This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0179
OPINION OF THE COMMISSION pursuant to Article 294(7)(c) of the Treaty on the Functioning of the European Union, on the European Parliament's amendments to the Council's position regarding the proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Regulation (EC) No 1905/2006 establishing a financing instrument for development cooperation
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt
/* COIM/2011/0179 leagan deireanach - COD 2010/0059 */
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt /* COIM(2011) 179 leagan deireanach - COD 2010/0059 */
[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH | An Bhruiséil 1.4.2011 COIM(2011) 179 leagan deireanach 2010/0059 (COD) TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt 2010/0059 (COD) TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚNde bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpaar sheasamh na Comhairle maidir leis antogra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt 1. Réamhrá Foráiltear le hAirteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go dtabharfaidh an Coimisiún tuairim uaidh ar na leasuithe atá molta ag Parlaimint na hEorpa ag an dara léamh. Leagann an Coimisiún amach thíos a thuairim ar na seacht leasú atá molta ag an bParlaimint. 2. Cúlra An dáta ar seoladh an togra chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle: 17 Márta 2010 Doiciméad COIM(2010) 102 leagan deireanach – 2010/0059 COD Dáta na tuairime ón bParlaimint ag an gcéad léamh: 21 Deireadh Fómhair 2010 An dáta ar seoladh an togra leasaithe chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle: dada Dáta an chomhaontaithe pholaitiúil maidir le seasamh na Comhairle: dada An dáta ar glacadh seasamh na Comhairle go foirmiúil: 10 Nollaig 2010 Dáta na tuairime ón bParlaimint ag an dara léamh: 3 Feabhra 2011 3. Cuspóir an togra Go dtí seo bhí rochtain fhabhrach ag tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (tíortha ACC) ar mhargadh an AE. Tar éis do Chomhlachtaí Achomhairc agus Réitigh Díospóide na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) rialuithe a dhéanamh, níor mhór córas trádála bananaí an Aontais a chur i gcomhréir le dlí an EDT. Dá bhrí sin, le Comhaontú na Ginéive ar Thrádáil i mBananaí, comhaontú ar cuireadh inisileacha leis an 15 Nollaig 2009, déantar gach díospóid a bhaineann le trádáil i mbananaí a réiteach agus comhlíontar cuspóirí an EDT. Faoi chuimsiú Chomhaontú na Ginéive ar Thrádáil i mBananaí, d'aontaigh an Coimisiún Eorpach clár forbartha a mholadh chun cabhrú leis na tíortha ACC arb iad na príomhonnmhaireoirí bananaí iad dul i dtaithí ar na hathruithe ar chóras allmhairiúcháin an AE. Tá gá le leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt (DCI) de bharr an chláir um bearta tionlacain do bhananaí a bhaineann le stáit ACC, arb é is aidhm leis cabhrú le hearnálacha na mbananaí a athstruchtúrú sna deich dtír ACC arb iad na príomhonmmhaireoirí bananaí iad. Ní bheidh feidhm ag an togra ach ó 2010 go 2013 agus tá raon feidhme an togra teoranta ó thaobh beartais agus impleachtaí buiséadacha de. Ní dhéanfaidh sé aon réamhbhreith ar thograí todhchaí le haghaidh na chéad ghlúine eile d'ionstraim airgeadais maidir le gníomhaíocht sheachtrach faoin gcéad chreat airgeadais eile. 4. Tuairim ón g COIMISIÚN AR NA LEASUITHE A RINNE PARLAIMINT NA h EORPA 4.1. Leasuithe ar ghlac an Coimisiún leo Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na leasuithe a chuir an Pharlaimint isteach in aithris 5. 4.2. Leasuithe ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibh Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na leasuithe a bhaineann le gníomhartha tarmligthe ná le saincheisteanna nós imeachta coiste (Aithris 12; Airteagail 21, 22(3), 23, 33(2), agus 35). 5. Conclúid Leanfar leis an bplé leis na comhreachtóirí tar éis an dara léamh d'fhonn comhréiteach a bhaint amach agus is fearr go dtabharfar leis sin cearta substainteacha grinnscrúdaithe do Pharlaimint na hEorpa don chuid eile den Tréimhse Clárúchán Ilbhliantúil reatha agus go bhfágfar go mbeidh roghanna éagsúla ann don chéad tréimhse eile, lena n-áirítear go bhféadfaí dul i muinín gníomhartha tarmligthe agus urraim iomlán á tabhairt do na critéir atá bunaithe in Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.