EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0855

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal Eorpach a bhailiú

/* COIM/2011/0855 leagan deireanach - 2011/0416 (COD) */

52011PC0855

/* COIM/2011/0855 leagan deireanach - 2011/0416 (COD) */ Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal Eorpach a bhailiú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

- Forais agus cuspóirí an togra

Ar mhaithe le cumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin i Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle[1] a ailíniú don idirdhealú a tugadh isteach le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) idir cumhachtaí tarmligthe an Choimisiúin agus cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin.

- Comhthéacs ginearálta

Déantar idirdhealú idir dhá chineál gnímh de chuid an Choimisiúin in Airteagal 290 agus in Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE):

- Féadfaidh an reachtóir, trí bhíthin Airteagal 290 den CFAE, cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú. Is mar 'gníomhartha tarmligthe' (Airteagal 290(3)) a thagraítear sa Chonradh do ghníomhartha dlíthiúla a ghlacann an Coimisiún ar an gcaoi seo.

- In Airteagal 291 den CFAE, ceadaítear do na Ballstáit bearta uile an dlí náisiúnta is gá a ghlacadh chun gníomhartha Aontais atá ina gceangal de réir dlí a chur chun feidhme. Is féidir cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún leis na gníomhartha sin i gcás inar gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun iad a chur chun feidhme. Is mar 'gníomhartha tarmligthe' (Airteagal 291(4)) a thagraítear sa Chonradh do ghníomhartha dlíthiúla a ghlacann an Coimisiún ar an gcaoi seo.

- Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Airteagail 290 agus 291 de Chonradh CE.

- Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Neamhbhainteach.

2. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta

- Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

- Saineolas a bhailiú agus a úsáid

- Measúnú tionchair

Ní raibh aon ghá le comhairliúchán le páirtithe leasmhara ná le saineolas a bhailiú ná a úsáid ná le measúnú tionchair ós rud é gur ábhar idirinstitiúideach é an togra chun Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a ailíniú le Conradh Liospóin agus bainfidh sé le gach Rialachán ón gComhairle. Ina theannta sin, is de raon feidhme teoranta iad na leasuithe lena ndírítear ar Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a shimpliú agus a oiriúnú i bhfianaise na taithí a fuarthas trína chur i bhfeidhm.

3. Eilimintí dlí an togra

- Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin i Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a shainaithint agus an nós imeachta comhfhreagrach a bhunú chun na gníomhartha sin a ghlacadh.

Thairis sin, ar mhaithe le simpliú agus i bhfianaise na taithí a fuarthas trí Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a chur i bhfeidhm, beartaítear roinnt forálacha sa Rialachán sin a athrú nó a scrios.

- Bunús dlí

Airteagal 43 den Chonradh

- Prionsabal na coimhdeachta

Déantar inniúlachtaí maidir le beartas talmhaíochta a roinnt idir an AE agus na Ballstáit. Ciallaíonn an méid sin fad nach ritheann an AE reachtaíocht in earnáil na talmhaíochta go gcoimeádann na Ballstáit a n-inniúlachtaí féin. Tá an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (LSCF) ar bun ó 1965 i leith, agus tá údar cuí leis na rialacha reatha a shimpliú agus a oiriúnú i bhfianaise na taithí a fuarthas trí Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a chur i bhfeidhm.

- Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta.

- Rogha ionstraimí

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ní bheadh ionstraimí eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas: ní mór Rialachán a leasú le Rialachán eile.

4. Impleachtaí buiséadacha

Níl aon chaiteachas breise ón Aontas i gceist leis an mbeart seo.

5. Faisnéis bhreise

- Simpliú agus oiriúnú i bhfianaise na taithí a fuarthas trí Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a chur i bhfeidhm

Mar a mhínítear tuilleadh thíos, tá roinnt forálacha sa Rialachán a théann siar chomh fada leis an tráth ar glacadh Rialachán Uimh. 79/65/CEE ón gComhairle an 15 Meitheamh 1965 lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta i gComhphobal Eacnamaíoch na hEorpa a bhailiú[2], forálacha nach léirítear níos mó i dtimpeallacht agus struchtúr reatha an LSCF.

Ar ndóigh, ní dhéantar na tuarascálacha arna mbunú ar an LSCF a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa ná na Comhairle níos mó chun críche socrú bliantúil na bpraghsanna táirgí talmhaíochta. Dá bhrí sin tá an fhoráil reatha go ndéanfar na tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle imithe i léig. Mar sin féin, chun rochtain áisiúil ar na sonraí agus ar na tuarascálacha arna mbunú ar LSCF a thabhairt d'institiúidí eile agus don phobal chomh maith ba cheart an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin poiblí.

Ní éilíonn an Coimisiún ar na Ballstáit ach oiread liosta na n-oifigí cuntasaíochta a sholáthar do ghábhaltais chuntasaíochta chun rogha a dhéanamh as a measc ach tá a chuntasóir/oifig chuntasaíochta féin ag formhór na ngabháltas a thugann na sonraí don LSCF nó bailíonn an oifig idirchaidrimh nó a conraitheoirí na sonraí go díreach. Ina theannta sin, tá rialú buiséadach na speansas atá le híoc as tuairisceáin feirme a sheachadadh á rialú ag nós imeachta buiséadach ar leith agus ní ceart é a áireamh níos mó sa Rialachán seo.

Ós rud é go bhfuil an dá shuirbhé a luaitear sa Rialachán, i.e. chun ioncaim gabháltas talmhaíochta a chinneadh ar thaobh amháin agus chun anailísiú gnó a dhéanamh ar ghabháltais talmhaíochta ar an taobh eile, tá an dá cheann faoi réir na rialacha céanna go bunúsach, is iomchuí na forálacha is infheidhme maidir leis an dá chineál suirbhé a chumasc.

In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán tá liosta na rannóg do gach Ballstát. Tá an liosta seo le leasú ag an gCoimisiún arna n-iarraidh sin don Bhallstát ábhartha. Tá liosta rannóg dá leithéid, lena n-áirítear líon na ngabháltas atá le roghnú do gach rannóg, leagtha amach freisin san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 1291/2009 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2009 maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta chun críche ioncaim gabháltas talmhaíochta[3] a chinneadh. Moltar, i bhfianaise nádúr thar a bheith teicniúil Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus an gá le solúbthacht chun na liostaí rannóg sin a oiriúnú, go mbainfear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus tabharfar de chumhacht don Choimisiún as seo amach liosta rannóg a shainiú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

2011/0416 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal Eorpach a bhailiú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[4],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[5],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach[6],

De bharr an méid seo a leanas:

1. Le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle[7] tugtar cumhachtaí don Choimisiún cuid d'fhorálacha an Rialacháin sin a chur chun feidhme.

2. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní mór na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 a ailíniú d'Airteagal 290 agus d'Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Conradh).

3. Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh maidir leis an méid seo a leanas: liosta a bhunú in aghaidh an Bhallstáit, an tairseach maidir le toise eacnamaíoch agus líon na ngabháltas cuntasaíochta in aghaidh na rannóige a chinneadh, tuilleadh rialacha maidir le cáilíochtú na ngabháltas cuntasaíochta a ghlacadh, an t-ábhar breise sa phlean roghnúcháin do na gabháltais chuntasaíochta a chinneadh, rialacha breise a ghlacadh maidir le gníomhaíochtaí Coistí Náisiúnta na mBallstát don líonra sonraí, rialacha breise maidir le cúraimí gníomhaireachtaí idirchaidrimh na mBallstát a ghlacadh, agus rialacha maidir le sonraí cuntasaíochta atá le háireamh sa tuairisceán feirme a ghlacadh. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí mar chuid den obair ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

4. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 agus chun idirdhealú idir feirmeoirí a sheachaint, ba cheart cumhachtaí cur chur feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le rialacha maidir leis an táille chaighdeánach sa Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (LSCF) a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí le haghaidh rialú ag na Ballstát ar fheidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[8].

5. Ar mhaithe le simpliú agus i bhfianaise na taithí a fuarthas trí Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a chur i bhfeidhm, ba cheart roinnt forálacha sa Rialachán sin a oiriúnú nó a scrios.

6. De réir Airteagal 1(3) de Rialachán(CE) Uimh. 1217/2009, táthar le tuarascálacha arna mbunú ar shonraí LSCF a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, go háirithe chun críocha shocrú bliantúil na bpraghsanna táirgí talmhaíochta. Mar sin féin, ní thíolactar na tuarascálacha sin chuig na hinstitiúidí sin níos mó chun críocha shocrú na bpraghsanna táirgí talmhaíochta. Chun rochtain shimplí agus áisiúil ar na tuarascálacha anailíseacha bliantúla arna mbunú ar LSCF le húsáid ag institiúidí eile agus ag an bpobal a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh go bhfoilseofar tuarascálacha ina gcumhdófar earnálacha roghnaithe ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

7. Roghnaítear na gabháltais chuntasaíochta faoi chuimsiú LSCF ar bhonn liosta rannóg in aghaidh an Bhallstáit. Tá an liosta sin leagtha amach faoi láthair in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009. Ina theannta sin, tá liosta dá samhail leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán 1291/2009 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2009 maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta chun críocha ioncaim gabháltas talmhaíochta a chinneadh[9]. Ar mhaithe le simpliú, is iomchuí dúbláil na liostaí sin a sheachaint. I bhfianaise nádúr liosta na rannóg chomh maith leis an ngá le haon athruithe a chur chun feidhme go héifeachtúil, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 a scrios agus ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún an liosta sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Go dtí go mbunóidh an Coimisiún liosta rannóg dá leithéid, úsáidfear an liosta arna leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2009 chun críocha Rialachán (CE) 1217/2009.

8. In Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 leagtar síos íosmhéid gabháltas cuntasaíochta. Is é is aidhm leis an bhforáil sin teorainn bhuiséadach a shocrú maidir le bailiú shonraí LSCF. Ós rud é go n-áirithítear an aidhm seo tríd an nós imeachta le haghaidh ullmhú agus ghlacadh bliantúil bhuiséad an Aontais, níl gá a thuilleadh leis an teorainn atá leagtha síos in Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009.

9. I gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 tá rialacha maidir le hioncaim gabháltas talmhaíochta a chinneadh, agus tá na rialacha maidir le hanailís gnó a dhéanamh ar ghabháltais talmhaíochta bunaithe i gCaibidil III den Rialachán sin. Ós rud é go bhfuil an dá chineál suirbhé faoi réir na rialacha céanna go bunúsach agus d'fhonn na rialacha sin a shimpliú, is iomchuí na forálacha sin is infheidhme maidir leis an dá chineál suirbhé a chumasc.

10. I Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 tá tuilleadh forálacha nach léiríonn a thuilleadh an cleachtas faoin Rialachán sin. Go háirithe, ní éilíonn an Coimisiún ar na Ballstáit liosta na n-oifigí cuntasaíochta a sholáthar do ghábhaltais chuntasaíochta chun rogha a dhéanamh as a measc ach tá a chuntasóir/oifig chuntasaíochta féin ag formhór na ngabháltas a thugann na sonraí don LSCF nó bailíonn an oifig idirchaidrimh nó a conraitheoirí na sonraí go díreach. Ina theannta sin, ní éilíonn an Coimisiún a thuilleadh tuarascálacha ar chur chun feidhme an phlean do roghnú na ngabháltas cuntasaíochta arna bhformheas ag na Coistí Náisiúnta.

11. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 mar a leanas:

12. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 d'Airteagal 1:

"3. Fónfaidh na sonraí arna bhfáil de bhun an Rialacháin seo, go háirithe, mar bhonn chun go ndréachtódh an Coimisiún tuarascálacha ar staid na talmhaíochta agus margaí talmhaíochta agus ar ioncaim feirme chomh maith san Aontas. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.'

13. Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a) I bpointe (a) cuirtear an focal 'feirmeoir' in ionad 'oibreoir'

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

'(b) ciallaíonn 'catagóir gabháltais' grúpa gabháltas talmhaíochta a bhaineann leis na catagóirí céanna maidir leis an gcineál feirmeoireachta agus méid eacnamaíoch mar a shainítear i dtíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais talmhaíochta;'

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

'(d) ciallaíonn 'rannóg' críoch Bhallstáit, nó aon chuid di mar a theormharcáiltear d'fhonn gabháltais chuntasaíochta a roghnú;'

14. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

"Airteagal 3

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 19a, chun críocha liosta rannóg a bhunú in aghaidh an Bhallstáit.

Go dtí go mbunóidh an Coimisiún an liosta sin rannóg, is iad na rannóga na cinn atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhainn le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2009*.

*IO L 347, 24.12.2009, lch. 14'.

15. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad teideal Chaibidil II:

'SONRAÍ CHUN IONCAIM NA NGABHÁLTAS TALMHAÍOCHTA A CHINNEADH AGUS CHUN ANAILÍS GNÓ A DHÉANAMH ORTHU

16. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"Airteagal 4

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le bailiú sonraí cuntasaíochta chun críocha ioncaim a chinneadh go bliantúil agus chun anailís gnó a dhéanamh ar ghabháltais talmhaíochta.

Baileofar na sonraí sin trí bhíthin suirbhéanna rialta agus speisialta.'

17. Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. I réimse an tsuirbhé dá dtagraítear in Airteagal 1(2) cumhdófar na gabháltais talmhaíochta atá de thoise eacnamaíoch atá cothrom le nó níos mó ná, tairseach arna shloinneadh in euro a chomhfhreagraíonn do cheann de na híosteorainneacha aicmí toise eacnamaíoch mar a shainítear i dtíopeolaíocht an Aontais go ghabháltais talmhaíochta.'

(b) Scriostar mír 3.

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Tabhar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19a chun críocha an tairseach do thoise eacnamaíoch agus líon na ngabháltas cuntasaíochta in aghaidh na rannóige a chinneadh chomh maith le rialacha breise a ghlacadh maidir le cáilíochtú na ngabháltas cuntasaíochta .'

18. Cuirtear an tAirteagal 5a a leanas isteach:

"Airteagal 5a

1. Déanfaidh gach Ballstát plean maidir le roghnú gabháltais chuntasaíochta a dhréachtú. Áiritheofar leis an bplean sin go bhfaighfear sampla cuntasaíochta ionadaíoch de réimse an tsuirbhé.

Sonrófar go háirithe sa phlean maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta dáileadh na ngabháltas cuntasaíochta in aghaidh an chatagóra gabháltais agus na rialacha mionsonraithe maidir le roghnú na ngabháltas ábhartha.

Déanfar é a dhréachtú ar bhonn na sonraí staidrimh is deireanaí agus a thíolacadh i gcomhréir le tíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais talmhaíochta.

2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19a chun críocha an t-ábhar breise sa phlean maidir le roghnú gabháltas cuntasaíochta a chinneadh.'

19. Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Beidh an Coiste Náisiúnta freagrach as roghnú na ngabháltas cuntasaíochta. Chun na críche sin, aireofar ar a chúraimí, go háirithe, formheas an phlean maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta.'

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 19a, chun rialacha breise a ghlacadh maidir le gníomhaíochtaí na gCoistí Náisiúnta.

20. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

"Airteagal 7

1. Ceapfaidh gach Ballstát gníomhaireacht idirchaidrimh a mbeidh sé de chúram uirthi an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) an Coiste Náisiúnta, na Coistí Réigiúnacha agus na hoifigí cuntasaíochta a chur ar an eolas faoin gcreat rialála is infheidhme maidir leo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go cuí é;

(b) an plean maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta a dhréachtú agus a chur faoi bhráid an Choiste Náisiúnta lena fhormheas, agus a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin;

(c) tiomsú:

(i) liosta na ngabháltas cuntasaíochta;

(ii) más infheidhme, liosta na n-oifigí cuntasaíochta a dteastaíonn uathu tuairisceáin feirme a chomhlánú agus atá ábalta é a dhéanamh i gcomhréir le téarmaí na gconarthaí dá bhforáiltear in Airteagal 10;

(d) na tuairisceáin feirme a chuireann na hoifigí cuntasaíochta chuici a thiomsú;

(e) a fhíorú gur comhlánaíodh na tuairisceán feirme go cuí;

(f) na tuairisceáin feirme arna gcomhlánú go cuí a chur ar ais chuig an gCoimisiún san fhormáid a éilítear agus laistigh den spriocdháta;

(g) na hiarrataí ar fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 17 a tharchur chuig an gCoiste Náisiúnta, na Coistí Réigiúnacha agus na hoifigí cuntasaíochta agus na freagraí ábhartha a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 19a, chun críche rialacha breise a ghlacadh maidir le cúraimí na ngníomhaireachtaí idirchaidrimh.

21. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3 d'Airteagal 8:

"2. Beidh na sonraí cuntasaíochta arna soláthar i gach tuairisceán feirme arna chomhlánú go cuí amhlaidh chun gur féidir an méid seo a leanas a dhéanamh:

- an gabháltas cuntasaíochta a shaintréithriú trí thagairt a dhéanamh do na príomheilimintí ina thoscaí táirgthe;

- rochtain a fháil ar ioncaim an ghabháltais ina fhoirmeacha éagsúla;

- fírinneacht na faisnéise arna tabhairt a sheiceáil trí sheiceálacha ar an láthair.

3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 maidir le rialacha maidir leis an gcineál sonraí cuntasaíochta atá le tabhairt i dtuairisceán feirme, an fhoirm inar ceart na sonraí sin a thíolacadh agus na sainithe agus na treoracha a bhaineann leo.'

22. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

"Airteagal 9

Déanfaidh feirmeoir a roghnaítear a ghabháltas mar ghábhaltas cuntasaíochta na sonraí cuntasaíochta a sholáthar don oifig chuntasaíochta atá sásta an tuairisceán feirme dá ghabháltas a chomhlánú i gcomhréir le téarmaí an chonartha dá bhforáiltear in Airteagal 10.'

23. Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Déanfar conradh a thabhairt chun críche ar údarás an Bhallstáit idir an t-údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát agus gach oifig chuntasaíochta. Faoin gconradh sin gabhfaidh an oifig chuntasaíochta ar láimh tuairisceáin feirme a chomhlánú ar bhealach atá ag luí le hAirteagal 8.'

(b) Scriostar mír 2.

24. Scriostar Caibidil III.

25. Scriostar Airteagal 18.

26. Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a) I mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

'(a) táille chaighdeánach is iníoctha leis na Ballstáit as na tuairisceáin feirme arna gcomhlánú go cuí a sheachadadh laistigh den spriocdháta'.

(b) Cuirtear isteach mír 3 mar seo a leanas:

"3. "Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir leis an táille chaighdeánach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19b(2).'

27. Cuirtear isteach na hAirteagail 19a agus 19b seo a leanas:

"Airteagal 19a

"1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Déanfar an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3, 5(4), 5a(2), 6(5), 7(2) agus 8(3) a bhronnadh ar an gCoimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón [1 Eanáir 2013].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, 5(4), 5a(2), 6(5), 7(2) agus 8(3) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3, 5(4), 5a(2), 6(5), 7(2) agus 8(3) i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 19b

1. Beidh Coiste dá ngairtear Coiste Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme de chúnamh ag an gCoimisiún'. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011*.

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

*IO L 55, 28.02.2011, lch. 13'.

28. Scriostar Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [1 Eanáir 2013].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh [...],

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS | Ráiteas Airg/1193974 EM/nh/ 4.1.2011 |

DÁTA: 14.10.2011 |

1. | CEANNTEIDEAL BUISÉID Teideal 05: Talmhaíocht agus Forbairt tuaithe. | LEITHREASAÍ: LCO EUR 57,292.3 Mil LCÍ: EUR 55,269.1 Mil |

2. | TEIDEAL: Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaíter líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal Eorpach a bhailiú. |

3. | BUNÚS DLÍ: Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 43(2). |

4. | AIDHMEANNA: Cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme an Choimisiúin i Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a shainaithint agus an nós imeachta iomchuí maidir le glacadh na ngníomhartha sin a bhunú (an togra a ailíniú le Conradh Liospóin) |

5. | IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS | TRÉIMHSE 12 MHÍ (EUR milliún) | BLIAIN AIRGEADAIS REATHA [2011] (EUR milliún) | BLIAIN AIRGEADAIS DÁR gCIONN [2012] (EUR milliún) |

5.0 | CAITEACHAS - ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN CE (AISÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA) - ÚDARÁIS NÁISIÚNTA - EILE | - | - | - |

5.1 | IONCAM - ACMHAINNÍ DÍLSE AN CE (TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM) - NÁISIÚNTA | - | - | - |

[2013] | [2014] | [2015] | [2016] |

5.0.1 | CAITEACHAS MEASTA | - | - | - | - |

5.1.1 | IONCAM MEASTA | - | - | - |

5.2 | MODHANNA RÍOMHA: |

6.0 | AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASAÍ A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD REATHA? | IS FÉIDIR/NÍ FÉIDIR |

6.1 | AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ IDIR CHAIBIDLÍ AN BHUISÉID REATHA? | IS FÉIDIR/NÍ FÉIDIR |

6.2 | AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH? | BEIDH/NÍ BHEIDH |

6.3 | AN GÁ LEITHREASAÍ A CHUR ISTEACH I mBUISÉID SA TODHCHAÍ? | IS GÁ/NÍ GÁ |

BARÚLACHA: Is é is aidhm leis an togra seo an Rialachán ón gComhairle a ailíniú le Conradh Liospóin; níl aon impleacht aige ar chaiteachas buiséadach. |

[1] IO L 328, 15.12.2009, lch. 27.

[2] IO 109, 23.6.1965, lch. 1859.

[3] IO L 347, 24.12.2009, lch. 14.

[4] IO C […], […], lch. […].

[5] IO C […], […], lch. […].

[6] IO C […], […], lch. […].

[7] IO L 328, 15.12.2009, lch. 27.

[8] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[9] IO L 347, 24.12.2009, lch. 14.

Top