This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011AP0538
European Parliament legislative resolution of 1 December 2011 on the accession to the European Union of the Republic of Croatia (14409/2011 – C7-0252/2011 – 2011/0805(NLE)) (Consent)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2011 maidir le haontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach (14409/2011 – C7-0252/2011 – 2011/0805(NLE)) (Toiliú)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2011 maidir le haontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach (14409/2011 – C7-0252/2011 – 2011/0805(NLE)) (Toiliú)
IO L 112, 24.4.2012, p. 5–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
24.4.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/5 |
RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 1 Nollaig 2011
maidir le haontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach (14409/2011 – C7-0252/2011 – 2011/0805(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
— |
ag féachaint don iarratas a rinne Poblacht na Cróite chun bheith ina comhalta den Aontas Eorpach, |
— |
ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle de bhun Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (14409/2011 – C7-0252/2011), |
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún (COM(2011)0667), |
— |
ag féachaint don Dréachtchonradh i dtaobh Aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach, don Phrótacal agus don Ionstraim Chríochnaitheach, |
— |
ag féachaint do Riail 74c agus do Riail 81 dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A7-0390/2011), |
A. |
de bhrí go bhfuil na coinníollacha ar a ligfear an tír iarrthach isteach agus na modhnuithe is gá de chionn a haontachais leagtha amach sa Dréachtchonradh i dtaobh Aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach, agus de bhrí gur cheart dul i gcomhairle leis an bParlaimint maidir le haon mhodhnuithe substaintiúla ar an Dréachtchonradh, |
B. |
de bhrí nach foláir don Choimisiún faireacháin a dhéanamh, lena ngabhfaidh déine agus oibiachtúlacht, ar ullmhúcháin bhreise don aontachas agus cabhrú le húdaráis na Cróite na ceangaltais agus na hoibleagáidí faoina ndeachaigh siad sa chaibidlíocht a chomhall; de bhrí nach foláir don Choimisiún an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas go rialta a mhéid atá a gceangaltais á n-urramú ag údaráis na Cróite chun go ndéanfaidís a n-oibleagáidí comhaltais a ghlacadh chucu féin go hiomlán tráth an aontachais an 1 Iúil 2013, |
1. |
Ag toiliú le haontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach; |
2. |
Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Poblacht na Cróite. |