Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0650

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le treoirlínte an Aontais chun an Gréasán Tras-Eorpach Iompair a fhorbairt

/* COIM/2011/0650 leagan deireanach - 2011/0294 (COD) */

52011PC0650

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le treoirlínte an Aontais chun an Gréasán Tras-Eorpach Iompair a fhorbairt /* COIM/2011/0650 leagan deireanach - 2011/0294 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.        Cúlra agus cuspóirí

Ó lár na n-ochtóidí i leith tá beartas an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (GTE‑I) ag leagan amach creat beartais d'fhorbairt bonneagair chun go bhfeidhmeodh an margadh inmheánach go rianúil agus chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a áirithiú chomh maith le rochtain fheabhsaithe ar fud an AE. As sin a thig bunús dlí sonrach do ghréasáin thras-Eorpacha a áireamh i gConradh Maastricht in 1992 agus liosta de 14 phríomhthionscadal a ghlacadh ag an gComhairle Eorpach in Essen in 1994.

In 1996, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na chéad Treoirlínte lena sainítear beartas agus pleanáil bhonneagar an GTE‑I[1]. Rinneadh athbhreithniú cuimsitheach ar na Treoirlínte in 2004, ag cur san áireamh mhéadú an AE agus na hathruithe a rabhthas ag súil leo i sreabha tráchta[2]. Ina theannta sin, cuireadh leis an liosta de 14 thionscadal tosaíochta.

Táthar tar éis roinnt ionstraimí airgeadais agus neamhairgeadais a bhunú chun chur chun feidhme tionscadal a éascú. Airítear ar na hionstraimí sin Rialachán Airgeadais GTE[3], an Ciste Comhtháthaithe, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta, chomh maith le tionscnaimh chomhordúcháin an Choimisiúin.

In 2010, ar mhaithe le soiléire, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Cinneadh Uimh. 661/2010/AE, athmhúnlú ar Threoirlínte an GTE‑I[4].

Go dtí seo, tá an bonneagar iompair, mar atá, forbartha go maith laistigh den Aontas Eorpach. Mar sin féin, tá sé fós ilroinnte ó thaobh na tíreolaíochta de agus ó mhodh iompair go chéile agus laistigh de mhodhanna iompair. Is é príomhchuspóir na dTreoirlínte nua seo, a chuirfear in ionad Chinneadh Uimh. 661/2010, gréasán tras‑Eorpach iompair iomlán agus comhtháite a bhunú, lena gcumhdófar na Ballstáit agus na réigiúin go léir agus lena dtabharfar bunús d'fhorbairt chothromaithe na modhanna iompair go léir chun na buntáistí ar leith a bhaineann leo a éascú, agus leas a bhaint as breisluach an ghréasáin don Eoraip a mhéid is féidir ar an dóigh sin.

I bhfianaise na ndúshlán do bheartas an GTE-I, a aithnítear freisin sa Pháipéar Bán 'Roadmap to a Single European Transport Area – Towards a competitive and resource efficient transport system[5] (Treochlár um Limistéar Iompair Eorpach Aonair – I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní)'('An Páipéar Bán'), saineofar sna Treoirlínte sin straitéis fhadtéarmach do bheartas an GTE‑I suas go dtí 2030/2050.

1.2.        Saincheisteanna arna bplé

Ní foláir dul i ngleic le cúig phríomhfhadhb ar leibhéal an AE:

Ar an gcéad dul síos, is constaic mhór iad naisc a bheith in easnamh, ag codanna trasteorann go háirithe, maidir le saorghluaiseacht earraí agus paisinéirí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus idir na Ballstáit agus a gcomharsana.

Ar an dara dul síos, tá bearna mhór ann i gcónaí idir cáilíocht agus infhaighteacht bonneagar ó Bhallstát go chéile agus laistigh de na Ballstáit (scrogaill). Tá gá le feabhas a chur ar na naisc soir-siar, go háirithe, trí bhonneagar iompair nua a chruthú agus/nó trí bhonneagar atá ann cheana a chothabháil, a athchóiriú nó a uasghrádú.

Ar an tríú dul síos, tá an bonneagar idir na modhanna iompair ilroinnte. Maidir le naisc ilmhódacha a dhéanamh, níl roinnt mhaith de na críochfoirt lasta, na stáisiúin phaisinéirí, na calafoirt intíre, na calafoirt mhuirí, na haerfoirt ná na nóid uirbeacha san Eoraip in ann freastal ar a leithéid. Ós rud é nach bhfuil toilleadh ilmhódach ag na nóid sin, ní shaothraítear go leordhóthanach acmhainneacht an iompair ilmhódaigh ná a chumas maidir le scrogaill bonneagair a bhaint ná maidir leis an mbearna idir na naisc atá in easnamh a dhúnadh.

Ar an gceathrú dul síos, ba cheart d'infheistíochtaí i mbonneagair iompair rannchuidiú chun na cuspóirí maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa san iompar a laghdú 60 % faoi 2050.

Faoi dheireadh, coimeádfaidh na Ballstáit rialacha agus ceanglais oibríochtúla difriúla, go háirithe i réimse na hidir-inoibritheachta, a chuirfidh leis na bacainní atá ar an mbonneagar iompair agus le scrogaill.

1.3.        Réimsí gníomhaíochta

Dírítear sa togra seo ar GTE‑I iomlán a bhunú agus a fhorbairt, ina mbeidh bonneagar d'iarnróid, d'uiscebhealaí intíre, do bhóithre, do mhuiriompar agus d'aeriompar, agus ar an gcaoi sin áiritheofar feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus neartófar comhthathú eacnamaíoch agus sóisialta.

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, is é 'pleanáil choincheapúil' an chéad réimse gníomhaíochta. Bunaithe ar ionchur ó chomhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí, bhain an Coimisiún de thátal as go bhféadfaí an fhorbairt is fearr a dhéanamh ar an GTE‑I trí chur chuige dhá-chiseal, ina mbeadh gréasán cuimsitheach agus croíghréasán.

Is é an gréasán cuimsitheach bunchiseal an GTE‑I. Is éard atá ann an bonneagar go léir atá ann cheana agus atá beartaithe a chomhlíonann ceanglais na dTreoirlínte. Tá an gréasán cuimsitheach le bunú faoin 31 Nollaig 2050 ar a dhéanaí.

Beidh an croíghréasán ag forleagan an ghréasáin chuimsithigh agus is iad na codanna is tábhachtaí ó thaobh straitéise de a bheidh ann. Is ionann é agus cnámh droma an ghréasáin soghluaiseachta ilmhódaigh. Díríonn sé ar na comhpháirteanna sin den GTE‑I a bhfuil an breisluach Eorpach is airde acu: naisc trasteorann atá in easnamh, príomhscrogaill agus nóid ilmhódacha. Beidh an croíghréasán le bunú faoin 31 Nollaig 2030 ar a dhéanaí.

Baineann an dara réimse gníomhaíochta le hionstraimí cur chun feidhme. D'fhorbair an Coimisiún coincheap chonairí an chroíghréasáin, agus aird chuí á tabhairt ar na conairí lasta iarnróid[6]. Soláthróidh na conairí sin an ionstraim réime le haghaidh cur chun feidhme comhordaithe an chroíghréasáin. I dtéarmaí raon feidhme, cumhdóidh conairí an chroíghréasáin trí mhodh iompair i bprionsabal, agus trasnóidh siad trí Bhallstát ar a laghad. Más féidir, ba cheart dóibh ceangal a bhunú le calafort muirí. I dtéarmaí gníomhaíochtaí, soláthróidh conairí an chroíghréasáin clár oibre le haghaidh bainistíochta toillte, infheistíochtaí, áiseanna athlastála ilmhódacha a thógáil agus a chomhordú, agus córais idir‑inoibritheacha um bainistiú tráchta a úsáid.

1.4.        Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an AE

Luíonn an togra leis an méid atá sa bheartas a d'fhógair an Coimisiún sa Pháipéar Bán. Luaitear é go sainráite mar chuid de Thionscnamh 34 maidir le croíghréasán an bhonneagair Eorpaigh straitéisigh[7].

Go háirithe, leanann na Treoirlínte sin an straitéis atá leagtha amach sa Pháipéar Bán: bacainní móra agus scrogaill mhóra a bhaint i bpríomhréimsí an bhonneagair iompair. Is é an aidhm Limistéar Iompair Eorpach Aonair a chruthú ina mbeidh seirbhísí iompair níos fearr agus gréasán iompair atá comhtháite ina iomláine. Leis sin, ceanglófar na modhanna éagsúla le chéile agus déanfar athrú an-mhór ar na patrúin iompair do phaisinéirí agus do lasta. Tá gá leis an athrú sin chun an aidhm a bhaint amach astaíochtaí gáis cheaptha teasa ón iompar a laghdú 60 % faoi 2050.

Gan tacaíocht ó ghréasán leormhaith ná ó chur chuige níos cliste i dtaobh úsáid á baint as, ní fhéadfar aon athrú mór a dhéanamh ar chúrsaí iompair. Meastar go bhfuil pleanáil agus forbairt bonneagair fíor-riachtanach chun córas inbhuanaithe iompair a fhorbairt.

Cuideoidh an togra freisin leis na cuspóirí beartais a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún 'A Digital Agenda for Europe (Clár Digiteach don Eoraip)'[8] a bhaint amach trí thacú le córais chliste iompair a chur chun feidhme. Tá sé freisin ar cheann de bhearta an Ghnímh um an Margadh Aonair a mhol an Coimisiún in Aibreán 2011[9] mar gurb iad na gréasáin cnámh droma an mhargaidh inmheánaigh agus tá ról fíor-riachtanach acu i gcúrsaíocht rianúil agus éifeachtúil earraí agus seirbhísí a spreagadh.

Ina theannta sin, aithníodh cur chun cinn an iompair inbhuanaithe mar cheann de na modhanna chun ceann de na trí phríomhthosaíocht atá i Straitéis Eoraip 2020 i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsithigh, arna glacadh ag an gCoimisiún an 3 Márta 2010[10], a bhaint amach, eadhon fás inbhuanaithe, trí dhul i ngleic le scrogaill ríthábhachtacha, go háirithe ag codanna trasteorann agus nóid idirmhódacha (cathracha, calafoirt, ardáin lóistíochta).

Thairis sin, cuidíonn an togra le comhtháthú críochach chríoch an AE a neartú – ar ceann de chuspóirí an AE é – mar aon le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta.

2.           TORTHAÍ COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

2.1.        Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Rinne an Coimisiún dianchomhairliúchán leathan le geallsealbhóirí ó Fheabhra 2009 go Meitheamh 2010.

Sheol an Coimisiún an próiseas comhairliúchán tráth a glacadh Páipéar Uaine. Chuir sé tús leis an díospóireacht maidir le príomhdhúshláin agus príomhchuspóirí bheartas an GTE‑I agus na bealaí ina bhféadfaí iad a chomhlíonadh[11].

Ag cur le rannchuidiú na ngeallsealbhóirí, bhunaigh an Coimisiún sé ghrúpa de shaineolaithe, a rinne anailís, idir mí na Samhna 2009 agus mí Aibreáin 2010, ar roinnt gnéithe ríthábhachtacha d'fhorbairt an GTE-I sa todhchaí[12]. Áiríodh moltaí na ngrúpaí saineolaithe i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a tíolacadh le haghaidh comhairliúcháin phoiblí an 4 Bealtaine 2010[13].

Fuarthas níos mó ná 530 freagairt ar na comhairliúcháin phoiblí sin. Thacaigh tromlach mór na rannpháirtithe le rogha an chur chuige nua dhá-chiseal maidir le pleanáil an GTE-I, ina bhfuil gréasán cuimsitheach mar bhunchiseal agus croíghréasán ann ina bhfuil na codanna is tábhachtaí den GTE-I ó thaobh straitéise de.

I mí Dheireadh Fómhair 2009 agus i mí an Mheithimh 2010 tionóladh comhdhálacha airí agus geallsealbhóirí in Naples agus in Zaragoza faoi seach.

I mí Feabhra 2011, chuir an Coimisiún Doiciméad Inmheánach Oibre[14] faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ina ndearnadh tuilleadh forbartha ar an modheolaíocht agus ar na cásanna pleanála agus cur chun feidhme.

2.2.        Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Sa bhreis ar an gcomhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí, tá an Coimisiún tar éis a bheith i dteagmháil ar bhonn leanúnach leis na Ballstáit tríd an gcoiste um fhaireachán ar na Treoirlínte agus um malartú faisnéise, arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1692/96/CE. Tríd an gcoiste sin, atá ag teacht le chéile ar bhonn míosúil ó 2010 i leith, cuireadh na Ballstáit ar an eolas faoi dhul chun cinn agus ábhar an phróisis athbhreithnithe.

Ina theannta sin, d'eagraigh seirbhísí an Choimisiúin roinnt babhta cruinnithe déthaobhacha agus iltaobhacha leis na Ballstáit, chun plé mionsonraithe a dhéanamh ar fhorbairt an ghréasáin chuimsithigh agus chun príomhghnéithe an chroíghréasáin a chur i láthair.

Chuathas i dteagmháil le páirtithe leasmhara aonair trí chruinnithe ar leith, ag comhdhálacha agus trí chomhordaitheoirí an AE ag cruinnithe de chuid a dtionscadail tosaíochta féin.

2.3.        Measúnú tionchair

Sa Mheasúnú Tionchair aithnítear ceithre chuspóir shonracha chun dul i ngleic le fadhb an ghréasáin ilroinnte.

Chun feabhas a chur ar chomhordú i bpleanáil an AE, is é an chéad chuspóir sonrach:

– Cur chuige comhtháite trédhearcach a shainiú a ligfeadh don AE an breisluach ba mhó ab fhéidir a bhaint as an GTE-I, a rachadh i ngleic leis na gnéithe sin d'ilroinnt an ghréasáin a bhaineann le naisc atá in easnamh, le hilmhódúlacht agus le ceangail leordhóthanacha le tíortha comharsanachta agus le tríú tíortha, agus a dhéanfadh cumhdach leordhóthanach geografach a áirithiú chomh maith.

D'fhonn struchtúr rialachais fhónta a dhearadh chun cur chun feidhme cumraíochta gréasáin bharrmhaith a áirithiú, is iad na trí chuspóir shonracha eile:

– Cur chun feidhme caighdeán Eorpach a fhorbairt i gcás córas bainistíochta agus forbairt rialacha oibríochtúla comhchuibhithe a spreagadh i gcás tionscadal leasa choitinn an GTE-I. Ní an cuspóir sin dírithe ar chaighdeáin agus rialacha sonracha nua a fhorchur, ach ar a áirithiú go nglacfar agus go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach comhchaighdeáin Eorpacha atá forbartha cheana.

– Feabhas a chur ar chomhar na mBallstát chun infheistíochtaí, uainiú, rogha na mbealaí agus measúnuithe comhshaoil agus costais-sochair do thionscadail leasa choitinn a chomhordú.

– A áirithiú go mbeidh an chumraíocht ghréasáin bharrmhaith ina príomhghné i leithdháileadh an mhaoinithe ón AE sa chaoi is go bhféadfar díriú ar chodanna trasteorann, ar naisc atá in easnamh agus ar scrogaill.

Bhí dhá rogha beartais mar thoradh air sin:

– Rogha 1, cur chuige pleanála atá bunaithe den chuid is mó ar an mbeartas atá ann faoi láthair, ach roinnt leasuithe déanta air i bhfianaise na taithí a fuarthas, a chur le chéile le cur chuige athneartaithe comhordúcháin i leith cur chun feidhme;

– Rogha 2, cur chuige níos láidre i leith comhordú pleanála a chur le chéile leis an gcur chuige athneartaithe comhordúcháin céanna i leith cur chun feidhme, trí chumraíocht bharrfheabhsaithe a shainiú do chroí straitéiseach an GTE-I.

Thiocfadh feabhas mór as gach rogha i gcomparáid lena dtiocfadh as an gcur chuige beartais bunlíne, i dtéarmaí éifeachtacht an chur chun feidhme agus i dtéarmaí iarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil. Bheadh tionchar dearfach ginearálta níos mó ag rogha 2, i ngeall ar comhordú níos láidre ar leibhéal na pleanála agus ar leibhéal an chur chun feidhme.

2.4.        Modheolaíocht chun an croíghréasán a dhearadh

Is éard atá i ndearadh an chroíghréasáin mar a áirítear sa togra seo é, toradh modheolaíocht arna gcomhaontú i gcoitinne. Dearadh é i gcomhréir leis an modheolaíocht dhá chéime seo a leanas[15].

Ba é an chéad chéim na príomhnóid a shainaithint:

– Príomhnóid uirbeacha, ina bhfuil príomhchathracha na mBallstát go léir, na cathracha 'MEGA' go léir de réir ESPON agus na limistéir mhóra uirbeacha eile go léir nó comhchathracha, lena n‑áirítear a mbonneagar ilmhódach iomlán ábhartha chomh fada le cuid den ghréasán cuimsitheach; san iomlán, rinneadh 82 nód uirbeacha a aithint agus a liostú san iarscríbhinn a ghabhann leis na Treoirlínte; is cuid den chroíghréasán iad na calafoirt agus na haerfoirt a bhaineann leis an nód uirbeach.

– Lasmuigh de na príomhnóid uirbeacha sin, calafoirt a sháraíonn tairseach áirithe méide nó a chomhlíonann critéir gheografacha áirithe; san iomlán, tá 82 calafort liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis na Treoirlínte;

– Na pointí trasnaithe teorann is ábhartha: ceann amháin in aghaidh an nóid idir gach Ballstát agus gach tír chomharsanachta; san iomlán, tá 46 pointe trasnaithe teorann liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis na Treoirlínte.

Is éard a bhí sa dara céim na príomhnóid sin a cheangal le naisc ilmhódacha (bóithre, iarnróid agus uiscebhealaí intíre), de réir infhaighteachta nó indéantachta, ag cur san áireamh éifeachtacht agus éifeachtúlacht agus de rogha ag úsáid bonneagar atá ann cheana.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1.        Achoimre ar na bearta atá molta

Tá an Rialachán atá beartaithe ag aisghairm agus ag ionadú Chinneadh Uimh. 661/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras‑Eorpach iompair a fhorbairt.

Tá na príomheilimintí seo a leanas sa togra:

– Déanfar forbairt ar an GTE‑I de réir a chéile trí chur chuige dhá-chiseal a chur chun feidhme, ina mbeidh gréasán cuimsitheach agus croíghréasán.

– Tá an gréasán cuimsitheach le bunú faoin 31 Nollaig 2050 ar a dhéanaí, ach tá an croíghréasán le cur chun feidhme mar thosaíocht faoin 31 Nollaig 2030.

– Leis na Treoirlínte leagtar síos an creat chun tionscadail leasa choitinn a shainaithint. Cuidíonn na tionscadail sin le forbairt agus bunú an GTE‑I trí bhonneagar a chruthú, a chothabháil, a athchóiriú agus a uasghrádú, trí bhearta chun úsáid bonneagar atá tíosach ar acmhainní a chur chun cinn agus trí sheirbhísí iompair lasta inbhuanaithe agus éifeachtúil a chumasú.

– D'fhonn comhoibriú le tríú tíortha agus le tíortha comharsanachta[16], féadfaidh an tAontas Eorpach tionscadail leasa choitinn a chur chun cinn.

– Sonraítear an gréasán cuimsitheach leis na rudaí seo a leanas:

– léarscáileanna;

– comhpháirteanna bonneagair;

– ceanglais maidir le bonneagar;

– tosaíochtaí chun tionscadail leasa choitinn a chur chun cinn.

– Is iad críochfoirt lasta, stáisiúin phaisinéirí, calafoirt intíre, calafoirt mhuirí agus aerfoirt a cheanglóidh modhanna iompair chun go bhféadfadh iompar ilmhodúlach a bheith ann.

– Is eilimintí ríthábhachtacha iad na nóid uirbeacha sa ghréasán cuimsitheach mar phointí ceangail idir bonneagair dhifriúla iompair.

– Sna treoirlínte leagtar síos ceanglais shonracha maidir leis an gcroíghréasán, i dteannta na gceanglas maidir leis an ngréasán cuimsitheach, mar shampla infhaighteacht breoslaí malartacha. Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus meastóireacht ar an dul chun cinn a dhéantar i gcur chun feidhme an chroíghréasáin.

– Is uirlis iad conairí an chroíghréasáin chun an croíghréasán a chur chun feidhme. Beidh siad bunaithe ar comhtháthú módach agus idir‑inoibritheacht agus tiocfaidh forbairt agus bainistíocht chomhordaithe as an méid sin.

– Éascóidh na comhordaitheoirí Eorpacha cur chun feidhme comhordaithe na gconairí, i gcomhar le cláir chonairí a bhunóidh na Ballstáit lena mbaineann.

– Le gach clár conairí bunófar plean forbartha ilbhliantúil, lena n‑áirítear pleananna infheistíochta agus cur chun feidhme, mar struchtúr bainistíochta. Bunaithe ar an bhfaisnéis sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme (cinntí) le haghaidh gach conaire.

– Iarrtar sa togra athbhreithniú rialta ar na hiarscríbhinní trí bhíthin gníomhartha tarmligthe chun léarscáileanna an ghréasáin chuimsithigh a thabhairt cothrom le dáta. Beartaítear sa togra freisin athbhreithniú a dhéanamh ar an gcroíghréasán faoi 2023.

3.2.        Bunús dlí

Is é Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo.

3.3.        Prionsabal na coimhdeachta

Ionas go ndéanfar forbairt chomhordaithe ar ghréasán tras‑Eorpach iompair chun tacú le sreabha iompair laistigh den mhargadh aonair Eorpach agus le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach laistigh den Eoraip, ní mór beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit ina n-aonar beart dá leithéid a dhéanamh. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás codanna trasteorann.

3.4.        Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta, agus tagann sé faoi raon feidhme na gníomhaíochta i réimse an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair, mar atá sainmhínithe in Airteagal 170 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá an ghníomhaíocht a bheartaítear leis an togra seo teoranta don ghné Eorpach de ghréasáin bhonneagair iompair.

3.5.        Rogha na hionstraime

Rinneadh treoirlínte reatha an GTE‑I a mholadh agus a ghlacadh mar Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tá an Cinneadh seo dírithe go sonrach ar na Ballstáit, rud a fhágann go bhfuil na Treoirlínte ina gceangal go huile is go hiomlán ar gach Ballstát.

Cé gurbh iad na Ballstáit na príomhghníomhairí de ghnáth i bhforbairt agus i mbainistíú an bhonneagair iompair, is léir leis na forbairtí atá ann anois go bhfuil athrú ag teacht ar an staid seo de réir a chéile. Tá na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, bainisteoirí bonneagair, oibreoirí iompair agus eintitis phoiblí agus phríobháideacha eile ina bpríomhghníomhairí i bhforbairt an bhonneagair anois freisin.

Agus gníomhairí eile seachas na Ballstáit ag glacadh páirte i bpleanáil, forbairt agus oibriú an GTE‑I, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil na Treoirlínte ina gceangal ar chách. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún tar éis Rialachán a roghnú mar an ionstraim dlí don togra seo.

Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbeartaítear an tréimhse suas go 2050 a chumhdach leis an togra. Is deacair, dá bhrí sin, na catagóirí uile de ghníomhairí a d'fhéadfadh bheith bainteach le tionscadail cur chun feidhme an GTE‑I sa tréimhse sin a thuar.

3.6.      An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Ábhar a bhaineann leis an LEE atá sa ghníomh atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú ann.

4.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon chostas breise ag gabháil leis an togra seo do bhuiséad an AE.

5.           ÁIS UM NASCADH NA hEORPA

I gcomhthéacs na Teachtaireachta ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014‑2020[17], tá an Coimisiún tar éis cruthú ionstraime nua ar leibhéal an AE a fhógairt, an 'Áis um Nascadh na hEorpa', lena maoineofar bonneagar tosaíochta an AE san iompar, san fhuinneamh agus sa leathanbhanda digiteach. Tacóidh an áis le bonneagair a bhfuil gné Eorpacha agus Margaidh Aonair acu, ag spriocdhíriú thacaíocht an AE ar ghréasáin tosaíochta nach foláir a chur chun feidhme faoi 2020 agus sna cásanna is mó ina bhfuil gníomhaíocht Eorpach de dhíth. Beidh ciste aonair EUR 50 billiún ag an áis don tréimhse 2014‑2020; leithdháilfear EUR 31.7 billiún de ar iompar, agus cuirfear EUR 10 mbilliún de sin ar leataobh i gcomhair infheistíochtaí i mbonneagair iompair ghaolmhara sna Ballstáit atá incháilithe faoin gCiste Comhtháthaithe. Moltar sa Teachtaireacht freisin gur cheart tionscadail bhonneagair atá chun leasa an AE, a théann trí thíortha comharsanachta agus trí thíortha réamhaontachais, a chomhordú agus a athneartú sa todhchaí tríd an Áis nua um Nascadh na hEorpa[18].

Leis na treoirlínte reatha agus an Áis um Nascadh na hEorpa, bunófar na tosaíochtaí do chistiú Eorpach an bhonneagair iompair.

6.           SIMPLIÚ

Cuireann an togra le simpliú na rialacha atá ann cheana. Trí chur chuige nua na gconairí agus bunú clár conairí, is féidir ullmhú an tionscadail a chuíchóiriú.

2011/0294 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le treoirlínte an Aontais chun an Gréasán Tras-Eorpach Iompair a fhorbairt

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[19],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[20],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Athmhúnlaíodh Cinneadh Uimh. 1692/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le treoirlínte Comhphobail chun an gréasán tras‑Eorpach iompair a fhorbairt[21] ar mhaithe le soiléire trí Chinneadh Uimh. 661/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras‑Eorpach iompair a fhorbairt[22].

(2) Cuidíonn pleanáil, forbairt agus oibriú na ngréasán tras‑Eorpach iompair le príomhchuspóirí an Aontais a bhaint amach, amhail feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus neartú ar chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, agus ina theannta sin tá cuspóir sonrach aige gluaiseacht rianúil agus inbhuanaithe daoine agus earraí a bhaint amach agus inrochtaineacht a áirithiú do réigiúin uile an Aontais.

(3) Ba cheart na cuspóirí sonracha sin a bhaint amach trí idirnaisc agus idir‑inoibritheacht a bhunú idir gréasáin náisiúnta iompair ar bhealach atá tíosach ar acmhainní.

(4) I ngeall ar an bhfás ar mhéid na tráchta tá méadú tagtha ar an mbrú tráchta ar chonairí idirnáisiúnta iompair. Chun soghluaiseacht idirnáisiúnta earraí agus paisinéirí a áirithiú, ba cheart toilleadh an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair agus úsáid an toillte sin a bharrfheabhsú agus, más gá, á fhairsingiú trí scrogaill bonneagair a bhaint agus an bearna a líonadh idir naisc atá in easnamh laistigh de na Bhallstáit agus eatarthu.

(5) Mar a dhearbhaítear sa Pháipéar Bán maidir le hIompar 'Roadmap to a Single European Transport Area - Towards a competitive and resource efficient transport system' (Treochlár um Limistéar Eorpach Iompair Aonair – I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní)[23], is féidir éifeachtúlacht agus éifeachtacht iompair a fheabhsú go mór trí chomhtháthú módach níos fearr a áirithiú ar fud an ghréasáin, i dtéarmaí bonneagair, sreabh faisnéise agus nósanna imeachta.

(6) Sa Pháipéar Bán iarrtar faisnéis faoi iompar agus teicneolaíocht cumarsáide a úsáid chun bainistíocht tráchta fheabhsaithe agus chomhtháite a áirithiú agus chun nósanna imeachta riaracháin a shimpliú trí lóistíocht lasta fheabhsaithe, trí rianú agus lorgaireacht lasta, agus trí thráthchláir bharrfheabhsaithe agus sreabha tráchta barrfheabhsaithe. Toisc go gcuireann na bearta sin bainistíocht agus úsáid éifeachtúil bonneagair iompair chun cinn, ba cheart dóibh teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(7) Ní foláir a chur san áireamh i mbeartas an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair an foras atá tagtha ar bheartais iompair agus ar úinéireacht an bhonneagair. Roimhe seo, ba iad na Ballstáit an príomheintiteas a bhí i bhfeighil an bonneagar iompair a chruthú agus a chothabháil. Anois, áfach, tá eintitis eile, lena n-áirítear eintitis phríobháideacha, ábhartha i dtaobh gréasán ilmhódach tras-Eorpach iompair a chur i gcrích, lena n‑áirítear, mar shampla, bainisteoirí bonneagair, saincheadúnuithe agus údaráis chalafoirt agus aerfoirt.

(8) Bonneagar atá ann cheana atá sa ghréasán tras-Eorpach iompair den chuid is mó. Eintitis phríobháideacha agus phoiblí a bhainistíonn an bonneagar atá ann cheana. Chun cuspóirí bheartas nua an ghréasáin tras-Eorpach iompair a bhaint amach ina n‑iomláine, ní foláir ceanglais aonfhoirmeacha maidir leis an mbonneagar a bhunú i Rialachán a bheidh le comhlíonadh ag aon eintiteas atá freagrach as bonneagar an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair.

(9) Is fearr an gréasán tras‑Eorpach iompair a fhorbairt trí chur chuige dhá chiseal, ina mbeidh gréasán cuimsitheach agus croíghréasán, agus is ionann an dá chiseal sin agus an leibhéal is airde pleanála bonneagair laistigh den Aontas.

(10) Ba cheart gréasán tras-Eorpach iompair a bheith sa ghréasán cuimsitheach sin á áirithiú inrochtaineacht gach réigiúin san Aontas, na réigiúin iargúlta agus na réigiúin is forimeallaí san áireamh, ar nós an Bheartais Mhuirí Lánpháirtithe[24], agus á neartú an comhtháthú idir na réigiúin sin. Ba cheart na ceanglais maidir le bonneagar an ghréasáin chuimsithigh a shocrú sna treoirlínte, chun gréasán d'ardcháilíocht a bhaint amach ar fud an Aontais faoi 2050.

(11) Faoi 2030, ba cheart an croíghréasán a shainaithint agus a chur chun feidhme mar thosaíocht laistigh den chreat arna soláthar tríd an ngréasán cuimsitheach. Ba cheart dó bheith ina chnámh droma i bhforbairt gréasáin ilmhódaigh iompair, agus forbairt an ghréasáin chuimsithigh ar fad a spreagadh. Ba cheart dó gníomhaíocht an Aontais a chumasú chun díriú ar na comhpháirteanna sin den ghréasán tras-Eorpach iompair a bhfuil an breisluach Eorpach is airde acu, go háirithe codanna trasteorann, naisc atá in easnamh, pointí ceangail ilmhódacha agus príomhscrogaill.

(12) Chun an croíghréasán agus an gréasán cuimsitheach a bhunú ar bhealach comhordaithe tráthúil, lena bhféadfaí sochair na ngréasán a uasmhéadú, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann a áirithiú go dtabharfar na tionscadail leasa choitinn chun críche faoi 2030 agus 2050 faoi seach.

(13) Ní mór tionscadail leasa choitinn a shainaithint a chuideoidh leis an ngréasán tras‑Eorpach iompair a chur i gcrích agus a chomhfhreagraíonn do na tosaíochtaí arna mbunú sna treoirlínte.

(14) Ba cheart breisluach Eorpach soiléir a thaispeáint sna tionscadail leasa choitinn. Go hiondúil tá breisluach ard Eorpach ag tionscadail trasteorann, ach d'fhéadfadh éifeachtaí eacnamaíocha díreacha níos ísle a bheith acu i gcomparáid le tionscadail ar thionscadail náisiúnta amháin iad. Dá bhrí sin, ní dóchúil go gcuirfear chun feidhme iad gan idirghabháil an Aontais.

(15) Ós rud é nach iad na Ballstáit amháin a dhéanann an gréasán tras‑Eorpach iompair a forbairt agus a chur chun feidhme, ba cheart tionscnóirí uile tionscadal leasa choitinn amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha, bainisteoirí bonneagair nó eintitis phríobháideacha nó phoiblí eile a bheith faoi réir chearta agus oibleagáidí an Rialacháin seo, agus chearta agus oibleagáidí rialacha agus nósanna imeachta ábhartha eile de chuid an Aontais, agus na tionscadail sin á gcur i gcrích.

(16) Is gá comhar le tíortha comharsanachta agus tríú tíortha chun ceangal agus idir‑inoibritheacht idir na gréasáin bhonneagair faoi seach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tionscadail leasa fhrithpháirtigh a chur chun cinn leis an tíortha sin nuair is iomchuí.

(17) Chun comhtháthú módach a chur i gcrích ar fud an ghréasáin, ní foláir pleanáil iomchuí a dhéanamh ar an ngréasán tras‑Eorpach iompair. Tugtar le tuiscint leis sin freisin go gcuirfear chun feidhme ceanglais shonracha ar fud an ghréasáin i dtéarmaí bonneagair, córas cliste iompair, trealaimh, agus seirbhísí. Is gá dá bhrí sin úsáid iomchuí agus chomhbheartaithe na riachtanas sin a áirithiú ar fud na hEorpa i gcás gach modha iompair agus le haghaidh a n‑idirnasc ar fud an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair agus lastall de sin, chun na sochair a bhaineann le héifeacht an ghréasáin a fháil agus chun oibríochtaí iompair tras‑Eorpacha fadraoin a chumasú.

(18) Chun na bonneagair iompair atá ann cheana agus atá beartaithe don ghréasán cuimsitheach agus don chroíghréasán a chinneadh, ba cheart léarscáileanna a sholáthar agus a choigeartú le himeacht ama chun forbairt na sreabh tráchta a chur san áireamh. Is é córas GTE-tec an Choimisiúin bonn teicniúil na léarscáileanna, córas ina bhfuil sonraí níos mine i dtaobh bhonneagar an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair.

(19) Ba cheart tosaíochtaí a shocrú sna treoirlínte chun na cuspóirí a bhaint amach laistigh den spriocdháta sonrach.

(20) Tá gá le córais chliste iompair chun bunús a thabhairt le haghaidh oibríochtaí tráchta agus iompair a bharrfheabhsú agus chun seirbhísí gaolmhara a fheabhsú.

(21) Ba cheart foráil a dhéanamh sna treoirlínte maidir leis an ngréasán cuimsitheach i nóid uirbeacha a fhorbairt, mar gurb ionann na nóid sin agus pointe tosaigh nó ceann scríbe deireanach ('míle deireanach') le haghaidh paisinéirí agus lasta atá ag gluaiseacht ar an ngréasán tras‑Eorpach iompair agus is pointí aistrithe iad idir modhanna difriúla iompair.

(22) Ba cheart don ghréasán tras‑Eorpach iompair, a bhuíochas dá mhórscála, an bonn a sholáthar le haghaidh teicneolaíochtaí nua agus nuálaíocht a úsáid ar mhórscála, rud, mar shampla, ar féidir leis cuidiú le héifeachtúlacht fhoriomlán na hearnála iompair Eorpaí a fheabhsú agus a lorg carbóin a shrianadh. Cuideoidh an méid sin leis an sprioc atá sa straitéis Eoraip 2020 agus sa Pháipéar Bán maidir le hIompar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú 60 % faoi 2050 (bunaithe ar leibhéil 1990) agus ag an am céanna cuidiú leis an gcuspóir slándáil an tsoláthair breosla a mhéadú don Aontas.

(23) Caithfidh an gréasán tras‑Eorpach iompair ilmhodúlacht éifeachtúil a áirithiú chun go bhféadfar roghanna módacha níos fearr a dhéanamh agus chun go bhféadfar méideanna móra a chomhdhlúthú i gcás aistrithe fadraoin. Beidh an ilmhodúlacht níos tarraingtí do lastoirí ó thaobh an gheilleagair de dá bharr sin.

(24) Chun bonneagar iompair d'ardcháilíocht agus éifeachtúil a chur i gcrích ar fud na modhanna uile ba cheart forálacha maidir le slándáil agus sábháilteacht gluaiseachtaí paisinéirí agus lasta, tionchar athraithe aeráide agus tionchar tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine ar bhonneagar agus inrochtaineacht d'usáideoirí iompair uile a áireamh sna treoirlínte.

(25) Ba cheart don chroíghréasán bheith ina fhothacar den ghréasán cuimsitheach atá á fhorleagan. Ba cheart na nóid agus na naisc is tábhachtaí den ghréasán tras‑Eorpach iompair ó thaobh straitéise de a bheith ann, de réir riachtanas tráchta. Ba cheart é a bheith ilmhódach, i.e. go n‑áireofaí ann na modhanna iompair go léir agus a naisc chomh maith le córais ábhartha tráchta agus bainistíochta faisnéise.

(26) Chun an croíghréasán a chur chun feidhme laistigh den teorainn ama atá leagtha síos, d'fhéadfaí cur chuige conaire a úsáid mar uirlis chun tionscadail éagsúla a chomhordú ar bonn trasnáisiúnta agus chun forbairt na conaire a shioncrónú, agus, ar an dóigh sin, an sochar is mó is féidir á bhaint amach don ghréasán .

(27) Ba cheart do chonairí croíghréasáin díriú freisin ar chuspóirí beartais iompair níos leithne agus comhtháthú módach agus oibríochtaí ilmhódacha a éascú. Leis sin, ba cheart conairí arna bhforbairt go speisialta chuige sin a bheith ann atá barrfheabhsaithe i dtéarmaí úsáide fuinnimh agus i dtéarmaí astaíochtaí, agus ar an gcaoi sin íoslaghdófar iarmhairtí comhshaoil. Beidh na conairí sin tarraingteach freisin i ngeall ar a iontaofacht, an brú tráchta teoranta a bhíonn orthu agus a gcostais ísle oibrithe agus riaracháin. Ba cheart liosta tosaigh conairí a bheith i Rialachán (AE) XXX/2012 [an Áis um Nascadh na hEorpa], ach ba cheart a bheith in ann é a oiriúnú chun na hathruithe ar shreabha tráchta a chur san áireamh.

(28) Éascófar dearadh an struchtúir chirt rialála agus sainaithint na bhfoinsí maoiniúcháin do thionscadail chasta trasteorann ach ardáin conairí a chruthú i gcomhair na gconairí croíghréasáin sin. Ba cheart do Chomhordaitheoirí Eorpacha cur chun feidhme comhordaithe chonairí an chroíghréasáin a éascú.

(29) Agus conairí an chroíghréasáin á bhforbairt, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na conairí lasta iarnróid arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 an 22 Meán Fómhair 2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gréasán Eorpach iarnróid i gcomhair lasta iomaíoch[25] agus do Phlean Imscartha Eorpach le haghaidh an ERTMS (Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid) dá bhforáiltear i gCinneadh 2009/561/CE an 22 Iúil 2009 lena leasaítear Treoir 2006/679/CE maidir le cur chun feidhme na sonraíochta teicniúla d'idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras rialuithe-orduithe agus comharthaíochta an ghnáthchóras iarnróid thras-Eorpaigh[26].

(30) Chun comhsheasmhacht idir na treoirlínte agus clárú na n‑ionstraimí ábhartha airgeadais atá ar fáil ar leibhéal an Aontais a uasmhéadú, ba cheart maoiniú an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair a bhunú ar an Rialachán seo agus tarraingt ar an Áis um Nascadh na hEorpa[27]. Dá réir sin, ba cheart dó díriú ar mhaoiniú ó ionstraimí ábhartha inmheánacha agus seachtracha amhail cistí struchtúracha agus comhtháthaithe, Áis Infheistíochta na Comharsanachta (NIF[28]), an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA), agus ó mhaoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus ó institiúidí eile airgeadais a ailíniú agus a chomhcheangal. Go háirithe, fad is a bheidh an gréasán tras-Eorpach iompair á fhorbairt, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh na coinníollachtaí ex ante is infheidhme maidir le hiompar dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 [Rialachán lena leagtar síos na forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh arna gcumhdach leis an gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006][29].

(31) Chun na hIarscríbhinní agus go háirithe na léarscáileanna a thabhairt cothrom le dáta chun athruithe a d'fhéadfadh teacht as úsáid iarbhír gnéithe áirithe den bhonneagar iompair arna n-anailísiú i bhfianaise tairseach réamhbhunaithe cainníochtúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le leasuithe ar na hIarscríbhinní. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán oiriúnach le linn na réamhoibre, comhairliúchán le saineolaithe san áireamh. Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á ndréachtú ag an gCoimisiún, ba cheart dó a áirithiú go dtarchuirtear na doiciméid ábhartha chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go tráthúil iomchuí agus go comhuaineach.

(32) Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha cur chun feidhme an Rialacháin seo aonfhoirmeach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí le haghaidh rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[30].

(33) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá le déanamh, go háirithe an gréasán tras‑Eorpach iompair a bhunú agus a fhorbairt go comhordaitheach, a bhaint amach go leordhóthanach toisc gur gá na cuspóirí sin a chomhordú, agus gur fearr is féidir é sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin freisin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

Airteagal 1 Ábhar

1. Bunaítear leis an Rialachán seo treoirlínte an Aontais ('na treoirlínte' anseo feasta) maidir le gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, ar treoirlínte iad a chinneann bonneagar an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair a ndéantar tionscadail leasa choitinn agus tionscadail leasa fhrithpháirtigh a shainaithint faoina chuimsiú.

2. Sonraítear sna treoirlínte na ceanglais a bheidh le hurramú ag na heintitis atá freagrach as bonneagar an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair a bhainistiú.

3. Leagtar amach sna treoirlínte na tosaíochtaí maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt.

4. Déantar foráil sna treoirlínte maidir le bearta chun an gréasán tras‑Eorpach a chur chun feidhme.

Airteagal 2 Raon feidhme

1. Beidh feidhm ag na treoirlínte maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chuimsíonn:

– an bonneagar iompair atá ann cheana agus atá beartaithe dá dtagraítear i mír 2, agus

– bearta lena gcuirtear chun cinn bainistíocht éifeachtúil agus úsáid éifeachtúil an bhonneagair sin.

2. Is éard atá i mbonneagar iompair an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair:

(a) bonneagar iompair iarnróid arna chinneadh i Roinn 1 de Chaibidil II;

(b) bonneagar uiscebhealaí intíre arna chinneadh i Roinn 2 de Chaibidil II;

(c) bonneagar iompair de bhóthar arna chinneadh i Roinn 3 de Chaibidil II;

(d) bonneagar muiriompair arna chinneadh i Roinn 4 de Chaibidil II;

(e) bonneagar aeriompair arna chinneadh i Roinn 5 de Chaibidil II;

(f) bonneagar d'iompar ilmhódach arna chinneadh i Roinn 6 de Chaibidil II;

(g) an trealamh agus na córais chliste iompair a bhaineann leis an mbonneagar iompair dá dtagraítear i bpointí (a) go (f).

Airteagal 3 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn 'tionscadal leasa choitinn' aon chuid de bhonneagar iompair atá beartaithe, nó de bhonneagar iompair atá ann cheana, nó aon mhodhnú ar bhonneagar iompair atá ann cheana a chomhlíonann forálacha Chaibidil II agus aon bhearta a dhéanann foráil maidir le bainistíocht éifeachtúil agus úsáid éifeachtúil an bhonneagair sin;

(b) ciallaíonn 'tionscadal leasa fhrithpháirtigh' tionscadal a bhaineann leis an Aontas agus le tríú tír amháin nó níos mó, a dhíríonn ar an ngréasán tras‑Eorpach iompair a cheangal le gréasáin bhonneagair iompair na dtíortha sin chun príomhshreabha iompair a éascú;

(c) ciallaíonn 'tríú tír' aon tír chomharsanachta agus gach tír eile lena bhféadfaidh an tAontas comhoibriú chun na cuspóirí atá beartaithe sa Rialachán seo a bhaint amach;

(d) ciallaíonn 'tír chomharsanachta' an tír a thagann faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, lena n-áirítear an Chomhpháirtíocht Straitéiseach[31], faoin mBeartas um Méadú, faoin Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó faoi Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa;

(e) ciallaíonn 'breisluach Eorpach', i dtaca le tionscadal, an luach a thig as idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a chruthódh gníomhaíocht Ballstáit ann féin murach sin;

(f) ciallaíonn 'bainisteoir bonneagair' aon chomhlacht nó aon ghnóthas atá freagrach, go háirithe, as bonneagar iompair a bhunú agus a chothabháil. Féadfar bainistíocht córas um rialú bonneagair agus bainistíocht córas slándála a áireamh sa mhéid sin freisin;

(g) ciallaíonn 'córais chliste iompair (ITS)' córais a úsáideann faisnéis, cumarsáid, teicneolaíochtaí loingseoireachta agus suite/logánaithe chun soghluaiseacht agus trácht a bhainistiú ar an ngréasán tras‑Eorpach iompair agus chun seirbhísí breisluacha a sholáthar do shaoránaigh agus d'oibreoirí, lena n‑áirítear le haghaidh úsáid an ghréasáin atá sábháilte, slán, fónta ó thaobh an chomhshaoil de agus éifeachtúil ó thaobh toillte de. Féadfaidh siad freisin fearais ar bord a áireamh, ar an gcuntar gur cuid de chóras doroinnte iad ina bhfuil comhpháirteanna comhfhreagracha bonneagair. Áirítear orthu na córais, teicneolaíochtaí agus seirbhísí dá dtagraítear i bpointí (h)– (l);

(h) ciallaíonn 'córas um bainistíocht aerthráchta' córas mar atá sonraithe i Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir‑inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (an Rialachán maidir le hidir‑inoibritheacht)[32] agus sa Mháistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta mar atá sainmhínithe i Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR)[33] a fhorbairt;

(i) ciallaíonn 'Córais Faireacháin agus Faisnéise um Thrácht Árthach' (VTMIS) córais arna n-úsáid chun faireachán agus bainistíocht a dhéanamh ar thrácht agus ar mhuiriompar, ag úsáid faisnéise ó Chórais Sainaitheanta Uathoibríche Long (AIS), Sainaithint agus Lorgaireacht Fadraoin Long (LRIT), córais radair cois cósta agus cumarsáid raidió dá bhforáiltear i dTreoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas Comhphobail faireacháin agus faisnéise um thrácht árthach agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle[34];

(j) ciallaíonn 'Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann' teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide ar uiscebhealaí intíre mar atá sainmhínithe i dTreoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal[35];

(k) ciallaíonn 'ríomhsheirbhísí muirí' seirbhísí a úsáideann ardteicneolaíochtaí idir‑inoibritheacha faisnéise in earnáil an mhuiriompair chun an tríchur lasta a éascú ar muir agus i limistéir chalafoirt;

(l) ciallaíonn 'Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS)' an córas atá sainmhínithe i gCinneadh 2006/679/CE ón gCoimisiún an 28 Márta 2006[36] agus i gCinneadh 2006/860/CE ón gCoimisiún an 7 Samhain 2006[37] maidir le sonraíocht theicniúil d'idir-inoibritheacht a bhaineann le fochórais rialuithe-orduithe agus chomharthaíochta an ghnáthchórais agus an chórais ardluais iarnróid thras-Eorpaigh;

(m) ciallaíonn 'modh iompair' iompar iarnróid, iompar ar uiscebhealaí intíre, iompar de bhóthar, muiriompar nó aeriompar;

(n) ciallaíonn 'iompar ilmhódach' iompar lasta nó paisinéirí, nó an dá cheann, ina n-úsáidtear dhá cheann nó níos mó de mhodh iompair;

(o) ciallaíonn 'nód uirbeach' limistéar uirbeach ina bhfuil bonneagar iompair an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair ceangailte le codanna eile den bhonneagar sin agus leis an mbonneagar do thrácht réigiúnach agus áitiúil;

(p) ciallaíonn 'ardán lóistíochta' limistéar atá nasctha go díreach le bonneagar iompair an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair lena n‑áirítear críochfort lasta amháin ar a laghad, agus lenar féidir gníomhaíochtaí lóistíochta a dhéanamh;

(q) ciallaíonn 'críochfort lasta' struchtúr atá feistithe chun athlastála idir dhá mhodh iompair ar a laghad agus chun lasta a stóráil go sealadach, amhail calafoirt, calafoirt intíre, aerfoirt agus críochfoirt iarnród;

(r) ciallaíonn 'réigiún NUTS' réigiún mar atá sainmhínithe in Ainmníocht na nAonad Críochach um Staidreamh.

Airteagal 4 Cuspóirí an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair

1. Leis an ngréasán tras-Eorpach iompair cumasófar seirbhísí agus oibríochtaí iompair ar seirbhísí agus oibríochtaí iad:

(a) a chomhlíonfaidh riachtanais shoghluaiseachta agus iompair a n-úsáideoirí laistigh den Aontas agus sa chaidreamh le tríú tíortha, ar an gcaoi sin a chuideoidh le tuilleadh fáis eacnamaíoch agus iomaíochta eacnamaíche;

(b) a bheidh éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de, a chuideoidh leis na cuspóirí seo a bhaint amach: iompar ísealcharbóin agus glan, slándáil breosla agus cosaint an chomhshaoil, a bheidh sábháilte agus slán agus a mbeidh caighdeáin ardcháilíochta acu, d'iompar paisinéirí agus lasta araon;

(c) a chuirfidh chun cinn na coincheapa teicneolaíocha agus oibríochtúla is nua‑aimseartha;

(d) a sholáthróidh inrochtaineacht iomchuí ar réigiúin uile an Aontais, ag cur chun cinn ar an gcaoi sin comhtháthaithe shóisialta, eacnamaíoch agus chríochaigh agus ag tacú le fás uilechuimsitheach.

2. Agus bonneagar an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair á fhorbairt, bainfear amach na cuspóirí seo a leanas:

(a) idirnascadh agus idir-inoibritheacht na ngréasán náisiúnta iompair;

(b) scrogaill a bhaint agus an bhearna a líonadh idir na naisc atá in easnamh, laistigh de na bonneagair iompair agus ag pointí ceangail eatarthu sin araon, laistigh de chríocha na mBallstát agus ag pointí trasnaithe teorann eatarthu;

(c) na modhanna iompair go léir a fhorbairt ar bhealach atá ag luí le hiompar inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de a áirithiú go fadtéarmach;

(d) comhtháthú agus idirnascadh barrmhaith na modhanna iompair go léir;

(e) úsáid éifeachtúil bonneagair;

(f) úsáid forleathan an cineál iompair is neodraí ó thaobh carbóin de a chur chun cinn;

(g) naisc bonneagair iompair idir an gréasán tras-Eorpach iompair agus gréasáin de bhonneagair iompair tíortha comharsanachta, agus a n-idir-inoibritheacht a chur chun cinn;

(h) ceanglais maidir le bonneagar a bhunú, go háirithe i réimse na hidir‑inoibritheachta, na sábháilteachta agus na slándála, lena dtagarmharcálfar cáilíocht, éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht seirbhísí iompair;

(i) i gcás tráchta paisinéirí agus lasta araon, naisc gan uaim idir bonneagar le haghaidh tráchta fadraoin ar thaobh amháin, agus le haghaidh tráchta réigiúnaigh agus áitiúil ar an taobh eile;

(j) bonneagar iompair a léiríonn na cásanna sonracha i gcodanna éagsúla den Aontas agus a dhéanann foráil maidir le cumhdach cothroma i ndáil le réigiúin Eorpacha, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí agus réigiúin fhorimeallacha eile;

(k) inrochtaineacht do dhaoine scothaosta, do dhaoine a bhfuil a soghluaiseacht laghdaithe agus do phaisinéirí faoi mhíchumas.

Airteagal 5 Gréasán atá tíosach ar acmhainní

Déanfaidh Ballstáit agus, de réir mar is iomchuí, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, bainisteoirí bonneagair, oibreoirí iompair agus eintitis phoiblí agus phríobháideacha eile, déanfaidh siad an gréasán tras‑Eorpach iompair a phleanáil, a fhorbairt agus a oibriú ar bhealach atá tíosach ar acmhainní, tríd an méid seo a leanas:

(a) comhtháthú agus idirnascadh bonneagair a bharrfheabhsú;

(b) úsáid fhorleathan teicneolaíochtaí nua agus Córais Chliste Iompair (CCI);

(c) bonneagar iompair atá ann cheana a fheabhsú agus a chothabháil;

(d) sinéirgí a d'fhéadfadh a bheith ann le gréasáin eile a chur san áireamh, go háirithe gréasáin thras-Eorpacha fuinnimh nó teileachumarsáide;

(e) measúnú ar an tionchar straitéiseach ar an gcomhshaol, agus pleananna agus cláir iomchuí a bhunú agus measúnú ar an tionchar ar mhaolú aeráide;

(f) bearta chun toilleadh bonneagair a phleanáil agus a fhairsingiú nuair is gá;

(g) aird iomchuí a thabhairt ar a íogair atá an bonneagar iompair maidir le haeráid atá ag athrú chomh maith le tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine.

Airteagal 6 Struchtúr dhá chiseal an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair

1. Déanfar forbairt chéimseach an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair a bhaint amach go háirithe trí struchtúr dhá chiseal a chur chun feidhme don ghréasán seo, ina mbeidh gréasán cuimsitheach agus croíghréasán.

2. Is éard a bheidh sa ghréasán cuimsitheach na bonneagair iompair ar fad atá ann cheana agus atá beartaithe atá mar chuid den ghréasán tras-Eorpach iompair mar aon leis na bearta a chuireann chun cinn úsáid éifeachtúil an bhonneagair sin. Déanfar é a fhorbairt i gcomhréir le Caibidil II.

3. Is éard a bheidh sa chroíghréasán na codanna sin is mó tábhacht straitéiseach den ghréasán cuimsitheach chun na cuspóirí a bhaint amach chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt. Déanfar é a shainaithint agus a fhorbairt i gcomhréir le Caibidil III.

Airteagal 7 Tionscadail leasa choitinn

1. Cuideoidh tionscadail leasa choitinn leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt trí bhonneagar nua iompair a chruthú, tríd an mbonneagar iompair atá ann cheana a chothabháil, a athchóiriú agus a uasghrádú agus trí bhearta lena gcuirtear chun cinn a úsáid a bheidh tíosach ar acmhainní.

2. Maidir le tionscadal leasa choitinn:

(a) cuideoidh sé na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 4 a bhaint amach;

(b) déanfaidh sé Caibidil II a chomhlíonadh agus, má bhaineann sé leis an gcroíghréasán, Caibidil III a chomhlíonadh freisin;

(c) beidh anailís costais-sochair shocheacnamaíoch dhearfach déanta air a raibh glantoradh dearfach reatha mar thoradh uirthi;

(d) beidh breisluach Eorpach soiléir ag baint leis.

3. Féadfaidh tionscadal leasa choitinn a thimthriall iomlán a chuimsiú, lena n-áirítear staidéir indéantachta agus nósanna imeachta ceada, cur chun feidhme agus meastóireacht.

4. Déanfaidh na Ballstáit agus tionscnóirí eile tionscadal na bearta ar fad is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na tionscadail na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha náisiúnta agus de chuid an Aontais, go háirithe reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol, cosaint aeráide, sábháilteacht, slándáil, iomaíocht, státchabhair, soláthar poiblí agus sláinte phoiblí.

5. Tá tionscadail leasa choitinn incháilithe do chabhair airgeadais ón Aontas faoi na hionstraimí atá ar fáil don ghréasán tras-Eorpach iompair, go háirithe an Áis um Nascadh na hEorpa, arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012.

Airteagal 8 Comhar le tríú tíortha

1. Féadfaidh an tAontas tacaíocht a thabhairt do thionscadail leasa choitinn chun an gréasán tras-Eorpach iompair a cheangal le gréasáin bonneagair tríú tíortha a chumhdaíonn an Beartas Comharsanachta na hEorpa, an Beartas um Méadú, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Comhlachas Saorthrádála na hEorpa, ar thionscadail iad atá ceaptha:

(a) an croíghréasán a cheangal ag pointí trasnaithe teorann;

(b) an ceangal idir an croíghréasán agus gréasáin iompair na dtríú tíortha a áirithiú;

(c) bonneagar iompair tríú tíortha a nascann codanna den chroíghréasán san Aontas a chur i gcrích;

(d) córais um bainistíocht tráchta a chur chun feidhme sna tíortha sin.

Cuirfidh na tionscadail leasa choitinn sin leis an toilleadh nó leis an áisiúlacht atá i ngréasáin atá lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó.

2. Féadfaidh an tAontas comhoibriú le tríú tíortha chun tionscadail leasa fhrithpháirtigh a chur chun cinn. Beidh na tionscadail sin ceaptha an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) an idir-inoibritheacht idir an gréasán tras-Eorpach iompair agus gréasáin tíortha comharsanachta a chur chun cinn;

(b) fairsingiú bheartas an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair go tríú tíortha a chur chun cinn;

(c) aeriompar le tríú tíortha a éascú, go háirithe tríd an Aerspás Eorpach Aonair agus comhar um bainistíocht aerthráchta a fhairsingiú;

(d) muiriompar a éascú agus mótarbhealaí na farraige a chur chun cinn le tríú tíortha.

3. Tionscadail leasa fhrithpháirtigh a thig faoi phointe(a) de mhír 2, comhlíonfaidh siad forálacha ábhartha Chaibidil II.

4. In Iarscríbhinn III áirítear léarscáileanna táscacha an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair arna bhfairsingiú chun tíortha sonracha comharsanachta a áireamh.

5. Féadfaidh an tAontas ionstraimí comhordúcháin agus airgeadais atá ann cheana a úsáid i gcomhar le tíortha comharsanachta nó ionstraimí nua a bhunú agus a úsáid, amhail Áis Infheistíochta na Comharsanachta (NIF) nó an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) chun tionscadail leasa fhrithpháirtigh a chur chun cinn.

6. Féadfaidh an tAontas dul i gcomhar le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha chun aon chuspóir eile atá ag an Airteagal seo a bhaint amach.

CAIBIDIL II

AN GRÉASÁN CUIMSITHEACH

Airteagal 9 Forálacha ginearálta

1. Beidh an gréasán cuimsitheach ina bhonn le tionscadail leasa choitinn a shainaithint.

2. Maidir leis an ngréasán cuimsitheach:

(a) beidh sé mar a shonraítear sna léarscáileanna atá in Iarscríbhinn I den Rialachán seo;

(b) sonrófar é sa tuairisc ar chomhpháirteanna an bhonneagair;

(c) comhlíonfaidh sé na ceanglais maidir leis na bonneagair iompair atá leagtha amach sa Chaibidil seo;

(d) bunófar leis an creat d'fhorbairt bonneagair thosaíochta dá dtagraítear in Airteagail 10 go 35.

3. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an gréasán cuimsitheach i gcrích agus go gcomhlíonfaidh sé forálacha ábhartha na Caibidle seo ina n-iomláine faoin 31 Nollaig 2050 ar a dhéanaí.

Airteagal 10 Tosaíochtaí

Agus an gréasán cuimsitheach á fhorbairt acu, tabharfaidh an tAontas, na Ballstáit, bainisteoirí bonneagair agus tionscnóiri eile tionscadal aird chuí ar na bearta is gá maidir leis an méid seo a leanas:

(a) córais chliste iompair a chur chun feidhme agus a úsáid, lena n-áirítear bearta lena gcumasófar bainistiú tráchta, sceidealú ilmhódach agus seirbhísí faisnéise ilmhódacha, lorgaireacht agus rianú ilmhódach, pleanáil toillte agus áirithint ar líne agus seirbhísí ticéadaithe comhtháite;

(b) bearnaí a líonadh sna naisc atá in easnamh agus scrogaill a bhaint, go háirithe i gcodanna trasteorann;

(c) bacainní riaracháin agus teicniúla a bhaint, go háirithe ar idir-inoibritheacht an ghréasáin agus ar iomaíocht;

(d) comhthathú barrmhaith na modhanna iompair a áirithiú;

(e) inrochtaineacht iomchuí do réigiúin uile an Aontais a áirithiú;

(f) cáilíocht bonneagair a fheabhsú nó a chothabháil i dtéarmaí éifeachtúlachta, sábháilteachta, slándála, aeráide agus i gcás inarb iomchuí, seasmhacht i gcoinne tubaistí, feidhmíochtaí comhshaoil, dálaí sóisialta, inrochtaineachta do na húsáideoirí uile, cáilíochta seirbhísí agus leanúnachais sreabha tráchta;

(g) forbairt theicneolaíoch úrscothach a chur chun cinn;

(h) slándáil breosla a áirithiú trí úsáid acmhainní fuinnimh malartacha agus go háirithe acmhainní fuinnimh agus córais tiomána ísealcharbóin nó gan carbón ar bith a cheadú;

(i) limistéir uirbeacha a sheachthreorú i gcás iompair lasta d'iarnród.

Roinn 1 Bonneagar iompair d'iarnród

Airteagal 11 Léarscáileanna

Léirítear línte iarnróid ar cuid den ghréasán cuimsitheach iad sna léarscáileanna atá in Iarscríbhinn I.

Airteagal 12 Comhpháirteanna bonneagair

1. Cuimsíonn bonneagar iompair iarnróid go háirithe:

(a) línte iarnróid ardluais agus gnáthlínte iarnróid, lena n-áirítear:

(i)      taobhlaigh;

(ii)      tolláin;

(iii)     droichid;

(b) críochfoirt lasta agus ardáin lóistíochta le haghaidh earraí a athlastáil laistigh de mhodh an iarnróid agus idir modh an iarnróid agus modhanna eile iompair;

(c) stáisiúin ar na línte atá luaite in Iarscríbhinn I chun paisinéirí a aistriú laistigh de mhodh an iarnróid agus idir modh an iarnróid agus modhanna eile iompair;

(d) trealamh gaolmhar;

(e) CCI.

2. Beidh na línte iarnróid i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a) Línte iarnróid le haghaidh iompair ardluais:

(i)      ar línte ardluais arna dtógáil go speisialta iad atá feistithe le haghaidh luasanna cothrom le 250 km/u nó níos mó;

(ii)      ar gnáthlínte arna n-uasghrádú go speisialta iad atá feistithe le haghaidh luasanna tuairim is 200 km/u;

(b) Línte iarnróid le haghaidh iompair thraidisiúnta.

3. Áireofar ar an trealamh teicniúil a bhaineann le línte iarnróid córais leictriúcháin, trealamh chun paisinéirí a bhordáil agus a thuirlingt agus chun lasta a luchtú agus a dhíluchtú i stáisiúin, ardáin lóistíochta agus críochfoirt lasta. Áireofar leis aon áis is gá chun oibriú sábháilte, slán agus éifeachtúil feithiclí a áirithiú.

Airteagal 13 Ceanglais maidir le bonneagar iompair

1. Áiritheoidh oibreoirí críochfort lasta go bhfuil gach críochfort lasta oscailte do gach oibreoir.

Cuirfidh oibreoirí ardán lóistíochta críochfort amháin ar a laghad ar fáil a bheidh oscailte do gach oibreoir.

Cuirfidh oibreoirí críochfort lasta agus ardán lóistíochta an rochtain sin ar fáil ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus cuirfear muirir thrédhearcacha i bhfeidhm.

2. Áiritheoidh oibreoirí stáisiún paisinéirí go gcuirfear rochtain ar fáil sna stáisiúin phaisinéirí ar fhaisnéis, ar thicéadú, agus ar ghníomhaíochtaí tráchtála do thrácht iarnróid ar fud an ghréasáin chuimsithigh agus, nuair is iomchuí, ar fhaisnéis maidir le ceangal leis an iompar áitiúil agus réigiúnach, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2011 maidir leis an sonraíocht theicniúil d'idir-inoibritheacht a bhaineann leis an bhfochóras 'feidhmchláir teileamaitice i gcomhair seirbhísí paisinéirí' den chóras iarnróid tras‑Eorpach[38].

3. Laistigh dá réim freagrachta, áiritheoidh na Ballstáit agus bainisteoirí bonneagair an méid seo a leanas:

(a) go mbeidh línte iarnróid feistithe le ERTMS;

(b) go gcomhlíonfaidh an bonneagar iarnróid Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal[39] agus a bhearta cur chun feidhme chun idir-inoibritheach an ghréasáin chuimsithigh a bhaint amach;

(c) go gcomhlíonfaidh an bonneagar iarnróid ceanglais na sonraíochta teicniúla d'Idir-inoibritheacht (TSI) arna glacadh de bhun Airteagal 6 de Threoir 2008/57/CE i gcomhair línte nua agus línte uasghrádaithe, ach amháin i gcásanna cuí-réasúnaithe ina gceadaítear amhlaidh faoin TSI ábhartha nó faoin nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Threoir 2008/57/CE. Ar aon nós, comhlíonfaidh an bonneagar iarnróid na ceanglais seo a leanas:

(1) leithead rianta ainmniúil do línte iarnróid nua: 1 435 mm[40];

(2) leictriúchán;

(3) línte a úsáideann gnáth-thraenacha lasta[41]: 22.5 tonna ualach acastóra, agus 750 m fad traenach;

(4) grádáin uasta do línte nua a úsáidfidh gnáth-thraenacha lasta: 12.5 mm/m[42].

Airteagal 14 Creat d'fhorbairt bonneagair thosaíochta

Mar aon leis na tosaíochtaí atá leagtha amach in Airteagal 10, tabharfaidh na Ballstáit agus tionscnóirí eile tionscadal aird ar an méid seo a leanas agus tionscadail leasa choitinn á gcur chun cinn acu:

(a) ERTMS a úsáid;

(b) éifeacht an torainn ó iompar iarnróid a mhaolú;

(c) caighdeáin níos airde a bhaint amach ná na caighdeáin atá leagtha amach mar íoscheanglais sna sonraíochtaí teicniúla, mar atá tuairiscithe in Airteagal 13.

Roinn 2 Bonneagar iompair uiscebhealaí intíre

Airteagal 15 Léarscáileanna

Léirítear uiscebhealaí intíre agus calafoirt intíre atá ina gcuid den ghréasán cuimsitheach sna léarscáileanna in Iarscríbhinn I.

Airteagal 16 Comhpháirteanna bonneagair

1. Cuimsíonn bonneagar uiscebhealaí intíre go háirithe:

(a) aibhneacha;

(b) canálacha;

(c) lochanna;

(d) bonneagar bainteach amhail loic chanála, ardaitheoirí, droichid, taiscumair;

(e) calafoirt intíre lena n-áirítear       an bonneagar is gá le haghaidh oibríochtaí iompair laistigh de limistéar an chalafoirt;

(f) trealamh gaolmhar;

(g) CCI.

2. Beidh lasta athlastála bhliantúil níos mó ná 500 000 tona ag na calafoirt intíre. Tá méid an lasta athlastála bliantúil iomlán bunaithe ar mheánmhéid na dtrí bliana is deireanaí atá ar fáil, arna fhoilsiú ag Eurostat.

3. Beidh trealamh an chalafoirt in ann ag, go háirithe, córais tiomána agus oibriúcháin a úsáid lena laghdaítear truailliú, ídiú fuinnimh agus déine carbóin. Áirítear leis saoráidí glactha dramhaíola.

Airteagal 17 Ceanglais maidir le bonneagar iompair

1. Laistigh dá réim freagrachta, áiritheoidh na Ballstáit, oibreoirí calafoirt agus bainisteoirí bonneagair go bhfuil na calafoirt intíre ceangailte le bonneagar bóthair nó iarnróid an ghréasáin chuimsithigh.

2. Áiritheoidh oibreoirí calafoirt go bhfuil críochfort lasta amháin ar a laghad ar fáil i ngach calafort intíre a bheidh ar oscailt do gach oibreoir ar bhealach neamh‑idirdhealaitheach agus cuirfidh siad muirir thrédhearcacha i bhfeidhm.

3. Laistigh dá réim freagrachta, áiritheoidh na Ballstáit agus bainisteoirí bonneagair an méid seo a leanas:

(a) go gcomhlíonfaidh aibhneacha, canálacha agus lochanna na híoscheanglais maidir le huiscebhealaí d'aicme IV mar atá leagtha síos sa Chomhaontú Eorpach um Príomh-Uiscebhealaí Intíre a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo (AGN) i dtaca le haicmiú nua na n‑uiscebhealaí intíre[43] agus áiritheoidh siad imréiteach leanúnach droichead.

(b) go mbeidh aibhneacha, canálacha agus lochanna feistithe le RIS.

Airteagal 18 Creat d'fhorbairt bonneagair thosaíochta

Mar aon leis na tosaíochtaí atá leagtha amach in Airteagal 10, tabharfaidh na Ballstáit agus tionscnóirí eile tionscadal aird ar an méid seo a leanas agus tionscadail leasa choitinn á gcur chun cinn acu:

(a) i gcás uiscebhealaí intíre atá ann cheana: na bearta cur chun feidhme is gá chun caighdeáin uiscebhealaí d'aicme IV a bhaint amach;

(b) i gcás inarb iomchuí, caighdeáin níos airde ná caighdeáin uiscebhealaí d'aicme IV a bhaint amach chun éilimh an mhargaidh a shásamh;

(c) CCI a chur chun feidhme, lena n-áirítear RIS;

(d) bonneagar calafort intíre a cheangal le bonneagar iompair d'iarnród.

Roinn 3 Bonneagar iompair de bhóthar

Airteagal 19 Léarscáileanna

Léirítear bóithre atá ina gcuid den ghréasán cuimsitheach sna léarscáileanna in Iarscríbhinn I.

Airteagal 20 Comhpháirteanna bonneagair

1. Cuimsíonn bonneagar iompair de bhóthar go háirithe:

(a) bóithre d'ardcháilíocht, lena n-áirítear

(i)      droichid;

(ii)      tolláin;

(iii)     acomhail;

(iv)     crosairí;

(v)     acomhail mótarbhealaí;

(b) limistéir pháirceála;

(c) trealamh gaolmhar;

(d) CCI;

(e) críochfoirt lasta agus ardáin lóistíochta;

(f) busárais.

2. Is iad na bóithre d'ardcháilíocht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 na bóithre sin a bhfuil ról tábhachtach acu sa trácht fadraoin lasta agus paisinéirí, a chomhtháthaíonn na príomh-lárionaid uirbeacha agus eacnamaíocha, a idirnascann le modhanna eile iompair agus a cheanglaíonn réigiúin NUTS 2 thalamhiata agus fhorimeallacha le réigiúin láir an Aontais.

3. Déanfar bóithre d'ardcháilíocht a cheapadh agus a thógáil go speisialta le haghaidh mótarthráchta, agus mótarbhealaí nó bóithre luais a bheidh iontu.

(a) Is ionann mótarbhealach agus bóthar a dhéantar a dhearadh agus a thógáil go speisialta le haghaidh mótarthráchta, nach bhfreastalaíonn ar réadmhaoin atá i dteorainn leis, agus:

(i)      atá feistithe, ach amháin ag pointí speisialta nó go sealadach, le carrbhealaigh ar leith don trácht ó dhá threo, scartha óna chéile le stiall dhealaithe nach bhfuil beartaithe le haghaidh tráchta, nó go heisceachtúil, trí mhodhanna eile;

(ii)      nach dtrasnaíonn ar chomhréidh le haon bhóthar, iarnród, trambhealach, nó cosán; agus

(iii)     atá fógartha go speisialta mar mhótarbhealach.

(a) Is ionann bóthar luais agus bóthar in áirithe do mhótarthrácht nach bhfuil rochtain air ach amháin ó acomhail mótarbhealaí nó acomhail rialaithe agus:

(i)      a thoirmisceann stopadh agus páirceáil ar an gcarrbhealach reatha; agus

(ii)      nach dtrasnaíonn ar chomhréidh le haon iarnród, trambhealach, nó cosán.

4. Áiritheofar go háirithe sa trealamh a bhaineann le bóithre, trealamh le haghaidh bainistiú tráchta, le haghaidh faisnéise agus treoraíochta bealaigh, trealamh chun muirir úsáideora a thobhach, trealamh le haghaidh sábháilteachta, trealamh chun éifeachtaí diúltacha ar an gcomhshaol a laghdú, chun feithiclí tiomántán malartach a bhreoslú nó a lochtú, agus le haghaidh limistéar páirceála slán d'fheithiclí tráchtála.

Airteagal 21 Ceanglais maidir le bonneagar iompair

Laistigh dá réim freagrachta, áiritheoidh na Ballstáit agus bainisteoirí bonneagair an méid seo a leanas:

(a) Go bhfreagraíonn na bóithre d'fhorálacha Airteagal 20(3).

(b) Go ndéanfar sábháilteacht bonneagair iompair de bhóthar a áirithiú, go ndéanfar faireachán uirthi agus, nuair is gá, go ndéanfar í a fheabhsú de réir an nós imeachta dá bhforáiltear i gCinneadh 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le sábháilteacht bonneagair bhóithre a bhainistiú[44].

(c) Go gcomhlíonfaidh tolláin bhóithre atá níos mó ná 500 m ar fhad Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le híoscheanglais sábháilteachta do tholláin sa ghréasáin tras-Eorpach bóithre[45].

(d) Go n-áiritheofar idir-inoibritheacht na gcóras bailithe dolaí i gcomhréir le Treoir 2004/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hidir-inoibritheacht córas dola bóthair leictreonach sa Chomhphobal[46] agus le Cinneadh 2009/750/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2009 maidir le sainmhíniú Sheirbhís Dola Leictreonaigh na hEorpa agus a heilimintí teicniúla[47].

(e) Go n-úsaidfear córais chliste iompair an bhonneagair iompair de bhóthar a chomhlíonann Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat le haghaidh Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair[48].

Airteagal 22 Creat d'fhorbairt bonneagair thosaíochta

Mar aon leis na tosaíochtaí atá leagtha amach in Airteagal 10, tabharfaidh na Ballstáit agus tionscnóirí eile tionscadal aird ar an méid seo a leanas agus tionscadail leasa choitinn á gcur chun cinn acu:

(a) úsáid CCI, go háirithe faisnéis ilmhódach agus bainistiú tráchta agus chun gur féidir córais chomhtháite chumarsáide agus íocaíochta a úsáid;

(b) teicneolaíochtaí nua agus nuálaíocht a thabhairt isteach chun iompar ísealcharbóin a chur chun cinn;

(c) limistéir pháirceála shlána a sholáthar;

(d) sábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn.

Roinn 4 Bonneagar Muiriompair

Airteagal 23 Léarscáileanna

Léirítear calafoirt mhuirí atá ina gcuid den ghréasán cuimsitheach sna léarscáileanna in Iarscríbhinn I.

Airteagal 24 Comhpháirteanna bonneagair

1. Cuimsíonn bonneagar muiriompair go háirithe:

(a) spás muirí;

(b) canálacha mara;

(c) calafoirt mhuirí, lena n-áirítear an bonneagar is gá le haghaidh oibríochtaí iompair laistigh de limistéar an chalafoirt;

(d) áiseanna loingseoireachta;

(e) tárrachtana calafoirt;

(f) mótarbhealaí na farraige;

(g) trealamh gaolmhar;

(h) CCI.

2. Is éard a bheidh i gcalafoirt mhuirí agus pointí iontrála agus fágála ag bonneagar talún an ghréasáin chuimsithigh. Comhlíonfaidh siad ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas :

(a) Tá méid iomlán an tráchta paisinéirí bhliantúil níos mó na 0,1 % de mhéid iomlán na tráchta paisinéirí bhliantúil do chalafoirt mhuirí uile an Aontais. Is ionann an méid tagartha don mhéid iomlán sin agus meánmhéid na dtrí bliana is deireanaí atá ar fáil, bunaithe ar na staitisticí arna fhoilsiú ag Eurostat.

(b) Tá méid an lasta bhliantúil iomlán – cibé acu an bulclasta atá á láimhseáil nó nach ea – níos mó ná 0,1% den lasta bliantúil iomlán comhfhreagrach a láimhseáiltear i gcalafoirt mhuirí uile an Aontais. Is ionann an méid tagartha don mhéid iomlán sin agus meánmhéid na dtrí bliana is deireanaí atá ar fáil, bunaithe ar na staitisticí arna fhoilsiú ag Eurostat.

(c) Tá an calafort muirí suite ar oileán agus tugann sé an t-aon phointe rochtana ar réigiún NUTS 3 sa ghréasán cuimsitheach.

(d) Tá an calafort muirí suite i réigiún is forimeallaí nó i limistéar forimeallach, lasmuigh de chiorcal dar ga 200 km ón gcalafort eile is gaire sa ghréasán cuimsitheach.

3. Áireofar go háirithe le trealamh a bhaineann le bonneagar muiriompair trealamh chun leac oighir a bhriseadh, trealamh le haghaidh suirbhéanna hidreolaíocha, agus trealamh le haghaidh dhreidireacht agus chothabháil an chalafoirt agus thárrachtana an chalafoirt.

Airteagal 25 Mótarbhealaí na farraige

1. Is ionann mótarbhealaí na farraige agus gné mhuirí an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair. Is éard a bheidh iontu bealaí gearrthurais farraige, calafoirt, bonneagar agus trealamh muirí gaolmhar, agus saoráidí lena gcumasaítear loingseoireacht ghearrthurais nó seirbhísí farraige-abhann idir dhá chalafort ar a laghad, lena n-áirítear naisc chúlchríche, in dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad. Áireofar an méid seo a leanas i mótarbhealaí na farraige:

(a) naisc mhuirí idir calafoirt mhuirí an ghréasáin chuimsithigh;

(b) saoráidí calafoirt, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) amhail córais um bainistiú lóistíochta leictreonaí, sábháilteacht agus slándáil agus nósanna imeachta riaracháin agus custaim i mBallstát amháin ar a laghad;

(c) bonneagar le haghaidh rochtain dhíreach ar thalamh is ar mhuir.

2. Dhá Bhallstát ar a laghad a mholfaidh tionscadail leasa choitinn do mhótarbhealaí na farraige sa ghréasán tras-Eorpach iompair. I gceann amháin de na foirmeacha seo a leanas a bheidh siad:

(a) ina gcomhpháirt mhuirí de chonaire an chroíghréasáin mar atá sainmhínithe in Airteagal 49, nó ina gcomhpháirt mhuirí idir dhá chonaire de chuid an chroíghréasáin,

(b) ina nasc muirí agus a naisc chúlchríche laistigh den chroíghréasán idir dhá chalafort de chuid an chroíghréasáin nó níos mó;

(c) ina nasc muirí agus a naisc chúlchríche idir calafort an chroíghréasáin agus calafoirt an ghréasáin chuimsithigh, agus béim ar leith ar naisc chúlchríche chalafoirt an chroíghréasáin agus an ghréasáin chuimsithigh.

3. Sna tionscadail leasa choitinn do mhótarbhealaí na farraige sa ghréasán tras-Eorpach iompair féadfar an méid seo a leanas a bheith ar áireamh freisin: gníomhaíochtaí a bhfuil sochair níos leithne acu agus nach bhfuil ceangailte le calafoirt shonracha, amhail gníomhaíochtaí chun feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú, saoráidí chun leac oighir a bhriseadh a chur ar fáil, gníomhaíochtaí lena n-áirithítear inseoltacht ar feadh na bliana go léir, oibríochtaí dreidireachta, saoráidí breoslaithe mhalartaigh, chomh maith le próisis, nósanna imeachta agus an ghné dhaonna a bharrfheabhsú, ardáin TFC agus córais faisnéise, lena n-áirítear bainistiú tráchta agus córais leictreonacha tuairiscithe.

Airteagal 26 Ceanglais maidir le bonneagar iompair

1. Laistigh dá réim freagrachta, áiritheoidh na Ballstáit, oibreoirí calafoirt agus bainisteoirí bonneagair an méid seo a leanas:

(a) Go bhfuil calafoirt mhuirí ceangailte le línte iarnróid, le bóithre agus, i gcás inar féidir, le huiscebhealaí intíre an ghréasáin chuimsithigh, seachas i Málta agus sa Chipir a fhad is nach bhfuil aon chóras iarnróid bunaithe laistigh dá gcríoch.

(b) Cuirfidh gach calafort intíre críochfort amháin ar a laghad ar fáil a bheidh ar oscailt do gach oibreoir ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus cuirfidh sé muirir thrédhearcacha i bhfeidhm.

(c) Go gceanglóidh canálacha mara, seolbhealaí calafoirt agus inbhir dhá fharraige, nó go dtabharfaidh siad rochtain ón muir ar chalafoirt mhuirí agus go mbeidh siad ag freagairt d'aicme IV ar a laghad de na huiscebhealaí intíre.

2. Áiritheoidh oibreoirí calafoirt go bhfuil an trealamh is gá ar fáil chun feidhmíocht chomhshaoil na long i gcalafoirt a áirithiú, go háirithe saoráidí glactha le haghaidh dramhaíola long-ghinte agus iarmhar lasta i gcomhréir le Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt le haghaidh dramhaíola long-ghinte agus iarmhar lasta[49].

3. Cuirfidh na Ballstáit VTMIS chun feidhme dá bhforáiltear i dTreoir 2002/59/CE.

Airteagal 27 Creat d'fhorbairt bonneagair thosaíochta

Mar aon leis na tosaíochtaí atá leagtha amach in Airteagal 10, tabharfaidh na Ballstáit agus tionscnóirí eile tionscadal aird ar an méid seo a leanas agus tionscadail leasa choitinn á gcur chun cinn acu:

(a) mótarbhealaí na farraige, lena n-áirítear loingseoireacht ghearrthurais, a chur chun cinn;

(b) calafoirt mhuirí a idirnascadh le huiscebhealaí intíre;

(c) VTMIS agus ríomhsheirbhísí Muirí a chur chun feidhme.

Roinn 5 Bonneagar aeriompair

Airteagal 28 Léarscáileanna

Léirítear aerfoirt atá ina gcuid den ghréasán cuimsitheach sna léarscáileanna in Iarscríbhinn I.

Airteagal 29 Comhpháirteanna bonneagair

1. Cuimsíonn bonneagar aeriompair go háirithe:

(a) aerspás, bealaí agus aerbhealaí;

(b) aerfoirt;

(c) trealamh gaolmhar;

(d) CCI.

2. Comhlíonfaidh na haerfoirt ceann de na critéir seo a leanas:

(a) I gcás aerfort paisinéirí:

(i)      go bhfuil líon bliantúil iomlán an tráchta paisinéirí ionann le 0,1 % ar a laghad de líon bliantúil iomlán an tráchta paisinéirí in aerfoirt uile an Aontais. go bhfuil líon bliantúil iomlán na bpaisinéirí bunaithe ar mheánlíon na dtrí bliana is deireanaí atá ar fáil, arna fhoilsiú ag Eurostat;

(ii)      ní bheidh feidhm ag an tairseach 0,1 % má tá an t-aerfort suite níos mó ná 100 km ón aerfort is gaire sa ghréasán cuimsitheach, nó níos mó ná 200 km má tá líne iarnróid ardluais sa réigiún ina bhfuil sé suite.

(b) I gcás aerfoirt lasta, gur 0,2 % ar a laghad de mhéid bliantúil iomlán lasta aerfoirt uile an Aontais atá sa mhéid iomlán bliantúil lasta. Tá an méid lasta bliantúil iomlán bunaithe ar mheánmhéid na dtrí bliana is deireanaí atá ar fáil, arna fhoilsiú ag Eurostat.

Airteagal 30 Ceanglais maidir le bonneagar iompair

1. Laistigh dá réim freagrachta, áiritheoidh na Ballstáit agus oibreoirí aerfoirt go gcuirfidh gach aerfort críochfort amháin ar a laghad ar fáil d'oibreoirí ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus cuirfear muirir thrédhearcacha i bhfeidhm.

2. Laistigh dá réim freagrachta, áiritheoidh na Ballstáit, oibreoirí aerfoirt agus iompróirí aeir go bhfuil feidhm ag caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna maidir le heitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh, mar a ghlac an tAontas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002[50], maidir le bonneagar aeriompair an ghréasáin chuimsithigh.

3. Laistigh dá réim freagrachta, áiritheoidh na Ballstáit, oibreoirí aerfoirt agus iompróirí aeir go n-éascóidh bonneagar um bainistiú aerthráchta cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos creat chun Aerspás Eorpach Aonair a chruthú (an creat-rialachán)[51], Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí)[52], Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid an aerspáis san Aerspás Eorpach Aonair (an Rialachán maidir le hAerspás)[53] agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an Ghréasáin Eorpaigh um Bainistiú Aerthráchta (an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht)[54] chun feidhmíocht agus inbhuanaitheacht an chórais eitlíochta Eorpaigh, rialacha cur chun feidhme agus shonraíochtaí an Aontais a fheabhsú.

Airteagal 31 Creat d'fhorbairt bonneagair thosaíochta

Mar aon leis na tosaíochtaí atá leagtha amach in Airteagal 10, tabharfaidh na Ballstáit agus tionscnóirí eile tionscadal aird ar an méid seo a leanas agus tionscadail leasa choitinn á gcur chun cinn acu:

(a) bonneagar atá ann cheana a bharrfheabhsú;

(b) toilleadh aerfort a mhéadú;

(c) tacú le cur chun feidhme an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus córas um bainistiú aerthráchta, go háirithe na cinn sin a úsáideann SESAR

Roinn 6 Bonneagar d'iompar ilmhódach

Airteagal 32 Léarscáileanna

Léirítear críochfoirt lasta agus ardáin lóistíochta atá ina gcuid den ghréasán cuimsitheach sna léarscáileanna in Iarscríbhinn I.

Airteagal 33 Codanna den bhonneagar

Comhlíonfaidh críochfoirt lasta nó ardáin lóistíochta ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:

(a) beidh athlastáil iomlán an lasta níos mó ná an tairseach chainníochtúil do chalafoirt mhuirí atá leagtha amach in Airteagal 24;

(b) mura bhfuil aon chríochfort lasta ná ardán lóistíochta a chomhlíonann pointe (a) i réigiún NUTS 2, gurb é an príomhchríochfort lasta nó an príomhardán lóistíochta é arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann, agus go bhfuil sé nasctha ar a laghad le bóithre agus le hiarnróid sa réigiún NUTS 2 sin.

Airteagal 34 Ceanglais maidir le bonneagar iompair

1. Laistigh dá réim freagrachta, áiritheoidh na Ballstáit, oibreoirí críochfort lasta, calafort agus aerfort, agus bainisteoirí bonneagair an méid seo a leanas:

(a) go bhfuil modhanna iompair ceangailte i gceann amháin de na háiteanna seo a leanas: críochfoirt lasta, stáisiúin phaisinéirí, calafoirt intíre, aerfoirt, calafoirt mhuirí, ionas go mbeidh iompar ilmhódach lasta agus paisinéirí indéanta.

(b) Gan dochar do na forálacha is infheidhme atá leagtha síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta, go bhfuil críochfoirt lasta agus ardáin lóistíochta, calafoirt intíre agus mhuirí, chomh maith le haerfoirt a láimhseálann lasta a feistithe chun sreabha faisnéise a sholáthar laistigh den bhonneagar sin agus idir na modhanna iompair feadh an tslabhra lóistíochta. Leis na córais sin cumasófar go háirithe faisnéis fíorama faoi toilleadh bonneagair atá ar fáil, faoi shreabha tráchta agus faoi shuíomh, faoi lorgaireacht agus rianú, agus áiritheofar sábháilteacht agus slándáil ar feadh na dturas ilmhódach.

(c) Gan dochar do na forálacha infheidhme atá leagtha síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta, éascófar trácht paisinéirí leanúnach ar fud an ghréasáin chuimsithigh trí threalamh iomchuí agus infhaighteacht CCI i stáisiúin iarnróid, i mbusárais, in aerfoirt agus i gcás inarb ábhartha i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt intíre.

2. Áiritheoidh na hoibreoirí críochfort lasta go mbeidh feistithe i gcríochfoirt lasta craenacha, iompróirí, agus fearais eile chun lasta a bhogadh idir modhanna iompair éagsúla agus chun lasta a shuíomh agus a stóráil.

Airteagal 35 Creat d'fhorbairt bonneagair thosaíochta

Mar aon leis na tosaíochtaí atá leagtha amach in Airteagal 10, tabharfaidh na Ballstáit agus tionscnóirí eile tionscadal aird ar an méid seo a leanas agus tionscadail leasa choitinn á gcur chun cinn acu:

(a) foráil a dhéanamh maidir le hidirnascadh agus comhtháthú éifeachtach bhonneagar an ghréasáin chuimsithigh, lena n-áirítear trí bhonneagar rochtana i gcás inar gá agus trí chríochfoirt lasta agus trí ardáin lóistíochta;

(b) na príomhbhacainní teicniúla agus riaracháin ar iompar ilmhódach a bhaint;

(c) sreabhadh rianúil faisnéise a fhorbairt idir na modhanna iompair agus soláthar seirbhísí ilmhódacha agus aonmhódacha ar fud an chórais thras-Eorpaigh iompair a chumasú, lena n-áirítear na seirbhísí bainteacha cumarsáide, íocaíochta, ticéadaithe agus tráchtálaithe.

Roinn 7 Forálacha coiteanna

Airteagal 36 Nóid uirbeacha

Agus an gréasán cuimsitheach i nóid uirbeacha á bhforbairt acu, féachfaidh na Ballstáit agus tionscnóirí eile tionscadal leis an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) i gcás iompair phaisinéirí: idirnascadh idir bonneagar iarnróid, aeir agus, mar is iomchuí, idir bonneagar uiscebhealaí intíre, bóithre agus muirí an ghréasáin chuimsithigh;

(b) i gcás iompair lasta: idirnascadh idir bonneagar iarnróid, agus, mar is iomchuí, idir bonneagar uiscebhealaí intíre, aeir, muirí, agus bóithre an ghréasáin chuimsithigh;

(c) ceangal leordhóthanach idir stáisiúin iarnróid nó aerfoirt an ghréasáin chuimsithigh laistigh de nód uirbeach;

(d) ceangal gan uaim idir bonneagar an ghréasáin chuimsithigh agus an bonneagar do thrácht réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear comhdhlúthú lóistíochta agus lárionaid dáileacháin;

(e) limistéir uirbeacha a sheachthreorú i gcás iompair de bhóthar chun sreabha tráchta fadraoin a éascú ar an ngréasán cuimsitheach;

(f) limistéir uirbeacha a sheachthreorú i gcás iompair lasta d'iarnród;

(g) seachadadh éifeachtúil lasta uirbigh ísealcharbóin agus ar thorann íseal a chur chun cinn.

Airteagal 37 CCI

1. Le CCI déanfar an bainistiú tráchta agus malartú faisnéise laistigh de na modhanna iompair le haghaidh oibríochtaí iompair ilmhódaigh agus eatarthu agus seirbhísí breisluacha a bhaineann le hiompar a chumasú, ag feabhsú sábháilteachta, slándála agus feidhmíochta comhshaoil.

2. Éascóidh CCI nascadh gan uaim idir bonneagar an ghréasáin chuimsithigh agus an bonneagar don iompar réigiúnach agus áitiúil.

3. Áireofar go háirithe i CCI a bhaineann le modhanna iompair:

– i gcás iarnród: An ERTMS;

– i gcás uiscebhealaí intíre: Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann agus ríomhsheirbhísí Muirí;

– i gcás iompair de bhóthar: CCI i gcomhréir le Treoir 2010/40/AE;

– i gcás muiriompair: VTMIS and ríomhsheirbhísí Muirí;

– i gcás aeriompair: córais um bainistiú aerthráchta, go háirithe na córais a thig as SESAR.

Airteagal 38 Seirbhísí iompair lasta

Tabharfaidh an tAontas, na Ballstáit agus tionscnóirí eile tionscadal aird ar leith ar thionscadail leasa choitinn a sholáthraíonn seirbhísí éifeachtúla iompair lasta a úsáideann bonneagar an ghréasáin chuimsithigh agus a chuidíonn le hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú. Díreofar leis na tionscadail sin ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) úsáid inbhuanaithe bonneagair iompair a fheabhsú ar bhealaí éagsúla lena n‑áirítear é a bhainistiú go héifeachtúil;

(b) úsáid seirbhísí iompair nuálaíocha nó comhcheangail nua de sheirbhísí iompair cruthaithe atá ann cheana a chur chun cinn, lena n-áirítear trí CCI a chur i bhfeidhm agus trí struchtúir rialála ábhartha a bhunú;

(c) oibríochtaí seirbhísí iompair ilmhódaigh a éascú agus comhar idir soláthróirí seirbhísí iompair a fheabhsú;

(d) éifeachtúlacht acmhainní agus carbóin a spreagadh, go háirithe i réimsí na tarraingthe feithiclí, na tiomána/galbhruithe, na pleanála córas agus oibríochtaí, na comhroinnte acmhainní agus comhair;

(e) margaí, saintréithe agus feidhmíocht flít, riachtanais riaracháin agus acmhainní daonna a anailísiú, faisnéis a sholáthar fúthu agus faireachán a dhéanamh orthu.

Airteagal 39 Teicneolaíochtaí nua agus nuálaíocht

Coimeádfaidh an gréasán cuimsitheach suas le forbairtí teicneolaíocha úrscothacha agus a n-úsáidí. Féachfar leo go háirithe leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) an méid carbóin arna úsáid san iompar a ísliú trí aistriú go teicneolaíochtaí nuálaíocha iompair;

(b) ísliú an mhéid carbóin sna modhanna uile iompair a éascú trí éifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh chomh maith le córais tiomána mhalartacha a thabhairt isteach agus trí bhonneagar comhfhreagrach a sholáthar. Féadfaidh eangacha agus na saoráidí eile is gá le haghaidh an tsoláthair fuinnimh a bheith ar áireamh sa bhonneagar sin, féadfaidh sé an comhéadan feithiclí–bonneagair a chur san áireamh agus féadfaidh sé córais chliste iompair a chuimsiú.

(c) sábháilteacht agus inbhuanaitheacht ghluaiseacht daoine agus earraí a fheabhsú;

(d) oibriú, inrochtaineacht, idir-inoibritheacht, ilmhódúlacht agus éifeachtúlacht an ghréasáin a fheabhsú, lena n-áirítear ticéadú ilmhódach;

(e) bearta chun laghdú costas seachtrach a chur chun cinn, amhail truailliú de shaghas ar bith, lena n-áirítear torann, brú tráchta agus dochar don tsláinte a laghdú;

(f) teicneolaíocht slándála agus caighdeáin sainaitheantais chomhoiriúnacha a thabhairt isteach ar na gréasáin;

(g) seasmhacht i gcoinne athrú aeráide a fheabhsú;

(h) forbairt agus úsáid córas cliste iompair a chur chun cinn tuilleadh laistigh de mhodhanna iompair agus eatarthu.

Airteagal 40 Bonneagar sábháilte agus slán

Tabharfaidh na Ballstáit agus tionscnóirí eile tionscadal aird chuí ar a áirithiú go ndéantar foráil sa bhonneagar iompair maidir le leibhéal ard sábháilteachta agus slándála do ghluaiseachtaí paisinéirí agus lasta.

Airteagal 41 Bonneagar atá díonach ar athrú aeráide agus seasmhacht i gcoinne tubaistí

Le linn bonneagar a phleanáil, tabharfaidh na Ballstáit agus tionscnóirí eile tionscadal aird chuí ar na measúnuithe riosca agus na bearta oiriúnaithe lena bhfeabhsófar go leormhaith an tseasmhacht i gcoinne an athraithe aeráide, go háirithe i ndáil le frasaíocht, tuillte, stoirmeacha, teocht ard agus tonnta teasa, triomach, ardú leibhéal na mara agus borradh cósta, i gcomhlíonadh aon cheanglais a fhéadfar a leagan amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais.

I gcás inarb iomchuí, ba cheart aird chuí a thabhairt ar sheasmhacht an bhonneagair i gcoinne tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine i gcomhlíonadh aon cheanglais a fhéadfar a leagan amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais.

Airteagal 42 Cosaint an chomhshaoil

Déanfaidh na Ballstáit agus tionscnóirí eile tionscadal measúnú comhshaoil ar phleananna agus ar thionscadail go háirithe, dá bhforáiltear i dTreoir 85/337/CEE ón gComhairle an 27 Meitheamh 1985 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol[55], i dTreoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú[56], agus i dTreoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíochta Comhphobail i réimse an bheartais uisce[57], i dTreoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol[58], agus i dTreoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú[59], déanfaidh siad an measúnú comhshaoil sin chun iarmhairtí diúltacha ar an gcomhshaol a sheachaint, amhail ilroinnt an tírdhreacha, séalú ithreach, truailliú uisce agus aeir chomh maith le truailliú torainn, nó, nuair nach bhfuil an méid sin indéanta, chun na hiarmhairtí diúltacha sin a mhaolú nó a chúiteamh, agus chun bithéagsúlacht a chosaint ar bhealach éifeachtach.

Airteagal 43 Inrochtaineacht do gach úsáideoir

Le bonneagar iompair beidh gluaiseacht gan uaim agus inrochtaineacht ar fáil do na húsáideoirí uile, go háirithe do dhaoine scothaosta, do dhaoine a bhfuil a soghluaiseacht laghdaithe agus do phaisinéirí faoi mhíchumas.

CAIBIDIL III

AN CROÍGHRÉASÁN

Airteagal 44 Sainaithint an chroíghréasáin

1. Is éard a bheidh sa chroíghréasán na codanna sin is mó tábhacht straitéiseach den ghréasán cuimsitheach chun cuspóirí an bheartais um ghréasán tras-Eorpach iompair a bhaint amach. Cuideoidh an croíghréasán go háirithe le déileáil le gluaiseacht mhéadaithe agus le córas iompair ísealcharbóin a fhorbairt.

2. Beidh an croíghréasán idirnasctha le nóid agus déanfar foráil maidir le nascanna le gréasáin bhonneagair iompair na dtíortha comharsanachta.

3. Léirítear na bonneagair iompair arb ionann iad agus an croíghréasán sna léarscáileanna ábhartha den ghréasán cuimsitheach atá in Iarscríbhinn I.

Airteagal 45 Ceanglais

1. Léireoidh an croíghréasán éileamh tráchta atá ag forbairt agus an gá atá le hiompar ilmhódach. Déanfar teicneolaíochtaí úrscothacha agus bearta rialúcháin agus rialála maidir le húsáid bonneagair a bhainistiú a chur san áireamh chun úsáid bonneagair iompair atá tíosach ar acmhainní a áirithiú agus chun toilleadh leordhóthanach a sholáthar.

2. Comhlíonfaidh bonneagar an chroíghréasáin na ceanglais ar fad atá leagtha amach i gCaibidil II, gan eisceacht. Ina theannta sin, comhlíonfaidh bonneagar an chroíghréasáin na ceanglais seo a leanas freisin:

(a) i gcás bonneagair iompair iarnróid:

– leictriúchán iomlán na línte iarnróid;

– línte a mbíonn trácht rialta lasta orthu: ualach acastóra 22.5 tonna ar a laghad, luas líne 100 km/u agus fad traenach 750 m;

(b) i gcás loingseoireachta intíre agus bonneagair muiriompair:

– infhaighteacht breoslaí glana malartacha;

(c) i gcás bonneagair iompair de bhóthar:

– forbairt limistéar scíthe tuairim is gach 50 ciliméadar ar mhótarbhealaí chun, inter alia, dóthain slí páirceála a sholáthar d'úsáideoirí tráchtála bóthair, ina mbeidh leibhéal iomchuí sábháilteachta agus slándála;

– infhaighteacht breoslaí glana malartacha;

(d) i gcás bonneagair aeriompair:

– acmhainneacht chun breoslaí glana malartacha a chur ar fáil.

Airteagal 46 An croíghréasán a fhorbairt

1. Déanfar an bonneagar iompair atá sa chroíghréasán a fhorbairt i gcomhréir le forálacha comhfhreagracha Chaibidil II.

2. Déanfar tionscadail leasa choitinn a chuidíonn leis an gcroíghréasán a thabhairt chun críche a chur chun feidhme mar thosaíocht.

3. Gan dochar d'Airteagal 47(2) ná (3), áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an croíghréasán i gcrích agus go gcomhlíonfaidh sé forálacha na Caibidle seo faoin 31 Nollaig 2030 ar a dhéanaí.

Airteagal 47 Nóid an chroíghréasáin

1. Leagtar nóid an chroíghréasáin amach in Iarscríbhinn II agus áirítear orthu:

– nóid uirbeacha, lena n-áirítear a gcalafoirt agus a n-aerfort;

– calafoirt mhuirí;

– pointí trasnaithe teorann chuig tíortha comharsanachta.

2. Ceanglófar calafoirt mhuirí atá luaite i gCuid 2 d'Iarscríbhinn II le bonneagar iompair iarnróid agus bonneagar iompair de bhóthar an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair faoin 31 Nollaig 2030 ar a dhéanaí, ach amháin i gcásanna cuí-réasúnaithe.

3. Ceanglófar na príomhaerfoirt atá luaite i gCuid 1b d'Iarscríbhinn II le bonneagar iompair iarnróid agus de bhóthar an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair faoin 31 Nollaig 2050 ar a dhéanaí. Agus an t-éileamh tráchta ionchasach á chur san áireamh, déanfar na haerfoirt sin a chomhtháthú isteach sa ghréasán iarnróid ardluais aon uair is féidir.

CAIBIDIL IV

AN CROÍGHRÉASÁN A CHUR CHUN FEIDHME TRÍ CHONAIRÍ AN CHROÍGHRÉASÁIN

Airteagal 48 Cuspóir ginearálta chonairí an chroíghréasáin

1. Is uirlis iad conairí an chroíghréasáin chun cur chun feidhme comhordaithe an chroíghréasáin a éascú. Beidh conairí an chroíghréasáin bunaithe ar chomhtháthú módach, ar idir-inoibritheacht, agus ar bhonneagar a fhorbairt agus a bhainistiú ar bhealach comhordaithe, chun iompar ilmhódach atá tíosach ar acmhainní a bhaint amach.

2. Soláthróidh conairí an chroíghréasáin cur chuige comhordaithe maidir le húsáid bonneagair agus infheistíochtaí, chun acmhainneachtaí a bhainistiú ar an mbealach is éifeachtúla. Déanfar bonneagar ilmhódach a thógáil agus a chomhordú laistigh de chonairí an chroíghréasáin, nuair is gá, ar bhealach a chuirfidh barrfheabhas ar úsáid gach nóid iompair agus a gcomhoibriú. Tacóidh conairí an chroíghréasáin le húsáid chuimsitheach corás idir‑inoibritheach um bainistiú tráchta.

Airteagal 49 Conairí an chroíghréasáin a shainiú

1. Is codanna den chroíghréasán atá i gconairí an chroíghréasáin. Beidh trí mhodh iompair ag baint leo ar a laghad agus trasnóidh siad trí Bhallstát ar a laghad. Cumhdóidh siad na sreabha fadraoin trasteorann is tábhachtaí sa chroíghréasán.

2. I gcásanna cuí-réasúnaithe féadfaidh dhá mhodh iompair a bheith i gconair an chroíghréasáin.

3. Áireofar calafoirt mhuirí agus a mbealaí rochtana i gconairí an chroíghréasáin, ach amháin i gcásanna cuí-réasúnaithe.

Airteagal 50 Liosta de chonairí an chroíghréasáin

1. Beidh gach Ballstát rannpháirteach i gconair amháin de chuid an chroíghréasáin ar a laghad.r

2. Leagtar amach liosta de chonairí an chroíghréasáin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 an ... [an Áis um Nascadh na hEorpa].

Airteagal 51 Conairí an chroíghréasáin a chomhordú

1. Chun cur chun feidhme comhordaithe chonairí an chroíghréasáin a éascú, ainmneoidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann, agus tar éis dó dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, daoine ar a dtabharfar 'Comhordaitheoir Eorpach'.

2. Roghnófar an Comhordaitheoir Eorpach, go háirithe, ar bhonn a thaithí/a taithí ar institiúidí Eorpacha agus ar bhonn eolais ar shaincheisteanna a bhaineann le príomhthionscadail a mhaoiniú agus meastóireacht a dhéanamh orthu ó thaobh na socheacnamaíochta agus an chomhshaoil de.

3. Sonrófar sa chinneadh ón gCoimisiún lena n-ainmneofar an Comhordaitheoir Eorpach conas atá na cúraimí dá dtagraítear i mír 5 le cur i gcrích.

4. Gníomhóidh an Comhordaitheoir Eorpach in ainm agus thar ceann an Choimisiúin. Bainfidh sainchúram an Chomhordaitheora Eorpaigh le conair aonair de chuid an chroíghréasáin. Déanfaidh an Comhordaitheoir Eorpach plean oibre do na gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích a tharraingt suas in éineacht leis na Ballstáit lena mbaineann.

5. Déanfaidh an Comhordaitheoir Eorpach an méid seo a leanas:

(a) beidh sé i gceannas ar chur chun feidhme comhordaithe chonair an chroíghréasáin chun go n-urramófar an t‑amchlár atá leagtha amach sa chinneadh cur chun feidhme maidir leis an gconair croíghréasáin i dtrácht;

(b) tuairisceoidh sé do na Ballstáit, don Choimisiún agus, mar is iomchuí, do na heintitis eile go léir a bhfuil baint dhíreach acu le forbairt chonair an chroíghréasáin faoi aon deacrachtaí atá ann agus cuideoidh sé le réitigh iomchuí a fháil;

(c) tarraingeoidh sé suas tuarascáil gach bliain do Pharlaimint na hEorpa, don Choimisiún agus do na Ballstáit lena mbaineann faoin dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme chonair an chroíghréasáin;

(d) i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, rachaidh sé i gcomhairle, go háirithe, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, bainisteoirí bonneagair, oibreoirí iompair, úsáideoirí iompair agus, de réir mar is iomchuí, le heintitis phoiblí agus phríobháideacha eile, d'fhonn eolas níos fearr a fháil ar an éileamh ar sheirbhísí iompair, ar na féidearthachtaí maidir le maoiniú agus cistiú infheistíochta agus na bearta atá le déanamh agus ar na coinníollacha atá le comhlíonadh chun go n-éascófar rochtain ar an gcistiú nó ar an maoiniú sin.

6. Comhoibreoidh na Ballstáit lena mbaineann leis an gComhordaitheoir Eorpach agus déanfaidh siad an fhaisnéis is gá chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 5 a chur i gcrích a thabhairt don Chomhordaitheoir.

7. Gan dochar do na nósanna imeachta is infheidhme atá leagtha síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta, féadfaidh an Coimisiún tuairim an Chomhordaitheora a iarraidh agus iarratais ar chistiú ón Aontas le haghaidh chonairí an chroíghréasáin á scrúdú aige, conairí a bhfuil an Comhordaitheoir freagrach astu.

Airteagal 52 Conairí an chroíghréasáin a rialáil

1. I gcás gach conaire croíghréasáin, bunóidh na Ballstáit lena mbaineann clár conaire a bheidh freagrach as cuspóirí ginearálta chonair an chroíghréasáin a shainiú agus as na bearta dá dtagraítear in Airteagal 53(1) a ullmhú agus a mhaoirsiú.

2. Beidh an clár conaire comhdhéanta d'ionadaithe ó na Ballstáit lena mbaineann agus, de réir mar is iomchuí, d'eintitis phoiblí agus phríobháideacha eile. I ngach cás, na bainisteoirí ábhartha bonneagair mar atá sainmhínithe i dTreoir 2001/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2001 maidir le hacmhainn bonneagair iarnróid a leithroinnt agus muirir ar úsáid bonneagair iarnróid a thobhach[60], beidh siad rannpháirteach sa chlár conaire.

3. Beidh an Comhordaitheoir Eorpach ina chathaoirleach ar an gclár conaire.

4. Bunófar an clár conaire mar eintiteas dlíthiúil buan, amhail Grúpa Eorpach um Leas Eacnamaíoch.

5. Beidh bunú clár conaire gan dochar don phrionsabal gur ag tairbhí thacaíocht airgeadais an Aontais atá an fhreagracht deiridh as cur chun feidhme na dtionscadal.

Airteagal 53 Plean forbartha conairí

1. I gcás gach conaire croíghréasáin, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann, i gcomhar leis an gclár conaire, plean forbartha conairí a tharraingt suas go comhpháirteach agus a chur in iúl don Choimisiún laistigh de shé mhí tar éis don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm. Áireofar an méid seo a leanas sa phlean go háirithe:

(a) tuairisc ar shaintréithe chonair an chroíghréasáin, lena n‑áirítear scrogaill;

(b) cuspóirí do chonair an chroíghréasáin go háirithe i dtéarmaí feidhmíochta arna gcur in iúl mar cháilíocht na seirbhíse, a toilleadh agus mar a chomhlíonann sí na ceanglais atá leagtha amach i gCaibidil II;

(c) clár na mbeart is gá chun conair an chroíghréasáin a fhorbairt;

(d) staidéar ar an margadh iompair ilmhódaigh;

(e) plean cur chun feidhme, lena n-áirítear:

– plean úsáide a bhaineann le córais idir‑inoibritheacha um bainistiú tráchta ar chonairí ilmhódacha lasta gan dochar do reachtaíocht is infheidhme an Aontais;

– plean chun bacainní fisiceacha, teicniúla, oibríochtúla agus riaracháin idir modhanna iompair agus laistigh díobh a bhaint agus chun iompar ilmhódach éifeachtúil agus seirbhísí ilmhódacha éifeachtúla a fheabhsú;

– bearta lena bhfeabhsófar an acmhainn riaracháin agus theicniúil chun tionscadail leasa choitinn a ghiniúint, a phleanáil, a dhearadh, a sholáthar, a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu;

– measúnú riosca, lena n-áirítear iarmhairtí féideartha an athraithe aeráide ar an mbonneagar agus, i gcás inar iomchuí, bearta atá beartaithe chun seasmhacht i gcoinne an athraithe aeráide a fheabhsú;

– bearta atá le déanamh chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa a mhaolú;

(f) plean infheistíochta, atá le tabhairt cothrom le dáta go rialta, lena n-áirítear:

– liosta na dtionscadal chun bonneagar iompair dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a leathnú, a athnuachan nó a athúsáid i gcás gach ceann de na modhanna iompair a bhaineann le conair an chroíghréasáin;

– an plean airgeadais gaolmhar, leis na foinsí éagsúla a bheartaítear le haghaidh cistiú agus maoiniú, ar leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus Aontais, lena n-áirítear, aon uair is féidir, córais thrasmhaoinithe chomharthaithe chomh maith le caipiteal príobháideach, mar aon le méid na ngealltanas atá tugtha cheana agus, i gcás inarb infheidhme, tagairt do ranníocaíocht an Aontais atá beartaithe faoi chláir airgeadais an Aontais.

2. Tabharfaidh an Coimisiún a thuairim uaidh i bhfianaise an phlean forbartha conairí arna sholáthar ag na Ballstáit lena mbaineann.

3. Chun tacú le cur chun feidhme chonairí an chroíghréasáin, féadfaidh an Coimisiún cinntí cur chun feidhme a ghlacadh i dtaobh chonairí an chroíghréasáin. Féadfar a áireamh sna cinntí sin:

(a) an phleanáil infheistíochta, na costais ghaolmhara agus amlíne an chur chun feidhme a mheastar is gá chun conairí an chroíghréasáin a chur chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo.

(b) na bearta uile a shainiú atá dírithe ar chostais sheachtracha a laghdú, go háirithe astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus torann, agus ar bearta iad a dhíríonn ar theicneolaíochtaí nua i mbainistiú tráchta agus toillte a thabhairt isteach.

(c) foráil a dhéanamh maidir le bearta eile is gá chun an plean forbartha conairí a chur chun feidhme agus chun bonneagar chonair an chroíghréasáin a úsáid ar bhealach éifeachtúil.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55(2).

CAIBIDIL V

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 54 Tabhairt cothrom le dáta agus tuairisciú

1. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas go leanúnach tríd an gcóras faisnéise geografaí agus teicniúla idirghníomhach don ghréasán tras-Eorpach iompair (GTE teic), maidir leis an gcur chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme tionscadal leasa choitinn agus na n-infheistíochtaí a rinneadh chun na críche sin.

Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún achomaireachtaí ar phleananna agus ar cláir náisiúnta atá á dtarraingt suas acu d'fhonn an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, go háirithe i ndáil leis an gcroíghréasáin. Chomh luath agus a ghlacfar iad, cuirfidh na Ballstáit na pleananna agus na cláir náisiúnta chuig an gCoimisiún mar eolas.

2. Gach dhá bhliain amhail ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 54, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na dtreoirlínte, a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta agus Choiste na Réigiún.

3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 maidir le hIarscríbhinní I, II agus III a oiriúnú chun athruithe féideartha a thig as na tairseacha cainníochtúla arna leagan síos in Airteagail 16, 24, 29 agus 33 a chur san áireamh. Agus na hIarscríbhinní á n-oiriúnú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a) cláir lóistíochta, críochfoirt lasta, calafoirt intíre, calafoirt mhuirí, agus aerfoirt a áireamh sa ghréasán cuimsitheach, má thaispeántar gur mó an meánmhéid tráchta sa dá bhliain dheireanacha ná an tairseach ábhartha;

(b) cláir lóistíochta, críochfoirt lasta, calafoirt intíre, calafoirt mhuirí, agus aerfoirt a eisiamh ón ngréasán cuimsitheach, má thaispeántar gur lú an meánmhéid tráchta le sé bliana anuas ná an tairseach ábhartha;

(c) na léarscáileanna le haghaidh bonneagair bhóithre, iarnróid agus uiscebhealaí intíre a choigeartú sa chaoi is go léirítear an dul chun cinn agus an gréasán á thabhairt i gcrích. Agus na léarscáileanna sin á gcoigeartú, ní cheadóidh an Coimisiún aon choigeartú ar ailíniú bealaí thar an méid a cheadaítear leis an nós imeachta ábhartha um údarú tionscadail.

Beidh na coigeartuithe faoi phointí (a) agus (b) bunaithe ar na staitisticí is déanaí atá ar fáil, arna fhoilsiú ag Eurostat.

4. Tionscadail leasa choitinn a bhaineann le bonneagar atá nua-áirithe sa ghréasán tras-Eorpach iompair, beidh siad incháilithe chun críocha Airteagal 7(5) ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe de bhun mhír 3.

Tionscadail leasa choitinn a bhaineann le bonneagar atá eisithe ón ngréasán tras-Eorpach iompair, ní bheidh siad incháilithe a thuilleadh ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe de bhun mhír 3. Ní dhéanfaidh deireadh na hincháilitheachta difear do chinntí maoinithe ná deontas arna nglacadh ag an gCoimisiún roimh an dáta sin.

Airteagal 55 Coiste

1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Coiste laistigh de bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 56 An tarmligean a fheidhmiú

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 54(3) a ghlacadh ar feadh tréimhse éiginnte ón [dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 54(3) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta ina dhiaidh sin a shonrófar inti. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 54(3) i bhfeidhm ach amháin má tá agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 57 Athbhreithniú

Faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an chroíghréasáin, ina ndéanfar meastóireacht ar chomhlíonadh na bhforálacha atá leagtha síos sa Rialachán seo agus ar an dul chun cinn sa chur chun feidhme.

Airteagal 58 Údarás Teagmhála Aonair

Féadfaidh Ballstáit Údarás Teagmhála Aonair a cheapadh chun na próisis cheadúcháin le haghaidh tionscadal leasa choitinn, go háirithe tionscadail trasteorann, a éascú agus a chomhordú, i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais.

Airteagal 59 Moill i dtabhairt chun críche an chroíghréasáin

1. I gcás moille suntasaí i dtosú nó i dtabhairt chun críche na hoibre ar an gcroíghréasán, iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit lena mbaineann na cúiseanna leis an moill a thabhairt laistigh de thrí mhí. Ar bhonn an fhreagra a thugtar, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann chun an fhadhb as ar tháinig an mhoill a réiteach.

2. Féadfaidh an Coimisiún, mar chuid dá fhaireachán ghníomhach ar chur chun feidhme an chroíghréasáin agus ag tabhairt aird chuí ar phrionsabal na comhréireachta agus na coimhdeachta, a chinneadh bearta iomchuí a dhéanamh.

3. Déanfar aon bheart a dhéantar a chur i bhfios do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit láithreach.

Airteagal 60 Comhoiriúnacht le dlí agus bearta an Aontais

Gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin Rialachán seo, cuirfidh siad san áireamh aon bheartais ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe iad siúd a bhaineann le hiomaíocht, le rochtain ar an margadh, le cosaint an chomhshaoil, le sláinte, le forbairt inbhuanaithe agus le soláthar poiblí.

Airteagal 61 Cur chun cinn agus meastóireacht

Déanfaidh an Coimisiún forás bheartas an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair agus a chur chun feidhme iomlán a chur chun cinn agus déanfaidh sé meastóireacht orthu sin.

Airteagal 62 Aisghairm

Déantar Cinneadh 661/2010/AE a aisghairm.

Leanfaidh d'fheidhm a bheith ag Cinneadh Uimh. 611/2010/AE i gcás aon chinnidh mhaoiniúcháin atá bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 680/2007[61].

Airteagal 63 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Cinneadh Uimh. 1692/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le treoirlínte Comhphobail chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, IO L 228, 9.9.1996, lch. 1.

[2]               Cinneadh Uimh. 884/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1692/96/CE maidir le treoirlínte Comhphobail chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, IO L 201, 7.6.2004, lch. 1.

[3]               Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh, IO L 162, 22.6.2007, lch.1

[4]               Cinneadh Uimh. 661/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt (athmhúnlú) IO L 204, 5.8.2010, lch. 1.

[5]               COIM(2011) 144.

[6]               Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le gréasán iarnróid Eorpach i gcomhair lasta iomaíoch, IO L 276, 20.10.2010, lch. 22.

[7]               Féach Roinn 3.1: ''Bonneagar iompair: comhtháthú críochach agus fás eacnamaíoch' d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bPáipéar Bán.

[8]               COIM(2010) 245 críochnaitheach/2.

[9]               COIM(2011) 206 críochnaitheach.

[10]             COIM(2010) 2020 críochnaitheach.

[11]             'GTE-I: Athbhreithniú beartais. I dtreo gréasán tras‑Eorpach iompair níos comhtháite chun freastal ar an gComhbheartas Iompair', COIM (2009) 44 críochnaitheach.

[12]             Is iad na réimsí a chumhdaíonn na grúpaí saineolaithe: struchtúr gréasáin chuimsithigh agus croíghréasáin agus an mhodheolaíocht do phleanáil an GTE-I, comhtháthú an bheartais iompair i bpleanáil an GTE-I, córais chliste iompair agus teicneolaíochtaí nua laistigh de chreat an GTE-I, GTE-I agus ceangail lasmuigh den AE, maoiniú an GTE-I, gnéithe dlí agus neamhairgeadais an GTE-I.

[13]             'Comhairliúchán ar beartas an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair sa todhchaí', COIM (2010) 212 críochnaitheach.

[14]             ''Beartas Nua an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair. Saincheisteanna pleanála agus cur chun feidhme', SEC (2011) 101.

[15]             Foilsíodh an mhodheolaíocht mhionsonraithe sa Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún 'The New Trans-European Transport Network Policy – Planning and Implementation Issues (Beartas nua an Ghréasáin Thras‑Eorpaigh Iompair – Saincheisteanna Pleanála agus Cur Chun Feidhme)' i mí Eanáir 2011. Tá sé faoi réir mionchoigeartuithe maidir le saincheisteanna a ardaíodh ag cruinniú na nAirí Iompair an 7/8 Feabhra 2011 agus ag cruinnithe ionadaithe ard-leibhéil Bhallstáit uile an AE.

[16]             In Iarscríbhinn III cuirtear líonraí réigiúnacha iompair na dtíortha sin ar fáil sa mhéid is go bhfuil siad sainithe cheana féin. I gcás tíortha comharsanachta faoi Chomhpháirtíocht an Oirthir, saineofar an gréasán réigiúnach tar éis don Phainéal Iompair obair a dhéanamh faoi Chomhpháirtíocht an Oirthir, ag cur leis an obair a rinneadh faoi chuimsiú TRACECA. I gcás na dtíortha comharsanachta sa Deisceart, saineofar an gréasán réigiúnach ar bhonn an hoibre a dhéantar faoi chuimsiú Fhóram Iompair na hEorpa/na Meánmhara.

[17]             COIM(2011) 500 críochnaitheach.

[18]             D'fhéadfadh maoiniú ó Áis Infheistíochta na Comharsanachta (NIF) nó ón Ionstraim um Chúnamh Réamhaontais (IPA) a bheith mar chuid den chomhordú sin.

[19]             IO C , , lch. .

[20]             IO C , , lch. .

[21]             IO L 228, 9.9.1996, lch.1.

[22]             IO L 204, 5.8.2010, lch. 1.

[23]             COIM(2011) 144 críochnaitheach.

[24]             COIM(2007) 575 críochnaitheach.

[25]             IO L 276, 20.10.2010, lch. 22.

[26]             IO L 194, 25.7.2009, lch. 60.

[27]             Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 an … [an Áis um Nascadh na hEorpa]

[28]             Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA), IO L 210, 31.7.2006, lch. 82.

[29]             COIM(2011) 615 críochnaitheach.

[30]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[31]             COIM(2004) 106 críochnaitheach.

[32]             IO L 96, 31.3.2004, lch. 26.

[33]             IO L 64, 2.3.2007, lch. 1.

[34]             IO L 208, 5.8.2002, lch. 10.

[35]             IO L 255, 30.9.2005, lch. 152.

[36]             IO L 284, 16.10.2006, lch. 1.

[37]             IO L 342, 7.12.2006, lch. 1.

[38]             IO L 123, 12.5.2011, lch. 11.

[39]             IO L 191, 18.7.2008, lch. 1.

[40]             Leithead rianta ainmniúil caighdeánach Eorpach dá dtagraítear sa tsonraíocht theicniúil d'idir-inoibritheacht maidir le bonneagar, Roinn 4.2.5.1 do na gnáthlínte (anseo feasta: R TSI) de Chinneadh 2011/275/AE ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2011 maidir le sonraíocht theicniúil d'idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras 'bonneagair' an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh, IO L 126, 14.5.2011, lch. 53, agus Roinn 4.2.2. do na línte ardluais (anseo feasta: HS TSI) de Chinneadh 2008/217/AE ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2011 maidir le sonraíocht theicniúil d'idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras 'bonneagair' an chórais iarnróid ardluais thras-Eorpaigh, IO L 77, 19.03.2008, lch. 1.

[41]             Féach na ceanglais maidir le catagóir líne V-F atá sonraithe i Roinn 4.2.2. den CR TSI.

[42]             Ceanglais maidir le catagóirí líne IV-F, IV-M, VI-F agus VI-M mar atá sonraithe i Roinn 4.2.4.3. den CR TSI.

[43]             Comhdháil Eorpach na nAirí iompair (ECMT), ECMT/CM(92)6/Críochnaitheach.

[44]             IO L 319, 29.11.2008, lch. 59.

[45]             IO L 167, 30.4.2004, lch. 39.

[46]             IO L 166, 30.04.2004, lch. 124.

[47]             IO L 268, 13.10.2009, lch. 11.

[48]             IO L 207, 6.8.2010, lch. 1.

[49]             IO L 332, 28.11.2000, lch. 81.

[50]             IO L 97, 9.4.2008, lch. 72.

[51]             IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

[52]             IO L 96, 31.3.2004, lch. 10.

[53]             IO L 96, 31.3.2004, lch. 20.

[54]             IO L 96, 31.3.2004, lch. 26.

[55]             IO L 175, 5.7.1985, lch. 40.

[56]             IO L 206, 22.7.1992, lch. 7.

[57]             IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.

[58]             IO L 197, 21.07.2001, lch. 30.

[59]             IO L 20, 26.1.2010, lch. 7.

[60]             IO L 75, 15.3.2001, lch. 29.

[61]             Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh, IO L 162, 22.6.2007, lch.1

Top