This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012SC0267
COMMISSION STAFF WORKING DOCUMENT EXECUTIVE SUMMARY OF THE IMPACT ASSESSMENT Accompanying the document Regulation of the European Parliament and of the Council amending Council Regulation (EC) No 111/2005 laying down rules for the monitoring of trade between the Community and third countries in drug precursors
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha.
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha.
/* SWD/2012/0267 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha. /* SWD/2012/0267 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN
CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ
TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 111/2005
lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i
réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha. 1. Sainiú na Faidhbe 1.1. Cad í an fhadhb? Is substaintí ceimiceacha iad eifidrín agus
súideifidrín a úsáidtear le haghaidh monarú cógas slaghdán nó ailléirge. Is
príomh-réamhtheachtaithe iad an dá shubstaint sin i monarú meitiolamfataimín
freisin. Tá creat rialála sonrach curtha ar bun chun atreorú ó thráchtáil
dhleathach go monarú aindleathach a chosc (ar an leibhéal idirnáisiúnta[1] agus ar leibhéal an AE[2] araon) agus chun idirbhearta
amhrasacha a thabhairt faoi deara. Ní hamhlaidh atá i gcás táirgí íocshláinte ina
bhfuil eifidrín nó súideifidrín áfach. Ós rud é gur féidir an eifidrín agus
súideifidrín atá i dtáirgí íocshláinte a bhaint amach go héasca (trí threalamh
baile saor a úsáid agus trí phróiseas ceimiceach simplí), díríonn gáinneálaithe
drugaí orthu mar fhoinse réamhtheachtaithe le haghaidh monarú aindleathach meitiolamfataimín.
Bíodh is go bhfágtar táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine ina bhfuil
eifidrín nó súideifidrín as an áireamh ó fhorálacha Rialachán (CE) 111/2005,
a bhfuil feidhm maidir le trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an AE agus
tríú tíortha, tharla nárbh fhéidir le húdaráis inniúla na mBallstát na táirgí
sin a stopadh nó a urghabháil nuair a onnmhairíodh na táirgí sin ó chríoch
chustaim an Aontais nó nuair a bhí siad faoi bhealach tríthi, cé go raibh seans
mór ann go mbainfí mí‑úsáid astu le haghaidh monarú aindleathach meitiolamfataimín
ina dtír chinn scríbe. Táthar ag súil go réiteoidh an AE an locht atá sa
reachtaíocht reatha maidir leis na cumhachtaí arna dtabhairt do na húdaráis
chustaim agus do na póilíní faoinar féidir leo eifidrín nó súideifidrín a
stopadh agus a urghabháil ach nach féidir leo táirgí íocshláinte ina bhfuil
eifidrín nó súideifidrín a stopadh nó a urghabháil. Is féidir achoimre a dhéanamh ar
bhunchúiseanna na faidhbe mar seo a leanas: - neartaíodh na bearta rialaithe ar eifidrín
agus súideifidrín (na substaintí) ar fud an domhain. Tá roinnt tíortha tar éis
allmhairiú na substaintí sin a thoirmeasc. - dá bhrí sin, ní foláir do na gáinneálaithe
drugaí foinsí malartacha eifidríne agus súideifidríne a lorg chun meitiolamfataimín
a mhonarú; - dá thoradh sin, tá gáinneálaithe ag díriú ar
tháirgí íocshláinte ina bhfuil na substaintí seo ach nach bhfuil faoi réir
dianbheart rialaithe; agus - neartú ar bhearta
rialaithe i dtaca leis na táirgí íocshláinte sin ina bhfuil eifidrín agus
súideifidrín i réigiúin eile ar fud an domhain. Mar fhreagairt, díríonn gáinneálaithe ar na réigiúin sin ina bhfuil níos lú bearta
rialaithe i bhfeidhm i dtaca leis na táirgí sin agus iad á n‑onnmhairiú
nó faoi bhealach, amhail an AE. Idir 2007 agus 2010, bhí luainiú mór ar na hurghabhálacha
a rinne údaráis inniúla Bhallstáit an AE ag na teorainneachana ar
réamhtheachtaithe meitiolamfataimín atá i dtáirgí íocshláinte ina bhfuil
eifidrín nó súideifidrín. Cé gur fíorbheagán táirgí íocshláinte a taifeadadh i
measc na gcainníochtaí iomlána a urghabhadh sa bhliain 2007 (0.3 mt[3] as 8 mt), tháinig méadú mór sa
bhliain 2008 agus 2009 ar mhéid na dtáirgí íocshláinte as na cainníochtaí
iomlána a urghabhadh (1.8 mt as 3.5 mt agus 0.6 mt as 1.4 mt, faoi seach). Cé
gur tháinig laghdú mór ar an méid sin sa bhliain 2010 (0.1 mt as 2.9 mt), tá
imní ar go leor Ballstát agus ar an mBord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach
(INCB) nach leor iad na sásraí atá i Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 maidir le
rialú táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín. 1.2. Cé hiad na daoine lena
mbaineann? - Tríú tíortha, ina dtáirgtear meitiolamfataimín,
nach mbeidh a mbearta rialaithe i dtaca le táirgí íocshláinte ina bhfuil
réamhtheachtaithe drugaí éifeachtach mura ndéanann tíortha onnmhairiúcháin agus
idirthurais amhlaidh; - Monaróirí agus dáileoirí atá lonnaithe
laistigh nó lasmuigh den Aontas, mar sholáthraithe nó mar thrádálaithe na
dtáirgí íocshláinte sin ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín; agus - Údaráis chustaim, póilíní agus údaráis sláinte,
ina ról mar na húdaráis forfheidhmithe arna n‑ainmniú laistigh de gach
Ballstát chun an reachtaíocht maidir le réamhtheachtaithe drugaí a chur chun
feidhme. 2. Anailís ar choimhdeacht Tá Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 bunaithe ar Airteagal 207
CFAE (Airteagal 133 CCE roimhe seo). Leagtar síos rialacha leis chun
faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an
Comhphobal agus tríú tíortha Faoi láthair, urghabhálann údaráis chustaim
Bhallstáit an AE táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín i
gcomhréir le dlíthe naisiúnta frithdhrugaí nó i gcomhréir leis an gcód custaim,
rud a fhágann bearta rialaithe difriúla ag teorainneacha seachtracha an AE. Ina
theannta sin, déantar iarracht srian a chur le hatreorú na dtáirgí íocshláinte
seo trí chineálacha difriúla bearta naisiúnta a úsáid, as a dtagann ceanglais
dlíthiúla éagsúla d'oibreoirí eacnamaíocha an AE. 3. Cuspóirí Cuspóirí
ginearálta beartais ·
Cuidiú leis an gcomhrac ar fud an domhain in
aghaidh monarú aindleathach drugaí. Cuspóirí sonracha beartais ·
Comhrac in aghaidh monarú aindleathach meitiolamfataimín,
trí rialú a dhéanamh ar sholáthar eifidríne nó súideifidríne atá i dtáirgí íocshláinte
atá á n-onnmhairiú, á n‑allmhairiú nó faoi bhealach idir an tAontas agus
tríú tíortha trína n-atreorú a chosc, ach gan bac a chur ar thrádáil dhlisteanach
na dtáirgí sin; ·
Saorshreabhadh táirgí íocshláinte ina bhfuil
eifidrín nó súideifidrín chun críocha dlisteanacha a chothabháil idir an
tAontas agus tríú tíortha; ·
Ualaí riaracháin díréireacha ar údaráis inniúla
náisiúnta (údaráis chustaim, póilíní, údaráis sláinte) agus ar an tionscal a
bhaineann le trádáil cógas ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín a sheachaint . Cuspóir Oibríochtúil Chun treocht anuas a bhaint amach agus a chothú
maidir le hiarrachtaí atreoraithe ar tháirgí íocshláinte atá beartaithe chun
críocha neamhdhleathacha ina bhfuil eifidrín nó súdeifidrín. 4. Roghanna beartais Rogha 1: gan gníomhaíocht reachtach ar
bith a dhéanamh (rogha bunlíne) Ní dhéanfaí aon mhodhnú ar Rialachán (CE)
Uimh. 111/2005. Ní dhéantar aon rialú faoin Rialachán sin ar tháirgí íocshláinte
ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín. Dá bhrí sin, bunaithe ar reachtaíocht an
AE, ní féidir le húdaráis na mBallstát na táirgí sin a stopadh ná a urghabháil
nuair a thagann siad isteach i gcríoch chustaim an Aontais nó nuair a imíonn
siad, cé gur dóchúil go mbainfí mí-úsáid astu le haghaidh monarú aindleathach meitiolamfataimín.
Rogha 2: Bearta
deonacha a mholadh do na Ballstáit Dhéanfadh an Coimisiún Moladh ina mbeadh
liosta beart maidir le rialú táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó
súideifidrín. D'fhéadfadh gach Ballstát bearta a roghnú ón liosta de réir mar a
chinnfeadh siad. Rogha 3: Méadú ar chumhachtaí na
n-údarás inniúla Chlúdófaí táirgí ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín
leis na forálacha atá in Airteagal 26 den Rialachán (cumhachtaí údarás
áitiúil) reatha. Chuirfeadh sé sin ar chumas údaráis inniúla an AE idirbhearta
a bhaineann leis na táirgí íocshláinte sin a stopadh nuair atá forais
réasúnacha amhrais ann go bhfuil mí-úsáid á baint as na tairgí seo i monarú
drugaí aindleathacha, bíodh siad á n-onnmhairiú, á n-allmhairiú nó faoi
bhealach. Rogha 4: Cumhachtaí na n-údarás inniúil
a mhéadú agus úsáid fógraí réamh‑onnmhairiúcháin a thabhairt isteach Bheadh bunús dlí ag údaráis inniúla Bhallstáit
an AE ní hamháin chun táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín a
stopadh agus a urghabháil (ar nós rogha 3), ach chun fógraí
réamh-onnmhairiúcháin a sheoladh chomh maith maidir leis na táirgí sin go dtí
an tír chinn scríbe trí PEN (fógra réamh-onnmhairiúcháin) ar líne. Rogha 5: Táirgí íocshláinte ina bhfuil
eifidrín agus súideifidrín a chur faoi réir na gceanglas rialaithe céanna agus
atá ar eifidrín agus súideifidrín. D'áireofaí táirgí íocshláinte ina bhfuil
eifidrín agus súideifidrín sa liosta substaintí sceidealaithe i gcatagóir 1.
Bheadh siad faoi réir, dá bhrí sin, ag na ceanglais rialaithe a bhfuil
substaintí sceidealaithe i gcatagóir 1, ar nós eifidrín agus súideifidrín, faoina
réir faoi láthair. i.e. fógra réamh-onnmhairiúcháin, údarú onnmhairiúcháin,
ceadúnas, etc. Rogha 6: Trádáil táirgí íocshláinte ina
bhfuil eifidrín agus súideifidrín a thoirmeasc Leis an rogha seo,
ní bheadh onnmhairiú, allmhairiú ná cur faoi bhealach táirgí íocshláinte ina
bhfuil eifidrín nó súideifidrín chuig críoch chustaim, ó chríoch chustaim nó
trí chríoch chustaim an Aontais indéanta níos mó. Ba cheart breathnú
ar bhearta rialaithe eile, ar nós na mbeart dá bhforáiltear sa reachtaíocht,
roimh thoirmeasc trádála a bhreithniú. Tá anailís déanta ar na bearta sin faoi
rogha 5. Dá bhrí sin,
cuireadh rogha 6 ar leataobh gan a thuilleadh anailíse a dhéanamh ar a
tionchar. 5. Measúnú tionchair Urramaíonn an tionscnamh seo na cearta
bunúsacha a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais. Go
háirithe, áirithíonn Airteagal 35 den Chairt ceart rochtana ar chúram
sláinte coisctheach do chách agus an ceart tairbhe a bhaint as cóir leighis. Ní laghdófar rochtain an phobail ar chógais le
cumasú údarás inniúil gníomhú maidir le cógais, mar a fhoráiltear faoi roghanna
3, 4 agus 5. Níl aon tionchar ag an bhfadhb seo ar
an gcomhshaol. Is deacair a chinneadh an mbeadh aon tionchar
sonrach ar FBManna ná ar mhicreafhiontair, mar níorbh fhéidir díriú sa
chomhairliúchán orthu siúd a bhí ag déanamh margaíochta go sonrach ar tháirgí íocshláinte
ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín. Chuathas i gcomhairle áfach, le FBManna
mar chuid de na comhlachais chógaisíochta. Ní raibh aon fhreagra uathu, rud a
dhearbhaíonn gur beag an bhaint atá acu le trádáil i dtáirgí íocshláinte ina
bhfuil eifidrín nó súideifidrín, nó go bhfuil siad ag obair do na cuideachtaí
ilnáisiúnta atá gníomhach sa deighleog seo. Dá bhrí sin, d'fhéadfaí glacadh
leis nach mbeadh tionchar ag an togra seo ar FBManna. Tionchair idirnáisiúnta: Fadhb dhomhanda is ea atreorú réamhtheachtaithe drugaí agus ní foláir
freagairt ar leibhéal domhanda a thabhairt uirthi. Dá
neartófaí na bearta rialaithe ar leibhéal an AE ar tháirgí íocshláinte ina
bhfuil eifidrín agus súideifidrín, chomhoiriúnófaí leis sin na hiarrachtaí atá
déanta ag tíortha eile sa domhan, dá thoradh sin chuirfí leis an gcuspóir
idirnáisiúnta maidir le rialuithe ar na táirgí sin a neartú. I gcás roghanna 3, 4 agus 5, tá cainníochtú
déanta ar an ualach riaracháin ar na húdaráis inniúla ag úsáid Shamhail
Chostais Chaighdeánaigh an AE agus bunaithe ar na sonraí a bailíodh ó
chomhairliúchán na ngeallsealbhóirí. Ní rabhthas in ann measúnú ina iomláine a
dhéanamh ar an ualach riaracháin breise ar an tionscal toisc nár chuir
na cumainn tráchtála chógaisíochta ná na cuideachtaí a thug freagra ar an gcomhairliúchán
ar líne aon sonraí ar fáil, ós rud é go raibh siad go léir ar son gan aon
bheart reachtach a dhéanamh. Rogha 1: gan beart reachtach ar bith a
dhéanamh (rogha bunlíne) Éifeachtacht Bheadh an laige shainaitheanta a bhaineann
leis an reachtaíocht reatha maidir le táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó
súideifidrín ann i gcónaí, rud a chuirfeadh ar chumas gáinneálaithe leanúint de
bheith ag díriú ar tháirgí íocshláinte mar fhoinse eifidríne agus súideifidríne
le haghaidh monarú aindleathach meitiolamfataimín. Dá bhrí sin, ní chuideodh
an rogha seo sa troid in aghaidh monarú aindleathach meitiolamfataimín tríd
an soláthar eifidríne agus súideifidríne atá i dtáirgí íocshláinte a
laghdú. Ní chuirfí stop le
saorshreabhadh trádála na dtáirgí sin, chun críocha dlisteanacha, idir
an tAontas agus tríú tíortha. Ina theannta sin, leanfaí de bheith ag
cáineadh an AE ar an leibhéal idirnáisiúnta as a bheith 'neamhghníomhach' in
ainneoin glaonna leanúnacha ón Bord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach (INCB)
a rialú ar a reachtaíocht a bhaineann le trádáil sheachtrach a ghéarú. Éifeachtúlacht Ní chuireann an rogha seo aon ualach
riaracháin breise ar an leibhéal Eorpach ar ghnóthais ná ar údaráis inniúla
náisiúnta. Ós rud é go bhfanfaidh na "costais ghnó mar is gnách" gan
athrú, fanfaidh na costais riaracháin gan athrú chomh maith céanna. Rogha 2: Bearta
deonacha a mholadh do na Ballstáit Éifeachtacht Ní dhéanfadh an rogha seo aon fhoráil ar
leibhéal an AE maidir leis an bhfadhb shainaitheanta. Thabharfadh sé treoir,
áfach, do na Ballstáit nach bhfuil aon bhearta rialála i bhfeidhm acu na bearta
sin a bhunú ar bhonn dea-chleachtais i mBallstáit eile a bhfuil bearta curtha i
bhfeidhm acu agus a bhfuil a n-éifeachtúlacht cruthaithe i ndáil le soláthar
eifidríne agus súideifidríne le haghaidh monarú aindleathach drugaí a laghdú. Ní bheadh tionchar ar shreabhadh trádála na
dtáirgí sin idir an tAontas agus tríú tíortha. Ní bheadh an rogha seo i gcomhréir le Rúin
na Náisiún Aontaithe lena n-iarrtar ar na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún
na Náisiún Aontaithe 1988 an rialú ar tháirgí den chineál seo a neartú. Éifeachtúlacht Pé beart a chinnfidh siad a chur chun feidhme,
is féidir glacadh leis go leanfaidh ualach riaracháin éigin é ar an leibhéal
náisiúnta. Ní dhéantar measúnú ar an ualach riaracháin breise ó aon cheann de
na bearta náisiúnta sa tionscnamh reatha seo toisc nach léir cad iad na bearta
a d'fhéadfadh na Ballstáit a roghnú. Rogha 3: Méadú ar chumhachtaí na
n-údarás inniúil Éifeachtacht Leis an rogha seo, mhéadófaí na seansanna
chun atreorú na dtáirgí sin a chosc, agus dá bharr sin laghdófaí soláthar
eifidríne agus súideifidríne le haghaidh monarú aindleathach meitiolamfataimín.
Ós rud é go mbunófaí leis an rogha seo sa reachtaíocht maidir le réamhtheachtaithe
drugaí, an bunús dlí d'údaráis inniúla na mBallstát coinsíneacht táirgí íocshláinte
ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín a stopadh nó a urghabháil, ní bheadh ar
údaráis inniúla na mBallstát bheith ag brath ar dhlíthe náisiúnta difriúla, sa
chás gurb ann dóibh chun na táirgí sin a stopadh nó a urghabháil. Ní chuirfí bac ar shreabhadh trádála na
gcógas ina bhfuil eifidrín agus súideifidrín. Laghdófaí dá thoradh, ar an gcáineadh déanta
ag an INCB maidir le heaspa gníomhaíochta an AE i bhforfheidhmiú na mbeart
rialaithe ar na táirgí seo. Éifeachtúlacht Chuirfí rialuithe i bhfeidhm dá bhrí sin i
ngach Ballstát tráth an onnmhairiúcháin/allmhairiúcháin agus nuair a bheadh na
táirgí faoi bhealach, ar bhonn anailíse riosca. Ós rud é go mbeadh sé sin mar
ghnáthchuid d'obair na gcustam, áit a n‑athraíonn critéir riosca de réir treochtaí,
ceaptar gur beag an t-ualach breise riaracháin a bheadh dá thoradh. Maidir le
trádálaithe, cuid den gnáthriosca is ea na rialuithe custaim agus earraí á
dtrádáil go hidirnáisiúnta acu, agus meastar gur beag a dtionchar. Rogha 4:
Méadú ar chumhachtaí na n-údarás inniúil agus úsáid fógraí réamh‑onnmhairiúcháin
a thabhairt isteach Éifeachtacht Tógtar leis an rogha seo ar an gceann roimhe,
ag cothú na mbuntáistí ar tagraíodh dóibh cheana. De bhreis ar sin, d'íosmhéadódh
úsáid an chórais ar líne PEN an riosca atreoraithe, mar áirithítear leis an gcóras
sin faireachán atá córasach agus comhsheasmhach ar thrádáil i réamhtheachtaithe
drugaí go domhanda. A bhuí leis an uirlis seo, chuirfeadh an rogha seo go
mór leis na seansanna atreorú táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó
súideifidrín le haghaidh monarú aindleathach meitiolamfataimíne a chosc. Mholfadh an INCB é dá n-úsáidfeadh údaráis
inniúla na mBallstáit fógraí réamh‑onnmhairiúcháin (PEN ar líne) do
tháirgí íocshláinte. Tá an INCB ag moladh arís agus arís don Aontas é seo a
dhéanamh le roinnt blianta anuas ina dtuarascálacha bliantúla. Ón uair a tháinig sé ar an bhfód, níl aon
taifead ann a déarfadh go gcuireann sé moill nó bacainn ar idirbhearta
idirnáisiúnta PEN ar líne a úsáid. Dearbhaíonn an méadú atá ag teacht ar an
líon tíortha sa domhan a úsáideann é an méid sin. Éifeachtúlacht Faoin Airteagal 26 leasaithe, is beag an
t-ualach breise a chuirfí leis an ualach riaracháin ar údaráis inniúla maidir
leis na rialuithe a mbeadh á gcur i bhfeidhm acu. Costas EUR 15 an meánualach
breise riaracháin a thitfeadh ar údarás inniúil as fógra réamh-onnmhairiúcháin
amháin a sheoladh do shubstaint i gcatagóir 1. Bhraithfeadh an t-ualach breise riaracháin
den chuid is mó ar cé chomh mór is a bheadh méid na trádála dleathaí do na
táirgí sin i ngach Ballstát. Ón taobh sin, is féidir glacadh leis go bhfuil an
t-ualach breise riaracháin íseal i gcoibhneas agus is féidir le húdaráis na
mBallstáit é a iompar nuair a thógtar san áireamh go bhfuil roinnt Ballstát á
seoladh go deonach cheana le trí bliana anuas le linn na dtionscnamh
oibriúcháin idirnáisiúnta faoin tionscadal 'Project Prism'. Rogha 5: Táirgí íocshláinte ina bhfuil
eifidrín agus súideifidrín a chur faoi réir na gceanglas rialaithe céanna agus
atá ar eifidrín agus súideifidrín. Éifeachtacht Neartódh an rogha seo go mór na rialuithe ar
tháirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín agus súideifidrín, a bheadh faoi réir
ag an réimeas rialaithe céanna atá i bhfeidhm le reachtaíocht maidir le
réamhtheachtaithe drugaí i ndáil leis na hamhábhair atá iontu. Leis an rogha seo, mhéadófaí na seansanna
chun atreorú a chosc, agus dá bharr sin laghdófaí soláthar eifidríne agus
súideifidríne le haghaidh monarú aindleathach meitiolamfataimín. Bheadh na ceanglais a bheadh infheidhme maidir
leis na táirgí íocshláinte sin míréireach i ndáil leis an gcuspóir atá ag an
tionscnamh reatha. D'fhéadfaí bacainn a bheith ar shreabhadh
trádála na dtáirgí sin idir an tAontas agus tríú tíortha de thoradh ceanglas méadaithe a mbeidh ar oibreoirí a chomhlíonadh
chun onnmhairiú nó allmhairiú a dhéanamh ar na táirgí sin. Ina theannta sin, leis an rogha seo tugtar le
tuiscint go leasófaí an t-Airteagal céanna sa Rialachán a rialaíonn
trádáil laistigh den AE i réamhtheachtaithe drugaí. Bheadh an rogha seo i gcomhréir le Rún an
Choimisiúin maidir le Drugaí Támhshuanacha (CND) lena n-iarrtar ar an
Aontas, i measc comhlachtaí eile, "bearta rialaithe a chur i bhfeidhm ar
ullmhóidí cógaisíochta ina bhfuil eifidrín agus súideifidrín mar atá i bhfeidhm
ar cheimiceáin réamhtheachtaithe builc (amha)"[4]. Éifeachtúlacht Tá ceithre phríomhcheanglas riaracháin ann: ceadúnas,
údarú allmhairiúcháin, údarú onnmhairiúcháin agus fógraí réamh-onnmhairiúcháin.
Tá an t-ualach rialacháin breise a thagann ón gceanglas PEN ar líne a úsáid
arna ríomh i rogha 4. Maidir le ceadúnú, costas EUR 861 sa
bhliain an meánualach riaracháin a thiteann ar údarás inniúil as substaintí atá
i gcatagóir 1. Dá bhrí sin, b'ionann an t-ualach riaracháin in aghaidh an
údaráis inniúil chun ceadúnas a eisiúint do na táirgí sin agus a bheadh ar aon
substaint eile atá i gcatagóir 1, is é sin EUR 49. Maidir le húdaruithe allmhairiúcháin,
costas EUR 1 236 sa bhliain an meánualach riaracháin a thiteann ar
údarás inniúil as substaintí atá i gcatagóir 1. Is ionann luach an ualaigh riaracháin
reatha chun údarú allmhairiúcháin a dheonú agus EUR 28. Maidir le húdaruithe onnmhairiúcháin,
costas EUR 995 sa bhliain an meánualach riaracháin a thiteann ar údarás
inniúil as substaintí atá i gcatagóir 1. Is ionann luach an ualaigh riaracháin reatha
chun údarú onnmhairiúcháin a dheonú agus EUR 29. Is é EUR 77 (measúnú tionchair DG ENTR)
an t-ualach riaracháin ar gach cuideachta chun ceadúnas a fháil[5]. 6. Comparáid idir na Roghanna Léirítear sa tábla thíos éifeachtacht agus
cost-éifeachtúlacht gach rogha, rud a chuireann, dá bhrí sin, leis an anailís
ar rogha na tosaíochta. Tábla 1: Comparáid idir na Roghanna Roghanna || || Éifeachtacht || || Cost-Éifeachtúlacht || || Measúnú Foriomlán || Soláthar EPH/PSE atá i gcógais a laghdú trí a n-atreorú a chosc || Saorshreabhadh na gcógas EPH/PSE idir an AE agus tríú tíortha a chothabháil || Comhlíonadh Rúin na Náisiún Aontaithe || Ualach riaracháin breise In aghaidh an údaráis || In aghaidh an tionscail 1 || - || + || - || EUR 0 || EUR 0 || - 2 || -/+ || + || - || EUR 0/+ || EUR 0/+ || - 3 || + || + || + || EUR 0/+ || EUR 0/+ || ++ 4 || ++ || + || + || EUR 1 500.00* || Ní bhaineann || +++ 5 || +++ || +/- || + || Onnmhairí = EUR 9,300.00 Allmhairí = EUR 7,700.00 || Ceadúnas = EUR 77.00 || ++ Cé nach dtugtar aon ualach breise riaracháin
le fios le rogha na bunlíne, ba cheart an rogha sin a chur as an áireamh má tá
an Coimisiún chun freagairt go dóthaineach don iarraidh ón gComhairle aghaidh a
thabhairt ar na laigí a aimsíodh sa chóras rialaithe a bhaineann le
reachtaíocht maidir le réamhtheachtaithe drugaí agus don imní a léirigh an
comhphobal idirnáisúnta. Ní thabharfaí aghaidh go hiomlán ar an bhfadhb
shainaitheanta ach sa chás go nglacfaí na beartais neamhreachtacha sna Ballstáit
uile. Ina theannta sin, ní chuirfeadh sé ar chumas na n‑údarás inniúil
táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín a stopadh ná a
urghabháil, bíodh sé ag céim an onnmhairiúcháin nó agus na táirgí faoi bhealach,
de dheasca easpa bunúis shoiléir dlí maidir leis na hearraí sonracha sin. Ní choiscfí
ach go pointe atreorú táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín
leis na bearta atáthar á meas faoin rogha seo. Chuirfeadh Roghanna 3, 4 agus 5 bunús dlí
soiléir ar fáil d'údaráis inniúla le táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó
súideifidrín a stopadh agus/nó a urghabháil le linn onnmhairithe ó chríoch
chustaim an Aontais nó faoi bhealach tríthi nuair atá forais réasúnacha amhrais
ann go bhfuil na táirgí seo ceaptha do mhonarú aindleathach drugaí. Leis na
roghanna sin ar fad, laghdófaí ar an gcáineadh déanta ag an INCB maidir le
heaspa gníomhaíochta an AE i bhforfheidhmiú beart rialaithe ar na táirgí sin
agus mhéadófaí, i gcás gach rogha acu, na seansanna chun atreorú na dtáirgí sin
a chosc, agus dá thoradh laghdófaí soláthar eifidríne agus súideifidríne le
haghaidh monarú aindleathach meitiolamfataimín, go pointí éagsúla áfach. Nuair a déantar comparáid idir na trí rogha a
fhorálann do leasuithe reachtacha, ní chruthófaí ach mionualach riaracháin le rogha 3;
is féidir bheith ag súil leis an méid chéanna le rogha 4, ach chruthófaí
an t-ualach is mó riaracháin le rogha 5 d'údaráis inniúla agus d'oibreoirí
eacnamaíocha araon. Cé go bhféadfaí féachaint ar rogha 5 mar an
rogha is éifeachtaí toisc go bhfuil na rialuithe is déine inti, bheadh an
iomarca ceanglas rialaithe á leanúint, rud a bheadh míréireach leis an gcuspóir
atá ag an tionscnamh reatha. An luach breise a chuirtear ar fáil le rogha 4
má chuirtear i gcomparáid é le rogha 3 is ea, faoin rogha sin, go méadófaí
éifeachtacht gach beart aonair de thoradh sineirgíochta idir dhá bheart chomhcheangailte,
agus ualach breise teoranta i gceist ó tharla go bhfuil an córas fógra
réamh-onnmhairiúcháin ag feidhmiú agus go bhfuil líon na bhfógra
réamh-onnmhairiúcháin a d'fhéadfadh údaráis inniúla na mBallstát a sheoladh in
aghaidh na bliana beag go leor, is cosúil. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil
fógraí réamh‑onnmhairiúcháin éigeantach cheana féin le haghaidh
substaintí sceidealaithe atá chatagóir 1, bheadh sé loighiciúil de réir
dealraimh iad a dhéanamh éigeantach freisin le haghaidh táirgí ina bhfuil siad,
ar nós táirgí íocshláinte ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín. Dá bhrí sin, is cosúil gurb í rogha 4
rogha na tosaíochta: chuirfí rialú éifeachtúil ar fáil léi, ní chruthófaí ach
an t-aon cheanglas rialaithe amháin agus is ar éigean a chruthófaí aon ualach
breise riaracháin léi. 7. Faireachán agus Meastóireacht Beartaíonn an Coimisiún: Bailiú, anailís agus tuairisciú ar staidrimh
bhliantúla na mBallstát maidir le hurghabhálacha agus lastais ar cuireadh stop
leo. ·
Tacú le cur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithe tríd
an Mheitheal um Réamhtheachtaithe Drugaí agus trí nuashonrú a dhéanamh ar
threoirlínte atá ann cheana, an uirlis ríomhfhoghlama, doiciméad FAQ. ·
Bunachar sonraí a chur i bhfeidhm atá á fhorbairt
faoi láthair chun bailiú agus anailís staidrimh a éascú. ·
Códuimhir tharaife shonrach a chruthú do tháirgí íocshláinte
ina bhfuil eifidrín nó súideifidrín san Ainmníocht Chomhcheangailte. ·
Gníomhaíochtaí a eagrú chun feasacht a mhéadú ina
mbeadh údaráis inniúla agus oibreoirí eacnamaíocha páirteach. ·
Faisnéis agus treochtaí a mhalartú le rialtais tríú
tíortha. D'fhéadfadh an Coimisiún tabhairt faoi
mheasúnú a dhéanamh ar a fhorálacha nua cúig bliana tar éis a nglactha, ag
scrúdú torthaí a baineadh amach i gcomparáid leis na cuspóirí a leagadh síos
agus ag déanamh measúnú ar impleachtaí na roghanna amach anseo. D'fhéadfadh sé
tuairisc ar an measúnú a chur isteach ina dhiaidh sin. [1] Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i
gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí
Síceatrópacha, ar fáil ag: http://www.incb.org/pdf/e/conv/1988_convention_en.pdf [2] Rialachán (CE) Uimh. 273/2004
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 agus
Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle maidir le cur chun feidhme
agus feidhmiú reachtaíocht an Chomhphobail i ndáil le faireachán agus rialáil a
dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí [3] Mt= tonna méadrach = 1000 kg. [4] Rún E/CN.7/2011/L.5/Rev.1 ar
"Comhar idirnáisiúnta, creata rialála agus creata institiúideacha a neartú
chun rialú a dhéanamh ar cheimiceáin réamhtheachtaithe a úsáidtear i monarú
aindleathach drugaí sintéiseacha." http://www.unodc.org/documents/commissions/CND-Res-2011to2019/CND54_8e1.pdf [5] Costais riaracháin agus ualaí
riaracháin arna bhforchur le leasuithe ar reachtaíocht réamhtheachtaithe drugaí
an AE, Tuarascáil Chríochnaitheach, EIM, Deireadh Fómhair 2011,
leathanach 24.