This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0312
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL establishing the Copernicus Programme and repealing Regulation (EU) No 911/2010
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 911/2010
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 911/2010
/* COM/2013/0312 final - 2013/0164 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 911/2010 /* COM/2013/0312 final - 2013/0164 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Copernicus an t-ainm nua ar an gClár Eorpach
um Breathnadóireacht na Cruinne, GMES (Faireachán Domhanda don Chomhshaol agus
don tSlándáil). Le Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 GMES a bunaíodh
Copernicus, nó le bheith níos cruinne, a bunaíodh réamhtheachtaí Copernicus,
mar chlár de chuid an AE. Cumhdaítear leis an Rialachán na gníomhaíochtaí uile
lena n áirithítear soláthar neamhbhriste sonraí agus faisnéise atá cruinn agus
iontaofa maidir le ceisteanna comhshaoil agus ábhair slándála d'úsáideoirí atá
i bhfeighil ar bheartais a cheapadh, a chur chun feidhme agus faireachán a
dhéanamh orthu, san AE agus ina chuid Ballstát. Tá Copernicus dírithe ar
rochtain a sholáthar don Eoraip ar fhaisnéis agus ar shonraí breathnadóireachta
atá iontaofa, neamhspleách agus leanúnach. Is é is aidhm d'infheistíocht an AE
na bearnaí breathnadóireachta a dhúnadh, rochtain a sholáthar ar shócmhainní
atá ann cheana agus seirbhísí oibríochtúla a fhorbairt. Sé Sheirbhís atá i struchtúr Copernicus:
Faireachán Muirí, faireachán Atmaisféir, faireachán Talún agus faireachán
Athraithe Aeráide, i dteannta tacaíochta don Éigeandáil agus don tSlándáil.
Baineann Copernicus úsáid as sonraí ó shaitilítí agus ó bhraiteoirí in situ
amhail baoithe, balúin nó braiteoirí aeir chun faisnéis agus réamhfhasnéis
bhreisluacha atá tráthúil agus iontaofa a sholáthar chun tacaíocht a thabhairt,
mar shampla, do thalmhaíocht agus iascach, d'úsáid talún agus pleanáil
uirbeach, don chomhrac in aghaidh dóiteáin foraoise, don fhreagairt i gcás
tubaistí, d'iompar muirí nó d'fhaireachán ar thruailliú aeir. Cuireann Copernicus le cobhsaíocht agus fás
eacnamaíoch trí fheidhmeanna tráchtála a fheabhsú (seirbhísí iartheachtacha,
mar a thugtar orthu) i mórán earnálacha éagsúla trí rochtain chuimsitheach agus
oscailte ar shonraí breathnadóireachta agus ar tháirgí faisnéise Copernicus. Tá
sé ar cheann de na cláir atá le cur chun feidhme faoi An Eoraip 2020, straitéis
maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach, agus áiríodh é i
dtionscnamh beartais thionsclaíoch An Eoraip 2020 toisc na tairbhí a bhaineann
leis do réimse leathan beartas de chuid an Aontais. Ní féidir le Ballstáit aonair an fhreagracht
maidir le maoiniú do shaothrú agus athnuachan bonneagair spáis, a rinneadh le
cistí ón AE agus cistí idir-rialtasacha, a bhaint amach go barrmhaith, de
dheasca na gcostas lena mbaineann. I réimse na breathnadóireachta spásbhunaithe
don mheitéareolaíocht oibríochtúil, tá a gcuid acmhainní tugtha le chéile ag na
Stáit Eorpacha chun satailítí meitéareolaíochta a fhorbairt agus a shaothrú
faoi chuimsiú na hEagraíochta Eorpaí chun Sochar a Bhaint as Satailítí
Meitéareolaíochta (EUMETSAT). Rinne Stáit Eorpacha forbairt freisin ar
léiritheoirí satailítí comhshaoil tríd an nGníomhaireacht Spáis na hEorpa (ESA)
nó trí ghníomhaireachtaí spáis naisiúnta. Ní raibh ar a gcumas, áfach, dul i
gcomhar lena chéile maidir le maoiniú do chláir oibríochtúla i réimse an
fhaireacháin ar an gcomhshaol. Tá an gá leis na breathnadóireachtaí sin
práinneach anois, i bhfianaise an bhrú pholaitiúil atá ar údaráis phoiblí, agus
atá ag dul i méid, cinntí eolacha a dhéanamh i réimsí an chomhshaoil, na
slándála agus an athraithe aeráide agus i bhfianaise an ghá atá le
comhaontuithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Níl sé ar chumas na mBallstát, i gcás na
seirbhísí a bhfuil cumhdach pan-Eorpach agus domhanda acu, cuspóirí an ghnímh
bheartaithe a bhaint amach go leormhaith, ós rud é gur gá na hionchuir ó na
Ballstáit éagsúla a chur le chéile ar an leibhéal Eorpach. Is fearr a
d'fhéadfaí seirbhísí eile a sholáthar (e.g. léarscáileanna éigeandála nó
léarscáileanna faireacháin talún téamacha a bhfuil raon feidhme tíreolaíoch
níos teoranta iontu) ar an leibhéal Eorpach ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos
bheadh barainneachtaí scála ann dá ndéanfaí bainistiú níos comhtháite agus níos
láraithe ar na sonraí ionchuir ó bhraiteoirí sa spás nó in situ. Ar an dara dul síos, le seirbhísí faireacháin
na Cruinne a bheith á soláthar ar bhealach comhordaithe ar fud na mBallstát is
féidir dúbláil a sheachaint agus feabhsaítear an faireachán ar chur chun
feidhme reachtaíocht chomhshaoil an AE ar bhonn critéar atá trédhearcach agus
oibiachtúil. Is le faisnéis inchomparáide arna cur le chéile ag leibhéal na
mBallstát amháin is féidir cur chun feidhme éifeachtach na reachtaíochta
comhshaoil a fhíorú, reachtaíocht ina dtugtar aghaidh i mórán cásanna ar
fhadhbanna atá gan teorainn agus ar fadhbanna idirnáisiúnta iad dá bhrí sin. Lena chois sin, le gníomhaíocht ar an leibhéal
Eorpach, cruthófar barainneachtaí scála ónar féidir luach níos fearr a fháil ar
airgead poiblí. Is léir dá bhrí sin go dtagann breisluach le gníomhaíocht ar
leibhéal an AE. Ón uair a bunaíodh an clár i leith tá an AE
agus ESA tar éis breis agus EUR 3.2 billiún a leithdháileadh air dá
fhorbairt. Cuireadh cuid mhaith de bhuiséad an GMES ar leataobh don fhorbairt
ar shatailítí breathnadóireachta: na Fairtheoirí. Cuireadh é sin i gcrích le
ranníocaíocht EUR 738 milliún ón gCoimisiún le Clár Eilimint Spáis GMES (GSC)
de chuid ESA. Beidh Copernicus á maoiniú ag téama Spáis an
tSeachtú Creatchlár le haghaidh Taighde agus Forbartha Teicneolaíochta (CC7)
agus ag an GMES agus a chlár Oibríochtaí Tosaigh go dtí deireadh na bliana
2013. Ós rud é go mbeidh Copernicus réidh le tús a chur lena chéim
oibríochtúil, beidh Rialachán nua de dhíth ó 2014 ar aghaidh. I gcomhréir le
cuspóirí na Teachtaireachta "Clár Oibre chun an CAI 2014-2020 a
shimpliú"[1],
tabharfar sainmhíniú níos fearr leis an Rialachán seo ar rialachas an chláir,
go háirithe ról an Choimisiúin, cuspóirí an chláir agus táscairí lena bhféadfaí
faireachán éifeachtach a dhéanamh ar a chur chun feidhme agus aistriú gan
fadhbanna ó na gníomhaíochtaí reatha a áirithiú. Tá forálacha sa Rialachán atá
beartaithe chomh maith chun nósanna imeachta airgeadais comhréireacha a bhunú,
go háirithe maidir le cuid mhór den chlár atá le cur chun feidhme go
neamhdhíreach. I bhfianaise an tsimpliúcháin agus "rialála cliste",
ba cheart a thabhairt ar aird go bhfuil sé mar aidhm ag Copernicus caighdeán na
reachtaíochta a fheabhsú trí uirlisí faireacháin bunaithe ar fhianaise a
sholáthar. Sa Teachtaireacht uaidh dar teideal 'Buiséad
don Eoraip 2020' (COM (2011) 500 final an 29.06.2011), thug an Coimisiún
le fios go raibh sé beartaithe GMES a chistiú lasmuigh den chreat airgeadais
ilbhliantúil sa tréimhse ó 2014 go 2020, i bhfianaise uasteorainneacha bhuiséad
an AE. Dhiúltaigh an Pharlaimint don togra sin ina rún P7_TA(2012)0062 an 16
Feabhra 2012. Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 7-8 Feabhra 2013 maidir leis
an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), foráiltear gur cheart an clár a
mhaoiniú faoi fho‑cheannteideal 1a den chreat airgeadais, le uasleibhéal
gealltanas de EUR 3,786 milliún (praghsanna 2011) le leagan síos sa Rialachán
CAI. 2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Ón uair a cruthaíodh Biúró GMES an Choimisiúin
Eorpaigh in 2006, tá próiseas leanúnach de chomhairliúcháin le geallsealbhóirí
ar bun maidir le GMES. Is é an chéad toradh a bhí leis an bpróiseas comhairliúcháin
sin, próiseas a seoladh leis an Teachtaireacht dár teideal "GMES: ó
choincheap go réaltacht"[2],
gur glacadh an Teachtaireacht ó 2008 dar teideal "GMES: cúram pláinéid
níos sábháilte".[3]
Tugadh faoi chomhairliúchán breise d'fhonn an togra ón gCoimisiún le haghaidh
Rialacháin maidir leis an gclár Eorpach um fhaireachán na Cruinne (GMES) agus a
oibríochtaí tosaigh (ón mbliain 2011 go dtí an bhliain 2013)[4] agus an Teachtaireacht dar
teideal "Faireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES): Na
Dúshláin agus na Chéad Chéimeanna Eile don Eilimint Spáis"[5]. Ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin GMES in
2010, lean an comhairliúchán leis na Ballstáit agus le húsáideoirí ar aghaidh
trí na comhlachtaí rialachais nua a bunaíodh leis an Rialachán féin: an Coiste
GMES agus an Fóram Úsáideoirí atá comhdhéanta d'ionadaithe na n-úsáideoirí
poiblí. Deimhníodh sa chomhairliúchán go bhfuil suim á
léiriú sa Chlár Copernicus agus go bhfuil gá leis agus – anois go mbeidh sé ina
chlár de chuid an AE i ndáiríre – díríonn sé ar na roghanna éagsúla ó thaobh
dearadh de, go háirithe i gcás na Seirbhísí Copernicus. Chuir na
geallsealbhóirí in iúl go bhfuil an fháil gan idirbhriseadh ráthaithe ar an
bhfaisnéis a thagann ó na Seirbhísí Copernicus ina bunchloch le go mbeidh rath
ar an gclár agus le go dtiocfaidh na tairbhí iomlána uaidh. Rinneadh measúnú tionchair in 2011 agus
foilsíodh na príomhchonclúidí i nDoiciméad SEC (2011) 867 final an 28.06.2011,
a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an gCreat Airgeadais
Ilbhliantúil, COM (2011) 500. Tá an measúnú tionchair curtha in oiriúint anois
agus cuireadh na moltaí a rinne an Bord um Measúnú Tionchair san áireamh. Is é
an breithniú polaitiúil ar chomh úsáideach agus atá sé an clár Copernicus a
mhaoiniú sa CAI an t-athrú a bhí ann ó 2011 i leith. Measann an Coimisiún, dá
bhrí sin, go bhfuil sé tráthúil anois togra foirmiúil a dhéanamh. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, gur
ghá an togra a athchoigeartú i dtaca leis an méid a comhaontaíodh faoi
uasteorainn an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil, faoina ndearnadh laghdú os
cionn EUR 2 billiún ar an togra tosaigh ón gCoimisiún. D'fhonn soláthar na
seirbhíse a chaomhnú, bhí ar an gCoimisiún forbairtí nua a ghearradh siar san
eilimint spáis chun athnuachan agus nuachóiriú a dhéanamh ar an gcumas
breathnadóireachta. Glacfaidh ESA chuici an fhreagracht as an bhforbairt ar an
gcéad ghlúin Fairtheoirí eile. Tá tábhacht ag baint le ceist na húinéireachta
ar shócmhainní na heliminte spáis Copernicus agus ní féidir í a bhreithniú gan
na cearta ná an fhreagracht a thugtar le húinéireacht den sórt sin don úinéir a
chur san áireamh. Tá na cearta iomlána is féidir ag an úinéir, lena n-áirítear
an ceart chun úsáide, chun aistrithe agus chun diúscartha. Agus cinneadh á dhéanamh ar cheart úinéireacht
a ghlacadh ar shócmhainní na heiliminte spáis, is gá dhá chéim a aithint: Le
linn na chéad chéime, i.e. an Creat Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi
láthair, ní raibh an AE ina ranníocóir le clár de chuid ESA ag ráta tuairim is
30 % agus ní raibh na cistí aige chun ról ceannaireachta a ghlacadh maidir le
heilimint spáis Copernicus a threorú. Lena chois sin, leithreasuithe CC7 a bhí
i gcistí an AE den chuid is mó agus níor ceapadh iad chun maoiniú buan a
dhéanamh ar chlár oibríochtúil. Dá bhrí sin, ní raibh an AE in ann úinéireacht
a ghlacadh chuige le linn na céime sin. Tosóidh an dara chéim leis an gcéad
Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile. Beidh athrú ó bhonn ann sa mhéid agus go
mbeidh an AE in ann 100 % den chuid is mó d'eilimint spáis Copernicus a
mhaoiniú, lena n‑áirítear cuid na talún agus costas oibríochtaí na
satailítí. Sa chomhthéacs nua seo, dá dtagraítear in
Airteagal 19, beidh gá le hathbhreithniú ar úinéireacht na satailítí. Tá foráil
sa Rialachán maidir leis an rogha go bhféadfadh an AE, nó comhlacht nó ciste a
d'ainmneofaí go sonrach chuige sin, úinéireacht a ghlacadh chuige ón ESA. I
bhfianaise aistrithe úinéireachta, beidh gá measúnú a dhéanamh ar na roghanna,
ag cur fachtóirí ábhartha san áireamh lena n áirítear oibriú na satailítí;
úinéireacht dhlíthiúil na sonraí; coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí;
agus luach na sócmhainní. Ní dhéanfar na roghanna sin a mheas ach amháin má tá
an chosúlacht ar an scéal gur mó míbhuntáistí ná buntáistí a bheidh ag baint le
húinéireacht an AE. Ní fhéadfaí an t-aistriú úinéireachta ón AE a fheidhmiú ach
trí bhíthin gnímh tharmligthe. D'fhéadfaí an rogha maidir le scéim um
cheannach sonraí a mheas freisin. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Ag féachaint d'Airteagal 189 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is togra le haghaidh Rialacháin nua ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Copernicus atá i
gceist. Díríonn sé ar na príomhghnéithe seo a leanas (1)
An t-ainm a athrú go Copernicus (2)
Rialachas ar GMES sa chéim oibríochtúil de, d'fhonn
a chur ar chumas an Choimisiúin gníomhaíochtaí a tharmligean chuig roinnt
oibreoirí; (3)
Maoiniú sa tréimhse 2014-2020. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra
seo le haghaidh Rialacháin, tá leathreasuithe táscacha buiséadacha leagtha
amach, atá comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2014 – 2020, le
huasleibhéal gealltanas de EUR 3,786 milliún, i bpraghsanna na bliana 2011, arb
ionann é agus EUR 4,291 milliún i bpraghsanna an lae inniu.. 5. EILIMINTÍ ROGHNACHA Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe
a ghlacadh d'fhonn cuspóirí áirithe atá leagtha amach sa togra a bhaint amach. 2013/0164 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n‑aisghairtear
Rialachán (AE) Uimh 911/2010 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ
PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE
AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189(2) dá chuid, Ag
féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar
éis an dréacht‑ghníomh reachtach a chur faoi bhráid na bParlaimintí
náisiúnta, Ag
féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[6], Ag
féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[7], Ag
gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid
seo a leanas: (1) Ba thionscnamh um fhaire na Cruinne a bhí san Fhaireachán
Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES) faoi cheannas an Aontais agus
bhí sé ar siúl i gcomhpháirtíocht leis na Ballstáit agus le Gníomhaireacht
Spáis na hEorpa (ESA). Siar i mí na Bealtaine 1998 a tosaíodh ar an GMES a
bhunú, nuair a rinne institiúidí a raibh baint acu le forbairt gníomhaíochtaí
spáis san Eoraip dearbhú comhpháirteach ar ar tugadh "Forógra Baveno".
Iarradh san Fhorógra tiomantas fadtéarmach d’fhorbairt seirbhísí faireacháin
comhshaoil spásbhunaithe, ina n‑úsáidfí, scileanna agus teicneolaíochtaí
Eorpacha agus ina ndéanfaí tuilleadh forbartha orthu. In 2005, rinne an tAontas
an cinneadh straitéiseach inniúlacht maidir le breathnóireacht Eorpach Cruinne
a fhorbairt a bheadh neamhspleách ó thaobh seirbhísí a sholáthar i réimsí an chomhshaoil
agus na slándála[8], agus leagadh síos dá bharr sin
Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 22 Meán Fómhair 2010 maidir leis an gclár Faireacháin Domhanda don
Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES) agus a chéad oibríochtaí (2011 go 2013)[9]. (2) Ba cheart dearcadh ar Copernicus mar rannchuidiú ón
Eoraip do Chóras na gCóras Breathnóireachta Domhanda (GEOSS) arna fhorbairt laistigh
de chreat an Ghrúpa um Breathnóireacht na Cruinne (GEO). (3) Bunaithe ar thorthaí an tionscnaimh sin, bunaíodh
an clár Faireacháin Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES) agus na
rialacha maidir lena chéad oibríochtaí a chur chun feidhme le Rialachán (AE)
Uimh. 911/2010. (4) An clár a cuireadh ar bun faoi Rialachán (AE)
Uimh. 911/2010, ba cheart leanúint de faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil
nua, ach ba cheart an t‑acrainm 'GMES' a athrú go 'Copernicus' d'fhonn an
chumarsáid leis an bpobal i gcoitinne a éascú. Chláraigh an Coimisiún an
trádmharc ionas gurbh fhéidir le hinstitiúidí an Aontais é a úsáid agus ionas
go mbeadh sé ceadúnaithe d'úsáideoirí leasmhara eile, go háirithe soláthraithe
príomhsheirbhísí. (5) Is iad cuspóirí chlár Copernicus faisnéis chruinn
iontaofa a chur ar fáil i réimsí an chomhshaoil agus na slándála, a bheidh
saincheaptha do riachtanais úsáideoirí agus lena dtacófar le beartais eile de
chuid an Aontais, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an margadh inmheánach,
le hiompar, le comhshaol, le fuinneamh, le cosaint shibhialta, le comhar le
tríú tíortha agus le cabhair dhaonnúil. Tógtar ar inniúlachtaí atá san Eoraip
cheana sa chlár, inniúlachtaí a comhlánaíodh le sócmhainní nua a forbraíodh i
gcomhar. (6) Ba cheart clár Copernicus a chur chun feidhme ar
dhóigh atá comhsheasmhach le hionstraimí eile agus le gníomhaíocht ábhartha
eile de chuid an Aontais, go háirithe gníomhaíochtaí maidir le comhshaol agus
athrú aeráide, agus le hionstraimí i réimsí na slándála, chosaint na sonraí
pearsanta, an iomaíochais agus na nuálaíochta, an chomhtháthaithe, an taighde, an
iompair, an iomaíochais agus an chomhair idirnáisiúnta agus le clár Eorpach na
gCóras Domhanda Loingseoireachta Satailíte (GNSS). Ba cheart comhleanúnachas a
bheith ann idir sonraí Copernicus agus sonraí tagartha spásúil na mBallstát
agus an bhonneagair d'fhaisnéis spásúil san Aontas a bunaíodh le
Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta
2007 lena mbunaítear Bonneagar d'Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach
(INSPIRE)[10]. Ina theannta sin, ba cheart do
Copernicus an Córas Faisnéise Comhroinnte Comhshaoil (SEIS) agus gníomhaíochtaí
an Aontais i réimse na práinnfhreagartha a chomhlánú. (7) Is clár é Copernicus atá le cur ar fáil faoin
Straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus
uilechuimsitheach. Tá sé le dul chun tairbhe do raon leathan beartas de chuid an
Aontais agus rannchuideoidh sé cuspóirí Eoraip 2020 a bhaint amach, go háirithe
trí bheartas spáis éifeachtach a fhorbairt d'fhonn na huirlisí a chur ar fáil
chun dul i ngleic le roinnt de na príomhdhúshláin dhomhanda agus chun na
spriocanna maidir le hathrú aeráide agus inbhuanaitheacht fuinnimh a bhaint
amach. (8) Ba cheart go mbeadh tacaíocht le fáil ag clár
Copernicus ó na torthaí arna soláthar le Fís 2020, Creatchlár an Aontais
um Thaighde agus um Nuálaíocht 2014-2020, go háirithe trína chuid
gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta le haghaidh teicneolaíochtaí agus
feidhmchlár um Breathnóireacht na Cruinne a bheidh ann amach anseo a úsáidfidh
teicneolaíochtaí agus sonraí cianbhraiteachta agus aeriompartha agus teicneolaíochtaí
agus sonraí atá ar an láthair d'fhonn freagairt do na mórdhúshláin a bhaineann
leis an tsochaí. (9) D'fhonn a chuid cuspóirí a bhaint amach, ba
cheart do chlár Copernicus bheith ag brath ar chumas uathrialach an Aontais
maidir le breathnóireacht spásiompartha agus seirbhísí oibríochta a chur ar
fáil i réimsí an chomhshaoil, na cosanta sibhialta agus na slándála. Ba cheart dó
úsáid a bhaint freisin as na sonraí in‑situ a chuireann na
Ballstáit ar fáil. Braitheann soláthar seirbhísí oibríochta ar dhea-fheidhmiú
agus ar shábháilteacht eilimint spáis Copernicus. Is é an méadú atá faoin
riosca go mbeidh imbhualadh ann le satailítí eile agus le smionagar spáis an
bhagairt is tromchúisí maidir le eilimint spáis Copernicus. Dá bhrí sin, ba
cheart tacaíocht a bheith i gclár Copernicus do ghníomhaíochtaí atá dírithe ar
rioscaí den sórt sin a laghdú, go háirithe trí rannchuidiú leis an gclár arna
bhunú le Cinneadh [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
mbunaítear Clár Tacaíochta d’Fhaireachán agus Rianú Spáis[11]. (10) Is é an t‑imchlúdach airgeadais uasta a
theastaíonn i gcomhair ghníomhaíochtaí Copernicus (2014-2010),
EUR 3 786 milliún de réir phraghsanna 2011, arna leithdháileadh i
gcaibidil ar leithligh den bhuiséad faoi Theideal 2 de Cheannteideal 1a de
Bhuiséad Ginearálta an Aontais. Ba cheart caiteachas foirne agus riaracháin a
thabhóidh an Coimisiún agus é ag comhordú chlár Copernicus a chistiú ó bhuiséad
an Aontais. (11) D'fhonn cur chun feidhme Copernicus agus pleanáil
fhadtéarmach an chláir a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún an clár oibre
bliantúil a ghlacadh i gcomhréir le tosaíochtaí, cuspóirí agus straitéisí a
plean ilbhliantúil. (12) Ba cheart Copernicus a bheith faoi cheannas an
úsáideora, agus, dá bhrí sin, bheadh rannpháirtíocht leanúnach, éifeachtach
úsáideoirí de dhíth, go háirithe ó thaobh ceanglais seirbhíse a shainiú agus a
bhailíochtú. (13) Baineann gné idirnáisiúnta Copernicus go háirithe
le sonraí agus faisnéis a mhalartú, agus le rochtain ar bhonneagar
breathnóireachta. Tá córas malartaithe den sórt sin níos éifeachtúla ó thaobh
costais de ná scéimeanna ceannaithe sonraí agus láidríonn sé gné dhomhanda an
chláir. (14) Foráiltear sa Chomhaontú LEE agus sna Creat‑Chomhaontuithe
le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha is iarrthóirí féideartha do
rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais. Ba cheart é a bheith ar
chumas tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile bheith rannpháirteach
trí chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir leis sin a thabhairt i gcrích. (15) Ba cheart an tsaoirse a bheith ag Ballstáit, ag
tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta rannchuidiú leis na cláir ar
bhonn comhaontuithe iomchuí. (16) Ba cheart freagracht iomlán as clár Copernicus a
bheith ag an gCoimisiún. Ba cheart dó a chuid tosaíochtaí agus cuspóirí a
shainiú agus comhordú agus maoirseacht iomlán an chláir a áirithiú. (17) Agus an ghné sin de Copernicus a bhaineann le
comhpháirtíocht á cur san áireamh, agus d'fhonn dúbailt saineolais theicniúil a
sheachaint, ba cheart cur chun feidhme an chláir a tharmligean chuig aonáin a
bhfuil an inniúlacht theicniúil agus an inniúlacht ghairmiúil iomchuí acu. (18) Agus clár Copernicus á chur chun feidhme,
féadfaidh an Coimisiún dul in iontaoibh, nuair is iomchuí, gníomhaireachtaí
inniúla an Aontais, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA), an
Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha
Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (FRONTEX), an Ghníomhaireacht
Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) agus Lárionad Satailíte an Aontais
Eorpaigh (EUSC) nó aon chomhlacht ábhartha a d'fhéadfadh bheith incháilithe i
gcomhair tarmligin de réir Airteagal 58 de Rialachán (AE, Euratom)
Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh
Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad
bliantúil an Aontais[12]. (19) De bhun Airteagal 61(2) de Rialachán (AE,
Euratom) Uimh. 966/2012, ba cheart nós imeachta trédhearcach a leanúint agus
na haonáin (na “hoibreoirí”) á roghnú a bhféadfaidh an Coimisiún cúraimí cur
chun feidhme a thabhairt dóibh bunaithe ar fhorais oibiachtúla a bhfuil údar
leo agus nach mbeidh coinbhleacht leasa ann dá mbarr. I bhfianaise leithleachas
na gcúraimí atá i gceist, roghnaíodh nós imeachta ad‑hoc bunaithe
ar ghlao ar léiriú spéise d'fhonn na hoibreoirí féideartha is oiriúnaí do chlár
Copernicus a bhainistiú go neamhdhíreach a shainaithint. (20) Ba cheart don Choimisiún maoirseacht a dhéanamh ar
oibreoirí chlár Copernicus, agus ba cheart an neamhspleáchas is gá a bheith acu
chun na cúraimí a cuireadh orthu a chomhlíonadh. Ba cheart dóibh clár oibre
bliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar aon le tuarascáil bhliantúil ar
chur chun feidhme. (21) Tá sé tábhachtach, d'fhonn a chuid oibleagáidí a
chomhlíonadh faoi Airteagal 317 CFAE, go mbeadh na hacmhainní is gá ag an
gCoimisiún chun gníomhartha na n‑aonán dá dtugann sé cúraimí cur chun
feidhme faoi chlár Copernicus a mhaoirsiú. Ar na hacmhainní sin tá, ní amháin
na cumhachtaí a tugadh dó cheana féin le Rialachán (AE, Euratom)
Uimh. 966/2012, ach, chomh maith leis sin, an rogha treoracha a thabhairt
don oibreoir agus cigireachtaí a dhéanamh. Go háirithe, i gcás teagmhas a
bhfuil práinn leo nó nach féidir a thuar, agus i ngach cás nach féidir leis an
oibreoir na cúraimí sin a dhéanamh, ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún
an tarmligean a aisghairm agus gníomhú in ionad an oibreora. Ba cheart feidhmiú
na hacmhainne sin a bheith i gcomhréir leis na spriocanna atá le baint amach
agus, dá bhrí sin, ba cheart an comhaontú tarmligin a chur ar fionraí fad is a
thógfaidh sé na gníomhartha is gá a dhéanamh. (22) D'fhonn cuspóir Copernicus a bhaint amach ar
bhonn inbhuanaithe, is gá gníomhaíochtaí na gcomhpháirtithe éagsúla atá
rannpháirteach i Copernicus a chomhordú agus cumas seirbhíse agus
breathnóireachta trína gcomhlíontar éilimh na n‑úsáideoirí a fhorbairt a
bhunú agus a fheidhmiú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart coiste a bheith ann a
chabhródh leis an gCoimisiún ó thaobh ranníocaíochtaí an Aontais, na mBallstát
agus na ngníomhaireachtaí idir-rialtasacha do chlár Copernicus a chomhordú, chun
an leas is fearr agus is féidir a bhaint as inniúlachtaí reatha agus chun bearnaí
a shainaithint ar a dtabharfar aghaidh ar leibhéal an Aontais. Ina theannta
sin, ba cheart dó cabhrú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun
feidhme leanúnach Copernicus. (23) Ba cheart obair na n‑oibreoirí a bhfuil
cúraimí tarmligthe chucu ag an gCoimisiún a thomhas freisin de réir táscairí
feidhmíochta. Thabharfadh sé sin léiriú do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle ar dhul chun cinn oibríochtaí Copernicus agus ar chur chun feidhme
an chláir. (24) Ba cheart na sonraí agus an fhaisnéis a chuirtear
le chéile i gcreat chlár Copernicus a chur ar fáil do na húsáideoirí go
hiomlán, go hoscailte agus saor in aisce, d'fhonn a gcuid úsáide agus a
gcomhroinnt a chur chun cinn, agus d'fhonn margaí breathnóireachta na Cruinne a
neartú san Eoraip, go háirithe an earnáil iartheachtach, fás agus cruthú
fostaíochta a chothú dá réir sin. (25) In aon chás ina bhféadfadh rochtain nó úsáid
Copernicus nó sonraí agus faisnéis tríú páirtí slándáil an Aontais agus a chuid
Ballstát a chur i mbaol nó bagairt a dhéanamh ar a gcaidreamh seachtrach, ba
cheart don Choimisiún srian a chur lena gcuid infhaighteachta nó teorainn a
chur leis na ceadúnais a bhronntar. (26) Tá an cheist maidir le húinéireacht sócmhainní eilimint
spáis Copernicus tábhachtach agus ní féidir í a mheas gan na cearta agus na
freagrachtaí a bhronnann úinéireacht den sórt sin ar an úinéir a chur san
áireamh. Ionas go mbeidh cearta úsáide, aistrithe agus diúscartha aige, ba
cheart an tAontas a bheith ina úinéir é féin. I gcás satailítí Fairtheora, ciallaíonn
úinéireacht go háirithe an ceart cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbeartas
sonraí agus bainistiú a dhéanamh ar a chur chun feidhme, an ceart samhail
shaothraithe agus oibreoir na bhFairtheoirí a roghnú agus, agus comhaontuithe a
chur i gcrích le tríú tíortha maidir le sonraí satailíte a chomhroinnt, agus
maidir le cúrsaí eile. (27) Ba cheart leas airgeadais an Aontais a chosaint le
bearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n‑áirítear
neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a
íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí,
pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh i gcomhréir le Rialachán (AE,
Euratom) Uimh. 966/2012. (28) D'fhonn an luach atá ag Copernicus d'úsáideoirí a
mhéadú, ba cheart an Coimisiún cúnamh a fháil ó ionadaithe meán‑úsáideoirí
agus úsáideoirí deiridh, ó shaineolaithe ó Bhallstáit lena n‑áirítear gníomhaireachtaí
náisiúnta iomchuí nó ó shaineolaithe neamhspleácha. (29) D'fhonn dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le
cur chun feidhme an Rialacháin seo i dtaca leis an gclár oibre ilbhliantúil a
ghlacadh, i dtaca leis an bplean ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020 agus na
bearta le haghaidh cóineasú na mBallstát a chur chun cinn maidir le húsáid shonraí
agus fhaisnéis Copernicus agus i dtaca le rochtain na mBallstát ar theicneolaíocht
agus ar fhorbairt a bhaineann le Breathnóireacht na Cruinne a éascú, ba cheart
cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún Ba cheart na cumhachtaí
sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na
rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú
na mBallstát ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin[13]. (30) D'fhonn Ballstáit a chur ar an eolas agus d'fhonn
neamhchlaontacht na cinnteoireachta a urramú, ba cheart an nós imeachta
comhairleach a úsáid chun bearta a ghlacadh chun cóineasú na mBallstát a chur
chun cinn maidir le húsáid sonraí agus faisnéise Copernicus agus an rochtain a
bhíonn acu ar an teicneolaíocht agus ar fhorbairt i mBreathnóireacht na
Cruinne. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun an clár oibre
bliantúil agus an plean ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020 a ghlacadh toisc go
mbaineann an gníomh sin le clár a bhfuil impleachtaí substaintiúla aige. (31) D'fhonn rioscaí slándála a d'fhéadfadh a bheith
ann a chur san áireamh chomh maith le bandaleithead agus teorainneacha
teicniúla eile, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean
chuig an gCoimisiún i dtaca leis na ceanglais sonraí is gá le haghaidh na
seirbhísí oibríochta, na dálaí agus na nósanna imeachta maidir le rochtain ar
shonraí agus ar fhaisnéis Copernicus, clárú agus úsáid na sonraí agus na
faisnéise sin, na dálaí agus na nósanna imeachta maidir le sonraí satailíte a
tharchuirtear chuig stáisiúin ghlactha nach bhfuil ina gcuid de chlár
Copernicus a tharchur agus a úsáid agus chun sonraí agus faisnéis Copernicus a
chartlannú, na critéir theicniúla shonracha is gá chun cosc a chur ar
mhíshocraíocht chóras sonraí agus faisnéise Copernicus agus na critéir chun
srian a chur le scaipeadh shonraí agus fhaisnéis Copernicus i ngeall ar choinbhleacht
ceart nó leasanna slándála, chomh maith leis na critéir maidir le feidhmiú an
mheasúnaithe slándála. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún
i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear
comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go
ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go
hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (32) Ba cheart faireachán agus meastóireacht a
dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo ionas go
mbeifear in ann athchoigeartú agus athruithe nua a chur san áireamh. (33) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an
Rialacháin seo, eadhon, bunú chlár Copernicus, a bhaint amach go leordhóthanach
toisc go bhfuil cumas pan‑Eorpach ag baint leis freisin agus go
mbraithfidh sé ar sholáthar seirbhísí comhordaithe ar fud na mBallstát nach mór
a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus gur fearr, de bharr fhairsinge na
gníomhaíochta, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an
tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá
leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I
gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin,
ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a
bhaint amach. (34) Is gá, dá bhrí sin, Rialachán (AE)
Uimh. 911/2010 a aisghairm d'fhonn creat iomchuí a bhunú maidir le
rialachas agus cistiú agus d'fhonn clár Copernicus a bheidh ag feidhmiú go
hiomlán a áirithiú ó 2014 ar aghaidh. TAR ÉIS
AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1
Ábhar Leis
an Rialachán seo bunaítear clár an Aontais um breathnóireacht na Cruinne ar a
dtugtar Copernicus agus leagtar síos ann na rialacha maidir lena chur i
bhfeidhm. Airteagal 2
Cuspóirí ginearálta 1. Cuideoidh clár Copernicus na cuspóirí ginearálta
seo a leanas a bhaint amach: (a)
cosaint an
chomhshaoil agus soláthar tacaíochta d'iarrachtaí cosanta sibhialta agus
slándála; (b)
tacaíocht don
straitéis fáis Eoraip 2020 trí chuidiú na cuspóirí maidir fás cliste,
inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach; go háirithe, cuirfidh sé le
cobhsaíocht agus le fás an gheilleagair trí bhorradh a chur faoi fheidhmchláir
thráchtála. 2. Beidh na sonraí agus an fhaisnéis bhunaidh a sholáthróidh
breathnóireachtaí spásiompartha, agus sonraí in‑situ (‘sonraí agus
faisnéis Copernicus’) cruinn agus iontaofa, soláthrófar iad ar bhonn
fadtéarmach agus inbhuanaithe agus freagróidh siad do cheanglais phobail
úsáideoirí Copernicus. Beidh an rochtain a gheofar ar na sonraí sin iomlán,
oscailte agus saor in aisce, faoi réir na gcoinníollacha atá sainithe sa
Rialachán seo nó ar bhonn an Rialacháin seo. 3. Chun críocha mhír 2, tá pobail úsáideoirí
Copernicus sainithe mar iad siúd ina atá déanta de chomhlachtaí náisiúnta,
réigiúnacha nó áitiúla Eorpacha a bhfuil sé de chúram orthu seirbhís phoiblí nó
beartais a shainiú, a chur i bhfeidhm, a fhorfheidhmiú nó faireachán a dhéanamh
orthu i réimsí dá dtagraítear i bpointe (1) d’Airteagal 4. 4. Déanfar baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear i
mír 1 a thomhas leis na táscairí toraidh seo a leanas: (a)
sonraí agus faisnéis
arna gcur ar fáil i gcomhréir leis na ceanglais faoi seach i dtaca le leibhéal
seirbhíse a cur ar fáil maidir leis an gcomhshaol, cosaint shibhialta agus
slándáil; (b)
dul i bhfód ar an
margadh agus iomaíochas oibreoirí iartheachtacha na hEorpa. Airteagal 3
Sainchuspóirí 1. D'fhonn na cuspóirí ginearálta a bhfuil tuairisc
orthu in Airteagal 2 a bhaint amach, rachaidh clár Copernicus i ngleic le
riachtanais úsáideoirí agus cuirfidh sé na seirbhísí oibríochta dá dtagraítear
i bpointe (1) d'Airteagal 4 ar fáil. Déanfar an cuspóir sin a thomhas
trí shonraí agus faisnéis a úsáid arna dtomhas de réir an dul chun cinn i líon
na n‑úsáideoirí, de réir an mhéid sonraí ar a bhfaightear rochtain agus
faisnéise breisluacha, agus de réir leathnú an dáilte ar fud na mBallstát; 2. Soláthróidh clár Copernicus rochtain inbhuanaithe
agus iontaofa ar bhreathnóireachtaí spásiompartha le cumas uathrialach Breathnóireachta
Cruinne an Aontais, agus tógfaidh sé ar shócmhainní agus ar inniúlachtaí atá
ann cheana, á gcomhlánú cibé uair is gá sin a dhéanamh. Déanfar an cuspóir sin
a thomhas de réir an mhéid ar éirí leis an mbonneagar spáis maidir leis na
satailítí a chuirfidh sé ar obair agus na sonraí a thairgfear leis. Airteagal 4
Raon sheirbhísí Copernicus Áireofar
le seirbhísí Copernicus, dá dtagraítear i bpointe (1) d’Airteagal 3: 3. Seirbhísí oibríochta: (a)
Soláthrófar leis an tseirbhís
faireacháin ar an atmaisféar faisnéis maidir le cáilíocht an aeir ar scála
Eorpach agus ar chomhdhéanamh ceimiceach an atmaisféir ar scála domhanda.
Soláthróidh sé faisnéis go háirithe do chórais faireacháin ar cháilíocht an
aeir ar scála áitiúil agus ar scála náisiúnta, agus ba cheart go rannchuideodh
sé monatóireacht a dhéanamh ar athróga aeráide ceimice an atmaisféir; (b)
Soláthróidh an
tseirbhís faireacháin mhuirí faisnéis ar staid agus ar dhinimic an aigéin
fhisiciúil agus éiceachórais na mara a bhaineann leis an aigéan domhanda agus le
limistéir réigiúnacha na hEorpa; (c)
Soláthróidh an
tseirbhís faireacháin ar thalamh faisnéis a bheidh ina tacaíocht ag an bhfaireachán
comhshaoil ón leibhéal domhanda go dtí an leibhéal áitiúil ar an
mbithéagsúlacht, ar ithir, uisce, ar fhoraoisí agus ar acmhainní nádúrtha, agus,
go ginearálta, cuideoidh an tseirbhís sin beartais maidir le comhshaol,
talmhaíocht, forbairt, fuinneamh, pleanáil uirbeach, bonneagar agus iompar a
chur chun feidhme; (d)
Soláthróidh an
tseirbhís faireacháin ar athrú aeráide faisnéis d’fhonn an bonn eolais a mhéadú
chun tacú le beartais oiriúnaithe agus maolaithe. Rannchuideoidh sé go háirithe
Athróga Aeráide Riachtanacha (ECVanna), anailísí agus réamh‑mheastacháin
maidir leis an aeráid ar scálaí ama agus spásúlachta atá ábhartha do straitéisí
oiriúnaithe agus maolaithe do na réimsí sochair earnála agus shochaíocha
éagsúla san Aontas a sholáthar; (e)
Soláthróidh an
tseirbhís práinnfhreagartha faisnéis maidir le práinnfhreagairt i dtaca le
cineálacha éagsúla tubaistí, lena n‑áirítear guaiseacha meitéareolaíocha,
guaiseacha geoifisiceacha, tubaistí de dhéanamh an duine a dhéantar d'aonghnó
agus trí thimpiste agus tubaistí eile de dhéanamh an duine, chomh maith le
gníomhaíochtaí coisctheacha, ullmhachta, freagartha agus aisghabhála; (f)
Soláthróidh an
tseirbhís slándála faisnéis a bheith ina tacaíocht ag tógáil dhúshláin
shlándála na hEorpa lena bhfeabhsófar inniúlachtaí maidir le géarchéimeanna a
chosc, ullmhú agus freagairt dóibh, go háirithe i gcás faireachais teorann agus
mhuirí, ach tacóidh sí freisin le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, trí
bhagairtí slándála trasréigiúnach a bhrath agus a faireachán a dhéanamh orthu, trí
mheasúnú riosca agus córas réamhrabhaidh a sholáthar, agus trí limistéir
theorainn a mhapáil agus faireachán a dhéanamh orthu; Gníomhaíochtaí
forbartha lena gcuirfear feabhas ar cháilíocht agus ar fheidhmíocht seirbhísí
oibríochta, lena n‑áirítear an t‑athrú a thagann orthu agus a n‑oiriúnú,
agus lena seachnófar nó lena maolófar na rioscaí oibríochta; Gníomhaíochtaí
tacaíochta ar bearta iad le haghaidh úsáid seirbhísí oibríochta ag úsáideoirí
agus feidhmchláir iartheachtacha a chur chun cinn. Airteagal 5
Eilimint spáis Soláthróidh
eilimint spáis Copernicus breathnóireachtaí spásiompartha d'fhonn na cuspóirí
dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 a bhaint amach, lena
bhfreastlófar go príomha ar na seirbhísí oibríochta dá dtagraítear i bpointe
(1) d’Airteagal 4. Áireofar na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcomhpháirt
spáis Copernicus: (a)
Soláthar
breathnóireachtaí spásiompartha, lena n‑áirítear: –
oibriú bonneagar
spáis Copernicus, lena n‑áirítear satailítí a thascáil, satailítí a rialú
agus faireachán a dhéanamh orthu, sonraí a fháil agus a phróiseáil, a
chartlannú agus a scaipeadh, agus buanchalabrú agus buanbhailíochtú; –
soláthar sonraí in‑situ
maidir le calabrú agus bailíochtú breathnóireachtaí spásiompartha; –
sonraí misean spásiompartha
tríú páirtí lena gcomhlánófar bonneagar spáis Copernicus a sholáthar, a
chartlannú agus a scaipeadh; –
bonneagar spáis
Copernicus a chothabháil (b) Gníomhaíochtaí mar
fhreagra ar an athrú a thagann ar riachtanais úsáideoirí, lena n‑áirítear: –
bearnaí
breathnóireachta a aithint agus misin nua spáis a shonrú ar bhonn riachtanais
an úsáideora. –
forbairtí atá dírithe
ar eilimint spáis Copernicus a nuachóiriú agus a chomhlánú, lena n‑áirítear
gnéithe nua den bhonneagar spáis a dhearadh agus a sholáthar; (c) Rannchuidiú satailítí
a chosaint ar an riosca imbhuailte. Airteagal 6
Eilimint in‑situ Áireofar
na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcomhpháirt in‑situ chlár Copernicus: (a)
comhordú agus
comhchuibhiú ar bhailiú agus ar sholáthar sonraí in‑situ, sonraí in‑situ
a sholáthar do na seirbhísí oibriúcháin, lena n‑áirítear sonraí in‑situ
tríú páirtí ar leibhéal idirnáisiúnta; (b)
cúnamh
teicniúil don Choimisiún maidir leis na ceanglais seirbhíse a bhaineann le sonraí breathnóireachta in‑situ; (c)
comhar le hoibreoirí in‑situ
d’fhonn comhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí forbartha
a bhaineann leis an mbonneagar agus na líonraí breathnóireachta in‑situ
a chur chun cinn. Airteagal 7
Cistiú 1. Beidh uasmhéid EUR 3 786 milliún de
réir phraghsanna 2011 san imchlúdach airgeadais a leithdháilfear ar chlár
Copernicus don tréimhse 2014 – 2020. 2. Údaróidh an t‑údarás buiséadach na
leithreasuithe ar bhonn bliantúil laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos
sa chreat airgeadais ilbhliantúil. Féadfar gealltanais bhuiséadacha le haghaidh
gníomhaíochtaí a mhaireann breis agus bliain airgeadais amháin a mhiondealú
thar roinnt blianta i dtráthchodanna bliantúla. 3. D’fhéadfaí go gcumhdódh an leithdháileadh
airgeadais do chlár Copernicus costais freisin a bhaineann le gníomhaíochtaí
ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a
bhfuil gá díreach leo chun clár Copernicus a bhainistiú agus chun a chuspóirí a
bhaint amach, agus go háirithe staidéir, cruinnithe, gníomhaíochtaí faisnéis
agus cumarsáide, chomh maith le costais a bhaineann le líonraí TF ina ndírítear
ar fhaisnéis a phróiseáil agus sonraí a mhalartú. Féadfaidh na hacmhainní arna
leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo rannchuidiú go
comhréireach freisin cumarsáid institiúideach thosaíochtaí polaitiúla an
Aontais a chumhdach. 4. Beidh cúraimí arna sannadh ar chomhlachtaí eile
faoi réir ag an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 164 agus Airteagal 165
de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Airteagal 8
Clár oibre an Choimisiúin Glacfaidh
an Coimisiún, maidir le gach bliain de chur chun feidhme chláir Copernicus clár
oibre de bhun Airteagal 84 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear i bpointe (3) d’Airteagal 21 den Rialachán seo.
Airteagal 9
Comhar le Ballstáit 1. Beidh comhar ar bun ag an gCoimisiún le Ballstáit
d’fhonn malartú sonraí agus faisnéise a fheabhsú eatarthu agus d’fhonn an méid
sonraí agus faisnéise a chuirtear ar fáil do chlár Copernicus a mhéadú. 2. Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh d’fhonn
na Ballstát a chóneasú maidir le húsáid sonraí agus faisnéise Copernicus agus maidir
leis an rochtain a bhíonn acu ar an teicneolaíocht agus ar fhorbairt Bhreathnóireacht
na Cruinne a chur chun cinn. Ní dhéanfaidh bearta den sórt sin saoriomaíocht a
shaobhadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós
imeachta comhairleach dá dtagraítear i bpointe (2) d’Airteagal 21. Airteagal 10
Comhar idirnáisiúnta 1. Féadfaidh an tAontas, a mbeidh an Coimisiún ag
feidhmiú ar a shon, comhaontuithe a dhéanamh leis na tríú tíortha seo a leanas: (a)
tíortha de chuid Chomhlachas
Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar Páirtithe Conarthacha iad den Chomhaontú LEE i
gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Chomhaontú LEE. (b) tíortha is
iarrthóirí, chomh maith le tíortha is iarrthóirí féideartha i gcomhréir leis na
Creatchomhaontuithe faoi seach nó i gcomhréir le Prótacal a ghabhann le
Comhaontú Comhlachais lena mbunaítear na prionsabail agus na coinníollacha
ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais; (c) an Eilvéis, tríú
tíortha eile nach dtagraítear dóibh i bpointí (a) agus (b), eagraíochtaí
idirnáisiúnta, i gcomhréir le comhaontuithe arna gcur i gcrích ag an Aontas le
tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta den sórt sin de bhun
Airteagal 218 CFAE, ina leagfar síos na dálaí agus na rialacha mionsonraithe
maidir lena rannpháirtíocht. 2. Féadfaidh tríú tíortha nó eagraíochtaí
idirnáisiúnta tacaíocht airgeadais nó rannchuidiú comhchineáil a sholáthar don
chlár. Glacfar leis an an tacaíocht airgeadais mar ioncam seachtrach arna shannadh,
i gcomhréir le pointe 2 d’Airteagal 21 de Rialachán (AE, Euratom)
Uimh. 966/2012. Beidh tacaíocht airgeadais agus ranníocaíochtaí
comhchineáil inghlactha faoi théarmaí agus faoi choinníollacha an
chomhaontaithe arna chur i gcrích leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta
faoi seach. Airteagal 11
Ról an Choimisiúin 1. Beidh freagracht iomlán as an gclár ar an gCoimisiún.
Saineoidh sé tosaíochtaí agus cuspóirí an chláir agus déanfaidh sé cur chun
feidhme an chláir a mhaoirsiú, go háirithe maidir leis an gcostas, an sceideal
agus maidir le feidhmíocht. 2. Déanfaidh an Coimisiún bainistiú, thar ceann an
Aontais agus ina réimse inniúlachta, ar chaidrimh le tríú tíortha agus le
heagraíochtaí idirnáisiúnta, á áirithiú go mbeidh clár Copernicus comhordaithe
le gníomhaíochtaí ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar
leibhéal idirnáisiúnta. 3. Déanfaidh an Coimisiún comhordú ar
ranníocaíochtaí na mBallstát ag díriú ar sheachadadh oibríochtúil seirbhísí
agus infhaighteacht fhadtéarmach na sonraí ó bhonneagar breathnóireachta is gá
chun na seirbhísí a shaothrú. 4. Áiritheoidh an Coimisiún comhlántacht agus
comhsheasmhacht chlár Copernicus le beartais, ionstraimí, cláir agus
gníomhaíochtaí eile ábhartha de chuid an Aontais. 5. Coinneoidh an Coimisiún rannpháirtíocht agus
comhairliúchán trédhearcach agus rialta ar bun le húsáideoirí, rud a chuirfidh
ar a chumas riachtanais úsáideoirí a shainaithint ar leibhéil an Aontais agus
ar leibhéil náisiúnta. 6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i
gcomhréir le hAirteagal 22 maidir leis na ceanglais sonraí a theastaíonn ó
na seirbhísí oibríochta, lena bhforáilfear dá n‑éabhlóid. 7. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní airgeadais ar
fáil chun clár Copernicus a chistiú. Airteagal 12
Oibreoirí 1. Féadfaidh an Coimisiún na cúraimí cur chun
feidhme a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 4 a thabhairt, i bpáirt nó go
hiomlán do chomhlachtaí inniúla an Aontais, i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin
de bharr an chineáil speisialta gníomhaíochta agus de bharr saineolais shonraigh
chomhlacht an Aontais. Ar na gníomhaireachtaí sin tá: (a)
An Ghníomhaireacht
Eorpach Chomhshaoil (EEA); (b)
an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar
Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais
Eorpaigh (FRONTEX); (c)
An Ghníomhaireacht
Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA); (d)
Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh (EUSC). 2. Nuair a bheifear ag roghnú comhlacht de chuid an Aontais
beidh aird chuí ar an gcost‑éifeachtúlacht a bhainfidh leis na cúraimí
sin a shannadh agus an tionchar a bheidh acu ar struchtúr rialachais an
chomhlachta agus ar a acmhainní airgeadais agus daonna. 3. Cuirfear cúraimí cur chun feidhme buiséid a shannfar
go heisceachtúil ar chomhlachtaí inniúla an Aontais faoin Airteagal seo san
áireamh i gclár oibre comhlacht de chuid an Aontais den sórt sin ar mhaithe le
cúrsaí faisnéise. 4. Féadfaidh an Coimisiún cúraimí
forbartha na comhpháirte spáis a bhfuil tuairisc orthu i bpointe (b) d’Airteagal 5 a thabhairt, i
bpáirt nó go hiomlán, do Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa (ESA). 5. Féadfaidh an Coimisiún cúraimí oibríochtúla na
comhpháirte spáis a bhfuil tuairisc orthu i bpointe (a) d’Airteagal 5
a thabhairt, i bpáirt nó go hiomlán, do ESA agus don Eagraíocht Eorpach chun
Sochar a bhaint as Satailítí Meitéareolaíocha (EUMETSAT). 6. Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí na
comhpháirte in‑situ a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 6 a
thabhairt, i bpáirt nó go hiomlán, d’oibreoirí na seirbhísí a bhfuil tuairisc
orthu in Airteagal 4. Airteagal 13
Roghnú na n‑oibreoirí 1. Cé is moite d’oibreoirí a sainaithníodh in
Airteagal 12, roghnóidh an Coimisiún na hoibreoirí ar a mbronnfaidh sé na
cúraimí a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta a bhfuil
tuairisc air i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo. 2. Foilseoidh an Coimisiún glao ar léiriú spéise d’oibreoirí
ionchasacha. Áireofar sa ghlao sin na critéir eisiata agus roghnúcháin i
gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach thíos. 3. Cuirfidh an Coimisiún idirphlé ar bun leis na
haonáin a chomhlíonann na critéir roghnúcháin ar bhealach trédhearcach agus
oibiachtúil gan coinbhleacht leasa a chruthú. Tar éis an idirphlé síneoidh an
Coimisiún comhaontuithe tarmligin leis an aonán nó leis na haonáin a bhfuil taithí
cruthaithe acu agus an acmhainn oibríochtúil agus airgeadais is gá. 4. Féadfaidh an Coimisiún caibidlíochtaí díreacha a
chur ar bun sula síneoidh sé comhaontuithe tarmligin leis na haonáin atá
liostaithe in Airteagal 12, nó i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí
leo agus atá doiciméadaithe i gceart, go háirithe sa chás: (a)
nár cuireadh aon
tograí oiriúnacha isteach tar éis glao ar léiriú spéise d’oibreoirí ionchasacha
a bheith foilsithe; (b)
go bhfuil saintréithe
sonracha ag baint leis na cúraimí atá le cur i bhfeidhm a dteastaíonn oibreoir
faoi leith lena n‑aghaidh mar gheall ar a inniúlacht theicniúil, a
leibhéal ard saineolais nó a chumhacht riaracháin; (c)
ar chúiseanna
a bhfuil fíorphráinn leo mar gheall ar eachtraí nárbh fhéidir a thuar agus nach
bhfuil inchurtha i leith an Aontais, go gcuirfeadh comhlíonadh leis an nós
imeachta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 isteach gan chúis ar chur i
gcrích na gcúraimí atá le cur i bhfeidhm. Airteagal 14
Maoirseacht ar na hoibreoirí 1. Is iad na hoibreoirí amháin a chomhlíonfaidh
cúraimí breise nach ndéantar foráil maidir leo sa chomhaontú tarmligin ach
údarú a bheith faighte acu ón gCoimisiún. Ní fhéadfaidh an Coimisiún aon
slánaíocht nó aon chúiteamh a éileamh mar gheall ar na cúraimí breise nó
forlíontacha seachas costais a aisíoc leis. 2. Áiritheoidh an Coimisiún go gceadóidh na
hoibreoirí a gcuntais a nochtadh go hiomlán mar aon le gach doiciméad agus gach
faisnéis ábhartha. Féadfaidh an Coimisiún aon iniúchadh a dhéanamh, lena n‑áirítear
iniúchadh ar an láthair, a theastaíonn chun comhlíonadh an Rialacháin reatha agus
na gcomhaontuithe tarmligin ábhartha a dheimhniú. 3. I gcás inar gá sin a dhéanamh de bharr práinne nó
teagmhas nach féidir a thuar, nó nuair a iarrfaidh an t‑oibreoir sin agus
go bhfuil údar aige lena dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún gníomhú in ionad an
oibreora agus an comhaontú tarmligin a chur ar fionraí a fhad agus is gá agus
na gníomhartha a theastóidh chun na bearta riachtanacha a dhéanamh. 4. Féadfar gearáin maidir le dámhachtain conarthaí
agus deontas ó oibreoirí agus iad ag feidhmiú an chomhaontaithe tarmligin nó an
chláir oibre a chur chuig an gCoimisiún. Dá ainneoin sin, ní fhéadfar gearán a
chur isteach ach amháin gearán bhaineann le héagóir d’aonghnó, le mórfhaillí nó
le calaois agus ní fhéadfar aon ghearán a chur isteach ach amháin má baineadh
triail as gach modh eile iontaofa os comhair an oibreora. Airteagal 15
Beartas Faisnéise agus Sonraí Copernicus 1. Cuirfear sonraí agus faisnéis
a bhainfidh le Copernicus ar fáil ar bhonn iomlán, oscailte agus saor in aisce, faoi réir na
dteorainneacha seo a leanas: (a)
coinníollacha
ceadúnaithe a ghabhann le sonraí agus faisnéis tríú páirtí; (b)
formáidí scaipthe,
saintréithe agus modhanna dáileacháin; (c)
leasanna slándála
agus caidreamh seachtrach an Aontais nó a Bhallstáit; (d)
an riosca go
gcuirfear isteach, ar chúiseanna sábháilteachta nó teicniúla, ar an gcóras lena
dtáirgfear sonraí agus faisnéis maidir le Copernicus. Airteagal 16
Srianta agus coinníollacha maidir le rochtain agus úsáid 1. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 i ndáil leis na nithe seo a leanas: (a)
na dálaí agus na
nósanna imeachta maidir le rochtain, clárú agus úsáid sonraí agus faisnéis
Copernicus, lena n‑áirítear na formáidí, na saintréithe agus na bealaí
scaipthe; (b)
na dálaí
agus na nósanna imeachta chun sonraí satailíte a tharchuirtear chuig stáisiúin
fála nach bhfuil ina gcuid
de chlár Copernicus a tharchur agus a úsáid; (c)
na dálaí agus na
nósanna imeachta chun sonraí agus faisnéis Copernicus a chartlannú; (d)
na critéir theicniúla
shonracha is gá ionas nach gcuirfear isteach ar chóras sonraí agus faisnéise
Copernicus, lena n‑áirítear tús áite maidir le rochtain; (e)
na critéir maidir le srian
a chur le scaipeadh sonraí agus faisnéise de chuid Copernicus i ngeall ar choinbhleacht
ceart nó leasanna slándála; (f)
na critéir maidir le
feidhmiú an mheasúnaithe slándála. 2. Cuirfidh an Coimisiún na ceadúnais chuí ar bun i
gcomhair Copernicus agus sonraí agus faisnéise tríú páirtí, agus íoslódála sonraí
satailíte chuig stáisiúin fála nach bhfuil ina gcuid de chlár Copernicus
gcomhréir leis an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i
mír 1. Airteagal 17
Cosaint leasanna slándála 1. Déanfaidh an Coimisiún réamh‑mheasúnú
slándála maidir le sonraí agus faisnéis Copernicus d’fhonn sonraí agus faisnéis
a shainaithint atá riachtanach chun leasanna slándála an Aontais nó leasanna
náisiúnta a chosaint. 2. Féadfaidh Ballstáit agus tríú tíortha a bheidh
rannpháirteach i gclár Copernicus faoi Airteagal 10 iarraidh ar an
gCoimisiún measúnú slándála nua a dhéanamh nuair is gá mar gheall ar fhorbairtí
slándála. 3. I gcás nach féidir an réamh‑mheasúnú
slándála a dhéanamh laistigh den tréimhse ama atá ar fáil chun sonraí agus
faisnéis Copernicus a bhailiú agus a tháirgeadh, féadfaidh an Coimisiún measúnú
slándála ar an láthair a dhéanamh. 4. Eiseoidh an Coimisiún treoracha maidir leis na
srianta a bhainfidh le sonraí agus faisnéis Copernicus a scaipeadh i gcásanna faoi
leith bunaithe ar na critéir arna nglacadh de bhun phointe (1),
fomhír (f) d’Airteagal 16. I gcás práinne, glacfar le treoracha an
Choimisiúin laistigh de thréimhse ama chomh gearr agus is féidir le go mbeidh
siad éifeachtach. Glacfaidh an Coimisiún an beart is lú a chuirfidh isteach ar
chúrsaí i bhfianaise chuspóirí chlár Copernicus agus bheartas sonraí agus faisnéise Copernicus. Beidh a chuid treoracha
comhréireach, lena n‑áirítear treoracha maidir le tráthúlacht agus raon
feidhme críochach, agus tomhaisfear cosaint an leasa slándála atá i gceist i
gcoinne na sonraí agus na faisnéise a bheidh ar fáil ó fhoinsí eile. Airteagal 18
Cosaint leasanna airgeadais an Aontais 1. Glacfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n‑áiritheofar,
nuair a chuirfear gníomhaíochtaí a bheidh á gcistiú faoin gClár seo chun
feidhme, go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta
coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillitheachta nó aon ghníomhaíochtaí
neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má
bhraitear neamhrialtachtaí, trí na suimeanna a íocadh go míchuí a aisghabháil
agus, más cuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais éifeachtacha,
chomhréireacha agus dhíspreagthacha a ghearradh. 2. Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún
nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an
láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach
fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontais faoin gClár. 3. Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise
(OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus
imscrúduithe ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna
imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe a
dhéanann an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus Rialachán (Euratom,
CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le
seiceálacha agus imscrúduithe ar an láthair a dhéanann an Coimisiún d’fhonn
leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí
eile d’fhonn fáil amach an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht
neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais
maidir le comhaontuithe i leith deontas nó cinntí i leith deontas nó cinntí i
leith conarthaí a chistítear faoin gClár. 4. Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do
mhí 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le
heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe i leith deontas
agus i gcinntí i leith deontas, a thiocfaidh as cur chun feidhme an Chláir seo
lena dtabharfar de chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí
agus do OLAF na hiniúchóireachtaí sin agus na himscrúduithe sin a dhéanamh, de
réir a gcuid inniúlachtaí féin. Airteagal 19
Úinéireacht 1. Is é an tAontas nó comhlacht nó ciste arna
ainmniú go sonrach a bheidh ina úinéir ag gach sócmhainn inláimhsithe agus
doláimhsithe a chruthófar nó na fhorbrófar faoi chlár Copernicus faoi réir
comhaontuithe arna gcur i gcrích le tríú páirtithe, tráth is cuí, maidir le cearta
úinéireachta reatha. 2. Beidh na téarmaí agus na coinníollacha a
bhaineann le haistriú úinéireachta chuig an Aontas leagtha síos sna comhaontuithe
dá dtagraítear i mír 1. 3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i
gcomhréir le hAirteagal 22 d’fhonn téarmaí agus coinníollacha aon aistrithe
úinéireachta tar éis sin ón Aontas a leagan síos. Ainmneofar sa ghníomh
tarmligthe an comhlacht nó an ciste a tháinig as sin ar bhonn foras
trédhearcach agus oibiachtúil agus nach gcruthóidh coinbhleacht leasa. Airteagal 20
Cúnamh don Choimisiún 1. Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó
ionadaithe úsáideoirí deiridh, ó shaineolaithe neamhspleácha, maidir le
saincheisteanna slándála go háirithe, agus ó ionadaithe na ngníomhaireachtaí
náisiúnta ábhartha, go háirithe gníomhaireachtaí spáis náisiúnta, d’fhonn an
saineolas teicniúil agus eolaíoch is gá agus aischothú úsáideoirí a sholáthar
dó. Airteagal 21
Nós imeachta coiste 1. Gheobhaidh Coimisiún cúnamh ó choiste
("Coiste Copernicus"). Is éard a bheidh sa choiste sin coiste de réir
bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm
le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh 182/2011. 3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm
le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh 182/2011. Airteagal 22
An tarmligin a fheidhmiú 1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san
Airteagal seo. 2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
ar feadh tréimhse neamhchinntithe na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (1)
d’Airteagal 16 agus i bpointe (3) d’Airteagal 19 a ghlacadh ón 1
Eanáir 2014. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
tarmligean na cumhachta a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le
cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa
chinneadh sin. Tiocfaidh an chúlghairm i bhfeidhm ón lá tar éis fhoilsiú an
chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta níos déanaí
a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé dochar do bhailíocht aon cheann de na
gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe,
cuirfidh an Coimisiún sin in iúl go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus
don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlacfar
de bhun pointe (1) d’Airteagal 16 agus pointe (3)
d’Airteagal 19 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl
ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar
éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go bhfuil Parlaimint
na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach
ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 23
Meastóireacht 1. Faoin 30 Meitheamh 2018 ar a dhéanaí, beidh
tuarascáil mheastóireachta curtha le chéile ar bhaint amach chuspóirí na mbeart
uile arna gcistiú le clár Copernicus ar leibhéil a gcuid torthaí agus a
dtionchair, ar a mbreisluach Eorpach agus ar éifeachtúlacht úsáid na n‑acmhainní.
Dearcfar go háirithe sa mheastóireacht ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí go
léir, chomh maith lena a mhéad a chuir na bearta leis na cuspóirí a bhfuil
tuairisc orthu in Airteagal 2 agus in Airteagal 3. 2. Déanfaidh an Coimisiún an mheastóireacht dá
dtagraítear i mír 1 i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí agus déanfaidh
pobail úsáideoirí chlár Copernicus imscrúdú ar éifeachtacht agus ar
éifeachtúlacht chlár Copernicus agus ar a mhéad a chuireann sé leis na
cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3. Cuirfidh
an Coimisiún toradh na meastóireachtaí sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don
Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na
Réigiún. 3. Féadfaidh an Coimisiún, cibé uair is gá, cúnamh a
fháil ó aonáin neamhspleácha, tabhairt faoi mheastóireacht ar na modhanna le
tionscadail a chur i gcrích chomh maith leis an tionchar a bhíonn ag a gcur
chun feidhme, d’fhonn a mheas ar baineadh amach na cuspóirí, lena n‑áirítear
iad sin a bhaineann le cosaint an chomhshaoil. 4. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar Bhallstát
meastóireacht shonrach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí agus ar na tionscadail
nasctha atá á maoiniú faoin Rialachán seo nó, nuair is cuí, í a sholáthar in
éineacht leis an bhfaisnéis agus an cúnamh is gá chun tabhairt faoi
mheastóireacht ar na tionscadail sin. Airteagal 24
Aisghairm Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 911/2010. Measfar tagairtí a ndéantar don Rialachán aisghairthe a
bheith ina dtagairtí don Rialachán seo. Airteagal 25
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh
an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go
hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa
Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na
hEorpa Thar ceann na Comhairle An
tUachtarán An tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. CREAT AN TOGRA 1.1. Teideal an togra 1.2. Réimse
beartais lena mbaineann sa struchtúr ABM/ABB 1.3. An
cineál togra 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais atá leis an togra 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH
AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag
an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí 3.2.3. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de
chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht
don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí
ó thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACHLE hAGHAIDH TOGRAÍLEAGAN
AMACH AN TOGRA 1.1. Teideal an togra Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
mbunaítear an Clár Eorpach um Breathnóireacht na Cruinne (Copernicus) 1.2. Réimse beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[14] Teideal 02:
Fiontraíocht Caibidil
02 06: Copernicus 1.3. Nádúr an togra ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua i ndiaidh treoirthionscadail/gnímh ullmhúcháin[15] þ Baineann an
togra/tionscnamh le leathnú ar bheart reatha ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart atreoraithe i dtreo gníomhaíochta nua 1.4. Cuspóirí Is é Copernicus an t‑ainm nua atá ar an
gClár Eorpach um Breathnóireacht na Cruinne, GMES (Faireachán Domhanda don
Chomhshaol agus don tSlándáil). Cumhdaítear leis na bearta uile le haghaidh soláthair
gan bhriseadh sonraí agus faisnéise iontaofa agus cruinne maidir le saincheisteanna
comhshaoil agus cúrsaí slándála a áirithiú d'úsáideoirí atá freagrach as
beartais a cheapadh, a chur i bhfeidhm agus faireachán a dhéanamh orthu san AE
agus ina chuid Ballstát. Tá sé d’aidhm ag Copernicus rochtain leanúnach,
neamhspleách agus iontaofa ar shonraí agus faisnéis breathnóireachta a
sholáthar do mhuintir na hEorpa. Is clár é Copernicus a sholáthrófar faoin
straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach.
Toisc go gcuirfidh sé le fás agus cobhsaíocht eacnamaíoch, a bhainfear amach
trí fheidhmeanna tráchtála breisluacha a threisiú, tá sé ina eilimint den
bheartas tionsclaíoch suaitheanta a leanann an straitéis Eoraip 2020[16]. Cuirfidh Copernicus leis na cuspóirí
ginearálta seo a leanas: (a)
cosaint an chomhshaoil agus soláthar tacaíochta
d'iarrachtaí maidir le cosaint shibhialta agus slándáil; (b)
tacaíocht don straitéis fáis Eoraip 2020 trí chur
le cuspóirí an fháis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh; go háirithe
cuirfidh sé le cobhsaíocht eacnamaíoch agus fás trí fheidhmeanna tráchtála a
threisiú. Is e an sainmhíniú atá ar phobail úsáideoirí
Copernicus na pobail ina bhfuil na comhlachtaí Eorpacha náisiúnta, réigiúnacha
nó áitiúla a bhfuil sé de chúram orthu beartas nó seirbhís phoiblí a shainiú, a
chur i bhfeidhm, a fhorfheidhmiú nó faireachán a dhéanamh air/uirthi i réimsí
dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán. Ar na grúpaí is mó ar a n‑imreofar
tionchar beidh: –
údaráis phoiblí ar leibhéal Eorpacha, ar leibhéal náisiúnta,
ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal áitiúil (atá ina n‑úsáideoirí
agus ina rannpháirtithe), lena n‑áirítear i dtríú tíortha (amhail tíortha
rannpháirteacha agus iad siad a bhaineann tairbhe as e.g. GMES agus tionscnamh
na hAfraice); –
tionscal iartheachtach, go háirithe fiontair bheaga
agus mheánmhéide (FBManna); agus –
na húsáideoirí deiridh (údaráis réigiúnacha agus
áitiúla, institiúidí poiblí lena n‑áirítear ollscoileanna, ionaid
taighde, fiú amháin saoránaigh aonair a úsáideann seirbhísí poiblí arna n‑éascú
trí Copernicus), custaiméirí na hearnála iartheachtaí. 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra dírithe Tá sé mar aidhm ag Copernicus cur le cuspóirí
Eoraip 2020 sna bealaí seo a leanas: –
« geilleagar níos glaise atá níos tíosaí ar
acmhainní», i.e. go háirithe caomhnú agus bainistiú
acmhainní comhshaoil agus éiceachórais agus bithéagsúlachta; gnóthachain
éifeachtúlachta a bhaint amach mar thoradh ar fhorfheidhmiú níos fearr
bheartais de chuid an AE amhail iompar, trí e.g. faireachán a dhéanamh ar oighear
chun bealaí long a fheabhsú; talmhaíocht, trí e.g. cuidiú a thabhairt na
riachtanais a laghdú i gcás daoine ar mian leo tosú ar fheirmeoireacht
chliste; fuinneamh, trí thomhas a dhéanamh ar an radaíocht ghréine atá
riachtanach chun fuinneamh fótavoltach a sholáthar; –
« geilleagar níos iomaíche », mar thionscnamh suaitheanta maidir le beartais thionsclaíocha agus
spáis, tá sé d’aidhm ag Copernicus iomaíochas thionscal an AE a chothú mar aon
lena bhuntáiste teicneolaíoch sa spás agus níos faide anonn; tá sé d’aidhm aige
go sonrach cumas gnó a chruthú do FBManna trí nuálaíocht a spreagadh san
earnáil iartheachtach, agus seirbhísí nua a fhorbairt a bheidh ag brath ar
fhaisnéis Copernicus; –
« geilleagar bunaithe ar eolas », tá sé d’aidhm ag Copernicus cur le tuiscint níos fearr ar dhúshláin
dhomhanda, tacaíonn sé le forbairt an taighde/na heolaíochta trí shonraí
criticiúla a sholáthar; –
« geilleagar bunaithe ar nuálaíocht »,
le Copernicus, is féidir do sheirbhísí iartheachtacha
fíornuálaíocha teacht chun cinn. Tá sé d’aidhm aige comhpháirtíochtaí a chruthú
idir pobail taighde agus pobail ghnó agus is féidir tagarmharcanna a shocrú leis
chun taighde agus forbairt a aistriú go dtí an saol gnó; –
« geilleagar ardfhostaíochta », cruthaíonn Copernicus dálaí breise lenar féidir poist nua a chruthú trí
éileamh breise ar oibrithe ardoilte a threisiú; –
« comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus
críche », i.e. an gá le bonneagar talún nua go
háirithe san AE-12; trí chumas gnó nua a chruthú do FBManna i mBallstáit uile
an AE tabharfaidh Copernicus spreagadh do na tíortha sin atá tite ar gcúl ó
thaobh seirbhísí talún nó éigeandála de, agus dá bhrí sin cuirfidh sé leis an
gcuspóir de chomhtháthú méadaithe i measc na mBallstát. Tá seirbhísí Copernicus
pan-Eorpach de réir sainmhínithe agus freagraíonn siad do riachtanais Eorpacha. 1.4.2. Sainchuspóirí agus
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Is iad seo sainchuspóirí chlár Copernicus : Sainchuspóir Uimh. 1: Seirbhísí
Copernicus Beidh seirbhís faireacháin talún Copernicus dírithe
ar sheirbhís mapála um Chumhdach Talún Tréimhsiúil ar leibhéal Eorpach, ar
leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal náisiúnta, agus ar ghníomhaíochtaí
monatóireachta talún dinimiciúla. Soláthróidh seirbhís faireacháin timpeallachta
muirí Copernicus faisnéis faoi staid aigéan fisiceach agus faoi éiceachóras
muirí le haghaidh an limistéar aigéin domhanda agus limistéar réigiúnach
Eorpach. Áirítear ar réimsí feidhmithe sheirbhísí muirí Copernicus
sábháilteacht mhuirí, an timpeallacht mhuirí agus réigiúin chósta, acmhainní
muirí chomh maith le réamhaisnéis mheitéareolaíoch séasúrach agus faireachán ar
an aeráid. Trí sheirbhís chomhshaoil atmaisféir Copernicus
deimhneofar go ndéanfar faireachán ar cháilíocht aeir ar scála Eorpach agus ar
chomhshuíomh ceimiceach an atmaisféir ar scála domhanda. Go háirithe,
soláthróidh sé faisnéis le haghaidh córas faireacháin um cháilíocht aeir ar
scála áitiúil go agus ar scála náisiúnta, agus ba cheart go gcuirfeadh sí le
faireachán ar athróga na haeráide ceimice atmaisféaraí. Tabharfar deis le seirbhís faireacháin athraithe
aeráide Copernicus oiriúnú agus maolú a dhéanamh ar tionchar an athraithe
aeráide. Go háirithe, ba cheart go gcuirfeadh sí le ECVanna (Athróga Aeráide
Riachtanacha), réamh‑mheastacháin agus anailísí aeráide a sholáthar ar
scála atá ábhartha d'oiriúnú agus do mhaolú agus do sholáthar seirbhíse
ábhartha. Tairgfidh seirbhís freagartha éigeandála
Copernicus comhthiomsú de léarscáileanna agus/nó leibhéil éagsúla de shonraí
réamhphróiseáilte arna dtáirgeadh chun tacú le gníomhaithe freagartha
éigeandála ar leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal Eorpach, ar leibhéal
náisiúnta nó ar leibhéal réigiúnach i gcás tubaistí amhail stoirmeacha, tinte,
tuilte, creathanna talún, brúchtaí bolcánacha, tubaistí de bhun tola nó de
dhéantús an duine nó tubaistí daonnúla eile. Is féidir leis an tseirbhís
aghaidh a thabhairt ar thimthriall na bainistíochta géarchéime ina iomláine:
gníomhaíochtaí coisctheacha, ullmhúcháin, freagartha nó athshlánaithe. Soláthróidh seirbhís slándála Copernicus faisnéis
mar thaca leis na dúshláin atá os comhair na hEorpa sa réimse slándála, go
háirithe rialú teorann, faireachas muirí agus tacaíocht do ghníomhaíochtaí
seachtracha an AE. Cinnteoidh eilimint in‑situ
Copernicus breathnóireacht trí shuiteálacha aeriompartha, ar muir agus ar
talamh le haghaidh na limistéar seirbhíse. Tá an rochtain ar shonraí tagartha
riachtanach chun na seirbhísí a fheidhmiú. Cé gurb iad na Ballstáit atá
freagrach as sin go príomha, d’fhéadfadh an clár cur le comhchuibhiú
trasteorann sonraí in‑situ laistigh den AE agus le bailiú breise
sonraí in‑situ lasmuigh den AE. Cuirfear gníomhaíochtaí faoi
chúram na n‑aonán atá freagrach as na Seirbhísí. Tá gníomhaíochtaí cothrománacha i gceist chomh
maith, tacú le bainistiú foriomlán na gcistí arna leithdháileadh faoin
Rialachán seo, maoirseacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú ghníomhaíochtaí uile an
chláir, go háirithe maidir leis an gcostas, an sceideal agus an bhfeidhmíocht, maidir
le bunú na n‑ionstraimí cuí agus na mbeart struchtúrtha is gá chun na
rioscaí a bhaineann leis an gclár a aithint, a rialú, a mhaolú agus faireachán
a dhéanamh orthu; maidir leis na caidrimh le tríú tíortha agus eagraíochtaí
idirnáisiúnta; maidir le gníomhaíochtaí a thuairisciú do Bhallstáit; maidir le comhordú
le gníomhaíochtaí ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal
idirnáisiúnta, go háirithe GEOSS; maidir le comhordú ranníocaíochtaí deonacha
na mBallstát; maidir le comhlántacht agus comhsheasmhacht an chláir a áirithiú le
beartais, le hionstraimí agus le gníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais;
maidir le fionnadh riachtanas úsáideoirí agus monatóireacht a dhéanamh ar a
bhforfheidhmiú. Sainchuspóir Uimh. 2: Breathnóireacht
spáis Le eilimint spáis Copernicus cinnteofar
breathnóireacht spásiompartha inbhuanaithe le haghaidh sheirbhísí Copernicus. Ina gcuid di tá oibríochtaí an bhonneagair spáis
tiomnaithe (i.e. na satailítí Fairtheora); rochtain ar mhisin tríú páirtithe;
scaipeadh sonraí; cúnamh teicniúil don Choimisiún chun riachtanais sonraí seirbhísí
a chónascadh, bearnaí breathnóireachta a aithint, agus rannchuidiú le sonrú
misean spáis nua. I measc na ngníomhaíochtaí forbartha tá dearadh
agus soláthar gnéithe nua den bhonneagar spáis; cúnamh teicniúil a sholáthar
don Choimisiún maidir le riachtanais seirbhíse a aistriú ina sonraíochtaí do
mhisin spáis nua le tacaíocht ó oibreoirí bonneagair spáis; comhordú a dhéanamh
ar fhorbairt na ngníomhaíochtaí spáis, lena n‑áirítear forbairtí atá
dírithe ar nuachóiriú agus comhlánú Eilimint Spáis Copernicus. 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Seirbhísí a fhorbairt chun inbhuanaitheacht
fhadtéarmach an chórais a áirithiú agus chun riachtanais úsáideoirí nua a
chumhdach nach bhfuil léirithe sa mhéid atá tuartha. Is é an buntáiste go leanfaidh
Copernicus de bheith in ann freagairt go comhsheasmhach ar riachtanais
úsáideoirí ar bhealach inbhuanaithe, agus dá bhrí sin go méadófar líon na n‑úsáideoirí
a bhaineann feidhm as agus forbairt an mhargaidh iartheachtaigh. Tionchar eacnamaíoch: trí tháirgí nua agus seirbhísí nua a fhorbairt spreagfar nuálaíocht ó
thaobh táirgí agus próiseas de agus beidh tionchar fadtéarmach aige sin ar
thionscal na hEorpa. Chuirfeadh leanúnachas iomlán sheirbhísí Copernicus borradh
suntasach faoin spreagadh atá a thabhairt d'iomaíochas an tionscail agus faoi theacht
chun cinn gnóthaí atá inmharthana ar bhonn tráchtála. Tionchar comhshaoil: Má bhíonn fáil ar Sheirbhísí Copernicus go fadtéarmach tacófar leis an
gcuspóir Eoraip a bheith ina príomhghníomhaí maidir leis an athrú aeráide.
Deimhneofar comhpháirtíocht réadúil in GEOSS leis chomh maith. Tionchar sóisialta:
Cruthófar poist nua, ní hamháin sa tionscal satailíte agus in T&F, ach i
ngnóthaí a bhfuil baint acu le forbairt teicnící nua um breathnóireacht na
Cruinne agus tionscail agus seirbhísí gaolmhara freisin. Níos tábhachtaí ná
sin, éascóidh an tiomantas inbhuanaithe forbairt na seirbhísí iartheachtacha, agus
beidh tionchar suntasach aige sin ó thaobh fostaíochta de. 1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh
agus tionchar Tomhaisfear baint amach na gcuspóirí leis na
táscairí seo a leanas: (a)
sonraí agus faisnéis bhreisluacha arna gcur ar fáil
de réir na riachtanas seachadta ar leibhéal seirbhíse; (b)
úsáid sonraí agus faisnéise arna tomhas de réir an
dul chun cinn i líon na n‑úsáideoirí, de réir an méid sonraí agus
faisnéise breisluacha ar a bhfuarthas rochtain, agus de réir leathnú an
scaipthe ar fud na mBallstát; (c)
dul i bhfód ar an margadh agus iomaíochas oibreoirí
iartheachtacha na hEorpa. Cuirfear uirlisí sonracha ar bun chun na
paraiméadair sin a thomhas go rialta, go háirithe trí riachtanais shonracha a chur
isteach sna comhaontuithe tarmligin agus/nó i gconarthaí a bhunófar le
hoibreoirí. Soláthrófar staidéir ad hoc ag roinnt cloch míle de chuid an
chlár chun leibhéal sásaimh na n‑úsáideoirí (féideartha) a thomhas, mar
aon leis an dul i bhfód ar an margadh agus tionchar Copernicus ar iomaíochas na
hearnála iartheachtaí. Sa bhreis air sin, meastar go ndéanfar cuid
mhór d’fhorfheidhmiú an chláir a tharmligean chuig thríú páirtithe. Áireofar
cuspóirí agus táscairí i gcomhaontuithe tarmligin chun faireachán ar
fheidhmíocht na n‑oibreoirí a chumasú. Úsáidfear na táscairí sin chun
faireachán a dhéanamh ar an gclár ina iomláine chomh maith. Áirítear leo sin: –
bunú na 6 sheirbhís ar leibhéal oibríochta, na 6
sheirbhís uile a chur ar bun maidir le hoibríocht faoi 2017; –
seachadadh faisnéise seirbhíse laistigh den bhuiséad
agus den phleanáil, de réir mar a cuireadh ar bun sna comhaontuithe tarmligin
agus/nó sna conarthaí le hoibreoirí; –
líon úsáideorí na seirbhísí agus a leibhéal
sásaimh; –
forbairt na hearnála iartheachtaí le sonraí agus
fhaisnéis Copernicus. –
lainseáil agus saothrú na satailítí nó na n‑ionstraimí
atá beartaithe, lena n‑áirítear seachadadh tráthúil sonraí
breathnóireachta san fhormáid leordhóthanach do na húsáideoirí aitheanta, de
réir na pleanála a chomhaontófar sa doiciméad an Cás Fadtéarmach don eilimint
spáis; –
sainiú agus forbairt satailítí nua agus rannáin
talún faoi seach, laistigh den bhuiséad agus den phleanáil, de réir mar atá sonraithe
sa Chás Fadtéarmach agus sa chomhaontú tarmligin a bhunófar le ESA; 1.5. Na forais atá leis an
togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a
chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Iontaofacht neamhleordhóthanach na faisnéise
faoi staid na cruinne d’úsáideoirí poiblí Le
tríocha bliain anuas, tá an AE, Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (ESA) agus a
mBallstáit faoi seach ag déanamh iarrachtaí suntasacha maidir le taighde agus
forbairt i réimse bhreathnóireacht na Cruinne, d'fhonn bonneagar agus seirbhísí
réamhoibríochtúla um breathnóireacht na Cruinne a fhorbairt. Tá mórán de na
seirbhísí um breathnóireacht na Cruinne atá san Eoraip cheana neamhleordhóthanach
áfach, de bharr bearnaí bonneagair agus easpa ráthaíochtaí maidir le hiad a
bheith ar fáil san fhadtéarma. I gcás na sonraí a sholáthraítear trí na
seirbhísí atá ann faoi láthair, is é rud nach gcumhdaítear na paraiméadair go
léir atá riachtanach do lucht déanta beartas[17] nó nach soláthraítear iad ar bhonn leanúnach agus inbhuanaithe, go
háirithe toisc go bhfuil saolré na seirbhíse nó an bhonneagair breathnóireachta
bhunúsaigh teoranta de bharr srianta buiséid agus/nó teicniúla. Mura réiteofar
an fhadhb sin beidh iarmhairtí móra leis sin sa ghearrthéarma agus san
fhadtéarma. Mar shampla, sa ghearrthéarma, ní bheidh aon léarscáileanna ar fáil
le haghaidh cosanta sibhialta i gcás tubaistí nádúrtha agus san fhadtéarma, ní
bheidh sonraí ríthábhachtacha um athrú aeráide ar fáil do lucht déanta beartas. Infheistíochtaí
iartheachtacha i mbaol Bhunaigh clár Copernicus sraith gníomhaíochtaí
oibríochtúla, bunaithe ar mhaoiniú an Rialachán maidir le hOibríocht Tosaigh le
linn na tréimhse 2011 – 2013. Agus an clár reatha ag cumhdach na n‑oibríochtaí
tosaigh, tá an chéad chéim tugtha i dtreo córais um breathnóireacht na Cruinne.
Mar sin féin, tá sé teoranta ó thaobh ama de fós (i.e. 2011-2013). Is mórchúis imní é an baol sin go gcuirfí
isteach air ag úsáideoirí deiridh amhail údaráis phoiblí, agus ag soláthraithe
seirbhíse iartheachtacha freisin, toisc nach dócha go ndéanfaidh siad
infheistíocht i margaí neamhaibí, a mbaineann baol leo, agus dá bhrí sin beidh sé
níos deacra caipiteal a fháil. Acmhainn nuálaíochta i mbaol Dá gcuirfí isteach air, thuigfí nach mbainfí
nuálaíocht amach as infheistíochtaí in T&F. Dá bhrí sin, ní bhainfí tairbhe
as an acmhainn um chumas nuálaíochta a bhaineann le Copernicus, atá ina
nuálaíocht i leith seirbhíse den chuid is mó. Bheadh sin ina chúis aiféala, go
háirithe má chuirtear san áireamh gur cheart beartas nuálaíochta an AE a bheith
dírithe níos mó ar earnáil na seirbhísí, mar atá léirithe i staidéir éagsúla[18]. Tionchar ar fhostaíocht Ar deireadh, is iad córais feidhmchláir
satailíte an phríomhfhoinse ioncaim ag tionscal spáis na hEorpa (3.1 bhilliún
euro), agus tá siad ar an bpríomhréimse onnmhairithe (ar fiú 1.13 bhilliún euro
é).[19]
Tá breathnóireacht na Cruinne ar cheann den dá earnáil is suntasaí ó thaobh
ioncaim de (e.g. Fairtheoirí Copernicus). Faoi láthair, is ionann córais um
breathnóireacht na Cruinne agus thart ar 30 % d’ioncam iomlán thionscal
spáis na hEorpa. Chomh maith leis an tionchar díreach sin ar dhíolacháin an
tionscail, bíonn tionchar suntasach ag Copernicus ar iomaíochas agus ar bhrabúsacht
thionscal déantúsaíochta spáis na hEorpa. Braitheann onnmhairí agus trádáil go
mór ar staid iomaíoch choibhneasta na hearnála. Ar na cúiseanna sin, bheadh
tionchar suntasach ag Copernicus ar fhostaíocht san earnáil, agus meastar go
gcruthódh sé 35,000 post le linn na tréimhse 2015-2030. 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Is é is bonn dlí don Chlár Eorpach um
Breathnóireacht na Cruinne (Copernicus) ná Airteagal 189 den CFAE, lena gceadaítear
don AE a chlár spáis féin a fhorbairt. Tá gníomhaíochtaí atá san áireamh sa
chlár liostaithe cheana féin in Airteagal 2 de Rialachán 911/2010 maidir
leis an gClár Faireacháin Domhanda (GMES) agus a chuid oibríochtaí tosaigh. Sa
bhreis air sin, tá seachadadh Copernicus ina chuspóir straitéiseach de chuid
Eoraip 2020. Ní féidir le Ballstáit aonair freagracht as cistiú
le haghaidh shaothrú agus athnuachan an bhonneagair arna fhorbairt le cistí de
chuid an AE agus le cistí idir-rialtasacha a bhaint amach go barrmhaith de
bharr na gcostas a thabhófar. I réimse na breathnóireachta spásbhunaithe le
haghaidh méadreolaíochta oibríochtúla, rinne Stáit Eorpacha a gcuid acmhainní a
chomhthiomsú chun satailítí méadreolaíochta a fhorbairt agus a shaothrú faoi
chreat na hEagraíochta Eorpaí chun Sochar a bhaint as Satailítí Méadreolaíochta
(EUMETSAT). D’fhorbair Stáit Eorpacha léiritheoirí satailítí comhshaoil le ESA
nó le gníomhaireachtaí spáis náisiúnta chomh maith. Thairis sin, níor éirigh
leo bealach a aimsiú lenarbh fhéidir leo bheith ag obair i gcomhar le chéile maidir
le cláir oibríochtúla mharthanacha a chistiú i réimse an fhaireacháin
chomhshaoil ar nós na gclár méadreolaíochta áfach. Tá an gá le leanúint den
bhreathnóireacht sin ag éirí ríthábhachtach, i bhfianaise an mhéadaithe atá
faoin mbrú polaitiúil ar údaráis phoiblí cinntí eolasacha a dhéanamh i réimse na
slándála comhshaoil agus an athraithe aeráide agus an ghá aird a thabhairt ar
chomhaontuithe idirnáisiúnta. I gcás na seirbhísí sin a bhfuil cumhdach pan‑Eorpach
nó domhanda acu, ní féidir le Ballstáit cuspóirí an ghnímh mholta a bhaint
amach go leordhóthanach, mar is gá na hionchuir ó Bhallstáit éagsúla a
chomhiomlánú ar leibhéal Eorpach. Is féidir soláthar seirbhísí eile (e.g.
léarscáileanna éigeandála nó léarscáileanna faireacháin talún téamacha a bhfuil
scóip gheografach níos teoranta acu) a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an
AE ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, is féidir barainneachtaí scála a bheith
ann mar gheall ar bhainistiú níos comhtháite agus níos láraithe ar shonraí
ionchuir, ó bhraiteoirí spásbhunaithe nó in‑situ. Ar an dara dul
síos, dá soláthrófaí seirbhísí um breathnóireacht na Cruinne ar bhealach
neamhchomhordaithe ar leibhéal na mBallstát bheadh dúbailtí i gceist agus
bheadh sé deacair nó indéanta féin faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú
reachtaíocht chomhshaoil an AE ar bhonn critéar trédhearcach agus oibiachtúil.
Mura mbeidh an fhaisnéis a sholáthrófar ar leibhéal na mBallstát inchomparáide,
ní bheidh an Coimisiún in ann a fháil amach ar forfheidhmíodh an reachtaíocht
chomhshaoil i gceart sna Ballstáit go léir. Sa bhreis air sin, cruthófar
barainneachtaí scála lena mbainfear luach níos fearr as airgead poiblí le
gníomh ar leibhéal Eorpach. Dá bhrí sin bainfear amach breisluach shoiléir le gníomhaíocht
ar leibhéal an AE. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart Cuireann an togra leis an taithí a fuarthas le
linn fhorbairt Copernicus mar thionscnamh taighde le linn an 12 bhliain seo a
chuaigh thart agus chéim na n‑oibríochtaí tosaigh in 2011-2013.
Cruthaíonn an taithí sin, cé go bhfuil maoiniú i gcomhair taighde fós
riachtanach le leanúint de Copernicus a fhorbairt, is gá anois tacú le
seachadadh seirbhísí um breathnóireacht na Cruinne agus feidhmiú satailítí
d'fhonn an tairbhe is mó is féidir a bhaint as na hinfheistíochtaí a rinneadh
go dtí seo agus le freagairt ar na riachtanais a aithníodh thuas. 1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Sa chéim oibríochtúil beidh Copernicus in ann
faisnéis a sholáthar do lucht déanta beartas, d’údaráis phoiblí, do ghnólachtaí
agus do shaoránaigh Eorpacha. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé d’aidhm ag
Copernicus, mar fhoinse uathrialaitheach faisnéise de chuid an AE, tacú le
beartais, le hionstraimí agus le gníomhartha ábhartha uile an Aontais, a bhfuil
tuiscint ar an mbealach ina n‑athraíonn ár bpláinéad fíorthábhachtach
maidir lena bhfeidhmiú. Is iad seo a leanas samplaí de rannchuidiú
Copernicus le beartais eile de chuid an AE: ·
Beartais chomhair idirnáisiúnta: léiríonn leathnú sheirbhísí
Copernicus chuig an Afraic rannchuidiú nithiúil le beartais forbartha an AE.
mar shampla,, le Breathnóireacht Satailíte na Cruinne, is féidir faireachán a
dhéanamh ar staid barr le linn an tséasúir thalmhaíochta agus forbairt a
dhéanamh ar Chóras Luathrabhaidh um Shlándáil Bia le haghaidh réigiún atá i
mbaol ar fud an domhain. Chomh maith leis sin d’fhéadfadh roinnt úsáidí de
chuid Copernicus faisnéis ar acmhainní nádúrtha san Afraic a sholáthar do lucht
déanta beartas. ·
Beartas iompair: trí ródú long a bharrfheabhsú is
féidir le seirbhís Muirí Copernicus ídiú breosla agus astaíochtaí a íoslaghdú. ·
Beartais chomhshaoil: soláthraíonn seirbhísí
Copernicus faisnéis chórasach nó thréimhsiúil ar scálaí éagsúla atá riachtanach
chun faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar staid an chomhshaoil Mhuirí,
Atmaisféir agus Talún. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh íomhánna comhshaoil arna
mbailiú ag Copernicus an bonn a sholáthar le haghaidh monatóireacht a dhéanamh
ar spriocanna na straitéise bithéagsúlachta Eorpaí, nó uirlis le haghaidh faireachán
a dhéanamh ar úsáid éifeachtúil acmhainní amhail adhmad, uisce, mianraí,
talamh, aer (cáilíocht) agus mórán eile ar scála Eorpach agus ar scála domhanda. ·
Cabhair dhaonnúil: Tá ról tábhachtach ag seirbhísí
Copernicus i ngníomhaíochtaí freagartha éigeandála laistigh den AE agus
lasmuigh de, ag soláthar faisnéis cothrom le dáta atá ríthábhachtach do lucht
déanta beartas, pleanálaithe oibriúcháin agus foirne allamuigh. ·
Fuinneamh: Is féidir le Copernicus foinse iontaofa
faisnéise a sholáthar don Eoraip maidir le fuinneamh gréine agus is féidir leis
rannchuidiú le faireachán a dhéanamh ar iomadú núicléach nó díchoimisiúnú
láithreán núicléach. ·
Beartais réigiúnacha: ar leibhéal Pan‑Eorpach,
soláthraíonn Seirbhís Talún Copernicus cumhdach talún comhchuibhithe agus
táirgí um athrú cumhdach talún. Tá an fhaisnéis seo ríthábhachtach chun críocha
beartas talamhúsáide agus uirbeach. ·
Beartais um athrú aeráide: tá roinnt seirbhísí de
chuid Copernicus a bhfuil baint éigin acu le saincheisteanna a bhaineann leis
an aeráid, amhail faireachán ar fhoraoisí agus faisnéis carbóin talún,
monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil mhara agus oighir, anailís ar gháis
cheaptha teasa agus floscanna. ·
Slándáil: Is féidir le Copernicus rannchuidiú le
faireachas teorann agus faireachas muirí. Sa chreat seo ó 2008 i leith, tá
dlúthchomhar curtha ar bun ag Ard‑Stiúrthóireacht na Fiontraíochta agus
an Ard‑Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile. ·
Talmhaíocht: D’fhéadfadh Copernicus rannchuidiú le
feabhsú an fhaireacháin thráthúil agus chruinn ar úsáid talún talmhaíochta agus
na hathruithe uirthi ar leibhéal Eorpacha, ar leibhéal náisiúnta agus ar
leibhéal réigiúnach trí tháscairí agus modheolaíochtaí coiteanna a sholáthar
lena gcumhdaítear scálaí éagsúla ama, spásúla agus téamacha. D'fhéadfadh an
comhbheartas talmhaíochta Copernicus a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an
mbeartas ‘cur i leataobh’. ·
Beartais mhuirí: Le Copernicus, is féidir tuiscint
a fháil ar an aigéan, ar a dhinimic agus ar an tionchar a bhíonn aige ar an
athrú aeráide. I measc na bhfeidhmeanna sa réimse sin tá: Slándáil Mhuirí,
Doirteadh Ola, Bainistiú Acmhainní Muirí, Athrú Aeráide, Réamhaisnéis
Séasúrach, Gníomhaíochtaí Cósta, Suirbhé Oighir agus Cáilíocht Uisce. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais þ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse teoranta –
þ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ó 2014 go 2020 –
þ Tionchar airgeadais ó 2014 go 2020 ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse neamhtheoranta –
Cur chun feidhme le linn tréimhse thosaigh ó BBBB
go BBBB, –
– cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin
é. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[20] þ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún þ Bainistíocht indíreach láraithe trí na tascanna cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
þ comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[21] –
þ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhartha ar leith a chur chun
feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí de chuid
Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha þ Eagraíochtaí idirnáisiúnta I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn dar teideal
“Ráitis”. Ráitis: Cuireann Copernicus leis na hacmhainní atá san
Eoraip cheana, ag seachaint dúbailtí gan ghá agus, a mhalairt ar fad, ag lorg
sineirgíochtaí i measc na n‑acmhainní náisiúnta nó idirnáisiúnta atá ann
cheana. Sa bhreis air sin, meastar nach bhfuil an fórsa oibre inmheánach ná an
saineolas ag an gCoimisiún is gá chun an córas oibríochtúil an‑chasta a
bhfuil mórán córas laistigh de a bhainistiú leis féin. Is é sin an fáth, i
gcomhréir leis na cuspóirí maidir le simpliú agus feabhsú fheidhmíocht chláir
chaiteachais an AE, a bhfuil sé beartaithe codanna móra den chlár a
fhorfheidhmiú go hindíreach, de réir bhrí Airteagal 58 den Rialachán Airgeadais,
agus cumhachtaí forfheidhmithe a tharmligean chuig roinnt comhlachtaí ábhartha,
ina réimse saineolais. De réir comhaontuithe tarmligin, fanfaidh an Coimisiún
freagrach as an gclár ach aistreofar freagrachtaí forfheidhmithe go roinnt
oibreoirí. Díreoidh an Coimisiún, agus tacaíocht á fáil aige ón gcoiste agus ó
shaineolaithe neamhspleácha, ar shainiú na gcinntí ardleibhéil maidir le cláir agus
ar fhaireachán a dhéanamh ar a bhforfheidhmiú. Iarrfar ar oibreoirí Cláir Oibre
bhliantúla agus Tuarascálacha Gníomhaíochta Bliantúla a chur isteach, mar aon
le deimhnithe iniúchóireachta. Go dtí 2013, bhí forbairt na comhpháirte Spás
á comhchistiú ag an AE agus ag ESA le ranníochaíocht de réir téama Spáis FP7
agus an GMES agus a Rialacháin maidir le hoibríochtaí tosaigh do chlár Eilimint
Spáis GMES an ESA. Chuir an Coimisiún, ar son an AE, aon trian de bhuiséad
iomlán an chláir GSC ar fáil, i.e. thart ar 780 milliún as € 2.4 billiún.
Chuige sin, cuireadh comhaontú tarmligin ar bun in 2008 idir an AE, arna ionadú
ag an gCoimisiún, agus ESA. Bunaíodh an comhaontú sin faoin gcreat‑chomhaontú
idir an AE agus ESA. Ós rud é go bhfuil saineolas uathúil ag ESA agus gurb í an
t‑aon ghníomhaireacht í a dhéanann gníomhaíochtaí taighde agus forbartha
maidir le cláir spáis ar leibhéal Eorpach, moltar go leanfar de ghníomhaíochtaí
forbartha Copernicus, i.e. dearadh, tógáil agus soláthar satailítí agus an
rannáin talún ghaolmhair, a chur faoina cúram. Meastar go bhféadfaidh ESA
leanúint de chómhchistiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí forbartha, agus go
háirithe forbairtí ar ghlúin nua satailítí, a ionas nach mbeidh soláthar rialta
aonad ann as a dtiocfadh macasamhlú ar dhearadh na n‑aonad a forbraíodh
cheana féin. Tá sé beartaithe freisin oibríochtaí an
bhonneagair fhorbartha a chur faoi chúram ESA agus EUMETSAT araon. Beidh ESA
freagrach as oibríochtaí Fhairtheoir 1 agus Fhairtheoir 2 agus as
próiseáil na coda Talún de Fhairtheoir 3. Tar éis di an rannán talún a dhearadh
agus comhordú a dhéanamh ar a dhearadh agus a sholáthar, agus ós rud é go
bhfuair sé saineolas ar oibríochtaí mórán misean eolaíochta, tá ESA ullamh
nacúraimí sin a bhainistiú. Cuirfear oibríochtaí satailítí agus ionstraimí a
bhfuil baint faoi leith acu leis an atmaisféar agus leis na pobail mhuirí, atá
an‑chosúil, ar aon dóigh go minic, lena réimsí inniúlachtaí féin, faoi
chúram EUMETSAT. Ba cheart a chuimhneamh go bhfuil Fairtheoir 4 agus
Fairtheoir 5 ina n‑ionstraimí a iompraítear ar shatailítí EUMETSAT
féin. Chomh maith leis sin, glacfar sonraí, pléifear leo agus scaipfear iad trí
bhíthin acmhainní ilmhisin EUMETSAT den chuid is mó. Beidh an dá eagraíocht
freagrach as seachadadh breathnóireachtaí agus rochtain orthu ó mhisin
rannpháirteacha, ina réimsí saineolais faoi seach. Ceann de phríomhtháirgí na Seirbhíse talún is
ea measúnú tráthúil agus cuimsitheach ar chumhdach talún agus ar athrú an
chumhdaigh talún. Sholáthair tacair shonraí Chumhdach Talún Corine (CLC) sraith
ama d’fhaisnéis um chumhdach talún agus úsáid talún thar mhór-roinn na hEorpa ó
1990 i leith. Leo sin, is féidir faireachán a dhéanamh ar athruithe ar
dhromchla na Cruinne a tharlaíonn de thoradh ar idirghníomhú próiseas nádúrtha
agus gníomhaíochtaí daonna araon. Ó 1994 i leith, tá Corine á chur i bhfeidhm
ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil. Is gníomhaireacht de chuid an Aontais
Eorpaigh í an EEA a bhfuil sé de chúram uirthi faisnéis iontaofa neamhspleách
ar an gcomhshaol a sholáthar dóibh siúd a bhfuil baint acu le beartas
comhshaoil a fhorbairt, a oiriúnú, a fhorfheidhmiú agus a mheasúnú, agus don
phobal i gcoitinne. Tá EEA freagrach freisin as comhordú an Líonra um
breathnóireacht agus faisnéis comhshaoil Eorpach (Eionet) ina gcuireann
saineolaithe náisiúnta le bailiú agus le fíordheimhniú sonraí comhshaoil. Le
linn oibríochtaí tosaigh GMES (2011-2013), cuireadh comhordú na
gcomhpháirteanna pan‑Eorpacha agus áitiúla den tSeirbhís talún faoi
chúram an EEA agus cuireadh i bhfeidhm iad trí fhorfheidhmiú láraithe, le
soláthar trí chreatchonarthaí agus trí chonarthaí seirbhíse do sholáthraithe
seirbhíse; agus forfheidhmiú láraithe ag úsáid comhaontuithe deontais le
gníomhaireachtaí náisiúnta atá ina bpáirtithe leasmhara díreacha de chuid an
EEA. Sa bhreis air sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbraitheann an
tSeirbhís talún go mór ar thoisí in‑situ agus ar shonraí tagartha
geografacha. Tá an EEA ullamh a gcuid troscáin a eagrú le gníomhaíochtaí
comhshaoil agus/nó mapála náisiúnta. Is é sin an fáth, i bhfianaise na sineirgíochtaí
soiléire is féidir a bheith ann idir Copernicus agus príomhfhreagrachtaí an
EEA, agus ar staid uathúil an EEA, mar chomhordaitheoir an Eionet, trí
pháirtithe leasmhara Copernicus atá ina ngníomhaireachtaí comhshaoil náisiúnta,
go bhfuil sé beartaithe leanúint d’fhorfheidhmiú an dá eilimint seo den
tSeirbhís talún a tharmligean chuig an EEA. Ó 2008 i leith, tá obair leanúnach ar siúl
chun Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) a bhunú, d'fhonn
rialú theorainn sheachtrach Schengen a threisiú, go háirithe na teorainneacha
mara ó dheas agus na teorainneacha talún san oirthear. Soláthróidh EUROSUR comhchreat
teicniúil (bonneagair) agus oibríochtúil (sreabhadh oibre) do na Ballstáit
d’fhonn an fheasacht maidir le suíomh ag a teorainneacha seachtracha a mhéadú
agus feabhas a chur ar acmhainní frithghníomhaithe a n‑údarás áitiúil a
dhéanann suirbhéireacht ar theorainn an AE. Ceann de na cuspóirí a
comhaontaíodh, comhfheidhm uirlisí faireachais (satailítí, UAVanna, aerastat,
etc.) a chur ar bun, agus Frontex a bheith ag gníomhú mar éascaitheoir. Is é Frontex
an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag
Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Déanann sé bainistiú
Eorpach ar theorainneacha a chur chun cinn, a chomhordú agus a fhorbairt. I
gcás na sraithe um rialú teorann den tSeirbhís slándála, tá comhar gníomhach
Frontex fíorthábhachtach. Bhí Frontex rannpháirteach i dtionscadail uile FP7
maidir leis an tsraith sin a ullmhú, chomh maith le tionscadail ghaolmhara eile
de chuid théama Slándáil FP7. Is féidir a thabhairt faoi deara go n‑aithníteari
dtogra an Choimisiúin le haghaidh Rialachán EUROSUR[22] gur gá do Frontex brath ar
GMES/Copernicus i gcás na ngníomhaíochtaí sin . Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go
ndéanfar forfheidhmiú na sraithe sin a tharmligean chuig Frontex. Maidir leis an tSraith slándála maidir le faireachas
muirí, tá sé beartaithe a forfheidhmiú a tharmligean chuig EMSA, an Ghníomhaireacht
Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí. Dar ndóigh, tá roinnt freagrachtaí slándála
muirí agus oibleagáid chun cabhrú leis an gCoimisiún le gníomhaíochtaí
gaolmhara ina gcuid de shainordú EMSA. Tá saineolas a aithnítear go fairsing ag
EMSA ar fhorfheidhmiú CLEANSeaNET, clár oibríochtúil um shábháilteacht mhuirí a
bhraitheann ar bhreathnóireacht na Cruinne. Tá sé rannpháirteach go gníomhach i
roinnt tionscadal T&F arna n‑ullmhú do sheirbhís Slándála Copernicus
freisin. 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Cuirfear córas faireacháin ar bun d’fhonn
aschuir ar an gcaighdeán is airde agus an úsáid is éifeachtaí agus is féidir
d’acmhainní a áirithiú. Déanfar an faireachán i rith shaolré an chláir. Beidh an
faireachán bunaithe ar thuarascálacha rialta ó na comhpháirtithe cur chun
feidhme. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Déanfar na rioscaí ar fad a bhaineann leis an
gclár a thaifeadadh go lárnach i gclár. Beidh méid áirithe dóchúlachta agus
rátáil tionchair leithdháilte do gach riosca. San áireamh sa chlár riosca
freisin beidh liosta beart a bheidh dírithe ar an dóchúlacht go bhforbróidh
riosca a laghdú. Tá na rioscaí aicmithe mar seo a leanas: ·
Rioscaí teicneolaíocha: e.g. úsáideann satailít
teicneolaíocht cheannródaíoch atá fós le bailíochtú agus a bhfuil a
sonraíochtaí fós ag forbairt. ·
Rioscaí tionsclaíocha: tá baint ag go leor imreoirí
tionsclaíocha i roinnt tíortha leis an mbonneagar a bhunú, imreoirí nach mór a
gcuid oibre a chomhordú go héifeachtach d'fhonn teacht ar chórais atá iontaofa
agus comhtháite, i ndáil le slándáil go háirithe. ·
Riosca margaidh: ní mór feidhmíocht theicniúil nach
bhfuil ag an gcaighdeán a gealladh agus a bhfuil tionchar diúltach aige ar
úsáideoirí, agus rud a chiallaíonn nach mbíonn an bonneagar á úsáid dá thairbhe
a sheachaint. ·
Riosca tráthchláir: chuirfeadh aon mhoill ar an
gcur chun feidhme an deis i mbaol. ·
Riosca rialachais: éilíonn rialachas na gclár go
mbeadh comhlachtaí éagsúla ag obair i dteannta a chéile, agus ní mór méid
áirithe cobhsaíochta agus eagraíochta a áirithiú. Os a choinne sin, ní mór
éagsúlachtaí tuairime idir na páirtithe éagsúla i gceist maidir le roinnt
mórcheisteanna a chur san áireamh. Ina fhianaise sin, ba cheart dearcadh ar
chuid de na rioscaí, lena n‑áirítear rioscaí airgeadais agus slándála, a
roinnt leis na himreoirí sin is oiriúnaí le déileáil leo. Os a choinne sin, cuirfear chun feidhme an
buiséad don Chlár, den chuid is mó, trí bhainistíocht indíreach, trí
chomhaontuithe tarmligin, agus, i gcás cuid imeallach de, go lárnach, sa chás
go mbeidh deontais agus soláthar poiblí in úsáid ag an gCoimisiún. Baineann rioscaí
éagsúla leis na cineálacha éagsúla caiteachais. Tá na príomhrioscaí seo a
leanas aitheanta ag iniúchtaí atá déanta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ag
iniúchtaí ex-post an Choimisiúin, príomhrioscaí a d'fhéadfadh bheith leis
an gClár seo freisin: I ndáil le comhaontuithe tarmligin: Baineann
na príomhrioscaí aitheanta le hincháilitheacht na n‑oibreoirí (an t‑aonán
lena gcuireann an Coimisiún críoch le comhaontú tarmligin), comhlíonadh
conarthach (trasuí riachtanais an Choimisiúin go doiciméadú conarthach),
comhlíonadh próisis (neamhurramú próiseas arna fhorordú ag an gCoimisiún) agus
feidhmíocht (neamhghnóthachtáil spriocanna/cuspóirí réamhshainithe). Tabharfar aghaidh ar na cineálacha riosca seo
le haird a thabhairt ar na tosca seo a leanas: ·
Go bhfuil gnéithe suntasacha den phróiseas
bainistíochta agus rialaithe á déanamh ag na hoibreoirí. ·
Go mbíonn ar an gCoimisiún brath, ar an mórchóir,
ar chórais rialaithe bainistíochta na n‑oibreoirí. ·
Tá sé tábhachtach é go n‑áiritheofar an
leibhéal oiriúnach rialuithe feadh an tslabhra cur chun feidhme agus go mbeidh freagrachtaí
soiléire ag na comhpháirtithe ar fad. I ndáil le deontais: D’fhéadfadh rialacha
casta incháilitheachta costas agus saineolas réasúnta teoranta bainistíochta
airgeadais tairbhithe áirithe a bheith mar bhonn le hardriosca go bhfógrófaí costais
go mícheart (e.g. forchostais agus costais trealaimh). D’fhéadfaí go mbeadh sé deacair tairbhithe
rioscúla agus costais mhuirearaithe féideartha dúbailte nó neamhrialtachtaí
eile a bhrath in éagmais bunachair sonraí iomlán le faisnéis faoi thairbhithe,
tionscadail agus costais fógartha a bhrath, rud a bhféadfaí gníomhaíocht
neamhéifeachtach frith‑chalaoise a theacht as. I ndáil le soláthar poiblí: D’fhéadfadh
earráidí neamhbhraite nó botúin neamhcheartaithe i dtairiscintí nó i
sonraíochtaí tairisceana a bheith mar bhonn le drochfheidhmiú conartha. 2.2.2. 2.2.2. Modhanna rialaithe atá
beartaithe Tá sé beartaithe go n‑úsáidfear modhanna
rialaithe éagsúla le déileáil leis na rioscaí éagsúla thuasluaite 2.2.2.1. Comhaontuithe Tarmligin Faisnéis faoi bhunú an chórais um rialú
inmheánach Ba cheart córas bainistíochta agus rialaithe a
bhunú ar na bearta seo a leanas: ·
measúnú ex-ante an oibreora ·
faireachán bunaithe ar riosca, a áireofar ar bhonn
tuairiscithe chaighdeánaithe, ·
gníomhaíocht choisctheach trí cheanglais a dhearadh
maidir le cáilitheacht oiriúnach, comhlíonadh conarthach, comhlíonadh próisis
agus feidhmíocht; ·
réitigh chonarthacha a lenar féidir gníomhaíocht
cheartaitheach a dhéanamh i gcás earráide feidhmíochta a bhaineann le ceanglais
maidir le cáilitheacht, comhlíonadh conarthach, comhlíonadh próisis agus
feidhmíocht; ·
rialuithe ex-ante ar íocaíochtaí ón Ard‑Stiúrthóireacht
go dtí cuntas iontaobhais an oibreora; ·
bearta úis a ailíniú; ·
rannpháirtíocht i rialachas ·
cearta rochtana iniúchta a bhaineann le hoibreoirí,
aonáin chleamhnaithe agus tairbhithe deiridh; ·
rian iniúchta iomlán a bhfuil an slabhra cur chun
feidhme ann; ·
gníomhairí an Choimisiúin iniúchtaí comhlíonta agus
feidhmíochta a dhéanamh ·
forbairt chomhtháite urrús agus córas na rialuithe
inmheánacha agus na hiniúchóireachta inmheánaí a chothabhálann oibreoirí agus
aonáin chleamhnaithe, forbairt a dhéileálann le ceanglais maidir le cáilitheacht,
comhlíonadh conarthach, comhlíonadh próisis agus feidhmíocht; ·
iniúchóirí seachtracha ráitis airgeadais a
iniúchadh; ·
oibreoirí ráitis urrús a cur ar fáil ag gach
bliain. Cinnteofar an fíorú go bhfuil na próisis ag oibriú
de réir a ndeartha trí roinnt cainéal faisnéise: eolas an lucht bainistíochta maidir le staid
chórais um rialú inmheánach na hArd‑Stiúrthóireachta, bailithe trí obair
agus trí thaithí laethúil; maoirseacht fhoirmiúil, obair leantach agus
socruithe faireacháin na hArd‑Stiúrthóireachta; ·
na torthaí ón athbhreithniú bliantúil ICS
(‘lánchomhlíonadh na mbuncheanglas’); ·
na torthaí ón Measúnú Riosca; ·
na rialuithe ex ante agus ex post, lena n-áirítear
tuairiscí ar eisceachtaí agus/nó ar laigí sa rialú inmheánach; ·
na torthaí ó iniúchtaí seachtracha airgeadais na
hArd‑Stiúrthóireachta; ·
an obair iniúchta agus chomhairleoireachta arna
déanamh ag Inniúlacht Iniúchta Inmheánaigh na hArd‑Stiúrthóireachta; meastóireachtaí ar na Cláir a chuir meastóirí
seachtracha i gcrích.. Beidh aiseolas breise faoi leordhóthanacht an
chórais rialaithe le fáil ón iniúchadh a dhéanfaidh IAC, IAS agus Cúirt
Iniúchóirí na hEorpa. Meastachán ar chostais agus ar shochair na
rialuithe intuigthe leis an gcóras rialaithe Rinneadh na rialuithe atá beartaithe a mheas
go ginearálta i gcomhréir leis an sainmhíniú ar rialú inmheánach atá sonraithe
i samhail COSO: próiseas a ceapadh chun cinnteacht réasúnta a thabhairt go
ngnóthófar na cuspóirí maidir le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht
oibríochtaí, iontaofacht an tuairiscithe airgeadais, agus comhlíonadh na
ndlíthe agus na rialacháin is infheidhme Déantar costais na rialuithe a mheas
ar bhonn cuimsitheach agus clúdaítear aon ghníomhaíochtaí a bhfuil baint
dhíreach nó indíreach acu le fíorú chearta na n‑oibreoirí agus rialtacht
an chaiteachais. Déantar iad a mhionsonrú feadh na gcéimeanna bainistíochta
éagsúla, agus i gcomhréir leis an gcur síos ar an gcóras rialaithe atá
beartaithe, nuair is féidir é. Tá sonraí maidir le hailíniú beart úis agus
réitigh chonarthacha bhreise lenar féidir gníomhaíocht cheartaitheach a
dhéanamh i gcás earráide cur chun feidhme a eascraíonn as na ceanglais ar
áireamh sna coigeartuithe chun na hathruithe a bhfuil súil leo ar an togra nua
a chur san áireamh. An leibhéal ionchais riosca maidir le
neamhchomhlíonadh rialacha is infheidhme a mheasúnú Faoin gcóras rialaithe atá beartaithe,
fanfaidh an leibhéal ionchais riosca maidir le neamhchomhlíonadh (atá
sainmhínithe mar riosca ionchais earráide dlíthiúlachta agus rialtachta ar
leibhéal na n-idirbheart) faoi bhun 2 % ar bhonn ilbhliantúil, ach ar chostas
níos ísle i ngeall ar mhaolú minicíochta riosca agus tionchair riosca, a
thiocfaidh as na bearta breise a ghlacfar. Tá súil go dtitfidh an ráta earráide i ngeall
ar an soiléiriú ar na rialacha is infheidhme lena n-áirítear ceanglais SMART, i
ngeall ar threisiú breise ar na leigheasanna conarthacha agus ailíniú breise an
úis. Meastar go bhféadfar cuid bheag de bhuiséad an
Chláir seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach lárnach (féach
thíos) le deontais agus le soláthar poiblí. 2.2.2.2. Deontais Faisnéis faoi bhunú an chórais um rialú
inmheánach Tá an creat rialaithe inmheánaigh reatha
bunaithe ar chur chun feidhme Chaighdeáin Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin,
nósanna imeachta maidir leis na tionscadail is fearr a roghnú agus ionstraimí
dlí a dhéanamh astu, bainistiú tionscadal agus conartha feadh shaolré an
tionscadail, seiceálacha ex ante ar éilimh, lena n-áirítear deimhnithe iniúchta
a fháil, deimhniú ex ante ar mhodheolaíochtaí costais, iniúchtaí ex post agus
ceartuithe, agus meastóireacht. Sna doiciméid a bhaineann le glaonna ar
thograí, tá treoraíocht mhionsonraithe ar na rialacha incháilitheachta agus, go
háirithe, ar na hearráidí is coitianta maidir le costais foirne. Iarrtar ar
thairbhithe a ndóthain mionsonraí faoi na costais atá tuartha a thabhairt agus
iad ag déanamh togra, le go bhféadfar fíorú ex ante a dhéanamh agus
earráidí nó míthuiscintí a d’fhéadfadh a bheith ann a aimsiú agus, nuair is gá,
athruithe ar chur chun feidhme nó ar oiriúnú an chomhaontaithe deontais. Méadóidh
sin go suntasach cinnteacht dlí na dtairbhithe agus laghdóidh sé an riosca
earráide. Déanfar rialuithe ex post d’fhonn an
meánráta earráide ionadaíoch a bheidh ann i gcónaí, fiú le hoiliúint,
seiceálacha ex ante agus ceartuithe, a chinneadh.. Beidh an straitéis iniúchta
ex post le haghaidh caiteachais faoin gClár bunaithe ar iniúchadh airgeadais na
n-idirbheart atá sainithe de réir samplála bunaithe ar luachanna
airgeadaíochta, agus comhlánófar é le sampla bunaithe ar riosca. Déanfar an
straitéis iniúchta ex post maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht a chomhlánú le
meastóireacht oibríochta neartaithe agus leis an straitéis frithchalaoise. Meastachán ar chostais agus ar shochair na
rialuithe atá intuigthe leis an gcóras rialaithe Ní mór cothromaíocht a bhaint amach idir
tharraingteacht an Chláir a mhéadú, ar thaobh amháin, tríd an ualach rialaithe
a laghdú do na tairbhithe (méadú muiníne agus dul i riosca ag úsáid níos mó
rátaí comhréidhe, cnapshuimeanna agus scálaí costais aonaid) agus, ar an taobh
eile, a áirithiú go bhfanfaidh an ráta earráidí neamhcheartaithe chomh híseal
agus is féidir. Bunóidh Ard-Stiúrthóireacht ENTR córas rialaithe
inmheánaigh cost-éifeachtúil a thabharfaidh go leor cinnteachta go bhfuil an
riosca earráide, feadh na tréimhse caiteachais ilbhliantúla, sa réimse idir
2-5 % sa bhliain agus is é an aidhm chríochnaitheach a bheidh leis sin,
leibhéal iarmhair earráide a bhaint amach a bheidh chomh gar agus is féidir do
2 % tráth chríoch na gclár ilbhliantúil, a luaithe a bheidh tionchar
airgeadais na n-iniúchtaí uile, agus na mbeart ceartaitheach agus aisghabhála
curtha san áireamh. Beidh an straitéis iniúchta dírithe ar léiriú
cothrom agus iontaofa den riosca earráide a chur ar fáil agus comharthaí
calaoise a scrúdú go héifeachtach. Níor cheart do na seiceálacha ex ante a
dhéanfar ar thograí sula síneofar an comhaontú deontais agus do shoiléiriú na
rialacha incháilitheachta fad mór a chur leis an am is gá chun conradh a
thabhairt i gcrích. Tabharfaidh na hoifigigh um údarú, trí tharmligean,
tuairisc bhliantúil ar na costais agus ar na sochair a bhaineann le rialú agus
tabharfaidh an Coimisiún tuairisc don údarás reachtach faoi chuimsiú an
Athbhreithnithe Mheántéarma maidir leis an leibhéal neamhchomhlíonta a
d’fhéadfaí a bhaint amach. An leibhéal ionchais riosca maidir le
neamhchomhlíonadh rialacha is infheidhme a mheasúnú A. Foinsí reatha earráide Bunaithe ar thorthaí go dtí seo, tá earráidí rialta
a bhaineann leis na nithe seo a leanas tugtha faoi deara: ·
costais phearsanra:
meánchostais nó costais bhuiséadaithe á ngearradh (seachas costais iarbhír), gan
taifid leordhóthanacha a choimeád ar an am a caitheadh leis an gclár, costas míreanna
neamh‑incháilithe a ghearradh (costais úinéara-bainisteora FBM). ·
costais dhíreacha eile:
ar na n‑earráidí rialta a fuarthas tá fochonraitheoireacht gan réamhúdarú,
nó na rialacha maidir le luach ar airgead urramú, etc. ·
costais indíreacha: i
roinnt cásanna is ionann na costais indíreacha agus céatadán de ráta comhréidh
de chostais dhíreacha, ionas go mbeidh an earráid i gcostais indíreacha i
gcomhréir leis an earráid i gcostais dhíreacha. B. Deiseanna simpliúcháin atá beartaithe Bainfidh an clár leas as na bearta
simpliúcháin a áirítear san athbhreithniú tríbhliantúil den Ráiteas Airgeadais.
Sa chomhthéacs sin, úsáidfidh an Coimisiún an deis bearta simpliúcháin a
ghlacadh, mar shampla scálaí costais aonaid le haghaidh úinéirí/bainisteoirí
FBManna nó rátaí caighdeánacha a úsáid le haghaidh costas foirne i gcomhréir le
gnáthphrionsabail chuntasaíochta na dtairbhithe. C. An méid a chuidíonn athruithe rialaithe an
leibhéal ionchais de neamhchomhlíonadh a laghdú Is é an status quo an túsphointe, bunaithe ar
iniúchtaí deontais FP7 a rinneadh go dtí seo. Bunaithe ar na toimhdí seo a
leanas: ·
go mbeidh tairbhithe deontas faoi chlár Copernicus amach
anseo ar nós na dtairbhithe a ghlac páirt in FP7, agus ·
go meastar go dtugann na foinsí earráide atá liostaithe
faoi phointe B thuas cuntas ar aon trian de na foinsí earráide, tá súil go mbeidh laghdú ar an ráta earráide
mar thoradh ar na bearta simpliúcháin atá ar áireamh sa Rialachán Airgeadais. Tá
súil le laghdú eile ar earráidí mar thoradh ar an soiléiriú ex ante ar na
rialacha incháilitheachta. Conclúid: má chuirtear na bearta uile dá
dtagraítear thuas le chéile, is é an aidhm chríochnaitheach leibhéal iarmhair
earráide atá chomh gar agus is féidir do 2 % a bhaint amach faoi dheireadh
shaolré an Chláir. Tá an cás sin bunaithe ar an tuiscint nach
mbeidh na bearta simpliúcháin faoi réir modhnuithe suntasacha le linn an
phróisis cinnteoireachta. 2.2.2.3. Soláthar Poiblí Tá an creat rialaithe inmheánaigh fothaithe ar
chur chun feidhme Chaighdeáin Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin, nósanna
imeachta soláthair phoiblí maidir leis na tograí is fearr a roghnú agus maidir
le bainistiú conartha feadh shaolré an tionscadail / chonartha, seiceálacha ex
ante ar shonraisc agus seachnófar earráidí iarmhair os cionn 2 % sna
híocaíochtaí. 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta
atá ann cheana nó atá beartaithe. I gcreat Straitéis Frith‑Chalaoise an
Choimisiúin (CAFS)[23]
agus tar éis dó cúnamh a fháil ó OLAF trí chomhairliúchán agus rannpháirtíocht
i Líonra um Chosc agus Brath Calaoise (FPDNet) OLAF, tá a dréacht‑Straitéis
Calaoise (AFS) féin forbartha ag Ard‑Stiúrthóireacht ENTR, straitéis ina
gclúdaítear na bearta a bhaineann le cosc agus le brath calaois agus neamhrialtachtaí
go hinmheánach agus i ndáil le tairbhithe agus le conraitheoirí a chosc agus a
bhrath. Déanfar an AFS a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. I ndáil le deontais go háirithe, tá sé
sonraithe i Plean Gníomhaíochta AFS AS ENTR go gcruthófar clár lárnach de na
tairbhithe (comhordaitheoirí, comhpháirtithe, fochonraitheoirí agus gníomhaithe
eile) agus de na tionscadail go léir (tuarascálacha agus dearbhuithe costais). Leis
an mbunachar sonraí sin, in éineacht leis na huirlisí cumhachtacha anailíse sonraí
a bheartaítear a fháil chun táscairí calaoise nó ‘comharthaí rabhaidh’ a
bhrath, tiocfaidh feabhas mór ar a fheidhmeanna rialaithe agus a chumais
iniúchta. Chun cur leis an eolas agus leis an acmhainn
maidir le feidhmiú rialuithe coisctheacha agus éifeachtacha, foráiltear i
bPlean Gníomhaíochta AFS AS ENTR go gcuirfear sainchúrsaí oiliúna agus ábhar
treoraíochta ar fáilSa bhreis air sin, déanfar straitéis rialaithe le haghaidh
mheastóireacht inniúlachtaí airgeadais agus teicniúla na dtairbhithe a fhorbairt
agus a chur chun feidhme, mar aon leis na tairbhithe a aicmiú de réir riosca
bunaithe ar tháscairí calaoise, clárú in uirlisí TF agus comharthaí rabhaidh le
haghaidh iniúchtaí ex ante / ex post. Lena chois sin, forbrófar nósanna imeachta
iniúchta agus treoir maidir le hiniúchtaí ex post bunaithe ar riosca a
bheidh dírithe ar chásanna agus ar neamhrialtachtaí is féidir a bheith ann. Beidh
an AFS sin ag teacht níos fearr le caighdeáin rialaithe inmheánaigh, go
háirithe leis an measúnú riosca, agus le AFS ASanna eile agus eintiteas
fotharmligthe. 5. 3. AN TIONCHAR
AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 5.1. 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar Línte nua buiséid maidir le caiteachas atá á
n-iarraidh cheana In ord
cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Cineál caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Ceannteideal……………………………………..] || Dif./neamh‑dhif. || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2) (b) den Rialachán Airgeadais [1] || 02010404 – Caiteachas tacaíochta don Chlár Eorpach um Breathnóireacht na Cruinne (Copernicus) || Neamh‑dhif || TÁ || NÍL || TÁ || NÍL [1] || 020601 – Seirbhísí oibríochta (Copernicus) || Dif || TÁ || NÍL || TÁ || NÍL [1] || 020602 – Breathnóireachtaí spásiompartha (Copernicus) || Dif || TÁ || NÍL || TÁ || NÍL 5.2. 3.2. An tionchar a mheastar
a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 5.2.1. 3.2.1. Achoimre ar an tionchar
a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR milliún (go dtí an 3ú
deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 1 || Fás cliste agus cuimsitheach AS na Fiontraíochta || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Bliain 2021 || IOMLÁN Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || || 020601 || Gealltanais || (1) || 58,500 || 179,721 || 189,426 || 197,952 || 208,610 || 283,691 || 210,291 || || 1,328,191 Íocaíochtaí || (2) || 29,215 || 195,417 || 188,779 || 197,673 || 207,871 || 266,906 || 231,030 || 11,300 || 1,328,191 020602 || Gealltanais || (1) || 301,933 || 373,949 || 394,141 || 411,880 || 434,051 || 590,279 || 437,566 || || 2,943,799 Íocaíochtaí || (2) || 150,785 || 406,608 || 392,796 || 412,159 || 434,790 || 555,362 || 480,717 || 110,582 || 2,943,799 Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[24] || || || || || || || || || 02010404 || || (3) || 2,500 || 2,700 || 2,700 || 2,800 || 2,900 || 2,900 || 3,000 || || 19,500 IOMLÁN na leithreasuithe i gcomhair DG na Fiontraíochta || Gealltanais || =1+1a +3 || 362,933 || 556,370 || 586,267 || 612,632 || 645,561 || 876,870 || 650,847 || || 4.291,480 Íocaíochtaí || =2+2a+3 || 182,500 || 604,725 || 584,275 || 612,632 || 645,561 || 825,168 || 714,737 || 121,882 || 4.291,480 Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || " Caiteachas riaracháin " EUR milliún (go dtí an 3ú
deachúil) || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN AS na Fiontraíochta || Acmhainní daonna || 4,497 || 5,259 || 5,894 || 5,894 || 5,894 || 5,894 || 5,894 || 39,226 Caiteachas riaracháin eile || 0,343 || 0,343 || 0,343 || 0,343 || 0,343 || 0,343 || 0,343 || 2,401 IOMLÁN DG NA FIONTRAÍOCHTA || Leithreasuithe || 4,840 || 5,602 || 6,237 || 6,237 || 6,237 || 6,237 || 6,237 || 41,627 IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí) || 4,840 || 5,602 || 6,237 || 6,237 || 6,237 || 6,237 || 6,237 || 41,627 EUR milliún (go dtí an 3ú
deachúil) || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Bliain 2021 || IOMLÁN IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 367,773 || 561,972 || 592,504 || 618,869 || 651,798 || 883,107 || 657,084 || || 4.333,107 Íocaíochtaí || 187,340 || 610,327 || 590,512 || 618,869 || 651,798 || 831,405 || 720,974 || 121,882 || 4,333,107 5.2.2. 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh úsáid na leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí –
þ Éilíonn an togra/tionscnamh úsáid na leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí, mar a mhínítear thíos: Leithreasuithe faoi chomhair
ghealltanas in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Cuspóirí || BLIAIN 2014 || BLIAIN 2015 || BLIAIN 2016 || BLIAIN 2017 || BLIAIN 2018 || BLIAIN 2019 || BLIAIN 2020 || IOMLÁN CUSPÓIR SONRACH Uimh 1 Seirbhísí || 58,500 || 179,721 || 189,426 || 197,952 || 208,610 || 283,691 || 210,291 || 1,328,191 CUSPÓIR SONRACH Uimh 2 Spás || 301,933 || 373,949 || 394,141 || 411,880 || 434,051 || 590,279 || 437,566 || 2,943,799 COSTAS IOMLÁN || 360,433 || 553,670 || 583,567 || 609,832 || 642,661 || 873,970 || 647,857 || 4.271,990 5.2.3. 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 5.2.3.1. Achoimre ¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh úsáid na leithreasuithe de chineál riaracháin
þ Éilíonn an togra/tionscnamh úsáid na leithreasuithe de chineál riaracháin,
mar a mhínítear thíos: EUR milliún (go dtí an tríú deachúil) || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || 4,497 || 5,259 || 5,894 || 5,894 || 5,894 || 5,894 || 5,894 || 39,226 Caiteachas riaracháin eile || 0,343 || 0,343 || 0,343 || 0,343 || 0,343 || 0,343 || 0,343 || 2,401 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 4,840 || 5,602 || 6,237 || 6,237 || 6,237 || 6,237 || 6,237 || 41,627 || || || || || || || || Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[25] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas eile de chineál riaracháin || 2,500 || 2,700 || 2,700 || 2,800 || 2,900 || 2,900 || 3,000 || 19,500 Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || || || || || || || || || IOMLÁN || 7,340 || 8,302 || 8,937 || 9,037 || 9,137 || 9,137 || 9,237 || 61,127 5.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar
a bheidh riachtanach –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh úsáid na n‑acmhainní daonna –
þ Éilíonn an togra/tionscnamh úsáid na n‑acmhainní daonna, mar a
mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán i
méideanna iomlána (nó go pointe deachúil amháin ar a mhéad) || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 Poist don phlean bunaithe (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) 02 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta an Choimisiúin) || 28 || 34 || 39 || 39 || 39 || 39 || 39 02 01 01 02 (Toscaireachtaí) || - || - || - || - || - || - || - 02 01 05 01 (Taighde indíreach) || - || - || - || - || - || - || - 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || Pearsanra seachtrach (in aonaid de Choibhéis Lánaimseartha: FTE)[26] 02 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "gclúdach iomlánaíoch") || 14 || 14 || 14 || 14 || 14 || 14 || 14 02 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || - || - || - || - || - || - || - 02 01 04 yy [27] || - || - || - || - || - || - || - || 0 - || - || - || - || - || - || - || 0 02 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde indíreach) || - || - || - || - || - || - || - 10 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde díreach) || - || - || - || - || - || - || - Línte buiséid eile (sonraigh) || - || - || - || - || - || - || - IOMLÁN || 42 || 48 || 53 || 53 || 53 || 53 || 53 Comhlíonfar na
riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón Ard Stiúrthóireacht a bhfuil
bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh
istigh den Ard Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a
d'fhéadfaí a thabhairt don Ard Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi
chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na
srianta buiséadacha. In 2013 tá na
hacmhainní daonna atá ann faoi láthair cothrom le 29FTE (17 Poist don phlean
bunaíochta agus 12 bhall foirne seachtrach seachtrach): méadú forásach go dtí
53 FTE (+ 22 Post don phlean bunaíochta agus + 2 bhall foirn le clúdach mar seo
a leanas: Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar 2016 de na comhaontuithe reatha
tarmligthe, tá gá le hathmheasúnú a dhéanamh ar na hacmhainní leithdháilte
d’fhonn a chinntiú gur féidir na cuspóirí a bhaint amach leis an bhfoireann
atá ann. Is figiúirí táscacha iad na figiúirí
iarbhír don tréimhse idir 2016 agus 2019 agus d’fhéadfaí athbhreithniú a
dhéanamh orthu. –
i ndáil leis na 22 post breise don phlean bunaíochta
(EPP); bheadh 8 á gclúdach trí ath‑imlonnú laistigh de Stiúrthóireacht G
d‘Ard‑Stiúrthóireacht na Fiontraíochta (foráiltear d’atheagrú chun na
gníomhaíochtaí beartais Spáis agus na gníomhaíochtaí taighde agus forbartha
Spáis a chónascadh), agus bheadh 4 EPP eile á gclúdach trí ath‑imlonnú
laistigh d’Ard‑Stiúrthóireacht na Fiontraíochta. Ní mór an 10 EPP breise
chlúdach le hath‑imlonnú ón gCoimisiún agus/nó le baill foirne ar iasacht
ar iasacht (mis à disposition) ó Ard‑Stiúrthóireachtaí a bhfuil baint acu
le clár Copernicus mar a sonraíodh i gcinneadh an Choimisiúin ar chruthú GMES in
2006 (C(2006)673). Cuirfear isteach togra le haghaidh an cinneadh sin a mhodhnú. –
i ndáil leis an bpearsanra Seachtrach: Clúdófar 2
FTE breise a iarradh in 2014 le hath‑imlonnú inmheánach; agus más gá;
d’fhéadfaí acmhainní breise a iarraidh tar éis athbhreithniú 2016 agus ba cheart
iad sin sholáthar d’Ard‑Stiúrthóireacht na Fiontraíochta i gcomhréir
leis an nós imeachta um leithdháileadh bliantúil Cur síos ar na cúraimí atá le
déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || - Cur chun feidhme an chláir a ullmhú agus faireachán a dhéanamh air, sainmhíniú ar riachtanais na n‑úsáideoirí san áireamh; - Comhlachtaí tarmligthe a roghnú; - Comhaontuithe tarmligin a idirbheartú (6 oiread de mhéadú) - Comhlachtaí tarmligin a mhaoirsiú (4 oiread de mhéadú); - Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid ar mhodh indíreach - Anailís dlí agus rialála a sholáthar d’fhonn tacú leis an bpróiseas déanta beartas; - A chinntiú go bhfuil réitigh atá beartaithe ag comhlíonadh na rialacha infheidhme; - Bainistíocht airgeadais fhónta a áirithiú agus na hidirbhearta airgeadais a bhaineann le bainistíocht conartha a dhéanamh; - Gníomhaíochtaí a dhéanamh a theastaíonn chun rialú éifeachtach costais a áirithiú; - Obair leantach a dhéanamh ar chomhar idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a idirbheartú - Faireachán a dhéanamh ar ghnéithe slándála de Copernicus - Caidreamh a chothú le Ballstáit, i ndáil leis an ngné in‑situ go háirithe - Measúnú riosca agus maolú (arna fhabhrú mar gheall ar nochtadh airgeadais don chlúdach feabhsaithe) - Caidreamh a chothú le Parlaimint agus Comhairle na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 58, 60-61 den Rialachán Airgeadais - Calaois agus neamhrialtachtaí a chosc agus caidreamh a chothú le OLAF agus le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa - Páirt a ghlacadh i mbeartais sonraí agus i bhforfheidhmiú an bheartais i measc na bpáirtithe leasmhara uile - Tacú le roghnú ag úsaideoirí sna Ballstáit Pearsanra seachtrach || Tacú leis na tascanna thuasluaite 5.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
þ Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais
ilbhliantúil reatha. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil leis an togra/tionscnamh. –
¨ Éilíonn
an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go
ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[28]. 5.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe –
¨ Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú
páirtithe –
þ Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta
thíos: –
¨ Beidh an clár ar oscailt le haghaidh rannpháirtíochta do thríú tíortha
ach níl aon chomhaontú foirmiúil curtha i gcrích go fóill. Leithreasuithe in EUR milliún
(go dtí an 3ú deachúil) || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || || IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || || 5.3. Tionchar a meastar a bheidh ar
ioncam –
þ Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam. –
¨ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliún (go dtí an 3ú
deachúil) Líne ioncaim buiséid: || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain bhuiséid reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[29] Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || … Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)) Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncaim
ilghnéithigh atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar
orthu (orthu). . Sonraigh an modh chun
an tionchar ar ioncam a ríomh. . [1] COM (2012) 42 final an 8 Feabhra 2012 [2] COM
(2005) 565 final an 10 Samhain 2005 [3] COM
(2008) 748 final an 11.12.2008. [4] COM
(2009) 223 final an 20.5.2009. Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir leis an gclár
Eorpach um fhaireachán na Cruinne (GMES) agus a oibríochtaí tosaigh (2011-2013)
– IO L 276 an 20.10.2010, leathanach 1. [5] COM
(2009) 589 final an 28.10.2009. [6] IO C , , lch. . [7] IO C , , lch. . [8] COM(2005) 565 final an 10 Samhain 2005. [9] IO L 276, 20.10.2010, lch. 1. [10] IO L 108, 25.4.2007, lch. 1. [11] IO L , ,
lch. . [12] IO L 298, 26.10.2012, lch. 1. [13] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13. [14] ABM: Bainistíocht Gníomhaíocht‑Bhunaithe – ABB:
Buiséadú Gníomhaíocht‑Bhunaithe. [15] Faoi mar a tagraítear in Airteagal 49(6)(a) nó (b)
den Rialachán Airgeadais. [16] COM(2013) 108 críochnaitheach an 28.2.2013 [17] Go
háirithe níl faisnéis arna comhbhailiú ar leibhéal Eorpach nó domhanda atá de
cháilíocht imleor ar fáil do lucht déanta beartas na hEorpa faoi láthair. [18] Féach mar shampla Next generation innovation policy,
the future of EU innovation policy to support market growth, CEPS agus Ernst & Young, 2011. [19] The European Space Industry in 2010, ASD‑Eurospace,
15ú eagrán, Meitheamh 2011. [20] Is féidir sonraí na modhanna bainistíochta agus tagairtí
don Rialachán Airgeadais a aimsiú ar shuíomh BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [21] Má thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán
Airgeadais. [22] COM(2011) 873 críochnaitheach [23] COM(2011)376, 24.06.2011 [24] Cúnamh teicniúil agus/nó riaracháin agus caiteachas i
dtacaíocht le cur chun feidhme clár an AE agus/nó gníomhaíochtaí (línte
"BA" roimhe seo), taighde indíreach, taighde díreach. [25] Cúnamh teicniúil agus/nó
riaracháin agus caiteachas i dtacaíocht le cur chun feidhme clár an AE agus/nó
gníomhaíochtaí (línte "BA" roimhe seo), taighde indíreach, taighde
díreach. [26] CA= Gníomhaire faoi Chonradh; INT= Foireann
Ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune Expert
en Délégation" (Saineolaithe Óga i dToscaireachtaí); LA= Gníomhaire
Áitiúil; SNE= Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; [27] Faoin tsíleáil do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí (línte "BA" roimhe seo). [28] Féach pointí 19 agus 24 den
Chomhaontú Idirinstitiúideach. [29] Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna
custaim, tobhaigh siúcra), ní mór go mbeadh glanmhéideanna i gceist leis na
méideanna sonraithe, i.e. méideanna comhlána tar éis asbhaint 25% le haghaidh
costais bhailiúcháin.