean || 0.150 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.750 IOMLÁN an Choimisiúin || Leithreasuithe || 2.115 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 10.575 IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 2.115 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 10.575 EUR
milliúin (go dtí an tríú deachúil) || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 2.115 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 10.575 Íocaíochtaí || 2.115 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 10.575 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Leithreasuithe
faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN ASCHUIR Saghas[36] || Meánchostas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon iomlán || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[37] || || || || || || || || || || || || || || || || Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || || 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe de chineál riaracháin –
þ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || Bliain N[38] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN –
|| 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || 1.965 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 9.825 Caiteachas riaracháin eile || 0.150 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.750 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 2.115 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 10.575 –
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[39] den chreat airgeadais ilbhliantúil || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A Acmhainní daonna || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A Caiteachas eile de chineál riaracháin || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A –
IOMLÁN || 2.115 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 10.575 Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le
baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina
gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den Ard‑Stiúrthóireacht,
mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht
atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh
bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar
a bheidh riachtanach ¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní
daonna. þ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní
daonna mar a mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) || || || XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 15 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[40] || || XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || || || XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí) || || || || || || || || XX 01 04 yy[41] || - sa cheanncheathrú || || || || || || || || - Toscaireachtaí || || || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || || IOMLÁN || 15 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid
lena mbaineann. Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus pearsanra sealadach || Féach an tuairisc thuas Pearsanra seachtrach || 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
¨ Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don
chreat airgeadais ilbhliantúil reatha. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha
sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis,
agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna
comhfhreagracha. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear
an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat
airgeadais ilbhliantúil[42]. Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na
ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna
comhfhreagracha. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú le tríú páirtithe. –
Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos: Leithreasuithe
in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || || 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
þ Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag
an togra ar ioncam. –
¨ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas
ag an togra/tionscnamh: ·
¨ ar acmhainní dílse ·
¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR
milliúin (go dtí an tríú deachúil) Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[43] Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncaim ilghnéithigh atá 'sannta', sonraigh
na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu. Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a
ríomh. [1] Teachtaireach ón gCoimisiún chuig
Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle 'Treochlár um Aontas
Baincéireachta', COM(2012) 510, 12.9.2012. [2] Teachtaireacht ón gCoimisiún
'Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a bheidh Domhain agus Fíor', COM(2012)
777 final/2, 30.11.2012. [3] 'I dtreo fíoraontais eacnamaíoch
agus airgeadaíochta', Tuarascáil ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Herman Van
Rompuy EUCO 120/12, 26.06.2012. [4] COM(2012) 511. [5] COM(2010) 368. [6] An Rialachán agus an Treoir maidir
le Ceanglais Chaipitil
(CRR/CRDIV)http://ec.europa.eu/internal_market/bank/regcapital/index_en.htm [7] Faoi réir thoradh deiridh na
caibidlíochta idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, is féidir go gcuirfí
aistriú breise ar theacht i bhfeidhm iomlán an athshnámhaithe, ar feadh
tréimhse is féidir a mhaireachtáil go dtí 2018, mar atá beartaithe ag an
gCoimisiún. [8] Féach na Conclúidí ón gComhairle
maidir leis na Socruithe le haghaidh Cobhsaíocht Airgeadais san AE a Fheabhsú
an 9 Meán Fómhair 2007
http://www.consilium.europa.eu/ueDocs/cms_Data/docs/pressData/en/ecofin/96351.pdf [9] Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le
ceanglais stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí
infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 176,
27.6.2013, Lch. 1. [10] Treoir 2013/36/AE an 26
Meitheamh 2013 ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar
ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar
institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir
2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE,
IO L 176, 27.6.2013, Lch. 338. [11] IO C , , Lch. . [12] IO C , , Lch. . [13] Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus
gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 77/91/CEE agus
Treoir 82/891/CE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE,
2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE agus 2011/35/CE agus Rialachán (AE)
Uimh. 1093/2010. IO C , , Lch. . [14] Rialachán (AE) Uimh. .../... lena dtugtar cúraimí
sonracha don BCE maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar
institiúidí creidmheasa. [15] Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 30 Meitheamh 1994 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí. IO L 135,
31.5.1994, Lch. 5–14. [16] Treoir 2013/36/AE an 26 Meitheamh 2013 ó
Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht
institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa
agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena
n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, IO L 176,
27.6.2013, Lch. 338. [17] Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais
stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta
agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 176, 27.6.2013,
Lch. 1. [18] Treoir 94/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 30 Bealtaine 1994 lena leasaítear Treoir 80/390/CEE lena
gcomhordaítear na ceanglais i ndáil leis na sonraí liostaithe a tharraingt
suas, a ghrinnscrúdú agus a leithdháileadh, atá le foilsiú chun urrúis a
ghlacadh ar liostú oifigiúil stocmhalartáin, ag féachaint don oibleagáid sonraí
liostaithe a fhoilsiú, IO L 135, 31.5.1994, Lch. 1. [19] Treoir 2013/36/AE an 26 Meitheamh 2013 ó
Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht
institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa
agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena
n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, IO L 176,
27.6.2013, Lch. 338 [20] Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais
stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta
agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 176, 27.6.2013,
Lch. 1. [21] Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirùi, IO L
084, 26.3.1997, Lch. 22. [22] Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001
maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cearta fostaithe a
chosaint i gcás aistriú gnóthas, gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó de
ghnólachtaí, IO L 82, 22.3.2001, Lch. 16. [23] Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais
íocaíochta agus socraíochta urrús, IO L 166, 11.6.1998, Lch. 45. [24] Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus
forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in
urrúis inaistrithe (GCUI), IO L 302, 17.11.2009, Lch. 32. [25] - [26] IO L 298, 26.10.2012, Lch. 1. [27] IO 17, 6.10.1958, Lch. 385. [28] Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar
dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, IO L 145,
31.5.2001, Lch. 43 [29] Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le
daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag
institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht
na sonraí sin. IO L 8, 12.1.2001, Lch. 1. [30] Rialachán (CE) Uimh. 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine
aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le
saorghluaiseacht na sonraí sin. IO L 281, 23.11.1995, Lch. 31. [31] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí - ABB: Bunú an
bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [32] Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den
Rialachán Airgeadais [33] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus
tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [34] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun
feidhme an togra/tionscnaimh. [35] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde
indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [36] Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar
(e.g. : líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de
bhóithre a rinneadh, etc.). [37] Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí
sonracha...’ [38] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun
feidhme an togra/tionscnaimh. [39] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde
indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [40] CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne Áitiúil; SNE=
Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT=
Ball foirne gníomhaireachta; JED =
Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht). [41] Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA"). [42] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach
(don tréimhse 2007-2013). [43] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta
(dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a
bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais
bhailiúcháin a bheith bainte astu.