Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0121

Teachtaireacht ón gcoimisiún chuig parlaimint na heorpa de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú

/* COIM/2010/0121 leagan deireanach - COD 2008/0237 */

52010DC0121

Teachtaireacht ón gcoimisiún chuig parlaimint na heorpa de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú /* COIM/2010/0121 leagan deireanach - COD 2008/0237 */


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 24.3.2010

COIM(2010)121 leagan deireanach

2008/0237 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis

an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú

2008/0237 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis

an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú

1. CÚLRA

An dáta ar seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM/2008/817 - COD-2008-237): | 4 Nollaig 2008 |

An dáta ar tugadh an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 16 Iúil 2009 |

An dáta ar tugadh an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh: | 23 Aibreán 2009 |

An dáta ar glacadh an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh: | 11 Márta 2010 |

2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN

Is éard is cuspóir don togra a ghlac an Coimisiún an 4 Nollaig 2008 cearta a leagan síos do phaisinéirí agus iad ag taisteal ar bhus agus ar chóiste chun iompar paisinéirí de bhóthar a dhéanamh níos tarraingtí agus chun go mbeadh níos mó muiníne ag na paisinéirí as. Cuideoidh na rialacha nua a thabharfar isteach le cosaint níos fearr a thabhairt do phaisinéirí i gcoitinne, agus go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Socrófar caighdeáin cháilíochta, freisin, atá inchomparáide leis na caighdeáin sin atá bunaithe cheana in earnáil an aeiriompair agus in earnáil an iompair d'iarnród.

3. BARÚLACHA FAOI N SEASAMH ÓN g COMHAIRLE

3.1. Barúlacha ginearálta

Dar leis an gCoimisiún tá codanna áirithe den togra uaidh leasaithe go mór ag an gComhairle.

Ar an gcéad dul síos, de réir an tseasaimh ón gComhairle tugtar an deis do na Ballstáit seirbhísí rialta uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha, lena n-áirítear seirbhísí trasteorann den sórt sin, a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin. Níor tugadh deis den sórt sin sa togra ón gCoimisiún ach amháin sa chás go mbeadh seirbhísí díolmhaithe den sórt sin clúdaithe faoi chonarthaí i gcomhair seirbhísí poiblí, conarthaí a áiritheodh leibhéal de chearta paisinéirí a bheadh inchomparáide leis an leibhéal a cheanglaítear faoin Rialachán seo. Sa bhreis air sin, féadfaidh na Ballstáit seirbhísí rialta intíre a dhíolmhú ar feadh tréimhse teoranta ama, mar aon le seirbhísí idirnáisiúnta a ndéantar codanna suntasacha díobh a oibriú lasmuigh den Aontas. Chruthódh an méid sin srian shuntasach ar an raon feidhme a bheadh ag baint le cur i bhfeidhm an Rialacháin.

Ar an dara dul síos, bhí caibidil sa togra ón gCoimisiún ina raibh rialacha mionsonraithe maidir leis na hoibleagáidí atá ar iompróirí i dtaca le cúiteamh agus cúnamh i gcás timpiste. Sa seasamh ón gComhairle, áfach, athraíodh an chéad togra ón gCoimisiún a bhain le dliteanas an iompróra agus cuireadh isteach tagairt don dlí náisiúnta is infheidhme agus cuireadh oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go mbeadh aon chúiteamh uasta faoin dlí náisiúnta cothrom le EUR 220 000 in aghaidh an phaisinéara ar a laghad agus EUR 500 ar a laghad in aghaidh gach píosa bagáiste i seirbhísí uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha (EUR 1 200 ar a laghad i gcás gach cineál seirbhíse iompair eile). In ionad an cheanglais réamhíocaíochta, is éard atá sa seasamh ón gComhairle oibleagáid ar iompróirí cúnamh a thabhairt chun freastal ar na riachtanais phraiticiúla a bhíonn ag paisinéirí tar éis timpiste. Cé go bhfuil an seasamh seo go mór ar gcúl i gcomparáid leis na forálacha a bhí sa togra ón gCoimisiún, mhéadódh sé, mar sin féin, an méid cosanta a thabharfaí do phaisinéirí ar an leibhéal Eorpach, i gcomparáid leis an staid mar atá sé faoi láthair.

Mar dheireadh, tugann an Coimisiún cinneadh na Comhairle dá aire, is é sin go mbeadh an Rialachán infheidhme tar éis dhá bhliain (in ionad bliain amháin) tar éis dó teacht i bhfeidhm.

3.2. Leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar ghlac an Coimisiún leo agus atá ar áireamh go hiomlán nó i bpáirt sa seasamh ón gComhairle

- leasú 3 a chuireann béim ar na gnéithe sonracha a bhaineann le hearnáil an iompair de bhus agus de chóiste;

- leasú 5 a thagraíonn do na coinníollacha réime a bhaineann le hoiliúint a chur ar fáil a bhfuil baint aici le míchumas;

- leasuithe 26, 30, 31, 36, 45, 46 atá dírithe ar fhoclaíocht an togra a shoiléiriú agus a athchóiriú chun éifeachta;

- leasuithe 32, 58, 62 trína soiléirítear an fhormáid ina mbeidh an fhaisnéis chun go mbeidh gach paisinéir in ann teacht ar an bhfaisnéis sin.

3.3. Leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar ghlac an Coimisiún leo ach nach bhfuil ar áireamh sa seasamh ón gComhairle

- soiléiriú ar na haithrisí (leasuithe 1, 2, 6);

- tabhairt isteach aithrisí nua trína spreagfaí na Ballstáit agus gníomhairí sa mhargadh infheistíocht a dhéanamh i bhfeithiclí agus i mbonneagar atá oiriúnach chun paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a iompar (leasuithe 7, 8, 9 agus 10);

- leasuithe 13, 16 agus 17 trína soiléirítear na sainmhínithe;

- leasú 15 a bhaineann leis na sainmhínithe;

- leasuithe 23 agus 82 trína soiléirítear na coinníollacha a bhaineann leis an gcóras atá beartaithe maidir le dliteanas an iompróra i gcás timpiste;

- leasuithe 50, 51 (i bpáirt) agus leasú 55 trína dtreisítear cearta paisinéirí i gcás moilleanna agus seirbhísí a chuirtear ar ceal;

- leasuithe 59 agus 60 lena sonraítear na coinníollacha faoina gcuirfidh na hiompróirí cúram ar phaisinéirí i gcás moilleanna;

- leasuithe 61 agus 63 trína gcuirtear béim ar an ngá a bhíonn ag iompróirí le hinrochtaineacht na faisnéise a áirithiú, mar aon le meicníochtaí láimhseála gearán do na paisinéirí uile, paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe san áireamh;

- leasuithe 64, 65, 66, 67 agus 68 trína soiléirítear an tslí ina bhfeidhmíonn an córas láimhseála gearán agus na forálacha forfheidhmithe, agus trína bhfeabhsaítear iad i bpáirt;

- leasú 70 trína soiléirítear an liosta de ghníomhaíochtaí cúnaimh a chuirfear ar fáil do phaisinéirí faoi mhíchumas agus do phaisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

- leasuithe 73, 33, 34 (i bpáirt), 35, 37, 40, 42, 43, 44 trína dtreisítear na coinníollacha faoina gcuirfear cúnamh ar fáil do phaisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe roimh a dturas ar bhus nó ar chóiste, le linn an turais sin agus dá éis.

3.4. Leasuithe Pharlaimint na hEorpa nár ghlac an Coimisiún leo ach atá ar áireamh go hiomlán nó i bpáirt sa seasamh ón gComhairle

- leasuithe 27 agus 29 trína soiléirítear na coinníollacha a bhaineann le maolú ar an gceart chun iompair le haghaidh paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

- leasú 53 trína dtugtar an ceart do phaisinéirí béilí agus sóláistí a fháil i gcás moilleanna;

- leasú 69 lena moltar dáta chun an Rialachán a chur i bhfeidhm, dáta a bheadh dhá bhliain tar éis dó teacht i bhfeidhm.

3.5. Leasuithe Pharlaimint na hEorpa nár ghlac an Coimisiún leo agus nach bhfuil ar áireamh sa seasamh ón gComhairle

- leasuithe 4, 18, 19, 21, 22, 24 lena bhforáiltear go ndéanfar athrú ar an gcóras a bhaineann le dliteanas an iompróra i gcás timpiste;

- leasú 14 a bhaineann leis na sainmhínithe;

- leasú 25 trína dtugtar le tuiscint go dtabharfaí neamhaird ar shábháilteacht agus paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe á n-iompar;

- leasuithe 38, 39 agus 41 a bhaineann leis na coinníollacha faoina gcuirfí cúnamh ar fáil do phaisinéirí faoi mhíchumas agus do phaisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

- leasuithe 47 agus 48 lena gcuirfí teorainn le dliteanas an iompróra maidir le cathaoireacha rothaí agus trealamh soghluaiseachta;

- leasuithe 49, 52, 54, 56 agus 57 a bhaineann le dliteanas an iompróra i gcás moilleanna agus seirbhísí a chuirtear ar ceal;

- leasuithe 71 agus 72 lena laghdófaí an méid cúnaimh a thabharfaí ar bord nó an méid oiliúna a chuirfí ar an bhfoireann maidir le riachtanais paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a shásamh i dtaobh iompair de.

4. CONCLÚID

Tá imní ar an gCoimisiún faoi na leasuithe suntasacha atá tugtha isteach ag an gComhairle i gcomparáid leis an gcéad togra ón gCoimisiún, agus faoi roinnt leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa, a mhéid is a laghdaíonn na leasuithe sin go mór an raon feidhme a bheidh ag cur i bhfeidhm an dréacht-Rialacháin agus, dá bharr sin, an méid cosanta a bheidh ag paisinéirí an AE. Tugann an Coimisiún an seasamh a ghlac an Chomhairle d'aon toil dá aire, áfach, agus measann sé gur cheart leibhéal na spriocanna a ardú arís ar shlí dhearfach faoi chuimsiú díospóireachta breise idirinstitiúidí ar mhaithe le glacadh deireanach an Rialacháin.

5. RÁITEAS ÓN g COIMISIÚN

Rinne an Coimisiún an ráiteas seo a leanas le linn chruinniú Chomhairle na nAirí Iompair an 17 Nollaig 2009:

"Dearbhaíonn an Coimisiún, cé nach gcomhlíontar go huile is go hiomlán leis an gcomhaontú polaitiúil cuspóirí tábhachtacha áirithe an chéad togra a bhí aige, go bhfuil sé de rún aige gan cur i gcoinne an chomhaontaithe sin d'fhonn a áirithiú go leanfar ar aghaidh leis an ngnáthnós imeachta reachtach."

Top