This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0028
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Regulation (EC) No 1370/2007 concerning the opening of the market for domestic passenger transport services by rail
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a bhaineann le margadh na seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a oscailt
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a bhaineann le margadh na seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a oscailt
/* COM/2013/028 final - 2013/0028 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a bhaineann le margadh na seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a oscailt /* COM/2013/028 final - 2013/0028 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Sa Pháipéar Bán ón gCoimisiún 2011 maidir
le beartas iompair a glacadh an 28 Márta 2011[1], léiríodh fís an Choimisiúin de
Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid áit ina bhféadfadh gnóthais iarnróid Eorpacha
seirbhísí a sholáthar gan bacainní teicniúla ná riaracháin nach gá. Aithnítear in go leor beartas tionscnaimh go
bhféadfadh bonneagair iarnróid a bheith mar chrann seasta inbhuanaithe don
mhargadh inmheánach agus mar cheann tiomána le haghaidh fáis inbhuanaithe. Leagadh
béim i gConclúidí ón gComhairle Eorpach Eanáir 2012 ar an tábhacht a
bhaineann le hacmhainneacht fáis Margaidh Aonair a bheadh comhtháite ina
iomláine a shaothrú, lena n‑áirítear bearta i dtaca le tionscail líonra.
Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le beart le haghaidh Cobhsaíochta,
Fáis agus Post a glacadh an 30 Bealtaine 2012, leagadh an‑bhéim
ar an tábhacht a bhaineann leis an ualach rialála agus bacainní iontrála a
laghdú tuilleadh san earnáil iarnróid. Sa tslí chéanna, le Teachtaireacht ón
gCoimisiún maidir le rialachas an mhargaidh aonair a neartú[2], a glacadh ar an 6 Meitheamh 2012,
cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann leis an earnáil iarnróid. Le deich mbliana anuas, tugadh isteach trí
'phacáiste iarnróid' a raibh sé mar chuspóir acu na margaí náisiúnta a oscailt
agus a dhéanamh níos iomaíche agus níos idir-inoibrithí ar leibhéal an AE. Le
Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do
phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar, a foilsíodh Nollaig 2007, leagadh amach
creat i gcomhair conarthaí seirbhíse poiblí, mar a dhámhtar iad agus cúiteamh
airgeadais i leith oibleagáidí seirbhíse poiblí ach gan cur chuige coiteann
maidir le dámhachtain conarthaí d'iompar paisinéirí d'iarnród. In ainneoin
reachtaíocht nua an AE, is beag fós cion módach an iarnróid i dtaca le hiompar
laistigh den AE. 1.2 Fadhbanna le réiteach Faoin
gcreat dlíthiúil mar atá, measann geallsealbhóirí nach bhfuil soláthar
seirbhísí do phaisinéirí d'iarnród ag feidhmiú go sásúil i dtaca le caighdeán seirbhísí
agus éifeachtúlacht oibríochtúil. Léirigh 54 % de fhreagróirí ar shuirbhé
Eorabharaiméadair 2012 go raibh siad míshásta lena gcóras iarnróid
náisiúnta agus réigiúnach. Laistigh de Chlár Scóir an Mhargaidh Tomhaltóirí
2011[3], ar an iomlán bhí 6.7/10 de
phaisinéirí traenach sásta, i bhfad níos lú ná mar a bheadh i gcás fhormhór na n‑earraí
tomhaltais agus seirbhísí. I measc tomhaltóirí faigheann seirbhísí iarnróid
scór níos measa ná gach aon mhodh iompair eile (fuair iompar uirbeach agus
aerlínte go háirithe scór níos fearr) agus tá siad aicmithe sa 27ú áit as 30
margadh seirbhíse. Tá bearnaí suntasacha san éifeachtúlacht oibríochtúil idir
na córais iarnróid is feidhmiúla agus na córais is neamhfheidhmiúla. Léiríonn
na bearnaí seo na difríochtaí suntasacha in úsáid sócmhainní mar atá rothra
iarnróid agus bonneagar chomh maith le táirgiúlacht oibre. As na bearnaí seo
san éifeachtúlacht oibríochtúil tagann gá suntasach le maoiniú poiblí i
gcomparáid le hearnálacha eacnamaíocha eile (gan maoiniú bonneagair san
áireamh) toisc mórán gnóthas iarnróid a bheith ag cailleadh airgid. Tá roinnt mhaith bacainní ann ar chaighdeán
seirbhíse agus éifeachtúlacht oibríochtúil a fheabhsú. Ar an gcéad dul síos
baineann na bacainní seo le rochtain ar an margadh do sheirbhísí intíre do
phaisinéirí agus easpa brú iomaíoch a bheith ann. I mórán Ballstát ní
cheadaítear aon chomórtas sa mhargadh seo, ní hamháin mar sin go gcuirtear
srian le fás, ach cruthaíonn sé éagothromaíochtaí idir na Ballstáit sin a
bhfuil a margaí oscailte acu agus iadsan nach bhfuil. I ngeall ar chur chuige
difriúil a bheith ag na náisiúin éagsúla chun an margadh le haghaidh seirbhísí intíre
iompair do phaisinéirí d'iarnród a oscailt cuirtear cosc ar fhorbairt Margaidh
Inmheánaigh fhírinnigh do sheirbhísí do phaisinéirí d'iarnróid. Ní sholáthraítear an mórthromlach mór de
sheirbhísí intíre do phaisinéirí ar bhonn tráchtála, áfach, agus mar sin is
faoi chonarthaí seirbhíse poiblí a sholáthraítear é. Os rud é nach bhfuil aon
chomhrialacha AE i bhfeidhm ar dhámhachtain conarthaí den sórt sin, tá roinnt
Ballstát tar éis tairiscint iomaíoch i dtaca leis na conarthaí sin a thabhairt
isteach, ach i mBallstáit eile dámhtar go díreach iad. Leis an éagsúlacht seo
sna córais rialála san AE bíonn sé deacair do na cuideachtaí iarnróid leas a
bhaint as an acmhainneacht iomlán a bhaineann le hoibriú i Margadh Inmheánach.
Dá bhrí sin, cumhdaítear sa phacáiste reachtach seo ceist an chomórtais i dtaca
le conarthaí seirbhíse poiblí, bacainní ar an iomaíocht sin amhail rochtain ar
rothra oiriúnach do thairgeoirí a d'fhéadfadh a bheith ag cur isteach ar
chonarthaí mar iad, agus rochtain neamh‑idirdhealaitheach ar chórais
faisnéise agus ar chórais chomhtháite ticéadaithe i gcás ina dtéann siad chun
leas an phaisinéara. 1.3 Cuspóirí Ginearálta Is é príomhchuspóir bheartas iompair an
Aontais Eorpaigh ná margadh inmheánach iompair a bhunú ag cur le hardleibhéal
iomaíochais agus le forbairt chomhchuí chothromúil inbhuanaithe ar
ghníomhaíochtaí eacnamaíocha. Sa Pháipéar Bán maidir le hIompar 2011
sonraítear gur cheart iompar d'iarnród a a bheith i gceist sa chuid is mó den
iompar paisinéirí meán‑achair a dhéanfar faoi 2050. Chuirfeadh 'an t‑aistriú
cóir iompair' seo le laghdú 20 % ar astaíochtaí ghás ceaptha teasa dá
bhforáiltear i gClár Oibre Eoraip 2020 le haghaidh fáis chliste,
inbhuanaithe agus chuimsitheach[4].
Baineadh de thátal sa Pháipéar Bán nach mbeadh aon mhórathrú i gcúrsaí
iompair gan tacaíocht ó bhonneagar iarnróid leordhóthaineach agus cur chuige
níos cliste i leith a úsáide. Is é cuspóir foriomlán an togra seo, mar chuid
den Cheathrú Pacáiste ná caighdeán seirbhísí do phaisinéirí a fheabhsú agus cur
lena n‑éifeachtúlacht oibríochtúil agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar
iomaíochas agus ar tharraingteacht an iarnróid vis‑à-vis móid iompair
eile agus tuilleadh forbartha á chur leis an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid. 1.4 Cuspóirí Sonracha Cuimsítear sa togra seo na comhrialacha maidir
le dámhachtain conarthaí seirbhíse poiblí i dtaca le hiompar paisinéirí
d'iarnród chomh maith leis na bearta a ghabhann leis chun cur leis an rath ar
nósanna imeachta tairisceana iomaíocha . Tá sé mar chuspóir ag an tairiscint iomaíoch
éigeantach i gcomhair conarthaí seirbhíse poiblí ná an brú iomaíoch ar na
margaí iarnróid intíre a threisiú, chun líon na seirbhísí do phaisinéirí a
mhéadú agus chun caighdeán na seirbhísí sin a fheabhsú. Trí thairiscint
iomaíoch i gcomhair conarthaí iarnróid is féidir luach níos fearr ar an airgead
a chaitear ar sheirbhísí iompair poiblí áirithiú. Cuireann comhrialacha i dtaca
leis an nós imeachta dámhachtana le dálaí gnó níos aonfhoirmí a chruthú do
chuideachtaí iarnróid. Ní mór féachaint ar na moltaí seo i dtaca leis na
leasuithe molta sin ar Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 21 Samhain 2012 lenar bunaíodh limistéar aonair
iarnróid Eorpach (athmhúnlú) [5],
lena dtugtar isteach cearta oscailte i dtaca le rochtain do ghnóthais iarnróid
agus lena neartaítear na forálacha sin maidir le rochtain neamh‑idirdhealaitheach
ar an mbonneagar iarnróid. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Ar mhaithe le tacú leis an gCoimisiún i
bpróiséas an mheasúnaithe tionchair, fágadh faoi chomhairleoir seachtrach
staidéar tacaíochta a ullmhú agus tabhairt faoi chomhairliúchán spriocdhírithe.
Tosaíodh ar an staidéar Nollaig 2011 agus seachadadh an tuarascáil deiridh
Meán Fómhair 2012. Baineadh feidhm as réimse leathan modhanna
comhairliúcháin spriocdhírithe chun tuairimí geallsealbhóirí a bhailiú. Ón
1 Márta 2012 go dtí an 16 Aibreán 2012 cuireadh ceistneoirí
saincheaptha chuig 427 geallsealbhóir bainteach leis an iarnród (gnóthais
iarnróid, bainisteoirí bonneagair, aireachtaí iompair phoiblí, údaráis
sábháilteachta, aireachtaí, comhlachtaí ionadaíochta, eagraíochtaí oibrithe
srl.) . Bailíodh tuairimí na bpaisinéirí trí shuirbhé Eorabharaiméadair a
cuireadh chuig 25,000 freagróir a bhí scaipthe go cothrom thar na
25 Ballstát a bhfuil iarnróid acu. Baineadh feidhm as gréasán Choiste na
Réigiún chun teacht ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha. Comhlánaíodh na comhairliúcháin trí bhíthin
éisteachta geallsealbhóirí ar an 29 Bealtaine 2012 (le tuairim is
85 rannpháirtí) comhdháil (le tuairim is 420 rannpháirtí) an
24 Meán Fómhair 2012 agus trí agallaimh le geallsealbhóirí faoi leith
i rith 2012. Bhuail foireann an Choimisiúin le hionadaithe ó Phobal na nIarnród
Eorpach (thar ceann na gcuideachtaí iarnróid), Oibreoirí Iompair do Phaisinéirí
na hEorpa, Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa, Cónaidhm Phaisinéirí na hEorpa,
Bainisteoirí Bhonneagar Iarnróid na hEorpa agus an CIIP – an Comhlachas
Idirnáisiúnta Iompair Phoiblí). Eagraíodh cruinnithe tiomnaithe le
geallsealbhóirí sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Ísiltír, sa Pholainn, sa
tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe freisin. D'aontaigh tromlach na bhfreagróirí (60 %) go
spreagfaí chomhtháthú an mhargaidh le cearta rochtana oscailte nua breise nó le
hiomaíocht éigeantach tairisceana nó le meascán den dá rud. Bhí rochtain
oscailte d'iompar intíre paisinéirí d'iarnróid faoi réir scrúdú cóimheá
eacnamaíche lena ndéanfaí measúnú ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aici ar
inmharthanacht conarthaí seirbhíse poiblí ar an rogha ab fhearr leis na
freagróirí (55 % de fhreagróirí). Bhí dearcadh an‑diúltach i leith
na socruithe reatha ( gan ach 20 % ag tacú leo). Tá ionadaithe oibreoirí
den tuairim go mbeidh dálaí oibre níos measa agus stailceanna mar thoradh ar
aon oscailt ar an margadh le haghaidh seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí
d'iarnród. Maidir le tairiscint iomaíoch éigeantach, bhí
45 % d'fhreagróirí i bhfábhar roghanna solúbtha amhail sa nós imeachta
idirbheartaíochta i dtaca le soláthar poiblí agus idirthréimhsí chun na
conarthaí seirbhíse poiblí ar fad a chur amach ar tairiscint (80 %
d'fhreagróirí ). D'aontaigh tromlach na bhfreagróirí (60 %) gur
mhór an chabhair í cuideachtaí léasúcháin rothra a chur ar bun chun rochtain ar
rothra a fheabhsú agus bhí mórthromlach (75 %) ag lorg rochtain iomlán ar
fhaisnéis theicniúil arna soláthar ag bainisteoir an bhonneagair. Maidir le
ticéadú comhtháite, tugadh tús áite d'fhorálacha neamhcheangailteacha nó
clásail chumasúcháin i ndáil le comhaontuithe deonacha seachas bearta
éigeantacha ar leibhéal an AE nó na mBallstát. Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um
Agallamh Sóisialta Earnálach ar an 26 Márta agus ar an 19 Meitheamh,
go háirithe mar gheall ar na roghanna agus ar an measúnú ar a dtionchar
sóisialta. Bunaithe ar an staidéar seachtrach thuasluaite
agus ar na conclúidí ón bpróiseas comhairliúcháin ,rinne an Coimisiún measúnú
cáilíochtúil agus cainníochtúil ar thionchar na roghanna éagsúla chun an creat
rialála atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta. Ba léir ón measúnú tionchair go n‑éireodh
níos fearr le teaglaim roghanna mar a leanas ó thaobh tionchair eacnamaíoch,
comhshaoil agus shóisialta de chun glanluach láithreach idir
EUR 21 billiún agus EUR 29 billiún a ghiniúint ó 2019 go
2035. –
cearta rochtana oscailte ar cearta iad a mbeadh
sainmhíniú leathan leo agus a bheadh faoi réir scrúdú ar a dtionchar ar
chóimheá eacnamaíoch conarthaí seirbhíse poiblí; –
conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain ar
bhonn iomaíoch; –
córais dheonacha náisiúnta chomhtháite ticéadaithe;
agus –
oibleagáid ar Bhallstáit rochtain neamh‑idirdhealaitheach
ar rothra oiriúnach do ghnóthais iarnróid ar mian leo páirt a ghlacadh sa nós
imeachta tairisceana poiblí a áirithiú. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1 Sainmhíniú ar údarás áitiúil inniúil
(Airteagal 2, pointe c) Cuireann an leasú seo le deimhneacht
dhlíthiúil trína shonrú gurb é atá i gceist le 'húdarás áitiúil inniúil' ná
ceirtleáin uirbeacha nó ceantair tuaithe, ní limistéir mhóra de na críocha
naisiúnta. 3.2 Sonraíochtaí ar mar a shainíonn
údaráis inniúla oibleagáidí seirbhíse poiblí agus an raon feidhme geografach i
ndáil le conarthaí seirbhíse poiblí (Airteagal 2, pointe (e) agus Airteagal nua 2a) Déantar foráil san Airteagal seo maidir
le nós imeachta a bheadh solúbtha ach fós a bheadh ar bhonn foirmiúil agus
trédhearcach lena bhféadfaí oibleagáidí seirbhíse poiblí agus an raon feidhme
geografach i ndáil le conarthaí seirbhíse poiblí a shainiú, má mheasann údaráis
inniúla gur gá idirghabháil phoiblí chun leibhéal soghluaisteachta a áirithiú a
bheadh inmhianaithe go polaitiúil sa chríoch a dtagann faoina gcúram.
Ceanglaítear ar na húdaráis inniúla pleananna iompair phoiblí a bhunú ag sainiú
cuspóirí beartas poiblí iompair do phaisinéirí agus patrúin soláthair agus
feidhmíochta d'iompar poiblí do phaisinéirí. Ceanglaítear freisin ar na
húdaráis inniúla údar maith a thabhairt le cineál agus raon na n‑oibleagáidí
seirbhíse poiblí a bhfuil sé i gceist acu a chur i bhfeidhm ar oibreoirí
iompair phoiblí agus raon feidhme an chonartha seirbhíse poiblí d'fhonn na
cuspóirí atá sainithe sna pleananna iompair phoiblí a bhaint amach. Ní foláir
dóibh critéir a chur i bhfeidhm a bheadh bunaithe ar phrionsabail ghinearálta
an Chonartha amhail iomchuibheas, riachtanas agus comhréireacht chomh maith le
critéir eacnamaíocha amhail éifeachtúlacht costais agus inbhuanaitheacht
airgeadais. Leis an Airteagal seo ceanglaítear freisin ar an údarás
inniúil a áirithiú go mbeidh comhairliúchán iomchuí leis na páirtithe
leasmhara, e.g. eagraíochtaí paisinéirí agus fostaithe agus oibreoirí iompair.
Maidir le hiompar d’iarnród, tá gá le comhlachtaí rialála iarnróid
neamhspleácha chun athbhreithniú dlithiúil ar an nós imeachta seo a áirthiú.
Ina theannta sin, leagtar síos tairseach i gcomhair iompair do phaisinéirí
d’iarnród i dtaca le huasmhéid i leith gach conradh seirbhíse poiblí, ar shlí
sholúbtha, d'fhonn iomaíocht éifeachtúil a áirithiú agus aird á tabhairt ar
thoisí éagsúla agus ar struchtúir riaracháin na margaí paisinéirí d’iarnród sna
Ballstáit. 3.3 Sóláthar faisnéise oibríochtúla,
teicniúla agus airgeadais maidir le hiompar poiblí paisinéirí arna chumhdach le
conradh seirbhíse poiblí a chuirfear amach ar tairiscint (Airteagal 4(6)
agus Airteagal 4(8) nua) Leis an bhforáil nua seo in Airteagal 4(8)
ní foláir d'údaráis inniúla faisnéis áirithe oibríochtúil, theicniúil agus
airgeadais a sholáthar do thairgeoirí a d'fhéadfadh a bheith ag cur isteach ar
chonarthaí seirbhíse poiblí chun gur féidir leo tairiscint fheasach a chur
isteach rud a áiritheoidh dá bhrí sin go gcuirfear leis an iomaíocht. Le leasú
Airteagail 4(6) soiléirítear nach foláir d'údaráis inniúla a shonrú go soiléir
sna doiciméid tairisceana cibé acu a chuireann siad de cheangal ar oibreoirí
seirbhíse poiblí caighdeáin shóisialta nó critéir a chomhlíonadh nó nach
gcuireann. 3.4 Uasteorainneacha i gcomhair
dámhachtana dírí i gcás conarthaí de mhéid íseal agus i gcás fiontar beag agus
meánmhéide (Airteagal 5(4)) Leis an bhforáil seo tugtar isteach
uasteorainneacha sonracha ar luach dhámhachtainí díreacha i gcás conarthaí de
mhéid íseal san iompar d’iarnród. Tá na teorainneacha reatha dírithe ar iompar
de bhus agus ar mhodhanna iompair eile rianbhunaithe seachas iompar d’iarnród.
Leanann an teorainn mholta d'iarnród an loighic a bhaineann le dámhachtain
dhíreach a cheadú más rud é gur mó an costas chun an nós imeachta tairisceana a
chur le chéile ná na buntáistí lena mbeifí ag súil. Freagraíonn an teorainn
chomhfhreagrach ó thaobh ciliméadar-traenach de an meánchostas aonaid chun
iompar d’iarnród a sholáthar. 3.5 Dámhachtain iomaíoch éigeantach
conarthaí iarnróid (Airteagal 5(6) agus Airteagal 4) Le scriosadh Airteagal 5(6) cuirtear
deireadh leis an deis ag údaráis inniúla an cinneadh a dhéanamh conradh
seirbhíse poiblí d'iarnród a dhámhachtain go díreach nó é a dhéanamh bunaithe
ar iarratas iomaíoch ar thairiscint. Cuirfear an riail ghinearálta maidir le
tairiscint iomaíoch i bhfeidhm maidir leis an iarnród freisin. 3.6 Srianta ar dhámhachtain (Airteagal nua
5(6)) Chun cur leis an iomaíocht tar éis tairiscint
iomaíoch do chonarthaí iarnróid a thabhairt isteach, cuireann an fhoráil seo le
cumas údarás inniúil a chinneadh go ndámhfar conarthaí d'iompar paisinéirí
d'iarnród, a chlúdaíonn cuid den ghréasán céanna nó den phacáiste bealaí, ar
ghnóthais iarnróid éagsúla. Chun na críche sin, féadfaidh údaráis inniúla
cinneadh a dhéanamh teorainn a chur le líon na gconarthaí a dhámhfar ar an
ngnóthas iarnróid céanna tar éis nós imeachta tairisceana iomaíoch. 3.7 Rochtain ar rothra iarnróid (Airteagal 5a
nua agus Airteagal 9a nua) Agus oibleagáid á cur ar na Ballstáit rochtain
éifeachtach agus neamh‑idirdhealaitheach ar rothra iarnróid a áirithiú
d'oibreoirí ar mian leo seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a
sholáthar téitear i ngleic le mórbhacainn ar iomaíocht éifeachtach do
chonarthaí seirbhíse poiblí. Sna Ballstáit sin nach bhfuil aon mhargaí láidre
léasúcháin do rothra iarnróid iontu tá sé faoi na húdaráis inniúla na bearta a
ghlacadh chun rochtain ar rothra a áirithiú chun an margadh a oscailt. Toisc
nach ionann an cás ná na riachtanais ó thír go tír, áfach, leis an bhforáil nua
seo tugtar raon feidhme leathan d'údaráis inniúla na bearta is iomchuí a roghnú
chun an cuspóir a bhaint amach agus na bearta is mó úsáide san fhoráil á léiriú
acu. Saineofar mionsonraí an nós imeachta agus na bearta is gá chun rochtain ar
rothra a áirithiú trí ghníomhartha cur chun feidhme atá bunaithe ar an nós
imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9a den Rialachán seo. 3.8 Foilsiú faisnéise áirithe i dtaca le
conarthaí seirbhíse poiblí (Airteagal 7(1) agus Airteagal 7(2)). Leis an bhforáil seo cuirtear oibleagáid ar na
húdaráis inniúla faisnéis faoin dáta tosaithe agus fad na gconarthaí seirbhísí
poiblí a áireamh ina dtuarascálacha bliantúla faoi oibleagáidí seirbhísí poiblí
chomh maith leis an bhfaisnéis a chur ina bhfógraí réamhfhaisnéise faoi nósanna
imeachta tairisceana mar atá beartaithe. Leis an bhfaisnéis bhreise seo agus
leis an oibleagáid atá ar Bhallstáit rochtain ar na tuarascálacha bliantúla
arna bhfoilsiú ag údaráis inniúla a fhoilsiú cuirfear le trédhearcacht na
gconarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain agus an dóchúlacht go ndámhfar
conarthaí nua sa todhchaí agus dá bhrí sin éascófar ullmhúchán na n‑oibreoirí
iompair i dtaca le nósanna imeachta tairisceana amach anseo. 3.9 Idirthréimhse arna chur i bhfeidhm
maidir le tairiscint iomaíoch (Airteagal 8(2)) Leis an bhforáil seo is léir nach mbaineann an
idirthréimhse deich mbliana go 2 Nollaig 2019 ach le hAirteagal 5(3)
amháin maidir leis an oibleagáid atá curtha ar údaráis inniúla nós imeachta
tairisceana iomaíoch a eagrú. Tá na forálacha eile uile in Airteagal 5
infheidhme láithreach (e.g. an rogha dámhachtain dhíreach a dhéanamh ar
oibreoir inmheánach, i gcás conartha de mhéid íseal nó mar bheart éigeandála
agus athbhreithniú dlíthiúil ar an gcinneadh um dhámhachtain). 3.10 Idirthréimhse do chonarthaí iarnróid
arna ndámhachtain go díreach atá ann cheana (Airteagal 8(2a) nua) Leis an bhforáil seo tugtar isteach
idirthréimhse bhreise do chonarthaí seirbhíse poiblí iarnróid arna ndámhachtain
go díreach idir 1 Eanáir 2013 agus 2 Nollaig 2019.
Féadfaidh na conarthaí sin feidhmiú mar atá go dtí go dtéann siad in éag ach go
dtí 31 Nollaig 2022 amháin ar a dhéanaí. Do na gnóthais iarnróid a
bhain sochar as an gconradh seirbhíse poiblí a dámhadh go díreach tugann sé seo
dóthain ama dóibh iad féin a chur in oiriúint do na nósanna imeachta tairisceana
iomaíocha agus ullmhú chucu. 3.11 Bhain na hoiriúnuithe ar fhorálacha Rialacháin
(CE) Uimh. 1370/2007 le díolúine maidir le fógra a thabhairt i ndáil
le státchabhair agus leis na coinníollacha a bhain le comhoiriúnacht i ndáil le
státchabhair faoi réir cheanglais an Chonartha. Sna dréachtleasuithe ar Rialachán (CE) Uimh.
994/98 (Rialachán Cumasúcháin)[6]
ón gCoimisiún, moladh leasú eile freisin ar an Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007,
i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 108(4) agus in
Airteagal 109 den Chonradh, lena dtabharfar cabhair le haghaidh iompar a
chomhordú nó aisíocaíocht as oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh, ar ghné dhílis
de choincheap na seirbhíse poiblí é, dá dtagraítear in Airteagal 93 den
Chonradh faoi réir an Rialacháin Cumasúcháin. Faoi láthair, tá an Coimisiún ag
súil le Rialachán blocdhíoluine iarmhartach amach anseo chun an tsubstaint den
díolúine atá ann cheana a atáirgeadh, ach ámhain sa mhéid is go leasaítear
Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 leis an togra reachtach seo maidir
leis an earnáil iompair. Togra le haghaidh RIALACHÁIN ón gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 994/98 an 7 Bealtaine
1998 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 92 agus Airteagail 93 den Chonradh ag
bunú an Chomhphobail Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe státchabhrach cothrománaí
agus Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí
iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar, COM(2012) 730 final 5.12.2012
2013/0028 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007
a bhaineann le margadh na seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a
oscailt (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[7],
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[8], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Le deich mbliana anuas, níor
leor an fás ar thrácht paisinéirí d’iarnród chun a chion módach a mhéadú i
gcomparáid le gluaisteáin agus le heitlíocht. Níl mórán athraithe tagtha ar an
gcion módach 6 % d'iompar paisinéirí atá ag iarnróid san Aontas Eorpach.
Níor fhan seirbhísí iarnróid do phaisinéirí ar aon leibhéal leis na riachtanais
atá ag teacht chun cinn ó thaobh fála agus cáilíochta de. (2) Tá margadh an Aontais do
sheirbhísí iompair do phaisinéirí idirnáisiúnta oscailte don iomaíocht ó 2010 i
leith. Chomh maith leis sin, d'oscail roinnt Ballstát a gcuid seirbhísí
paisinéirí intíre don iomaíocht, trí chearta rochtana oscailte a thabhairt
isteach nó conarthaí seirbhíse poiblí a chur ar tairiscint, nó an dá rud. (3) Sa Pháipéar Bán maidir le
beartas iompar uaidh an 28 Márta 2011[9],
d'fhógair an Coimisiún go raibh sé i gceist aige an margadh inmheánach iarnróid
a thabhairt chun críche, trí chead a thabhairt do ghnóthais iarnróid an Aontais
seirbhísí iompair iarnróid de gach cineál a sholáthar gan bhacainní teicniúla
agus riaracháin nach gá. (4) Agus a gcuid seirbhísí poiblí
iompair do phaisinéirí á n‑eagrú ag údaráis inniúla, is gá dóibh a
áirithiú go mbeidh oibleagáidí seirbhíse poiblí agus raon feidhme geografach na
gconarthaí seirbhíse poiblí oiriúnach, riachtanach agus comhréireach chun
cuspóirí an bheartais phoiblí iompair do phaisinéirí a bhaint amach ina
gcríoch. Ba cheart an beartas seo a leagan amach i bpleananna iompair phoiblí
ina bhfágtar deiseanna ar réitigh iompair mhargadh‑bhunaithe. Ba cheart
an próiseas faoina ndéantar pleananna iompair phoiblí agus oibleagáidí
seirbhíse poiblí a shainiú a bheidh trédhearcach do na geallsealbhóirí
ábhartha, lena n‑áirítear iad siúd a d'fhéadfadh dul isteach sa mhargadh. (5) D'fhonn maoiniú stuama a áirithiú
chun cuspóirí na bpleananna iompair phoiblí a bhaint amach, is gá do na
húdaráis inniúla oibleagáidí seirbhíse poiblí a dhearadh chun cuspóirí iompair
phoiblí a bhaint amach ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais de, ag
tógáil an cúiteamh don iarmhairt ghlan airgeadais a bheidh ag na hoibleagáidí
sin san áireamh, agus is gá dóibh inbhuanaitheacht fhadtéarmach airgeadais an
iompair phoiblí arna chur ar fáil faoi chonarthaí seirbhíse poiblí a áirithiú. (6) Tá sé thar a bheith
tábhachtach go gcomhlíonfadh na húdaráis áitiúla na critéir seo maidir le
hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus raon feidhme na gconarthaí seirbhíse poiblí
le go bhfeidhmeoidh an margadh d'iompar poiblí paisinéirí d’iarnród go réidh,
mar gur ghá oibríochtaí iompair le rochtain oscailte a chomhordú go maith le
seirbhísí iompair ar conradh seirbhíse poiblí. Ar an gcúis sin, ba cheart don
chomhlacht neamhspleách rialála iarnróid a áirithiú go gcuirfear an próiseas
seo i bhfeidhm i gceart agus go mbeidh sé trédhearcach. (7) Is gá uasteorainn bhliantúil
conartha seirbhíse poiblí d'iompar paisinéirí d’iarnród a shocrú chun iomaíocht
a éascú do chonarthaí den sórt sin agus solúbthacht áirithe a fhágáil ag na
húdaráis inniúla ag an am céanna chun an líon paisinéirí a bharrfheabhsú
bunaithe i gcomhréir le dálaí eacnamaíocha agus oibríochtúla. (8) Chun ullmhú tairiscintí a
éascú, agus iomaíocht a fheabhsú dá réir sin, tá sé tábhachtach go n‑áiritheoidh
údaráis inniúla go bhfaighidh gach oibreoir seirbhíse poiblí ar suim leo
tairiscint a sheoladh isteach faisnéis áirithe maidir leis na seirbhísí iompair
agus an bonneagar a chumhdaítear faoin gconradh seirbhíse poiblí. (9) Is gá uasteorainneacha
áirithe chun conarthaí seirbhíse poiblí d'iompar iarnróid a bhronnadh go
díreach a chur in oiriúint do na dálaí eacnamaíocha ar leith faoinar eagrófar
nósanna imeachta tairisceana san earnáil seo. (10) Chun Margadh Inmheánach do
sheirbhísí iompair do phaisinéirí d’iarnród a bhunú, tá rialacha comhchoiteanna
maidir le córas tairiscintí iomaíocha le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí de
dhíth san earnáil seo a chuirfear i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe i ngach
Ballstát. (11) I bhfianaise dálaí creata a
chruthú le cur ar chumas na sochaí leas iomlán a bhaint as na tairbhí a
eascraíonn as oscailt éifeachtach mhargadh na seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí
d'iarnród, is gá do Bhallstáit leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta a
áirithiú d'fhoireann na n‑oibreoirí seirbhíse poiblí. (12) I gcásanna nach ndéanann an
margadh rochtain na n‑oibreoirí seirbhíse poiblí ar rothra iarnróid a
áirithiú faoi dhálaí eacnamaíocha oiriúnacha neamh‑idirdhealaitheacha, is
gá do na húdaráis inniúla an rochtain sin a éascú le bearta leordhóthanacha
éifeachtacha. (13) Is gá roinnt príomhghnéithe de
nósanna imeachta tairisceana do chonarthaí seirbhíse poiblí atá ag teacht aníos
a bheith iomlán trédhearcach le go n‑eagrófar freagairt níos fearr sa
mhargadh. (14) I gcomhréir le loighic
inmheánach Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, ba cheart a dhéanamh soiléir
nach bhfuil an idirthréimhse go dtí an 2 Nollaig 2019 ag tagairt ach
don oibleagáid nósanna imeachta tairisceana iomaíocha a eagrú do chonarthaí
seirbhíse poiblí agus don oibleagáid sin amháin. (15) Le gnóthais iarnróid a ullmhú
do chóras éigeantach tairiscintí iomaíocha na gconarthaí seirbhíse poiblí,
beidh roinnt ama breise de dhíth chun athstruchtúrú éifeachtach inbhuanaithe
inmheánach a dhéanamh ar chuideachtaí ar bronnadh conarthaí den sórt sin orthu
go díreach roimhe seo. Tá bearta idirthréimhseacha riachtanach dá bhrí sin le
haghaidh conarthaí a bhronnfar go díreach idir dáta theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo agus an 3 Nollaig 2019. (16) Tar éis margadh na seirbhísí intíre
iompair do phaisinéirí d'iarnród a oscailt, os rud é go bhféadfadh sé go mbeidh
ar údaráis inniúla bearta a ghlacadh chun leibhéal ard iomaíochta a áirithiú
trí theorainn a chur le líon na gconarthaí a bhronnfar ar aon ghnóthas iarnróid
amháin, ba cheart forálacha leordhóthanacha a dhéanamh. (17) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme Airteagal 5a den
Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don
Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán
(AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus prionsabail
ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí le haghaidh rialú na mBallstát ar
fheidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[10]. (18) I gcomhthéacs na leasuithe ar
Rialachán (CE) Uimh. 994/98 (An Rialachán Cumasúcháin)[11], mhol an Coimisiún leasú
freisin ar Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 (COM(2012) 730/3). D'fhonn
an cur chuige i leith rialacháin bhlocdhíolúine a chomhchuibhiú i réimse na
Státchabhrach agus, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 108(4)
agus Airteagal 109 den Chonradh, ba cheart cabhair chun comhordú a
dhéanamh ar iompar nó aisíocaíocht chun oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh a
bhaineann go dlúth le coincheap na seirbhíse poiblí dá dtagraítear in Airteagal 93
den Chonradh a thabhair faoi raon feidhme an Rialacháin Chumasúcháin. (19) Ba cheart, da bhrí sin,
Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a leasú dá réir sin, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007
mar a leanas: 1. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad phointe (c) d'Airteagal 2: "(c) ciallaíonn "údarás áitiúil
inniúil" aon údarás inniúil le réimse geografach inniúlachta nach réimse
náisiúnta é agus a chumhdaíonn na riachtanais iompair atá ag ceirtleán uirbeach
nó ag ceantar tuaithe;" b) Is comhlánú ar phointe (e) d'Airteagal 2
an méid seo a leanas: "Eisiafar ó raon feidhme na n‑oibleagáidí
seirbhíse poiblí gach seirbhís iompair phoiblí a théann tar a bhfuil gá leis
chun iarmhairtí áitiúla, réigiúnacha nó fo‑náisiúnta gréasáin a bhaint
amach. 2. Cuirtear isteach Airteagal 2a
seo a leanas: "Airteagal 2a Pleananna iompair phoiblí agus oibleagáidí
seirbhíse poiblí 1. Bunóidh údaráis inniúla pleananna iompair
phoiblí do phaisinéirí a chumhdóidh gach mód iompair ábhartha don chríoch a
bhfuil freagracht acu aisti agus tabharfaidh siad na pleananna sin bord ar bord
leis an aimsir go rialta. Saineofar sna pleananna iompair phoiblí sin cuspóirí
an bheartais iompair phoiblí agus na modhanna lena gcuirfear chun feidhme iad a
chumhdóidh gach mód iompair ábhartha don chríoch a bhfuil freagracht ag an
údarás aisti. Cuimseoidh siad na nithe seo a leanas ar a laghad: (a)
struchtúr an ghréasáin nó na mbealaí; (b)
buncheanglais atá le comhlíonadh ag tairiscint
iompair phoiblí cosúil le hinrochtaineacht, nascacht chríochach, slándáil,
idirnaisc mhódacha agus idirmhódacha ag na príomh‑mhoil nascachta,
tréithe na tairisceana cosúil le huaireanta oibríochta, minicíocht na seirbhísí
agus íosmhéid úsáide acmhainne. (c)
caighdeáin cháilíochta a bhaineann le míreanna
cosúil le gnéithe an trealaimh ag stadanna agus ar rothra, poncúlacht agus
iontaofacht, glaineacht, seirbhís agus faisnéis do chustaiméirí, láimhseáil na
ngearán agus cúiteamh, faireachán ar cháilíocht na seirbhíse; (d)
prionsabail a bhaineann leis an mbeartas taraife; (e)
ceanglais oibríochtúla cosúil le rothair a iompar,
bainistíocht tráchta, plean teagmhasach i gcás ina gcuirtear isteach ar an
tseirbhís. Agus pleananna iompair poiblí á mbunú acu,
féachfaidh na húdaráis áitiúla go háirithe ar rialacha is infheidhme maidir le
cearta paisinéirí agus cosaint shóisialta, fostaíochta agus an chomhshaoil. Glacfaidh na húdaráis inniúla na pleananna iompair
phoiblí i ndiaidh comhairliúcháin le geallsealbhóirí ábhartha agus foilseofar
iad. Chun críche an Rialacháin seo, cuimseofar oibreoirí iompair, bainisteoirí
bonneagair más cuí agus eagraíochtaí ionadaíocha paisinéirí agus fostaithe ar a
laghad i measc na ngeallsealbhóirí a bheidh le tógáil san áireamh. 2. Beidh na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a
bhunófar agus na conarthaí seirbhíse poiblí a bhronnfar ag teacht leis na
pleananna iompair phoiblí is infheidhme. 3. Bunófar sonraíochtaí na n‑oibleagáidí
seirbhíse poiblí d'iompar poiblí paisinéirí agus an raon feidhme maidir lena
gcur i bhfeidhm mar seo a leanas: (a)
saineofar iad i gcomhréir le hAirteagal 2 (e); (b)
beidh siad iomchuí chun cuspóirí an phlean iompair
phoiblí a bhaint amach; (c)
ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach agus
comhréireach chun cuspóirí an phlean iompair phoiblí a bhaint amach. Sa mheasúnú ar iomchuibheas dá dtagraítear i
bpointe (b) tógfar san áireamh an modh oiriúnach é idirghabháil phoiblí i ndáil
le hiompar paisinéirí a sholáthar oiriúnach chun cuspóirí na bpleananna iompair
phoiblí a bhaint amach. Maidir le hiompar poiblí paisinéirí d’iarnród, sa
mheasúnú ar a bhfuil riachtanach agus comhréireach dá dtagraítear i bpointe
(c), tógfar san áireamh na seirbhísí iompair arna soláthar faoi Airteagal 10(2)
den Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012
lena mbunaítear limistéar aonair iarnróid Eorpach (athmhúnlú)[12] agus cuirfear san áireamh
freisin an fhaisnéis uile a thugtar do na bainisteoirí bonneagair agus do na
comhlachtaí rialála de bhun na chéad abairte d'Airteagal 38(4) den Treoir
sin. 4. Déanfaidh sonraíochtaí na n‑oibleagáidí
seirbhíse poiblí agus an cúiteamh gaolmhar ar a n‑iarmhairt ghlan
airgeadais an méid seo a leanas: (d)
cuspóirí an phlean iompair phoiblí a bhaint amach
ar an mbealach is éifeachtúla ó thaobh costais de; (e)
soláthar an iompair phoiblí do phaisinéirí a
chothabháil ó thaobh an airgeadais de i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha
síos sa phlean iompair phoiblí go fadtéarmach. 5. Agus na sonraíochtaí á n‑ullmhú
acu, leagfaidh an t‑údarás inniúil doiciméadú amach dréachtshonraíochtaí na
n‑oibleagáidí seirbhíse poiblí agus a raon feidhme, na bunchéimeanna
maidir le measúnú a dhéanamh ar na hoibleagáidí a bheith ag comhlíonadh na
gceanglas atá leagtha síos i mír 2, mír 3 agus i mír 4 agus torthaí an
mheasúnaithe. Rachaidh an t‑údarás inniúil i gcomhairle le
geallsealbhóirí ábhartha, lena n‑áirítear, ar a laghad, oibreoirí
iompair, bainisteoirí bonneagair más cuí agus eagraíochtaí ionadaíocha
paisinéirí agus fostaithe, ar bhealach oiriúnach i ndáil leis na sonraíochtaí
seo agus cuirfidh sé a seasamh san áireamh. 6. I gcás iompair phoiblí paisinéirí
d’iarnród: (f)
áiritheoidh an comhlacht rialála a shainítear in Airteagal 55
den Treoir 2012/34/AE go bhfuil an measúnú agus an nós imeachta atá leagtha
amach in Airteagal 55 ag comhlíonadh fhorálacha an Airteagal seo, lena n‑áirítear
ar a thionscnamh féin. (g)
is é an luach is airde idir 10 milliún km-traenach
agus aon trian de mhéid iomlán náisiúnta an iompair phoiblí paisinéirí faoi
chonradh seirbhíse poiblí an t‑uasmhéid bliantúil a bheidh ar chonradh
seirbhíse poiblí i dtéarmaí km-traenach." 3. Leasaítear Airteagal 4
mar seo a leanas: (b)
I mír 1, cuirfear an méid seo a leanas in ionad
phointe (a): "(a) na hoibleagáidí seirbhíse poiblí atá
leagtha síos in Airteagal 2(e) agus in Airteagal 2a atá le comhlíonadh
ag an oibreoir seirbhíse poiblí, agus na limistéir gheografacha lena mbaineann,
a shainiú go soiléir;" (c)
San abairt dheireanach de mhír 1, cuirfear an méid
seo a leanas in ionad phointe (b): "I gcás conarthaí seirbhíse poiblí nach
mbronntar i gcomhréir le hAirteagal 5(3), cinnfear na paraiméadair seo sa
chaoi is nach féidir le haon íocaíocht cúitimh a bheith níos mó ná an méid atá
de dhíth chun an iarmhairt ghlan airgeadais ar chostais arna dtabhú agus ar
ioncam arna ghiniúint i gcomhlíonadh na n‑oibleagáidí seirbhíse poiblí a
chumhdach, ag tógáil ioncam bainteach arna choinneáil ag an oibreoir seirbhíse
poiblí agus brabús réasúnta san áireamh;" (d)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: "I gcás ina gceanglaíonn údaráis inniúla, i
gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar oibreoirí seirbhíse caighdeáin áirithe
cháilíochta agus shóisialta a chomhlíonadh nó critéir shóisialta agus
cháilíochtúla a bhunú, beidh na caighdeáin agus na critéir sin san áireamh sna
doiciméid tairisceana agus sna conarthaí seirbhíse poiblí." (e)
Cuirtear isteach mír 8 seo a leanas: "8. Déanfaidh údaráis inniúla faisnéis
ábhartha maidir le tairiscint a ullmhú faoi nós imeachta tairisceana iomaíoch a
chur ar fáil do gach páirtí leasmhar. Cuimseofar sa mhéid seo faisnéis maidir
le héileamh ó phaisinéirí, táillí, costais agus ioncaim a bhaineann leis an
iompar poiblí paisinéirí arna chumhdach ag an tairiscint agus sonraí faoi
shonraíochtaí bonneagair atá ábhartha chun na feithiclí nó an rothra atá
riachtanach a oibriú, le cur ar a gcumas pleananna gnó eolasacha a dhréachtú.
Tacóidh bainisteoirí bonneagair iarnróid le húdaráis inniúla chun na
sonraíochtaí bonneagair ábhartha go léir a sholáthar. Beidh neamhchomhlíonadh
na bhforálacha atá leagtha amach thuas faoi réir an athbhreithnithe dhlíthiúil
dá bhforáiltear in Airteagal 5(7)." 4. Leasaítear Airteagal 5
mar seo a leanas: (f)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: "4. Mura dtoirmiscfear sin leis an dlí
náisiúnta, féadfaidh údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh conarthaí seirbhíse
poiblí a bhronnadh go díreach: (a)
má mheastar go bhfuil a meánluach bliantúil: níos
lú ná EUR 1 000 000, nó níos lú ná EUR 5 000 000 i gcás
conartha seirbhíse poiblí ina gcuimsítear iompar poiblí d'iarnróid nó, (b)
má bhaineann siad le soláthar bliantúil de níos lú
ná 300 000 ciliméadar de sheirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí, nó níos
lú ná 150 000 ciliméadar i gcás conartha seirbhíse poiblí ina gcuimsítear
iompar poiblí d'iarnróid. I gcás conartha seirbhíse poiblí arna bhronnadh go
díreach d'fhiontar beag nó meánmhéide nach mó ná 23 an líon feithiclí bóthair a
bheidh á n‑úsáid aige, féadfar na tairseacha sin a mhéadú go dtí
meánluach bliantúil a mheastar a bheith níos lú ná EUR 2 000 000 nó
go soláthar bliantúil seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí atá níos lú ná 600 000
ciliméadar." (g)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: "Féadfaidh údaráis inniúla cinneadh a
dhéanamh go mbronnfar conarthaí d'iompar poiblí paisinéirí d’iarnród a
chumhdóidh codanna den ghréasán céanna nó pacáiste bealaí ar ghnóthais
dhifriúla iarnróid, ar mhaithe le hiomaíocht a mhéadú i measc gnóthas iarnróid.
Chuige sin, féadfaidh na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh sula seolfar an
nós imeachta tairisceana teorainn a chur le líon na gconarthaí a bhronnfar ar
aon ghnóthas iarnróid amháin." 5. Cuirtear isteach Airteagal 5a
seo a leanas: "Airteagal 5a Rothra 1. Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis
na rialacha maidir le Státchabhair, gach beart is gá le rochtain éifeachtach
neamh‑idirdhealaitheach ar rothra a bheidh oiriúnach d'iompar poiblí
paisinéirí d’iarnród a áirithiú d'oibreoirí ar mian leo seirbhísí poiblí
iompair do phaisinéirí d'iarnród a sholáthar faoi chonradh seirbhíse poiblí. 2. I gcásanna nach bhfuil cuideachtaí
léasaithe rothra ann sa mhargadh ábharta óna féidir le gach oibreoir seirbhísí poiblí
iompair do phaisinéirí d’iarnród lena mbainneann rothra dá dtagraítear i mír 1
a léasú faoi dhálaí neamh‑idirdhealaitheacha agus inmharthana ó thaobh
tráchtála, áiritheoidh Ballstáit go nglacfaidh an t‑údarás inniúil riosca
luacha iarmharaigh an rothra chucu féin, i gcomhréir leis na rialacha maidir le
Státchabhair, i gcás ina n‑iarrfaidh oibreoirí a bhfuil sé i gceist acu a
bheith rannpháirteach i nósanna imeachta tairisceana do chonarthaí seirbhíse
poiblí, agus atá in ann a bheith rannpháirteach sna nósanna imeachta sin, an
méid sin a dhéanamh le go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach iontu. Féadfaidh an t‑údarás inniúil an ceanglas
atá leagtha amach sa chéad fhomhír a chomhlíonadh ar cheann amháin de na bealaí
seo a leanas: (a)
tríd an rothra a úsáidtear chun an conradh
seirbhíse poiblí a chomhlíonadh a fháil é féin d'fhonn é a chur ar fáil don
oibreoir seirbhíse poiblí roghnaithe ar phraghas an mhargaidh nó mar chuid den
chonradh seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 4(1)(b), Airteagal 6
agus, más infheidhme, na hIarscríbhinne, (b)
trí ráthaíocht a sholáthar maidir le maoiniú an
rothra a úsáidtear chun an conradh seirbhíse poiblí a chomhlíonadh ar phraghas
an mhargaidh nó mar chuid den chonradh seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 4(1)(b),
Airteagal 6 agus, más infheidhme, na hIarscríbhinne. Féadfaidh ráthaíocht
den sórt sin an riosca luacha iarmharaigh a chumhdach agus na rialacha ábhartha
maidir le státchabhair a urramú más infheidhme iad, (c)
trí thiomantas a thabhairt sa chonradh seirbhíse
poiblí seilbh a ghlacadh ar an rothra ag deireadh an chonartha ar phraghas an
mhargaidh. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b) agus i
bpointe (c), beidh sé de cheart ag an údarás inniúil a chur de cheangal ar an
oibreoir seirbhíse poiblí an rothra a aistriú chuig an oibreoir nua a mbronnfar
conradh air nuair a imeoidh an conradh seirbhíse poiblí in éag. Féadfaidh
an t‑údarás inniúil iallach a chur ar an oibreoir iompair phoiblí nua
seilbh a ghlacadh ar an rothra. Déanfar an t‑aistriú ag rátaí an mhargaidh. 3. Má dhéantar an rothra a aistriú chuig
oibreoir iompair phoiblí nua, cuirfidh an t‑údarás inniúil faisnéis
mhionsonraithe ar fáil sna doiciméid tairisceana faoi chostas cothabhála an
rothra agus faoin riocht fisiciúil atá air. 4. Faoi [18 mí tar éis dáta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo] glacfaidh an Coimisiún bearta ina leagfar amach
sonraí an nós imeachta a bheidh le leanúint chun mír 2 agus mír 3 den Airteagal
seo a chur i bhfeidhm. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir
leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9a(2)." 6. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 6 mír 1: "1. Beidh gach cúiteamh a bhainfidh le riail
ghinearálta nó le conradh seirbhíse poiblí na forálacha i gcomhréir le hAirteagal 4,
is cuma conas a dámhadh an conradh. Beidh gach cúiteamh, cibé cineál é, a
bhainfidh le conradh seirbhíse poiblí nach mbronntar go díreach i gcomhréir le
hAirteagal 5(3) nó nach mbaineann le riail ghinearálta i gcomhréir leis na
forálacha atá leagtha síos san Iarscríbhinn freisin. " 7. Leasaítear Airteagal 7
mar seo a leanas: (h)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: "1. Uair amháin sa bhliain, poibleoidh gach
údarás inniúil tuarascáil chomhiomhlán maidir leis na hoibleagáidí seirbhíse
poiblí a bhfuil sé freagrach astu, dáta tosaigh agus fad na gconarthaí
seirbhíse poiblí, na hoibreoirí seirbhíse poiblí a roghnaíodh agus na
híocaíochtaí cúitimh agus na cearta eisiacha a bronnadh ar na hoibreoirí
seirbhíse poiblí sin trí bhíthin aisíocaíochta. Déanfar idirdhealú sa
tuarascáil idir iompar de bhus agus iompar d’iarnród agus agus is féidir
faireachán agus measúnú ar fheidhmiú, ar cháilíocht agus ar mhaoiniú an
ghréasáin iompair phoiblí a dhéanamh léi, agus más cuí, cuirfear faisnéis ar
fáil inti maidir le cineál agus réim aon chearta eisiacha a dheonaítear.
Éascóidh na Ballstáit rochtain lárnach ar na tuarascálacha seo, mar shampla le
tairseach gréasáin comhchoiteann." (i)
I mír 2, cuirfear pointe seo a leanas isteach: "(d) an dáta tosaigh agus an fad atá beartaithe
don chonradh seirbhíse poiblí." 8. Leasaítear Airteagal 8
mar seo a leanas: (j)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad
fhomhír de mhír 2: "2. Gan dochar do mhír 3, comhlíonfaidh
bronnadh na gconarthaí seirbhísí poiblí d'iarnród seachas móid eile bunaithe ar
ráillí amhail meitreo nó trambhealaí le hAirteagal 5(3) ón 3 Nollaig 2019
ar aghaidh. Ní mór gach conradh seirbhíse poiblí le móid eile atá bunaithe ar
ráillí agus ar bhóthar a bheith bronnta i gcomhréir le hAirteagal 5(3)
faoin 3 Nollaig 2019 ar a dhéanaí. I rith na hidirthréimhse a
rithfidh go dtí an 3 Nollaig 2019, glacfaidh na Ballstáit bearta chun
Airteagal 5(3) a chomhlíonadh de réir a chéile d'fhonn fadhbanna
struchtúracha tromchúiseacha a sheachaint, go háirithe a mhéid a bhaineann le
toilleadh iompair." (k)
Cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas: "2a. Féadfar conarthaí seirbhíse poiblí
d'iompar poiblí paisinéirí d’iarnród a bhronnfar go díreach idir an 1 Eanáir 2013
agus an 2 Nollaig 2019 leanúint ar aghaidh go dtí a ndáta éaga. Ní
leanfaidh siad ar aghaidh tar éis an 31 Nollaig 2022 in aon chás
áfach." (l)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte
deireanaí den dara fomhír de mhír 3: "Féadfaidh na conarthaí dá dtagraítear in (d)
leanúint go dtí go rachaidh siad in éag, ar choinníoll go mbeidh ré theoranta
acu ar aon dul leis na réanna a shonraítear in Airteagal 4." 9. "Cuirtear isteach Airteagal 9a
seo a leanas: Airteagal 9a Nós imeachta coiste 1. Beidh Coiste an Limistéir Aonair Eorpaigh
Iarnróid a bunaíodh faoi Airteagal 62 den Treoir 2012/34/CE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear
limistéar aonair iarnróid Eorpach (athmhúnlú)[13]
de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo,
beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011." Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá
tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Páipéar Bán: Treochlár um Limistéar Iompair Eorpach Aonair – I dtreo córais iompair
atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní; COM(2011)144 [2] Rialachas níos fearr don Mhargadh
Aonair; COIM(2012)259 [3] http://ec.europa.eu/consumers/consumer_research/cms_en.htm; [4] Teachtaireacht ón gCoimisiún:
'EORAIP 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus
uileghabhálach', COM(2010) 2020. [5] IO L 343 an 14.12.2012, lch 32 [6] Togra le haghaidh RIALACHÁIN ón gCOMHAIRLE lena
leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 994/98 an 7 Bealtaine 1998
maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 92 agus Airteagail 93 den Chonradh ag bunú
an Chomhphobail Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe státchabhrach cothrománaí
agus Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí
iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar, COM(2012) 730 final 5.12.2012 [7] IO C , , lch . [8] IO C , , lch . [9] Páipéar Bán: Treochlár um Limistéar Iompair Eorpach Aonair – I dtreo córais iompair
atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní; COM(2011)144 [10] IO L 55, 28.2.2011, lch 13 [11] Togra le haghaidh RIALACHÁIN ÓN
gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 994/98 ón gComhairle an
7 Bealtaine 1998 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 92 agus Airteagal
93 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh i leith catagóirí áirithe
státchabhrach cothrománaí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007
maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar,
COM(2012) 730 final an 5.12.2012 [12] IO L 343 an 14.12.2012, lch 32 [13] IO L 343 an 14.12.2012, lch 32