EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012PC0172
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on imports of rice originating in Bangladesh
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hallmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hallmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise
/* COM/2012/0172 final - 2012/0085 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hallmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise /* COM/2012/0172 final - 2012/0085 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Is éard is aidhm don togra seo Rialachán
(CEE) Uimh. 3491/90 ón gComhairle an 26 Samhain 1990 maidir le
hallmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise[1]
a chur ag luí leis an idirdhealú idir cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur
chun feidhme an Choimisiúin a tugadh isteach le hAirteagal 290 agus Airteagal 291
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara Saineolas a bhailiú agus a úsáid Ní raibh aon ghá le comhairliúchán le
páirtithe leasmhara ná le saineolas seachtrach ós rud é gur ábhar
idir-institiúideach é an togra chun Rialachán (CE) Uimh. 3491/90 ón
gComhairle a ailíniú le Conradh Liospóin agus bainfidh sé le gach Rialachán ón
gComhairle. Measúnú tionchair Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh ós rud é
gur ábhar idir-institiúideach é an togra chun Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90
ón gComhairle a ailíniú le Conradh Liospóin agus bainfidh sé le gach Rialachán
ón gComhairle. 3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe Cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun
feidhme an Choimisiúin i Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 ón gComhairle a
shainaithint agus an nós imeachta comhfhreagrach a bhunú chun na gníomhartha
sin a ghlacadh. Bunús dlí Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh. Prionsabal na coimhdeachta Déantar inniúlachtaí maidir le beartas
talmhaíochta a roinnt idir an AE agus na Ballstáit. Is éard a chiallaíonn an
méid sin fad nach ritheann an AE reachtaíocht san earnáil sin nach gcaillfidh
na Ballstáit a n-inniúlachtaí féin. Ní dhéanann an togra seo ach na forálacha
maidir le hallmhairí fabhracha ríse de thionscnamh na Banglaidéise a oiriúnú do
cheanglais nua a tugadh isteach le Conradh Liospóin. Ar an gcaoi sin, ní
dhéanann an togra seo difear don chur chuige atá ag an Aontas cheana. Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na
comhréireachta. Rogha ionstraimí An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ní bheadh ionstraimí eile leormhaith ar an
gcúis seo a leanas: i bhfianaise nádúr an chomhbheartais talmhaíochta agus na
riachtanas bainistíochta a bhaineann leis, tá cur i bhfeidhm díreach ina
shaintréith fhíor‑riachtanach de reachtaíocht an chomhbheartais
talmhaíochta. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an mbeart
seo. 2012/0085 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le hallmhairí ríse de thionscnamh na
Banglaidéise TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[2], Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) I gcomhthéacs Bhabhta Uragua,
gheall an tAontas socruithe fabhracha allmhairiúcháin a thairiscint i gcás ríse
de thionscnamh na dtíortha is lú forbairt. Thug an Bhanglaidéis, ceann de na
tíortha ar tugadh an tairiscint dóibh, le fios go raibh spéis aici trádáil na
ríse a fhorbairt. Chuige sin, glacadh Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 ón
gComhairle an 26 Samhain 1990 maidir le hallmhairí ríse de
thionscnamh na Banglaidéise[3]. (2) Faoi Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90
tugtar cumhachtaí don Choimisiún roinnt de na forálacha atá ann a chur chun
feidhme. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní mór na
cumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Conradh). Ar mhaithe le soiléire,
is iomchuí Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 a aisghairm agus Rialachán
nua a chur ina ionad. (3) D’fhonn iontaofacht agus
éifeachtúlacht an tsocraithe fhabhraigh allmhairiúcháin a áirithiú, ba cheart
an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún le go bhféadfaidh sé rialacha a
leagan síos faoina mbeadh rannpháirtíocht sa socrú faoi choinníoll urrús a
thaisceadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun
comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear
comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, le linn dó
gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, go ndéanfar doiciméid
ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar
bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. (4) D'fhonn coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart
cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Mura bhforáiltear a
mhalairt go sainráite, ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail
ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar
fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[4]. I gcás inar gá an socrú
fabhrach allmhairiúcháin a fhionraí, áfach, ba cheart cead a thabhairt don
Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan Rialachán (CE) Uimh. 182/2011
a chur i bhfeidhm. (5) Faoi mhéid áirithe ríse scilligthe
tá laghdú ar na dleachtanna ar allmhairí i gceist sna socruithe fabhracha
allmhairiúcháin. Ba cheart na méideanna coibhéiseacha ag céimeanna eile
muilleála seachas rís scilligthe a ríomh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1312/2008
ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 lena socraítear na rátaí comhshó, na
costais phróiseála agus luach na bhfotháirgí sna céimeanna éagsúla den
phróiseáil ríse[5].
(6) D’fhonn na dleachtanna ar
allmhairí atá infheidhme maidir le rís de thionscnamh na Banglaidéise a allmhairítear
faoin Rialachán seo a shocrú, ba cheart forálacha ábhartha Rialachán Uimh. XXXX/XXXX
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comheagrú na margaí
talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe
talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM Aonair)[6]
a chur san áireamh. (7) D’fhonn a áirithiú nach
mbainfidh buntáistí na socruithe fabhracha allmhairiúcháin ach le rís de
thionscnamh na Banglaidéise, ba cheart don tír onnmhairithe deimhniú
tionscnaimh a eisiúint agus cáin onnmhairíochta de mhéid a fhreagraíonn don
laghdú ar na dleachtanna ar allmhairí a bhailiú, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Raon Feidhme 1. Bunaítear leis an Rialachán
seo socrú fabhrach allmhairiúcháin i gcomhair allmhairí ríse de thionscnamh na
Banglaidéise a thig faoi chóid AC 1006 10 (ach amháin cód AC 1006 10 10),
1006 20 agus 1006 30. 2. Beidh teorainn 4 000 tona de
rís scilligthe, in aghaidh na bliana féilire, leis an socrú fabhrach
allmhairiúcháin.
Déanfar na méideanna ag céimeanna eile muilleála seachas rís scilligthe a
chomhshó ag úsáid na rátaí comhshó atá socraithe in Airteagal 1 de
Rialachán (CE) Uimh. 1312/2008. 3. Trí ghníomh cur chun feidhme
arna ghlacadh ag an gCoimisiún gan cúnamh ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 323(1)
de Rialachán Uimh. XXXX/XXXX, déanfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an
tsocraithe fhabhraigh allmhairiúcháin dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal
seo a fhionraí a luaithe a bhfaighidh sé amach, le linn na bliana reatha, go
bhfuil an teorainn atá luaite i mír 2 sroichte i gcás líon na n‑allmhairí
atá cáilithe faoin socrú sin. Airteagal 2 Dleachtanna ar allmhairí 1. Faoin teorainn atá leagtha
síos in Airteagal 1(2), beidh an dleacht ar allmhairí ríse: — i gcás ríse gan scilligeadh a thig faoi chóid AC 1006 10,
ach amháin cód AC 1006 10 10, cothrom leis na dleachtanna
custaim a socraíodh sa Chomhtharaif Chustaim, lúide 50 % agus lúide EUR 4,34
breise; — i gcás ríse scilligthe a thig faoi chód AC 1006 20,
cothrom leis an dleacht a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 242 de
Rialachán Uimh. XXXX/XXXX, lúide 50 % agus lúide EUR 4,34
breise; — i gcás ríse leathmheilte agus meilte a thig
faoi chód AC 1006 30, cothrom leis an dleacht a socraíodh i gcomhréir
le hAirteagal 244 de Rialachán Uimh. XXXX/XXXX, lúide EUR 16,78,
lúide 50 % agus lúide EUR 6,52. 2. Beidh mír 1 faoi réir na
gcoinníollacha seo a leanas: (a) go gcuirfear cruthúnas ar fáil gur
bhailigh an Bhanglaidéis cáin onnmhairíochta de mhéid a fhreagraíonn don laghdú
dá dtagraítear i mír 1 (b) gur eisigh údarás inniúil na Banglaidéise
deimhniú tionscnaimh Airteagal 3 Cumhachtaí tarmligthe Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 lena leagtar
síos rialacha faoina mbeidh rannpháirtíocht sa socrú fabhrach allmhairiúcháin a
bhunaítear faoi Airteagal 1 faoi choinníoll urrús a thaisceadh. Airteagal 4 An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a
leagtar síos san Airteagal seo. 2. Tabharfar na cumhachtaí chun
na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3 a ghlacadh don
Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ó dháta theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3
a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh
deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh
éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a bheidh sonraithe ann. Ní
dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá
i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na
hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura chuir
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí
ó tugadh fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle
nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na
hEorpa agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear
dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón
gComhairle. Airteagal 5 Cumhachtaí cur chun feidhme Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá maidir
leis an méid seo a leanas a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme: (a) an modh riaracháin ba cheart a úsáid
chun an socrú fabhrach allmhairiúcháin a bhainistiú; (b) an modh chun tionscnamh an táirge
atá cumhdaithe faoin socrú fabhrach allmhairiúcháin a chinneadh; (c) leagan amach agus tréimhse
bhailíochta an deimhnithe tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 2(2); (d) an cineál cruthúnais a theastóidh
lena shuíomh gur íocadh an cháin allmhairíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(2); (e) tréimhse bhailíochta na gceadúnas
allmhairíochta, nuair is iomchuí; (f) méid an urrúis nach foláir a
thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 3; (g) na fógraí a chuirfidh na Ballstáit
faoi bhráid an Choimisiúin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal [323(2)]
de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/xxxx] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle (an Rialachán maidir le CEM Aonair). Airteagal 6 Aisghairm Déanfar Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90
a aisghairm. Déanfar tagairtí do Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90
a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis
an tábla comhghaoil atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an
Rialachán seo. Airteagal 7 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN TÁBLA
COMHGHAOIL DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6 Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 || An Rialachán seo Airteagal 1 || Airteagal 2 Airteagal 2(1) || Airteagal 1(2) Airteagal 2(2) || Airteagal 1(3) Airteagal 3 || Airteagail 3, 4 agus 5 [1] IO L 337, 04.12.1990, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE)
Uimh. 1532/2007 (IO L 337, 21.12.2007, lch. 19). [2] IO C […], […], lch. […]. [3] IO L 337, 4.12.1990, lch. 1. [4] IO L 55, 28.2.2011, lch.13. [5] IO L 344, 20.12.2008, lch. 56. [6] OJ L […], […], lch. […].