EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0509

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú

/* COM/2010/0509 final - COD 2010/0262 */

52010PC0509

/* COM/2010/0509 final - COD 2010/0262 */ Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 27.9.2010

COIM(2010) 509 leagan deireanach

2010/0262 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Ceanglaíonn an córas rialaithe onnmhairí dé-úsáide, mar atá leagtha amach i Rialachán 428/2009[1], údarú le haghaidh onnmhairiú na n-ítimí dé-úsáide[2] atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán.

Glactar cinntí chun onnmhairiú ítimí dé-úsáide a rialú le comhthoil i gcórais idirnáisiúnta rialaithe onnmhairí (Grúpa na hAstráile (AG) le haghaidh ítimí bitheolaíocha agus ceimiceacha; Grúpa na Soláthraithe Núicléacha (NSG) le haghaidh ítimí sibhialta núicléacha, Córas Rialaithe Teicneolaíochta Diúracán (MTCR) agus Comhshocrú Wassenaar (WA) le haghaidh gnátharm agus earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide). Glactar na cinntí sin d'fhonn an baol a laghdú go n-úsáidfear ítimí íogaire dé-úsáide chun críoch míleata agus/nó i gcláir iomadaithe. Ag féachaint leis na rialuithe sin a dhéanamh chomh éifeachtach agus is féidir, tugann na córais idirnáisiúnta rialaithe onnmhairí le chéile mór-sholáthraithe ítimí dé-úsáide. Trí chomhaontú ar thrádáil in ítimí ar leith a rialú, oibríonn siad go héifeachtach le chéile chun an baol iomadaithe a theorannú, fad is a chinntíonn siad nach gcuirtear isteach ar thrádáil dhlisteanach.

De bharr an dul chun cinn teicneolaíochta atá déanta sa lá atá inniu ann, is gá liosta na n-ítimí rialaithe a nuashonrú go rialta. Sonraítear in Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 "go ndéanfar liosta na n-ítimí dé-úsáide atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a nuashonrú i gcomhréir leis na hoibleagáidí ábhartha agus leis na ceanglais ábhartha, agus aon mhodhnú orthu sin, lenar ghlac na Ballstáit, mar chomhaltaí de na córais idirnáisiúnta neamhiomadaithe agus na socruithe maidir le rialú onnmhairí, nó trí na conarthaí ábhartha idirnáisiúnta a dhaingniú."

Nuashonraíodh Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán an uair dheireanach nuair a glacadh Rialachán 428/2009 an 5 Bealtaine 2009. Ó shin i leith, tá cinneadh déanta ag na córais idirnáisiúnta rialaithe onnmhairí ar fad a liostaí rialaithe a mhodhnú agus a nuashonrú. Dá bhrí sin, tá gá ann na modhnuithe ábhartha a dhéanamh ar Iarscríbhinn I. Áiritheoidh na modhnuithe sin go gcuirfear na geallúintí a rinne Ballstáit an AE sna córais i bhfeidhm go hiomlán san AE ar fad agus go mbeidh cinnteacht dhlíthiúil ag onnmhaireoirí an AE maidir le cé acu ítimí a bhfuil ceadúnais onnmhairiúcháin ag teastáil dóibh.

Chun an próiseas cinnteoireachta a éascú, tugtar achoimre ar na hathruithe is gá thíos. Chun críche soiléireachta agus chun úsáid Iarscríbhinn I a éascú, tá an Coimisiún ag moladh téacs nua a chur in áit Iarscríbhinn I ar fad ina mbeidh na hathruithe a bhfuil cur síos orthu thíos.

Modhnuithe ar na sainmhínithe agus ar an nóta ginearálta.

Sainmhíniú agus Nóta Ginearálta | Córas | An cineál athraithe |

Nóta Ginearálta 4 | AG | Nóta don uimhir CAS curtha leis |

Na cúitimh ar fad atá ar fáil | WA | An sainmhíniú leasaithe |

EC | WA | An sainmhíniú scriosta |

Aerárthaigh shibhialta | WA | An tagairt don Chatagóir leasaithe |

Eilimint ríomhaireachta | WA | An sainmhíniú scriosta |

Teocht chriticiúil | WA | An tagairt don Chatagóir leasaithe |

Ráta aistrithe digiteach | WA | An tagairt don Chatagóir leasaithe |

Ródúchán dinimiciúil oiriúnaitheach | WA | An sainmhíniú scriosta |

Ábhair fuinneamhachais | WA | Sainmhíniú nua |

Córais FADEC | WA | Sainmhíniú nua |

FADEC | WA | An sainmhíniú scriosta |

Ábhair snáithíneacha nó fhiliméadacha | WA | An tagairt don Chatagóir leasaithe |

Eagar plána fhócasaigh | WA | An tagairt don Chatagóir leasaithe |

Rialú Digiteach Innill le húdarás iomlán | WA | An sainmhíniú scriosta |

Breosla-chill | WA | Sainmhíniú nua |

Ríomhaire hibrideach | WA | An sainmhíniú scriosta |

Braiteoirí radair idirnasctha | WA | An sainmhíniú scriosta |

Léasar | WA | Nota Bene leasaithe |

Fad tréimhse léasair | WA | An tagairt don Chatagóir leasaithe |

Cárta cliste pearsantaithe | WA | An sainmhíniú scriosta |

Saoráidí táirgthe | MTCR | An sainmhíniú leasaithe |

Léasar le lascadh-Q | WA | An sainmhíniú scriosta |

Próiseáil fíorama | WA | An tagairt don Chatagóir leasaithe |

Cód foinseach | WA | An tagairt don Chatagóir leasaithe |

Cáilithe don spás | WA | An tagairt don Chatagóir leasaithe |

Forsheoltach | WA | An tagairt don Chatagóir leasaithe |

Modhnuithe ar ítimí i gcatagóirí 1-9

Catagóir 1 |

1A001.b. | WA | An fho-iontráil i ndáil le comhpháirteanna le haghaidh comhábhar fluairínithe leasaithe |

1A002 Nóta 1 | WA | Nóta 1 i ndáil leis an iontráil rialaithe le haghaidh ilstruchtúr leasaithe |

1A007 | Eagarthóireacht | An iontráil rialaithe leasaithe chun ábhair fuinneamhachais a shainmhíniú. |

1B001, a., b. & Nóta Teicniúil | WA | An iontráil rialaithe agus na fo-iontrálacha i ndáil le trealamh chun comhábhair a tháirgeadh leasaithe agus Nóta Teicniúil nua curtha leis |

1B001.g. | WA | Fo-iontráil nua le haghaidh inneall socrúcháin bharraigh curtha leis |

1C002.b. | WA | An fho-iontráil i ndáil le cóimhiotail déanta as púdar nó as ábhar cáithníneach leasaithe |

1C006.c.1. | WA | Uimhir CAS curtha leis an bhfo-iontráil i ndáil le débhrómaiteitreafhluaireatán |

1C007.f.1. | WA | Uimhir CAS curtha leis an bhfo-iontráil i ndáil le hocsaíd alúmanaim |

1C008.b.1.a. | WA | Uimhir CAS curtha leis an bhfo-iontráil i ndáil le comhpholaiméir criostail teirmeaplaisteacha leachtacha áirithe. |

1C008.b.2.a., b. & c. | WA | Uimhir CAS curtha leis an bhfo-iontráil i ndáil le comhpholaiméir criostail teirmeaplaisteacha leachtacha áirithe. |

1C010, a. & c. | WA | An iontráil rialaithe agus na fo-iontrálacha i ndáil le hábhar snáithíneach nó filiméadach leasaithe. |

1C010.b. & Nóta | WA | An fho-iontráil agus na pairiméadair i ndáil le hábhar carbóin snáithíneach nó filiméadach leasaithe; an Nóta leasaithe agus leathnaithe |

1C010.e., Nóta 1 & 2, & Nóta Teicniúil | WA | An fho-iontráil i ndáil le réamhthuilte athscríofa agus Nótaí nua agus Nóta Teicniúil nua cuimsithe ann |

1C011.c. | WA | Uimhir CAS curtha leis an bhfo-iontráil i ndáil le níotráit guainidín |

1C111.a.4.k. | MTCR | Uimhir CAS curtha leis an bhfo-iontráil i ndáil le dé-hiodraisín aigéid ocsalaigh dé-imíde |

1C111.a.4.n. | MTCR | Uimhir CAS curtha leis an bhfo-iontráil i ndáil le dé-shárchlóráit hiodraisíniam |

1C111.a.5, 5.a., 5.b., Nóta & Nóta Teicniúil | MTCR | Fo-iontráil nua i ndáil le dlúsábhar ardfhuinnimh agus Nóta agus Nóta Teicniúil cuimsithe ann |

1C111.c.6.h. | MTCR | Uimhir CAS curtha leis an bhfo-iontráil i ndáil le dé-eitile fearóicéine |

1C111.c.6.o. Nóta | MTCR | Nóta nua dírialaithe i ndáil le díorthaigh áirithe fearóicéine |

1C117, a., b., c. & Nóta Teicniúil | MTCR | An iontráil rialaithe i ndáil le tungstan agus ábhar molaibdéinim athscríofa; Nóta Teicniúil nua curtha leis |

1C226 | MTCR | An iontráil rialaithe leasaithe de bharr leasaithe in 1C117 |

1C351 | AG | An fho-iontráil i ndáil le víreas bánbholgaí bainte |

1E002.c.1.c.1. | WA | Uimhir CAS curtha leis an bhfo-iontráil i ndáil le siorcóinia |

Catagóir 2 |

2B006.a. & Nóta Teicniúil | WA | An fho-iontráil i ndáil le Meaisíní Comhordaithe Tomhais leasaithe agus Nóta Teicniúil nua curtha leis |

2B206.a. & Nóta Teicniúil | NSG | An fho-iontráil i ndáil le Meaisíní Comhordaithe Tomhais leasaithe; Nóta Teicniúil 1 scriosta; Ainm nua ar Nóta Teicniúil 2; |

2B350.a., b., c., d., e., f., h., i., j. & Nóta Teicniúil 2 | AG | Sainmhíniú áitiúil ar chóimhiotail curtha leis na fo-iontrálacha i ndáil le trealamh monaraíochta ceimiceán frithchreimneach agus Nóta Teicniúil nua i ndáil le cóimhiotail curtha leis. |

2B350.g.8. & Nóta Teicniúil | AG & Eagarthóireacht | Nóta Teicniúil curtha leis i ndáil le méid ainmniúil na comhla agus mionathrú eagarthóireachta ar an bhfo-iontráil |

2B351 | AG 2008 | An iontráil rialaithe i ndáil le córais chun monatóireacht a dhéanamh ar ghás tocsaineach leasaithe. |

2E003.f. Nóta N.B. | Eagarthóireacht | Nota Bene a bhí in easnamh sa Tábla i ndáil le Teicnící Deascaidh curtha leis. |

Catagóir 3 |

3A001.b.8.b. | WA | An fho-iontráil leasaithe. |

3A001.b.11. & N.B. | WA | Fo-iontráil nua i ndáil le cóimeáil sintéiseora minicíochta; Nota Bene nua. |

3A002.b. | WA | Fo-iontráil scriosta agus rialú bogtha go 3A001.b.11. |

3A002.e., 1., & 2. | WA | An fho-iontráil le haghaidh anailíseoirí líonra leasaithe chun 2 fhomhír nua a chuimsiú. |

3A228.c. | Eagarthóireacht | An fho-iontráil i ndáil le gléasanna lasctha leasaithe chun cumhdach dúbailte a sheachaint. |

3B001.c.1. & 2. | WA | An fho-iontráil i ndáil le trealamh plasma ainiseatrópaigh chun críche eitseála tirime leasaithe chun 2 fhomhír nua a chuimsiú. |

3B001.e., Nóta & Nóta Teicniúil | WA | An fho-iontráil i ndáil le córas láimhseála uathlódála le haghaidh sliseoige agus an Nóta a ghabhann leis leasaithe, agus Nóta Teicniúil nua curtha leis |

Catagóir 4 |

4A001.b. | WA | An fho-iontráil i ndáil le feidhmeanna slándála faisnéise ar ríomhairí scriosta. Rialuithe anois le fáil i gCatagóir 5, Cuid 2. |

4A003.b. | WA | Pairiméadar Buaicfheidhmíochta Coigeartaithe (APP) don fho-iontráil i ndáil le ríomhairí digiteacha leasaithe. |

4A003.g. | WA | An fho-iontráil i ndáil le trealamh a chomhiomlánaíonn feidhmíocht ríomhairí digiteacha leasaithe. |

4D Nóta | WA | Nóta leasaithe |

4D001.b.1. | WA | Pairiméadar san fho-iontráil i ndáil le bogearraí le haghaidh ríomhairí digiteacha leasaithe. |

4D003 | WA | Iontráil rialaithe scriosta. Rialuithe anois le fáil i gCatagóir 5, Cuid 2. |

4E001.b.1. | WA | Pairiméadar san fho-iontráil i ndáil le teicneolaíocht le haghaidh ríomhairí digiteacha leasaithe. |

Catagóir 5 Cuid 1 |

Cat 5 Cuid 1 Nóta 1 N.B. | WA | Nota Bene nua curtha leis i ndáil le trealamh do theileachumarsáid léasair. |

5B001.b.1. Nóta Teicniúil | WA | An fho-iontráil agus Nóta Teicniúil scriosta i ndáil le roinnt trealaimh a úsáideann teicnící digiteacha. |

5B001.b.3. | WA | An fho-iontráil scriosta i ndáil le roinnt trealaimh a úsáideann lascadh optúil. |

5D001.d.1. | WA | An fho-iontráil scriosta i ndáil le bogearraí áirithe do threalamh a úsáideann teicnící digiteacha. |

5D001.d.3. | WA | An fho-iontráil scriosta i ndáil le bogearraí áirithe a úsáideann lascadh optúil. |

5E001.c.1. & Nóta Teicniúil | WA | Pairiméadar san fho-iontráil i ndáil le roinnt teicneolaíochta do threalamh a úsáideann teicnící digiteacha leasaithe agus an Nóta Teicniúil leasaithe. |

5E001.c.3. | WA | An fho-iontráil i ndáil le teicneolaíocht áirithe do threalamh a úsáideann lascadh optúil leasaithe. |

Catagóir 5 Cuid 2 |

Cat 5 Cuid 2 Nóta 4 | WA | Nóta nua dírialaithe i ndáil le trealamh áirithe a úsáideann cripteagrafaíocht. |

5A002.a. & N.B. | WA | An fho-iontráil i ndáil le hítimí slándála faisnéise agus an Nota Bene leasaithe. |

5A002.a. Nóta a. & Nóta Teicniúil | Nóta a. leasaithe agus Nóta Teicniúil nua curtha leis. |

5A002.a. Nóta b. | WA | Nóta b. scriosta toisc go bhfuil sé anois cuimsithe i Nóta 4 nua. |

5A002.a. Nóta c. | WA | Nóta c. scriosta toisc go bhfuil sé anois cuimsithe i Nóta 4 nua. |

5A002.a. Nóta h. | WA | Nóta h. scriosta toisc go bhfuil sé anois cuimsithe i Nóta 4 nua. |

Catagóir 6 |

6A001.a.1.a. | WA | An fho-iontráil i ndáil le córais suirbhéireachta bhataiméadracha leasaithe. |

6A001.a.1.a.2. | WA | Fomhír leasaithe. |

6A001.a.1.d., d.1., & d.2. | WA | An fho-iontráil agus na fomhíreanna i ndáil le fuaimchórais áirithe leasaithe. |

6A001.a.1.e., N.B & Nóta Teicniúil | WA | Fo-iontráil nua i ndáil le sonóirí gníomhacha aonair, ina n-áirítear Nota Bene agus Nóta Teicniúil. |

6A002.c.2 | WA | An fho-iontráil i ndáil le trealamh íomháithe radhairc dhírigh d'eagar plána fhócasaigh leasaithe. |

6A003 N.B. | WA | Nota Bene leasaithe |

6A003.b.2. Nóta | WA | Nóta nua dírialaithe curtha leis an bhfo-iontráil i ndáil le ceamaraí scanta. |

6A003.b.4. | Eagarthóireacht | Leasú eagarthóireachta ar an bhfo-iontráil i ndáil le ceamara íomháithe |

6A003.b.4. Nóta | Eagarthóireacht | Leasú eagarthóireachta ar an Nóta maidir le ceamara íomháithe. |

6A003.b.4.c., Nóta 4.c. | WA | Fomhír nua curtha leis an Nóta dírialaithe. |

6A005.d.1. Nótaí Teicniúla 1., 2. & 3. | WA | An Nóta Teicniúil a ghabhann leis an bhfo-iontráil i ndáil le léasair leathsheoltóra leasaithe chun 2 Nóta Theicniúla nua a chuimsiú. |

6A005.d.1.b.1. | WA | Leasú ar phairiméadar san fho-iontráil i ndáil le léasair leathsheoltóra aonair le mód il-trasnach. |

6A005.d.1.c. | WA | An fho-iontráil i ndáil le heagair léasair leathsheoltóra aonair leasaithe go barraí agus pairiméadar leasaithe. |

6A005.d.1.d., d.1., d.2., d.3., d.4. & Nóta Teicniúil | WA | An fho-iontráil i ndáil le heagair chruachta leathsheoltóra athscríofa agus 4 fhomhír nua agus Nóta Teicniúil cuimsithe ann. |

6A005.d.1.e. & Nótaí | WA | Fo-iontráil nua i ndáil le heagair chruachta leathsheoltóra athscríofa agus 2 fhomhír nua agus 3 Nóta Theicniúla nua cuimsithe ann. |

6A008 & Nóta | WA | Nóta dírialaithe leasaithe chun radar ascnaimh beachtais áirithe a chuimsiú. |

6A008.e. | WA | An fho-iontráil i ndáil le radair a ionchorpraíonn aintéiní eagair atá instiúrtha go leictreonach leasaithe. |

6A008.f. | WA | Nóta a ghabhann leis an bhfo-iontráil i ndáil le radair a bhfuil an cumas iontu airde spriocanna neamh-chomhoibríocha a aimsiú scriosta. |

6A008.l.4. | WA | An fho-iontráil i ndáil le radair a bhfuil fochórais próiseála sonraí acu leasaithe. |

6C004.b.1., 2. & 3. | WA | Uimhreacha CAS curtha leis na fophairiméadair i ndáil le hábhar leictreonach-optach. |

6C004.e. | WA | Uimhreacha CAS curtha leis an bhfophairiméadar i ndáil le hábhar gloine-optúla. |

6D003.a.5. | WA | Fo-iontráil nua i ndáil le bogearraí áirithe chun tumadóirí nó snámhóirí a bhrath. |

6D003.h.1. | WA | An fho-iontráil i ndáil le bogearraí do rialú aerthráchta athscríofa chun an 2 fhomhír a chuimsiú. |

Catagóir 7 |

7A005, a., b., Nóta & Nóta Teicniúil | WA | Iontráil rialaithe i ndáil le córas satailíte loingseoireachta domhanda athscríofa agus Nóta nua agus Nóta Teicniúil nua cuimsithe ann. |

7A101 Nóta | MTCR | Nóta i ndáil le rialú luasairí líneacha leasaithe. |

7B001 Nóta Teicniúil 2 | WA | Nóta Teicniúil leasaithe. |

7D003.b.2. | WA | An fho-iontráil i ndáil le bogearraí do sonraí tagartha GNSS leasaithe |

7E004.b.6. N.B. | WA | Nota Bene leasaithe. |

Catagóir 8 |

8A002.f. | WA | Iontráil rialaithe i ndáil le córais íomháithe leictreonacha faoi uisce scriosta ó Chatagóir 8. Rialuithe anois le fáil i gCatagóir 6. |

8A002.j. | Eagarthóireacht | Leasú eagarthóireachta chun breosla-chill a shainmhíniú. |

Catagóir 9 |

9A001.a. | WA | An fho-iontráil i ndáil le tuirbíní gáis aerloingseoireachta leasaithe chun teicneolaíocht FADEC a chuimsiú |

9A003 | WA | An iontráil rialaithe i ndáil le comhpháirteanna le haghaidh córas tiomána tuirbíní gáis leasaithe chun teicneolaíocht FADEC a chuimsiú |

9A101 | MTCR | An iontráil rialaithe i ndáil le hinnill turba-scairde agus turba-fean leasaithe |

9B002 | WA | Iontráil rialaithe i ndáil le córais áirithe tástála chun inneall tuirbíní gáis a fhorbairt leasaithe chun teicneolaíocht FADEC a chuimsiú |

9D003 | WA | Rialú ar bhogearraí do chórais FADEC leasaithe |

9E003.a.9. | WA | An fho-iontráil i ndáil le teicneolaíocht FADEC bogtha go 9E003.h. |

9E003.h. & Nóta | WA | Fo-iontráil nua i ndáil le teicneolaíocht FADEC agus Nóta nua cuimsithe ann |

An togra ón gCoimisiúin

I bhfianaise na ndálaí thuas, is gá Iarscríbhinn nua a chur in ionad Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 428/2009.

2010/0262 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Ceanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú[3] go mbeidh ítimí dé-úsáide (lena n-áirítear bogearraí agus teicneolaíocht) faoi réir rialaithe éifeachtaigh i gcás onnmhairiú nó idirthurais tríd an Aontas, nó i gcás ina seachadtar go tríú tír iad mar thoradh ar sheirbhísí bróicéireachta arna soláthar ag bróicéir cónaitheach nó bróicéir atá bunaithe san Aontas.

2. Ionas go mbeidh na Ballstáit agus an tAontas Eorpach in ann a gceanglais idirnáisiúnta a chomhlíonadh, bunaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 liosta coitianta na n-ítimí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin, lena gcuirtear chun feidhme rialuithe dé-úsáide arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta. Glacadh na ceanglais sin i gcomhthéacs rannpháirtíochta i nGrúpa na hAstráile, i gCóras Rialaithe Teicneolaíochta Diúracán (MTCR), i nGrúpa na Soláthraithe Núicléacha (NSG), i gComhshocraíocht Wassenaar agus i gComhdháil na nArm Ceimiceacha (CWC).

3. Déantar foráil in Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 do nuashonrú Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na hoibleagáidí ábhartha agus leis na ceanglais ábhartha, agus aon mhodhnú orthu sin lenar ghlac na Ballstáit, mar chomhaltaí de na córais idirnáisiúnta neamhiomadaithe agus na socruithe maidir le rialú onnmhairí, nó trí na conarthaí ábhartha idirnáisiúnta a dhaingniú.

4. Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a leasú d'fhonn a chur san áireamh na hathruithe a comhaontaíodh laistigh de Ghrúpa na hAstráile, Grúpa na Soláthraithe Núicléacha, Córas Rialaithe Teicneolaíochta Diúracán agus Comhaontú Wassenaar, tar éis an Rialachán sin a ghlacadh.

5. D'fhonn tagairtí a éascú le haghaidh na n-údarás agus na n-oibreoirí rialaithe onnmhairí, ba cheart leagan nuashonraithe agus comhdhlúite d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a fhoilsiú.

6. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríochadú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] RIALACHÁN (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, broicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú

[2] Is iad ítimí dé-úsáide de réir an tsainmhínithe i Rialachán 428/2009: "ítimí, lena n-áirítear bogearraí agus teicneolaíocht, is féidir a úsáid chun críoch sibhialta agus míleata araon, agus áireofar leo gach sórt earraí is féidir a úsáid chun críoch neamh-phléascach agus a chabhraíonn ar bhealach ar bith le hairm nuicléacha nó le feistí pléascacha nuicléacha eile a mhonarú."

[3] IO L 134, 29.5.2009, lch. 1

Top