EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012PC0135

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚNde bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaighar leasú [leasuithe] Pharlaimint na hEorpa ar an seasamh ón gComhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLEmaidir le táirgí bithicíde a chur ar an margadh agus a úsáid

/* COM/2012/0135 final - 2009/0076 (COD) */

52012PC0135

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚNde bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaighar leasú [leasuithe] Pharlaimint na hEorpa ar an seasamh ón gComhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLEmaidir le táirgí bithicíde a chur ar an margadh agus a úsáid /* COM/2012/0135 final - 2009/0076 (COD) */


2009/0076 (COD)

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar leasú [leasuithe] Pharlaimint na hEorpa ar an seasamh ón gComhairle maidir leis an togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le táirgí bithicíde a chur ar an margadh agus a úsáid

1.           Réamhrá

In Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh foráiltear go bhfuil ar an gCoimisiún tuairim a thabhairt faoi na leasuithe arna moladh ag Parlaimint na hEorpa ag an dara léamh. Tá a thuairim leagtha amach thíos ag an gCoimisiún faoi na leasuithe a mhol an Pharlaimint.

2.           Cúlra

An 12 Meitheamh 2009 rinne an Coimisiún togra le haghaidh Rialacháin maidir le táirgí bithicíde a chur ar an margadh agus a úsáid a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle le go nglacfaí é trí nós imeachta comhchinnteoireachta mar atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh AE.

Thug an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a thuairim an 17 Feabhra 2010.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ag an gcéad léamh an 22 Meán Fómhair 2010.

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an togra an 20 Nollaig 2010 agus ghlac sí a comhsheasamh an 21 Meitheamh 2011.

Thug COREPER a chomhaontú ar an gcomhréiteach ag an dara léamh an 23 Samhain 2011.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a Rún Reachtach ag an dara léamh an 19 Eanáir 2012.

3.           Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Is é is aidhm don Rialachán atá beartaithe feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i dtáirgí bithicíde a fheabhsú agus ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine a áirithiú ag an am céanna. Tá sé mar chuspóir ag an togra roinnt laigí a leigheas a aimsíodh le linn na chéad ocht mbliana de chur chun feidhme Threoir 98/8/CE, costais chomhlíonta a laghdú, cosc a chur ar fhadhbanna a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis an nós imeachta maidir le húdarú agus aitheantas frithpháirteach táirgí, atá ar na bacáin, agus an ionstraim a thabhairt cothrom le dáta agus a oiriúnú d'fhorbairtí nua beartais.

4.           tuairim ón gcoimisiúin faoi na leasuithe atá molta ag parlaimint na heorpa

Ina seisiún iomlánach an 19 Eanáir 2012, ghlac Parlaimint na hEorpa pacáiste comhréitigh a comhaontaíodh leis an gComhairle d'fhonn teacht ar chomhaontú ag an dara léamh.

Baineann na leasuithe seo leis an méid seo a leanas go bunúsach:

– na critéir chun substaintí gníomhacha a eisiamh ón bpróiseas ceadaithe;

– an raon feidhme atá ag nós imeachta láraithe an AE maidir le táirgí bithicíde,

– níos mó solúbthachta i ndáil leis na ceanglais maidir le sonraí agus laghdú i dtástáil ar ainmhithe inveirteabracha;

– na ceanglais maidir le lipéadú ar earraí cóireáilte;

– foilsiú tuarascálacha agus scaipeadh faisnéise,

– na cúraimí atá sannta don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus an bonn le táillí a íoc leis an gGníomhaireacht sin.

Ní chuirfidh an Coimisiún i gcoinne an phacáiste chomhréitigh mar go luíonn sé le haidhm fhoriomlán agus saintréithe ginearálta an togra. Maidir le gníomhartha cur chun feidhme a úsáid chun na táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a shocrú, chun nana‑ábhar a shainmhíniú agus i gcomhair na dtáillí ar iarratais ar aitheantas frithpháirteach, tá dearbhuithe déanta ag an gCoimisiún agus tá siad i gceangal leis an tuairim seo.

5.           Conclúid

De bhun Airteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní chuirfidh an Coimisiún i gcoinne na leasuithe dar vótáil Parlaimint na hEorpa ag an dara léamh i gcomhréir leis an téacs comhréitigh a thuairiscítear thuas.

Iarscríbhinn: Dearbhuithe ón gCoimisiún

Dearbhú ón gCoimisiún maidir le gníomhartha cur chun feidhme a úsáid chun táillí a shocrú

Measann an Coimisiún nach féidir socrú na dtáillí atá le híoc leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a chinneadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Mar sin féin, ar mhaithe le comhréiteach, ní chuirfidh an Coimisiún i gcoinne an téacs deiridh mar atá comhaontaithe idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa. Mar sin féin, maidir leis an tsaincheist seo, forchoimeádann an Coimisiún an ceart leas a bhaint as réitigh dhlíthiúla dá bhforáiltear sa Chonradh d'fhonn soiléiriú a lorg ón gCúirt maidir le ceist an teorannaithe idir Airteagal 290 agus Airteagal 291.

Dearbhú ón gCoimisiún maidir le nana-ábhar a shainmhíniú

Cé gur féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an téacs deiridh mar atá comhaontaithe idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, tá sé fós den tuairim go mbeadh tagairt dhíreach do Mholadh 2011/696/AE ón gCoimisiún maidir le nana‑ábhar a shainmhíniú níos iomchuí i bhfianaise an ghá atá le sainmhíniú comhchuibhithe ar nana‑ábhar a chuirfí i bhfeidhm i reachtaíocht an AE tríd is tríd agus go bhféadfaí é a oiriúnú go héasca d'fhorbairtí teicniúla agus eolaíocha. Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun a áirithiú go léireofar an méid sin in aon togra amach anseo.

Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an táille ar iarratais ar aitheantas frithpháirteach

Agus a thogra le haghaidh Rialacháin maidir le táillí i gcomhréir le hAirteagal 80(1) á dhéanamh ag an gCoimisiún, déanfaidh sé gach iarracht a áirithiú, i gcás leibhéal an táille ar iarratais ar aitheantas frithpháirteach is iníoctha leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, go gcuirfear san áireamh leibhéal na dtáillí a ghearrtar sna Ballstáit éagsúla agus nach mbeidh ualach díréireach ar chuideachtaí, go háirithe GBManna, i gceist leis.

Top