Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0007

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle chun go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt tíortha a eisiamh ón liosta réigiún nó stat a bhfuil caibidlíochtaí tugtha i gcrích acu (2011/0260(COD))

    /* COM/2013/07 final - 2011/0260 (COD) */

    52013PC0007

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle chun go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt tíortha a eisiamh ón liosta réigiún nó stat a bhfuil caibidlíochtaí tugtha i gcrích acu (2011/0260(COD)) /* COM/2013/07 final - 2011/0260 (COD) */


    2011/0260 (COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis

    an seasamh ón gComhairle chun go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt tíortha a eisiamh ón liosta réigiún nó stat a bhfuil caibidlíochtaí tugtha i gcrích acu (2011/0260(COD))

    1.           Cúlra

    An dáta a seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2011) 0598 final – 2011/0260 (COD)): || 30 Meán Fómhair 2011

    Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: || n.b.

    Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: || 13 Meán Fómhair 2012

    An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle || 11 Nollaig 2012

    2.           Cuspóir an togra ón gCoimisiún

    Sa Rialachán maidir le Rochtain ar an Margadh (MAR) ceadaítear do na tíortha ACC (tíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin) sin a bhfuil caibidlíochtaí (idirthréimhseacha) faoi Chomhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (EPAnna) tugtha i gcrích acu, rochtain saor ó dhleachtanna agus saor ó chuótaí a chur i bhfeidhm go haontaobhach, go réamhtheachtach agus go sealadach faoi dheireadh 2007. Ceapadh an Rialachán mar réiteach sealadach ar feitheamh dhaingniú na gcomhaontuithe chun cur isteach ar thrádáil a sheachaint. Bhí sé bunaithe ar ghealltanas soiléir ó na tíortha lena mbaineann dul i dtreo dhaingniú agus chur chun feidhme na gcomhaontuithe a bhí caibidlithe. Molann an Coimisiún leasú ar an Rialachán maidir le Rochtain ar an Margadh d'fhonn sochair an Rialacháin maidir le Rochtain ar an Margadh a thabhairt do na tíortha sin amháin a bhfuil a gcuid EPAnna daingnithe agus curtha i bhfeidhm acu faoin 1 Eanáir 2014, i.e. 6(sé) bliana tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm. As measc na 36 tairbhí de MAR, tá a gcuid comhaontuithe daingnithe nó curtha i bhfeidhm ag 19 acu. Ach níl a gcomhaontú daingnithe ná sínithe, áfach, ag an 17 dtír eile. Níl an méid sin cothrom do na tíortha sin a bhfuil daingniú déanta acu ná do thíortha eile i mbéal forbartha nach bhfuil rochtain shaor in aisce acu ar an AE, in ainneoin iad a bheith ag céim chomhchosúil ó thaobh forbartha de.

    3.           Tráchtaí maidir leis an seasamh ón gComhairle

    An 13 Meán Fómhair 2012, vótáil Parlaimint na hEorpa, ar an gcéad léamh, ar son rún reachtach ina gcuimsítear ceithre leasú ar an togra ón gCoimisiún. Dhiúltaigh an Coimisiún do thrí cinn de na ceithre leasú sin. Baineann dhá cheann de na leasuithe le gnéithe nós imeachta i ndáil le gníomhartha tarmligthe agus níl siad i gcomhréir leis an gComhthuiscint maidir le Gníomhartha Tarmligthe. Baineann an tríú leasú leis an dáta do theacht i bhfeidhm an leasaithe a ghabhann leis an Rialachán (moltar leis an 1 Eanáir 2016 in ionad an 1 Eanáir 2014).

    An 11 Nollaig 2012 ghlac an Chomhairle an togra ón gCoimisiún. Níor ghlac sé le leasuithe na Parlaiminte. Thug an Chomhairle modhnú amháin isteach lena ndéantar an tSiombáib, a dhaingnigh EPA ó glacadh an togra ón gCoimisiún, a chur isteach in Iarscríbhinn I in athuair. Tá an modhnú sin i gcomhréir le loighic an togra féin. Dá bhrí sin, is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an leasú a thug an Chomhairle isteach.

    4.           Conclúid

    Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na hathruithe a rinne an Chomhairle ar an togra uaidh.

    Top