Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012PC0421

    Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) (arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den CFAE)

    /* COM/2012/0421 final - 2011/0295 (COD) */

    52012PC0421

    Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) (arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den CFAE) /* COM/2012/0421 final - 2011/0295 (COD) */


    1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

    An 20 Deireadh Fómhair 2011, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh)[1]. Seoladh an togra sin go dtí Parlaimint na hEorpa agus go dtí an Chomhairle an 20 Deireadh Fómhair 2011. Thug an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a thuairim an 28 Márta 2012.

    Tá imscrúduithe ar siúl ó Mhárta 2011 i leith maidir le cúbláil a d'fhéadfadh a bheith déanta ag roinnt banc ar thagarmharcanna EURIBOR agus LIBOR i gcomhair rátaí iasachta idirbhainc. Ceaptar go raibh meastacháin á dtabhairt ag bainc ar na rátaí úis ar a mbeidís toilteanach glacadh le tairiscintí cistiúcháin a bhí difriúil ón ráta a nglacfaidís leis go hiarbhír. De thoradh an méid sin, d'fhéadfadh sé gur athraíodh leibhéal rátaí EURIBOR agus LIBOR – a úsáidtear mar thagarmharc san iasachtaíocht agus mar thagairt i bpraghsáil mórán ionstraimí airgeadais, ar nós babhtálacha rátaí úis – agus d'fhéadfadh sé go bhfuil amhras ann i dtaobh sláine LIBOR agus EURIBOR. Ina theannta sin, sna meastacháin ó na bainc éagsúla a thug faisnéis, tugadh faisnéis mhíthreorach don mhargadh i dtaobh na gcostas ba dhóchúla maidir le cistiúchán.

    Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún féachaint an gcumhdófaí an chúbláil a d'fhéadfadh a bheith déanta ar thagarmharcanna, lena n-áirítear EURIBOR agus LIBOR, faoina thograí le haghaidh Rialacháin maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh agus an togra gaolmhar le haghaidh Treorach ar smachtbhannaí coiriúla as déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh, arna dtíolacadh i nDeireadh Fómhair 2011. Tá Parlaimint na hEorpa go háirithe tar éis béim a leagadh ar thábhacht na ceiste seo. Ós rud é nach bhfuil tagarmharcanna cumhdaithe faoi láthair i gceachtar togra, tá sé bainte de thátal ag an gCoimisiún nach dtagann cúbláil dhíreach ar thagarmharcanna faoi raon feidhme ceachtar togra.

    Cé go mbeadh sé deacair nó dodhéanta d'údarás inniúil a chruthú go raibh tionchar ag cúbláil tagarmhairc ar phraghas ionstraimí airgeadais ghaolmhara, is féidir tionchar mór a bheith ag aon chúbláil, bíodh sí ina cúbláil iarbhír nó ina hiarracht chúblála, ar mhuinín an mhargaidh agus d'fhéadfadh caillteanais mhóra d'infheisteoirí agus saobhadh ar an bhfíorgheilleagar a bheith mar thoradh uirthi, toisc go n-úsáidtear na tagarmharcanna go forleathan mar ráta tagartha e.g. babhtálacha úis agus morgáistí ráta athraithigh. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach a shoiléiriú gur cheart é a bheith ar chumas údaráis inniúla smachtbhannaí riaracháin a ghearradh i dtaobh choir na cúblála margaidh sna cásanna seo, gan gá na ceisteanna teagmhasacha ar nós an tionchair ar phraghsanna a chruthú ná a léiriú. Is ríthábhachtach freisin go dtógfar na céimeanna uile is gá chun cúblálacha den sórt sin a chosc agus chun na húdaráis inniúla a chumasú agus chun a n-obair a éascú agus smachtbhannaí á bhforchur acu. Feidhmeoidh creat dlíthiúil docht mar chosc ar an gcineál seo iompair, agus ar an dóigh sin déanfar infheisteoirí a chosaint agus muinín an mhargaidh a athbhunú. Ba cheart smachtbhannaí coiriúla a chur san áireamh leis na céimeanna rialála seo, ar ábhar é don togra leasaithe le haghaidh Treorach a ghabhann leis an togra seo.

    Dá bhrí sin, lena áirithiú go bhfuil cúbláil ar thagarmharcanna cumhdaithe faoi chomhrialacha Eorpacha d'fhonn drochúsáid mhargaidh a chosc, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a thogra le haghaidh Rialacháin a leasú.

    2.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

    2.1.        Bunús dlí

    Tá an togra leasaithe bunaithe ar Airteagal 114 den CFAE agus arna chur isteach i gcomhréir le Airteagal 293(2) den CFAE.

    2.2.        Coimhdeacht agus comhréireacht

    I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta (Airteagal 5(3) den CFAE), níor chóir beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ach amháin mura féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach go leormhaith as a stuaim féin agus gurbh fhearr, i ngeall ar scála nó ar éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. I ngeall ar an ngné thrasteorann a bhaineann le mórán tagarmharcanna agus leis na heintitis a chuireann sonraí ar fáil do na tagarmharcanna seo, chomh maith leis an nádúr idirnáisiúnta atá ag roinnt mhaith de na hionstraimí airgeadais is féidir tionchar a bheith ag cúbláil orthu, tá fíorbhaol ann go rachfaí timpeall ar aon fhreagairt a dhéanfaí ar an leibhéal náisiúnta, nó bheadh sí gan éifeacht cheal beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. I bhfianaise an méid sin, is léir gurb iomchuí gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ó thaobh phrionsabal na coimhdeachta de.

    Faoi phrionsabal na comhréireachta, éilítear go mbeadh aon idirghabháil a dhéanfaí spriocdhírithe agus nach rachadh sí níos faide ná mar is gá chun na cuspóirí a bhaint amach. Is faoi bhrí an phrionsabail sin a dréachtaíodh an togra seo.

    2.3.        Míniú mionsonraithe ar an togra

    Seo a leanas na hathruithe a theastaíonn ar an togra le haghaidh Rialacháin maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh:

    – Leasú ar raon feidhme an rialacháin atá beartaithe (Airteagal 2) chun tagarmharcanna a chuimsiú;

    – Leasú ar na sainmhínithe (Airteagal 5) chun sainmhíniú ar thagarmharcanna a chuimsiú, bunaithe ar leagan fairsingithe den sainmhíniú a úsáideadh sa togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFIR);

    – Leasuithe ar shainmhínithe ar choir na cúblála margaí (Airteagal 8) chun cúbláil ar thagarmharcanna agus iarrachtaí ar chúbláil den chineál sin a chumhdach; agus

    – Aithris a chur isteach chun soiléiriú a thabhairt go gcuimsítear tagarmharcanna i raon feidhme fairsingithe an Rialacháin agus i gcoir na cúblála margaí.

    3.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra leasaithe seo thar a bhfuil sainaitheanta cheana sa togra le haghaidh Rialacháin maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh.

    Leasaítear an togra ón gCoimisiúin[2] le haghaidh rialacháin maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) COM(2011)651 leagan deireanach mar a leanas:

    1.           Cuirtear isteach aithris (20a):

    "(20a) Déantar praghsáil ar roinnt mhaith ionstraimí airgeadais trí thagairt do thagarmharcanna. Is féidir tionchar tromchúiseach a bheith ag cúbláil iarbhír nó ag iarracht chúblála ar thagarmharcanna, ar nós rátaí tairisceana idirbhainc, ar mhuinín an mhargaidh agus d'fhéadfadh caillteanais mhóra d'infheisteoirí agus saobhadh ar an bhfíorgheilleagar a bheith mar thoradh uirthi. Dá bhrí sin, tá forálacha sonracha maidir le tagarmharcanna riachtanach chun sláine na margaí a chaomhnú agus chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla toirmeasc soiléir a chur i bhfeidhm maidir le cúbláil ar thagarmharcanna. Tá sé riachtanach an toirmeasc ginearálta ar chúbláil mhargaidh a chomhlánú trí chúbláil an tagarmhairc féin a thoirmeasc mar aon le haon tarchur faisnéise atá bréagach nó míthreorach, toirmeasc ar ionchuir bhréagacha nó mhíthreoracha, nó aon ghníomhaíocht eile lena ndéantar ríomh tagarmhairc a chúbláil, lena n-áirítear modheolaíocht an tagarmhairc. Tá na rialacha sin de bhreis ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Mórdhíola Fuinnimh a thoirmeascann faisnéis bhréagach a thabhairt go toiliúil do ghnóthais a chuireann meastacháin ar phraghsanna ar fáil nó a sholáthraíonn tuarascálacha margaidh ar tháirgí mórdhíola fuinnimh a mbíonn de thoradh air na rannpháirtithe sa mhargadh, a ghníomhaíonn ar bhonn na meastachán sin ar phraghsanna agus na tuarascálacha margaidh sin, a chur ar míthreo."

    2.           Cuirtear fomhír (d) le hAirteagal 2(3) mar seo a leanas:

    "(d) tagarmharcanna, i gcás ina n-úsáidtear aon tarchur faisnéise, ionchur, ríomh nó iompraíocht chun tionchar a imirt ar ríomh an tagarmhairc nó i gcás ina n-imríonn nó inar dealraitheach go n‑imreoidh na nithe sin tionchar ar ríomh an tagarmhairc."

    3.           Cuirtear mír 20 isteach in Airteagal 5 mar seo a leanas:

    "20. ciallaíonn ‘tagarmharc’ aon treoiruimhir thráchtála nó figiúr foilsithe arna ríomh trí fhoirmle a chur i bhfeidhm ar luach bunsócmhainne nó bunphraghas amháin nó níos mó, lena n-áirítear praghsanna measta, rátaí úis nó luachanna eile, nó suirbhéanna a ndéantar an tsuim atá iníoctha faoi ionstraim airgeadais a chinneadh ina bhfianaise"

    4.           Cuirtear fomhír (d) le hAirteagal 8(1) mar seo a leanas:

    "(d) tarchur faisnéise atá bréagach nó míthreorach, ionchur atá bréagach nó míthreorach a thabhairt, nó aon ghníomhaíocht eile lena ndéantar ríomh tagarmhairc a chúbláil."

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán                                               An tUachtarán

    [1]               COM(2011) 651 leagan deireanach

    [2]               COM(2011) 651 leagan deireanach

    Top