EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0423

TUARIM ÓN gCOIMISIÚN __de bhun pointe (c) den tríú fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE _ar an leasú/na leasaithe a rinne Parlaimint na hEorpa _don chomhsheasamh na Comhairle maidir leis an _togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLEmaidir le hainmneacha teicstílí agus lipéadú gaolmhar táirgí teicstíle

/* COIM/2011/0423 leagan deireanach - 2009/0006 (COD) */

52011PC0423

TUARIM ÓN gCOIMISIÚN __de bhun pointe (c) den tríú fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE _ar an leasú/na leasaithe a rinne Parlaimint na hEorpa _don chomhsheasamh na Comhairle maidir leis an _togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLEmaidir le hainmneacha teicstílí agus lipéadú gaolmhar táirgí teicstíle /* COIM/2011/0423 leagan deireanach - 2009/0006 (COD) */


2009/0006 (COD)

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le leasú[leasuithe] Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hainmneacha teicstílí agus lipéadú gaolmhar táirgí teicstíle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

1.           Réamhrá

Foráiltear le hAirteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go dtabharfaidh an Coimisiún tuairim uaidh ar na leasuithe atá molta ag Parlaimint na hEorpa ag an dara léamh. Leagann an Coimisiún amach thíos a thuairim ar na leasuithe atá molta ag an bParlaimint.

2.           Cúlra

An dáta a seoladh an togra chuig an bParlaimint agus an Chomhairle:                 30 Eanáir 2009

Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa ag an gcéad léamh:                             18 Bealtaine 2010

Tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta:                                                 16 Nollaig 2009

An dáta a glacadh seasamh na Comhairle:                                                         6 Nollaig 2010

Dáta chomhaontú COREPER ar an gcomhréiteach ag an dara léamh:                 20 Aibreán 2011

Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa ag an dara léamh:                               11 Bealtaine 2011

3.           Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Glacadh an togra ón gCoimisiún i gcomhthéacs an tionscnaimh 'Rialáil Níos Fearr.' Is é is aidhm don togra simpliú agus feabhsú a dhéanamh ar an gcreat rialála atá ann cheana maidir le táirgí teicstíle a lipéadú d'fhonn a spreagadh go bhforbrófar agus go nglacfar le snáithíní nua agus nuálaíocht san earnáil teicstíle agus éadaigh. Chun an cuspóir ginearálta sin a bhaint amach, díríonn an togra ar an méid seo a leanas:

· An próiseas reachtach a éascú d’fhonn an reachtaíocht a chur in oiriúint don chur chun cinn teicniúil trí bhíthin na trí Threoir atá ann cheana a aistriú isteach in aon Rialachán amháin, rud a sheachnódh an gá le nuashonruithe nach bhfuil iontu ach nuashonruithe teicniúla a thrasuíomh.

· An tréimhse a ghiorrú idir an uair a chuirtear iarratas isteach agus an uair a ghlactar ainm nua don snáithín.

4.           Tuairim ón gCoimisiún ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa

Comhréiteach cothrom atá i dtuairim Pharlaimint na hEorpa ag an dara léamh an 11 Bealtaine 2011, lena ndéantar méid teoranta leasuithe ar sheasamh na Comhairle chun tuilleadh faisnéise a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le codanna neamhtheicstíleacha de bhunús ainmhíoch a bheith i láthair agus maidir le comhdhéanamh iomlán táirgí teicstíle. I gclásal maidir le hathbhreithniú cuimsitheach iarrtar ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar lipéadú táirgí teicstíle a chomhchuibhiú tuilleadh, lena n-áirítear scéim um lipéadú maidir le hionad tionscnaimh. Tá téacs an chomhréitigh ag teacht le cuspóir ginearálta an togra.

Is toradh é seasamh na Parlaiminte ar chomhréiteach a rinneadh le linn comhráite idir na trí pháirtí a tionóladh an 12 Aibreán 2011 agus a daingníodh an 20 Aibreán 2011 sa Chomhairle.

5.           Conclúid

Glacann an Coimisiún leis na leasuithe dar vótáil Parlaimint na hEorpa ag an dara léamh de réir an téacs chomhréitigh ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa a bhfuil tuairisc air thuas.

Top