Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52009PC0035

    Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár chun cabhrú le téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh

    /* COIM/2009/0035 leagan deireanach - COD 2009/0010 */

    52009PC0035




    GA

    An Bhruiséil 28.1.2009

    COIM(2009) 35 leagan deireanach

    2009/0010 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear clár chun cabhrú le téarnamh eacnamaíoch trí

    chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1. Comhthéacs an Tógra

    · Forais agus cuspóirí an togra

    Is freagairt é an togra seo ar lagtrá thromchúiseach atá ag bagairt ar gheilleagar na hEorpa tar éis na gearchéime airgeadais, agus ar na heasnaimh i gcinnteacht an tsoláthair fuinnimh sa Chomhphobal mar a léiríodh le linn na géarchéime gáis. Cuirtear chun feidhme leis an togra seo an Plean do Théarnamh Eacnamaíoch Eorpach (COIM (2008) 800) arna fhormhiniú ag an gComhairle Eorpach an 11-12 Nollaig 2008. Mar aon leis na tograí a bhaineann le leathanbhanda agus le forbairt tuaithe, is freagairt shonrach é ar iarratas na Comhairle Eorpaí chun liosta mionsonraithe, cothrom gníomhaíochtaí a sholáthar.

    · Comhthéacs ginearálta

    Thosaigh an ghearchéim airgeadais ag leathnú chuig an bhfíorgheilleagar i bhfómhar 2008. Tháinig an ghéarchéim gháis chun cinn i mí na Nollag 2008 nuair a bhí briseadh i soláthar an gháis a tháirgtear sa Rúis agus a chuirtear chuig an gComhphobal. Eascraíonn fadhbanna struchtúracha as an ngéarchéim eacnamaíoch agus as an ngéarchéim gháis ar aon, a fhad a bhaineann le geilleagar na hEorpa agus do leas shaoránaigh na hEorpa. Tá gá le Plean uileghabhálach do Théarnamh agus tá sin á chur i bhfeidhm. Is gné riachtanach den Phlean é an togra seo le haghaidh spreagadh airgeadais dírithe ar phríomhréimsí na hearnála fuinnimh.

    · Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

    Tá sé d’aidhm ag an gcuid bonneagair fuinnimh de Chlár na nGréasán Traseorpach tógáil idirnaisc trasteorann gáis agus leictreachais a spreagadh. Tá sé sin d’aidhm freisin ag ceann de thrí fhóchláir an togra seo. Tá liosta na dtionscadal arna bhunú sa Rialachán seo comhlántach do na Treoracha maidir le gréasáin fuinnimh traseorpacha (Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Uimh. 1364/2006 an 6 Meán Fómhair 2006).

    · Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

    Tacaíonn an togra seo le tionscadail sa réimse beartais fuinnimh mar phríomhchuid de chuspóir níos leithne an AE maidir le dul chun cinn eacnamaíoch agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn. Tá sé i gcomhréir le cuspóirí an AE maidir le beartas fuinnimh mar atá leagtha amach sa dara hAthbhreithniú ar Fhuinneamh Straitéiseach, go háirithe ó thaobh cinnteacht an tsoláthair fuinnimh a mhéadú agus astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú.

    Nuair a bhí na tionscadail á roghnú ag an gCoimisiún, cuireadh ilchritéir san áireamh, ilchritéir a bhaineann go háirithe le haibíocht tionscadal, le dáileadh comhtháite geografach, le leas Eorpach chomh maith le breisluach Eorpach agus dul chun cinn teicneolaíochta. Tá na critéir sin i gcomhréir leis an mbeartas fuinnimh arna fhorbairt ag an CE le blianta anuas agus le comhthéacs na bpeirspictíochtaí leanúnacha airgeadais. Is é is dóichí ná go dtacófar leis an gcur chuige amach anseo.

    2. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta

    · Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

    Dé bharr phráinn na géarchéime eacnamaíche tá gá leis an ngníomhaíocht is tapúla is féidir chun teachtaireacht shoiléir a chur chuig infheisteoirí. Ciallaíonn sé sin nach raibh am ann le haghaidh próisis chomhairliúcháin.

    · Bailiú agus úsáid saineolais

    Níor úsáideadh saineolas seachtrach.

    · Measúnú iarmharta

    De bharr phráinn na géarchéime eacnamaíche tá gá leis an ngníomhaíocht is tapúla is féidir, i gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí

    Ciallaíonn sé sin nach raibh am ann le haghaidh próisis chomhairliúcháin.

    3. Eilimintí dlíthiúla an togra

    · Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

    Tá sé beartaithe tabhairt faoi chlár bhearta infheistíochta i rith 2009 agus 2010, ina mbeidh fochláir sna réimsí seo a leanas:

    - tionscadail idirnaisc gáis agus leictreachais (imchlúdach airgeadais: EUR 1 750 milliún);

    - tionscadal gaoithe amach ón gcósta (EUR 500 milliún);

    - gabháil agus stóráil carbóin (EUR 1 250 milliún).

    · Bunús dlí

    Airteagal 156 den Chonradh a bheidh mar bhunús dlí ag an bhfochláir le haghaidh tionscadal idirnaisc gáis agus leictreachais agus Airteagal 175 a bheidh ann don chuid eile den ghníomhaíocht.

    · Prionsabal na coimhdeachta

    Beidh feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa mhéid is nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail.

    Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach i gceart de bharr na cúise/na gcúiseanna seo a leanas:

    – Éilíonn freagairt chomhtháite agus éifeachtúil ar an ngéarchéim eacnamaíoch, cur chuige comhordaithe i gcomhair infheistíochta ag leibhéal an AE, ina bhfuil acmhainní an AE mar aon le hacmhainní náisiúnta san áireamh.

    – Baineann saintréithe trasnáisiúnta le go leor de na tionscadail arna sainaithint sa Rialachán, go háirithe sna fochláir gaoithe amach ón gcósta agus sna fochláir idirnaisc.

    – Is cuspóir coiteann an Aontais a deimhníodh le déanaí idirnaisc, fuinneamh inathnuaithe agus gabháil agus stóráil carbóin a spreagadh.

    – Ar mhaithe le deiseanna macasamhlaithe sna Ballstáit a uasmhéadú atá na fochláir go léir deartha, go háirithe an fochlár maidir le gabháil agus stóráil carbóin.

    – Chuirfeadh gníomhaíocht na mBallstát ann féin cosc ar chur chuige comhordaithe a bhaint amach; tá cur i gcrích tionscadal a mbaineann tábhacht trasnáisiúnta leo riachtanach chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach.

    Éireoidh níos fearr le gníomhaíocht Comhphobail cuspóirí an togra a bhaint amach ar an gcúis/na cúiseanna seo a leanas:

    – Ceadóidh gníomhaíocht AE na cuspóirí seo a bhaint amach.

    – Tá sé ar chumas ghníomhaíocht AE gníomhaíocht náisiúnta a chomhlánú d’fhonn cuspóirí foriomlána an Aontais a chur i gcrích. Léirítear leis seo na saintréithe trasnáisiúnta na géarchéime eacnamaíche agus an dúshláin maidir le cinnteacht fuinnimh.

    – Tá raon feidhme an togra seo teoranta do thionscadail dá leithéid.

    Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

    · Prionsabal na comhréireachta

    Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar an cúis/na cúiseanna seo a leanas:

    – Toisc go mbunaítear leis an togra seo clár do chúnamh airgeadais ní mór dó bheith i bhfoirm rialacháin.

    – Tá an t-ualach airgeadais i gcomhréir leis an aidhm chun spreagadh mór a thabhairt do gheilleagar na hEorpa agus chun díriú ar na dúshláin maidir le cinnteacht fuinnimh.

    – Íoslaghdaítear an t-ualach riaracháin leis an gcinneadh díriú isteach ar roinnt tionscadal ar mhórscála.

    · Rogha Ionstraimí

    Ionstraimí beartaithe: rialachán.

    Níor leor modhanna eile ar an gcúis/na cúiseanna seo a leanas:

    – Toisc go mbunaítear leis an togra seo clár do chúnamh airgeadais ní mór dó bheith i bhfoirm rialacháin.

    4. Impleacht Bhuiséadach

    Beartaítear d'imchlúdach airgeadais le € 3 500 milliún san iomlán do na trí fhochlár, € 1 500 milliún beartaithe do 2009 agus € 2 000 milliún do 2010.

    Déanfar formhór na n-íocaíochtaí idir 2009 agus 2012 agus beartaítear na híocaíochtaí deireanacha, le haghaidh tionscadail ghabhála agus stórála carbóin go háirithe, do 2014/15.

    2009/0010 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear clár chun cabhrú le téarnamh eacnamaíoch trí

    chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 156 agus 175(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún [1],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [2],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún [3],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos in Airteagal 251 den Chonradh [4],

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) Tá lagtrá thromchúiseach ag bagairt ar gheilleagar na hEorpa de bharr na géarchéime airgeadais.

    (2) Ag an am céanna, tá sé soiléir go mbraitheann neart agus inmharthanacht fhadtéarmach gheilleagar na hEorpa ar a athmhúnlú chun aghaidh a thabhairt ar éilimh na cinnteachta fuinnimh agus ar an ngá atá le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú. Daingníonn na hábhair imní atá ag méadú i dtaobh soláthar iontaofa gáis a áirithiú an tátal seo.

    (3) I bhfianaise na n-ábhar imní seo, d'fhormhuinigh Comhairle na hEorpa ag cruinniú an 11 agus an 12 Nollaig 2008 [5] Plean do Théarnamh Eacnamaíoch Eorpach [6] ina leagtar amach conas is féidir leis na Ballstáit agus an tAontas Eorpach a gcuid beartas a chomhordú agus spreagadh nua a thabhairt do gheilleagar na hEorpa, agus an spreagadh sin a dhíriú ar chuspóirí fadtéarmacha an Chomhphobail.

    (4) Ba chuid thábhachtach den Phlean do Théarnamh an togra le haghaidh caiteachas Comhphobail a mhéadú in earnálacha sainithe straitéiseacha, chomh maith le déileáil le heaspa muiníne i measc infheisteoirí, agus cuidiú bealach i dtreo geilleagar níos láidre sa todhchaí a fhorbairt. D'iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún liosta de thionscadail shonracha a chur faoina bráid, ag cur san áireamh cothromaíocht leordhóthanach gheografach, chun infheistíochtaí i dtaobh forbartha tionscadal bonneagair go háirithe a athneartú.

    (5) Baineann tábhacht ar leith le bearta a dhíreoidh go tapa ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus ar riachtanais phráinneacha fuinnimh an Chomhphobail araon a mhaoiniú.

    (6) Ba cheart an infheistíocht a dhíriú ar roinnt earnálacha ar leith chun go mbeidh tionchar inbhraite agus suntasach aici. Is iad na hearnálacha seo thíos atá i gceist:

    (a) na hearnálacha ina rannchuideoidh an ghníomhaíocht go soiléir leis na cuspóirí a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair fuinnimh agus le laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa;

    (b) na hearnálacha ina bhfuil mórthionscadail aibí a bhfuil an inniúlacht iontu úsáid éifeachtach agus éifeachtúil a bhaint as suimeanna suntasacha de chúnamh airgeadais agus suimeanna suntasacha infheistíochta a ghineadh ó fhoinsí eile, lena n-áirítear an Banc Eorpach Infheistíochta; agus

    (c) na hearnálacha a chuirfidh gníomhaíocht ag leibhéal na hEorpa breisluach leo.

    Comhallann na hearnálacha idirnaisc gáis agus leictreachais, fuinnimh gaoithe amach ón gcósta agus gabhála agus stórála carbóin na critéir seo.

    (7) I gcás na n-idirnasc gáis agus leictreachais, is le cúpla bliain anuas a tháinig na dúshláin lena mbaineann chun cinn. Léirigh na géarchéimeanna gáis a bhí ann le déanaí (le linn gheimhreadh 2006 agus 2009) agus ardú na bpraghsanna ar ola go dtí lár 2008 cé chomh leochaileach is a bhí an Eoraip. Toisc go bhfuil laghdú ag teacht ar acmhainní dúchasacha fuinnimh – gás agus ola – is ag méadú atá spleáchas na hEorpa ar allmhairí chun fuinneamh a sholáthar. Beidh ról ríthábhachtach ag an mbonneagar fuinnimh sa chomhthéacs seo.

    (8) Tá an ghéarchéim reatha eacnamaíoch agus airgeadais ag cur isteach ar chur chun feidhme tionscadal bonneagair fuinnimh, áfach. D'fhéadfadh mórmhoill a bheith ar chur chun feidhme roinnt tionscadal tábhachtach – lena n-áirítear tionscadail chun leasa an Chomhphobail – de bharr easpa airgid. Is iomchuí dá bhrí sin, gníomhaíocht phráinneach a ghlacadh chun tacú le hinfheistíocht in idirnaisc fuinnimh. De bharr an méid ama a ghlactar chun tionscadail den chineál seo a phleanáil agus a chur i bhfeidhm, tá sé tábhachtach go ndéanann an Comhphobal infheistíocht i mbonneagar dá leithéid láithreach bonn ionas gur féidir leis luas a chur le forbairt tionscadal a mbaineann tábhacht ar leith leo maidir le cinnteacht an tsoláthair fuinnimh laistigh den Chomhphobal, go háirithe. Beidh an méid sin ríthábhachtach chun cinnteacht sholáthar fuinnimh an Chomhphobail ag praghasanna iomaíocha a áirithiú tráth a dtiocfaidh an geilleagar ar ais chuige féin agus a thiocfaidh ardú ar éileamh ar fhuinneamh domhanda.

    (8a) Ní mór na tionscadail atá tábhachtach ó thaobh oibriú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus ó thaobh chinnteacht an tsoláthair fuinnimh agus a rannchuideoidh freisin le téarnamh an gheilleagair a roghnú as na tionscadail bonneagair fuinnimh.

    (9) I gcás gabhála agus stórála carbóin agus fuinnimh gaoithe amach ón gcósta, cuireann an Rialachán seo leis an bPlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh [7], inar iarradh plean coiteann agus straitéiseach maidir le taighde fuinnimh agus iarrachtaí nuálaíochta i gcomhréir le spriocanna an AE i ndáil le beartas fuinnimh. Tugtar tiomantas ann do bhunú sé thionscnamh thionsclaíocha Eorpacha sa dá réimse seo go háirithe. D'iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún ag cruinniú an 16 Deireadh Fómhair 2008 [8] luas suntasach a chur faoi chur chun feidhme an Phlean Teicneolaíochta. Tionscnaítear sa Chlár seo an maoiniú le haghaidh gabhála agus stórála carbóin agus fuinnimh gaoithe amach ón gcósta gan dochar do bhunú amach anseo na sé thionscnamh thionsclaíocha ar thionscadail taispeána fuinnimh mar atá leagtha amach sa Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh.

    (10) D'fhonn tionchar láithreach a imirt ar an ngéarchéim eacnamaíoch, ní foláir go liostófar sa Rialachán seo na tionscadail a d'fhéadfadh cúnamh láithreach airgeadais a fháil, faoi réir chomhall na gcritéar a áirithíonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht agus faoi réir na dteorainneacha á socrú ag an imchlúdach airgeadais.

    (11) I gcás na dtionscadal idirnaisc gáis agus leictreachais, bunaítear an liosta seo i gcomhréir le rannchuidiú an tionscadail leis na cuspóirí i ndáil le cinnteacht agus éagsúlú soláthair arna sainaithint sa dara Athbhreithniú ar Fhuinneamh Straitéiseach [9] a rinneadh le déanaí, agus arna bhformhuiniú ag an bParlaimint agus ag an gComhairle [10]. Roghnaítear na tionscadail ar an mbonn go gcuireann siad na tosaíochtaí arna sainaithint san Athbhreithniú sin chun feidhme, go bhfuil leibhéal réasúnta aibíochta bainte amach acu agus go rannchuidíonn siad leis na nithe seo a leanas:

    (a) Cinnteacht agus éagsúlú foinsí fuinnimh agus soláthar;

    (b) Leas iomlán a bhaint as cumas an líonra agus as margadh inmheánach an fhuinnimh a lánpháirtiú, go háirithe a mhéad a bhaineann leis na codanna trasteorann;

    (c) Forbairt an líonra chun an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trí iargúltacht na réigiún is lú buntáiste agus oileáin an Chomhphobail a laghdú;

    (d) Acmhainní fuinnimh inathnuaite a nascadh;

    (e) Sábháilteacht, iontaofacht agus idirinoibritheacht na lionraí idirnasctha;

    (f) Dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit.

    D'fhonn na tionscadal seo a chur i gcrích, iarrófar gealltanas ar na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla go gcuirfidh siad luas leis na nósanna imeachta riaracháin agus leis na húdaruithe. I gcás go leor tionscadal, ní bheidh tacaíocht ar fáil laistigh den chreat ama socraithe mura dtarlaíonn an luathú sin.

    (12) I gcás fuinnimh gaoithe amach ón gcósta, áirítear sa liosta tionscadail a d'fhéadfaí a mheas, ar bhonn na faisnéise arna bailiú ó gheallsealbhóirí faoi chuimsiú an Chláir Oibre Eorpaigh um Teicneolaíocht Fuinnimh Gaoithe, ó fhoinsí tionsclaíocha agus ó fhoinsí eile, a bheith ceadaithe agus ullamh le haghaidh cur chun feidhme, a bheith nuálach ach coincheapanna atá seanbhunaithe a leanúint, a bheith in ann luathú mar fhreagairt ar spreagadh airgeadais, tábhacht trasteorann a bheith leo, a bheith ar scála mór agus a bheith in ann a léiriú conas a scaipfear torthaí an dul chun cinn teicneolaíochta go héifeachtúil i bhfianaise na gcuspóirí agus na struchtúr arna bhformhiniú ag an bPlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh. Ba cheart an cúnamh airgeadais a dhíriú ar na tionscadail sin a mbeidh an deis acu dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le forbairt tionscadal in 2009 agus in 2010.

    (13) I gcás gabhála agus stórála carbóin, ba cheart an liosta seo a bhunú i bhfianaise na faisnéise arna bailiú ó gheallsealbhóirí faoi chuimsiú an Fhóraim um Breosla Iontaise, agus an Chláir Oibre um Theicneolaíocht maidir le Gléasraí Cumhachta Breosla Iontaise atá Saor ó astaíochtaí agus ó fhoinsí eile. Ba cheart an cúnamh airgeadais a dhíriú ar na tionscadail sin a mbeidh an deis acu dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le forbairt tionscadal in 2009 agus in 2010.

    (14) Ba cheart an staid ullmhaithe a mheasúnú i bhfianaise a aibí is a inmharthana atá an gléasra cumhachta, lena n-áirítear an chuid de a bhaineann le gabháil carbóin, le hiompar agus le stóráil CO2, agus le gealltanas na n-údarás áitiúil tacú leis an tionscadal. Beidh ar na tionscadail freisin a léiriú conas a scaipfear torthaí an dul chun cinn teicneolaíochta go héifeachtúil agus conas a chuirfear luas le gnóthú na gcuspóirí arna leagan amach sa Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh.

    (15) Beidh rogha le déanamh idir na tionscadail incháilithe. Bá cheart go n-áiritheodh an rogha, inter alia, nach dtabharfar tacaíocht do níos mó ná tionscadal amháin gabhála agus stórála carbóin i ngach Ballstát d'fhonn a áirithiú go ndéanfar scrúdú ar réimse leathan de choinníollacha stórála geolaíocha agus d'fhonn tacú leis an gcuspóir maidir le téarnamh eacnamaíoch a spreagadh ar fud na hEorpa.

    (16) Níor cheart go gcuirfeadh maoiniú an Chomphobail isteach go mór ar iomaíocht nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ag féachaint go háirithe do na rialacha a bhaineann le rochtain tríú páirtí agus díolúintí féideartha rochtana tríú páirtí. Ní foláir do chistí náisiúnta eile, sa bhreis ar an maoiniú Comhphobail seo, na rialacha a bhaineann le cabhair Stáit a chur san áireamh freisin.

    Beag beann ar an gcineál cúnaimh atá i gceist, ba cheart cúnamh airgeadais an Chomhphobail a dheonú i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i ndail le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach [11] (an 'Rialachán Airgeadais') agus le forálacha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 ina leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach [12], ach amháin i gcás ina n-imeoidh forálacha an Rialacháin seo go sonrach ó na rialacha sin.

    (17) De bharr an ghéarghá a bhaineann le déileáil leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus riachtanais phráinneacha fuinnimh an Chomhphobail, agus ag cur san áireamh leibhéal an mhionsonraithe sa Rialachán seo, féadfar cúnamh airgeadais a dheonú, de mhaolú ar Airteagail 75(2) agus 110 den Rialachán Airgeadais, gan glacadh roimhe sin le clár oibre ná le cinneadh airgeadais de chineál eile.

    (18) Déantar foráil in Airteagal 160a den Rialachán Airgeadais do leithreasaí faoi chomhair oibligeáidí arna saoradh a chur ar fáil arís i gcás nár cuireadh chun feidhme tionscadal ina iomlán nó ar chor ar bith de bharr cúinsí eisceachtúla. Tá an fhoráil seo teoranta do thionscadail taighde, áfach. D'fhonn a áirithiú go gcaifear an buiséad dá bhforáiltear faoin Rialachán seo ar bhealach sásúil agus go rannchuideoidh sé le cuspóirí an Rialacháin, ní mór freisin foráil a dhéanamh don fhéidearthacht seo i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

    (19) Nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, ba cheart go gcosnófaí leasanna airgeadais an Chomhphobail trí bhearta coisctheacha i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile a chur i bhfeidhm trí sheiceálacha éifeachtúla a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a fháil ar ais agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis éifeachtúla, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint [13], i gcomhréir le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún d'fhonn leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile [14] agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) [15].

    (20) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, i.e. cabhrú le téarnamh eacnamaíoch laistigh den Chomphobal, aghaidh a thabhairt ar éilimh na cinnteachta fuinnimh agus astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú trí chaiteachas in earnálacha straitéiseacha sainithe a mhéadú, a bhaint amach go sásúil agus go bhféadfar iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Chomhphobail de bharr raon feidhme an Rialacháin seo agus na gcineálacha earnálacha agus tionscadal atá roghnaithe, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, arna leagan amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (21) Ag cur san áireamh na cineálacha saincheisteanna atá sna fochláir, ba cheart do choistí éagsúla cúnamh a thabhairt don Choimisiún d'fhonn na tograí a choimeádfar le haghaidh maoiniú a roghnú agus d'fhonn an méid maoinithe a dheónfar faoi gach fochlár a chinneadh.

    (22) Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún [16].

    (23) De bharr an ghéarghá a bhaineann le déileáil leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus riachtanais phráinneacha fuinnimh an Chomhphobail, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm díreach tar éis a fhoilsithe,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    RÉAMHFHORÁLACHA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Bunaítear leis an Rialachán seo ionstraim maoinithe, an Clár Fuinnimh Eorpach do Théarnamh, dá ngairfear 'CFET' anseo feasta, chun tionsacadail i réimse an fhuinnimh a rannchuideoidh le téarnamh eacnamaíoch, le cinnteacht an tsoláthair fuinnimh agus le laghdú na n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa, a fhorbairt sa Chomhphobal .

    Bunaítear leis fochláir d'fhonn na cuspóirí sin a chur chun cinn sna réimsí seo a leanas:

    (a) idirnaisc gháis agus leictreachais;

    (b) fuinneamh gaoithe amach ón gcósta; agus

    (c) gabháil agus stóráil carbóin.

    Sainaithnítear sa Rialachán na tionscadail a bheidh le maoiniú faoi gach fochlár agus leagtar amach ann critéir chun na gníomhaíochtaí is gá d'fhonn na tionscadail seo a chur i gcrích a shainaithint agus a chur chun feidhme.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a) ciallóidh 'gabháil agus stóráil carbóin' bealach chun athrú aeráide a mhaolú trí dhé-ocsaíd charbóin (CO2) a ghabháil ó shuiteálacha a ghineann cumhacht, í a iompar go láithreán stórála agus í a chur isteach i bhfoirmíocht oiriúnach gheolaíoch chun críocha stórála buaine;

    (b) beidh le 'costais incháilithe' an chiall chéanna atá leis i Rialachán (CE) Uimh. 2342/2002;

    (c) ciallóidh 'idirnaisc gháis agus leictreachais':

    (i) na línte ardvoltais ar fad, seachas iad sin a bhaineann le líonraí dáilte ná le naisc faoi thoinn, chomh fada is a úsáidtear an bonneagar sin le haghaidh tarchur nó nasc idir-régiúnach nó idirnáisiúnta;

    (ii) trealamh nó suiteálacha ar bith atá riachtanach chun go n-oibreoidh an córas atá i gceist i gceart, lena n-áirítear córais cosanta, monatóireachta agus rialála;

    (iii) píblínte gáis ardbhrú, seachas iad siúd a bhaineann le líonraí dáilte;

    (iv) saoráidí stórála faoi thalamh, atá nasctha leis na píblínte gáis ardbhrú atá luaite in (iii) thuas;

    (v) saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe le haghaidh gáis nádurtha leachtaigh; agus

    (vi) trealamh nó suiteálacha ar bith atá riachtanach chun go n-oibreoidh an córas atá i gceist i gceart, lena n-áirítear córais cosanta, monatóireachta agus rialála;

    (d) ciallaíonn 'cuid de thionscadal' gníomhaíocht ar bith atá neamhspleách ó thaobh airgid nó teicneolaíochta nó thar thréimhse ama agus a rannchuidíonn le cur i gcrích an tionscadail;

    (e) ciallóidh 'céim infheistíochta' an chéim sin den tionscadal ina dtugtar faoi thógáil agus ina dtagann costais chaipitiúla i bhfeidhm;

    (f) ciallóidh 'fuinneamh gaoithe amach ón gcósta' an chumhacht leictreach a ghineann na hinnil tuirbín atá suite san fharraige agus faoi thiomáint ag an ngaoth – cibé an gar don chósta nó i bhfad ón gcósta atá siad;

    (g) ciallóidh 'céim phleanála' an chéim sin den tionscadal a thagann roimh an gcéim infheistíochta ina n-ullmhaítear cur chun feidhme an tionscadail lena n-áirítear, nuair is iomchuí, measúnú féidearthachta, staidéir ullmhúcháin agus teicniúla agus ceadúnais agus údaruithe a fháil.

    Airteagal 3

    An Buiséad

    1. Beidh EUR 3 500 milliún san imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme CFET sna blianta 2009 agus 2010, agus cionnroinnfear mar seo a leanas é:

    (a) tionscadail idirnaisc gáis agus leictreachais: EUR 1 750 milliún;

    (b) tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta: EUR 500 milliún;

    (c) tionscadail ghabhála agus stórála carbóin: EUR 1 250 milliún.

    2. Féadfar, i gcásanna eisceachtúla a gcruthaítear bunús a bheith leo, na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí arb ionann a luach agus luach na n-oibleagáidí a saoradh de bharr nár cuireadh chun feidhme ina n-iomlán ná in aon chor na tionscadail a raibh na leithreasaí seo dírithe orthu, a chur ar fáil arís in 2010 agus 2011 i gcás ina bhfuil sé riachtanach cuspóirí CFET a bhaint amach.

    3. Chun críocha mhír 2, déanfaidh an Coimisiún, ag tús gach bliana airgeadais, scrúdú ar na cásanna inar saoradh na hoibleagáidí sa bhliain airgeadais roimhe sin agus, i bhfianaise na gceanglas, déanfaidh sé measúnú ar an ngá a bhaineann leis na leithreasaí a chur ar fáil arís. Ar bhonn an mheasúnaithe seo, féadfaidh an Coimisiún tograí iomchuí a chur faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh faoin 15 Feabhra gach bliain airgeadais, ina luaifear le gach ítim sa bhuiséad na cúiseanna a bhaineann leis na leithreasaí seo a chur ar fáil arís.

    4. Déanfaidh an t-údarás buiséadach cinneadh ar thograí an Choimisiúin laistigh de shé seachtaine. I gcás nach ndéantar cinneadh laistigh den teorainn ama sin, measfar na tograí a bheith ceadaithe.

    5. Ní féidir leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a chuirtear ar fáil arís a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain eile. Cuirfear oibleagáidí dlíthiúla a bhaineann leis na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a cuireadh ar fáil arís i gcrích faoin 31 Nollaig na bliana n. Ag deireadh na bliana n, déanfaidh an t-oifigeach údaraithe lena mbaineann fuílleach na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a cuireadh ar fáil arís ach nár úsáideadh a shaoradh go cinnte.

    CAIBIDIL II

    FOCHLÁIR

    Roinn 1

    Tionscadail idirnaisc gáis agus leictreachais

    Airteagal 4

    Cuspóirí

    Cuirfidh an Comhphobal chun cinn na tionscadail idirnaisc gáis agus leictreachais a bhfuil an breisluach Comhphobail is airde acu agus a rannchuidíonn leis na cuspóirí seo a leanas:

    (a) cinnteacht agus éagsúlú foinsí fuinnimh agus soláthar;

    (b) leas iomlán a bhaint as cumas an líonra fuinnimh agus margadh inmheánach an fhuinnimh a lánpháirtiú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na codanna trasteorann;

    (c) líonra a fhorbairt chun an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trí iargúltacht na réigiún is lú buntáiste agus oileáin an Chomhphobail a laghdú;

    (d) acmhainní fuinnimh inathnuaite a nascadh; agus

    (e) sábháilteacht, iontaofacht agus idir-inoibritheacht na líonraí fuinnimh idirnasctha.

    Airteagal 5

    Tosaíochtaí

    Déanfaidh CFET na líonraí fuinnimh a mbaineann tábhacht ar leith leo don Chomhphobal a oiriúniú agus a fhorbairt d'fhonn tacaíocht a thabhairt d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus go háirithe chun na fadhbanna a bhaineann le caolais, le cinnteacht agus le héagsúlú soláthair a réiteach agus chun constaicí comhshaoil, teicneolaíochta agus airgeadais a shárú. Tá tacaíocht speisialta Comhphobail riachtanach chun líonraí fuinnimh a fhorbairt ar bhealach níos géire agus chun luas a chur lena dtógáil.

    Airteagal 6

    Liosta tionscadal

    Leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinnn liosta tionscadal atá ag teacht leis na tosaíochtaí arna leagan síos in Airteagal 5.

    Airteagal 7

    Cúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú

    1. Deonófar cúnamh airgeadais faoi CFET (dá ngairfear 'cúnamh CFET' anseo feasta) le haghaidh tionscadail idirnaisc gáis agus leictreachais ar ghníomhaíochtaí a chuireann na tionscadail i gCuid A den Iarscríbhinn, nó codanna de na tionscadail sin, i gcrích.

    2. Glaofaidh an Coimisiún ar thograí chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint agus déanfaidh sé measúnú ar chomhall na dtograí sin leis na critéir incháilithe arna leagan síos in Airteagal 8 agus leis na critéir roghnaithe agus deonaithe arna leagan síos in Airteagal 9. Cuirfidh an Coimisiún tairbhithe ar an eolas faoi chúnamh CFET ar bith a bheidh le deonú.

    Airteagal 8

    Incháilitheacht

    1. Ní bheidh tograí i dteideal cúnamh CFET ach amháin má chuireann siad na tionscadail atá liostáilte i gCuid A den Iarscríbhinn chun feidhme agus mura dtéann siad thar uasmhéid an chúnaimh CFET arna leagan amach ansin.

    2. Féadfar tograí a chur isteach ar cheann de na bealaí seo thíos:

    (a) trí Bhallstát amháin nó níos mó a bheith ag feidhmiú le chéile;

    (b) trí ghnóthas poiblí nó príobháideach amháin nó níos mó a bheith ag feidhmiú le chéile, le comhaontú an Bhallstáit nó na mBallstát a bhfuil baint dhíreach acu leis an tionscadal atá i gceist;

    (c) trí eagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó a bheith ag feidhmiú le chéile, le comhaontú na mBallstát ar fad a bhfuil baint dhíreach acu leis an tionscadal atá i gceist; nó

    (d) trí chomhghnóthas, le comhaontú na mBallstát ar fad a bhfuil baint dhíreach acu leis an tionscadal atá i gceist.

    3. Ní bheidh tograí arna gcur isteach ag gnáthdhaoine incháilithe.

    Airteagal 9

    Critéir roghnaithe agus deonaithe

    1. Nuair a bheidh na tograí a fhaighfear faoin nglaoch ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 7(2) á measúnú ag an gCoimisiún, cuirfear na critéir roghnaithe seo a leanas i bhfeidhm:

    (a) iontaofacht agus inniúlacht theicniúil an chur chuige;

    (b) iontaofacht an phacáiste airgeadais le haghaidh céime iomláine láninfheistíochta na gníomhaíochta.

    2. Nuair a bheidh na tograí a gheofar faoin nglaoch ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 7(2) á measúnú ag an gCoimisiún, cuirfear na critéir deonaithe seo a leanas i bhfeidhm:

    (a) aibíocht, go háirithe maidir le bheith ábalta tosú ar an obair go luath agus cistí a thiomnú faoi dheireadh 2010;

    (b) a mhéad is atá an easpa rochtana ar airgead ag cur isteach ar chur chun feidhme na gníomhaíochta;

    (c) a mhéad spreagtha a thabharfaidh cúnamh CFET d'airgeadas poiblí agus príobháideach;

    (d) tionchar socheacnamaíoch;

    (e) tionchar ar an gcomhshaol;

    (f) an rannchuidiú i ndáil le leanúnachas agus le hidir-inoibritheacht an líonra fuinnimh agus le leas iomlán a bhaint as cumas an líonra;

    (g) an rannchuidiú i ndáil le feabhsú cáilíochta, sábháilteachta agus slándála seirbhíse;

    (h) an tiomantas a léirigh na Ballstáit maidir leis an tionscadal a chur chun cinn, go háirithe i ndáil leis na nósanna imeachta agus leis na próisis dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

    Airteagal 10

    Coinníollacha maoinithe

    1. Ní fholófar le cúnamh CFET ach an caiteachas sin a bhaineann le tionscadail agus a thabhaigh na tairbhithe nó tríú páirtithe atá freagrach as tionscadal a chur chun feidhme.

    2. Ní rachaidh cúnamh CFET thar 50% de na costais incháilithe.

    Airteagal 11

    Ionstraimí

    1. Tar éis an ghlao ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), roghnóidh an Coimisiúin, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(2), na tograí a ndeonfar cúnamh CFET orthu agus cinnfidh sé méid an chúnaimh CFET a bheidh le deonú. Sonróidh an Coimisiún na coinníollacha faoina ndéanfar na tograí a chur chun feidhme agus na modhanna trína ndéanfar sin.

    2. Deonófar cúnamh CFET ar bhonn cinntí an Choimisiúin.

    Airteagal 12

    Freagrachtaí airgeadais na mBallstát

    1. Rachaidh na Ballstáit i mbun mhonatóireacht theicniúil agus rialú airgeadais na dtionscadal i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus deimhneoidh siad méid an chaiteachais a tabhaíodh i leith tionscadal nó codanna de thionscadail agus comhréireacht an chaiteachais leis an Rialachán seo. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i seiceálacha ar an láthair.

    2. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta a glacadh faoi mhír 1 agus soláthróidh siad, go háirithe, tuairisc ar na córais rialála, bainistíochta agus monatóireachta a bunaíodh chun a áirithiú go gcuirfear tionscadail i gcrích agus go bhfuil an caiteachas lena mbaineann dlíthiúil agus rialta.

    Roinn 2

    TIONSCADAIL FUINNIMH GAOITHE AMACH ÓN gCÓSTA

    Airteagal 13

    Cúnamh CFET a dheonú

    1. Deonófar cúnamh CFET le haghaidh tionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta tar éis an ghlao ar thograí a bheidh teoranta do na gníomhaíochtaí a chuirfidh na tionscadail a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn i gcrích.

    2. Glaofaidh an Coimisiún ar thograí chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm agus déanfaidh sé measúnú ar chomhall na dtograí seo leis na critéir incháilithe arna leagan síos in Airteagal 14 agus leis na critéir roghnaithe agus deonaithe arna leagan síos in Airteagal 15.

    3. Cuirfidh an Coimisiún tairbhithe ar an eolas faoi chúnamh CFET ar bith a bheidh le deonú.

    Airteagal 14

    Incháilitheacht

    1. Ní bheidh tograí i dteideal cúnamh CFET ach amháin má chuireann siad na tionscadail atá liostaithe i gCuid A den Iarscríbhinn chun feidhme agus mura dtéann siad thar uasmhéid chúnamh CFET arna leagan amach ansin, agus má chomhallann siad na coinníollacha seo a leanas:

    (a) go n-áireofar in amchlár an tionscadail caiteachas suntasach caipitiúil in 2009 agus in 2010;

    (b) gur gnóthas tráchtála a threoróidh an tionscadal seo.

    2. Féadfaidh gnóthas amháin nó níos mó, agus iad ag feidhmiú le chéile, tograí a chur isteach.

    3. Ní bheidh tograí arna gcur isteach ag gnáthdhaoine incháilithe.

    Airteagal 15

    Critéir roghnaithe agus deonaithe

    1. Nuair a bheidh na tograí a gheofar faoin nglaoch ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 13(1) á measúnú ag an gCoimisiún, cuirfear na critéir roghnaithe seo a leanas i bhfeidhm:

    (a) iontaofacht agus inniúlacht theicniúil an chur chuige;

    (b) iontaofacht an phacáiste airgeadais le haghaidh céime iomláine láninfheistíochta an tionscadail.

    2. Nuair a bheidh na tograí a gheofar faoin nglaoch ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 13(1) á measúnú ag an gCoimisiún, cuirfear na critéir deonaithe seo a leanas i bhfeidhm:

    (a) a mhéad a fheabhsaíonn nó a mhéadaíonn an tionscadal scála na suiteálacha agus na mbonneagar atá i mbun tógála cheana féin, nó atá ag an gcéim phleanála;

    (b) a mhéad a áirítear sa tionscadal tógáil suitéalacha agus bonneagar lánmhéide ar scála tionslaíoch, agus a mhéad a dhéileáiltear leis an méid seo a leanas go háirithe:

    (i) inathraitheacht leictreachais gaoithe a chothromú trí chórais lánpháirtithe;

    (ii) córais stórála ar mhórscála;

    (iii) feirmeacha gaoithe a bhainistiú mar ghléasraí fíorúla cumhachta (níos mó ná 1 GW)

    (iv) tuirbíní á gcur níos faide amach ón gcósta nó in uisce níos doimhne (idir 20m agus 50m) ná mar a dhéantar go caighdeánach faoi láthair;

    (v) dearadh fo-struchtúr as an ngnách; nó

    (vi) na próisis maidir le cóimeáil, suiteáil, oibríocht agus díchoimisiúnú, agus tástáil na bpróiséas seo i dtionscadail atá ar fhíorscála.

    (c) gnéithe nuálacha an tionscadail agus a mhéad a léireoidh sé cur chun feidhme na ngnéithe seo;

    (d) tionchar an tionscadail agus a mhéad a rannchuideoidh sé le córas eangaí na gaoithe amach ón gcósta, lena n-áirítear a chumas macasamhlaithe.

    (e) an tiomantas a léiríonn na tairbhithe torthaí dul chun cinn teicneolaíochta an tionscadail a scaipeadh i measc oibreoirí eile Eorpacha ar bhealach atá i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus go háirithe leis na cuspóirí agus na struchtúir arna leagan amach sa Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh.

    Airteagal 16

    Coinníollacha maoinithe

    1. Rannchuideoidh cúnamh CFET leis na costais a bhaineann le tógáil agus le bunú tionscadal.

    2. Ní rachaidh cúnamh CFET thar 50% de na costais dá dtagraítear i mír 1. Ní bheidh róchúiteamh mar thoradh ar charnadh maoinithe Comhphobail agus maoinithe náisiúnta.

    Airteagal 17

    Ionstraimí

    1. Tar éios an ghlao ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 13(1), roghnóidh an Coimisiúin, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(2), na tograí a gheobhaidh cúnamh CFET agus cinnfidh sé méid an mhaoinithe a bheidh le deonú. Sonróidh an Coimisiún na coinníollacha faoina ndéanfar na tograí a chur chun feidhme agus na modhanna trína ndéanfar sin.

    2. Deonófar cúnamh CFET ar bhonn cinntí deonaithe.

    Roinn 3

    gabháil agus stóráil carbóin

    Airteagal 18

    Cúnamh CFET a dheonú

    1. Deonófar cúnamh CFET le haghaidh tionscadail ghabhála agus stórála carbóin ar ghníomhaíochtaí a chuireann na tionscadail i gCuid C den Iarscríbhinn i gcrích.

    2. Glaofaidh an Coimisiún ar thograí chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm agus déanfaidh sé measúnú ar chomhall na dtograí leis na critéir incháilithe arna leagan síos in Airteagal 19 agus leis na critéir roghnaithe agus deonaithe arna leagan síos in Airteagal 20.

    3. Má chomhallann roinnt tograí ó thionscadail éagsúla atá lonnaithe sa Bhallstát céanna na critéir incháilithe arna leagan síos in Airteagal 19 agus na critéir roghnaithe arna leagan síos in Airteagal 20(1), ní roghnóidh an Coimisiún, ar bhonn na gcritéar deonaithe arna leagan síos in Airteagal 20(2), níos mó ná togra amháin i ngach Ballstát as na tograí sin le haghaidh chúnamh CFET.

    4. Ní dheonófar cúnamh CFET ar níos mó ná 5 thionscadal. Ní rachaidh an maoiniú thar EUR 250 milliún in aghaidh gach tionscadail.

    5. Cuirfidh an Coimisiún tairbhithe ar an eolas faoi chúnamh CFET ar bith a bheidh le deonú.

    Airteagal 19

    Incháilitheacht

    1. Ní bheidh tograí i dteideal cúnamh CFET ach amháin má chuireann siad na tionscadail atá liostaithe i gCuid C den Iarscríbhinn chun feidhme agus má chomhallann siad na coinníollacha seo a leanas:

    (a) go léireoidh na tionscadail go bhfuil ag a gcumas acu 85% ar a laghad den CO2 a ghabháil i suiteálacha a ghineann cumhacht a mbeidh aschur leictreach 300 MW ar a laghad nó a choibhéis acu, agus an cumas acu an CO2 seo a iompar agus a storáil faoin talamh faoi choinníollacha sábháilte geolaíocha;

    (b) go n-áireofar in amchlár an tionscadail caiteachas suntasach caipitiúil in 2009 agus in 2010.

    (c) go ndéanfaidh tionscnóirí na dtionscadal dearbhú ceangailteach go gcuirfear ar fáil an fhaisnéis ghinearálta a ghinntear ón ngléasra taispeána don earnáil tionsclaíochta i gcoitinne agus go rannchuideoidh siad leis an bPlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh [17].

    2. Déanfaidh gnóthas amháin nó níos mó, agus iad ag feidhmiú le chéile, tograí a chur isteach.

    3. Ní bheidh tograí arna gcur isteach ag gnáthdhaoine incháilithe.

    Airteagal 20

    Critéir roghnaithe agus deonaithe

    1. Nuair a bheidh na tograí a gheofar faoin nglaoch ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 18(2) á measúnú ag an gCoimisiún, cuirfear na critéir roghnaithe seo a leanas i bhfeidhm:

    (a) iontaofacht agus inniúlacht theicniúil an chur chuige;

    (b) iontaofacht an phacáiste airgeadais le haghaidh céime iomláine láninfheistíochta an tionscadail;

    (c) na ceadúnais ar fad is gá le haghaidh thógáil agus oibriú an tionscadail ag an láithreán beartaithe nó ag na láithreáin bheartaithe a shainaithint, agus straitéis a bheith ann chun na ceadúnais sin a fháil.

    2. Nuair a bheidh na tograí a gheofar faoin nglaoch ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 18(2) á measúnú ag an gCoimisiún, cuirfear na critéir deonaithe seo a leanas i bhfeidhm:

    (a) maolú ar an maoiniú a iarradh in aghaidh gach tona CO2 le linn na chéad chúig bliana den tionscadal (ualú 40%);

    (b) castacht an tionscadail agus an leibhéal nuálaíochta a bhaineann leis an suiteáil iomlán lena n-áirítear na gníomhaíochtaí taighde eile a ghabhann leis mar aon leis an tiomantas a lérigh na tairbhithe torthaí dul chun cinn teicneolaíochta an tionscadail a scaipeadh i measc oibreoirí Eorpacha eile i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus go háirithe leis na cuspóirí agus na struchtúir arna leagan amach sa Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh (ualú 40%).

    (d) iontaofacht agus inniúlacht an phlean bainistíochta lena n-áirítear, maidir leis an bhfaisnéis agus na sonraí eolaíochta, innealtóireachta agus teicniúla atá ann, tuairisc ar staid ullmhaithe an choincheapa beartaithe maidir leis an tionscadal ar bun faoin 31 Nollaig 2015 (ualú 20%).

    Airteagal 21

    Coinníollacha maoinithe

    Rannchuideoidh cúnamh CFET le costas eilimintí sin chéim infheistíochta an tionscadail a bhaineann le gabháil agus stóráil carbóin amháin, ag cur san áireamh na sochair oibriúcháin a d'fhéadfadh bheith ann. Ní rachaidh sé thar 80% de na costais iomlána incháilithe infheistíochta.

    Airteagal 22

    Ionstraimí

    1. Ag teacht as an nglaoch ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 18(2), roghnóidh an Coimisiúin, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28(2), na tograí a gheobhaidh cúnamh CFET agus cinnfidh sé méid an chúnaimh CFET a bheidh le deonú. Sonróidh an Coimisiún na coinníollacha faoina ndéanfar agus na modhanna trína ndéanfar na coinníollacha a chur chun feidhme.

    2. Deonófar cúnamh CFET ar bhonn cinntí maidir le deonaithe.

    CAIBIDIL III

    FORÁLACHA COITEANNA

    Airteagal 23

    Cúnamh agus ionstraimí eile CFET

    1. Féadfar cuid de chúnamh an Chomhphobail le haghaidh na dtionscadal a liostaítear san Iarscríbhinn a chur chun feidhme trí rannchuidiú leis an ionstraim iomchuí faoi acmhainní an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Ní rachaidh an rannchuidiú seo thar EUR 500 milliún.

    Ní bheidh le hiompar ag an gComhphobal de bharr na hionstraime ráthaíochta iasachta nó de bharr ionstraime maoinithe eile, lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais incháilithe eile, ach méid ranníocaíochta an Chomhphobail leis an ionstraim sin ná ní bheidh aon dliteanas eile ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

    2. Cinnfidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28(2), an méid chúnamh CFET a bheidh le deonú ar an ionstraim seo. Bunóidh an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta meabhrán tuisceana lena sonrófar na coinníollacha agus na modhanna a bhaineann le cur chun feidhme an chinnidh sin.

    Airteagal 24

    Rialacha mionsonraithe a chlárú agus a chur chun feidhme

    1. De mhaolú ar Airteagal 75(2) agus Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, seolfar glaoanna ar thograí go díreach ón gCoimisiún ar bhonn na hinfhaighteachta buiséid dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo agus ar bhonn na gcritéar incháilithe, roghnaithe agus deonaithe arna leagan síos i gCaibidil II den Rialachán seo.

    2. Ní chlúdóidh cúnamh CFET ach an caiteachas sin a bhaineann le tionscadail agus a thabhaigh na tairbhithe a bhí freagrach as tionscadal a chur chun feidhme. Beidh caiteachas incháilithe ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 31.

    3. Ní bheidh CBL, seachas CBL neamh-inaisíoctha, ina chostas incháilithe .

    4. Tabharfar faoi na tionscadail agus na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus cuirfear aon bheartas ábhartha de chuid an Chomhphobail san áireamh, go háirithe na beartais sin a bhaineann le hiomaíocht, lena n-áirítear na rialacha is infheidhme a bhaineann le cabhair stáit, agus a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, le sláinte, le forbairt inbhuanaithe agus le soláthar poiblí.

    Airteagal 25

    Cúlchiste

    Cuirfear suas le 0.1% den bhuiséad dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar leataobh le haghaidh cur chun feidhme agus meastóireachta ag an gCoimisiún.

    Airteagal 26

    Freagrachtaí ginearálta na mBallstát

    1. Laistigh dá réimse freagrachta, déanfaidh na Ballstáit gach iarracht chun na tionscadail a fhaigheann cúnamh CFET a chur chun feidhme. Déanfaidh siad, go háirithe, gach iarracht chun na nósanna imeachta riaracháin agus na nósanna imeachta a bhaineann le húdarú, le ceadúnas a fháil agus le deimhniú agus atá le comhall ag tionscnóirí na dtionscadal, a bhrostú.

    2. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin 31 Márta gach bliain faoi na bearta a glacadh faoi mhír 1 le linn na bliana roimhe sin.

    Airteagal 27

    Leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint

    1. Nuair a chuirfear gníomhaíochtaí atá maoinithe faoin Rialachán seo chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar leasanna airgeadais an Chomhphobail trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe, agus aon ghníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile, trí sheiceálacha éifeachtúla a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a fháil ar ais, agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis éifeachtúla chomhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 agus (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle, agus le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    2. Maidir leis na bearta Comhphobail arna maoiniú faoin Rialachán seo, ciallóidh 'neamhrialtacht' a dtagraítear dó in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil den dlí Comhphobail nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach atá mar thoradh ar ghníomhaíocht nó ar neamhghníomhaíocht a rinne oibreoir eacnamaíoch, a bhfuil sé d'éifeacht aige nó a mbeadh sé d'éifeacht aige, de bharr ítime caiteachais gan údar, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó do bhuiséad a bheidh á mbainistiú aige.

    3. Forálfar go háirithe sna bearta cur chun feidhme a dhéanfar de thoradh an Rialacháin seo, go háirithe, go ndéanfaidh an Coimisiún, nó aon ionadaí a údaróidh an Coimisiún, maoirseacht agus rialú airgeadais agus go ndéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí Eorpach iniúchtaí ar an láthair más gá.

    CAIBIDIL IV

    FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 28

    Coistí

    1. Beidh na coistí seo a leanas de chúnamh ag an gCoimisiún:

    (a) i gcás tionscadail ghabhála agus stórála carbóin, an coiste arna bhunú le hAirteagal 8 de Cinneadh 2006/971/CE ón gComhairle [18];

    (b) i gcás tionscadal gaoithe amuigh ón gcósta, an coiste arna bhunú le hAirteagal 8 den Chinneadh 2006/971/CE;

    (c) i gcás tionscadal idirnaisc gáis agus leictreachais, an coiste arna bhunú le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) 680/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    2. I gcás ina ndéanfar tagairt don Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

    Aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

    Airteagal 29

    Meastóireacht

    1. Tabharfaidh an Coimisiún faoi mheastóireacht ar CFET d'fhonn a mhéad a chuireann sé le cuspóirí bheartas fuinnimh an Chomhphobail agus d'fhonn úsáid éifeachtúil na leithreasaí a mheasúnú.

    2. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát ar tairbhí é meastóireacht shonrach a sholáthar ar thionscadail a maoiníodh faoi Chaibidil II Roinn 1 den Rialachán seo nó, nuair is iomchuí, an fhaisnéis agus an cúnamh is gá a sholáthar dó, le go ndéanfaidh sé meastóireacht ar na tionscadail sin.

    3. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar na torthaí atá bainte amach ag CFET a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

    Airteagal 30

    Faisnéis a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

    Déanfaidh an Coimisiún monatóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Gach bliain, nuair a thíolacfaidh sé an réamh-dhréachtbhuiséad, tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chláir.

    Airteagal 31

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    IARSCRÍBHINN

    Tionscadail incháilithe

    A. idirnascairí

    1. Idirnascairí gáis

    Tionscadal | Suíomh na dtionscadal lena dtacaítear | An ranníocaíocht Chomhphobail atá beartaithe(EUR milliún) |

    Conair Gáis an DeiscirtNABUCCO [19]ITGI–Poseidon | an Ostair, an Ungáir, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Rómáin.an Iodáil, an Ghréig | 250100 |

    An tIdirnascaire BaltachSkanled | an Pholainn, an Danmhairg, an tSualainn | 150 |

    An Líonra Gáis Nadúrtha LeachtaitheCríochfort Gáis Nadúrtha Leachtaithe ar chósta na Polainne, i gcalafort Świnoujście | an Pholainn | 80 |

    An Eoraip Láir agus Thoir TheasIdirnascaire idir an tSlóvaic agus an Ungáir(Vel’ký Krtíš–Balassagyarmat)Córas tarchurtha gáis sa tSlóivéin ó theorainn na hOstaire chuig Ljubljana (seachas an chuid sin idir Rogatec agus Kidričevo)Idirnasc idir an Bhulgáir agus an Ghréig(Haskovo–Komotini)Idirnascaire idir an Rómáin agus an UngáirAn cumas stórála gáis sa mhol Seiceach a mhéadúBonneagar agus trealamh chun sreabh gáis siar-soir a cheadú i gcás an soláthar a bheith briste ar feadh seala | an tSlóvaic–an Ungáiran tSlóivéinan Bhulgáir, an Ghréigan Rómáin, an UngáirPoblacht na SeiceNa Ballstáit uile | 254020302520 |

    An MheánmhuirLíonra gáis na Fraince a athneartú ar ais an na hAfraice–na Spáinne–na Fraince. | an Fhrainc | 150 |

    Limistéar na Mara ThuaidhPíblíne idir an Ghearmáin, an Bheilg agus an Ríocht AontaitheAn nasc idir an Fhrainc agus an Bheilg | an Bheilgan Fhrainc, an Bheilg | 35100 |

    IOMLÁN | | 1025 |

    2. Idirnascairí leictreachais

    Tionscadal | Suíomh na dtionscadal lena dtacaítear | An ranníocaíocht Chomhphobail atá beartaithe(EUR milliún) |

    An tIdirnascaire BaltachEstlink-2An t-idirnasc idir an tSualainn agus na Stáit Bhaltacha agus an eangach sna stáit Bhaltacha a neartú. | an Eastóin, an Fhionlainnan tSualainn, an Laitvia, an Liotuáin | 100175 |

    An Eoraip Láir agus Thoir TheasHalle/Saale-Schweinfurt | an Ghearmáin | 50 |

    An MheánmhuirAn t-idirnasc idir an Phortaingéil agus an Spáinn a athneartúAn t-idirnasc idir an Fhrainc agus an Spáinn (Baixas-Sta Llogaia)Cábla nua fomhuirí srutha ailtéarnaigh 380 kV idir an tSicil agus mórthír na hIodáile (Sorgente–Rizziconi) | an Phortaingéilan Fhrainc, an Spáinnan Iodáil | 30150100 |

    Limistéar na Mara ThuaidhIdirnasc idir Éire agus an Bhreatain Bheag | Éire, an Ríocht Aontaithe | 100 |

    IOMLÁN | | 705 |

    3. Tionscadail ar oileáin bheaga

    Tionscadail ar oileáin bheaga iargúlta | an Chipir, Málta | 20 |

    B. Tionscadail ghaoithe amach ón gcósta

    Tionscadal | Cumas | Suíomh na dtionscadal lena dtacaítear | An ranníocaíocht Chomhphobail atá beartaithe (milliún EUR) |

    1) Fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a chomhtháthú san eangach |

    1.1. Baltic I agus II - Kriegers Flak I, II, III Tionscadail atá ar láimh a fhorbairt. Maoiniú arb é is aidhm leis costais bhreise a ghabhann le réiteach comh-idirnasc a chumhdach. | 1.5 GW | an Danmhairg, an tSualainn, an Ghearmáin, an Pholainn | 150 |

    1.2. Eangach na Mara ThuaidhEangach amach ón gcósta a fhorbairt ar bhonn modúlach; gléasra fíorúil cumhachta amach ón gcósta a thaispeáint. | 1 GW | an Ríocht Aontaithe, an Ísiltír, an Ghearmáin, Éire, an Danmhairg | 150 |

    2) Tuirbíní nua, struchtúir agus comhpháirteanna, leas iomlán a bhaint as cumas monaróireachta |

    2.1 Alpha Ventus/Bard Offshore 1 Tionscadail atá ar láimh faoi láthair a fhorbairt. Glúin nua tuirbíní ag a bhfuil cumhacht 6-7 MW agus struchtúr nuálacha agus iad suite i bhfad amach ón gcósta (suas go 100km) in uiscí níos doimhne (suas go 40m). | 0.5 GW | an Ghearmáin, an Pholainn | 150 |

    2.2 Feirm ghaoithe amach ón gcósta, Obar Dheathain (Ionad Eorpach Tástála)Tionscadal atá ar láimh faoi láthair a fhorbairt; tuirbíní il-MW a thástáil. Struchtúir agus fostruchtúir nuálacha a fhorbairt, lena n-áirítear leas iomlán a bhaint as cumas monaraíochta an trealaimh sin amach ón gcósta sin lena dtáirgtear fuinneamh gaoithe. Is féidir a bheith ag súil le méadú 100 MW. | 0.25 GW | an Ríocht Aontaithe | 40 |

    2.3 Thornton Bank Tionscadail atá ar láimh faoi láthair a fhorbairt. Múineadh a bhaint as Tionscadal Downvind (arna chómhaoiniú trí Chlár Réime 6) Tuirbíní shuiteálacha Downvind a fheabhsú (5 MW) in uiscí doimhne (suas go 30 m) gan tionchar mór amhairc a bheith aige sin (suas go 30 km). | 90 MW | an Bheilg | 10 |

    IOMLÁN | | | 500 |

    C. TIONSCADAIL CHUN CARBÓN A GHABHÁIL AGUS A STÓRÁIL

    Ainm an Tionscadail/Áit | An ranníocaíocht Chomhphobail atá beartaithe (milliún EUR) | Breosla | Cumas | Teicníc gabhála | Modh stórála |

    | | | | | | |

    Huerth | an Ghearmáin | 250 | Gual | 450 MW | Comh-thimthriall comhtháite gásúcháin | Uiscíoch Salanda |

    Jaenschwalde | | | Gual | 500 MW | Ocsaibhreosla | Olacheantair/Gáscheantair |

    Eemshaven | an Ísiltír | 250 | Gual | 1200 MW | Comh-thimthriall comhtháite gásúcháin | Olacheantair/Gáscheantair |

    Rotterdam | | | Gual | 1080 MW | Gual púdair | Olacheantair/Gáscheantair |

    Rotterdam | | | Gual | 800 MW | Gual púdair | Olacheantair/Gáscheantair |

    Belchatow | an Pholainn | 250 | Gual | 858 MW | Gual púdair | Uiscíoch Salanda |

    Compostella | an Spáinn (agus an Phortaingéil) | 250 | Gual | 500 MW | Ocsaibhreosla | Uiscíoch Salanda |

    Kingsnorth | an Ríocht Aontaithe | 250 | Gual | 800 MW | Gual púdair | Olacheantair/Gáscheantair |

    Longannet | | | Gual | 3390 MW | Gual púdair | Uiscíoch Salanda |

    Tilbury | | | Gual | 1600 MW | Gual púdair | Olacheantair/Gáscheantair |

    Hatfield (Yorkshire) | | | Gual | 900 MW | Comh-thimthriall comhtháite gásúcháin | Olacheantair/Gáscheantair |

    IOMLÁN 1 250 |

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    Tá sé beartaithe go mbeidh an doiciméad seo ag gabháil leis an Meabhrán Míniúcháin agus go mbeidh sé mar chomhlánú air. Agus an Ráiteas Airgeadais reachtach seo á úsáid, agus gan dochar dá inléiteacht, ba chóir chuige sin iarracht a dhéanamh aon athrá ar an bhfaisnéis sa Mheabhrán Míniúcháin a sheachaint. Sula gcomhlánann tú an teimpléad seo, féach le do thoil ar na Treoirlínte sonracha a leagadh síos chun cabhrú leat agus chun soiléiriú a thabhairt maidir leis na pointí seo thíos.

    1. AINM AN TOGRA:

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunófar clár chun cabhrú le téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh.

    2. CREAT "ABM/ABB" (bainistiú/bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí)

    Réimse/réimsí beartais lena mbaineann agus aon Ghníomhaíocht ghaolmhar/Gníomhaíochtaí gaolmhara.

    06: Fuinneamh agus iompar

    06 09: Tionscadail fuinnimh lena gcabhraítear le téarnamh eacnamaíoch

    3. NA LÍNTE BUISÉID

    3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B..A) agus a gceannteidil san áireamh:

    06 09 01: Tionscadail fuinnimh lena gcabhraítear le téarnamh eacnamaíoch: líonraí fuinnimh

    06 09 02: Tionscadail fuinnimh chun cabhrú le téarnamh eacnamaíoch: gabháil agus stóráil carbóin.

    06 09 03: Tionscadail fuinnimh chun cabhrú le téarnamh eacnamaíoch: Córas Eorpach eangaí gaoithe amach ón gcósta

    06 01 04 13: Tionscadail fuinnimh chun cabhrú le téarnamh eacnamaíoch: Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin

    3.2. Fad thréimhse na gníomhaíochta agus na hiarmharta airgeadais:

    Tús: 2009 Deireadh: 2010

    3.3. Tréithe buiséadacha (is féidir sraitheanna breise a chur isteach más gá):

    Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa PheirspictíochtAirgeadais |

    06 09 01 | Neamhéig-eantach | LD | SEA | NÍL | NÍL | 1a |

    06 09 02 | Neamhéig-eantach | LD | SEA | NÍL | NÍL | 1a |

    06 09 03 | Neamhéig-eantach | LD | SEA | NÍL | NÍL | 1a |

    06 01 04 13 | Neamhéig-eantach | LN | SEA | NÍL | NÍL | 1a |

    4. ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ

    4.1. Acmhainní Airgeadais

    4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    Saghas caiteachais | Uimh. coda | | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 | 2015 | Iomlán |

    Caiteachas oibríochtúil | | | | | | | | | |

    Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1 | A | 1498,8 | 1998,8 | | | | | | 3497,6 |

    Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | | B | 75 | 1012 | 750 | 1024 | 362 | 212 | 62,6 | 3497,6 |

    Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha |

    Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4 | C | 1,2 | 1,2 | | | | | | 2,4 |

    AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN | | | | | | | | |

    Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | | a+c | 1500 | 2000 | | | | | | 3500 |

    Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | | b+c | 76,2 | 1013,2 | 750 | 1024 | 362 | 212 | 62,6 | 3500 |

    Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha | | | |

    Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5 | D | 1,014 | 2,2 | 2,2 | 2,2 | 2,2 | 2,2 | 2,2 | 14,214 |

    Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6 | E | 0,468 | 0,468 | 0,610 | 0,610 | 0,610 | 0,510 | 0,510 | 3,786 |

    Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála

    LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | | a+c+d+e | 1501,5 | 2002,7 | 2,81 | 2;81 | 2,81 | 2,71 | 2,71 | 3518 |

    LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | | b+c+d+e | 77,682 | 1015,9 | 752,81 | 1026,8 | 364,81 | 214,71 | 65,31 | 3518 |

    Sonraí an Chómhaoinithe

    Má tá cómhaoiniú ó na Ballstáit nó ó chomhlachtaí eile (sonraigh cé hiad) i gceist sa togra, ba cheart meastachán a thabhairt ar an leibhéal cómhaoinithe sa tábla thíos (is féidir línte breise a chur leis má táthar ag súil go mbeidh comhlachtaí éagsúla páirteach sa chómhaoiniú):

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    Comhlacht cómhaoinithe | | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán |

    | f | | | | | | | |

    LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f | | | | | | | |

    4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

    Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana.

    Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

    x Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh a chur chun feidhme [20] (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

    4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

    x Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

    Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo –is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

    NB: Ba cheart na sonraí agus na barúlacha a bhaineann leis an modh ina ríomhtar an éifeacht ar ioncam a thaispeáint in iarscríbhinn ar leith.

    EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

    | | Roimh an ngníomh [Bliain n] | | Staid tar éis an ghnímh |

    Líne Buiséid | Ioncam | | | [Bliain n] | [n+1] | [n+2] | [n+3] | [n+4] | [n+5] [21] |

    | a) Ioncam mar ghlanfhigiúr | | | | | | | | |

    | b) Athrú san ioncam | | | | | | | | |

    (Sonraigh gach líne buiséid ioncaim atá i gceist, ag cur na sraitheanna breise is gá leis an tábla má tá éifeacht ar níos mó ná líne buiséid amháin.)

    4.2. Acmhainní daonna FTE (lena n-áirítear oifigigh, foireann shealadach agus sheachtrach) – féach ar na sonraí faoi phointe 8.2.1.

    Riachtanais Bhliantúla | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 agus níos déanaí |

    Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 10 | 22 | 22 | 22 | 22 | 22 |

    5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

    Ní foláir sonraí maidir le comhthéacs an togra a chur isteach leis an Meabhrán Míniúcháin. Ba cheart go bhfolódh an chuid seo den Ráiteas Airgeadais Reachtach an fhaisnéis chomhlántach shonrach seo a leanas:

    5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Freagra atá sa togra seo ar an lagtrá mór eacnamaíoch atá san Eoraip i ngeall ar an ngéarchéim airgeadais agus an ghéarchéim gháis sa gheimhreadh. Leis an togra seo cuirtear chun feidhme an Plean do Théarnamh Eacnamaíoch Eorpach a fhormhínigh an Chomhairle Eorpach an 11-12 Nollag 2008.

    Thosaigh an ghéarchéim airgeadais á leathnú chuig an bhfíorgheilleagar i bhfómhar 2008. Tháinig an ghéarchéim gháis chun cinn mí na Nollag 2008 nuair a bhí briseadh i soláthar an gháis a tháirgtear sa Rúis agus a chuirtear chuig an gComhphobal. Eascraíonn fadhbanna struchtúracha as an ngéarchéim eacnamaíoch agus as an ngéarchéim gháis ar aon, a fhad a bhaineann le geilleagar na hEorpa. Tá gá le Plean Uileghabhálach do Théarnamh agus tá sin á bhunú cheana; gné sár-riachtanach den Phlean é an togra seo arb é is aidhm dó borradh airgeadais a chur faoi chodanna ríthábhachtacha d'earnáil an fhuinnimh.

    Chuir an Coimisiún togra síos cheana féin maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2007-2013 a athbhreithniú d'fhonn cistí breise faoi cheannteideal 1A a chur ar fáil gan easurraim a thabhairt do mhéideanna iomlána ar comhaontaíodh orthu sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais an 17 Bealtaine 2006 [22]. I bhfianaise na gcéad phléití leis an údarás buiséadach, molann an Coimisiún anois acmhainní nach bhfuil gá leo faoi uasteorainn líne buiséadach 2 na bliana 2008 a aistriú chuig líne buiséadach 1 A d'fhonn an EUR 3.5 milliún atá beartaithe do thionscadail fuinnimh a mhaoiniú (EUR 1,5 billiún in 2009 agus EUR 2 billiún in 2010).

    - Ionas go bhféadfar aghaidh a thabhairt láithreach ar an ngéarchéim eacnamaíoch is gá na tionscadail a fhaomhadh gan mhoill.

    - Dá bhrí sin, is gá na tionscadail sin a d'fhéadfaí tacú leo a liostú sa rialachán seo, faoi réir comhréireachta le critéir áirithe d'fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht a áirithiú agus faoi réir na teorann atá leagtha síos san imchlúdach airgeadais.

    - I gcás gabhála agus stórála carbóin, ba cheart an liosta sin a bhunú ar bhonn na faisnéise arna bailiú faoi chuimsiú na Meithle um Breosla Iontaise, an Chláir Oibre um Theicneolaíocht maidir le Gléasraí Cumhachta Breosla Iontaise atá Saor ó Astaíochtaí agus foinsí eile. Laistigh den liosta seo, ba cheart go ndíreofaí cúnamh airgeadais ar na tionscadail sin ina mbeifear réidh tús a chur lena bhforbairt in 2009/2010. Ba cheart go gcuirfí na tionscadail eile ar liosta ionadaithe. Ba cheart an leibhéal ullmhachta a mheasúnú i bhfianaise a aibí agus a inmharthana atá an gléasra cumhachta, a fhad a bhaineann, inter alia, leis an gcuid sin de a bhaineann le gabháil carbóin, le hiompar agus le stóráil CO2, agus le gealltanas a bheith déanta ag na húdaráis áitiúla tacú leis an tionscadal. Ionas go n-áiritheofar an seans is fearr is féidir go bhforbrófar an tionscadal a luaithe is féidir, ba cheart EUR 250 milliún a chur ar fáil do gach tionscadal. Chun é sin a bhaint amach, beidh gá le tionscadail a roghnú as na tionscadail sin atá réidh le tús a chur lena bhforbairt in 2009/2010. Ba cheart go n-áiritheodh an rogha sin, inter alia, nach dtugtar tacaíocht do níos mó ná tionscadal amháin i ngach Ballstát d'fhonn a áirithiú go ndéantar scrúdú ar réimse leathan de choinníollacha stórála geolaíocha agus d'fhonn tacú leis an gcuspóir maidir le téarnamh eacnamaíoch a spreagadh ar fud na hEorpa.

    I gcás na gaoithe amach ón gcósta, ba cheart nach n-áiritheofaí sa liosta sin ach na tionscadail sin amháin atá réidh le cur chun feidhme, atá in ann luathú mar fhreagairt ar spreagadh airgeadais, lena bhfuil tábhacht trasteorann ag baint agus atá mór go leor.

    I gcás na dtionscadal idirnaisc gáis agus leictreachais, ba cheart go mbunófaí an liosta sin i bhfianaise a aibí atá an tionscadal agus i bhfianaise an méid a rannchuidíonn sé leis na cuspóirí i ndáil le cinnteacht agus éagsúlú soláthair mar atá sainaitheanta sa dara hAthbhreithniú ar Fhuinneamh Straitéiseach a rinneadh le déanaí agus a d'fhormhuinigh an Pharlaimint agus an Chomhairle.

    5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

    Tá ceist an fhuinnimh anois ar cheann de na tosaíochtaí is mó dá bhfuil ag an Eoraip. I mí na Nollag 2008, rinne an tAontas Eorpach na cinntí ríthábhachtacha seo a leanas d'fhonn aghaidh a thabhairt ar a bhfuil i ndán don Eoraip amach anseo ó thaobh an fhuinnimh de: earnáil fuinnimh a bheidh in ann astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú a chur chun cinn; cuid shuntasach den mheascán fuinnimh a úsáidtear san Eoraip a dhéanamh den fhuinneamh inathnuaite; agus, an t-éileamh atá ar fhuinneamh san Eoraip a cheansú trí éifeachtacht fuinnimh.

    Tá gealltanas mór agus infheistíocht mhór ag teastáil chun na hathruithe seo a dhéanamh. I ngeall ar an lagtrá eacnamaíoch, áfach, tá an baol ann anois go gcuirfear moill ar an infheistíocht sin mura ngníomhtar anois. Tá an géarchor creidmheasa tar éis tionchar díreach a imirt ar a sciobtha atáthar ag déanamh na hathruithe sin san Eoraip. Tá an baol ann go gcaillfear luas agus buntáistí teicneolaíochta, agus go gcruthófar moill, rud arb ionann é agus costais níos airde amach anseo. Is i ngeall air sin gur cuireadh béim ar léith sa Phlean do Théarnamh Eacnamaíoch Eorpach ar an ngá atá le 'infheistíocht chliste', agus le spreagadh a thabhairt don gheilleagar trí bhíthin díriú ar spriocanna soiléire straitéiseacha.

    Ba cheart an infheistíocht a dhíriú ar roinnt earnálacha ar leith chun go mbeidh tionchar inbhraite agus suntasach aici. Ba cheart gur earnálacha iad inar féidir le gníomhaíocht ar an leibhéal Eorpach breisluach a chruthú, ina bhfuil tionscadail mhóra aibí atá in ann méideanna mór cúnaimh airgeadais a ionsú, agus a fhágfaidh, de réir mar a fhorbraíonn siad, go rannchuideofar go soiléir leis na cuspóirí a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair fuinnimh agus le laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa. Comhlíonann na hearnálacha seo a leanas na critéir sin: gabháil agus stóráil carbóin; gaoithe amach ón gcósta; idirnaisc gáis agus leictreachais; agus cathracha atá tíosach ar fhuinneamh.

    I gcás gabhála agus stórála carbóin agus gaoithe amach ón gcósta, neartaíonn an méid sin an Plean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh, plean inar iarradh go mbunófaí Tionscnaimh Thionsclaíocha Eorpacha sna hearnálacha thuas luaite. Ag Comhairle Eorpach an 16 Deireadh Fómhair 2008 iarradh ar an gCoimisiún dlús suntasach a chur faoi chur chun feidhme an Phlean Teicneolaíochta.

    I gcás na n-idirnasc gáis agus leictreachais, is le cúpla bliain anuas a tháinig na dúshláin fuinnimh chun cinn. Léirigh na géarchéimeanna gáis a bhí ann le déanaí (le linn gheimhreadh 2006 agus 2008) agus ardú na bpraghsanna ar ola go dtí lár 2008 cé chomh leochaileach is a bhí an Eoraip. Toisc go bhfuil laghdú ag teacht ar acmhainní dúchasacha fuinnimh – gás agus ola – is ag méadú atá spleáchas na hEorpa ar allmhairí chun fuinneamh a sholáthar. Beidh ról ríthábhachtach ag an mbonneagar fuinnimh sa chomhthéacs seo. Mar sin féin, tá an ghéarchéim reatha eacnamaíoch agus airgeadais ag cur isteach ar chur chun feidhme na dtionscadal bonneagair fuinnimh. D'fhéadfadh mórmhoill a bheith ar chur chun feidhme roinnt tionscadal tábhachtach – lena n-áirítear tionscadail chun leasa na hEorpa – de bharr easpa airgid. Is iomchuí dá bhrí sin, beart práinneach a ghlacadh chun tacú le hinfheistíocht in idirnaisc fuinnimh. Toisc go bhfuil mórán ama ag teastáil chun tionscadail den chineál sin a phleanáil agus ansin a chur i gcrích, tá sé tábhachtach go n-infheisteoidh an Comhphobal sa bhonneagar sin go háirithe ionas go gcuirfear dlús faoi thionscadail a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo a fhad a bhaineann le cinnteacht fuinnimh an AE. Tá sé seo sár-riachtanach má tá an AE le bheith in ann a chinnteacht fuinnimh a áirithiú ar bhealach níos láidre nuair a thiocfaidh feabhas ar an ngeilleagar domhanda agus nuair a thiocfaidh méadú ar an éileamh domhanda ar fhuinneamh.

    5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreat le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)

    (a) rannchuidiú le cuspóirí an AE maidir le hathrú aeráide trí bhíthin céim inbhraite a ghlacadh i dtreo an sprioc atá ag an gComhairle Eorpach go mbeidh suas go 12 ghléasra taispeána i gcomhair teicneolaíochtaí breosla iontaise inathnuaite forbartha faoi cheann 2015 ionas go mbeidh gabháil agus stóráil carbóin ina theicneolaíocht inmharthana faoi cheann 2020;

    (b) córas eangaí gaoithe amach ón gcósta a bhunú atá nua-aimseartha agus go hiomlán comhtháite chun go neartófar go suntasach an rannchuidiú a dhéanann fuinneamh gaoithe le sprioc an AE maidir le fuinneamh inathnuaite agus lena neartófar ceannas an AE i réimse an fhuinnimh gaoithe;

    (c) na líonraí fuinnimh a chur in oiriúint agus a fhorbairt d'fhonn oibriú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh a neartú, agus, go háirithe, d'fhonn fadhbanna mar atá caolais, agus cinnteacht agus éagsúlú soláthair a réiteach, agus d'fhonn constaicí comhshaoil, teicniúla agus airgeadais a shárú.

    5.4. Modhanna don chur chun feidhme (táscach)

    Sonraigh thíos an modh/na modhanna [23] atá roghnaithe chun an gníomh a chur i gcrích.

    X Bainistiú láraithe

    X Ag an gCoimisiún go díreach

    Go hindíreach trína tharmligean chuig:

    Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

    Comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

    Comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

    Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

    Leis na Ballstáit

    Le Tríú tíortha

    Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

    6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

    6.1. Córas Monatóireachta

    Beidh deonú fóirdheontas ar ghníomhaíochtaí den chineál seo bunaithe ar chonradh fóirdheontais caighdeánach na gComhphobal Eorpach. Beidh feidhm iomlán le forálacha monatóireachta, faisnéise agus iniúchóireachta an chonartha seo.

    Maidir le tionscadail idirnaisc go háirithe, déanfaidh na Ballstáit an mhonatóireacht theicniúil agus an rialú airgeadais ar na tionscadail i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus deimhneoidh siad fírinne agus comhréireacht an chaiteachais arna thabhú i leith tionscadal nó codanna de thionscadail. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i seiceálacha ar an láthair.

    Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta arna ndéanamh chun na nósanna imeachta riaracháin agus na próisis údarúcháin, ceadúcháin agus deimhniúcháin atá le comhlíonadh ag tionscnóirí na dtionscadal idirnaisc a éascú, agus, go háirithe, soláthróidh siad tuairisc ar na córais rialaithe, bainistíochta agus monatóireachta arna mbunú d'fhonn a áirithiú go gcuirfear na tionscadail i gcrích mar is ceart.

    6.2. Meastóireacht

    6.2.1. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo)

    Tabharfaidh an Coimisiún faoi mheastóireacht ar an gClár d'fhonn a rannchuidíonn sé le cuspóirí bheartas fuinnimh an Chomhphobail a mheasúnú agus d'fhonn úsáid éifeachtúil na leithreasaí a mheasúnú.

    Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát ar tairbhí é meastóireacht shonrach a sholáthar ar thionscadail arna maoiniú faoi Chaibidil II Roinn 2 den Rialachán seo nó, nuair is iomchuí, an fhaisnéis agus an cúnamh is gá a sholáthar dó, le go ndéanfaidh sé meastóireacht ar na tionscadail sin.

    Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar na torthaí a bheidh bainte amach faoin bPlean a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

    6.2.2. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

    Ní bhaineann

    7. BEARTA FRITH-CHALAOISE

    · De bhrí gur conarthaí fóirdheontais caighdeánacha a bheidh sna conarthaí i gcás na ngníomhaíochtaí go léir atá beartaithe, beidh feidhm ag na bearta frith-chalaoise atá infheidhme de ghnáth.

    · Beidh an t-aschur follasach agus intomhaiste i gcás an uile chineál gníomhaíochta. Ní bheidh na cineálacha fóirdheontais casta: caiteachas ar infheistíocht, agus costais a eascróidh as oibríochtaí. Féadtar na hítimí seo a dheimhniú i bhfoirm sonraí, agus tá dóthain ábhar agus eolais ann i ngeall ar thionscadail éagsúla chun measúnú eolasach a dhéanamh ar na contúirtí a bhaineann le calaois.

    · Féadfar cuairt ar an láthair a dhéanamh i gcás na dtionscadal go léir.

    · De réir a chasta atá na tionscadail i dtrácht, is féidir cúraim áirithe mhonatóireachta a chur de chúram ar fhoireann speisialaithe nó ar shainchomhairleoirí. .

    8. Sonraí na nacmhainní

    8.1. 8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

    Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    (Ba chóir Ceannteidil na gcuspóirí, na ngníomhartha agus na n-aschur a thabhairt) | Saghas aschuir | Meánchostas | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 | IOMLÁN |

    | | | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán |

    CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚILUimh.1 [24] tionscadail ghabhála agus stórála carbóin:Uimh..2 tionscadail ghaoithe amach ón gcóstaUimh.3 tionscadail idirnaisc gáis agus leictreachais | | | 338 | 535213,8750 | 4312 | 714,2285,4999,2 | | | | | | | | | | 1249,2499,21749,2 |

    | | | | | | | | | | | | | | | | |

    | | | | | | | | | | | | | | | | |

    COSTAS IOMLÁN | | | 14 | 1498,8 | 19 | 1998,8 | | | | | | | | | | 3497,6 |

    8.2. Caiteachas Riaracháin

    8.2.1. Líon agus saghas acmhainní daonna

    Cineálacha post | | Na baill foirne a mbeidh sé de chúram orthu an ghníomhaíocht a bhainistiú ag baint úsáide as acmhainní atá ann cheana agus/nó acmhainní breise (an líon post/FTE) |

    | | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 |

    Oifigigh nó foireann shealadach [25] (XX 01 01) | A*/AD | 6 | 12 | 12 | 12 | 12 | 12 |

    | B*, C*/AST | 1 | 3 | 3 | 3 | 3 | 3 |

    Foireann arna maoiniú [26] ag Airteagal XX 01 02 | 3 | 7 | 7 | 7 | 7 | 7 |

    Foireann eile [27] arna maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05 | | | | | | |

    IOMLÁN | 10 | 22 | 22 | 22 | 22 | 22 |

    8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

    – Sainmhíniú agus comhordú an Chláir

    – Bainistíocht airgeadais na dtionscadal

    – Monatóireacht a dhéanamh ar na tionscadail

    – Ionadaíocht a dhéanamh ar an gCoimisiún ar Choiste an Chláir agus bearta a bheidh le glacadh a chur faoina bhráid i gcás nós imeachta coiste a bheith in úsáid

    – Tabhairt faoi chomhairliúcháin idir-sheirbhíse laistigh den Choimisiún

    – Meastóireachtaí straitéiseacha

    8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

    Folófar na riachtanais le haghaidh acmhainní daonna agus riaracháin laistigh den leithdháileadh is féidir a dheonú ar an Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    8.2.4. Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    Líne Buiséid(uimhir agus ceannteideal) | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | Bliain 2014agus níos déanaí | IOMLÁN |

    1. Cúnamh teicniúil agus riaracháin (lena n-áirítear costais a bhaineann le foireann) | | | | | | | |

    Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile | 1,2 | 1,2 | | | | | 2,4 |

    - intra muros | | | | | | | |

    - extra muros (cothabháil TF) | | | | | | | |

    Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | 1,2 | 1,2 | | | | | 2,4 |

    8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    Cineál acmhainní daonna | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 agus níos déanaí |

    Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | 1,014 | 2,2 | 2,2 | 2,2 | 2,2 | 2,2 |

    Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, SNI, foireann ar conradh, etc.)(sonraigh an líne sonrach buiséid) | | | | | | |

    Costas iomlán na n-Acmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 1,014 | 2,2 | 2,2 | 2,2 | 2,2 | 2,2 |

    Ríomh – Oifigigh agus Gníomhairí sealadacha

    Ba cheart tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1. más cuí

    Bliain 2009 agus ina diaidh; 7 oifigeach (EUR 122 000 in aghaidh an oifigigh in aghaidh na bliana) agus 3 ball foirne seachtrach: 2 GFIV (EUR 62 500 in aghaidh na bliana), 1 GFII (EUR 34 500 in aghaidh na bliana)

    Bliain 2010 agus ina diaidh; 15 oifigeach (EUR 122 000 in aghaidh an oifigigh in aghaidh na bliana) agus 7 ball foirne seachtrach: 4 GFIV (EUR 62 500 in aghaidh na bliana), 2 GFII (EUR 34 500 in aghaidh na bliana) agus 1 Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht (EUR 51 100 in aghaidh na bliana)

    Folófar na riachtanais le haghaidh acmhainní daonna agus riaracháin laistigh den leithdháileadh is féidir a dheonú ar an Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. 8.2.6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagarthaEUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) |

    | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014agus níos déanaí | IOMLÁN |

    XX 01 02 11 01 – Misin | 0,300 | 0,300 | 0,300 | 0,300 | 0,300 | 0,200 | 1,7 |

    XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha | | | | | | | |

    XX 01 02 11 03 -Coistí [28] | 0,108 | 0,108 | | | | | 0,216 |

    XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúcháin | | | 0,25 | 0,25 | 0,25 | 0,25 | 1 |

    XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise | 0,06 | 0,06 | 0,06 | 0,06 | 0,06 | 0,06 | 0,36 |

    2. Caiteachas bainistíochta iomlán eile (XX 01 02 11) | | | | | | | |

    3. Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) | | | | | | | |

    Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0,468 | 0,468 | 0,610 | 0,610 | 0,610 | 0,510 | 3,276 |

    Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha

    Misin: EUR 100 000 de réir an chineáil tionscadail

    Aon choiste amháin sa bhliain de réir réimse = EUR 4*27*1000 = EUR 108 000

    Sainchomhairliúchán monatóireachta ó 2011 ar aghaidh: EUR 250 000 in aghaidh na bliana

    0,5 coibhéis lánaimseartha (sainchomhairliúchán) EUR 60 000 in aghaidh na bliana

    Folófar na riachtanais le haghaidh acmhainní daonna agus riaracháin laistigh den leithdháileadh is féidir a dheonú ar an Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    [1] IO C , , lch. .[must get complete references!]

    [2] IO C , , lch. .

    [3] IO C , , lch. .

    [4] IO C , , lch. .

    [5] Conclúidí chruinniú Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil an 11 agus an 12 Nollaig 2008, 17271/08, pointe 9

    [6] COIM(2008) 800

    [7] "Plean straitéiseach Eorpach um theicneolaíocht fuinnimh (Plean SET) – I dtreo todhchaí ina mbeidh leibhéal íseal carbóin " (COIM (2007) 723)

    [8] Conclúidí chruinniú Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil an 16 Nollaig 2008 [exact reference]

    [9] COIM(2008) 781

    [10] [references]

    [11] IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

    [12] IO L 357, 31.12.2002, lch. 1.

    [13] IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.

    [14] IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

    [15] IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

    [16] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

    [17] COIM(2007) 723.

    [18] IO L 162, 22.6.2007

    [19] D'fhéadfaí an tacaíocht seo a chur ar fáil i dteannta thacaíocht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.

    [20] Féach pointí 19, 21, 22, agus 23 den chomhaontú idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais an 17 Bealtaine 2007, IO C139, 14.6.2006, lch. 1.

    [21] Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá i.e. má théann tréimhse an ghnímh thar 6 bliana.

    [22] COIM (2008) 859, 10.12.2008.

    [23] Má shonraítear níos mó ná modh amháin cuir na sonraí breise sa chuid "Barúlacha ábhartha" den phointe seo.

    [24] Mar a chuirtear síos air faoi Mhír 5.3

    [25] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

    [26] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

    [27] Costas ar áireamh sa mhéid tagartha.

    [28] Grúpa comhordaithe agus coiste (nós imeachta coiste) a bhfuil foráil déanta dó sa dréacht reachtaíocht.

    --------------------------------------------------

    Top