Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0336

Togra le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. xxxx/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (an Rialachán maidir le CEM Aonair) maidir leis an gcabhair a dheonaítear faoi chuimsiú Mhonaplacht Alcóil na Gearmáine

/* COIM/2010/0336 leagan deireanach - COD 2010/0183 */

52010PC0336

Togra le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. xxxx/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (an Rialachán maidir le CEM Aonair) maidir leis an gcabhair a dheonaítear faoi chuimsiú Mhonaplacht Alcóil na Gearmáine /* COIM/2010/0336 leagan deireanach - COD 2010/0183 */


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 24.6.2010

COIM(2010)336 leagan deireanach

2010/0183 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN (AE) Uimh. xxxx/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an ...

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (an Rialachán maidir le CEM Aonair) maidir leis an gcabhair a dheonaítear faoi chuimsiú Mhonaplacht Alcóil na Gearmáine

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Mar eisceacht ar na rialacha maidir le státchabhair, tá cead faoi láthair ag údaráis na Gearmáine státchabhair a dheonú faoi Mhonaplacht Alcóil na Gearmáine i gcás táirgí a mhargaíonn an Mhonaplacht, tar éis dóibh a bheith trasfhoirmithe a thuilleadh, mar alcól eitile de bhunús talmhaíochta. EUR 110 milliún in aghaidh na bliana an méid is mó státchabhrach atá ceadaithe.

De réir Airteagal 182(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gás táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM Aonair), rachaidh an maolú in éag an 31 Nollaig 2010. Leis an dréacht-Rialachán seo leathnaítear feidhm an mhaolaithe agus beartaítear táirgeacht/díolachán na monaplachta a laghdú de réir a chéile sa chaoi is go mbeidh deireadh léi ón 1 Eanáir 2018 i leith. Caitear le dhá chatagóir drioglainne ar dhá bhealach ar leith:

- drioglanna talmhaíochta faoi bhanna (landwirtschaftliche Verschlussbrennereien – tá tuairim is 670 drioglann den chineál sin ann faoi láthair) a phróiseálann gránaigh agus prátaí go príomha, féadfaidh siad fanacht sa mhonaplacht go dtí deireadh 2013. Tiocfaidh laghdú de réir a chéile ar tháirgeacht na ndrioglann sin, áfach, is é sin le rá ó 540 000 hl in 2011, go 360 000 hl in 2012 go 180 000 hl in 2013. Agus iad ag imeacht ón Monaplacht, beidh na drioglanna talmhaíochta faoi bhanna i dteideal chabhair chúiteach EUR 257,50 in aghaidh an hl de chearta driogtha ainmniúla. An 31 Nollaig 2013 an dáta deiridh leis an gcabhair chúiteach sin a dheonú, ach féadfar í a íoc ina tráthchodanna go dtí an 31 Nollaig 2017 ar a dhéanaí.

- na drioglanna mionscála ar ráta comhréidh ( Abfindungsbrennereien ), na húsáideoirí drioglainne ( Stoffbesitzer ) agus na comhdhrioglanna torthaí ( Obstgemeinschaftsbrennereien ) a bhíonn ag plé le margaí áitiúla agus nach dtáirgeann ach méid beag alcóil as torthaí (suas le 300 lítear in aghaidh na bliana), féadfaidh siad 60 000 hl san iomlán a tháirgeadh in aghaidh na bliana go dtí deireadh 2017.

Ní sháróidh iomlán na cabhrach a íocfar idir an 1 Eanáir 2011 agus an 31 Nollaig 2013 EUR 269,9 milliún, agus ní sháróidh iomlán na cabhrach a íocfar idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2017 EUR 268 milliún.

Leanfaidh an Ghearmáin de thuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú an chórais a thíolacadh don Choimisiún. Ina theannta sin idir 2013 agus 2016 tíolacfaidh an Ghearmáin, gach bliain, plean bliantúil céimniú-amach do na drioglanna mionscála ráta comhréidh, na húsáideoirí drioglainne agus na comhdhrioglanna torthaí.

Níl aon impleachtaí airgeadais ag an togra seo do bhuiséad an Chomhphobail.

2010/0183 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN (AE) Uimh. xxxx/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an ...

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (an Rialachán maidir le CEM Aonair) maidir leis an gcabhair a dheonaítear faoi chuimsiú Mhonaplacht Alcóil na Gearmáine

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1],

Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Na rialacha sonracha maidir leis an gcabhair a fhéadfaidh an Ghearmáin a dheonú faoi chuimsiú Mhonaplacht Alcóil na Gearmáine ('an Mhonaplacht') dá bhforáiltear in Airteagal 182(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 an 22 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán Aonair maidir le CMT)[2], rachaidh siad in éag an 31 Nollaig 2010.

2. De réir na tuarascála a chuir an Coimisiún isteach de bhun Airteagal 184(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, laghdaigh an tábhacht a bhaineann leis an Monaplacht le blianta beaga anuas. Idir 2001 agus 2008, d'imigh tuairim is 70 drioglann talmhaíochta faoi bhanna ( landwirtschaftliche Verschlussbrennereien ) as an Monaplacht. Tháinig laghdú ar an méid a dhíol an Mhonaplacht ó bhí 2003 ann agus laghdaigh an buiséad ó EUR 110 milliún in 2003 go EUR 80 milliún in 2008. I ngeall air sin, d'fhéach roinnt drioglann cheana féin leis an mbealach isteach sa saormhargadh a réiteach trí chomharchumainn a chruthú, trí threalamh atá níos tíosaí ar fhuinneamh a cheannach chun costais táirgthe a laghdú, agus trí níos mó margaíochta dírí a dhéanamh ar a gcuid alcóil. Ina ainneoin sin, tá gá le níos mó ama chun an próiseas oiriúnaithe sin a éascú agus chun go mbeidh driogairí in acmhainn an tsaormhargaidh. Meastar go bhfuil roinnt blianta breise ag teastáil chun stop a chur leis an Monaplacht agus leis an gcabhair agus chun fáil réidh léi de réir a chéile.

3. In áiteanna éagsúla sa Ghearmáin, is gnách gur cuid d'fheirmeacha beaga agus meánmhéide iad na drioglanna alcóil agus go mbíonn ról tábhacht acu ó thaobh ioncaim breise d'fheirmeoirí agus cruthú fostaíochta i gceantair tuaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, cead a bheith ag drioglanna talmhaíochta faoi bhanna a phróiseálann gránaigh agus prátaí go príomha, leanúint de bheith ag fáil cabhrach ón Monaplacht go dtí an 31 Nollag 2013. Faoin dáta sin, ba cheart gach drioglann a bheith tar éis dul isteach sa saormhargadh. Tá an spriocdháta sin i gcomhthráth leis an tréimhse nua cláreagraithe i gcomhair forbartha tuaithe, 2014-2020, rud a fhágann go bhféadfadh an Ghearmáin roinnt de chistí na Monaplachta a aistriú chuig an gclár forbartha tuaithe.

4. Cuidíonn drioglanna mionscála ar ráta comhréidh ( Abfindungsbrennereien ), úsáideoirí drioglainne ( Stoffbesitzer ) agus comhdhrioglanna torthaí ( Obstgemeinschaftsbrennereien ) tírdhreacha traidisiúnta agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú, ós rud é go gcaomhnaíonn siad na húlloird ina bhfaigheann driogairí a gcuid amhábhair. Agus an méid sin á chur san áireamh, agus ó tharla gur táirgeadh áitiúil an-teoranta atá i dtáirgeadh na ndrioglann sin, ba cheart cead a bheith acu leanúint de bheith ag baint tairbhe as an gcabhair a dheonaítear faoin Monaplacht go ceann tréimhse deiridh dar críoch an 31 Nollaig 2017. Tá deireadh le cur leis an Monaplacht faoin dáta sin. D'fhonn a áirithiú go n-úsáidfear an chabhair sin chun críocha clabhsúir, ba cheart don Ghearmáin plean ceimniú-amach a thíolacadh gach bliain ó 2013 i leith.

5. Is beag alcól eitile a tháirgtear faoi chuimsiú na Monaplachta agus is ionann é faoi láthair agus níos lú ná 10% de tháirgeadh iomlán alcóil eitile de bhunús talmhaíochta sa Ghearmáin. Ós rud é, go háirithe, go mbeidh gach drioglann faoi bhanna dulta isteach sa saormhargadh faoin 31 Nollaig 2013 ar a dhéanaí, tiocfaidh laghdú suntasach air an gcéatadán sin tar éis an dáta sin.

6. D'fhonn comhleanúnachas a áirithiú agus cabhair á deonú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2011 i leith.

7. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 d’Airteagal 182 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007:

"4. De mhaolú ar Airteagal 180 den Rialachán seo, ní bheidh feidhm ach ag Airteagal 108(1) agus ag an gcéad abairt d'Airteagal 108(3) den CFAE go dtí an 31 Nollag 2017, maidir leis an gcabhair a dheonaíonn an Ghearmáin faoi chuimsiú an chreata náisiúnta atá ann cheana, i.e. Monaplacht Alcóil na Gearmáine ('an Mhonaplacht'), i gcás táirgí a mhargaíonn an Mhonaplacht, tar éis dóibh a bheith trasfhoirmithe a thuilleadh, mar alcól eitile de bhunús talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an CFEA, ar chuntar go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a) tiocfaidh laghdú de réir a chéile ar an táirgeacht d'alcól eitile a bhaineann tairbhe as an gcabhair faoin Monaplacht, is é sin le rá ó uasmhéid 600 000 hl in 2011, go 420 000 hl in 2012, agus go 240 000 hl in 2013, agus féadfaidh uasmhéid 60 000 hl a bheith inti in aghaidh na bliana ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, dáta a thiocfaidh deireadh leis an Monaplacht;

(b) tiocfaidh laghdú de réir a chéile ar tháirgeacht drioglann talmhaíochta faoi bhanna a bhaineann tairbhe as an gcabhair, is é sin le rá ó 540 000 hl in 2011, go 360 000 hl in 2012, agus go 180 000 hl in 2013. Faoin 31 Nollaig 2013 beidh gach drioglann talmhaíochta faoi bhanna imithe ón Monaplacht. Agus iad ag imeacht ón Monaplacht, beidh na drioglanna talmhaíochta faoi bhanna i dteideal chabhair chúiteach EUR 257,50 in aghaidh an hl de chearta driogtha ainmniúla. Is é an 31 Nollaig 2013 an dáta deiridh le cabhair chúiteach a dheonú. Féadfar, áfach, í a íoc ina tráthchodanna go dtí an 31 Nollaig 2017 ar a dhéanaí;

(c) féadfaidh drioglanna mionscála ar ráta comhréidh, úsáideoirí drioglainne agus comhdhrioglanna torthaí tairbhe a bhaint as cabhair a dheonaíonn an Mhonaplacht go dtí an 31 Nollaig 2017, ar chuntar nach sáróidh an táirgeacht atá ag baint tairbhe as an gcabhair sin 60 000 hl in aghaidh na bliana;

(d) ní sháróidh iomlán na cabhrach a íocfar idir an 1 Eanáir 2011 agus an 31 Nollaig 2013 EUR 269,9 milliún, agus ní sháróidh iomlán na cabhrach a íocfar idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2017 EUR 268 milliún; agus

(e) gach bliain roimh an 30 Meitheamh, cuirfidh an Ghearmáin tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le feidhmiú na Monaplachta agus maidir leis an gcabhair a deonaíodh faoina cuimsiú an bhliain roimhe sin. Ina theannta sin, beidh sna tuarascálacha bliantúla a chuirfear isteach sna blianta 2013–2016 plean bliantúil céimniú-amach na bliana ina dhaidh sin do mhiondrioglanna ar ráta comhréidh, úsáideoirí drioglainne agus drioglanna comharchumainn torthaí."

Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh feidhm leis amhail ón 1 Eanáir 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO C …, lch. ...

[2] IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

Top