Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0452

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear in oiriúint d'Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh roinnt gníomhartha dlí i réimse an Cheartais lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

/* COM/2013/0452 final - 2013/0220 (COD) */

52013PC0452

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear in oiriúint d'Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh roinnt gníomhartha dlí i réimse an Cheartais lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú /* COM/2013/0452 final - 2013/0220 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

I gcomhthreo leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear in oiriúint d'Airteagal 290 den CFAE roinnt gníomhartha dlí lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú (NIRG) (COM(2013)451), baineann an togra seo le hailíniú cúig ghníomh reachtacha i réimse an Cheartais ina dtagraítear fós don NIRG. Ní foláir na hionstraimí sin a ailíniú le togra ar leith mar a glacadh iad faoi bhunús dlí de bhun Theideal V Cuid III den CFAE agus dá bhrí sin níl siad ina gceangal ar gach Ballstát, agus iad ar neamhréir le bunúis dlí na mbunghníomhartha eile dá réir.

Is ionann an cur chuige sa togra seo agus an cur chuige sa togra a chuaigh roimhe. Dá réir sin, tá foráil sa rialachán réime seo go bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcás ina ndéantar foráil sna gníomhartha dlí atá liostaithe san iarscríbhinn maidir le húsáid Airteagal 5a den Chinneadh Coisteolaíochta.

Ní dhéanfaidh an cur in oiriúint do chóras na ngníomhartha tarmligthe difear do nósanna imeachta ar feitheamh ina bhfuil tuairim tugtha ag coiste cheana féin i gcomhréir leis an gCinneadh Coisteolaíochta.

Tá liosta de na bunghníomhartha atá curtha in oiriúint do chóras na ngníomhartha tarmligthe san iarscríbhinn a ghabhann leis an togra.

2013/0220 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear in oiriúint d'Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh roinnt gníomhartha dlí i réimse an Cheartais lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[2],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Thug Conradh Liospóin deis don reachtóir cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú.

(2)       Na bearta is féidir a chumhdach le tarmligean na gcumhachtaí, dá dtagraítear in Airteagal 290(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tagann siad i bprionsabal leo sin atá cumhdaithe ag an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a bunaíodh faoi Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[3].

(3)       Is gá gníomhartha dlí atá i bhfeidhm cheana féin agus ina mbaintear úsáid as an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chur in oiriúint d'Airteagal 290 den CFAE.

(4)       Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh agus inar thug an coiste tuairim cheana i gcomhréir le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(5)       Agus an Coimisiún ag ullmhú gníomhartha tarmligthe bunaithe ar na gníomhartha dlí arna gcur in oiriúint leis an Rialachán seo, tá sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfadh sé faoi chomhairliúcháin oiriúnacha, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a dhréachtadh, a áirithiú go ndéantar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(6)       Tá an Ríocht Aontaithe agus Éire faoi cheangal ag na gníomhartha dlí dá dtagraítear san iarscríbhinn agus dá bhrí sin tá siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin.

(7)       I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcás ina bhfuil foráil sna gníomhartha dlí atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5a(1) go (4) de Chinneadh 1999/468/CE, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo.

Airteagal 2

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse neamhchinntithe.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 3

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh agus inar thug coiste tuairim cheana i gcomhréir le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Gníomhartha dlí ina bhfuil tagairt don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE atá curtha in oiriúint do chóras na ngníomhartha tarmligthe.

1.           Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála.

2.           Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d'éilimh neamhchonspóidithe.

3.           Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta.

4.           Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.

5.           Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil), agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle.

[1]               IO C , , lch.

[2]               IO C , , lch.

[3]               IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

Top