This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013AG0001
Position (EU) No 1/2013 of the Council at first reading with a view to the adoption of a Regulation of the European Parliament and of the Council amending Annex I to Council Regulation (EC) No 1528/2007 as regards the exclusion of a number of countries from the list of regions or states which have concluded negotiations Adopted by the Council on 11 December 2012
Seasamh (AE) Uimh. 1/2013 den Chomhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt tíortha a eisiamh ó liosta na réigiún nó na stát a bhfuil caibidlíocht tugtha i gcrích acu Glactha ag an gComhairle ar an 11 Nollaig 2012
Seasamh (AE) Uimh. 1/2013 den Chomhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt tíortha a eisiamh ó liosta na réigiún nó na stát a bhfuil caibidlíocht tugtha i gcrích acu Glactha ag an gComhairle ar an 11 Nollaig 2012
IO C 39E, 12.2.2013, p. 1–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
12.2.2013 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
SEASAMH (AE) Uimh. 1/2013 DEN CHOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt tíortha a eisiamh ó liosta na réigiún nó na stát a bhfuil caibidlíocht tugtha i gcrích acu
Glactha ag an gComhairle ar an 11 Nollaig 2012
2013/C 39 E/01
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Rinneadh caibidlíocht ar na Comhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (‘na Comhaontuithe’) a thabhairt i gcrích idir:
|
(2) |
Tar éis an chaibidlíocht a thabhairt i gcrích maidir leis na Comhaontuithe ag Antigua agus Barbúda, ag Comhlathas na mBahámaí, ag Barbadós, ag an mBeilís, ag Poblacht na Botsuáine, ag Poblacht na Burúine, ag Poblacht Chamarún, ag Aontas Oileáin Chomóra, ag Poblacht an Chósta Eabhair, ag Comhlathas Dhoiminice, ag Poblacht Fhidsí, ag Poblacht Ghána, ag Greanáda, ag Comharphoblacht na Guáine, ag Poblacht Háítí, ag Iamáice, ag Poblacht na Céinia, ag Ríocht Leosóta, ag Poblacht Mhadagascar, ag Poblacht Oileán Mhuirís, ag Poblacht Mhósaimbíc, ag Poblacht na Namaibe, ag Stát Neamhspleách Nua-Ghuine Phapua, ag Poblacht Ruanda, ag Cónaidhm San Críostóir-Nimheas, ag Saint Lucia, ag San Uinseann agus na Greanáidíní, ag Poblacht na Séiséal, ag Poblacht Shuranam, ag Ríocht na Suasalainne, ag Poblacht Aontaithe na Tansáine, ag Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága, ag Poblacht Uganda, ag Poblacht na Saimbia agus ag Poblacht na Siombáibe, ceadaíodh iad a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear chun feidhme na socruithe maidir le táirgí de thionscnamh stát áirithe is cuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe lena mbunaítear Comhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch, nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin (2). |
(3) |
Maidir le Poblacht na Botsuáine, Poblacht na Burúine, Poblacht Chamarún, Aontas Oileáin Chomóra, Poblacht an Chósta Eabhair, Poblacht Fhidsí, Poblacht Ghána, Poblacht Háítí, Poblacht na Céinia, Ríocht Leosóta, Poblacht Mhósaimbíc, Poblacht na Namaibe, Poblacht Ruanda, Ríocht na Suasalainne, Poblacht Aontaithe na Tansáine, Poblacht Uganda, Poblacht na Saimbia agus Poblacht na Siombáibe, ní dhearna siad na bearta is gá chun a gComhaontuithe faoi seach a dhaingniú. |
(4) |
Dá thoradh sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007, agus go háirithe pointe (b) de, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun na tíortha sin a bhaint ón Iarscríbhinn sin. |
(5) |
D’fhonn a áirithiú gur féidir na tíortha sin a athshuíomh go tapa in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 chomh luath agus atá na bearta is gá chun a gComhaontuithe faoi seach a dhaingniú déanta acu, agus ar feitheamh ar a dteacht i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun tíortha a baineadh d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) 1528/2007 a athshuíomh de bhun an Rialachán seo. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid réamhoibre, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 le seo mar a leanas:
(1) |
cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: ‘Airteagal 2a An chumhacht a tharmligean Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 2b chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú trí na réigiúin nó na stáit sin ó Ghrúpa na Stát ACC a baineadh den Iarscríbhinn sin de bhun Rialachán (AE) Uimh. …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus a bhfuil na bearta is gá chun a gcomhaontuithe faoi seach a dhaingniú déanta acu tar éis a mbaint den Iarscríbhinn sin, a athshuíomh. Airteagal 2b An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar de chumhacht don Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2a a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse éiginnte ama ó … (4). 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2a a chúlghairm tráth ar bith. Má chinntear cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 2a i bhfeidhm ach amháin i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an ngníomh sin nó i gcás, roimh dhul in éag na tréimhse sin, ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Féadfar síneadh dhá mhí a chur leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. |
(2) |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
[…] […]
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
[…] […]
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 11 Nollaig 2012. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an ….
(2) IO L 348, 31.12.2007, lch. 1.
(3) IO L …
(4) Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.’
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
Liosta réigiún nó stát a bhfuil caibidlíocht tugtha i gcrích acu de réir bhrí Airteagal 2(2):
|
ANTIGUA AGUS BARBÚDA |
|
COMHLATHAS NA mBAHÁMAÍ |
|
BARBADÓS |
|
AN BHEILÍS |
|
COMHLATHAS DHOIMINICE |
|
AN PHOBLACHT DHOIMINICEACH |
|
GREANÁDA |
|
COMHARPHOBLACHT NA GUÁINE |
|
IAMÁICE |
|
POBLACHT MHADAGASCAR |
|
POBLACHT OILEÁN MHUIRÍS |
|
STÁT NEAMHSPLEÁCH NUA-GHUINE PHAPUA |
|
CÓNAIDHM SAN CRÍOSTÓIR-NIMHEAS |
|
SAINT LUCIA |
|
SAN UINSEANN AGUS NA GREANÁIDÍNÍ |
|
POBLACHT NA SÉISÉAL |
|
POBLACHT SHURANAM |
|
POBLACHT OILEÁN NA TRÍONÓIDE AGUS TOBÁGA |
|
POBLACHT NA SIOMBÁIBE” |
RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE
I. RÉAMHRÁ
An 30 Meán Fómhair 2011, thíolaic an Coimisiún don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa a thogra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt tíortha a eisiamh ó liosta na réigiún nó na stát a bhfuil caibidlíocht tugtha i gcrích acu (1).
Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh agus ghlac an rún comhfhreagrach reachtach ag an seisiún iomlánach a bhí aici an 13 Meán Fómhair 2012 (2).
An 22 Deireadh Fómhair 2012, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le téacs an togra (3).
II. CUSPÓIR
Ceaptar na Comhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch mar ionstraimí chun an comhtháthú réigiúnach agus an fhorbairt eacnamaíoch a chur chun cinn sna tíortha ACC; tá siad bunaithe ar phrionsabal oscailt neamhshiméadrach na margaí agus ar acmhainní suntasacha airgeadais a sholáthar chun tacú le hathchóirithe an bheartais airgeadais sna tíortha ACC. Cuireadh na Comhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch in ionad réimeas na bhfabhar aontaobhach do rochtain ar na margaí do na tíortha ACC, tar éis do tharscaoileadh an ETD dul in éag an 31 Nollaig 2007.
Faoi dheireadh 2007, bhíothas in ann inisealacha a chur le roinnt Comhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch agus an 20 Nollaig 2007 ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007, lenar leagadh amach réimeas allmhairithe an AE do thíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin a raibh Comhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch caibidlithe acu ach gan é a bheith sínithe ná daingnithe fós. Ba é ba aidhm leis an Rialachán sin nach ndéanfaí an trádáil a shuaitheadh agus na tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin ag dul ar aghaidh i dtreo na comhaontuithe sin a dhaingniú. Ach in 2011, áfach, i gcás 18 tír ní raibh a gcomhaontú sínithe acu nó ní raibh an t-iarratas déanta acu ina leith. I bhfianaise an méid sin agus chun fáil réidh leis na constaicí don chaibidlíocht, ghlac an Coimisiún an 30 Meán Fómhair 2011 Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt tíortha a eisiamh ó liosta na réigiún nó na stát a bhfuil caibidlíocht tugtha i gcrích acu. De réir na gcritéar atá leagtha amach in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007, níor cheart na fabhair thrádála do na tíortha seo a choimeád a thuilleadh. Is é is aidhm don dréacht-Rialachán liosta na dtíortha ar féidir leo tairbhiú d’fhabhair thrádála i Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 a leasú trí na tíortha sin a aistharraingt nach bhfuil na céimeanna riachtanacha déanta acu fós chun a gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch leis an AE a dhaingniú.
III. ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
Faisnéis Ghinearálta
Tacaíonn an Chomhairle le togra an Choimisiúin ach coigeartú teicniúil a dhéanamh maidir leis an tSiombáib in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CÉ) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle. An tráth ar chuir an Coimisiún a thogra isteach, bhí 18 tír ann, lena n-áirítear Poblacht na Siombáibe, nach raibh na céimeanna riachtanacha déanta acu i dtreo a gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch a dhaingniú. San earrach 2012, áfach, chuir an tSiombáib in iúl go raibh ionstraim an daingnithe taiscthe aici i ndáil lena Comhaontú Eatramhach um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch.
Leasuithe PE
An 13 Meán Fómhair 2012, ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh lenar tugadh isteach leasú maidir le dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin a chur siar go 1 Eanáir 2016 seachas 1 Eanáir 2014. Aontaíonn an Chomhairle le cur chuige an Choimisiúin sa mhéid go gceapann sí go dtugtar, leis an amchlár a moladh i gcéaduair, dóthain ama do na tíortha lena mbaineann, a gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch a chur chun feidhme agus an rochtain atá acu ar an AE a choinneáil ar an dóigh sin. Dá réir sin, ní féidir leis an gComhairle glacadh le leasú 4.
Maidir leis na cumhachtaí a bhronntar ar an gCoimisiún, leag Parlaimint na hEorpa béim ar an ngá atá ann go mbeifí bainteach mar is cuí in ullmhú agus i gcur chun feidhme na ngníomhartha tarmligthe trí tharmligean na gcumhachtaí ar an gCoimisiún a theorannú do thréimhse cúig bliana, agus trína iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú i ndáil le tarmligean na cumhachta sin tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Molann Parlaimint na hEorpa go ndéanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. Molann Parlaimint na hEorpa freisin gur cheart ceithre mhí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle (seachas dá mhí) chun cur in aghaidh gnímh tharmligthe. Aontaíonn an Chomhairle le cur chuige an Choimisiúin maidir leis na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún agus dá réir sin ní féidir léi glacadh le leasuithe 1-3.
IV. CONCLÚID
Fáiltíonn an Chomhairle roimh thogra an Choimisiúin agus tacaíonn sí leis sa mhéid go bhfeictear di gur togra úsáideach, iomchuí é agus is féidir léi glacadh leis ach coigeartú teicniúil a dhéanamh lena ndéanfaí an tSiombáib a chur isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007. Creideann an Chomhairle gur pacáiste cothrom é an seasamh seo aici ar an gcéad léamh. Tá an Chomhairle ag súil le plé cuiditheach le Parlaimint na hEorpa ar an dara léamh chun go nglacfaí an Rialachán seo go luath.
(1) 15025/11 ACP 188 WTO 338 UD 244 CODEC 1583.
(2) P7_TA-PROV(2012)0342
(3) 14646/12 ACP 195 WTO 322 UD 242 CODEC 2310