This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52010PC0738
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Council Regulation (EC) No 1234/2007 as regards marketing standards
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le caighdeáin mhargaíochta
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le caighdeáin mhargaíochta
/* COIM/2010/0738 leagan deireanach */
An Bhruiséil 10.12.2010 COIM(2010) 738 leagan deireanach 2010/0354 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le caighdeáin mhargaíochta MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN COMHTHÉACS AN TOGRA Is é atá sa Phacáiste Cáilíochta sraith tograí atá ceaptha le beartas comhtháite cáilíochta do tháirgí talmhaíochta a bhunú a bheidh dírithe ar chúnamh a thabhairt d'fheirmeoirí cáilíochtaí, saintréithe agus airíonna táirgí talmhaíochta a chur in iúl ar bhealach níos fearr, agus faisnéis iomchuí a áirithiú don tomhaltóir. Áirítear an méid seo a leanas sa Phacáiste Cáilíochta: - togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta táirgí talmhaíochta [COIM(2010) XXXX]; - togra chun go modhnófaí Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 (Comheagraíocht aonair na Margaí) maidir le caighdeáin mhargaíochta do tháirgí talmhaíochta [COIM(2010) XXXX]; - treoirlínte lena leagtar amach na cleachtais is fearr maidir le scéimeanna deimhniúcháin a fhorbairt agus a fheidhmiú, ar scéimeanna iad a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus bia-ábhair [C(2010) XXXX], agus - treoirlínte maidir le bia-ábhair a bhfuil Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint (STFC) agus Tásca Geografacha Faoi Chosaint (TGFC) iontu a lipéadú mar chomhábhair [C(2010) XXXX]. Cuspóirí an togra agus na forais atá leis Tá ar fheirmeoirí agus ar tháirgeoirí táirgí talmhaíochta aghaidh a thabhairt ar bhrú iomaíoch a thagann as athchóiriú beartas, domhandú, comhchruinniú na cumhachta margála san earnáil mhiondíola agus staid an gheilleagair. Ag an am céanna, is minice anois tomhaltóirí ag lorg táirgí barántúla a tháirgtear ag baint úsáide as modhanna sonracha traidisiúnta. Agus freastal á dhéanamh ar an éileamh sin, is láidreacht thábhachtach agus cúis buntáiste iomaíoch d'fheirmeoirí an Aontais ba cheart a bheith in éagsúlacht agus cáilíocht na táirgeachta talmhaíochta san Aontas Eorpach. Mar sin féin, le go mbeidh tomhaltóirí agus ceannaitheoirí ar an eolas faoi shaintréithe agus airíonna feirmeoireachta a bhaineann le táirgí talmhaíochta, ní mór faisnéis chruinn agus iontaofa a bheith acu ar lipéid na dtáirgí. Mar chuid lárnach de bheartas cáilíochta an Aontais Eorpaigh do tháirgí talmhaíochta, tugtar na huirlisí is gá do tháirgeoirí chun saintréithe táirgí agus airíonna feirmeoireachta a chur in iúl do cheannaitheoirí agus tomhaltóirí, agus chun iad a chosaint ar chleachtais trádála mhíchothroma. Tá formhór na n-uirlisí sin ar fáil cheana ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Léiríonn anailís agus plé a rinneadh le geallsealbhóirí go bhféadfaí na huirlisí sin a fheabhsú, a shimpliú agus a dhéanamh níos comhtháite. Tá sé mar aidhm ag an bPacáiste Cáilíochta reachtaíocht an Aontais a fheabhsú i réimse na cáilíochta agus i bhfeidhmiú scéimeanna náisiúnta agus príobháideacha deimhniúcháin, le go mbeidh siad níos simplí, níos trédhearcaí agus níos fusa a thuiscint, le gur féidir iad a chur in oiriúint do nuálaíocht, agus le nach mbeidh siad chomh dian sin ar tháirgeoirí agus riarthóirí. Comhthéacs ginearálta Ó na 1990idí i leith, aithnítear go bhfuil dlúthbhaint idir beartas cáilíochta an Aontais do tháirgí talmhaíochta agus trí scéim ar leith de chuid an Aontais, is iad sin an scéim um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, an scéim um fheirmeoireacht orgánach, agus an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. Ina theannta sin, ó tionscnaíodh an comhbheartas talmhaíochta, tá creat reachtach curtha ar fáil trí chaighdeáin mhargaíochta an Aontais chun iomaíocht chóir agus dea-fheidhmiú an mhargaidh a áirithiú. Chomh maith leis na caighdeáin agus scéimeanna sin de chuid an Aontais, tá borradh le deich mbliana anuas i líon na scéimeanna deimhniúcháin san earnáil phríobháideach – scéimeanna atá ag iarraidh saintréithe agus airíonna breisluacha a ráthú do thomhaltóirí, chomh maith le meas a bhaint amach do chaighdeáin bhonnlíne trí dhearbhú cáilíochta a dheimhniú. Sa bhliain 2006, i gcomhthéacs na scéime um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint a athmhúnlú, chuir an Coimisiún de cheangal air féin athbhreithniú beartais a dhéanamh sa todhchaí ar fheidhmiú an Rialacháin agus ar fhobhairt an Rialacháin ina dhiaidh sin[1]. In 2007 eagraíodh comhdháil mhór inar pléadh gach cineál scéime cáilíochta: 'Cáilíocht bia a dheimhniú – luach a chur le táirgí feirme'. Tháinig an Páipéar Uaine maidir le cáilíocht táirgí talmhaíochta, 2008[2], as an gComhdháil. Fuarthas breis agus 560 freagairt mhionsonraithe ó gheallsealbhóirí mar gheall ar an bPáipéar sin agus sholáthair sé an t-ionchur don Teachtaireacht maidir le beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta[3] in 2009. Leis sin, leagadh amach na treoshuímh straitéiseacha seo a leanas: - teagmháil idir feirmeoirí, ceannaitheoirí agus tomhaltóirí a fheabhasú maidir le cáilíochtaí táirgí talmhaíochta; - comhchuibheas a mhéadú maidir le hionstraimí beartais an Aontais Eorpaigh do cháilíocht táirgí talmhaíochta; agus - castacht a laghdú le go mbeidh sé níos éasca ar fheirmeoirí, ar tháirgeoirí agus ar thomhaltóirí na scéimeanna agus na téarmaí lipéadaithe éagsúla a thuiscint. Forálacha atá ann cheana sa réimse seo Foráiltear le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh go ndéanfar córas na sonrúchán tionscnaimh agus na dtásc geografach a chosaint i leith táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar. Bunaíodh córas comhchuibhithe rialacháin san Aontas Eorpach in 1992 chun ainmneacha luachmhara táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar a chlárú, ar táirgí agus bia-ábhair iad a táirgeadh de réir sonraíochta i gceantar geografach ar leith ag táirgeoirí a raibh saineolas aitheanta acu[4]. In 1992, tríd an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht cuireadh clár ar bun ina gcláraítear ainmneacha sainearraí bia de chineál traidisiúnta a thig as a chomhdhéanamh traidisiúnta nó as na modhanna traidisiúnta táirgthe a úsáidtear agus iad á dtáirgeadh[5]. Maidir le caighdeáin mhargaíochta, tá corpas forleathan reachtaíochta ann a forbraíodh go príomha ar bhonn earnála, i bhfoirm rialachán agus treoracha a glacadh ar leibhéal na Comhairle agus an Choimisiúin araon. Ina theannta sin, déantar a áirithiú le téarmaí roghnacha cáilíochta, atá rialaithe faoi scáth na gcaighdeán margaíochta, nach mbaintear mí-úsáid sa mhargadh as téarmaí a chuireann síos ar thréithe breisluacha nó ar airíonna feirmeoireachta nó próiseála agus féadfaidh tomhaltóirí muinín a bheith acu as na téarmaí sin agus cáilíochtaí éagsúla táirge á sainaithint acu. Comhsheasmhacht le beartais eile Is cuid den chomhbheartas talmhaíochta é an beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta. Sa Teachtaireacht dheireanach ón gCoimisiún[6] maidir le beartais i ndiaidh na bliana 2013, sonraítear roinnt dushlán ar leith lena n-áirítear nach mór éagsúlacht gníomhaíochtaí talmhaíochta i gceantair tuaithe a choimeád agus iomaíochas a threisiú, agus cuirfidh beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta leis an méid sin. Tá an beartas i gcomhréir leis na tosaíochtaí don Aontas Eorpach atá leagtha amach sa Teachtaireacht don bhliain 2020[7], agus go háirithe leis na haidhmeanna chun geilleagar níos iomaíche a chur chun cinn, toisc gurb ionann beartais cháilíochta agus cuid shuaitheanta d'iomaíochas an AE ó thaobh cúrsaí talmhaíochta de. Baineann an togra seo le beartais maidir le cosaint agus faisnéis do thomhaltóirí, an margadh aonair agus iomaíochas, agus beartas seachtrach trádála agus tá sé comhsheasmhach leo sin. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Comhairliúchán Chuathas i gcomhairle le go leor geallsealbhóirí. Ar na príomhbhealaí comhairliúcháin bhí an Grúpa Comhairleach maidir le cáilíocht táirgí talmhaíochta agus comhairliúchán an Pháipéir Uaine[8], ar cuireadh críoch leis le comhdháil ardleibhéil a eagraíodh faoi Uachtaránacht Phoblacht na Seice i mí an Mhárta 2009. Ghlac Comhairle na nAirí conclúidí[9] maidir leis an Teachtaireacht sa chruinniú a bhí aici i mí an Mheithimh 2009. Ghlac Parlaimint na hEorpa an rún seo a leanas i mí an Mhárta 2010: Beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta: cén straitéis?[10]. Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairimí i mí Eanáir 2010[11] agus ghlac Coiste na Réigiún tuairimí i mí Feabhra na bliana sin[12]. Príomhthoradh an chomhairliúcháin Tríd is tríd, bhí fáilte ag geallsealbhóirí roimh na treoshuímh a leagadh amach i dTeachtaireacht na bliana 2009. Is iad seo a leanas na príomhthuairimí a nochtadh: - Maidir le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha, cuireadh i gcoinne an scéim a shimpliú tríd an dá ionstraim ('sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint' agus 'tásc geografach faoi chosaint') a chumasc. Bhí dearcadh dearfach ag formhór na ngeallsealbhóirí maidir leis na córais atá ann cheana a chumasc (fíon, biotáillí, fíonta cumhraithe agus táirgí talmhaíochta agus bia-ábhair) ach níorbh ionann an dearcadh a bhí ag na geallsealbhóirí sin in earnáil an fhíona agus in earnáil na mbiotáillí. Gríosaíodh an Coimisiún chun na córais a shimpliú, a shoiléiriú agus a shruthlíniú tuilleadh agus chun aithint idirnáisiúnta do shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a fheabhsú. - Maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, ba bheag nár thug gach geallsealbhóir tacaíocht do leanúint na scéime sin. Cuireadh béim ar phoitéinseal na scéime agus ar a thábhachtaí atá sí do tháirgeoirí táirgí traidisiúnta nach bhfuil cáilithe faoin scéim um thásca geografacha. D'iarr roinnt geallsealbhóirí an scéim a shimpliú, go háirithe trí dheireadh a chur leis an deis ainmneacha a chlárú gan forchoimeád a fháil roimh ré, agus í a shruthlíniú freisin. Mhol geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht thar ceann táirgeoirí táirgí atá cumhdaithe faoi shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha go bhféadfadh an scéim margadh a sholáthar do tháirgí den sórt sin, go háirithe má bhíonn na táirgí in úsáid in oidis. - Maidir le caighdeáin mhargaíochta, tríd is tríd léirigh geallsealbhóirí go raibh siad sásta caighdeáin mhargaíochta a shimpliú, sásta le lipéadú faoin áit ina ndéantar an fheirmeoireacht agus sásta téarmaí roghnacha cáilíochta a fhorbairt tuilleadh. - Léiríodh gur gá aghaidh a thabhairt ar riachtanais táirgeoirí mionscála ar a gcuireann na scéimeanna um shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht barraíocht brú. Measúnú tionchair Tar éis Theachtaireacht na bliana 2009 agus na bpríomhfhreagairtí a fuarthas uirthi, ullmhaíodh dhá mheasúnú tionchair d'fhonn na roghanna a sonraíodh sa Teachtaireacht a fhiosrú. Ar na hábhair a cuimsíodh sna measúnuithe bhí sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha, agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. Maidir le tásca geografacha , léiríodh leis an anailís a rinneadh go bhfuil údar mór le scéim um thásca geografacha ar leibhéal an Aontais agus cuireadh i leataobh roghanna malartacha ar scéim de chuid an Aontais Eorpaigh toisc nach raibh siad feidhmiúil ná éifeachtach (áiríodh i measc na roghanna sin comhrialúchán agus féinrialúchán de réir na hearnála, gan gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, cosaint trí Chomhaontú idirnáisiúnta Liospóin[13], córas fógartha le haghaidh tásc geografach náisiúnta a chur in ionad na scéime, agus cosaint tríd an gcomh-thrádmharc Comhphobail). Sonraíodh sa mheasúnú tionchair go bhfuil cúis mhaith le castacht a laghdú agus forfheidhmiú a éascú tríd an scéim um tháirgí talmhaíochta agus bia-ábhair a chumasc leis na scéimeanna in earnálacha na ndeochanna meisciúla fad agus atá sainiúlachtaí gach córais á gcosaint. Aithníodh sa mheasúnú tionchair, áfach, nach n-aontaíonn roinnt geallsealbhóirí leis an tuairim sin. Léirigh an anailís a rinneadh ar shonraí praghais go bhfuil an méid a thuilleann an táirgeoir as sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint (STFC) agus tásca geografacha faoi chosaint (TGFC) níos airde ná mar a thuilltear as táirgí nach bhfuil ainmnithe amhlaidh agus go bhfaightear praghas níos airde ón lipéad STFC ná mar a fhaightear ón lipéad TGFC. Tá luach iomlán na dtáirgí talmhaíochta agus na mbia-ábhar a díoladh faoi STFCanna agus TGFCanna cothrom le EUR 14.2 billiún (1997) ag praghsanna mórdhíola, agus meastar go bhfuil an luach sin cothrom le EUR 21 billiún ag praghsanna tomhaltóirí. Maidir le trádáil ar an margadh inmheánach, déantar 18.4 % de tháirgí STFC agus TGFC a mhargú lasmuigh den Bhallstát inar táirgeadh iad. Sa mheasúnú tionchair fuarthas amach go dtiocfadh laghdú ar na sochair bhreisluacha a bhaineann le sainaithint sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint dá ndéanfaí na hionstraimí le haghaidh sonrúchán tionsnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint a chumasc. Ó thaobh gnéithe comhshaoil de, léirigh na staidéir a rinneadh go dtagann roinnt táirgí STFC agus TGFC as córais feirmeoireachta lagdhianais a mbíonn baint acu le luach ard comhshaoil. Soláthraítear bonn taca do na hearraí poiblí comhshaoil leis na STFCanna agus na TGFCanna sin. Faoi na roghanna a choimeádtar le haghaidh anailíse, féadfaidh táirgeoirí dálaí comhshaoil a áireamh i ngach cás is iomchuí. Maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht , rinneadh anailís ar thrí rogha ar leith: an téarma 'traidisiúnta' a thabhairt isteach mar théarma roghnach cáilíochta agus deireadh a chur leis an scéim reatha; gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an AE; an scéim reatha a shimpliú (ní cheadófaí an t-ainm a chlárú ach amháin le forchoimeádas). Léiríodh sa mheasúnú tionchair gurb é a chiallódh sé dá gcuirfí deireadh leis an scéim STR i gcás ainmneacha faoi chosaint go gcaillfí na sochair eacnamaíocha agus shóisialta a bhaineann le hainm atá faoi chosaint ar fud an AE agus ní ghlacfadh na geallsealbhóirí ná reachtóir an AE le deireadh a chur leis an scéim. Ina theannta sin, sonraíodh nach bhféadfaí ainmneacha a chosaint go héifeachtach ar fud an mhargaidh aonair ach amháin ar leibhéal an Aontais. Is é an toradh a bhí ar an leibhéal reatha íseal rannpháirteachais sa scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (STR) nach raibh mórán sonraí ar fáil. Tá sé léirithe i gcás-staidéir agus i suirbhéanna go raibh tionchar dearfach eacnamaíoch agus sóisialta ag an scéim, lena n-áirítear caomhnú modhanna traidisiúnta táirgthe, maoluithe ó rialacha sláinteachais do mhodhanna traidisiúnta, agus sochair eacnamaíocha bhreisluacha a bhaineann le clárú STR. A mhéid a bhaineann leis na hainmneacha sin nach bhfuil faoi chosaint, ní raibh ach fíorbheagán tionchair eacnamaíoch nó shóisialta i gceist dá gcuirfí deireadh leis an scéim, ós rud é go bhféadfadh feidhm sin na scéime teacht faoi scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha agus tá sé á chur i bhfeidhm go rathúil cheana faoi roinnt scéimeanna náisiúnta; ba dheacair údar a thabhairt le gníomhaíocht ón Aontas sa chás seo mar gheall ar phrionsabal na coimhdeachta. I dtéarmaí sóisialta, dá bhrí sin, chonacthas go gcuidíonn ainmniúcháin STFC, TGFC agus STR na modhanna traidisiúnta táirgthe a chaomhnú, rud a théann chun sochair na dtáirgeoirí agus na dtomhaltóirí araon. Mar sin féin, cuireadh béim sa mheasúnú tionchair ar thásca geografacha agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, ar theip fhorleathan na scéimeanna sin táirgeoirí mionscála a mhealladh le páirt a ghlacadh iontu, agus cé gur minic baint ag táirgeoirí mionscála le táirgí ó cheardaithe, le modhanna traidisiúnta agus le margaíocht áitiúil, tuigtear go bhfuil scéimeanna an Aontais Eorpaigh dian ó thaobh cur i bhfeidhm de, gur gá rialuithe costasacha dá mbarr agus go gceanglaítear leo go gcloítear le sonraíocht ar leith. Dá bhrí sin, déanfar staidéar breise agus anailís bhreise chun na fadhbanna a mbíonn ar tháirgeoirí mionscála dul i ngleic leo le páirt a ghlacadh i scéimeanna cáilíochta an Aontais a mheas. Ar bhonn thorthaí na hanailíse sin, féadfaidh an Coimisiún bearta leantacha iomchuí a mholadh. Maidir le caighdeáin mhargaíochta , chomh maith leis an obair faoi mheasúnú tionchair atá déanta cheana i gcomhthéacs Theachtaireacht 2009, de réir mar is iomchuí beidh baint ag tuilleadh oibre faoi mheasúnú tionchair leis na tograí maidir le caighdeáin shonracha i gcomhthéacs cumhachtaí tarmligthe a bhfuil foráil déanta dóibh maidir le creat dlí faoi scáth ailíniú Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 le Conradh Liospóin. Is féidir teacht ar théacsanna na measúnuithe tionchair ar an suíomh gréasáin seo a leanas: http://ec.europa.eu/ agriculture/quality/policy/backdocuments-links/index_en.htm EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe San aon Rialachán amháin maidir le scéimeanna cáilíochta táirgí talmhaíochta cuirtear trí scéim chomhlántacha chun tosaigh (scéim um shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha; scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; scéim um théarmaí roghnacha cáilíochta) in aon struchtúr rialála amháin faoi mhaoirseacht coiste amháin um beartas cáilíochta. Cumhdaítear Caighdeáin Mhargaíochta faoi Rialachán eile. Sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha, seachas fíonta, fíonta cumhraithe agus biotáillí. Tá sé beartaithe sa togra go leanfar leis an scéim um tháirgí talmhaíochta agus bia-ábhair agus neartaíonn an togra an scéim sin ach ní chuireann sé le chéile na scéimeanna um thásca geografacha d'fhíonta, biotáillí nó fíonta cumhraithe. I bhfianaise athchóirithe a rinneadh le déanaí ar reachtaíocht a bhaineann le fíon agus le biotáillí, ní mór go bhfanfaidh na scéimeanna ar leith óna chéile ag an bpointe seo. Féadfar an t-ábhar seo a mheas arís ar ball. Idir an dá linn, déanfar na rialacha don scéim um tháirgí talmhaíochta agus bia-ábhair a chomhchruinniú, nuair is iomchuí, leis na rialacha don scéim maidir le fíonta. Is iad seo a leanas na príomheilimintí atá ceaptha chun an scéim a neartú agus a shimpliú: - róil agus freagrachtaí na ngrúpaí[14] a chuireann isteach ar chlárú ainmneacha a aithint maidir le monatóireacht, cur chun cinn agus cumarsáid; - leibhéal cosanta na n-ainmneacha cláraithe agus shiombailí coiteanna an Aontais a threisiú agus a shoiléiriú; - déantar níos gasta an nós imeachta maidir le hainmneacha a chlárú; - soiléiríodh róil éagsúla na mBallstát agus na ngrúpaí a chuireann isteach ar chlárú maidir le cosaint na n-ainmneacha cláraithe a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais Eorpaigh, agus - tá na sainmhínithe ar shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha níos cosúla anois lena bhfuil in úsáid go hidirnáisiúnta. Déantar an próiseas reatha maidir le clárú sonrúchán tionscnaimh agus tásc geografach a shruthlíniú leis an togra trí mhoilleanna ama a ghiorrú. Chomh maith leis sin, déantar saincheisteanna dlíthiúla a shoiléiriú agus téarmaíocht a ailíniú leis an reachtaíocht a glacadh le déanaí maidir le tásca geografacha d'fhíon. Leagtar síos comhrialacha íosta maidir le rialuithe oifigiúla d'fhonn a áirithiú go leanfaidh táirgí an tsonraíocht agus d'fhonn a áirithiú go ndéantar an lipéadú i gceart sa mhargadh. Coimeádtar raon feidhme an Rialacháin (táirgí talmhaíochta a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine agus táirgí áirithe eile), agus cuirtear seacláid dhorcha leis. Sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht Tá sé beartaithe sa togra go leanfar leis an scéim chun ainmneacha sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a fhorchoimeád ar fud an Aontais Eorpaigh, ach cuirtear deireadh leis an rogha maidir le hainmneacha a chlárú gan forchoimeádas. Maidir le sainearraí traidisiúnta a phoibliú ach gan iad a chosaint, is fearr é sin a dhéanamh ar leibhéal náisiúnta (nó réigiúnach), agus ní féidir údar a thabhairt le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach sa chás sin. Tá scéim athnuaite an Aontais Eorpaigh um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht simplithe (próiseas cláraithe sruthlínithe trí mhoilleanna a ghiorrú, nósanna imeachta curtha in oiriúint do na nósanna imeachta STFC-TGFC) agus spriocdhírithe sna dóigheanna seo a leanas: maidir leis an gcritéar ó thaobh traidisiúin de tá síneadh go 50 bliain (ó 25 bliain) curtha leis chun creidiúnacht na scéime a athneartú; tá an scéim teoranta do bhéilí réamhullmhaithe agus do tháirgí próiseáilte; agus tá sainmhínithe agus ceanglais nós imeachta simplithe go mór le go dtuigfear an scéim níos fearr. Téarmaí roghnacha cáilíochta Maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta, atá roghnach mar atá na scéimeanna cáilíochta agus a thugann cúnamh d'fheirmeoirí chun saintréithe agus airíonna breisluacha táirgí sa mhargadh a shainaithint, beartaítear go gcumhdófar iad faoin rialachán reatha. Ní dhéantar na téarmaí roghnacha cáilíochta a leasú ó thaobh ábhair ach cuirtear in oiriúint iad do chreat reachtach an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Caighdeáin mhargaíochta Tar éis na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus na ndíospóireachtaí ina dhiaidh sin, is léir go bhféadfaidh caighdeáin mhargaíochta cuidiú leis na coinníollacha eacnamaíocha a fheabhsú don táirgeadh agus don mhargaíocht, chomh maith le cáilíocht táirgí den sórt sin a fheabhsú. Ceanglaítear cheana, de réir beart bainistithe ar an margadh, nach mór táirgí a bheith ar a laghad de cháilíocht shlán chóir agus indíolta. Dá gcuirfí leis na ceanglais íosta sin go n-áireofar na táirgí sin nach bhfuil cumhdaithe faoi chaighdeáin ar leith, d'fhéadfaí tomhaltóirí a chur ar a suaimhneas maidir le buncháilíocht na dtáirgí atá á gceannach acu. Sa togra seo cuirtear san áireamh freisin gur gá dul i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus sa dóigh sin déanfar na cumhachtaí chun caighdeáin a ghlacadh agus a fhorbairt amach anseo a tharmligean chuig an gCoimisiún. Faoin gcreat nua sin, tabharfar isteach bunús dlí maidir le lipéadú éigeantach faoin áit ina ndéantar an fheirmeoireacht i ngach earnáil. Mar gheall air sin, tar éis measúnuithe tionchair iomchuí a dhéanamh agus ar bhonn gach cáis faoi leith, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le lipéadú éigeantach faoin áit ina ndéantar an fheirmeoireacht, agus iad a ghlacadh ar an leibhéal iomchuí geografach d'fhonn éilimh na dtomhaltóirí ar thrédhearcacht agus ar fhaisnéis a shásamh. Tá an earnáil déiríochta ar cheann de na chéad earnálacha a dhéanfar a imscrúdú. Ag an am céanna, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún go leanfar le tásc éigeantach a thabhairt ar thionscnamh, maidir leis na hearnálacha sin ina dtugtar tásc ar thionscnamh cheana. Bunús dlí (tabhair údar leis an mbunús dlí a roghnaítear más gá) Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 43(2). Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta Maidir le prionsabal na coimhdeachta , foráiltear leis an scéim um shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha , an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus an scéim um théarmaí roghnacha cáilíochta , go gcosnófar nó go bhforchoimeádfar ainmneacha agus téarmaí breisluacha ar fud chríoch an Aontais Eorpaigh. Is é an toradh a bheadh air sin go gcuirfí bac ar tháirgeoirí nach bhfuil cáilithe na téarmaí a úsáid. Dá mbeadh na téarmaí agus na hainmneacha faoi chosaint ag gach Ballstát ina aonar, bheadh leibhéil éagsúla cosanta acu i ngach Ballstát, rud a d'fhéadfadh mearbhall a chur ar thomhaltóirí, bac a chur ar thrádáil laistigh den Aontas, agus a d'fhéadfadh iomaíocht éagothrom a chur chun cinn maidir le táirgí arna sainaithint le hainmneacha agus téarmaí cáilíochta a mhargú. Ní féidir cearta den sórt sin a chinneadh go héifeachtach agus go héifeachtúil ar fud an Aontais Eorpaigh ach amháin ar leibhéal an Aontais. Déantar 18 % de luach na dtáirgí a dhíoltar faoin scéim STFC agus TGFC a thrádáil lasmuigh den Bhallstát tionscnaimh agus braitheann sé sin ar an gcosaint maoine intleachtúla a thugann an scéim uile-AE. I gcás na n-ainmneacha faoi chosaint faoin scéim STR, tá tábhacht ar leith ag baint leis an díolachán ar an margadh inmheánach do na táirgeoirí lena mbaineann. Tá feidhm freisin ag téarmaí roghnacha cáilíochta maidir le sreafaí tábhachtacha trádála laistigh den Aontas agus chuirfeadh sainmhínithe agus mínithe éagsúla bac ar fheidhmiú an mhargaidh. Braitheann an scéim um shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha , agus an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht ar shiombailí de chuid an Aontais, siombailí a ceapadh chun faisnéis faoi chineál gach scéime cáilíochta a chur in iúl. D'fhonn a áirithiú go n-aithníonn tomhaltóirí ar fud an Aontais Eorpaigh na siombailí, agus sa dóigh sin go dtuigfear níos éasca an scéim agus trádáil táirgí cáilíochta thar theorainneacha, ní mór na siombailí a bhunú ar leibhéal an Aontais. Maidir le hiarratais ar shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a phróiseáil agus a anailísiú, ní cúram é is gá a chomhlíonadh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, ach amháin a mhéid a bhaineann eilimintí áirithe leis. Áirítear na heilimintí seo a leanas leis sin: cáilitheacht maidir le cosaint ainmneacha ar fud an Aontais Eorpaigh a mheas, cearta iar-úsáideoirí na n-ainmneacha a urramú (go háirithe dóibh siúd lasmuigh den Bhallstát ina ndéantar an t-iarratas), agus iarratais a sheiceáil le haghaidh earráidí follasacha. Is éifeachtúla agus is éifeachtaí, áfach, tabhairt faoi phríomh-mhionanailís ar iarratas ar leibhéal náisiúnta. Maidir le scéimeanna lipéadaithe atá ceaptha chun táirgí a bhfuil cáilíochtaí áirithe acu a shainaithint, ach nach bhfuil tionchar acu ar chosaint ná ar fhorchoimeád ainmneacha ar fud an Aontais Eorpaigh, is iad na húdaráis náisiúnta a fhéadfaidh na scéimeanna sin a fheidhmiú ar an mbealach is éifeachtaí. Dá bhrí sin, leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht , cuirtear deireadh leis an rogha maidir le hainmneacha nach bhfuil faoi chosaint a chlárú. Ar an gcéad ásc, is faoi fhreagracht na n-údarás náisiúnta inniúil a bheidh cúram rialaithe na scéimeanna uile, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir le rialuithe oifigiúla beatha agus bia. Ní mór maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí rialaithe Ballstáit ar leibhéal an Aontais d'fhonn creidiúnacht i scéimeanna maidir le dlí an bhia ar fud an Aontais Eorpaigh a áirithiú, i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa rialachán sin. Maidir le prionsabal na comhréireachta , cloíonn an scéim um shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht le sonraíocht dhocht táirge agus le rialuithe éifeachtacha ar tháirgeadh a d'fhéadfadh a bheith trom ar tháirgeoirí. Is riachtanach agus is comhréireach sin, áfach, chun creidiúnacht na scéime a dhaingniú agus chun ráthaíocht éifeachtach ar chomhlíonadh a sholáthar don tomhaltóir. Gan an ráthaíocht sin, ní fhéadfaí a iarraidh ar an tomhaltóir praghas cothrom a íoc as na táirgí cáilíochta a ofráiltear. Os a choinne sin, braitheann an scéim um théarmaí roghnacha cáilíochta go príomha ar dhearbhuithe comhréireachta ó na táirgeoirí féin, agus iad sin neartaithe le gnáthrialuithe talmhaíochta ag na Ballstáit, bunaithe ar mheasúnú riosca. Toisc nach bhfuil coinníollacha rannpháirtíochta na scéimeanna sin chomh dian agus atá i gcás sonrúchán tionscnaimh agus tásc geografach agus i gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, tá sé comhréireach nach bhfuil an córas rannpháirtíochta agus na rialuithe chomh dian sin. Cuid bhunriachtanach den straitéis chun an comhbheartas talmhaíochta a fhorbairt is iad na scéimeanna cáilíochta chun feirmeoirí an Aontais Eorpaigh a chumasú agus a spreagadh lena saineolas maidir le margú táirgí d'ardcháilíocht a bhfuil saintréithe breisluacha agus airíonna táirgthe acu a fhorbairt. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh rochtain ag gach feirmeoir ar na scéimeanna. Dá bhrí sin, cé go bhfuil ar fheirmeoirí rogha a dhéanamh maidir leis na dualgais agus an gealltanas a ghlacadh chucu féin táirgí cáilíochta a chur ar an margadh faoi na scéimeanna, ní féidir na sochair beartais don earnáil talmhaíochta agus do thomhaltóirí a bhaint amach ach amháin má tá rochtain ar na scéimeanna ag gach feirmeoir ar mhaith leis páirt a ghlacadh iontu. Ar an ábhar sin, tá sé i gcomhréir leis an gcuspóir gur mór do gach Ballstát na scéimeanna a chur i bhfeidhm ar fud a gcríche. Rogha ionstraimí Is é atá sa togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin mhargaíochta ná modhnú ar Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle atá ailínithe le rialacha an CFAE. Gabhann togra reachtach comhthreomhar le haghaidh scéimeanna cáilíochta táirgí talmhaíochta leis an Rialachán agus cuirtear é in ionad na Rialachán atá ann cheana ón gComhairle - Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 - agus tá forálacha atá ann cheana ar áireamh ann, ar forálacha iad a bhaineann le téarmaí roghnacha cáilíochta atá ann cheana i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle lena mbunaítear comheagraíocht mhargaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí talmhaíochta áirithe[15] agus i dTreoir 2001/110/CE maidir le mil[16]. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Níl impleachtaí buiséadacha ag an togra seo. 5. EILIMINTÍ ROGHNACHA: SIMPLIÚ Déantar riarú na scéimeanna a shimpliú sa rialachán atá beartaithe trí scéimeanna éagsúla cáilíochta táirgí talmhaíochta agus na téarmaí roghnacha cáilíochta a chomhchruinniú in aon ionstraim reachtach amháin. Áirithítear comhchuibheas idir na hionstraimí agus tá sé níos éasca na scéimeanna a thuiscint dá bharr. Soiléirítear agus simplítear forálacha do Bhallstáit sa togra, ar forálacha iad atá freagrach go príomha as cur chun feidhme agus rialú na scéimeanna. Is iad seo a leanas príomheilimintí an tsimplithe: - déantar rialacha maidir le próisis iarratais agus rialuithe a theaglamú nuair is féidir, rud a bhfuil sochair ag baint leis ó thaobh chomhchuibheas na rialacha thar scéimeanna agus a chuirfeadh críoch le difríochtaí atá ann faoi láthair maidir le nósanna imeachta; - déantar nósanna imeachta a ghiorrú agus a shruthlíniú nuair is féidir; - tugtar soiléirithe isteach, go háirithe maidir le cearta maoine intleachtúla; - tugtar isteach coincheapa níos simplí atá níos éasca a thuiscint ag tomhaltóirí, go sonrach sa scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; - bunaítear coiste amháin (an coiste um beartas cáilíochta) do na scéimeanna eile. Cuirtear sin in ionad dhá choiste atá ann faoi láthair thar ceann na scéime um shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus na scéime um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. Maidir le caighdeáin mhargaíochta, is é a bheidh sa mhodhnú atá beartaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 simpliú ó thaobh nósanna imeachta de agus cuirfidh sé le trédhearcacht fad a bhaineann le forálacha maidir le caighdeáin mhargaíochta. 2010/0354 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le caighdeáin mhargaíochta TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[17], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[18], Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: 1. Sa Teachtaireacht maidir le beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta a thíolaic an Coimisiún an 28 Bealtaine 2009, leagtar síos treoshuímh straitéiseacha chun beartas cáilíochta an Aontais do tháirgí talmhaíochta a fheabhsú[19]. Ba cheart an Teachtaireacht sin agus na pléití a rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún ina dhiaidh sin ar phríomheilimintí na Teachtaireachta, chomh maith leis an lear mór aighneachtaí a thagann as comhairliúchán leis an bpobal a thabhairt faoi deara. Meastar gur iomchuí, go háirithe, caighdeáin mhargaíochta de réir earnála agus táirge a choimeád, chun ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh agus chun cuidiú le dálaí eacnamaíocha a fheabhsú do tháirgeadh agus do mhargú táirgí talmhaíochta, chomh maith le cáilíocht na dtáirgí sin a fheabhsú. 2. I Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht mhargaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán maidir le CEM aonair)[20] leantar leis an gcur chuige earnálach maidir le caighdeáin mhargaíochta a bhíodh á dtabhairt ag Comheagraíochtaí na Margaí roimhe seo. Forbraíodh caighdeáin mhargaíochta ar bhonn ilroinnte, ionstraim i ndiaidh ionstraime nó táirge i ndiaidh táirge. Dá mbeadh cur chuige níos comhtháite ann ba intuigthe iad do na tomhaltóirí agus chuideofaí le táirgeoirí saintréithe agus airíonna a dtáirgí a chur in iúl go héasca. Is iomchuí, dá bhrí sin, forálacha de chineál cothrománach a thabhairt isteach. 3. Le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 tugtar cumhachtaí don Choimisiún roinnt de na forálacha maidir le caighdeáin mhargaíochta a chur chun feidhme. 4. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, i gcás chumhachtaí an Choimisiúin a tugadh chun na forálacha maidir le caighdeáin mhargaíochta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a chur chun feidhme, is gá iad a ailíniú le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). 5. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha de Roinn I de Chaibidil I de Theideal II de Chuid II de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a fhorlíonadh nó a leasú. Ba cheart na heilimintí sin a bhféadfar an chumhacht sin a fheidhmiú ina leith, mar aon leis na coinníollacha a bheidh an tarmligean sin faoina réir, a shainiú. 6. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach caighdeán margaíochta a ráthú i ngach Ballstát, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 291 den CFAE. Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt go sainráite, ba cheart don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. [xxxx/yyyy] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le... [ le comhlánú tar éis an rialachán um shásraí maidir le rialú a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 291(2) den CFAE, agus atá ina ábhar caibidle faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ]. 7. Nuair a chuirtear caighdeáin i bhfeidhm maidir le margaíocht táirgí talmhaíochta féadfaidh siad cuidiú leis na dálaí eacnamaíocha a fheabhsú don táirgeadh agus don mhargaíocht chomh maith le cáilíocht na dtáirgí sin a fheabhsú. Dá bhrí sin, bheadh sé chun leasa na dtáirgeoirí, na dtrádálaithe agus na dtomhaltóirí a leithéid de chaighdeáin a chur i bhfeidhm. 8. Chun a ráthú go bhfuil gach táirge de cháilíocht shlán chóir agus indíolta, agus gan dochar d'fhorálacha a glacadh in earnáil an bhia agus go háirithe sa dlí ginearálta bia atá i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia[21], agus prionsabail agus ceanglais de, ba cheart bunchaighdeán ginearálta margaíochta, mar atá beartaithe sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dá dtagraítear thuas, a bheith iomchuí do tháirgí nach bhfuil cumhdaithe ag caighdeáin mhargaíochta de réir earnála nó táirge. Nuair a chomhlíonann na táirgí sin caighdeán idirnáisiúnta infheidhme, de réir mar is iomchuí, ba cheart glacadh leis na táirgí sin mar tháirgí a chomhlíonann an caighdeán ginearálta margaíochta. 9. I gcás roinnt earnálacha agus/nó táirgí, eilimint thábhachtach atá i sainmhínithe, sonrúcháin agus/nó tuairiscí díolacháin maidir le dálaí iomaíochta a shocrú. Is iomchuí, dá bhrí sin, sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin a leagan síos d'earnálacha áirithe agus/nó táirgí, nár cheart iad a úsáid ach amháin san Aontas chun táirgí a chomhlíonann na ceanglais chomhfhreagracha a mhargú. 10. Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 cuireadh de chúram ar an gCoimisiún, go dtí seo, forálacha a ghlacadh maidir le caighdeáin mhargaíochta d'earnálacha áirithe. Ós rud é go bhfuil gné mhionsonraithe theicniúil ag baint leo sin agus gur gá a n-éifeachtacht a fheabhsú i gcónaí agus iad a chur in oiriúint do chleachtais trádála atá ag síorathrú, is iomchuí an cur chuige sin a chur i bhfeidhm ar na caighdeáin mhargaíochta uile, ach na critéir is ceart a chur san áireamh a shonrú agus na rialacha ábhartha á leagan síos. 11. Ba cheart feidhm a bheith ag caighdeáin mhargaíochta chun gur féidir táirgí de cháilíocht chaighdeánaithe agus shásúil a sholáthar don mhargadh. Ba cheart go mbainfeadh na caighdeáin sin leis an méid seo a leanas go háirithe: sainmhínithe, grádú in aicmí, cur i láthair agus lipéadú, pacáistiú, modh táirgthe, caomhnú, iompar, faisnéis faoi tháirgeoirí, ábhar substaintí áirithe, doiciméid ghaolmhara riaracháin, stóráil, deimhniú, margú, agus teorainneacha ama. 12. Ag cur san áireamh, go háirithe, leas na dtomhaltóirí i dtaca le faisnéis leormhaith agus thrédhearcach a fháil faoi tháirgí, ba cheart a bheith in ann tásca faoin áit ina ndéantar an fheirmeoireacht a chinneadh ar bhonn gach cáis faoi leith ar an leibhéal geografach is iomchuí, ach sainiúlachtaí earnálacha áirithe a chur san áireamh, go háirithe maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte. 13. Is iomchuí cleachtais fíoneolaíochta áirithe agus srianta áirithe do tháirgeadh fíona a chinneadh. 14. Ba cheart don Choimisiún, agus caighdeáin mhargaíochta á sainiú aige de réir earnála nó táirge, ionchais na dtomhaltóirí, sainiúlacht gach earnála agus moltaí na gComhlachtaí Idirnáisiúnta a chur san áireamh. Chun na caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh, i gcás cleachtas fíoneolaíochta breise, ba cheart, mar riail ghinearálta, na cleachtais fíoneolaíochta atá molta ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Fíniúna agus Fíona (OIV) a bheith mar bhonn ag an gCoimisiún. 15. Féadfar gur gá bearta sonracha, go háirithe modhanna anailíse, a ghlacadh chun mí-úsáidí a sheachaint i ndáil le cáilíocht agus barántúlacht na dtáirgí a chuirfear os comhair na dtomhaltóirí. D'fhonn a ráthú go gcomhlíonfar caighdeáin mhargaíochta, tá gá le rialuithe agus le pionóis a chur i bhfeidhm i gcás neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin. Ní mór do na Ballstáit a bheith freagrach as na rialuithe sin. 16. Ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh feidhm ag caighdeáin mhargaíochta maidir leis na táirgí uile a chuirtear ar an margadh san Aontas. Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le rialacha speisialta i ndáil le táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha. De réir na rialacha sin féadfar údar a thabhairt le maoluithe a dhéanamh ar na caighdeáin mhargaíochta i gcás tríú tíortha áirithe má tá forálacha speisialta i bhfeidhm acu agus má thugtar ráthaíocht go bhfuil siad comhionann le reachtaíocht an Aontais. Ba cheart forálacha maidir le fíon a chur i bhfeidhm i bhfianaise na gcomhaontuithe atá curtha i gcrích faoi Airteagal 218 den CFAE. 17. Is iomchuí rialacha a bhunú maidir le haicmiú cineálacha fíonchaor, agus de réir na rialacha sin ba cheart do Bhallstáit a tháirgeann níos mó ná 50 000 heictilítear in aghaidh na bliana leanúint de bheith freagrach as aicmiú na gcineálacha fíonchaor ónar féidir fíon a dhéanamh ina gcríocha. Ba cheart cineálacha áirithe fíonchaor a eisiamh. 18. Maidir le saillte inleata, is iomchuí an deis a thabhairt isteach do Bhallstáit rialacha náisiúnta áirithe maidir le leibhéil cháilíochta a choimeád nó a ghlacadh. 19. I gcás earnáil an fhíona, ba cheart go bhféadfadh Ballstáit teorainn a chur le húsáid cleachtas áirithe fíoneolaíochta nó iad a eisiamh agus go bhféadfaidís srianta níos déine a choimeád i gcás fíonta a tháirgtear ina gcríoch féin, chomh maith le leas turgnamhach a bhaint as cleachtais fíoneolaíochta neamhúdaraithe faoi choinníollacha atá le sainiú. 20. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a leasú dá réir, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 mar seo a leanas: (1)* Cuirtear Airteagal 4a nua isteach: " Airteagal 4a [Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh] I gcás ina dtugtar cumhachtaí don Choimisiún, gníomhóidh sé i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 196a i gcás gníomhartha tarmligthe agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 196b i gcás gníomhartha cur chun feidhme, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt go sainráite sa Rialachán seo." (2) I gCuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn I, cuirtear na hairteagail nua seo a leanas isteach roimh Airteagal 113: " Airteagal 112a Raon feidhme Gan dochar d'aon fhorálacha eile is infheidhme maidir le táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus le halcól eitile de thionscnamh talmhaíochta dá dtagraítear i gCuid I d'Iarscríbhinn II, agus gan dochar do na forálacha a glacadh in earnálacha na tréidliachta agus an bhia lena áirithiú go gcomhlíonann táirgí caighdeáin sláinteachais agus sláinte agus chun sláinte ainmhithe agus sláinte daoine a chosaint, leagtar síos sa Roinn seo na rialacha maidir leis an gcaighdeán ginearálta margaíochta agus caighdeáin mhargaíochta de réir earnála agus/nó táirge i gcás táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta dá dtagraítear i gCuid I d'Iarscríbhinn II. Airteagal 112b Comhlíonadh an chaighdeáin ghinearálta mhargaíochta 1. Chun críocha an Rialacháin seo comhlíonann táirge an "caighdeán ginearálta margaíochta" má tá sé de cháilíocht shlán chóir agus indíolta. 2. I gcás nach raibh aon chaighdeáin mhargaíochta leagtha síos mar a thagraítear dóibh in Airteagail 112e, 112f agus 112h agus i dTreoracha 2000/36/CE*, 2001/112/CE**, 2001/113/CE***, 2001/114/CE****, 2001/110/CE*****, 2001/111/CE****** ón gComhairle, maidir le táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ar táirgí iad atá réidh le haghaidh miondíola mar bhia don duine agus dá dtagraítear in Airteagal 3(7) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*******, ní fhéadfar iad a a mhargú ach amháin má chomhlíonann siad an caighdeán ginearálta margaíochta. 3. Measfar go gcomhlíonann táirge an caighdeán ginearálta margaíochta i gcás ina bhfuil an táirge atá beartaithe a mhargú i gcomhréir le caighdeán is infheidhme, mar is iomchuí, ar caighdeán é a ghlac aon cheann de na heagraíochtaí idirnáisiúnta atá liostaithe in Iarscríbhinn XIIb. Airteagal 112c Cumhachtaí tarmligthe maidir le caighdeán ginearálta margaíochta Chun aghaidh a thabhairt ar athruithe i staid an mhargaidh, agus sainiúlacht gach earnála á cur san áireamh aige, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, ceanglais maidir leis an gcaighdeán ginearálta margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 112b(1) a ghlacadh nó a leasú nó maolú ó na ceanglais sin, agus féadfaidh sé rialacha i dtaobh an chomhlíonta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin a ghlacadh nó a leasú nó maolú ó na rialacha sin. Airteagal 112d Caighdeáin mhargaíochta de réir earnála nó táirge Ní fhéadfar na táirgí a bhfuil caighdeáin mhargaíochta de réir earnála nó táirge leagtha síos ina leith a mhargú san Aontas ach i gcomhréir leis na caighdeáin sin. Airteagal 112e Bunú agus inneachar caighdeán margaíochta de réir earnála nó táirge 1. Chun ionchais tomhaltóirí a chur san áireamh agus chun cuidiú le dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargú táirgí talmhaíochta a fheabhsú chomh maith le cáilíocht na dtáirgí sin a fheabhsú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, caighdeáin mhargaíochta a ghlacadh de réir earnála nó táirge dá dtagraítear in Airteagal 112a, agus sin ag gach céim den mhargaíocht, agus féadfaidh sé freisin maoluithe agus díolúintí ó chur i bhfeidhm na gcaighdeán sin a ghlacadh chun iad a chur in oiriúint do na dálaí margaidh atá ag síorathrú agus do na hathruithe ar éilimh na dtomhaltóirí, chun forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a chur san áireamh agus ionas nach gcruthófar constaicí i nuálaíocht táirgí. 2. Nuair is iomchuí, féadfaidh baint a bheith ag na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear i mír 1 leis na ceanglais maidir leo seo a leanas: (a) an sainmhíniú, sonrúchán agus/nó tuairiscí díolacháin seachas na cinn atá leagtha amach sa Rialachán seo agus liostaí conablach agus codanna díobh a bhfuil feidhm ag Iarscríbhinn XIIa maidir leo; (b) critéir aicmithe amhail grádú in aicmí, i meáchain, i méideanna, in aois agus i gcatagóirí; (c) cineál an phlanda nó cine an ainmhí nó an cineál tráchtála; (d) an cur i láthair, tuairiscí díolacháin, lipéadú a bhaineann le caighdeáin éigeantacha mhargaíochta, pacáistiú, rialacha atá le cur i bhfeidhm maidir le hionaid phacála, marcáil, cumhdach, bliain na buainte agus úsáid téarmaí sonracha; (e) critéir amhail cruth, comhsheasmhacht, comhlíonadh, saintréithe an táirge; (f) substaintí sonracha a úsáidtear i dtáirgeadh, nó comhpháirteanna nó comhábhair, lena n-áirítear a gcion cainníochtúil, a n-íonacht agus a n-aitheantas; (g) an cineál feirmeoireachta agus an modh táirgthe lena n-áirítear cleachtais fíoneolaíochta agus rialacha gaolmhara riaracháin, agus ciorcad oibriúcháin; (h) cumasc úrfhíona agus fíona lena n-áirítear sainmhínithe air sin, meascadh agus srianta air sin; (i) an modh leasaithe agus teocht; (j) an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht agus/nó an áit tionscnaimh; (k) minicíocht an bhailiúcháin, an tseachadta, leasaithe agus láimhseála; (l) aithint nó clárú an táirgeora agus/nó na saoráidí tionsclaíocha inar ullmhaíodh nó inar próiseáladh an táirge; (m) céatadán an chion uisce; (n) srianta maidir le húsáid substaintí agus/nó cleachtas áirithe; (o) úsáid shonrach; (p) doiciméid tráchtála, doiciméid a ghabhann leo agus cláir atá le coinneáil; (q) stóráil, iompar; (r) an nós imeachta deimhniúcháin; (s) na coinníollacha a rialaíonn diúscairt, coimeád, cúrsaíocht agus úsáid táirgí nach gcomhlíonann na caighdeáin mhargaíochta de réir earnála nó táirge dá dtagraítear i mír 1 ná/nó na sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 112f, mar aon le diúscairt fotháirgí; (t) teorainneacha ama; (u) fógraí ó na Ballstáit, fógraí ó fhorais éagsúla chuig údaráis inniúla na mBallstát agus rialacha maidir le faisnéis staidrimh a fháil faoi mhargaí táirgí éagsúla. 3. Cuirfear na caighdeáin mhargaíochta de réir earnála nó táirge dá dtagraítear i mír 1 ar bun gan dochar do na forálacha maidir le Téarmaí Roghnacha Cáilíochta den Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle******** [Rialachán maidir le scéimeanna cáilíochta táirgí talmhaíochta], agus na nithe a leanas á gcur san áireamh: (a) sainiúlachtaí na dtáirgí lena mbaineann; (b) an gá lena áirithiú go bhfuil na coinníollacha ann chun go gcuirfear na táirgí sin ar an margadh go rianúil; (c) leas na dtomhaltóirí i dtaca le faisnéis leordhóthanach agus thrédhearcach a fháil faoi tháirgí, lena n-áirítear an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht atá le Cinneadh ar bhonn gach cáis faoi leith ar an leibhéal geografach is iomchuí; (d) nuair is iomchuí, na modhanna a úsáideadh chun a saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha a chinneadh; (e) na moltaí caighdeánacha a ghlac comhlachtaí idirnáisiúnta. Airteagal 112f Sainmhíniú, sonrúchán agus/nó tuairisc díolacháin i gcás earnálacha agus/nó táirgí áirithe 1. Beidh feidhm ag na sainmhínithe, na sonrúcháin agus/nó na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XIIa maidir leis na hearnálacha nó táirgí seo a leanas: (a) ola olóige agus ológa boird, (b) fíon, (c) mairteoil agus laofheoil, (d) bainne agus táirgí bainne a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine, (e) feoil éanlaithe, (f) saillte inleata a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine. 2. Ní fhéadfar sainmhíniú, sonrúchán nó tuairisc díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XIIa a úsáid san Aontas ach amháin chun táirge a chomhlíonann na ceanglais chomhfhreagracha atá leagtha síos in Iarscríbhinn XIIa a mhargú. 3. Chun freastal ar athruithe in éilimh na dtomhaltóirí agus chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, agus ionas nach gcruthófar constaicí ar nuálaíocht táirgí, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, aon mhodhnú, maolú nó díolúine is gá a ghlacadh maidir leis na sainmhínithe agus tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XIIa. Airteagal 112g Lamháltas Chun sainiúlacht gach earnála a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, lamháltas a ghlacadh maidir le gach caighdeán agus measfar nach n-urramaíonn baisc iomlán na dtáirgí an caighdeán má sháraíonn sí an lamháltas sin. Airteagal 112h Cleachtais fíoneolaíochta 1. I gcás modhanna anailíse le comhdhéanamh táirgí a chinneadh a bheith molta agus foilsithe ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Fíniúna agus Fíona (OIV), chomh maith le rialacha lenar féidir a shuíomh ar cuireadh próisis i bhfeidhm ar tháirgí, ar próisis iad a sháraíonn na cleachtais údaraithe fíoneolaíochta, ba cheart gurb iad sin na modhanna agus na rialacha is infheidhme. I gcás nach mbeidh aon mhodhanna ná rialacha molta ná foilsithe ag an OIV glacfaidh an Coimisiún modhanna agus rialacha comhfhreagracha dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 112e(2). Go dtí go nglacfar na rialacha sin is iad na modhanna agus na rialacha a cheadaíonn an Ballstát i dtrácht na cinn a úsáidfear. 2. Ní úsáidfear ach cleachtais fíoneolaíochta atá údaraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn XIIc agus a fhoráiltear i bpointe (g) d'Airteagal 112e(2) agus in Airteagal 112k(2) agus (3) i dtáirgeadh agus i gcaomhnú táirgí in earnáil an fhíona san Aontas. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an méid seo a leanas: (a) sú fíonchaor agus sú fíonchaor tiubhaithe; (b) úrfhíon fíonchaor agus úrfhíon fíonchaor tiubhaithe atá beartaithe le haghaidh sú fíonchaor a ullmhú. Ní úsáidfear cleachtais fíoneolaíochta údaraithe ach amháin chun fíonóireacht cheart, leasú ceart nó míníneacht cheart an táirge a áirithiú. Déanfar táirgí earnáil an fhíona a tháirgeadh san Aontas i gcomhréir leis na srianta ábhartha atá leagtha síos in Iarscríbhinn XIIc. Maidir le táirgí earnáil an fhíona atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn XIIa agus a bhfuil cleachtais fíoneolaíochta nach bhfuil údaraithe san Aontas curtha i bhfeidhm orthu nó, nuair is infheidhme, táirgí a bhfuil cleachtais fíoneolaíochta nach bhfuil údaraithe go náisiúnta curtha i bhfeidhm orthu, nó táirgí a sháraíonn na srianta atá leagtha síos in Iarscríbhinn XIIc, ní dhéanfar iad a mhargú san Aontas. 3. Agus cleachtais fíoneolaíochta i gcomhair fíona á n-údarú aige mar a thagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 112e(2), déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: (a) bunóidh sé a thuairim ar na cleachtais fíoneolaíochta agus na modhanna anailíse molta agus foilsithe ag an OIV agus ar thorthaí úsáide turgnamhaí cleachtas fíoneolaíochta atá fós gan údarú; (b) cuirfidh sé cosaint shláinte an duine san áireamh; (c) cuirfidh sé san áireamh an baol go bhféadfaí tomhaltóirí a chur amú toisc na n-ionchas agus na mbarúlacha atá acu, ag féachaint d'infhaighteacht agus indéantacht modhanna faisnéise chun a leithéid de bhaol a eisiamh; (d) ceadóidh sé go gcaomhnófar saintréithe nádúrtha bunúsacha an fhíona agus ní bheidh sé ina chúis go ndéanfar athrú substaintiúil ar chomhdhéanamh an táirge lena mbaineann; (e) áiritheoidh sé go mbeidh leibhéal inghlactha íosta ann maidir le cúram comhshaoil; (f) urramóidh sé na rialacha ginearálta maidir le cleachtais fíoneolaíochta agus na srianta fíoneolaíochta atá leagtha síos in Iarscríbhinn XIIc. Airteagal 112i Cineálacha éagsúla fíonchaor 1. I gcás na dtáirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn XIIa agus a tháirgtear san Aontas, is de chineálacha fíonchaor ar féidir iad a aicmiú de réir mhír 2 den Airteagal seo a dhéanfar iad. 2. Faoi réir mhír 3, déanfaidh na Ballstáit aicmiú ar na cineálacha fíonchaor is féidir a phlandú, a athphlandú nó a bheangú ina gcríocha chun fíon a tháirgeadh. Ní féidir le Ballstáit ach na cineálacha fíonchaor a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a aicmiú: (a) is cineálacha iad a bhaineann leis an speiceas Vitis vinifera nó a fhaightear nuair a chrosáiltear an speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis; (b) ní ceann de na cineálacha seo a leanas iad: Noah, Othello, Isabelle, Jacquez, Clinton ná Herbemont. I gcás ina scriostar cineál fíonchaor ón aicmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar an cineál sin a ghrafadh laistigh de 15 bliana ó thráth a scriosta. 3. Tabharfar díolúine ón dualgas aicmithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 do na Ballstáit sin nach sáraíonn a dtáirgeacht fíona 50 000 heictilítear in aghaidh na bliana fíona, arna ríomh ar bhonn mheántáirgeacht na gcúig bliana fíona roimhe sin. Mar sin féin, sna Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní cheadófar ach cineálacha fíonchaor a chomhlíonann an dara fomhír de mhír 2 a phlandú, a athphlandú nó a bheangú chun fíon a tháirgeadh. 4. De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an tríú fomhír de mhír 2 agus ar an dara fomhír de mhír 3 ceadóidh na Ballstáit plandú, athphlandú nó beangú na gcineálacha fíonchaor a leanas ar mhaithe le taighde eolaíoch agus chun críoch turgnamhach: (a) cineálacha fíonchaor nach n-aicmítear fad is a bhaineann le Ballstáit dá dtagraítear i mír 3; (b) cineálacha fíonchaor nach gcomhlíonann pointí (a) agus (b) den dara fomhír de mhír 2 fad is a bhaineann le Ballstáit dá dtagraítear i mír 3. 5. Maidir le limistéir ina bhfuil cineálacha éagsúla fíonchaor curtha iontu chun fíon a tháirgeadh, agus sin ag sárú míreanna 2, 3 agus 4, déanfar na limistéir sin a ghrafadh. Mar sin féin, ní bheidh aon dualgas na limistéir sin a ghrafadh nuair atá an táirgeadh ábhartha beartaithe lena thomhailt ag líonta tí na dtáirgeoirí fíona féin amháin. 6. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá le seiceáil go bhfuil na táirgeoirí ag comhlíonadh mhíreanna 2 go 5. Airteagal 112j Úsáid shonrach fíona Seachas fíonta buidéalaithe a bhfuil fianaise ann ina leith gur cuireadh i mbuidéil iad roimh an 1 Meán Fómhair 1971, maidir le fíon a táirgeadh ó na cineálacha fíonchaor atá liostaithe san aicmiú arna tharraingt suas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 112i(2) ach nach gcomhlíonann ceann de na catagóirí atá leagtha síos i gCuid II d'Iarscríbhinn XIIa, ní úsáidfear é ach amháin lena thomhailt ag líonta tí táirgeoirí fíona indibhidiúla, nó chun fínéagar fíona a tháirgeadh nó do dhriogadh. Airteagal 112k Rialacha náisiúnta i gcomhair táirgí agus/nó earnálacha áirithe 1. D'ainneoin Airteagal 112e (1), féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh nó a choimeád lena leagtar síos leibhéil éagsúla cháilíochta i gcomhair saillte inleata. Leis na rialacha sin féadfar na leibhéil cháilíochta sin a mheasúnú ar bhonn critéar a bhaineann go háirithe leis na hamhábhair a úsáidtear, saintréithe orgánaileipteacha na dtáirgí agus a gcobhsaíocht mhicreabhitheolaíoch agus fhisiciúil. Maidir le Ballstáit a bhaineann úsáid as an rogha sin dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, áiritheoidh siad go bhféadfaidh táirgí Ballstát eile a chomhlíonann na critéir a leagtar síos leis na rialacha náisiúnta sin, faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, úsáid a bhaint as téarmaí a shonraíonn, de bhua na rialacha sin, go gcloítear leis na critéir sin. 2. Féadfaidh Ballstáit teorainn a chur le húsáid cleachtas fíoneolaíochta áirithe nó na cleachtais sin a eisiamh agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le srianta níos déine i gcás fíonta atá údaraithe faoi dhlí an Aontais agus a tháirgtear ina gcríoch d’fhonn treise a chur le caomhnú saintréithe bunúsacha fíonta ag a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint agus d’fhonn treise a chur le caomhnú saintréithe bunúsacha fíonta súilíneacha agus fíonta licéir. Cuirfidh Ballstáit na teorainneacha, na heisiaimh agus na srianta sin in iúl don Choimisiún agus cuirfidh sé na Ballstáit eile ar an eolas fúthu. 3. Féadfaidh Ballstáit úsáid thurgnamhach cleachtas fíoneolaíochta neamhúdaraithe a údarú faoi choinníollacha a shonróidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 4. 4. Chun cur i bhfeidhm ceart agus trédhearcach a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na coinníollacha faoina gcuirfear míreanna 1, 2 agus 3 i bhfeidhm a shonrú, chomh maith leis na coinníollacha maidir le coimeád, cúrsaíocht agus úsáid na dtáirgí a fhaightear ó na cleachtais thurgnamhacha dá dtagraítear i mír 3. Airteagal 112l Caighdeáin mhargaíochta maidir le hallmhairiú agus onnmhairiú Chun na sainiúlachtaí i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe agus cineál speisialta roinnt táirgí talmhaíochta a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na coinníollacha a shainiú faoina measfar go dtugann táirgí allmhairithe leibhéal comhlíonta atá coibhéiseach le ceanglais an Aontais maidir le caighdeáin mhargaíochta agus lena n-údarófar bearta a dhéanfaidh maolú ar fhorálacha Airteagal 112d agus féadfaidh sé na rialacha a chinneadh maidir leis na caighdeáin mhargaíochta a chur i bhfeidhm ar tháirgí a onnmhairítear ón Aontas. Airteagal 112m Forálacha speisialta i gcás allmhairí fíona 1. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 218 den CFAE, beidh feidhm ag na forálacha maidir le sonrúchán tionscnaimh agus tásca geografacha agus lipéadú fíona, ar forálacha iad atá leagtha amach i bhFoRoinn I de Roinn Ia den Chaibidil seo agus sna sainmhínithe agus tuairiscí díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 112f den Rialachán seo, maidir le táirgí a thagann faoi chuimsiú chóid AC 2009 61, 2009 69 agus 2204 agus a allmhairítear isteach san Aontas. 2. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 218 den CFAE, déanfar táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tháirgeadh i gcomhréir leis na cleachtais fíoneolaíochta atá molta agus foilsithe ag an OIV nó atá údaraithe ag an Aontas de bhun an Rialacháin seo agus ag bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo. 3. Beidh allmhairiú na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir an méid seo a leanas a thíolacadh: (a) deimhniú lena léirítear go gcomhlíontar na forálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ar deimhniú é atá le dréachtú ag comhlacht inniúil a bheidh san áireamh ar liosta a phoibleoidh an Coimisiún, i dtír thionscnaimh an táirge; (b) tuarascáil anailíse arna dréachtú ag comhlacht arna cheapadh nó roinn arna ceapadh ag tír thionscnaimh an táirge, a mhéid is atá an táirge ceaptha lena chaitheamh go díreach ag an duine. Airteagal 112n Seiceálacha náisiúnta Déanfaidh Ballstáit seiceálacha, bunaithe ar anailís riosca, d'fhonn a fhíorú an gcomhlíonann táirgí na rialacha atá leagtha síos sa Roinn seo agus cuirfidh siad pionóis riaracháin i bhfeidhm mar is iomchuí. Airteagal 112o Cumhachtaí cur chun feidhme Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta uile is gá a ghlacadh a bhaineann leis an Roinn seo agus go háirithe leis an méid seo a leanas: (a) rialacha a leagan síos maidir leis an gcaighdeán ginearálta margaíochta a chur chun feidhme; (b) rialacha a leagan síos maidir leis na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XIIa a chur chun feidhme; (c) liosta na dtáirgí a tharraingt suas, arb iad na táirgí dá dtagraítear sa dara mír de phointe 5 de Chuid III d'Iarscríbhinn XIIa agus i bpointe (a) den séú mír de Chuid VI d'Iarscríbhinn XIIa atá iontu, bunaithe ar liostaí táscacha táirgí a mheasann Ballstáit go gcomhfhreagraíonn siad ina gcríoch do na táirgí dá dtagraítear sa dara mír de phointe 5 de Chuid III d'Iarscríbhinn XIIa agus i bpointe (a) den séú mír de Chuid VI d'Iarscríbhinn XIIa agus ar táirgí iad sin a sheolfaidh Ballstáit chuig an gCoimisiún; (d) rialacha a leagan síos maidir leis na caighdeáin mhargaíochta a chur chun feidhme de réir earnála nó táirge, lena n-áirítear na rialacha mionsonraithe maidir le samplaí a thógáil agus na modhanna anailíse le comhdhéanamh táirgí a chinneadh; (e) rialacha a leagan síos lena bhféadfar a shuíomh ar cuireadh próisis i bhfeidhm ar tháirgí, ar próisis iad a sháraíonn na cleachtais údaraithe fíoneolaíochta; (f) rialacha a leagan síos maidir leis na seiceálacha a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán margaíochta de réir earnála nó táirge; (g) rialacha a leagan síos maidir leis an leibhéal lamháltais a shocrú; (h) forálacha a ghlacadh maidir leis na húdaráis atá freagrach as na seiceálacha a dhéanamh ar chomhlíonadh agus forálacha maidir le hábhar agus le minicíocht na seiceálacha sin agus leis an gcéim mhargaíochta lena mbainfidh siad; (i) na bearta is gá a ghlacadh chun an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 112l a chur chun feidhme. * IO L 197, 3.8.2000, lch. 19 ** IO L 10, 12.1.2002, lch. 58 *** IO L 10, 12.1.2002, lch. 67 **** IO L 15, 17.1.2002, lch. 19 ***** IO L 10, 12.1.2002, lch. 47 ****** IO L 10, 12.1.2002, lch. 53 ******* IO L 31, 1.2.2002, lch. 1 ********" (3) Scriostar Airteagal 113. (4) Leasaítear Airteagal 113a mar seo a leanas: (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: "2. Beidh feidhm ag na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear i mír 1 agus ag aon chaighdeán margaíochta is infheidhme maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte, agus beidh feidhm acu ag gach céim mhargaíochta lena n-áirítear onnmhairiú agus allmhairiú mura bhforálann an Coimisiún a mhalairt." (b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 4: "Gan dochar d’aon fhorálacha sonracha a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 194, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na seiceálacha comhréireachta sna Ballstáit, déanfaidh na Ballstáit seiceáil roghnaíoch bunaithe ar anailís riosca i gcás earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte le féachaint an gcomhlíonann na táirgí i dtrácht na caighdeáin mhargaíochta sin. Díreofar na seiceálacha sin ar an gcéim sin sula seoltar na táirgí ó na limistéir táirgthe agus nuair atá na táirgí á bpacáil nó á lódáil. I gcás táirgí ó thríú tíortha, déanfar na seiceálacha sula scaoiltear amach iad i gcomhair saorchúrsaíochta." (5) Scriostar Airteagail 113d, 118, 120, 120a go 120g, pointí (a)(b)(c)(d)(e)(f)(g)(h)(i)(j), den chéad mhír, agus an dara, an tríú agus an ceathrú mír d'Airteagal 121 agus Airteagal 158a. (6) Cuirtear Airteagal 196a agus Airteagal 196b isteach i gCuid VII de Chaibidil I mar seo a leanas: " Airteagal 196a Gníomhartha tarmligthe 1. Is ar feadh tréimhse neamhchinntithe a thabharfar na cumhachtaí don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa Rialachán seo a ghlacadh. A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna. 2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 a chúlghairm tráth ar bith. Maidir leis an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach chun a chinneadh an ndéanfar nó nach ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, féachfaidh sí chuige fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnta sula ndéanfar an Cinneadh deireanach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm sin. Má chinntear an chúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh feidhm leis an gCinneadh láithreach nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear síneadh míosa leis an tréimhse sin. Más rud é, ar dhul in éag don tréimhse sin, nach ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a shonrófar ann. Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm sula n-éagfaidh an tréimhse sin má tá sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach bhfuil sé beartaithe acu agóid a dhéanamh. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna atá aici agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe. Airteagal 196b Gníomhartha cur chun feidhme – Coiste [I gcás ina nglactar gníomhartha cur chun feidhme de bhun an Rialacháin seo, beidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 195 den Rialachán seo de chúnamh ag an gCoimisiún agus beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal [5] de Rialachán (CE) Uimh. [xxxx/yyyy]( le comhlánú tar éis an rialachán um shásraí maidir le rialú a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 291(2) den CFAE, atá á phlé faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ).]" (7) Scriostar Iarscríbhinní XIa, XIb, XII, XIII, XIV, XV, XVa, XVb, XVI faoi réir Airteagal 2(1) den Rialachán seo. (8) Cuirtear isteach Iarscríbhinní nua, XIIa, XIIb agus XIIc, agus tá téacs na n-iarscríbhinní sin leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Airteagal 2 1. Maidir le hAirteagail 113a, 113b, 114, 115, 116, 117 (1) go (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus Iarscríbhinní XIa (II), an dara mír, XIa (IV go IX), XII (IV)(2), XIII (VI), an dara mír, XIV(A), XIV (B)(I) (2) agus (3), XIV (B)(III) agus XIV (C), XV (II), (III), (IV) agus (VI), a ghabhann leis an Rialachán sin, chun na hAirteagail sin a chur i bhfeidhm, beidh feidhm acu go dtí an dáta atá le socrú de bhun mhír 2. 2. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir le rialacha margaíochta a chur i bhfeidhm, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, dáta ar a scoirfidh forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo d'fheidhm a bheith acu, nó ar a scoirfidh codanna díobh d'fheidhm a bheith acu, maidir leis an earnáil lena mbaineann. Is ionann an dáta sin agus dáta chur i bhfeidhm na rialacha margaíochta comhfhreagracha atá le bunú de bhun na ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sna leasuithe a tugadh isteach le pointe (2) d'Airteagal 1 den Rialachán seo. Airteagal 3 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 112b de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 mar a chuirtear isteach é le pointe (2) d'Airteagal 1 den Rialachán seo ón [.... /bliain tar éis dó teacht i bhfeidhm ]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN I 'Iarscríbhinn XIIa Sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairisc díolacháin táirgí dá dtagraítear in Airteagal 112f Chun críocha na hIarscríbhinne seo, is é an tuairisc díolacháin an t-ainm faoina ndíoltar bia-ábhar, de réir bhrí Airteagal 5(1) de Threoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle * CUID I. FEOIL BÓ-AINMHITHE ATÁ 12 MHÍ D'AOIS NÓ NÍOS ÓIGE I. Sainmhíniú Chun críocha chuid seo na hIarscríbhinne, ciallaíonn “feoil” gach conablach, feoil ar an gcnámh nó feoil dhíchnámhaithe, agus miodamas, gearrtha nó gan a bheith, a ceapadh lena chaitheamh ag an duine, faighte ó bhó-ainmhithe atá 12 mhí d’aois nó níos óige, atá úr, reoite nó domhainreoite, cibé acu atá sé clúdaithe nó pacáilte nó nach bhfuil. Ar iad a mharú, déanfaidh na hoibreoirí aicmiú ar gach bó-ainmhí atá 12 mhí d’aois nó níos óige, faoi mhaoirsiú an údaráis inniúil, i gceann den dá chatagóir seo a leanas: (A) Catagóir V: bó-ainmhithe atá 8 mí d’aois nó níos óige Litir aitheantais na catagóire: V; (B) Catagóir Z: bó-ainmhithe atá níos sine ná 8 mí d’aois ach nach bhfuil níos sine ná 12 mhí d’aois Litir aitheantais na catagóire: Z. II. Tuairiscí díolacháin 1. Ní dhéanfar margaíocht ar fheoil bó-ainmhithe atá 12 mhí d’aois nó níos óige sna Ballstáit ach amháin faoi na tuairiscí díolacháin seo a leanas atá leagtha síos do gach Ballstát: (A) Maidir le feoil bó-ainmhithe atá 8 mí d'aois nó níos óige (litir aitheantais na catagóire; V): Tír mhargaíochta | Tuairiscí díolacháin le húsáid | An Bheilg | veau, viande de veau/kalfsvlees/Kalbfleisch | An Bhulgáir | месо от малки телета | Poblacht na Seice | Telecí | An Danmhairg | Lyst kalvekød | An Ghearmáin | Kalbfleisch | An Eastóin | Vasikaliha | An Ghréig | μοσχάρι γάλακτος | An Spáinn | Ternera blanca, carne de ternera blanca | An Fhrainc | veau, viande de veau | Éire | Veal | An Iodáil | vitello, carne di vitello | An Chipir | μοσχάρι γάλακτος | An Laitvia | Teļa gaļa | An Liotuáin | Veršiena | Lucsamburg | veau, viande de veau/Kalbfleisch | An Ungáir | Borjúhús | Málta | Vitella | An Ísiltír | Kalfsvlees | An Ostair | Kalbfleisch | An Pholainn | Cielęcina | An Phortaingéil | Vitela | An Rómáin | carne de vițel | An tSlóivéin | Teletina | An tSlóvaic | Teľacie mäso | An Fhionlainn | vaalea vasikanliha/ljust kalvkött | An tSualainn | ljust kalvkött | An Ríocht Aontaithe | Veal | (B) Maidir le feoil bó-ainmhithe atá níos sine ná 8 mí d'aois ach nach bhfuil níos sine ná 12 mhí d'aois (litir aitheantais na catagóire; Z): Tír mhargaíochta | Tuairiscí díolacháin le húsáid | An Bheilg | jeune bovin, viande de jeune bovin/jongrundvlees/Jungrindfleisch | An Bhulgáir | Tелешко месо | Poblacht na Seice | hovězí maso z mladého skotu | An Danmhairg | Kalvekød | An Ghearmáin | Jungrindfleisch | An Eastóin | noorloomaliha | An Ghréig | νεαρό μοσχάρι | An Spáinn | Ternera, carne de ternera | An Fhrainc | jeune bovin, viande de jeune bovin | Éire | rosé veal | An Iodáil | vitellone, carne di vitellone | An Chipir | νεαρό μοσχάρι | An Laitvia | jaunlopa gaļa | An Liotuáin | Jautiena | Lucsamburg | jeune bovin, viande de jeune bovin/Jungrindfleisch | An Ungáir | Növendék marha húsa | Málta | Vitellun | An Ísiltír | rosé kalfsvlees | An Ostair | Jungrindfleisch | An Pholainn | młoda wołowina | An Phortaingéil | Vitelão | An Rómáin | carne de tineret bovin | An tSlóivéin | meso težjih telet | An tSlóvaic | mäso z mladého dobytka | An Fhionlainn | vasikanliha/kalvkött | An tSualainn | Kalvkött | An Ríocht Aontaithe | Beef | 2. Is féidir cur leis na tuairiscí díolacháin dá dtagraítear i bpointe 1 trí ainm nó trí shonrúchán na bpíosaí feola nó miodamais atá i gceist a léiriú. 3. Ní bhainfear úsáid as na tuairiscí díolacháin atá liostaithe do chatagóir V i bpointe A den tábla atá leagtha síos i bpointe 1 ná as aon ainm nua díorthaithe ó na tuairiscí díolacháin sin ach amháin má chomhlíontar ceanglais na hIarscríbhinne seo. Go háirithe, ní bhainfear úsáid as na téarmaí “veau”, “telecí”, “Kalb”, “μοσχάρι”, “ternera”, “kalv”, “veal”, “vitello”, “vitella”, “kalf”, “vitela” ná “teletina” i dtuairisc díolacháin ná ní chuirfear in iúl iad ar lipéid feola bó-ainmhithe atá níos sine ná 12 mhí. 4. Ní bheidh feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear in 1 i gcás feola bó-ainmhithe ar cláraíodh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ina leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 **, roimh an 29 Meitheamh 2007. CUID II. TÁIRGÍ FÍNIÚNA (1) Fíon Is éard a bheidh i gceist le fíon ná an táirge a fhaightear go heisiach ó choipeadh alcólach iomlán nó páirteach fíonchaor úr, cibé acu atá siad brúite nó nach bhfuil, nó d’úrfhíon fíonchaor. Beidh an méid seo a leanas fíor maidir le fíon: (a) beidh neart alcóil iarbhír nach lú ná 8,5 % de réir toirte aige, cibé acu a cuireadh na próisis a shonraítear i Roinn B de Chuid I d’Iarscríbhinn XIIc i bhfeidhm nó nár cuireadh, ar choinníoll go dtagann an fíon go heisiach ó fhíonchaora arna mbaint i gcriosanna fíonsaothrúcháin A agus B dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, agus neart alcóil iarbhír nach lú ná 9 % de réir toirte i gcriosanna fíonsaothrúcháin eile; (b) beidh neart alcóil iarbhír nach lú ná 4,5 % de réir toirte aige, de mhaolú ar an íosneart alcóil iarbhír is infheidhme i ngach cás eile, i gcás ina bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint aige, cibé acu a cuireadh na próisis a shonraítear i Roinn B de Chuid I d’Iarscríbhinn XIIc i bhfeidhm nó nár cuireadh; (c) beidh neart alcóil iomlán nach mó ná 15 % de réir toirte ann. De mhaolú ar an méid sin, áfach: - is féidir leis an uasteorainn do neart iomlán an alcóil a bheith chomh hard le 20 % de réir toirte i gcás fíonta a táirgeadh gan aon saibhriú ó limistéir fíonsaothrúcháin áirithe den Aontas, a bheidh le Cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 112e(1), - is féidir leis an uasteorainn do neart iomlán an alcóil dul thar 15 % de réir toirte i gcás fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint acu agus a táirgeadh gan saibhriú; (d) faoi réir maoluithe a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 112e(1), beidh cion aigéadachta iomlán aige, arna shloinneadh mar aigéad tartarach, nach lú ná 3,5 gram in aghaidh an lítir nó 46,6 milleachoibhéis in aghaidh an lítir. Is éard a bheidh i “retsina” ná fíon a tháirgtear i gcríoch gheografach na Gréige amháin ag úsáid úrfhíona fíonchaor atá cóireáilte le roisín ón bpéine Aleppo. Ceadaítear úsáid roisín an phéine Aleppo chun fíon “Retsina” a fháil agus chuige sin amháin, faoi na coinníollacha atá leagtha síos san fhoráil is infheidhme maidir leis an nGréig. De mhaolú ar phointe (b), meastar gur fíon iad “Tokaji eszencia” agus “Tokajská esencia”. Mar sin féin, d’ainneoin Airteagal 112f(2), féadfaidh na Ballstáit úsáid an téarma “fíon” a cheadú sna cásanna seo a leanas: - má thugtar ainm toraidh i bhfoirm comhainm ar tháirgí ar an margadh a fuarthas trí choipeadh toraidh eile seachas fíonchaora; nó - más cuid de chomhainm é. Seachnófar aon mhearbhall maidir le táirgí a fhreagraíonn do na catagóirí fíona san Iarscríbhinn seo. (2) Fíon nua atá fós faoi choipeadh Is fíon nua atá fós faoi choipeadh a bheidh sa táirge nach bhfuil an coipeadh alcólach críochnaithe fós ann agus nach bhfuil scartha óna mhoirt fós. (3) Fíon licéir Is éard a bheidh i bhfíon licéir ná an táirge: (a) ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 15 % de réir toirte agus nach mó ná 22 % de réir toirte; (b) ag a bhfuil neart alcóil iomlán nach lú ná 17,5 % de réir toirte, ach amháin fíonta licéir áirithe le sonrúchán tionscnaimh nó le tásc geografach ó liosta atá le tarraingt suas ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 112e(1); (c) a fhaightear ó cheann díobh seo a leanas: - úrfhíon fíonchaor atá faoi choipeadh, - fíon, - teaglaim de na táirgí thuas, nó - úrfhíon fíonchaor nó meascán de le fíon i gcás fíonta licéir áirithe a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, atá le Cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 112e(1); (d) ag a bhfuil neart nádúrtha alcóil tosaigh nach lú ná 12 % de réir toirte ach amháin fíonta licéir áirithe le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó le tásc geografach faoi chosaint ó liosta atá le tarraingt suas ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 112e(1); (e) a bhfuil an méid seo a leanas curtha leis: (i) ina n-aonar nó i dteaglaim: - alcól neodrach de bhunús fíniúna, lena n-áirítear alcól arna tháirgeadh ó dhriogadh fíonchaor triomaithe, ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 96 % de réir toirte, - fíon nó driogáit fíonchaor triomaithe, ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 52 % de réir toirte agus nach mó ná 86 % de réir toirte; (ii) in éineacht le ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas, nuair is iomchuí: - úrfhíon fíonchaor tiubhaithe, - teaglaim de cheann de na táirgí dá dtagraítear i bpointe (e)(i) le húrfhíon fíonchaor dá dtagraítear sa chéad fhleasc agus sa cheathrú fleasc de phointe (c); (f) lena bhfuil, de mhaolú ar phointe (e), ceann acu seo a leanas curtha fad is a bhaineann le fíonta licéir áirithe le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ó liosta atá le tarraingt suas ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 112e(1): (i) ceachtar de na táirgí atá liostaithe i bpointe (e)(i) ina aonar nó i dteaglaim; nó (ii) ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas: - alcól fíona nó alcól fíonchaor triomaithe ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 95 % de réir toirte agus nach mó ná 96 % de réir toirte, - biotáillí driogtha ó fhíon nó ó mharc fíonchaor, ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 52 % de réir toirte agus nach mó ná 86 % de réir toirte, - biotáillí driogtha ó fhíonchaora triomaithe ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 52 % de réir toirte ach níos lú ná 94,5 % de réir toirte; agus (iii) ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas, nuair is iomchuí: - urfhíon fíonchaor leathchoipthe, a fhaightear ó fhíonchaora rísínithe, - úrfhíon fíonchaor tiubhaithe a fhaightear trí theas díreach, a chomhlíonann an sainmhíniú ar úrfhíon fíonchaor tiubhaithe, ach amháin i gcás na hoibríochta sin, - úrfhíon fíonchaor tiubhaithe, - teaglaim de cheann de na táirgí atá liostaithe i bpointe (f)(ii) le húrfhíon fíonchaor dá dtagraítear sa chéad fhleasc agus sa cheathrú fleasc de phointe (c). (4) Fíon súilíneach Is éard a bheidh i bhfíon súilíneach ná an táirge: (a) a fhaightear ón gcéad nó ón dara coipeadh alcólach: - ó fhíonchaora úra, - ó úrfhíon fíonchaor, nó, - ó fhíon; (b) a scaoileann dé-ocsaíd charbóin díorthaithe go heisiach ó choipeadh, nuair a osclaítear an coimeádán; (c) ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar thuaslagadh ann, nach lú ná 3 bhar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é; agus (d) nach mbeidh neart alcóil iomlán na cuvée atá beartaithe dá ullmhú níos lú ná 8,5 % de réir toirte. (5) Fíon súilíneach ar ardchaighdeán Is éard a bheidh i bhfíon súilíneach ar ardchaighdeán ná an táirge: (a) a fhaightear ón gcéad nó ón dara coipeadh alcólach: - ó fhíonchaora úra, - ó úrfhíon fíonchaor, nó - ó fhíon; (b) a scaoileann dé-ocsaíd charbóin díorthaithe go heisiach ó choipeadh, nuair a osclaítear an coimeádán; (c) ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar thuaslagadh ann, nach lú ná 3,5 bar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é; agus (d) nach mbeidh neart alcóil iomlán na cuvée atá beartaithe dá ullmhú níos lú ná 9 % de réir toirte. (6) Fíon súilíneach aramatach ar ardchaighdeán Is éard a bheidh i bhfíon súilíneach aramatach ar ardchaighdeán ná an fíon súilíneach ar ardchaighdeán: (a) nuair atá an cuvée á chomhdhéanamh, a fhaightear trí úsáid a bhaint as úrfhíon fíonchaor nó úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh agus atá díorthaithe ó chineálacha sonracha fíonchaor fíona ar liosta atá le tarraingt suas ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 112e(1). Déanfaidh an Coimisiún fíon súilíneach aramatach ar ardchaighdeán arna tháirgeadh go traidisiúnta trí úsáid a bhaint as fíon nuair atá an cuvée á chomhdhéanamh, a chinneadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 112e(1); (b) ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar thuaslagadh ann, nach lú ná 3 bhar nuair a choinnítear ag teocht 20°C i gcoimeádáin dhúnta é; (c) nach féidir neart alcóil iarbhír níos lú ná 6 % de réir toirte a bheith aige; agus (d) nach féidir neart alcóil iomlán níos lú ná 10 % de réir toirte a bheith aige. (7) Fíon súilíneach aeraithe Is éard a bheidh i bhfíon súilíneach aeraithe ná an táirge: (a) a fhaightear ó fhíon gan sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ná tásc geografach faoi chosaint; (b) a scaoileann, nuair a osclaítear an coimeádán, dé-ocsaíd charbóin díorthaithe go huile nó go páirteach ón ngás sin a bheith curtha leis an táirge; agus (c) ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar thuaslagadh ann, nach lú ná 3 bhar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é. (8) Fíon leathshúilíneach Is éard a bheidh i bhfíon leathshúilíneach ná an táirge: (a) a fhaightear ó fhíon ar an gcoinníoll nach lú neart alcóil iomlán an fhíona sin ná 9 % de réir toirte; (b) a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 7 % de réir toirte ann; (c) ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin inginiúil a bheith ar thuaslagadh ann, nach lú ná 1 bhar agus nach mór ná 2,5 bar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é; agus (d) a chuirtear i gcoimeádáin 60 lítear nó níos lú. (9) Fíon leathshúilíneach aeraithe Is éard a bheidh i bhfíon leathshúilíneach aeraithe ná an táirge: (a) a fhaightear ó fhíon; (b) a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 7 % de réir toirte agus neart alcóil iomlán nach lú ná 9 % de réir toirte ann; (c) ag a bhfuil brú barrachais nach lú ná 1 bhar agus nach mó ná 2,5 bar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar thuaslagadh ann atá curtha leis go hiomlán nó go páirteach; agus (d) a chuirtear i gcoimeádáin 60 lítear nó níos lú. (10) Úrfhíon fíonchaor Is éard a bheidh in úrfhíon fíonchaor ná an táirge leachtach a fhaightear go nádúrtha nó trí phróisis fhisiceacha ó fhíonchaora úra. Tá neart alcóil iarbhír nach mó ná 1 % de réir toirte ceadaithe i gcás úrfhíona fíonchaor. (11) Úrfhíon fíonchaor leathchoipthe Is éard a bheidh in úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh an táirge a fhaightear ó choipeadh úrfhíona fíonchaor ag a bhfuil neart alcóil iarbhír atá níos mó ná 1 % de réir toirte ach níos lú ná trí chúigiú dá neart alcóil iomlán de réir toirte. (12) Úrfhíon fíonchaor leathchoipthe úsctha ó fhíonchaora rísínithe Is éard a bheidh in úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh úsctha ó fhíonchaora rísínithe ná an táirge a fhaightear ó choipeadh páirteach úrfhíona fíonchaor a fhaightear ó fhíonchaora rísínithe, ina bhfuil cion iomlán siúcra de 272 gram in aghaidh an lítir roimh choipeadh agus ag a bhfuil neart alcóil iarbhír agus nádúrtha nach lú ná 8 % de réir toirte. Maidir le fíonta áirithe, áfach, atá le Cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 112e(1), agus a chomhlíonann na ceanglais seo, ní mheasfar gur úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh úsctha ó fhíonchaora rísínithe iad. (13) Úrfhíon fíonchaor tiubhaithe Is éard a bheidh in úrfhíon fíonchaor tiubhaithe ná úrfhíon fíonchaor neamhdhóite a fhaightear trí dhíhiodráitiú páirteach úrfhíona fíonchaor arna dhéanamh trí aon mhodh údaraithe, seachas teas díreach, ar bhealach a fhágann nach lú ná 50,9 % an figiúr a léirítear ar athraonmhéadar arna úsáid i gcomhréir le modh atá le sannadh i gcomhréir leis an tríú fomhír d'Airteagal 112h(1) agus le pointe (d) d'Airteagal 112o ag teocht de 20 °C. Tá neart alcóil iarbhír den úrfhíon fíonchaor tiubhaithe nach mó ná 1 % de réir toirte ceadaithe. (14) Úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe Is éard a bheidh in úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe ná an táirge neamhdhóite leachtach: (a) a fhaightear trí dhíhiodráitiú páirteach úrfhíona fíonchaor arna dhéanamh trí aon mhodh údaraithe, seachas teas díreach, ar bhealach a fhágann nach lú ná 61,7 % an figiúr a léirítear ar athraonmhéadar arna úsáid i gcomhréir le modh atá le sannadh i gcomhréir leis an tríú fomhír d'Airteagal 112h(1) agus le pointe (d) d'Airteagal 112o ag teocht de 20 °C; (b) atá curtha faoi chóireáil údaraithe chun comhábhair seachas siúcra a dhí-aigéadú agus a dhíothú; (c) ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas: - pH nach mó ná 5 ag 25 Brix, - dlús optúil ag 425 nm do thiús 1 cm nach mó ná 0,100 in úrfhíon fíonchaor tiubhaithe ag 25 Brix, - cion siúcróis nach bhfuil le brath trí mhodh anailíse atá le sainiú, - innéacs Folin-Ciocalteu nach mó ná 6,00 ag 25 °Brix, - aigéadacht intoirtmheasctha nach mó ná 15 mhilleachoibhéis in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána, - cion dé-ocsaíde sulfair nach mó ná 25 milleagram in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána, - cion iomlán caitian nach mó ná 8 milleachoibhéis in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána, - seoltacht ag 25 °Brix agus 20 °C nach mó ná 120 micrea-Siemens/cm, - cion hiodrocsaimeitiolfurfurail nach mó ná 25 milleagram in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána, - mesoinositol i láthair. Tá neart alcóil iarbhír den úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe nach mó ná 1 % de réir toirte ceadaithe. (15) Fíon ó fhíonchaora rísínithe Is éard a bheidh i bhfíon ó fhíonchaora rísínithe ná an táirge: (a) a tháirgtear gan saibhriú, ó fhíonchaora a fágadh sa ghrian nó sa scáth i gcomhair díhiodráitiú páirteach; (b) ag a bhfuil neart alcóil iomlán nach lú ná 16 % de réir toirte agus neart alcóil iarbhír nach lú ná 9 % de réir toirte; agus (c) ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha nach lú ná 16 % de réir toirte (nó 272 gram siúcra in aghaidh an lítir). (16) Fíon ó fhíonchaora ró-aibí Is éard a bheidh i bhfíon ó fhíonchaora ró-aibí ná an táirge: (a) a tháirgtear gan saibhriú; (b) ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha níos mó ná 15 % de réir toirte; agus (c) ag a bhfuil neart alcóil iomlán nach lú ná 15 % de réir toirte agus neart alcóil iarbhír nach mó ná 12 % de réir toirte. Féadfaidh Ballstáit tréimhse aosaithe a leagan síos don táirge seo. (17) Fínéagar fíona Is éard a bheidh i bhfínéagar fíona ná fínéagar: (a) a fhaightear go heisiach trí choipeadh aicéiteach fíona; agus (b) ag a bhfuil aigéadacht iomlán nach lú ná 60 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad aicéiteach. CUID III. BAINNE AGUS TÁIRGÍ BAINNE 21. Ciallaíonn an téarma ‘bainne' an gnáththál mamach arna fháil ó bhleán amháin nó níos mó gan aon rud a bheith curtha leis sin nó bainte as sin, agus an chiall sin amháin. Féadfar an téarma ‘bainne’ a úsáid sna cásanna seo a leanas, áfach: (a) i gcás bainne arna chóireáil gan a chomhdhéanamh a athrú nó i gcás bainne a rinneadh a chion saille a chaighdeánú de réir chuid IV den Iarscríbhinn seo; (b) i gcomhar le focal nó focail chun cineál, grád, tionscnamh agus/nó úsáid bheartaithe an bhainne sin a shainiú nó chun cur síos a dhéanamh ar an gcóireáil fhisiceach nó ar an modhnú ar chomhdhéanamh atá déanta air, ar choinníoll go bhfuil an modhnú srianta do chomhábhair nádúrtha bhainne a chur leis agus/nó a bhaint as. 22. Chun críocha na Coda seo, ciallaíonn ‘táirgí bainne’ táirgí a fhaightear ó bhainne amháin, ar an tuiscint gur féidir substaintí a theastaíonn chun iad a dhéanamh a chur leo ar choinníoll nach n-úsáidtear na substaintí sin chun iad a chur in ionad, go huile nó go páirteach, aon chomhábhair bhainne. Forchoimeádfar iad seo a leanas go heisiach do tháirgí bainne. (a) na hainmneacha a leanas a úsáidtear ag gach céim margaíochta: (i) meadhg, (ii) uachtar, (iii) im, (iv) bláthach, (v) ola ime, (vi) cáiséiní, (vii) saill bhainne ainhidriúil, (viii) cáis, (ix) iógart, (x) kephir, (xi) koumiss, (xii) viili/fil, (xiii) smetana, (xiv) fil; (b) ainmneacha faoi chuimsiú bhrí Airteagal 5 de Threoir 2000/13/CE a úsáidtear le haghaidh táirgí bainne. 23. Is féidir an téarma ‘bainne’ agus na sonrúcháin a úsáidtear do tháirgí bainne a úsáid freisin i gcomhar le focal nó focail chun táirgí ilchodacha a shainiú, ar táirgí iad nach bhfuil aon chuid díobh ag tógáil ionad aon chomhábhair bhainne nó nach bhfuil beartaithe ionad comhábhair bhainne a thógáil agus dá bhfuil bainne nó táirge bainne ina chuid bhunriachtanach maidir le cainníocht nó tréithriú an táirge. 24. Sonrófar tionscnamh an bhainne agus na dtáirgí bainne atá le sainiú ag an gCoimisiún murar bó-ainmhí atá i gceist. 25. Ní ceadmhach na sonrúcháin dá dtagraítear i bpointí 1, 2 agus 3 den Chuid seo a úsáid d’aon táirge seachas dóibh siúd dá dtagraítear sa phointe sin. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo, áfach, maidir le sonrúchán táirgí dá bhfuil an cineál soiléir ó úsáid thraidisiúnta agus/nó nuair is léir go n-úsáidtear na sonrúcháin chun cur síos a dhéanamh ar shaintréith an táirge. 26. Maidir le táirgí seachas iad siúd a bhfuil tuairisc orthu i bpointí 1, 2 agus 3 den Chuid seo, ní ceadmhach aon lipéad, doiciméad tráchtála, ábhar poiblíochta ná aon chineál fógraíochta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2 de Threoir 2006/114/CE*** ón gComhairle, ná aon chineál cur i láthair a úsáid a mhaíonn, a chuireann in iúl nó a thugann le tuiscint gur táirge déiríochta atá sa táirge. Maidir le táirge ina bhfuil bainne nó táirgí bainne, áfach, ní ceadmhach an sonrúchán ‘bainne’ nó na sonrúcháin dá dtagraítear sa dara fomhír de phointe 2 den Chuid seo a úsáid ach amháin chun cur síos a dhéanamh ar na hamhábhair bhunúsacha agus chun na comhábhair a liostú i gcomhréir le Treoir 2000/13/CE. CUID IV. BAINNE ATÁ OIRIÚNACH LENA CHAITHEAMH AG AN DUINE AGUS A THAGANN FAOI RÉIM CHÓD AC 0401 I. Sainmhínithe Chun críocha na Coda seo: (a) ciallaíonn ‘bainne’ an táirge a fhaightear as bó amháin nó níos mó a bhleán; (b) ciallaíonn ‘bainne óil’ na táirgí dá dtagraítear i bpointe III atá beartaithe a sheachadadh chuig an tomhaltóir gan tuilleadh próiseála; (c) ciallaíonn ‘cion saille’ an cóimheas de réir maise de chodanna saille bainne in aghaidh gach céad cuid bainne sa bhainne lena mbaineann; (d) ciallaíonn ‘cion próitéine’ an cóimheas de réir maise de chodanna próitéine in aghaidh gach céad cuid bainne sa bhainne lena mbaineann (arna fháil tríd an gcion nítrigine iomlán sa bhainne a mhéadú faoi 6,38 arna shloinneadh mar chéatadán de réir maise). II. Seachadadh ar an tomhaltóir deiridh nó díol leis (1) Ní ceadmhach ach bainne a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos do bhainne óil a sheachadadh gan phróiseáil ar an tomhaltóir deiridh nó a dhíol leis, go díreach nó trí bhialanna, ospidéil, ceaintíní nó oll-lónadóirí comhchosúla eile. (2) Is iad na tuairiscí díolacháin a úsáidfear do na táirgí sin ná iad siúd a thugtar i bpointe III den Chuid seo. Ní úsáidfear na tuairiscí sin ach amháin do na táirgí dá dtagraítear sa phointe sin, gan dochar dá n-úsáid i dtuairiscí ilchodacha. (3) Glacfaidh Ballstáit bearta chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi chineál agus faoi chomhdhéanamh na dtáirgí lena mbaineann sna cásanna gur dócha mearbhall a bheith ann mura gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil. III. Bainne óil 1. Measfar gur bainne óil a bheidh sna táirgí seo a leanas: (a) bainne amh: bainne nár téadh os cionn 40ºC nó nach ndearnadh cóireáil air ag a bhfuil tionchar coibhéiseach; (b) bainne iomlán: bainne teaschóireáilte a chomhlíonann ceann de na ceanglais seo a leanas maidir le cion saille: (i) bainne iomlán caighdeánaithe: bainne a bhfuil ar a laghad 3,50 % (m/m) de chion saille ann. Is féidir le Ballstáit foráil a dhéanamh, áfach, maidir le catagóir bhreise de bhainne iomlán ina bhfuil 4,00 % (m/m) de chion saille ann nó níos mó; (ii) bainne iomlán neamhchaighdeánaithe: bainne le cion saille nár athraíodh tar éis bleáin trí shaill bhainne a chur leis nó a bhaint de nó trína mheascadh le bainne ina bhfuil an cion saille nádúrtha athraithe. Ní ceadmhach an cion saille a bheith níos lú ná 3,50 % (m/m), áfach; (c) bainne leathbhearrtha: bainne teaschóireáilte a bhfuil an cion saille ann laghdaithe go 1,50 % (m/m) ar a laghad agus 1,80 % (m/m) ar a mhéad; (d) bainne bearrtha: bainne teaschóireáilte a bhfuil an cion saille ann laghdaithe go 0,50 % (m/m) ar a mhéad. Measfar gur bainne óil atá i mbainne teaschóireáilte nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le cion saille atá leagtha síos i bpointí (b), (c) agus (d) den chéad fhomhír ar choinníoll go bhfuil an cion saille curtha in iúl go soiléir le pointe deachúlach amháin agus é inléite go soiléir ar an bpacáistíocht i bhfoirm “...% de shaill”. Ní dhéanfar cur síos ar bhainne den chineál seo mar bhainne iomlán, mar bhainne leathbhearrtha ná mar bhainne bearrtha. 2. Gan dochar do phointe 1(b)(ii), ní cheadófar ach na modhnuithe seo a leanas: (a) an cion saille atá leagtha síos do bhainne óil a bhaint amach, an cion saille nádúrtha a mhodhnú trí uachtar a chur leis nó a bhaint de nó trí bhainne iomlán, bainne leathbhearrtha nó bainne bearrtha a chur leis; (b) bainne a shaibhriú le próitéiní bainne, salainn mhianracha nó vitimíní; (c) an cion lachtóis a laghdú trína thiontú go glúcós agus galachtós. Ní cheadófar modhnuithe i gcomhdhéanamh bainne dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) ach amháin má tá siad léirithe go doscriosta ar phacáistíocht an táirge ionas gur féidir é a fheiceáil agus a léamh go furasta. Ní bhfaighidh léiriú den chineál sin réidh leis an oibleagáid maidir le lipéadú cothaithe atá leagtha síos i dTreoir 90/496/CEE ón gComhairle ****. I gcás ina gcuirtear próitéiní leis, ní mór cion próitéine an bhainne shaibhrithe a bheith cothrom le 3,8 % (m/m) nó níos mó. Féadfaidh Ballstáit teorainn a chur le modhnuithe, nó cosc a chur ar mhodhnuithe ar chomhdhéanamh bainne dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c). 3. Beidh an méid seo a leanas fíor faoi bhainne óil: (a) beidh reophointe aige atá gar do mheán-reophointe bainne amh arna thaifeadadh i limistéar tionscnaimh an bhainne óil arna bhailiú; (b) beidh mais ag an mbainne nach lú ná 1028 gram in aghaidh an lítir i gcás bainne ina bhfuil 3,5 % (m/m) de shaill ag 20°C nó an meáchan coibhéiseach in aghaidh an lítir i gcás bainne ina bhfuil cion saille éagsúil; (c) beidh ar a laghad 2,9 % (m/m) de phróitéin ann i gcás bainne ina bhfuil 3,5 % (m/m) de shaill nó tiúchan coibhéiseach i gcás bainne ina bhfuil cion saille éagsúil. CUID V. TÁIRGÍ EARNÁLACHA NA FEOLA ÉANLAITHE Beidh feidhm ag an gCuid seo den Iarscríbhinn seo maidir le margaíocht a dhéanamh laistigh den Aontas i modh gnó nó trádála, ar táirgí de chineálacha agus de léirithe áirithe feola éanlaithe iad, agus ullmhóidí agus táirgí feola éanlaithe nó ullmhóidí agus táirgí miodamais éanlaithe, ó na speicis seo a leanas - Gallus domesticus, - lachain, - géanna, - turcaithe, - guinithe. Beidh feidhm ag na forálacha seo freisin maidir le feoil éanlaithe faoi sháile a thagann faoi réim chód AC 0210 99 39. I. Sainmhínithe (1) ciallaíonn ‘feoil éanlaithe' feoil éanlaithe atá oiriúnach lena caitheamh ag an duine agus nach bhfuil aon chóireáil déanta uirthi seachas fuar-chóireáil; (2) ciallaíonn "feoil úr éanlaithe" feoil éanlaithe nach bhfuil stalctha ag aon am ag an bpróiseas fuaraithe, roimh di a bheith coinnithe ag teocht nach ísle ná – 2 °C agus nach airde ná + 4 °C. Féadfaidh Ballstáit ceanglais teochta atá beagán éagsúil a leagan síos don íosmhéid ama is gá chun feoil úr éanlaithe a ghearradh agus a láimhseáil i siopaí miondíola nó in áitribh atá in aice le pointí díolacháin, i gcás ina ndéantar an gearradh agus an láimhseáil chun iad a sholáthar don tomhaltóir ar an láthair, agus chuige sin amháin; (3) ciallaíonn "feoil reoite éanlaithe" feoil éanlaithe nach mór a bheith reoite chomh tapa agus is féidir taobh istigh de shrianta na ngnáthnósanna imeachta maraithe agus atá le coinneáil ag teocht nach airde ná -12 °C ag am ar bith; (4) ciallaíonn "feoil mhear-reoite éanlaithe" feoil éanlaithe atá le coinneáil ag teocht nach airde ná -18°C ag am ar bith taobh istigh de na lamháltais dá ndéantar foráil i dTreoir 89/108/CEE ón gComhairle *****. (5) ciallaíonn "ullmhóid feola éanlaithe" feoil éanlaithe, lena n-áirítear feoil éanlaithe atá laghdaithe go blúirí, a bhfuil bia-ábhair, blastanais nó breiseáin curtha leis, nó atá curtha trí phróisis nach bhfuil leordhóthanach chun struchtúr shnáithíní mhatáin inmheánacha na feola a athrú; (6) ciallaíonn "ullmhóid feola úire éanlaithe" ullmhóid feola éanlaithe ar baineadh úsáid as feoil úr éanlaithe ann. Féadfaidh Ballstáit ceanglais teochta atá beagán éagsúil a leagan síos, áfach, atá le cur i bhfeidhm don íosmhéid ama is gá agus sa mhéid is gá amháin chun gearradh agus láimhseáil feola éanlaithe a dhéantar sa mhonarcha le linn táirgeadh ullmhóidí feola úire éanlaithe a éascú; (7) ciallaíonn "táirge feola éanlaithe" táirge feola mar atá sainmhínithe i bpointe 7.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ****** ar úsáideadh feoil éanlaithe ann. CUID VI. SAILLTE INLEATA Ní ceadmhach na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 112f a sholáthar ná a aistriú gan phróiseáil chuig an tomhaltóir deiridh go díreach ná trí bhialanna, ospidéil, ceaintíní nó áiteanna comhchosúla, mura gcomhlíonann siad na ceanglais atá leagtha amach san Iarscríbhinn. Is iad tuairiscí díolacháin na dtáirgí sin na cinn atá sonraithe sa Chuid seo. Forchoimeádfar na tuairiscí díolacháin anseo thíos do na táirgí atá sainithe ann ag a bhfuil na cóid AC seo a leanas agus ag a bhfuil cion saille 10 % ar a laghad ach níos lú ná 90 % de réir meáchain: (a) saillte bainne a thagann faoi réim chóid AC 0405 agus ex2106; (b) saillte a thagann faoi réim chód AC ex1517; (c) saillte atá comhdhéanta de tháirgí plandaí agus/nó ainmhithe a thagann faoi réim chód AC ex 1517 agus chód AC ex 2106. Cion saille lúide salann a bheidh in dhá thrian ar a laghad den ábhar tirim. Ní bhainfidh na tuairiscí díolacháin sin, áfach, ach le táirgí a bhíonn fós soladach ag teocht 20°C, agus atá oiriúnach lena n-úsáid mar leatháin. Ní bheidh feidhm ag na sainmhínithe seo maidir leis na nithe seo a leanas: (a) sonrúchán táirgí a bhfuil a gcineál díreach soiléir ó úsáid thraidisiúnta agus/nó nuair a úsáidtear na sonrúcháin go soiléir chun tuairisc a dhéanamh ar shaintréith de chuid an táirge; (b) táirgí tiubhaithe (im, margairín, cumaisc) ina bhfuil cion saille 90 % nó níos mó. Grúpa saille | Tuairisc díolacháin | Catagóirí táirge | Sainmhínithe | Tuairisc bhreise ar an gcatagóir le léiriú ar an % de chion saille de réir meáchain | A. Saillte bainne Táirgí i bhfoirm eibleachta soladaí, intuargainte, den chineál uisce-in-ola den chuid is mó, a fhaightear ó bhainne agus/nó táirgí bainne áirithe, agus uathu sin amháin, arb í an tsaill an comhábhar bunriachtanach luacha iontu. Is ceadmhach, áfach, substaintí eile a theastaíonn chun iad a dhéanamh a chur leo, ar choinníoll nach n-úsáidtear na substaintí sin chun iad a chur in ionad, go huile nó go páirteach, aon chomhábhair bhainne. | 1. Im 2. Im le trí cheathrú saille (*) 3. Im leath-shaille (**) 4. Leathán déiríochta X % | An táirge ina bhfuil cion saille bainne nach lú ná 80 % ach níos lú ná 90 %, ina bhfuil uaschion uisce 16 % agus ina bhfuil uaschion ábhair bhainne thirim neamhshaille 2 %. An táirge ina bhfuil cion saille bainne nach lú ná 60 % ach nach mó ná 62 %. An táirge ina bhfuil cion saille bainne nach lú ná 39 % ach nach mó ná 41 %. An táirge leis an gcion saille bainne seo a leanas: - níos lú ná 39 %, - níos mó ná 41 % ach níos lú ná 60 %, - níos mó ná 62 % ach níos lú ná 80 %. | B. Saillte Táirgí i bhfoirm eibleachta soladaí, intuargainte, den chineál uisce-in-ola den chuid is mó, a fhaightear ó shaillte soladacha agus/nó saillte leachtacha plandúla agus/nó ainmhíocha atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine, ag a bhfuil cion saille bainne nach mó ná 3 % den chion saille. | 1. Margairín 2. Margairín ina bhfuil trí cheathrú saille (***) 3. Margairín leath-shaille (****) 4. Leatháin saille X % | An táirge a fhaightear ó shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha ina bhfuil cion saille nach lú ná 80 % ach níos lú ná 90 %. An táirge a fhaightear ó shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha ina bhfuil cion saille nach lú ná 60 % ach nach mó ná 62 %. An táirge a fhaightear ó shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha ina bhfuil cion saille nach lú ná 39 % ach nach mó ná 41 %. An táirge a fhaightear ó shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha leis an gcion saille seo a leanas: - níos lú ná 39 %, - níos mó ná 41 % ach níos lú ná 60 %, - níos mó ná 62 % ach níos lú ná 80 %. | Grúpa saille | Tuairisc díolacháin | Catagóirí táirge | Sainmhínithe | Tuairisc bhreise ar an gcatagóir le léiriú ar an % de chion saille de réir meáchain | C. Saillte atá comhdhéanta de tháirgí plandaí agus/nó ainmhithe Táirgí i bhfoirm eibleachta soladaí, intuargainte, den chineál uisce-in-ola den chuid is mó, a fhaightear ó shaillte soladacha agus/nó saillte leachtacha plandúla agus/nó ainmhíocha atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine, ag a bhfuil cion saille bainne idir 10 % agus 80 % den chion saille. | 1. Cumasc 2. Cumasc le trí cheathrú saille (*****) 3. Cumasc leath-shaille (******) 4. Leathán cumasctha X % | An táirge a fhaightear ó mheascán de shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha a bhfuil cion saille nach lú ná 80 % ach níos lú ná 90 % ann. An táirge a fhaightear ó mheascán de shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha a bhfuil cion saille nach lú ná 60 % ach nach mó ná 62 % ann. An táirge a fhaightear ó mheascán de shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha a bhfuil cion saille nach lú ná 39 % ach nach mó ná 41 % ann. An táirge a fhaightear ó mheascán de shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha a bhfuil an cion saille seo a leanas ann: - níos lú ná 39 %, - níos mó ná 41 % ach níos lú ná 60 %, - níos mó ná 62 % ach níos lú ná 80 %. | (*) a fhreagraíonn do ‘smør 60’ sa Danmhairgis. (**) a fhreagraíonn do ‘smør 40’ sa Danmhairgis. (***) a fhreagraíonn do ‘margarine 60’ sa Danmhairgis. (****) a fhreagraíonn do ‘margarine 40’ sa Danmhairgis. (*****) a fhreagraíonn do ‘blandingsprodukt 60’ sa Danmhairgis. (******) a fhreagraíonn do ‘blandingsprodukt 40’ sa Danmhairgis. | Nóta: Ní ceadmhach an comhábhar saille bainne de na táirgí atá liostaithe sa Chuid seo a mhodhnú ach amháin trí phróisis fhisiceacha. CUID VII. TUAIRISCÍ AGUS SAINMHÍNITHE AR OLA OLÓIGE AGUS AR OLAÍ PRABHAITE OLÓIGE Beidh sé éigeantach na tuairiscí agus na sainmhínithe maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige atá leagtha amach sa Chuid seo a úsáid i gcás mhargaíocht na dtáirgí lena mbaineann laistigh den Aontas, agus sa mhéid agus atá sé ag luí le rialacha éigeantacha idirnáisiúnta, i gcás trádála le tríú tíortha. Ní féidir ach olaí dá dtagraítear i bpointí 1(a) agus (b), 3 agus 6 den Chuid seo a mhargú le linn chéim an mhiondíola. (1) Olaí olóige íona Olaí a fhaightear ó thoradh an chrainn olóige trí mhodhanna meicniúla nó fisiceacha faoi choinníollacha nach ndéanann athruithe ar an ola, nach bhfuil aon chóireáil déanta uirthi seachas níochán, scineáil, lártheifneoiriú nó scagadh, ach amháin olaí a fhaightear trí úsáid a bhaint as tuaslagóirí nó a úsáideann aidiúvaigh a ghníomhaíonn go ceimiceach nó go bithcheimiceach, nó trí phróiseas ath-eistearúcháin agus aon mheascán le holaí de chineálacha eile. Déantar olaí olóige íona a aicmiú go heisiach agus déantar cur síos orthu mar seo a leanas: (a) Ola olóige úríon Ola olóige íon ag a bhfuil uas-aigéadacht shaor, i dtéarmaí aigéid oiléaigh, de 0,8 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo. (b) Ola olóige íon Ola olóige íon ag a bhfuil uas-aigéadacht shaor, i dtéarmaí aigéid oiléaigh, de 2 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo. (c) Ola olóige lampante Ola olóige íon ag a bhfuil aigéadacht shaor, i dtéarmaí aigéid oiléaigh, de níos mó ná 2 g in aghaidh 100 g, agus/nó a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo. (2) Ola olóige scagtha Ola olóige a fhaightear trí ola olóige íon a scagadh, ag a bhfuil cion aigéadachta saoire arna shloinneadh mar aigéad oiléach, nach mó ná 0,3 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo. (3) Ola olóige — comhdhéanta d'olaí olóige scagtha agus olaí olóige íon Ola olóige a fhaightear trí ola olóige scagtha a mheascadh le hola olóige íon seachas ola olóige lampante, ag a bhfuil cion aigéadachta saoire arna shloinneadh mar aigéad oiléach, nach mó ná 1 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo. (4) Amhola phrabhaite olóige Ola a fhaightear ó phrabhaite olóige trína cóireáil le tuaslagóirí nó trí mhodhanna fisiceacha nó ola a fhreagraíonn d’ola olóige lampante, ach amháin saintréithe áirithe sonraithe, seachas ola a fhaightear trí ath-eistearúchán agus trí mheascáin le cineálacha eile ola, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo. (5) Ola phrabhaite olóige scagtha Ola olóige a fhaightear trí amhola phrabhaite olóige a scagadh, ag a bhfuil cion aigéadachta saoire arna shloinneadh mar aigéad oiléach, nach mó ná 0,3 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo. (6) Ola phrabhaite olóige Ola a fhaightear trí ola phrabhaite olóige scagtha a mheascadh le hola olóige íon seachas ola olóige lampante, ag a bhfuil cion aigéadachta saoire arna shloinneadh mar aigéad oiléach, nach mó ná 1 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo. Foscríbhinn a ghabhann le Cuid II d'Iarscríbhinn XIIa Criosanna fíonsaothrúcháin Is iad seo a leanas a bheidh ina gcriosanna fíonsaothrúcháin: (1) Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin A: (a) sa Ghearmáin: na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha seachas iad siúd a áirítear i bpointe 2(a); (b) i Lucsamburg: réigiún fíonsaothrúcháin Lucsamburg; (c) sa Bheilg, sa Danmhairg, in Éirinn, san Ísiltír, sa Pholainn, sa tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe: limistéir fíonsaothrúcháin na dtíortha sin; (d) i bPoblacht na Seice: réigiún fíonsaothrúcháin Čechy. (2) Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin B: (a) sa Ghearmáin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha i réigiún sonraithe Baden; (b) sa Fhrainc, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna ranna nach luaitear san Iarscríbhinn seo agus sna ranna seo a leanas: - san Alsáis: Bas-Rhin, Haut-Rhin, - sa Lorráin: Meurthe-et-Moselle, Meuse, Moselle, Vosges, - in Champagne: Aisne, Aube, Marne, Haute-Marne, Seine-et-Marne, - in Jura: Ain, Doubs, Jura, Haute-Saône, - in Savoie: Savoie, Haute-Savoie, Isère (común Chapareillan), - in Val de Loire: Cher, Deux-Sèvres, Indre, Indre-et-Loire, Loir-et-Cher, Loire-Atlantique, Loiret, Maine-et-Loire, Sarthe, Vendée, Vienne, agus na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha in arrondissement Cosne-sur-Loire i roinn Nièvre; (c) san Ostair, limistéar fíonsaothrúcháin na hOstaire; (d) i bPoblacht na Seice, réigiún fíonsaothrúcháin Morava agus na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach n-áirítear i bpointe 1(d); (e) sa tSlóvaic, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Malokarpatská vinohradnícka oblast, Južnoslovenská vinohradnícka oblast, Nitrianska vinohradnícka oblast, Stredoslovenská vinohradnícka oblast, Východoslovenská vinohradnícka oblast agus na limistéir fíonsaothrúcháin nach n-áirítear i bpointe 3(f); (f) sa tSlóivéin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: - i réigiún Podravje: Štajerska Slovenija, Prekmurje, - i réigiún Posavje: Bizeljsko Sremič, Dolenjska agus Bela krajina, agus na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin nach n-áirítear i bpointe 4(d); (g) sa Rómáin, i limistéar Podișul Transilvaniei. (3) Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin C I: (a) sa Fhrainc, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha: - sna ranna seo a leanas: Allier, Alpes-de-Haute-Provence, Hautes-Alpes, Alpes-Maritimes, Ariège, Aveyron, Cantal, Charente, Charente-Maritime, Corrèze, Côte-d’Or, Dordogne, Haute-Garonne, Gers, Gironde, Isère (cé is moite de chomún Chapareillan), Landes, Loire, Haute-Loire, Lot, Lot-et-Garonne, Lozère, Nièvre (ach amháin arrondissement Cosne-sur-Loire), Puy-de-Dôme, Pyrénées-Atlantiques, Hautes-Pyrénées, Rhône, Saône-et-Loire, Tarn, Tarn-et-Garonne, Haute-Vienne, Yonne, - in arrondissements Valence agus Die i roinn Drôme (ach amháin i gcantúin Dieulefit, Loriol, Marsanne agus Montélimar), - in arrondissement Tournon, i gcantúin Antraigues, Burzet, Coucouron, Montpezat-sous-Bauzon, Privas, Saint-Etienne de Lugdarès, Saint-Pierreville, Valgorge agus la Voulte-sur-Rhône i roinn Ardèche; (b) san Iodáil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha i réigiún Valle d’Aosta agus i gcúigí Sondrio, Bolzano, Trento agus Belluno; (c) sa Spáinn, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha i gcúigí A Coruña, Asturias, Cantabria, Guipúzcoa agus Vizcaya; (d) sa Phortaingéil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sa chuid de réigiún Norte a chomhfhreagraíonn do limistéar ainmnithe fíona ‘Vinho Verde’ chomh maith le ‘Concelhos de Bombarral, Lourinhã, Mafra e Torres Vedras’ (cé is moite de ‘Freguesias da Carvoeira e Dois Portos’), a bhaineann leis an ‘Região viticola da Extremadura’, (e) san Ungáir, na limistéir go léir ina bhfuil fíniúnacha curtha, (f) sa tSlóvaic, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha in Tokajská vinohradnícka oblast, (g) sa Rómáin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach n-áirítear i bpointí 2(g) ná 4(f). (4) Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin C II: (a) sa Fhrainc, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha: - sna ranna seo a leanas: Aude, Bouches-du-Rhône, Gard, Hérault, Pyrénées-Orientales (ach amháin i gcantúin Olette agus Arles-sur-Tech), Vaucluse, - sa chuid de Roinn Var a chuimsítear ó dheas le teorainn thuaidh chomúin Evenos, Le Beausset, Solliès-Toucas, Cuers, Puget-Ville, Collobrières, La Garde-Freinet, Plan-de-la-Tour agus Sainte-Maxime, - in arrondissement Nyons agus i gcantún Loriol-sur-Drôme i roinn Drôme, - sna codanna sin de roinn Ardèche nach liostaítear i bpointe 3(a); (b) san Iodáil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Abruzzo, Campania, Emilia-Romagna, Friuli-Venezia Giulia, Lazio, Liguria, an Lombaird (ach amháin cúige Sondrio), Marche, Molise, Píomant, an Tuscáin, Umbria, Veneto (ach amháin cúige Belluno), lena n-áirítear na hoileáin a bhaineann leis na réigiúin sin, mar shampla Elba agus oileáin eile an oileánra Thuscánaigh, oileáin Ponziane, Capri agus Ischia; (c) sa Spáinn, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna cúigí seo a leanas: - Lugo, Orense, Pontevedra, - Ávila (ach amháin na comunnes a bhaineann leis an bhfíon ainmnithe “comarca” ó Cebreros), Burgos, León, Palencia, Salamanca, Segovia, Soria, Valladolid, Zamora, - La Rioja, - Álava, - Navarra, - Huesca, - Barcelona, Girona, Lleida, - sa chuid sin de chúige Zaragoza atá ó thuaidh ón Eabró, - sna comunnes i gcúige Tarragona a áirítear i sonrúchán tionscnaimh Penedés, - sa chuid sin de chúige Tarragona a bhaineann leis an bhfíon ainmnithe ‘comarca’ ó Conca de Barberá; (d) sa tSlóivéin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Brda nó Goriška Brda, Vipavska dolina nó Vipava, Kras agus Slovenska Istra; (e) sa Bhulgáir, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Dunavska Ravnina (Дунавска равнина), Chernomorski Rayon (Черноморски район), Rozova Dolina (Розова долина); (f) sa Rómáin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Dealurile Buzăului, Dealu Mare, Severinului agus Plaiurile Drâncei, Colinele Dobrogei, Terasele Dunării, réigiún fíona an Deiscirt, lena n-áirítear gaineamh agus réigiúin fhabhracha eile. (5) Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin C III (a): (a) sa Ghréig, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna nomoi seo a leanas: Florina, Imathia, Kilkis, Grevena, Larisa, Ioannina, Levkas, Akhaia, Messinia, Arkadia, Korinthia, Iraklio, Khania, Rethimni, Samos, Lasithi agus oileán Thira (Santorini); (b) sa Chipir, limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha atá ag airdí os cionn 600 méadar; (c) sa Bhulgáir, limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach n-áirítear i bpointe 4(e). (6) Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin C III (b): (a) sa Fhrainc, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha: - i ranna na Corsaice, - sa chuid sin de Roinn Var atá suite idir an fharraige agus líne teorann chomúin Evenos, Le Beausset, Solliès-Toucas, Cuers, Puget-Ville, Collobrières, La Garde-Freinet, Plan-de-la-Tour agus Sainte-Maxime (ar comúin iad a áirítear), - i gcantúin Olette agus Arles-sur-Tech i roinn Pyrénées-Orientales; (b) san Iodáil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Calabria, Basilicata, Apulia, an tSairdín agus an tSicil, lena n-áirítear na hoileáin a bhaineann leis na réigiúin sin, amhail Pantelleria agus oileáin Lipari, Egadi agus Pelagie; (c) sa Ghréig, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach liostaítear i bpointe 5(a); (d) sa Spáinn, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach n-áirítear i bpointí 3(c) nó 4(c); (e) sa Phortaingéil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin nach n-áirítear i bpointe 3(d); (f) sa Chipir, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha atá ag airdí nach dtéann thar 600 méadar; (g) i Málta, limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha. Is é atá i gcríochadóireacht na gcríoch a chuimsítear leis na haonaid riaracháin dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo an chríochadóireacht a thagann ó na forálacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm an 15 Nollaig 1981, agus i gcás na Spáinne, ó na forálacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm an 1 Márta 1986 agus, i gcás na Portaingéile, ó na forálacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm an 1 Márta 1998. Iarscríbhinn XIIb: Eagraíochtaí Idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 112b(3) - Codex Alimentarius - Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip Iarscríbhinn XIIc Cuid I SAIBHRIÚ, AIGÉADÚ AGUS DÍ -AIGÉADÚ I gCRIOSANNA FÍONSAOTHRÚCHÁIN ÁIRITHE A. Teorainneacha saibhrithe 1. I gcás ina bhfágann dálaí aeráide gur gá é i gcriosanna áirithe fíonsaothrúcháin an Aontais dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II), féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann cur le neart alcóil nádúrtha de réir toirte maidir le fíonchaor, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh, fíon nua atá fós faoi choipeadh agus fíon arna fháil ó chineálacha éagsúla fíonchaor is féidir a aicmiú de réir Airteagal 112i. 2 Bainfear an méadú i neart alcóil nádúrtha de réir toirte amach trí na cleachtais fíoneolaíochta dá dtagraítear i Roinn B agus ní rachaidh sé thar na teorainneacha seo a leanas: (a) 3 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin A dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II); (b) 2 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin B dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II); (c) 1,5 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin C dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II). 3 I mblianta ina bhfuil dálaí aeráide an-mhífhábharach, is ceadmhach do Bhallstáit iarraidh go n-ardófaí faoi 0,5 % na teorainneacha atá leagtha síos i bpointe 2. Mar fhreagra ar iarraidh den sórt sin, glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme a luaithe is féidir faoi na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 112o. Déanfaidh an Coimisiún iarracht Cinneadh a ghlacadh taobh istigh de cheithre seachtaine tar éis na hiarrata. B. Próisis saibhrithe 1. Ní dhéanfar an méadú i neart alcóil nádúrtha de réir toirte dá bhforáiltear i Roinn A ach amháin: (a) i gcás fíonchaor úr, úrfhíona fíonchaor faoi choipeadh nó fíona nua atá fós faoi choipeadh, trí shiúcrós, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe nó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe a chur leis; (b) i gcás úrfhíona fíonchaor, trí shiúcrós, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe nó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe a chur leis, nó trí thiúchan páirteach, lena n-áirítear cúlosmóis; (c) i gcás fíona, trí thiúchan páirteach trí fhuarú. 2. Beidh na próisis dá dtagraítear i bpointe 1 comheisiatach i gcás ina bhfuil fíon nó úrfhíon fíonchaor saibhrithe le húrfhíon fíonchaor tiubhaithe nó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe agus ina n-íoctar cabhair faoi Airteagal 103y. 3. Ní ceadmhach an siúcrós dá bhforáiltear i bpointí 1(a) agus (b) a chur leis ach amháin trí thirimshiúcrú agus sna limistéir seo a leanas: (a) crios fíonsaothrúcháin A dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II); (b) crios fíonsaothrúcháin B dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II); (c) crios fíonsaothrúcháin C dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II); cé is moite d'fhíonghoirt san Iodáil, sa Ghréig, sa Spáinn, sa Phortaingéil, sa Chipir agus fíonghoirt i ranna na Fraince atá faoi dhlínse na gcúirteanna achomhairc in: - Aix-en-Provence, - Nîmes, - Montpellier, - Toulouse, - Agen, - Pau, - Bordeaux, - Bastia. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta saibhriú trí thirimshiúcrú a údarú, áfach, mar eisceacht sna ranna thuasluaite sa Fhrainc. Tabharfaidh an Fhrainc fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon údaruithe den sórt sin. 4. Ní mhéadófar toirt tosaigh fíonchaor brúite úr, úrfhíona fíonchaor, úrfhíona fíonchaor faoi choipeadh nó fíona nua atá fós faoi choipeadh, mar thoradh ar úrfhíon fíonchaor tiubhaithe nó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe a chur leo, faoi níos mó ná 11 % i gcrios fíonsaothrúcháin A, 8 % i gcrios fíonsaothrúcháin B agus 6,5 % i gcrios fíonsaothrúcháin C dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II). 5. I gcás tiúchana úrfhíona fíonchaor nó fíona a chuaigh tríd na próisis dá dtagraítear i bpointe 1: (a) ní laghdófar toirt tosaigh na dtáirgí sin faoi níos mó ná 20 %; (b) d’ainneoin phointe (2)(c) de Roinn A, ní mhéadóidh sé neart alcóil nádúrtha na dtáirgí seo faoi níos mó ná 2 % de réir toirte. 6. Ní dhéanfaidh na próisis dá dtagraítear i bpointí 1 agus 5 an neart alcóil iomlán, i gcás na bhfíonchaor úr, úrfhíona fíonchaor, úrfhíona fíonchaor faoi choipeadh, fíona nua atá fós faoi choipeadh, nó fíona, a mhéadú thar na céatadáin seo a leanas de réir toirte: (a) 11,5 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin A dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II); (b) 12 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin B dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II); (c) 12,5 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin C I dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II); (d) 13 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin C II dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II); agus (e) 13,5 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin C III dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II). 7. De mhaolú ar phointe 6, is féidir le Ballstáit: (a) maidir le fíon dearg, uasteorainn neart alcóil iomlán na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe 6 a ardú go 12 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin A agus go 12,5 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin B dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II); (b) maidir le táirgeadh fíonta le sonrúchán tionscnaimh, neart alcóil iomlán na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe 6 a ardú de réir toirte go leibhéal atá le Cinneadh ag Ballstáit. C. Aigéadú agus dí-aigéadú 1. D’fhéadfadh fíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh, fíon nua atá fós faoi choipeadh, agus fíon a bheith faoi réir na rudaí seo a leanas: (a) dí-aigéadú i gcriosanna fíonsaothrúcháin A, B agus C I dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II); (b) aigéadú agus dí-aigéadú i gcriosanna fíonsaothrúcháin C I, C II agus C III (a) dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II), gan dochar do phointe 7 den Roinn seo; nó (c) aigéadú i gcrios fíonsaothrúcháin C III (b) dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II). 2. Féadfar na táirgí, seachas fíon, dá dtagraítear i bpointe 1 a aigéadú suas le 1,50 g/l ar a mhéid arna shloinneadh mar aigéad tartarach, nó 20 milleachoibhéis in aghaidh an lítir. 3. Féadfar fíonta a aigéadú suas le 2,50 g/l ar a mhéid arna shloinneadh mar aigéad tartarach, nó 33,3 milleachoibhéis in aghaidh an lítir. 4. Féadfar fíon a dhí-aigéadú suas le 1 g/l ar a mhéid arna shloinneadh mar aigéad tartarach, nó 13,3 milleachoibhéis in aghaidh an lítir. 5. Féadfar úrfhíon fíonchaor atá beartaithe do thiúchan a dhí-aigéadú go páirteach. 6. D’ainneoin phointe 1, i mblianta ina bhfuil dálaí aeráide eisceachtúla, féadfaidh Ballstáit aigéadú na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe 1 a údarú i gcriosanna fíonsaothrúcháin A agus B, dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II), faoi na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí 2 agus 3 den Roinn seo. 7. Beidh aigéadú agus saibhriú, ach amháin trí mhaolú atá le glacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 112e(1), agus beidh aigéadú agus dí-aigéadú an táirge chéanna, ina bpróisis chomheisiatacha. D. Próisis 1. Ní bheidh aon cheann de na próisis dá dtagraítear i Ranna B agus C údaraithe, cé is moite d'aigéadú agus dí-aigéadú fíonta, mura ndéantar iad faoi choinníollacha atá le Cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 112 e (1), nuair atá fíon nó aon deoch eile a ceapadh lena chaitheamh ag an duine dá dtagraítear in Airteagal 1(1)(l), seachas fíon súilíneach nó fíon súilíneach aeraithe sa chrios fíonsaothrúcháin inar saothraíodh na fíonchaora úra a úsáideadh, á dhéanamh as fíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh nó fíon nua atá fós faoi choipeadh. 2. Tarlóidh tiúchan na bhfíonta sa chrios fíonsaothrúcháin inar saothraíodh na fíonchaora úra a úsáideadh. 3. Ní tharlóidh aigéadú ná dí-aigéadú fíonta ach amháin agus fíon á dhéanamh agus sa chrios fíonsaothrúcháin inar saothraíodh na fíonchaora a úsáideadh chun an fíon atá i gceist a tháirgeadh. 4. Cuirfear na húdaráis inniúla ar an eolas maidir le gach ceann de na próisis dá dtagraítear i bpointí 1, 2 agus 3. Déanfar amhlaidh freisin maidir leis na cainníochtaí úrfhíona fíonchaor tiubhaithe, úrfhíona fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe nó siúcróis a bhíonn á gcoinneáil ag daoine nó grúpaí daoine dlíthiúla nó nádúrtha i bhfeidhmiú a ngairme, go háirithe táirgeoirí, buidéalaithe, próiseálaithe agus ceannaithe, atá le socrú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 112e (1), ag an am céanna agus san áit chéanna le fíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh nó fíon ar an mórchóir. Is féidir na cainníochtaí seo a iontráil i gclár earraí isteach agus úsáid stoic seachas iad a fhógairt, áfach. 5. Déanfar gach ceann de na próisis dá dtagraítear i Ranna B agus C a thaifeadadh ar an doiciméad faoi iamh, mar a fhoráiltear in Airteagal 185c, a bhfuil na táirgí a chuaigh trí na próisis curtha i gcúrsaíocht i gcomhréir leis. 6. Ní dhéanfar na próisis sin, faoi réir maoluithe a bhfuil údar tugtha leo ag dálaí aeráide eisceachtúla, a chur i gcrích: (a) i gcrios fíonsaothrúcháin C dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIb(II) tar éis an 1 Eanáir; (b) i gcriosanna fíonsaothrúcháin A agus B dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn XIIa(II) tar éis an 16 Márta, agus ní dhéanfar iad ach amháin i gcás táirgí ó shaothrú na bhfíonchaor díreach roimh na dátaí sin. 7. D’ainneoin phointe 6, is féidir tiúchan trí fhuarú agus aigéadú agus dí-aigéadú fíonta a dhéanamh i rith na bliana. Cuid II SRIANTA A. Gnéithe Ginearálta 1. Ní chuirfear uisce sa bhreis leis an táirge in aon chleachtas fíoneolaíochta údaraithe, ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis mar gheall ar riachtanas teicniúil sonrach. 2. Ní chuirfear alcól sa bhreis leis an táirge in aon chleachtas fíoneolaíochta, ach amháin i gcás cleachtas a bhaineann le húrfhíon fíonchaor úr a fháil ina stoptar coipeadh trí alcól, fíon licéir, fíon súilíneach, fíon treisithe i gcomhair dríogtha agus fíon leathshúilíneach a chur leis. 3. Ní bhainfear úsáid as fíon atá treisithe i gcomhair driogtha ach amháin i gcomhair driogtha. B. Fíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor agus sú fíonchaor 1. Ní bhainfear úsáid as úrfhíon fíonchaor úr ina stoptar coipeadh trí alcól a chur leis ach amháin i rith céime ullmhúcháin táirgí nach dtiteann faoi chóid AC 2204 10, 2204 21 agus 2204 29. Tá sin gan dochar d’aon fhoráil níos déine ar féidir le Ballstáit a chur i bhfeidhm ar ullmhúchán táirgí ina gcríoch féin, ar táirgí iad nach dtiteann faoi chóid AC 2204 10, 2204 21 agus 2204 29. 2. Ní dhéanfar fíon de shú fíonchaor ná de shú fíonchaor tiubhaithe ná ní chuirfear le fíon iad. Ní dhéanfar coipeadh alcólach orthu i gcríoch an Aontais. 3. Ní bhainfidh forálacha phointí 1 agus 2 le táirgí atá beartaithe chun táirgí a tháirgeadh sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn agus sa Pholainn, ar táirgí iad a thagann faoi chód AC 2206 00 a bhféadfaidh Ballstáit úsáid comhainm a cheadú ina leith, lena n-áirítear an sonrúchán díolacháin ‘fíon’. 4. Ní chuirfear úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh a uscadh ó fhíonchaora rísínithe ar an margadh ach amháin chun fíonta licéir a mhonarú agus sna limistéir fíonsaothrúcháin sin amháin ina raibh an úsáid sin traidisiúnta iontu an 1 Eanáir 1985, agus chun fíonta ó fhíonchaora ró-aibí a mhonarú. 5. Mura ndéantar a mhalairt a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 43(2) den CFAE de bhun oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, ní ceadmhach táirgí dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo a dhéanamh d'fhíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe, úfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe, úrfhíon fíonchaor ar cuireadh stop lena choipeadh trí alcól a chur leis, sú fíonchaor, sú fíonchaor tiubhaithe agus fíon, nó meascáin de na táirgí sin, arna dtionscnamh i dtríú tíortha, ná ní féidir iad a chur le táirgí den chineál sin i gcríoch an Aontais. C. Fíonta a mheascadh Mura ndéantar a mhalairt a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 43(2) den CFAE de bhun oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, beidh toirmeasc ar chumasc fíona a thionscnaítear i dtríú tír le fíon de chuid an Aontais agus ar chumasc idir fíonta a thionscnaítear i dtríú tíortha, san Aontas. D. Fotháirgí 1. Beidh toirmeasc ar ro-bhrú fíonchaor. Cinnfidh Ballstáit, ag cur dálaí áitiúla agus teicniúla san áireamh, an íoschion alcóil a bheidh sa mharc agus sa mhoirt tar éis bhrú na bhfíonchaor. Déanfaidh na Ballstáit an méid alcóil a bheidh sna fotháirgí seo a chinneadh ag leibhéal atá cothrom ar a laghad le 5 % maidir leis an neart alcóil de réir toirte atá san fhíon a tháirgtear. 2. Seachas alcól, biotáillí agus piquette, ní dhéanfar fíon ná aon deoch eile a ceapadh lena chaitheamh ag an duine a tháirgeadh ó mhoirt fíona nó ó mharc fíonchaor. Ceadófar doirteadh fíona anuas ar mhoirt nó ar mharc fíonchaor nó ar laíon aszú brúite faoi choinníollacha atá le Cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 112e(1) i gcás ina n-úsáidtear an cleachtas sin go traidisiúnta chun ‘Tokaji fordítás’ agus ‘Tokaji máslás’ a tháirgeadh san Ungáir agus chun ‘Tokajský forditáš’ agus ‘Tokajský mášláš’ a tháirgeadh sa tSlóvaic. 3. Tá toirmeasc ar bhrú moirte fíona agus athchoipeadh mairc fíonchaor chun críocha eile seachas driogadh nó táirgeadh piquette. Ní mheasfar gur brú atá i gceist le scagadh agus lártheifneoiriú moirte fíona i gcás ina bhfuil na táirgí a fhaightear de cháilíocht shlán, fhíor agus indíolta. 4. I gcás ina bhfuil táirgeadh piquette údaraithe ag an mBallstát lena mbaineann, ní bhainfear úsáid as ach amháin chun driogtha nó óil i dteaghlaigh táirgeoirí fíona. 5. Gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfadh Ballstáit Cinneadh gur gá fotháirgí a dhiúscairt trí dhriogadh, beidh ceangal ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó ar aon ghrúpaí daoine nádúrtha nó dlítheanacha a choinníonn fotháirgí na fotháirgí sin a dhiúscairt faoi réir coinníollacha atá le Cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 112e (1). * IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. ** IO L 93, 31.3.2006, lch. 12. *** IO L 376, 27.12.2006, lch. 21. **** IO L 276, 6.10.1990, lch. 40. ***** IO L 40, 11.2.1989, lch. 34. ****** IO L 139, 30.4.2004, lch. 55. "[pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic] [1] Aguisín a ghabhann leis na dréacht-mhiontuairiscí; 2720ú cruinniú de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh (Talmhaíocht agus Iascach), 20.3.2006 (7702/06 ADD1). [2] COIM(2008) 641, 15.10.2008 [3] COIM(2009) 234, 28.5.2009 [4] Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair a chosaint (IO L 93, 31.3.2006, lch. 12) ag aisghairm agus ag ionadú Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92. Bunaíodh scéimeanna um thásca geografacha in earnáil an fhíona freisin, agus maidir le deochanna biotáilleacha agus fíonta cumhraithe. [5] Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le táirgí talmhaíochta agus bia-ábhair mar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (IO L 93, 31.3.2006 lch. 1-11) [6] COIM(2010) 672 leagan deireanach, 18.11.2010 [7] COIM(2010) 2020, 3.3.2010 [8] Ón 15 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig 2008 [9] http://register.consilium.europa.eu/pdf/en/09/st10/st10722.en09.pdf [10] http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?type=TA&reference=P7 TA 2010 0088&language=EN&ring=A7 2010 0029 [11] http://eescopinions.eesc.europa.eu/EESCopinionDocument.aspx?identifier=ces\nat\nat448\ces105 2010_ac.doc&language=EN [12] http://coropinions.cor.europa.eu/CORopinionDocument.aspx?identifier=cdr\deve iv\dossiers\deve iv 048\cdr315 2009_fin_ac.doc&language=EN [13] Comhaontú Liospóin maidir le Sonrúcháin Tionscnaimh a Chosaint agus a Chlárú go hIdirnáisiúnta (1958) [14] aon chomhlachas, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil nó cén comhdhéanamh atá aige, ina bhfuil a tháirgeoirí nó a phróisealaithe ag obair ar an táirge céanna [15] IO L 299, 16.11.2007, lch. 45. [16] IO L 10, 12.1.2002, lch. 47. [17] IO C …, lch. ... [18] IO C ..., lch. [19] COIM(2009) 234, 28.5.2009 [20] IO L 299, 16.11.2007, lch. 45. [21] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.