Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0817

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

/* COIM/2011/0817 leagan deireanach - 2011/0384 (COD) */

52011PC0817

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht /* COIM/2011/0817 leagan deireanach - 2011/0384 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Bunaíodh an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 agus é mar an cuspóir aige cur le fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus le hiomaíochas trí chumas nuálaíochta an AE agus a Bhallstáit a athneartú. Le linn na tréimhse 2014-2020 rannchuideoidh an EIT le cuspóir ginearálta “Fís 2020 - an Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht” (dá ngairtear ‘Fís 2020’ anseo feasta)[1], trí bhíthin thriantán eolais an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta a chomhtháthú. Tarlaíonn an comhtháthú seo go príomha trí na Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), ina dtugtar eagraíochtaí le chéile ar bhonn fadtéarmach thart ar dhúshláin shochaíocha.

Cuirfear an ranníocaíocht airgeadais ó ‘Fís 2020’ leis an EIT chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle ina leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh in ‘Fís 2020’[2]. Cumhdófar “gníomhaíochtaí breisluacha PEN” leis an gcistiú a thabharfaidh an EIT do na PENanna, ach féadfaidh na PENanna nó a n‑eagraíochtaí comhpháirtíochta iarratas a chur isteach ar scéimeanna eile faoi ‘Fís 2020’ nó faoi chláir an Aontais Eorpaigh i gcomhréir lena rialacha faoi seach agus ar bhonn comhionann le hiarratais eile.

Tá na leasuithe arna mbeartú bunaithe ar roinnt foinsí: ceachtanna a foghlaimíodh le linn na chéad tréimhse, an togra le haghaidh Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht an EIT, ina dtógtar ar thogra Bhord Rialaithe an EIT, na moltaí as tuarascáil sheachtrach mheasúnaithe agus tuairim an Choimisiúin ar an meastóireacht, chomh maith le torthaí na mórchomhairliúchán le páirtithe leasmhara an EIT.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Cuireadh san áireamh na freagraí ar na comhairliúcháin oscailte maidir leis EIT in ullmhúchán an togra.[3]. Chuir na Ballstáit, réimse leathan de pháirtithe leasmhara ón tionscal, ón saol acadúil agus ón tsochaí shibhialta tuairimí in iúl. Léiríodh tacaíocht láidir le misean an EIT chun comhar níos mó agus níos fearr idir an saol acadúil, saolta na fiontraíochta, an taighde agus na nuálaíochta a thiomáint. De réir freagróirí, ba cheart don EIT ról faoi leith a imirt in ‘Fís 2020’, an Clár AE um Thaighde agus Nuálaíocht don todhchaí, agus ba cheart naisc níos fearr a chothú le hiarrachtaí eile Eorpacha agus náisiúnta. Mhol formhór na bhfreagróirí an tslí ina n‑áirithítear tríd an EIT rannpháirtíocht gnólachtaí ina chuid oibre agus moladh don Institiúid a cuid gníomhaíochtaí for-rochtana a mhéadú. Ina theannta sin, mheas freagróirí go raibh rannpháirtíocht gnólachtaí thar a bheith iomchuí le haghaidh rath an EIT sa todhchaí. Tá solúbthacht, soiléireacht maidir le rialacha agus torthaí soiléire ó infheistíocht, dá bhrí sin, ríthábhachtach chun rannpháirtíocht ón earnáil phríobháideach a mhealladh.

Tá an togra ag brath chomh maith ar thuarascáil sheachtrach mheasúnaithe ina meastar gurb é comhtháthú an triantáin eolais an‑iomchuí agus go bhfuil glacadh maith leis na téamaí ar a bhfuil an EIT struchtúrtha. Tá cuid mhór tacaíochta le haghaidh na samhla atá forbartha ag an EIT, bunaithe thart ar ghréasáin chomhtháite ionad comhlonnaithe. Ina theannta sin, bhí freagróirí dearfach agus comhsheasmhach maidir lena dearcadh gurbh é an luach na bPENanna feidhmiú mar chatalaíoch d’fhonn luach breise a dhaingniú ó na gníomhaíochtaí ar thug baill aonair fúthu cheana féin.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 173 den CFAE agus cuirfear chun feidhme é mar bhainistíocht indíreach láraithe.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Le linn na tréimhse 2014-2020 cuirfear ranníocaíocht airgeadais EUR 3.182.230 milliún (praghsanna reatha) ar fáil don EIT ó ‘Fís 2020’, an Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020). Leagtar amach sa ráiteas reachtach airgeadais a ghabhann leis an togra seo na himpleachtaí acmhainní buiséadacha, daonna agus riaracháin.

2011/0384 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[4],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,[5],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) De réir na Straitéise ‘Eoraip 2020’ le haghaidh fáis chliste, inbhuanaithe agus uileghabhálaigh, tá ról tábhachtach ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (dá ngairtear an EIT anseo feasta) a rannchuidíonn le roinnt tionscnamh suaitheanta.

(2) Le linn na tréimhse 2014-2020 ba cheart go rannchuideodh an EIT le cuspóirí “Fís 2020 - an Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht” a bunaíodh le Rialachán Uimh. XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (dá ngairtear ‘Fís 2020’ anseo feasta),[6] trí bhíthin thriantán eolais an taighde, na nuálaíochta agus an oideachais a chomhtháthú.

(3) D’fhonn creat comhchuibhithe a áirithiú i gcomhair rannpháirtithe in ‘Fís 2020’, ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán Uimh. XX/XXXX ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle ina leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh in ‘Fís 2020’ – an Creatchlár um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) (dá ngairtear na ‘Rialacha maidir le Rannpháirtíocht’ anseo feasta) i leith an EIT.

(4) Tugtar sainmhíniú ar na rialacha maidir le cearta maoine intleachtúla a bhainistiú sna Rialacha maidir le Rannpháirtíocht.

(5) Tugtar sainmhíniú ar na rialacha maidir le stáit rannpháirteacha agus tríú tíortha sa Rialachán maidir le ‘Fís 2020’.

(6) Ba cheart don EIT dul i ngleic go díreach le hionadaithe náisiúnta agus réigiúnacha agus le páirtithe leasmhara eile ón slabhra nuálaíochta ionas go mbeadh iarmhairtí tairbheacha ar an dá thaobh ann. Chun dialóg agus malartú den chineál sin a dhéanamh níos córasaí, ba cheart go ndéanfaí Fóram Páirtithe Leasmhara an EIT a eagrú, ina dtabharfaí le chéile an pobal níos leithne de pháirtithe leasmhara faoi shaincheisteanna leathana.

(7) Ba cheart go ndéanfaí raon feidhme ranníocaíocht an EIT leis na Pobail Eolais agus Nuálaíochta (dá ngairtear PENanna anseo feasta) a shainiú agus ba cheart bunús acmhainní airgeadais na bPENanna a shoiléiriú.

(8) Ba cheart comhdhéanamh chomhlachtaí an EIT a shimpliú. Ba cheart feidhmiú Bhord Rialaithe an AE a chuíchóiriú agus ba cheart tuilleadh soiléirithe a dhéanamh ar róil agus ar thascanna an Bhoird Rialaithe agus an Stiúrthóra faoi seach.

(9) Ba cheart go ndéanfaí PENanna nua, lena n‑áirítear a réimsí tosaíochta agus eagrú agus uainiú an phróisis roghnúcháin, a sheoladh ar bhonn na módúlachtaí arna sainiú sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht.

(10) Ba cheart do na PENanna a gcuid gníomhaíochtaí oideachais a leathnú, trí chúrsaí oiliúna gairmiúla a chur ar fáil.

(11) Ní mór don Choimisiún agus don EIT oibriú i gcomhar le chéile maidir le heagrú, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na PENanna chun comhchuibheas leis an gcóras faireacháin agus meastóireachta foriomlán ar leibhéal an AE a áirithiú.

(12) Ba cheart do na PENanna sineirgí a lorg le tionscnaimh ábhartha an Aontais Eorpaigh.

(13) D’fhonn rannpháirtíocht níos leithne eagraíochtaí ó Bhallstáit éagsúla sna PENanna a dheimhniú, ba cheart eagraíochtaí comhpháirtíochta a bhunú i dtrí Bhallstát ar a laghad.

(14) Ba cheart don EIT na critéir agus na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bPENanna agus chun na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú agus meastóireacht a dhéanamh orthu a ghlacadh sula seolfar an próiseas roghnúcháin le haghaidh PENanna.

(15) Ba cheart go ndéanfaí tuairim an Choimisiúin maidir le cuspóirí sonracha an EIT, mar atá siad sainithe in ‘Fís 2020’, agus a chomhlántachtaí le beartais agus le hionstraimí an Aontais Eorpaigh, a chur san áireamh i gClár Saothair Tríbhliantúil an EIT.

(16) Toisc go dtagann an EIT faoi 'Fís 2020', bainfidh sé le príomhshruthú chaiteachas an athraithe aeráide mar atá sainithe in ‘Fís 2020’.

(17) Ba cheart go bhfaighfí ionchur tráthúil don mheastóireacht ar ‘Fís 2020’ in 2017 agus 2023 ó mheastóireacht an EIT.

(18) Ba cheart don Choimisiún a ról a neartú maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme gnéithe sonracha de ghníomhaíochtaí an EIT.

(19) Leagtar síos sa Rialachán seo, ar feadh na tréimhse ó 2014 go dtí 2020, imchlúdach airgeadais atá comhionann leis an bpríomhthagairt, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an XX/YY/201Z idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar um chúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, don údarás buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Ba cheart go soláthrófaí an ranníocaíocht airgeadais don EIT ó 'Fís 2020’.

(20) Bíodh is go ndearnadh foráil dá leithéid i dtosach, ní bhfaighidh Fondúireacht an EIT ranníocaíocht dhíreach ó bhuiséad AE agus níor cheart go mbeadh feidhm ag nós imeachta urscaoilte an AE leis.

(21) Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart go gcuirfí Iarscríbhinn nua in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008.

(22) Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 mar a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a) Scriostar mír 3 agus mír 4.

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

ciallaíonn “institiúid ardoideachais” institiúid de réir bhrí Airteagal 2 de Chinneadh (CE) Uimh. XXX/20XX ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear “Erasmus do chách”.

(c) cuirtear an mhír 10 seo a leanas isteach:

"10. Is éard atá i gceist le ‘Fóram Páirtithe Leasmhara’ cruinniú oscailte d’ionadaithe údarás náisiúnta agus réigiúnach, leasa eagraithe agus aonáin aonair ó réimsí an ghnó, an ardoideachais, agus an taighde, cnuas‑eagraíochtaí mar aon le páirtithe leasmhara eile ón triantán eolais”.

(d) cuirtear an mhír 11 seo a leanas isteach:

11. Ciallaíonn “gníomhaíochtaí breisluacha PEN” gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí comhpháirtíochta lena gcuirtear le comhtháthú thriantán eolais an taighde, na nuálaíochta agus an ardoideachais, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí bunaithe, riaracháin agus comhordaithe na bPENanna.

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Misean agus Cuspóirí

Is é misean an EIT cur le fás eacnamaíoch inbhuanaithe na hEorpa agus le hiomaíochas trí chumas nuálaíochta na mBallstát agus an Aontais a athneartú. Déanfaidh sé sin trí ardoideachas, taighde agus nuálaíocht den chaighdeán is airde a chur chun cinn agus a lánpháirtiú.

Tá Cuspóirí Ginearálta, Cuspóirí Sonracha agus táscairí ar thorthaí an EIT don tréimhse 2014-2020 sainithe in ‘Fís 2020’”.

(3) In Airteagal 4(1), scriostar pointe (b):

(4) Leasaítear Airteagal 5(1) mar seo a leanas:

(a) scriostar pointe (a).

(b) Cuirtear an pointe (j) seo a leanas isteach

“(j) an Fóram Páirtithe Leasmhara a thíolacadh uair sa bhliain ar a laghad le heolas a chur in iúl maidir le gníomhaíochtaí an EIT, a thaithí, a dhea-chleachtas agus a rannchuidiú le nuálaíocht an Aontais, taighde agus beartais agus cuspóirí oideachais. Tabharfar cuireadh do Pháirtithe Leasmhara a ndearcthaí a chur in iúl.”

(5) In Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c) gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna ar leibhéal máistreachta agus dochtúireachta, chomh maith le cúrsaí oiliúna gairmiúla, i ndisciplíní a bhfuil sé de chumas iontu riachtanais shocheacnamaíocha na hEorpa sa todhchaí a shásamh, agus a chothaíonn forbairt scileanna a bhaineann le nuálaíocht, feabhsú scileanna bainistíochta agus fiontraíochta agus soghluaisteacht taighdeoirí agus mac léinn”.

(6) Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) cuirtear isteach mír 1a:

"1a. Seolfaidh an EIT roghnú agus ainmniú na bPENanna de réir na réimsí tosaíochta agus an sceidil ama atá sainithe sa COSN.”

(b) cuirtear an pointe (h) seo a leanas le mír 2:

“(h) ullmhacht le sineirgí a bhunú le tionscnaimh eile de chuid an Aontais,”

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. An t-íoschoinníoll a chuirtear le PEN a bhunú go mbeidh ar a laghad trí eagraíocht chomhpháirtíochta rannpháirteach ann, a bheidh bunaithe i dtrí Bhallstát éagsúla ar a laghad. Ní foláir nó go mbeadh na heagraíochtaí comhpháirtíochta seo neamhspleách ar a chéile, de réir bhrí Airteagal 7 de na ‘Rialacha maidir le Rannpháirtíocht’”:

(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Beidh tromlach na n‑eagraíochtaí comhpháirtíochta i PEN bunaithe sna Ballstáit. Beidh institiúid ardoideachais amháin agus cuideachta phríobháideach amháin ar a laghad ina gcuid de gach PEN.”

(e) cuirtear isteach an mhír 5 seo a leanas:

"5. Glacfaidh an EIT na critéir agus na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bPENanna agus chun na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú agus meastóireacht a dhéanamh orthu sula seolfar an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh PENanna nua.”

(7) Cuirtear isteach an tAirteagal 7a seo a leanas:

"Airteagal 7a

Prionsabail le haghaidh meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar PENanna

Eagróidh an EIT, ar bhonn príomhtháscairí feidhmíochta agus i gcomhar leis an gCoimisiún, faireachán leanúnach agus meastóireachtaí seachtracha tréimhsiúla ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchar gach PEN.”

(8) Cuirtear isteach an tAirteagal 7b seo a leanas:

"Airteagal 7b

Ré PEN, leanúint le PEN agus críoch a chur le PEN

1. Faoi réir fhothorthaí na meastóireachtaí tráthrialta agus faoi réir shaintréithe réimsí ar leith, fráma ama idir 7 mbliana agus 15 bliana a bheidh ag PEN de ghnáth.

2. Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh síneadh ama a chur le hoibriú PEN ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse a céadsocraíodh más sin an bealach is iomchuí chun cuspóirí an EIT a bhaint amach.

3. I gcás ina n‑aimseoidh meastóireachtaí ar PEN torthaí nach bhfuil leordhóthanach, glacfaidh an Bord Rialaithe bearta iomchuí lena n‑áirítear an tacaíocht airgeadais atá aige a laghdú, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó deireadh a chur leis an gcomhaontú.”

(9) Scriostar Airteagal 10.

(10) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d’Airteagal 14:

"2. Maoineofar na PENanna ó na foinsí seo a leanas, go háirithe:

(a) ranníocaíochtaí ó eagraíochtaí comhpháirtíochta, a bheidh ina bhfoinse shubstaintiúil maoinithe;

(b) ranníocaíochtaí reachtacha nó deonacha ó na Ballstáit, ó thríú tíortha nó ó údaráis phoiblí laistigh díobh sin;

(c) ranníocaíochtaí ó chomhlachtaí idirnáisiúnta nó ó institiúidí idirnáisiúnta;

(d) ioncam a ghintear trí ghníomhaíochtaí na bPENanna féin agus trí ríchíosanna ó chearta maoine intleachtúla;

(e) dearlaicí caipitil, lena n‑áirítear na cinn sin atá á mbainistiú ag Fondúireacht an EIT;

(f) tiomnachtaí, deonacháin agus ranníocaíochtaí ó dhaoine aonair, ó institiúidí, ó fhondúireachtaí nó ó aon chomhlachtaí náisiúnta eile;

(g) ranníocaíocht ón EIT;

(h) ionstraimí airgeadais, lena n‑áirítear iad sin arna gcistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh”.

D’fhéadfadh ranníocaíochtaí comhchineáil a bheith san áireamh leis na ranníocaíochtaí.”

(11) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14 (4):

"4. D’fhéadfadh suas le 100 % de chostais incháilithe iomlána ghníomhaíochtaí breisluacha PEN a bheith cumhdaithe le ranníocaíocht an EIT”.

(12) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

Clárú agus tuairisciú

Glacfaidh an EIT:

(a) clár saothair rollach tríbhliantúil a bheidh bunaithe ar an COSN, a luaithe a ghlacfar é, lena mbeidh ráiteas maidir le mórthosaíochtaí agus le mórthionscnaimh bheartaithe an EIT agus na PENanna, lena n‑áirítear meastachán ar riachtanais mhaoinithe agus ar fhoinsí maoinithe. Beidh táscairí iomchuí ann freisin chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bPENanna agus an EIT. Cuirfidh an EIT an réamhchlár saothair rollach tríbhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig gach N-2. Tabharfaidh an Coimisiún tuairim laistigh de thrí mhí maidir le cuspóirí sonracha an EIT mar atá sainithe in ‘Fís 2020’ agus a chomhlántachtaí le beartais agus le hionstraimí an Aontais. Tabharfaidh an EIT aird chuí ar thuairim an Choimisiúin, agus i gcás easaontais tabharfaidh sé údar lena thuairim féin. Tarchuirfidh an EIT an clár saothair deiridh chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, mar eolas;

(b) tuarascáil bhliantúil faoin 30 Meitheamh gach bliain. Leagfar amach sa tuarascáil na gníomhaíochtaí a reáchtáil an EIT agus na PENanna i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus déanfar na torthaí a mheasúnú inti maidir leis na cuspóirí, leis na táscairí agus leis an amchlár a socraíodh, leis na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích, le húsáid acmhainní agus le hoibriú ginearálta an EIT.”

(13) Leasaítear Airteagal 16 mar seo a leanas:

(a) i mír 2, cuirtear an focal “trí” in ionad an fhocail “cúig”;

(b) cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:

"2a. Féadfaidh an Coimisiún tabhairt faoi bhreis meastóireachtaí ar théamaí nó ar ábhair atá ábhartha go straitéiseach, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha, le scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag an EIT i dtreo na gcuspóirí atá leagtha síos, nó chun na fachtóirí a chuireann le cur chun feidhme gníomhaíochtaí a aithint agus dea-chleachtais a aithint freisin.”

(14) In Airteagal 17, cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

"2a. Áireofar leis an COSN anailís ar na sineirgí agus na comhlántachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir gníomhaíochtaí an EIT agus tionscnaimh, ionstraimí agus cláir eile de chuid an Aontais.”

(15) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

"Airteagal 19

Gealltanais bhuiséadacha

Socrófar gur EUR 3.182,230 milliún an t-imchlúdach airgeadais ó ‘Fís 2020’ chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. Údaróidh an t‑údarás buiséadach na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais. Soláthrófar ranníocaíocht airgeadais an EIT do an PENanna faoin imchlúdach airgeadais seo.

(16) In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Glacfaidh an Bord Rialaithe an dréachtmheastachán, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta leis, agus an réamhchlár saothair rollach tríbhliantúil, agus cuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún iad faoin 31 Nollaig N-2.”

(17) In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"6. Ar bhonn an mheastacháin sin, cuirfidh an Coimisiún na meastacháin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach do mhéid an fhóirdheontais a bheidh le gearradh ar an mbuiséad ginearálta isteach i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

(18) Leasaítear Airteagal 21 mar seo a leanas

(a) cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

"1a. Cuirfear an ranníocaíocht airgeadais leis an EIT chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ‘Fís 2020’ agus leis an Rialachán ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh in ‘Fís 2020’.

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Ar mholadh ón gComhairle, tabharfaidh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh i leith bhliain n don Stiúrthóir maidir le cur chun feidhme bhuiséad an EIT roimh 30 Aibreán na bliana n + 2.”

(19) Scriostar Airteagal 22(4)

(20) Cuirtear isteach an tAirteagal 22a seo a leanas:

"Airteagal 22a

Foirceannadh an EIT

I gcás ina ndéanfar an EIT a fhoirceannadh, déanfar í a leachtú faoi mhaoirseacht an Choimisiúin i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme. Is iad na comhaontuithe leis na PENanna agus an ionstraim lena mbunaítear Fondúireacht an EIT a leagfaidh síos na forálacha cuí sa chás sin.”

Airteagal 2

Cuirfear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Reachtanna na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

Roinn 1

Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

1. Beidh comhaltaí ceaptha agus comhaltaí ionadaíocha araon ar an mBord Rialaithe.

2. Beidh 12 chomhalta cheaptha ann, arna gceapadh ag an gCoimisiún, lena soláthrófar cothromaíocht idir iad siúd a bhfuil taithí acu ar ghnó, ar ardoideachas agus ar thaighde. Téarma oifige ceithre bliana nach bhféadfar a athnuachan a bheidh acu.

Nuair is gá, cuirfidh an Bord Rialaithe togra faoi bhráid an Choimisiúin maidir le comhalta(í) nua a cheapadh. Roghnófar an t-iarrthóir/na hiarrthóirí bunaithe ar thoradh nós imeachta trédhearcach agus oscailte, lena ngabhann comhairliúchán le páirtithe leasmhara.

Tabharfaidh an Coimisiún aird ar an gcothromaíocht idir taithí ar an ardoideachas, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar ghnó agus ar chothromaíocht inscne agus ar thuiscint ar na timpeallachtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta ar fud an Aontais.

Ceapfaidh an Coimisiún an comhalta/na comhaltaí agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis an bpróiseas roghnúcháin agus maidir le ceapachán deiridh chomhaltaí sin an Bhoird Rialaithe.

I gcás nach mbeidh ar chumas comhalta ceaptha a théarma oifige a chríochnú, ceapfar comhalta ionadaíoch tríd an nós imeachta céanna a úsáideadh chun an comhalta éagumasaithe a cheapadh, d’fhonn téarma oifige an chomhalta sin a chríochnú. Féadfaidh an Coimisiún comhalta ionadaíoch, a bhfuil téarma oifige níos lú ná dhá bhliain curtha isteach acu, a athcheapadh le haghaidh tréimhse ceithre bliana breise ar iarratas ón mBord Rialaithe.

Le linn idirthréimhse, déanfaidh na comhaltaí Boird a ceapadh ar feadh tréimhse sé bliana ar dtús a gcuid sainordaithe a chomhlíonadh. Go dtí an t-am sin beidh 18 gcomhalta cheaptha ann. Laistigh de shé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin seo, roghnóidh an Bord Rialaithe, le formheas an Choimisiúin, aon trian den dáréag chomhalta a cheapfar in 2012 chun téarma oifige dhá bhliain a chur isteach, agus roghnóidh sé aon trian le haghaidh tréimhse ceithre bliana agus aon trian le haghaidh tréimhse sé bliana.

3. Toghfaidh na PENanna triúr comhaltaí ionadaíocha óna n‑eagraíochtaí comhpháirtíochta. Téarma oifige dhá bhliain ar féidir é a athnuachan uair amháin a bheidh acu. Beidh deireadh lena dtéarma oifige má fhágann siad an PEN.

Is é an Bord Rialaithe a ghlacfaidh na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun comhaltaí ionadaíocha a thoghadh agus chun comhaltaí eile a chur ina n‑ionad ar bhonn togra ón Stiúrthóir. Leis an meicníocht seo, áireofar go ndéanfar ionadaíocht iomchuí ar an éagsúlacht agus cuirfear éabhlóid na bPENanna san áireamh.

Le linn idirthréimhse, déanfaidh na comhaltaí ionadaíocha a toghadh ar feadh tréimhse trí bliana ar dtús a gcuid sainordaithe a chomhlíonadh. Beidh ceathrar comhalta ionadaíocha ann go dtí an t-am sin.

4. Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Rialaithe chun leasa an EIT, agus cosnóidh siad a spriocanna, a misean, a céannacht agus a comhsheasmhacht ar bhealach neamhspleách.

Roinn 2

Freagrachtaí an Bhoird Rialaithe

1. Déanfaidh an Bord Rialaithe na cinntí straitéiseacha is gá, go háirithe:

(a) an dréacht-Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN), an clár saothair rollach tríbhliantúil, a bhuiséad, a chuntais bhliantúla agus a chlár comhardaithe agus a thuarascáil bhliantúil gníomhaíochta go léir a ghlacadh, ar bhonn togra ón Stiúrthóir;

(b) critéir agus nósanna imeachta a ghlacadh chun gníomhaíochtaí na bPENanna a mhaoiniú, agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, ar bhonn togra ón Stiúrthóir;

(c) an nós imeachta roghnúcháin maidir le PENanna a ghlacadh;

(d) comhpháirtíocht a roghnú agus a ainmniú mar PEN nó ainmniúchán a tharraingt siar más gá;

(e) meastóireacht leanúnach ar ghníomhaíochtaí na bPENanna a áirithiú;

(f) a rialacha nós imeachta a ghlacadh, rialacha nós imeachta maidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, chomh maith le rialacha sonracha airgeadais an EIT;

(g) airgead onóra cuí do chomhaltaí an Bhoird Rialaithe agus do chomhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin a shainiú, trí chomhaontú leis an gCoimisiún; déanfar an t-airgead onóra sin a thagarmharcáil i gcoinne forála comhchosúla sna Ballstáit;

(h) nós imeachta a ghlacadh chun an Coiste Feidhmiúcháin agus an Stiúrthóir a roghnú;

(i) Stiúrthóir a cheapadh agus, más gá, Stiúrthóir a bhriseadh as a phost nó as a post, agus údarás araíonachta a fheidhmiú air nó uirthi;

(j) an tOifigeach Cuntasaíochta agus comhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin a cheapadh;

(k) cód dea-iompair a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa;

(l) grúpaí comhairleacha a bhunú, i gcás inarb iomchuí, a bhféadfadh ré shainithe a bheith acu;

(m) Feidhm Iniúchóireachta Inmheánach a bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002;

(n) beidh sé de chumhacht ag an mBord Rialaithe Fondúireacht a bhunú (dá ngairfear "Fondúireacht an EIT" anseo feasta), a mbeidh sé de shainchuspóir aici gníomhaíochtaí an EIT a chur chun cinn agus tacú leo;

(o) cinneadh maidir le réimeas teanga an EIT, agus na prionsabail atá ann maidir le hilteangachas agus riachtanais phraiticiúla a cuid oibríochtaí á gcur san áireamh;

(p) an EIT a chur chun cinn ar fud an domhain, d’fhonn a mealltacht a mhéadú agus foras den chéad scoth a dhéanamh di maidir le hardchaighdeán feabhais san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht;

Roinn 3

Feidhmiú an Bhoird Rialaithe

1. Toghfaidh an Bord Rialaithe a Chathaoirleach as líon na gcomhaltaí ceaptha. Dhá bhliain a mhairfidh téarma oifige an Chathaoirligh agus féadfar é a athnuachan aon uair amháin.

2. Gan dochar do mhír 3, déanfaidh an Bord Rialaithe cinntí a ghlacadh trí thromlach simplí dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

Éileoidh cinntí faoi Roinn 2(2) (a), (b), (c), (i) agus (o), agus Roinn 3(1) tromlach dhá thrian dá chomhaltaí uile, áfach.

3. Ní fhéadfaidh na comhaltaí ionadaíocha vóta a chaitheamh faoi Roinn 2(2)(b), (c), (d), (e), (f), (g), (i), (j), (k), (o) agus (p).

4. Tiocfaidh an Bord Rialaithe le chéile i ngnáthsheisiún trí huaire in aghaidh na bliana ar a laghad, agus tiocfaidh sé le chéile i seisiún urghnách nuair a thionólfaidh an Cathaoirleach é sin nó ar iarratas ó aon trian dá chomhaltaí ar a laghad.

5. Beidh an Coiste Feidhmiúcháin de chúnamh ag an mBord Rialaithe. Triúr a bheidh ar an gCoiste Feidhmiúcháin lena n‑áirítear Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe a bheidh ina Chathaoirleach ar an gCoiste Feidhmiúcháin chomh maith. Roghnóidh an Bord Rialaithe an bheirt chomhaltaí eile as líon chomhaltaí ceaptha an Bhoird Rialaithe. Féadfaidh an Bord Rialaithe tascanna sonracha a tharmligean chuig an gCoiste Feidhmiúcháin.

Roinn 4

An Stiúrthóir

1. Duine a bheidh sa Stiúrthóir a bhfuil saineolas aige agus ardcháil air sna réimsí ina bhfeidhmíonn an EIT. Ceapfaidh an Bord Rialaithe an Stiúrthóir ar feadh téarma oifige ceithre bliana. Féadfaidh an Bord Rialaithe síneadh ama ceithre bliana eile a chur leis an téarma oifige sin aon uair amháin má mheasann sé gur le leas an EIT é déanamh amhlaidh.

2. Beidh an Stiúrthóir freagrach as oibríochtaí agus as bainistíocht an EIT ó lá go lá agus is é an Stiúrthóir a bheidh ina ionadaí dlíthiúil uirthi. Beidh an Stiúrthóir freagrach don Bhord Rialaithe agus tuairisceoidh sé dó ar bhonn leanúnach maidir le forbairt ghníomhaíochtaí an EIT.

3. Déanfaidh an Stiúrthóir an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) gníomhaíochtaí an EIT a eagrú agus a bhainistiú;

(b) tacaíocht a thabhairt don Bhord Rialaithe agus don Choiste Feidhmiúcháin ina gcuid oibre, an rúnaíocht a chur ar fáil dá gcruinnithe agus gach faisnéis is gá a sholáthar chun go bhféadfaidh siad a bhfeidhmeanna a chur i gcrích;

(c) dréacht-COSN, réamhchlár saothair rollach tríbhliantúil, an dréacht-thuarascáil bhliantúil agus an dréachtbhuiséad bliantúil a ullmhú d’fhonn iad a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe;

(d) an nós imeachta roghnúcháin do na PENanna a ullmhú agus a riaradh agus a áirithiú go gcuirfear na céimeanna éagsúla den phróiseas sin i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus oibiachtúil;

(e) gníomhaíochtaí an EIT a eagrú agus a bhainistiú;

(f) comhaontuithe conarthacha a ullmhú, a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích leis na PENanna;

(g) Fóram Páirtithe Leasmhara a eagrú;

(h) a áirithiú go gcuirfear nósanna imeachta éifeachtúla monatóireachta agus meastóireachta maidir le feidhmiú an EIT chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo;

(i) beidh an Stiúrthóir freagrach as cúrsaí riaracháin agus airgeadais, lena n‑áirítear buiséad an EIT a chur chun feidhme. Tabharfaidh an Stiúrthóir aird iomchuí ar an gcomhairle a gheofar ón bhFeidhm Iniúchóireachta Inmheánach;

(j) beidh an Stiúrthóir freagrach as cúrsaí uile na foirne;

(k) na dréacht-chuntais bhliantúla agus an clár comhardaithe a chur faoi bhráid na Feidhme Iniúchóireachta Inmheánaí agus ina dhiaidh sin faoi bhráid an Bhoird Rialaithe, tríd an gCoiste Feidhmiúcháin;

(l) áiritheoidh sé go gcomhlíonfar oibleagáidí an EIT maidir leis na conarthaí agus na comhaontuithe a chuireann sí i gcrích.

Roinn 5

Foireann an EIT

1. Is éard a bheidh ar fhoireann an EIT comhaltaí foirne a bheidh fostaithe go díreach ag an EIT faoi chonarthaí ar théarma seasta. Beidh coinníollacha fostaíochta shearbhóntaí eile an Aontais Eorpaigh infheidhme ar an Stiúrthóir agus ar fhoireann an EIT.

2. Féadfaidh Ballstáit rannpháirteacha nó fostóirí eile saineolaithe a thabhairt ar iasacht don EIT ar feadh tréimhsí teoranta.

Glacfaidh an Bord Rialaithe forálacha lena gcuirfear ar chumas saineolaithe a bheidh ar iasacht ó Stáit rannpháirteacha nó ó fhostóirí eile obair a dhéanamh san EIT agus lena shaineofar a gcearta agus a bhfreagrachtaí.

3. Feidhmeoidh an EIT, i leith a foirne féin, na cumhachtaí arna dtarmligean chuig an údarás arna údarú chun na conarthaí leis na comhaltaí foirne a chur i gcrích.

4. D’fhéadfadh go mbeadh ar chomhalta foirne aon damáiste a fhulaingeoidh an EIT a shlánú go hiomlán nó go páirteach, i gcás inar damáiste é a rinneadh de thoradh mí-iompair thromchúisigh uaidh nó uaithi i bhfeidhmiú a dhualgas nó a dualgas nó a bhain le feidhmiú a dhualgas nó a dualgas.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí 1.5. Na forais leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar 3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí an EIT 3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna de chineál riaracháin an EIT 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Leasú ar an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT)

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[7]

Fís 2020 – An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)

15. Oideachas agus Cultúr

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[8]

X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Is é an príomh‑mhisean ginearálta le haghaidh an EIT don tréimhse 2014-2020 cur le fás eacnamaíoch inbhuanaithe na hEorpa agus le hiomaíochas trí chumas nuálaíochta na mBallstát agus an Aontais a athneartú. Déanfaidh sí sin trí ardoideachas, taighde agus nuálaíocht den chaighdeán is airde a chur chun cinn agus a lánpháirtiú. Tar éis tréimhse tosaigh, bunófar straitéis fhadtéarmach an EIT sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN), a bheidh le glacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún. Cuireann an COSN leis an leagan a chuir Bord Rialaithe an EIT faoi bhráid an Choimisiúin i Meitheamh 2011. Is doiciméad beartais é an COSN ina leagtar amach réimsí tosaíochta an EIT don todhchaí, lena n‑áirítear forbhreathnú ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe ar feadh tréimhse seacht mbliana, go háirithe na réimsí tosaíochta i gcomhair Phobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) an EIT agus maidir lena roghnú agus lena n‑ainmniú.

Don tréimhse 2014-2020, beidh an EIT ina ghníomhaí ríthábhachtach de chuid ‘Fís 2020’, an Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht, óna bhfaighidh sé ranníocaíocht airgeadais EUR 3,182.230 billiún (praghsanna reatha), mar atá socraithe faoi Airteagal 6.3 de Rialachán Uimh. XX/XXXXó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ‘Fís 2020’, an Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht. Tá ‘Fís 2020’ bunaithe ar na trí cholún chomhlántacha agus idirnasctha seo a leanas: Barr feabhais san eolaíocht; Dul i ngleic le dúshláin shochaíocha; Ceannaireacht thionsclaíoch agus Creataí Iomaíocha a chruthú. Cuirfidh an EIT leis an gcolún “Dul i ngleic le dúshláin shochaíocha” go príomha, trína ghníomhaíochtaí nuálaíochta agus trí chomhtháthú thriantán an eolais. I bhfianaise chineál leathan, comhtháite an cholúin sin, déanfar sineirgí a lorg le colúin eile chomh maith, go háirithe colún an “iomaíochais”.

Tabharfar céad leithdháileadh ar fiú EUR 1.493 milliún don Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí faoi Theideal XVII den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tabharfar leithdháileadh eile ina dhiaidh sin ar fiú suas le EUR 1.689 milliún faoi réir an athbhreithnithe atá leagtha amach in Airteagal 26(1) den Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ‘Fís 2020’. Tabharfar an suim bhreise sin ar bhonn pro-rata, mar a léirítear in Iarscríbhinn II, ón tsuim le haghaidh an chuspóra shonraigh dar teideal “Ceannaireacht sna teicneolaíochtaí cumasúcháin agus teicneolaíochtaí tionsclaíocha” faoi chuimsiú na tosaíochta maidir le ceannaireacht thionsclaíoch atá leagtha amach i mír 2(b) agus ón tsuim le haghaidh na tosaíochtaí maidir le dúshláin shochaíocha atá leagtha amach in 2(c).

Leis an gcistiú sin in dhá leithdháileadh ilbhliantúla cumhdófar an méid seo a leanas:

–        sa chéad leithdháileadh, forbairtí leanúnacha na bPobal Eolais agus Nuálaíochta (dá ngairtear PENanna anseo feasta) agus síol‑airgead le haghaidh sheoladh an dara sruth de na trí PEN nua

–        sa dara leithdháileadh, forbairtí leanúnacha na PENanna a seoladh cheana agus síol‑airgead do sheoladh an tríú sruth de na trí PEN nua.

Tá ranníocaíocht airgeadais an EIT bunaithe ar chaiteachas riachtanach chun na trí PEN atá ann cheana féin a chomhdhlúthú (thart ar EUR 1.691 milliún – 53.15 % de bhuiséad iomlán an EIT), forbairt de réir a chéile i dtreo PENanna nua in 2014 (EUR 1.012 milliún – 31.81 % de bhuiséad iomlán an EIT) agus in 2018 (EUR 259.75 milliún – 8.16 % de bhuiséad iomlán an EIT), gníomhaíochtaí scaipthe agus for-rochtana (EUR 141,762 milliúin – 4.45 % de bhuiséad iomlán an EIT) agus caiteachas riaracháin (EUR 77 milliúin – 2.42 % de bhuiséad iomlán an EIT),

Is é atá i mbuiséad réamh‑mheasta an EIT le haghaidh PENanna le linn na tréimhse 2014-2020, arb ionann é agus 25 % de bhuiséad na bPENanna (gníomhaíochtaí breisluacha PEN), EUR 2,963,506 milliún (93.13 % de bhuiséad iomlán an EIT don tréimhse 2014/2020). Meastar go dtabharfaidh na PENanna le chéile sa chaoi sin EUR 8,890 billiún breise d’fhoinsí poiblí agus príobháideacha eile (éifeacht ghiarála).

Ní ceanglas “cómhaoinithe” deontais clasaiceach é an ranníocaíocht ó chomhpháirtithe na bPENanna ach is réamhriachtanas é le haghaidh íosleibhéal rannpháirtíochta na n‑eagraíochtaí reatha agus a ngealltanais airgeadais don PEN. Leis an gcur chuige ó bhun aníos seo (a) áirithítear gealltanas láidir ó chomhpháirtithe na bPENanna, (b) dreasaítear infheistíochtaí, agus (c) spreagtar athrú struchtúrach agus eagrúcháin i measc chomhpháirtithe na bPENanna agus tharstu sin.

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóirí sonracha

Mar atá sainmhínithe faoi Rialachán XXX ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ‘Fís 2020’, an Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht, is é cuspóir an EIT an ilroinnt i dtimpeallacht nuálaíochta na hEorpa a shárú agus cur le mealltacht na hEorpa mar rogha áite na bhfiontraithe agus an lucht éirime barrleibhéil.

Cuirfear an cuspóir sin chun feidhme trí na cuspóirí sonracha agus aschuir shonracha seo a leanas:

–        Na trí PEN atá ann cheana a chomhdhlúthú agus a bhfás, a dtionchar agus a n‑inbhuanaitheacht a chothú;

–        Forbairt de réir a chéile i dtreo PENanna nua;

–        Tionchar an EIT a fheabhsú trí chomhroinnt eolais, scaipeadh, for-rochtain agus nochtadh idirnáisiúnta.

Sa chomhthéacs sin, rannchuideoidh an EIT le gnóthú na gcuspóirí agus na n‑aschur sin trí na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:

–        Comhtháthú thriantán an eolais (taighde, nuálaíocht agus oideachas) chun luach eacnamaíoch agus sóisialta a chruthú agus chun feabhas a chur ar na torthaí ó leibhéil chomhoibrithe agus chomhair níos mó.

–        Feabhas a chur ar mhealltacht agus ar ábharthacht tráchtála an oideachais iarchéime; deiseanna chun scileanna iomchuí a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil ar fud an AE.

–        Saothrú chumas tearcúsáidte láidreachtaí taighde an AE chun torthaí níos fearr a fháil sna margaí saothair agus táirge.

–        Naisc éifeachtacha chomhoibríocha a fhorbairt idir ionaid barr feabhais chun mais chriticiúil a chruthú le haghaidh ard‑nuálaíochta agus ardoideachais.

–        Forbairt táirgí agus próiseas nuálacha a chur chun cinn i gcásanna ina mbíonn soláthar fo-optamach ann de thoradh ar mhainneachtainí sa mhargadh.

–        An cumas fiontraíochta a threisiú ar fud an AE chun gníomhaíocht gnó nua a chruthú, mar aon le réadú méadaithe luach féideartha na dtorthaí ar thaighde agus ar oideachas.

–        Ionaid barr feabhais an taighde, na nuálaíochta agus an oideachais atá ann cheana féin agus cinn fhéideartha a threisiú san AE chun ionaid ghníomhaíochta a chruthú atá iomaíoch ar leibhéal domhanda agus a bhfuil clú orthu mar ionaid barr feabhais ar fud an domhain.

–        Aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí i gcumas nuálaíochta ar fud an AE tríd an eolas ar na torthaí a fhorbairt agus a chomhroinnt i leith na samhlacha nua de chleachtais nuálaíochta agus rialachais.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

15 - Oideachas agus Cultúr - An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

1.4.3      An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe

Beidh an togra ina chabhair chun leibhéal na nuálaíochta agus an taighde a mhéadú. Cuirfear feabhas ar éifeachtúlacht iomlán na n‑iarrachtaí nuálaíochta dá thoradh, trí aghaidh a thabhairt ar ilroinnt agus mais chriticiúil a bhaint amach. Ina theannta sin, ginfear luach leis trí chaipitliú a dhéanamh ar thaighde atá déanta cheana féin agus trína ábharthacht don mhargadh a mhéadú agus chomh maith leis sin trí feabhsuithe a chur ar chúrsaí soláthair sa phróiseas nuálaíochta dá thoradh. Is gné thábhachtach de ghníomhaíocht an EIT é athruithe ar an soláthar ardoideachais san AE a spreagadh, go háirithe trí bhíthin lipéad cáilíochta EIT le haghaidh cúrsaí iarchéime. Beidh tionchar deimhneach aige sin ar sholáthair oideachais thrasteorann agus cuirfear feabhas ar an rochtain ar chúrsaí ábhartha dá thoradh.

De thoradh ar an gcur chuige ildisciplíneach agus trasdisciplíneach arna ghlacadh sna PENanna, d’fhéadfadh earnálacha réimsí tosaíochta an EIT dul i ngleic leis an EIT. Is cosúil go mbeadh tionchair chríochacha shuntasacha ag an EIT. Beidh deiseanna chun tairbhí deimhneacha a bhaint amach i réigiúin atá ina suíomhanna i gcomhair na n‑ionad comhlonnaithe, trí bharainneachtaí ceirtleáin agus trí leas a bhaint as seachtrachtaí deimhneacha. Cothófar na deiseanna seo má bhunaítear dlúthchomhar idir comhpháirtithe na bPENanna sna réigiúin agus na húdaráis agus na heagraíochtaí a bhfuil baint acu le Straitéisí Nuálaíochta Réigiúnacha a dhearadh agus a chur ar fáil.

Tá eolas níos mionsonraithe le fáil i nDoiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin maidir leis an measúnú tionchair ar EIT atá ag gabháil leis an togra reachtach seo.

1.4.4      Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí a léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh

Chun gnóthú chuspóirí sonracha an EIT a mheas, tá sraith táscairí leagtha amach i Rialachán XXX ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ‘Fís 2020’. Chun an tsraith táscairí sin a chomhlánú, déanfar gnóthú chuspóirí shonracha an EIT a mheas tríd an tsraith táscairí seo a leanas:

Comhtháthú thriantán an eolais (taighde, nuálaíocht agus oideachas) chun luach eacnamaíoch agus sóisialta a chruthú agus chun feabhas a chur ar na torthaí ó leibhéil chomhoibrithe agus chomhair níos mó. Ionaid barr feabhais an taighde, na nuálaíochta agus an oideachais atá ann cheana féin agus cinn fhéideartha a threisiú san AE chun ionaid ghníomhaíochta a chruthú atá iomaíoch ar leibhéal domhanda agus a bhfuil clú orthu mar ionaid barr feabhais ar fud an domhain Saothrú chumas tearcúsáidte láidreachtaí taighde an AE chun torthaí níos fearr a fháil sna margaí saothair agus táirge. || – 540 eagraíocht ó ollscoileanna, ón earnáil ghnó agus ó earnáil an taighde i ndlúthchomhar laistigh de PENanna comhtháite; – 80 eagraíocht bhreise in éineacht le PENanna atá ainmnithe cheana féin; – 9 gcomhaontú maidir le maoin intleachtúil a bhainistiú agus a úsáid laistigh de na PENanna. – EUR 8.890 billiún ó fhoinsí seachas foinsí airgeadais an EIT in úsáid; arb ionann agus cistiú 75 % de buiséad iomlán na bPENanna é (éifeacht ghiarála na bhfoinsí poiblí agus príobháideacha);

Feabhas a chur ar mhealltacht agus ar ábharthacht tráchtála an oideachais iarchéime; deiseanna chun scileanna iomchuí a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil ar fud an AE. || – 25 curaclam fiontraíochta forbartha; – 85 modúl oideachais agus oiliúna eagraithe, lena n‑áirítear céimeanna a bhfuil lipéad EIT ag gabháil leo

Naisc éifeachtacha chomhoibríocha a fhorbairt idir ionaid barr feabhais chun mais chriticiúil a chruthú le haghaidh ard‑nuálaíochta agus ardoideachais. || – 3 PEN ag an “luas cúrsála”, 3 PEN sa chéim “forbartha” agus 3 PEN sa chéim “tosaithe/forbartha”. – ionaid chomhlonnaithe 45 PEN curtha ar bun, lena ndéantar foráil do chomhar duine le duine;

Forbairt táirgí agus próiseas nuálacha a chur chun cinn i gcásanna ina mbíonn soláthar fo-optamach ann de thoradh ar mhainneachtainí sa mhargadh. || – 600 comhlacht nuathionscanta agus comhlacht seachthairbheach cruthaithe ag mic léinn/taighdeoirí/ollaimh de chuid PENanna; – 6000 nuálaíocht i ngnóthais a bhí ann cheana féin forbartha ag mic léinn/taighdeoirí/ollaimh de chuid PENanna; – 3000 ceadúnas agus seirbhís chomhairliúcháin.

An cumas fiontraíochta a threisiú ar fud an AE chun gníomhaíocht gnó nua a chruthú, mar aon le réadú méadaithe luach féideartha na dtorthaí ar thaighde agus ar oideachas. || –          10 000 mac léinn i gcúrsaí céime Máistir EIT; – 10 000 mac léinn i gcúrsaí céime PhD EIT; – Fuair 20 000 mac léinn agus múinteoir oiliúint i gcúrsaí fiontraíochta nach cúrsaí céime iad; – Bhain 100 % de na mic léinn céime gluaiseacht gheografach agus gluaiseacht idir an saol acadúil agus an saol gnó amach; – Bhain 25 % de na múinteoirí gluaiseacht idirnáisiúnta nó gluaiseacht idir an saol acadúil agus an saol gnó amach; – Ba cheart ar a laghad 25 % de mhic léinn agus de mhúinteoirí a earcú go hidirnáisiúnta.

Aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí i gcumas nuálaíochta ar fud an AE tríd an eolas ar na torthaí a fhorbairt agus a chomhroinnt i leith na samhlacha nua de chleachtais nuálaíochta agus rialachais. || – 600 eagraíocht, nach nglacann páirt sna PENanna, ag baint leasa as gníomhaíochtaí scaipthe agus for-rochtana an EIT; – 40 imeacht dea-chleachtais eagraithe ag an EIT/na PENanna; – 2 500 daoine aonair ag baint leasa as dea-chleachtais na bPENanna trí na scéimeanna comhaltachta.

1.5.        Na forais leis an togra/an tionscnamh

1.5.1      Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

– Na trí PEN reatha a chomhdhlúthú[9] agus a bhfás, a dtionchar agus a n‑inbhuanaitheacht a chothú,

– Forbairt de réir a chéile i dtreo PENanna nua agus a dheimhniú go roghnófar iad agus go mbainfear amach iad. Tá sé beartaithe líon na bPENanna a mhéadú le trí PEN nua in 2014 agus le trí cinn eile in 2018.

– Tionchar an EIT a fheabhsú trí chomhroinnt eolais, scaipeadh, for-rochtain agus nochtadh idirnáisiúnta. Ag cur le taithí PENanna den scoth, áiritheoidh an EIT – trí scaipeadh spriocdhírithe agus bearta comhroinnte eolais – go ndéanfar an taithí sin a chomhroinnt lasmuigh de na PENanna agus dá bhrí sin cuirfidh sé próiseas torthúil d’fhoghlaim fhrithpháirteach agus glacadh níos gasta ar shamhlacha nuálaíochta nua ar fud an Aontais ina iomláine agus ar fud a Bhallstát uile.

1.5.2      Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Nascann an EIT an timthriall nuálaíochta iomlán go sainráite ón oideachas agus ó chruthú eolais go dtí cineálacha cur chuige nuálacha i gcuideachta nua agus i gcuideachta atá ann cheana. Léiríonn a chur chuige roinnt gnéithe trína soláthraíonn sé fíor-bhreisluach ar leibhéal an AE:

· Ilroinnt a shárú trí chomhpháirtíochtaí comhtháite fadtéarmacha agus trí mhais chriticiúil a bhaint amach trí bhíthin a ghné Eorpaí. Trí na tionscnaimh reatha maidir le comhar a neartú, tugann an EIT na comhpháirtíochtaí roghnaithe sna PENanna go dtí leibhéal níos buaine agus níos straitéisí. Cuireann PENanna ar chumas comhpháirtithe den scoth teacht le chéile i gcumraíochtaí úra, acmhainní reatha a bharrfheabhsú, rochtain a fháil ar dheiseanna gnó úra trí shlabhraí luacha úra ina dtugtar aghaidh ar dhúshláin ardriosca ar mhórscála. Ina theannta sin, cé go bhfuil líon suntasach ionad barr feabhais ar fud Bhallstáit an AE, ní ghnóthaíonn siad an mhais chriticiúil maidir le hiomaíocht dhomhanda ina n‑aonar go minic. Trí bhíthin ionaid chomhlonnaithe na bPENanna, cuirtear deiseanna ar fáil do ghníomhaithe áitiúla láidre nascadh go dlúth le comhpháirtithe barr feabhais eile laistigh den chreat straitéiseach foriomlán a thairgeann an PEN ina iomláine, agus tríd sin, cuirtear ar a gcumas gníomhú ar fud an domhain agus a bheith aitheanta ar fud an domhain.

· An tionchar ag infheistíochtaí ar oideachas, taighde agus nuálaíocht a neartú agus bealaí úra i gcomhair rialachais nuálaíochta a thástáil: Gníomhaíonn an EIT mar chatalaíoch, agus cuireann sé luach leis an mbonn taighde atá ann cheana féin, trí ghlacadh agus shaothrú torthaí teicneolaíochta agus taighde a luathú. Cuireann gníomhaíochta nuálaíochta ansin le hinfheistíochtaí taighde a ailíniú agus a ghiaráil agus le gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna a dhéanamh níos freagrúla do riachtanais ghnó. Ar an mbonn sin, is féidir próiseas ard‑idirghníomhach a ghiniúint. Chuige sin, feistíodh an EIT le méid substaintiúil solúbthachta chun samhlacha úra nuálaíochta a thástáil, lena gcumasaítear difreáil fhíor i rialachas na bPENanna agus samhlacha na bPENanna a chistiú agus oiriúnú gasta d’fhonn déileáil níos fearr le deiseanna arna dteacht chun cinn sna réimsí faoi seach.

· Buanna thar theorainneacha a chothú agus fiontraíocht a chothú trí chomhtháthú thriantán an eolais: Cothaíonn an EIT nuálaíocht arna spreagadh ag daoine agus cuireann sé mic léinn, taighdeoirí, agus fiontraithe ag croílár a iarrachtaí. Soláthraíonn an EIT bealaí gairme nua idir earnáil an tsaoil acadúil agus an earnáil phríobháideach agus scéimeanna nuálacha maidir leis an bhforbairt ghairmiúil. Rannchuideoidh lipéad an EIT atá nasctha le cláir Mháistreachta agus PhD na bPENanna le branda barr feabhais a bheidh aitheanta go hidirnáisiúnta a chruthú a chuideoidh le buanna a mhealladh as an Eoraip agus thar lear. Cothaítear fiontraíocht le glúin nua mac léinn den scoth, ag a bhfuil an t-eolas agus na dearcthaí chun smaointe a thiontú ina ndeiseanna gnó nua, agus tríd sin, rannchuidiú le saothrú éifeachtach maidir le heolas agus leithreasaí na bhfáltas ar infheistíochtaí ag gnólachtaí.

1.5.3      Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

Tá a chéim thosaigh curtha i gcrích go rathúil ag an EIT, a bhí tiomnaithe d’fheidhmeanna cinnteoireachta agus feidhmiúcháin an EIT a bhunú – Bord Rialaithe agus Ceanncheathrú – maille leis an ngné oibríochtúil, na Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna).

Léigh an “Togra le haghaidh Cinnidh ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle maidir leis an gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht le haghaidh an EIT” chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Ó thaobh cúrsaí airgeadais de, is iad na gnéithe seo a leanas na príomhghnéithe a foghlaimíodh ón gcéim tosaigh de na PENanna a chur ar bun:

· Dealraíonn sé gurb iomchuí modh cistiúcháin an EIT ina ndéantar comhláidreachtaí agus comhacmhainní eagraíochtaí sármhaithe reatha a neartú, agus ina mbíonn cistiú an EIT ag feidhmiú mar chatalaíoch d’fhonn acmhainní airgeadais forlíontacha a ghiaráil agus a chomhthiomsú ó raon leathan comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha. Dá réir sin, ní dhéantar foráil do chistiúchán an EIT ach i gcás “gníomhaíochtaí breisluacha PEN” amháin, go háirithe tionscnaimh oideachais, fiontraíochta, agus chruthaithe gnó na bPENanna, trína gcuirtear le hinfheistíocht i ngníomhaíochtaí dea-bhunaithe (mar shampla tionscadail taighde reatha).

· Téann na PENanna trí chéimeanna forbartha éagsúla le tréithe éagsúla maidir le luach iomlán a mbuiséad. Tá a ngá le cistiúchán agus an cumas ionsúcháin measartha teoranta ag tús báire, le linn na céime tosaigh den bhunú, ach tagann forbairt shuntasach air sna blianta ina dhiaidh sin. Cumhdaítear na céimeanna seo a leanas i bhfráma ama shaol cúig bliana déag an PEN:

– céim “bunaithe” 2 bhliain: is ré is seo inar féidir le PEN a chúrsaí eagrúcháin a shocrú, struchtúir airgeadais agus dlí riachtanacha a bhunú agus baill foirne ríthábhachtacha a earcú. Le linn na tréimhse seo áiritheofar 35 % de bhuiséad an PEN aonair ar an meán, ag comhfhreagairt do EUR 28 milliún, trí ranníocaíocht an EIT.

– céim ‘forbartha’ 3 bliana: glactar leis go bhfuil an PEN bunaithe cheana féin agus go bhfuil sé tosaithe ar a phríomhghníomhaíochtaí a chur chun feidhme, ach go bhfuil sé fós ag leathnú go dinimiciúil i dtéarmaí raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus líon na gcomhpháirtithe. Le linn na tréimhse seo áiritheofar thart ar 26 % de bhuiséad an PEN aonair ag comhfhreagairt do EUR 154.7 milliún, trí rannaíocht an EIT.

– céim “luas cúrsála" 6 bliana: tá struchtúr buan ag an PEN agus tá raon feidhme a chuid gníomhaíochtaí sainithe go soiléir. Le linn na tréimhse seo áiritheofar 25 % de bhuiséad an PEN aonair ar an meán, ag comhfhreagairt do EUR 475.5 milliún, trí ranníocaíocht an EIT.

– céim 4 bliana chun “inbhuanaitheacht a bhaint amach”: tá gníomhaíochtaí PEN cosúil leis an gcéim luas cúrsála agus laghdófar an gá do PENanna foinsí eile ioncaim a áirithiú de réir a chéile trí ranníocaíocht an EIT. Le linn na tréimhse sin, deimhneoidh rannchuidiú an EIR 22 % de bhuiséad PEN aonair ar an meán ag comhfhreagairt do EUR 258 milliún.

1.5.4      Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

Tá na hidirghaolta idir taighde, nuálaíocht agus oideachas á n‑aithint de réir a chéile laistigh de thionscnaimh agus de chláir an AE. Tá acmhainneacht shuntasach ann maidir le gníomhaíochtaí a neartú go frithpháirteach, agus áiritheofar go ndéanfar saothrú níos fearr ar na sineirgí sin leis an gcreat straitéiseach arna sholáthar le ‘Fís 2020’.

Cuirfidh an EIT go mór leis na cuspóirí atá leagtha amach in ‘Fís 2020’, go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha ar bhealach comhlántach le tionscnaimh eile sna réimsí sin. Dá bhrí sin is amhlaidh go gcuirfidh an EIT go suntasach leis na creatchoinníollacha is gá chun cumas nuálaíoch thaighde an AE a thabhairt chun críche agus chun iomláine an Limistéir Eorpaigh Taighde a chur chun cinn.

Ina theannta sin, tugann an EIT gné oideachais lánfheidhme chuig beartas taighde agus nuálaíochta an AE. Trí oideachas nuálach fiontraíochta, bíonn ról traschóirithe tábhachtach ag an EIT idir an Creat um Thaighde agus Nuálaíocht agus beartais agus cláir oideachais, agus soláthraíonn sé an leanúnachas agus an tiomantas institiúideach fadtéarmach is gá chun athruithe inbhuanaithe a sheachadadh san ardoideachas.

Ina theannta sin, tá deiseanna ann chun idirghníomhaíocht le Beartas Comhtháthaithe an Aontais a neartú go frithpháirteach trí aghaidh a thabhairt ar na naisc idir gnéithe áitiúla agus domhanda na nuálaíochta. Déantar foráil le hionaid chomhlonnaithe do chomhoibriú trasteorann laistigh de ghréasáin na bPENanna agus lasmuigh díobh, agus tá suíomh maith acu chun caipitliú ar scéimeanna cistiúcháin éagsúla agus tairbhe a bhaint astu óna réigiúin faoi seach.

Cé nach ionann na deiseanna le haghaidh sineirgí ag brath ar limistéar téamach an PEN, is cosúil go bhfuil roinnt tionscnamh agus clár ar leibhéal an AE tugtha go háirithe do thairbhí a thairiscint ó chomhar agus ó chomhoibriú.

Ba cheart do Chomhthionscnaimh Chláraithe, atá ina bpríomhuirlis chun aghaidh a thabhairt ar ilroinnt sa taighde, núicléas bhonn taighde uile-Eorpach na bPENanna a chur ar fáil. Féadfaidh na PENanna ansin saothrú taighde phoiblí shármhaithe arna chomhthiomsú ag na comhthionscnaimh chláraithe a bhrostú agus a chothú, agus tríd sin aghaidh a thabhairt ar ilroinnt sa nuálaíocht. Soláthraítear ardáin chun taighde ar mhórscála arna spreagadh ag tionscal a chur chun cinn agus cuirtear feabhas ar fhorbairt mhórtheicneolaíochtaí trí na Comhthionscnaimh Teicneolaíochta agus na Comhpháirtíochtaí Poiblí agus Príobháideacha nuabhunaithe. Féadfaidh PENanna cuidiú leis na mórinfheistíochtaí taighde seo a chatalú chun aistriú teicneolaíochta agus tráchtálú a neartú agus fiontair nua a fhorbairt laistigh de ghnóthais reatha trí bhíthin na mbuanna is fearr san fhiontraíocht. Trína chur chuige bunaithe ar thriantán an eolais, comhlánóidh an EIT infheistíocht na Comhairle Eorpaí um Thaighde maidir le taighde teorainneacha den scoth trí aghaidh a thabhairt ar an slabhra nuálaíochta iomlán ó thuairimí go cur chun feidhme agus saothrú agus soláthróidh sé deiseanna breise maidir le nuálaíocht agus nochtadh ar thaighdeoirí Marie Curie agus ar Erasmus do gach mac léinn.

Soláthróidh na Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha a bheidh ann go luath creataí uileghabhálacha d’fhonn ailíniú agus sineirgí a éascú i measc taighde arna spreagadh ag an soláthar agus ag an éileamh agus ag ionstraimí agus beartais nuálaíochta. Le haghaidh idirghníomhaíochtaí leis na comhpháirtíochtaí sin, soláthraítear gréasán struchtúrach cleachtóirí trí chineál dáilte na bPENanna atá dea-chumsaithe chun dálaí creata agus an cleachtas is fearr maidir le ceisteanna beartais, rialála nó caighdeánaithe a mbíonn tionchar acu in earnáil nó i ndúshlán faoi leith a shainaithint.

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

Togra/tionscnamh d'fhad teoranta

– X  Togra/tionscnamh in éifeacht ón 01/01/2014 go dtí an 31/12/2020

–      Tionchar airgeadais ón 01/01/2014 go dtí an 31/12/2022

– ¨ Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta

– ¨ Iarmhairt airgeadais in éifeacht ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

1.7         Modhanna bainistíochta atá beartaithe[10]

Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

X Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– X  comhlachtaí arna mbunú ag an Aontas Eorpach[11]

– ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

Meastar an simpliú agus an tsolúbthacht a bheith an‑tábhachtach le haghaidh rath an EIT agus rannpháirtíocht an phobail ghnó. I ndiaidh na tréimhse tosaigh, tá scóip ann fosta don EIT a sholúbthacht a shaothrú go hiomlán, d’fhonn an simpliú a bhrú ar aghaidh tuilleadh.

Tá simpliú, a chuirfí chun feidhme ar bhealach freagrach agus cuntasach, den riachtanas don EIT ionas gur féidir torthaí éifeachtacha a bhaint amach agus nuálaíocht cheannródaíoch a chur chun cinn. Féachann an EIT ar shimpliú mar phróiseas dinimiciúil atá neadaithe in oibríocht an EIT agus mar dhlúthchuid dá fheidhm tacaíochta do na PENanna. Chuige sin, déanfaidh an EIT a dhícheall a bpróisis inmheánacha a oiriúnú, a fheabhsú agus a chuíchóiriú agus féachfaidh sé i gcónaí le cineálacha simplithe cur chuige a aimsiú is féidir cabhrú leis na PENanna déileáil le riachtanais nua atá ag teacht chun cinn agus an tionchar atá acu a chothú.

Simpliú Oibríochtúil:

Trí bhíthin thástáil agus thaithí na bPENanna, soláthróidh an EIT clár oibre maidir leis an simpliú i réimsí ríthábhachtacha, lena n‑áirítear tagarmharcanna chun dul chun cinn a mheasúnú, agus tuairisceoidh sé don Choimisiún faoin dul chun cinn atá déanta aige maidir le cur chun feidhme tríd an gClár Saothair Tríbhliantúil.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán géar ar chumas an EIT na comhaontuithe agus na prionsabail is simplí is féidir a sholáthar chun gníomhaíochtaí na bPENanna a chistiú agus a bhainistiú, bunaithe ar chlár maidir le simpliú an EIT féin.

Simpliú airgeadais:

Ó tharla go bhfuil rannpháirtíocht na hearnála príobháidí a éascú ar cheann de chuspóirí an EIT, ní mór go léireoidh[12]a rialacha inmheánacha, atá bunaithe ar an Rialachán Réime Airgeadais i dteannta maoluithe sonracha arna ndeonú ag an gCoimisiún, a chuspóirí agus an gá le solúbthacht oibriúcháin leordhóthanach a bheith tarraingteach dá chomhpháirtithe gnó agus taighde/acadúla.

Ar an taobh eile, mar a fhoráiltear faoi Airteagal 1 den Rialachán lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh faoi ‘Fís 2020’, iarrfar rialacha a imíonn ó na cinn sin atá leagtha síos sa Rialachán seo, nó faoi Rialachán (AE Uimh. XX/2012 (An Rialachán Airgeadais)), más gá, agus forálacha Rialachán an EIT agus riachtanais shonracha an EIT (i.e. glao ar ainmniú agus ar roghnú sruthanna nua PENanna in ionad glao ar thograí) á gcur san áireamh.

D'fhonn cuspóir an tsimplithe a bhaint amach, cuirfear roinnt beart i bhfeidhm sa phróiseas bainistithe deontas, i gcomhréir le simpliú na rialacha maoinithe atá beartaithe faoi ‘Fís 2020’. Soláthrófar é sin ar na bealaí seo a leanas:

· Aisíocaíocht shimplithe a dhéanamh ar na fíorchostais dhíreacha, ag glacadh go forleathan le gnáthchuntasaíocht na bPENanna, lena n‑áirítear incháilitheacht cánacha agus muirear áirithe;

· An deis costais aonaid phearsanra (meánchostais pearsanra) a úsáid le haghaidh na bPENanna arb é a ngnáthmhodh cuntasaíochta, agus le haghaidh úinéirí fiontar beag agus meánmhéide nach bhfuil tuarastal acu;

· Taifeadadh ama a shimpliú trí shraith shoiléir agus shimplí coinníollacha íosta a sholáthar, go háirithe deireadh a chur le hoibleagáidí taifeadta ama ar bhaill foirne atá ag obair go lánaimseartha nó níos mó ná leath an ama ar thionscadal an AE;

· Ráta aisíocaíochta amháin do gach PEN;

· Ráta comhréidh amháin faoina gcumhdaítear costais de ghnáth;

· Córas costas aonaid agus rátaí comhréidh le haghaidh scoláireachtaí;

· Laghdófar an t-ualach riaracháin ar PENanna tuilleadh trí straitéis maidir le rialú, mar a thuairiscítear i roinn 2.2.2.

· I gcomhréir leis na Rialacha maidir le Rannpháirtíocht atá beartaithe faoi ‘Fís 2020’, féadfaidh luach na ranníocaíochtaí comhchineálacha a sholáthraíonn tríú páirtithe do na PENanna a bheith incháilithe, arb ionann é agus athrú mór i gcomparáid leis na rialacha reatha maidir le hincháilitheacht costais.

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

Bunófar rialacha faireacháin agus tuairiscithe ar mhaithe le héifeachtacht agus le éifeachtúlacht chostais, bunaithe ar an taithí a fuarthas. Beidh sé bunaithe ar straitéis chuimsitheach, thráthúil agus chomhchuibhithe, ina leagtar béim mhór ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair (féach roinn 1.4.4 den doiciméad seo).

FAIREACHÁN

Tá an Coimisiún tar éis dlús a chur lena iarrachtaí chun tacú leis an EIT chun córas faireacháin fónta agus slán atá bunaithe ar thorthaí a bhunú. Ba cheart neamhspleáchas an EIT agus uathriail an PEN agus a gcaidreamh conarthach a aithint sa chóras faireacháin. Ag an am céanna ba cheart a áirithiú tríd an gcóras faireacháin lánchuntasacht an EIT agus lánsolúbthacht an PEN agus a bpleananna gnó á saothrú acu. Comhoibreoidh an Coimisiún leis an EIT d'fhonn an dul chun cinn atá déanta a mheas.

Bunófar faireachán an EIT i gcomhréir leis na ceithre shraith seo a leanas:

1. Faireachán ar PEN ar bhonn a spriocanna aonair agus a Phríomhtháscairí Feidhmíochta arna n‑ordú i bpleananna gnó an PEN. Tabharfar méid suntasach saoirse do na PENanna (cur chuige ó bhun aníos) chun a straitéis agus a n‑eagrúchán inmheánach a shainiú mar aon lena ngníomhaíochtaí a shainiú agus na hacmhainní is gá a shlógadh.

2. Faireachán an EIT ar na PENanna uile, ina ndíreofar ar shraith de chuspóirí straitéiseacha an EIT, arna sainaithint i Scórchlár an EIT, ina gcumhdaítear comhshraith táscairí ar fud na bPENanna go léir. Díreofar sa Scórchlár ar ghnóthachtálacha, ar aschuir agus ar thionchair eacnamaíoch agus shochaíoch araon na bPENanna go léir a ghiniúint. Déanfar feidhmíocht na bPENanna a thomhas i gcomparáid le cuspóirí sonracha trí bhíthin Scórchlár an EIT. Ina theannta sin, mar a moladh san athbhreithniú ar an mbunús dlí, sula seolfar na glaonna nua, foilseoidh an EIT na critéir agus na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bPENanna agus chun na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

3. Faireachán ar ghníomhaíochtaí an EIT féin, trína gcomhcheanglófar táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla i bpeirspictíocht mheántéarmach. Mar shampla, déanfar tomhas ar fheidhmíocht an EIT maidir le tacaíocht a chur ar fáil do na PENanna, ar dhéine agus ar chumhdach na for-rochtana (líon imeachtaí na gcleachtas is fearr), ar scaipeadh agus ar ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta agus ar thionchar an EIT ar chláir oibre níos forleithne na hEorpa maidir le nuálaíocht beartais, taighde agus oideachas (mar shampla % an ghlactha de shamhlacha an EIT arna dtástáil i dtionscnaimh eile).

4. Faireachán agus Meastóireacht a dhéanamh ar an EIT mar institiúid nuálaíochta de chuid an AE faoi ‘Fís 2020’, a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le forálacha Rialachán an EIT agus mar a thuairiscítear freisin faoi Airteagal 25 agus faoi Airteagal 26 de Rialachán XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ‘Fís 2020’ an XXX. Tá na meastóireachtaí beartaithe le haghaidh 2016 (an EIT amháin), 2017 (Meastóireacht eatramhach ar an EIT mar chuid de ‘Fís 2020’) agus 2023 (Meastóireacht ex-post ar an EIT mar chuid de ‘Fís 2020’). Ina theannta sin, tá sé beartaithe go bhféadfaidh an Coimisiún, ag tráth ar bith, tuilleadh meastóireachtaí a dhéanamh ar théamaí nó ar thopaicí d’ábharthacht straitéiseach. Ba cheart sineirgí ghníomhaíochtaí beartaithe an EIT le cláir AE eile a chinntiú trí mheastóireacht an Choimisiúin ar Chlár Saothair Tríbhliantúil an EIT.

TUAIRISCIÚ

Toisc gur comhlacht de chuid an Aontais é an EIT a fhaigheann fóirdheontas ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh, maidir le bainistíocht agus rialú airgeadais, caithfear leis an EIT an dóigh chéanna a gcaitear le comhlachtaí eile arna mbunú faoin gConradh agus ar a dtugtar gníomhaireachtaí an Aontais go ginearálta. Fágann sin go bhfuil feidhm ag pointe [17] de Chomhaontú Idirinstitiúideach an XX/YY/201Z idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar um chúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, don údarás buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil maidir leis an EIT. Maidir le tuairisciú faoi chur chun feidhme an chórais faireacháin:

· Aithneofar i gClár Saothair Tríbhliantúil (CST) an EIT na tosaíochtaí agus spriocanna ábhartha laistigh de chuspóirí straitéiseacha an EIT don bhliain dar gcionn (n+1). Ba cheart dul i gcomhairle leis na PENanna maidir le tosaíochtaí agus spriocanna sula nglacfar go críochnaitheach leis an CST ionas gur féidir iad a chomhtháthú go hiomlán lena bPleananna Gnó bliantúla ábhartha.

· Beidh ar áireamh i dTuarascáil Bhliantúil Gníomhaíochta don bhliain roimhe sin (n‑1) torthaí an phróisis faireacháin do n‑1 agus beidh tuairisc inti ar conas agus ar a mhéid a baineadh na cuspóirí amach. Ba cheart a chur san áireamh sa Tuarascáil Bhliantúil Gníomhaíochta Tuarascálacha ar Chostas agus ar Fheidhmíocht an PEN maidir leis an mbliain roimhe sin dá gcuid oibríochtaí (n‑1).

Tá dálaí tuairiscithe na bPENanna bunaithe faoi chuimsiú an Chreat-Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gComhaontuithe Deontais Bliantúla (tuairisciú maidir le feidhmíocht agus costais). Ar an láimh eile, d’fhonn éifeachtúlacht agus éifeachtúlacht costais a mhéadú agus bunaithe ar an taithí arna fáil ag an EIT le linn chur chun feidhme na gcomhaontuithe deontais bliantúla ag na PENanna, ní mór roinnt beart simplíochta a chur chun feidhme sa phróiseas bainistíochta deontais, ag a mbeidh mar phríomhspriocanna ualach riaracháin na bPENanna a laghdú agus caighdeán na sonraí arna mbailiú a fheabhsú. Ar an láimh eile, mar atá mínithe thuas, cuirfear sraith comhtháscairí i bhfeidhm i measc na bPENanna uile tríd an Scórchlár, agus díreofar ar ghnóthachtálacha, ar aschuir agus ar thionchar eacnamaíoch agus sochaíoch araon na bPENanna go léir a ghiniúint.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh

Agus an gá soiléir buiséad na hEorpa a bhainistiú ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach á chur san áireamh, agus calaois agus diomailt a sheachaint, nuair a bheidh an buiséad á chur chun feidhme ag an EIT, bunófar córas rialaithe inmheánaigh a thabharfaidh dearbhú réasúnta go bhfuil an earráid laistigh de réimse 2-5 %, agus go hidéalach timpeall ar 3.5 %, thar thréimhse caiteachais ilbhliantúil, mar atá molta faoin Rialachán lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh faoi ‘Fís 2020’, agus is faoin mbunús sin a thógfar ar an gcóras rialaithe inmheánaigh agus an straitéis iniúchóireachta.

Cuirfidh creat rialaithe inmheánaigh an EIT le Caighdeáin Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin, le nósanna imeachta an EIT féin, le seiceálacha ex-ante ar 100 % de chaiteachas fógartha na PENanna arna mhaoiniú ag an EIT, le deimhnithe iniúchóireachta, le deimhniú ar mhodheolaíochtaí dearbhaithe costas, le hiniúchtaí ex-post ar shampla d’éilimh, le torthaí tionscadail agus le meastóireacht sheachtrach.

I gcomhréir le hAirteagal 38(4) de Rialacha Airgeadais an EIT, rinne an t-oifigeach údarúcháin an struchtúr eagrúcháin agus na córais bhainistíochta inmheánaí agus rialaithe inmheánaigh agus nósanna imeachta a oireann d’fheidhmiú dhualgais an EIT a chur i bhfeidhm, i gcomhlíonadh na gcaighdeán arna nglacadh ag an mBord Rialaithe ar bhonn na gcaighdeán coibhéiseach arna leagan síos ag an gCoimisiún, agus ag féachaint go cuí do na rioscaí a bhaineann leis an timpeallacht bhainistíochta agus le cineál na gníomhaíochta arna maoiniú.

Déantar an Cleachtadh Bainistíochta Riosca ar bhonn bliantúil d’fhonn rioscaí ar bith a bhaineann le cur chun feidhme gníomhaíochtaí iomlána an EIT a mhaolú. Sa chomhthéacs sin, ba chóir don EIT, nuair a bheidh an creat rialaithe inmheánaigh á bhunú, na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí atá á gcur i bhfeidhm, saintréithe sonracha an daonra agus atarlú na dtairbhithe (3 PEN iarbhír), minicíocht na ndeontas a bhronntar (bliantúil) agus méid na n‑idirbheart (féach pointe 1.5.3 ar an bhfráma ama shaol cúig bliana déag den PEN agus na céimeanna forbartha éagsúla) a chur san áireamh agus aon fhorluí cistiúcháin a sheachaint.

Ag cuimhneamh gur bronnadh na chéad deontais bhliantúla do PENanna in 2010, níl torthaí na rátaí earráide ag EIT fós. Mar sin féin, le linn chur chun feidhme na gcomhaontuithe deontais reatha, tá na catagóirí rioscaí seo a leanas aitheanta:

– earráidí a tógadh ó chastacht na rialacha;

– earráidí a tógadh ó léirmhíniú na rialacha;

– urramú rialacha incháilithe;

– doiciméid tacaíochta atá ar fáil;

– ríomh mícheart ar chostais indíreacha.

Rannchuideoidh na bearta simplithe ar a bhfuil cur síos déanta thuas le feabhsú agus laghdú rátaí earráide.

2.2.2      Modhanna rialaithe atá beartaithe

Mar a dhéantar cur síos air faoi Airteagal 23 de Rialachán XXX ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle maidir le ‘Fís 2020’ an XXX cuirfidh an córas rialaithe arna bhunú ag an EIT ráthú réasúnta ar fáil go ndéanfar bainistíocht leordhóthanach ar na rioscaí a bhaineann le héifeachtacht agus éifeachtúlacht na n‑oibríochtaí, ag ráthú dhlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart agus ag baint amach cothromaíochta idir iontaobhas agus rialú. Laghdóidh sé freisin an t-ualach riaracháin ar PENanna.

Mar chuid den chóras rialaithe a dhéanfaidh an EIT a chur chun feidhme, beidh an straitéis iniúchóireachta bunaithe ar an iniúchóireacht airgeadais ar shampla ionadaíoch caiteachais thar buiséad iomlán an EIT, go háirithe trí dheontais bhliantúla arna mbronnadh ar PENanna ar bhonn bliantúil. Féadfaidh an sampla ionadaíoch a bheith comhlánaithe ag rogha bunaithe ar mheasúnú ar na rioscaí maidir le caiteachas i rith na seiceálacha ex-ante ar 100 % d’éilimh agus bainfear úsáid as an taithí arna fáil sa measúnú ar an gcreat rialaithe ar mheasúnú riosca do chur chun feidhme deontas. Déanfar iniúchóireachtaí ar chaiteachais ar bhealach comhchuibhithe de réir phrionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta.

Maidir le creat rialaithe inmheánaigh an EIT, tá straitéis fhoriomlán forbartha ag an EIT, lena n‑áirítear struchtúr maoirseachta, maidir le cur chun feidhme próiseas rialaithe inmheánaigh a thacaíonn le saolré iomlán an chaiteachais. Áirithíonn an bhainistíocht shinsearach go bhfuil an straitéis fhoriomlán sin mar aon leis an Tionscnamh um Chaighdeánú agus Simpliú (SSI) agus a chur chun feidhme glactha go foirmiúil ag an mBord Rialaithe.

Baineann trí chineál cur chuige leis an Tionscnamh um Chaighdeánú agus Simpliú (SSI) arna chur i bhfeidhm ag an EIT:

– Clár oibre agus cleachtadh pleanála an EIT caighdeánaithe;

– Nasc leis an gcleachtadh Bainistíochta Riosca;

– Buan‑Nósanna Imeachta Oibríochta a fhorbairt.

Is éard is na Buan‑Nósanna Imeachta Oibríochta (SOP) ann treoracha mionsonraithe, i scríbhinn chun aonfhoirmeacht maidir le feidhmíocht próisis faoi leith a bhaint amach; cumhdaítear níos mó ná cúram nó réimse amháin laistigh den EIT, Aonad, Rannóg nó foirne sna treoracha de ghnáth.

Faoi chuimsiú an tsimplithe agus fócas ar fheidhmíocht, agus d’fhonn an éifeachtúlacht agus an rialtacht a mhéadú agus ráta earráide féideartha a laghdú maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag an EIT a bhaineann le gníomhaíochtaí PENanna, déanfar úsáid deontas i bhfoirm cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus scálaí costas aonad a bheartú i gcomhréir le próifíl na ngníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag na PENanna, mar atá beartaithe i Rialachán XXX ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle maidir le ‘Fís 2020’ an XXX. Maidir le deimhnithe iniúchóireachta ar na ráitis airgeadais atá le soláthar ag na PENanna agus na comhpháirtithe éagsúla, trína ndéanfaidh iniúchóirí neamhspleácha dlíthiúlacht agus comhréireacht na méideanna arna ndearbhú sna tuarascálacha airgeadais a dheimhniú, bunófar an tairseach maidir le deimhnithe dá leithéidí ar an leibhéal atá sainithe faoi Airteagal 28 den Rialachán lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh faoi ‘Fís 2020’. Cuirfear gach foráil eile atá sainithe ar an rialacháin sin i bhfeidhm maidir leis na deimhnithe ar an modheolaíocht agus na hiniúchóirí deimhniúcháin.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

2.3.1      Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Mar a thuairiscítear faoi Airteagal 24 de Rialachán XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ‘Fís 2020’ an XXX, glacfaidh an EIT bearta iomchuí lena n‑áiritheofar go gcosnófar leas airgeadais an aontais. Bhí na moltaí i gcomhair ‘Fís 2020’ faoi réir díonta i gcoinne calaoise agus measúnaithe ar a dtionchar. Ar an iomlán, ba cheart go mbeadh tionchar dearfach ag na bearta molta ar an troid i gcoinne na calaoise, go háirithe an bhéim níos mó ar iniúchadh bunaithe ar riosca agus ba cheart go ndéanfadh siad atreisiú ar luacháil agus ar rialú.

Tá sé de rún daingean ag an EIT calaois a chomhrac ag gach céim den phróiseas bainistíochta deontas agus de na gníomhaíochtaí eile atá á gcur chun feidhme. Forálann gach cinneadh a ghlacann an EIT agus gach conradh a chuireann an EIT i gcrích, go sonrach, go bhféadfaidh an Oifig Frith‑Chalaoise Eorpach (OLAF) agus an Chúirt Iniúchóirí cigireacht ar an láthair a dhéanamh ar dhoiciméid gach conraitheora agus gach fochonraitheora a bhfuil maoiniú an Aontais faighte acu, lena n‑áirítear ag áitreabh na dtairbhithe deiridh, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus le cigireachtaí.[13].

Tá OLAF i dteideal imscrúdú inmheánach a dhéanamh san EIT, agus shínigh an Bord Rialaithe comhaontú maidir le haontú leis an gComhaontú Idir-Institiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF[14].

Ghlac an EIT cinneadh chomh maith maidir le téarmaí agus coinníollacha na n‑imscrúduithe inmheánacha a bhaineann le cosc ar chalaois, ar éilliú nó ar aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimh. 15.02.11 An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) || LD/LN ([15]) || ó thíortha[16] CSTE || ó thíortha is iarrthóirí[17] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

1 || 15 02 11 01 “Struchtúr Rialaithe” 2008/2013 || DCA || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL

1 || 15 02 11 02 “Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) agus gníomhaíochtaí oibriúcháin eile” 2008/2013 || LD || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

|| LD/LN ([18]) || ó thíortha[19] CSTE || ó thíortha is iarrthóirí[20] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

|| 15 07 03 01 “Struchtúr Rialaithe” 2014/2020 || DCA || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL

|| 15 07 03 02 “Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) agus gníomhaíochtaí oibriúcháin eile” 2014/2020 || LD || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) i bpraghsanna reatha

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Líon || 1 – Caiteachas Riaracháin agus Caiteachas Oibríochtúil an EIT

An EIT || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Bliain 2021 || Bliain 2022 || IOMLÁN 2014-2022

Teideal 1 - 15 07 03 01 “Struchtúr Rialaithe” 2014/2020 || Oibleagáidí || (1a) || 5,837 || 6,386 || 7,949 || 8,108 || 8,730 || 8,905 || 9,083 || || || 54,998

Íocaíochtaí || (2a) || 5,837 || 6,386 || 7,949 || 8,108 || 8,730 || 8,905 || 9,083 || || || 54,998

Teideal 2 - 15 07 03 01 “Struchtúr Rialaithe” 2014/2020 || Oibleagáidí || (1b) || 1,592 || 1,732 || 1,987 || 2,027 || 2,183 || 2,226 || 2,271 || || || 14,017

Íocaíochtaí || (2b) || 1,592 || 1,732 || 1,987 || 2,027 || 2,183 || 2,226 || 2,271 || || || 14,017

Teideal 3 - 15 07 03 02 “Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) agus gníomhaíochtaí oibriúcháin eile" 2014/2020 || Oibleagáidí || (1c) || 267,498 || 324,047 || 389,375 || 472,279 || 497,460 || 554,832 || 599,777 || || || 3105,268

Íocaíochtaí || (2c) || 232,723 || 281,921 || 338,756 || 410,883 || 432,790 || 482,704 || 521,806 || 299,888 || 103,796 || 3105,267

IOMLÁN leithreasaí don EIT || Oibleagáidí || =1a+1b+1c || 274,926 || 332,165 || 399,312 || 482,414 || 508,373 || 565,963 || 611,130 || || || 3174,283

Íocaíochtaí || =2a+2b+2c || 240,151 || 290,039 || 348,693 || 421,018 || 443,703 || 493,835 || 533,159 || 299,888 || 103,796 || 3174,283

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 1 || " Caiteachas riaracháin DG EAC”

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) i bpraghsanna reatha

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN 2014-2020

DG: EAC ||

Ÿ Acmhainní daonna – Plean Bunaíochta - 15.01.05.01 || 0,472 || 0,481 || 0,491 || 0,501 || 0,511 || 0,521 || 0,531 || 3,507

Ÿ Acmhainní daonna – Plean Bunaíochta - 15.01.05.02 || 0,145 || 0,148 || 0,151 || 0,154 || 0,157 || 0,161 || 0,164 || 1,081

Ÿ Caiteachas riaracháin eile - 15.01.05.03 || 0,371 || 0,378 || 0,551 || 0,563 || 0,401 || 0,497 || 0,597 || 3,359

IOMLÁN DG EAC || || 0,988 || 1,008 || 1,194 || 1,217 || 1,069 || 1,179 || 1,292 || 7,947

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 0,988 || 1,008 || 1,194 || 1,217 || 1,069 || 1,179 || 1,292 || 7,947

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) i bpraghsanna reatha

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018* || Bliain 2019* || Bliain 2020* || Bliain 2021 || Bliain 2022 || IOMLÁN 2014-2022

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 1 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 275,914 || 333,173 || 400,505 || 483,632 || 509,442 || 567,142 || 612,422 || || || 3182,230

Íocaíochtaí || 241,139 || 291,047 || 349,887 || 422,236 || 444,772 || 495,014 || 534,451 || 299,888 || 103,796 || 3182,230

* Cuirfear EUR 1689,006 milliún breise ar fáil do na blianta 2018-2020 ar bhonn pro-rata ó na buiséid do dhúshláin shochaíocha agus do cheannaireacht sna teicneolaíochtaí cumasúcháin agus teicneolaíochtaí tionsclaíocha, ar bhonn táscach agus faoi réir an athbhreithnithe atá leagtha amach in Airteagal 26(1) de Rialachán XX/XXX maidir le 'Fís 2020’.

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– X  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) i bpraghsanna reatha

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN 2014 - 2020

ASCHUIR ||

Saghas aschuir[21] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[22] Fás agus tionchar na bPENanna reatha a chomhdhlúthú agus a chothú ||

- Aschur || PENanna || || 3 || 256.89 || 3 || 281.83 || 3 || 284.49 || 3 || 313.77 || 3 || 214.31 || 3 || 183.36 || 3 || 156.70 || 21 || 1 691,346 ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || 3 || 256.89 || 3 || 281.83 || 3 || 284.49 || 3 || 313.77 || 3 || 214.31 || 3 || 183.36 || 3 || 156.70 || 21 || 1 691,346 ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 – Forbairt de réir a chéile i dtreo PENanna nua ||

- Aschur || PENanna || || || || 3 || 25.98 || 3 || 82.81 || 3 || 135.98 || 3 || 232.61 || 3 || 260.17 || 3 || 274.87 || 18 || 1 012,410 ||

- Aschur || PENanna || || || || || || || || || || 3 || 27.57 || 3 || 87.87 || 3 || 144.31 || 9 || 259,750 ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || 3 || 25.98 || 3 || 82.81 || 3 || 135.98 || 6 || 260.18 || 6 || 348.04 || 6 || 419.17 || 27 || 1 272,160 ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3 – Tionchar an EIT a fheabhsú trí chomhroinnt eolais, scaipeadh, for-rochtain agus nochtadh idirnáisiúnta ||

- Aschur || || || || 10.61 || || 16.24 || || 22.08 || || 22.52 || || 22.97 || || 23.43 || || 23.90 || || 141.762 ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 3 || || 10.61 || || 16.24 || || 22.08 || || 22.52 || || 22.97 || || 23.43 || || 23.90 || || 141.762 ||

COSTAS IOMLÁN || || 267,50 || || 324,05 || || 389,38 || || 472,28 || || 497,465 || || 554,83 || || 599,78 || || 3 105,268 ||

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí acmhainní daonna an EIT

3.2.3.1   Achoimre

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin

– X  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) i bpraghsanna reatha

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN 2014-2020

Oifigigh (Gráid AD) Líne Buiséid EAC: 15 01 05 01 || 0,472 || 0,481 || 0,491 || 0,501 || 0,511 || 0,521 || 0,531 || 3,507

Oifigigh (Gráid AST) Líne Buiséid EAC: 15 01 05 01 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Gníomhaire conarthach - Líne Buiséid EAC: 15 01 05 02 || 0,068 || 0,069 || 0,071 || 0,072 || 0,074 || 0,075 || 0,076 || 0,505

Gníomhaire conarthach - Líne Buiséid EIT: 15 07 03 01 || 1,358 || 1,386 || 1,413 || 1,441 || 1,470 || 1,500 || 1,530 || 10,098

Gníomhairí sealadacha - Líne Buiséid EAC: 15 01 05 01 || 5,121 || 5,224 || 5,469 || 5,864 || 6,419 || 6,547 || 6,678 || 41,322

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht - Líne Buiséid EAC: 15 01 05 02 || 0,077 || 0,079 || 0,081 || 0,082 || 0,084 || 0,086 || 0,087 || 0,576

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht – Líne Buiséid EIT: 15 07 03 01 || 0,387 || 0,395 || 0,484 || 0,493 || 0,503 || 0,513 || 0,523 || 3,299

Comhaontú Ranníocaíochta an Óstaigh[23] || -1,560 || -1,560 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || -3,120

IOMLÁN || 5,924 || 6,074 || 8,007 || 8,454 || 9,060 || 9,241 || 9,426 || 56,187

3.2.3.2   Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

– X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

– A) Acmhainní daonna de chuid EIT agus DG EAC

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020

|| Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) ||

|| XX 07 03 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || || || || || || || ||

|| 15 07 03 01 (Toscaireachtaí) EIT || 63 || 63 || 65 || 67 || 70 || 70 || 70 ||

|| 15 01 05 01 (Taighde indíreach) || 3,5 || 3,5 || 3,5 || 3,5 || 3,5 || 3,5 || 3,5 ||

|| 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || ||

|| || || || || || || || ||

|| Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[24] ||

|| 15 07 03 01 (CA, INT, SNE ón “imchlúdach iomlánaíoch") || || || || || || || ||

|| XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || ||

|| XX 01 04 yy [25] || - sa Cheanncheathrú[26] || || || || || || || ||

|| - i dtoscaireachtaí || || || || || || || ||

|| 15 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde indíreach) || 2 || 2 || 2 || 2 || 2 || 2 || 2 ||

|| 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || ||

|| Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || ||

|| IOMLÁN || 68,5 || 68,5 || 70,5 || 72,5 || 75,5 || 75,5 || 75,5 ||

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG EAC a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha DG EAC || - Cúraimí a bhaineann le próiseas glactha Bhuiséad an EIT, go háirithe: dréachtbhuiséad, aistrithe; - Tuairim an Choimisiúin a ullmhú maidir le Clár Saothair Tríbhliantúil an EIT; - Suíomh bhreathnadóir an Choimisiúin ag cruinnithe Bhord Rialaithe an EIT a ullmhú; - Cinneadh an Choimisiúin a ullmhú maidir le comhaltaí Bhord Rialaithe EIT a cheapadh; - Comhordú agus ailíniú le tionscnaimh eile an AE, go háirithe ‘Fís 2020’; - Suíomh an Choimisiúin ag Ardán Páirtithe Leasmhara an EIT a ullmhú; - Na cruinnithe bliantúla idir an EIT-PENanna agus seirbhísí an Choimisiúin a eagrú; - Glaonna ar PENanna nua a ullmhú; - Faireachán agus meastóireacht ar an EIT; - A áirithiú go gcomhlíonfaidh céimeanna le lipéid an EIT gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs an Réimse Ardoideachais.

Pearsanra seachtrach DG EAC || - Rannchuidiú le tuairim an Choimisiúin a ullmhú maidir le Clár Saothair Tríbhliantúil an EIT; - Rannchuidiú le comhordú agus ailíniú le tionscnaimh eile an AE, go háirithe ‘Fís 2020’; - Rannchuidiú le suíomh an Choimisiúin ag Ardán Páirtithe Leasmhara an EIT a ullmhú; - Rannchuidiú le cruinnithe bliantúla idir an EIT-PENanna agus seirbhísí an Choimisiúin a eagrú; - Rannchuidiú le glaonna ar PENanna nua a ullmhú; - Rannchuidiú lena áirithiú go gcomhlíonfaidh céimeanna le lipéid an EIT gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs an Réimse Ardoideachais.

– B) Acmhainní daonna an EIT

|| || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

Poist an EIT don phlean bunaíochta

Foireann shealadach || AD || 27 || 27 || 28 || 29 || 32 || 32 || 32

AST || 11 || 11 || 11 || 12 || 12 || 12 || 12

IOMLÁN poist  don phlean bunaíochta || 38 || 38 || 39 || 41 || 44 || 44 || 44

Foireann eile (in FTE)

Gníomhairí conarthacha (CA) || || 20 || 20 || 20 || 20 || 20 || 20 || 20

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht (SNE) || || 5 || 5 || 6 || 6 || 6 || 6 || 6

Iomlán na foirne eile || || || || || || || ||

FOIREANN IOMLÁN AN EIT: || || 63 || 63 || 65 || 67 || 70 || 70 || 70

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Gníomhairí Sealadacha EIT || - Próiseas cúraimí Bhuiséad an EIT agus an Chláir Oibre maidir le simpliú; - Rannchuidiú le hullmhú na sraitheanna nua ainmnithe agus roghnaithe PENanna; - Comhordú agus ailíniú le tionscnaimh eile an AE, go háirithe ‘Fís 2020’; - Ardán Páirtithe Leasmhara an EIT; - Eagrú cruinnithe agus éisteachtaí idir an EIT agus PENanna; - Comhdhlúthú ar PENanna reatha; - Faireachán agus meastóireacht ar an EIT; - Tionchar an EIT a fheabhsú trí chomhroinnt eolais, scaipeadh, for-rochtain agus nochtadh idirnáisiúnta.

Pearsanra seachtrach EIT || - Rannchuidiú le hullmhú na sraitheanna nua ainmnithe agus roghnaithe PENanna nua; - Rannchuidiú le clár oibre Fiontraíochta agus Oideachais an EIT; - Rannchuidiú le hArdán Páirtithe Leasmhara an EIT; - Rannchuidiú lena áirithiú go gcomhlíonfaidh céimeanna le lipéid an EIT gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs an Réimse Ardoideachais.

I bhfianaise an Phlean Bunaíochta i dtaca leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha, le haghaidh an EIT, mar ghníomhaireacht nuachruthaithe, foráladh líon iomlán foirne de 61 FTE ag clúdach na tréimhse go dtí 2013 (cothrom le 37 AT + 20 CA + SNE). Sa chomhthéacs sin, beidh an Ard‑Stiúrthóireacht EAC, mar mháthair-Ard‑Stiúrthóireacht, ag leanúint cur chun feidhme an Phlean Bunaíochta ag an EIT go cúramach.

Ar an láimh eile, le linn réiteach bliantúil an Bhuiséid, ní iarrfaidh an máthair-Ard‑Stiúrthóireacht ach amháin an méid foirne is gá chun cuspóirí an EIT a bhaint amach ar an Údarás Buiséadach.

Tá sé tábhachtach freisin an méadú suntasach ar ualach oibre agus inniúlachtaí an EIT a aithint agus béim a leagan orthu i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Rialachán an EIT iarbhír agus ar an gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann leis an mbuiséad nua a bheidh á chur i bhfeidhm ag an EIT.

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– X  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[27].

Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5      Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– X Déantar foráil sa togra/tionscnamh don chómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasaí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Costas

Comhaontú óstaigh le Rialtas na hUngáire* || 1.560 || 1.560 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 3.120

IOMLÁN na leithreasaí arna gcómhaoiniú || 1.560 || 1.560 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 3.120

* Déantar foráil sa chomhaontú óstaigh go gcumhdóidh Rialtas na hUngáire táille chíosa áitreabh an EIT ar feadh 20 bliana (2011-2030) agus na costais phá a bhaineann le 20 fostaí ar feadh 5 bliana (2011-2015) a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht airgid de EUR 1,560 milliún in aghaidh na bliana.

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– X  Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

– ¨  Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ¨         ar acmhainní dílse

– ¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasaí atá ar fáil don bhliain buiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[28]

Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[1]               IO C. lch.

[2]               IO C. lch.

[3]               http://ec.europa.eu/education/eit/eit-consultation_en.htm

[4]               IO C , , lch. .

[5]               IO C , , lch. .

[6]               IO C. lch.

[7]               ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[8]               Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[9]               In 2009 d’ainmnigh an EIT trí PEN sna réimsí seo a leanas: maolú athrú aeráide agus oiriúnú dó (PEN na hAeráide), sochaí cumarsáide agus faisnéise na todhchaí (Saotharlanna TFC an EIT) agus fuinneamh inbhuanaithe (PEN an Fhuinnimh Nuálaíoch).

[10]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[11]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[12]             Cinneadh C(2009) 2661 ón gCoimisiún an 3 Márta 2009 lena dtoilítear leis na maoluithe a d’iarr an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle

[13]             IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

[14]             Cinneadh Bhord Rialaithe an EIT an 20 Feabhra 2009.

[15]             LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte

[16]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[17]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar.

[18]             LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte

[19]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[20]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar.

[21]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.:líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[22]             Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. “Cuspóirí sonracha...” “Cuspóir(í) sonrach(a)...”

[23]             Déantar foráil sa Chomhaontú Óstaigh go gcumhdóidh Rialtas na hUngáire na costais phá a bhaineann le 20 fostaí ar Gníomhairí Conarthacha iad ar feadh 5 bliana (2011-2015) a chomhfhreagraíonn do ranníocaíocht airgid de EUR 1,560 milliún in aghaidh na bliana.

[24]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire”); JED= "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[25]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA”).

[26]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[27]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[28]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

Top